Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

12
SAN EAGRÁN SEO: 1. Olltoghchán Ag Teacht 1. Athbhliain faoi Mhaise! 2. Athchlárú don Ard-Fheis 2. Bliain Úr Beo Ar Rí-Rá! 3. Nuacht Áitiúil 4. Fear San Oighear 4. Coláistí i mBaol 5. Irisí Gaeilge 5. Barrliosta na Leabhar 6. Astráil Abú! 6. Imbolc 2011 7. Filíocht na mBuillí 7. Easpa Aitheantais 8. Achainí Ar-Líne 8. Dréacht Deireanach den Straitéis 9. Bitesize Gaeilge 9. Mícheál i gCeatharlach 10. Scoil Gheimhridh Mherriman 10. Scéimeanna Pobail 11. Folúntais AE 11. Saor-Chomhairle Dlí 12. Is Leor Beirt Tá Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag eagrú cruin- nithe mar ábhar phráinne maidir leis an nGaeilge a bheith mar phríomhábhar don Ardteist san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh, hAoine, 21 Eanáir 2011, ag 2.00in. Tá baol atá ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011 chuirtear beartas oideachais Fhine Gael, mar a sheasann sé faoi láthair, i bhfeidhm. Is cinnte go bh- fuil an t-ábhar seo rítháb- hachtach do chur chun cinn na teanga agus go bhfuil gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh léi mar phríomhábhar go leibhéal na hArdteiste. Bheadh an- fhiúntas do na páirtithe leasmhara ar fad - ea- graíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúin- teoirí, coláistí samhraidh, mná tí, eagraíochtaí óige, eagraíochtaí Gaeltachta, agus eile - teacht le chéile leis an scéal a phlé agus is chuige sin an cru- inniú seo. Beidh na fáthanna go bhfuil gá leis an nGaeilge a bheith ina príomhábhar don Ardteist, agus im- pleachtaí a thiocfadh sna sála ar aon athrú ar an stá- das sin, á bplé ar an lá mar aon le torthaí ó shuirbhí Ipsos MRBI i dtaca le meon daoine i leith na Gaeilge inár scoileanna, agus straitéis aontaithe d’oll- toghchán 2011. Teagmháil: [email protected] / +353 (0)1 4757401 Féach freisin lch 8 Eagrán 6.3 15 Eanáir 2011 Eagrán 6.3 15 Eanáir 2011 1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Olltoghchán Ag Teacht Olltoghchán Ag Teacht Le cabhair ó: Le cabhair ó: Athbhliain faoi shéan 's faoi mhaise ar bhaill aonair agus ar chraob- hacha uile Chonradh na Gaeilge!

description

SAN EAGRÁN SEO: 1. Olltoghchán Ag Teacht 1. Athbhliain faoi Mhaise! 2. Athchlárú donArd-Fheis 2. Bliain Úr Beo Ar Rí-Rá! 3. Nuacht Áitiúil 4. Fear San Oighear 4. Coláistí i mBaol 5. Irisí Gaeilge 5. Barrliosta na Leabhar 6. Astráil Abú! 6. Imbolc 2011 7. Filíocht na mBuillí 7. Easpa Aitheantais 8. Achainí Ar-Líne 8. Dréacht Deireanach den Straitéis 9. Bitesize Gaeilge 9. Mícheál i gCeatharlach 10. Scoil Gheimhridh Mherriman 10. Scéimeanna Pobail 11. Folúntais AE 11. Saor-Chomhairle Dlí 12. Is Leor Beirt

Transcript of Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

SAN EAGRÁN SEO:

1. Olltoghchán Ag Teacht

1. Athbhliain faoi Mhaise!

2. Athchlárú donArd-Fheis

2. Bliain Úr Beo Ar Rí-Rá!

3. Nuacht Áitiúil

4. Fear San Oighear

4. Coláistí i mBaol

5. Irisí Gaeilge

5. Barrliosta na Leabhar

6. Astráil Abú!

6. Imbolc 2011

7. Filíocht na mBuillí

7. Easpa Aitheantais

8. Achainí Ar-Líne

8. Dréacht Deireanach

den Straitéis

9. Bitesize Gaeilge

9. Mícheál i gCeatharlach

10. Scoil Gheimhridh

Mherriman

10. Scéimeanna Pobail

11. Folúntais AE

11. Saor-Chomhairle Dlí

12. Is Leor Beirt

Tá Conradh na Gaeilge ibpáirt le Guth naGaeltachta ag eagrú cruin-nithe mar ábhar phráinnemaidir leis annGaeilge a bheithmar phríomhábhardon Ardteist sanÓstán Menlo Park,Bóthar Áth Cinn,Gaillimh, DéhAoine, 21 Eanáir2011, ag 2.00in.Tá baol atá ann gondéanfar iarrachtísliú stádais athabhairt don teanga agleibhéal na hArdteiste indiaidh olltoghchán 2011má chuirtear beartasoideachais Fhine Gael, mara sheasann sé faoi láthair, ibhfeidhm. Is cinnte go bh-fuil an t-ábhar seo rítháb-hachtach do chur chun cinnna teanga agus go bhfuil gále tacaíocht na bpáirtithepolaitiúla ar fad a fháil leseasamh léi marphríomhábhar go leibhéalna hArdteiste. Bheadh an-fhiúntas do na páirtitheleasmhara ar fad - ea-

graíochtaí oideachais,ceardchumainn mhúin-teoirí, coláistí samhraidh,mná tí, eagraíochtaí óige,

e a g r a í o c h t a íGaeltachta, aguseile - teacht lechéile leis an scéala phlé agus ischuige sin an cru-inniú seo. Beidh nafáthanna go bhfuilgá leis an nGaeilgea bheith inapríomhábhar donArdteist, agus im-

pleachtaí a thiocfadh snasála ar aon athrú ar an stá-das sin, á bplé ar an lá maraon le torthaí ó shuirbhíIpsos MRBI i dtaca le meondaoine i leith na Gaeilgeinár scoileanna, agusstraitéis aontaithe d’oll-toghchán 2011.Teagmháil:[email protected] /+353 (0)1 4757401

Féach freisin lch 8

Eagrán 6.3 15 Eanáir 2011Eagrán 6.3 15 Eanáir 2011

11Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Olltoghchán Ag TeachtOlltoghchán Ag Teacht

Le cabhair ó:Le cabhair ó:

Athbhliain faoi shéan 's faoi mhaisear bhaill aonair agus ar chraob-hacha uile Chonradh na Gaeilge!

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

22 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011

Is gá do bhaill aonair, do

chraobhacha, do choistí con-

tae agus do choistí cúige

athchlárú le hArd-Oifig Chon-

radh na Gaeilge roimh DéhAoine, 21 Eanáir 2011 le

bheith i dteideal vóta a chaitheamh ag Ard-

Fheis na bliana seo. Is féidir athchlárú, nó

clárú as an nua, ar-líne ag www.cnag.ie nó

tríd an bhfoirm chuí a sheoladh isteach

móide an táille €50 (€20 do bhall aonair)

chuig 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath

2. Beidh an Ard-Fheis ar siúl i

Killashee House, Nás na

Ríogh, Co. Chill Dara, ón 01 –

03 Aibreán 2011 agus is é An

Rialtas Nua téama na hArd-

Fheise 2011. Chomh maith le

gnáthchlub agus dinnéar na hArd-Fheise,

beidh ceardlanna forbartha á reáchtáil do

na craobhacha thar an deireadh seachtaine

freisin.

Teagmháil:[email protected] / +353 (0)1 4757401

Le sraith spleodrach nua dechláracha beo á craoladhLuan go hAoine arwww.rrr.ie don Bhliain Úr,níl aon áit eile le bheith achle Raidió Rí-Rá, an t-aonchairt-stáisiún raidióGaeilge don aos óg! Tá nacláracha dírithe go háirithe ar scoláirí snameánscoileanna agus sna coláistí tríú leib-héil, ach tá an stáisiún ag freastal freisinar dhaoine atá ag iarraidh cluas a churleis an gceol ailtéarnach is fearr ag dulsiar na blianta chomh maith, le clár nuadar teideal Fuaim Eile le Traic Ó Braonáingach oíche Luain – Céadaoin ó 6.00in. Tána cláracha nua do 2011 á gcur i láthairag an óige, don óige, agus bíonn beagándiabhlaíochta i gcónaí ag baint leis AnDéardaoin Dána, curtha i láthair beo ar-

líne ar www.rrr.ie ag Cilliande Búrca Déardaoin ó 6.00 –8.00in. Chomh maith leissin, bíonn Eilís Ní Fhearáinagus Gina Ní Chathasaigh agcraoladh beo gach Aoine umlóin idir 12.00 – 2.00in leRuaille Buaille Sa Rang. Tá

an clár an-idirghníomhach agus tugann séseans do dhaoine óga an Ghaeilge afhoghlaim agus a fheabhsú i slí spraíúil,spreagúil. Tá deis ag gach duine páirt aghlacadh sna cláracha beo trí chur isteachar na comórtais idir éisteoirí, agus idir nacumainn Ghaelacha agus na clubannaóige, nó trí labhairt leis na láithreoirí beoar an aer. Déan teagmháil leo!Teagmháil:[email protected] / Raidió Rí-Rá BEO! ArFacebook / +353 (0)85 8409009

Bliain Úr Beo Ar Rí-Rá!Bliain Úr Beo Ar Rí-Rá!

Athchlárú don Ard-FheisAthchlárú don Ard-Fheis

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

33Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Áth CliathTá an tsraith de thráthnónta siamsaíochta Be-wley’s @ 6! le Gael-Linn ar ais arís donAthbh-liain! Casfaidh Brian Ó Domhnaill amhráin leRónán Ó Flatharta ar an bh-fidil agus Edel Fox ar angconsairtín in AmharclannBewley’s, Sráid Grafton, ó6.00 – 8.00in oíche Mháirt,25 Eanáir 2011. Tá blaisíníbia deá-mhéine san áireamhsa táille iontrála €15 agusmoltar duit áit a chur ináirithint ag [email protected] / +353 (0)872547574. Mura leor an ceol sin duit, tionólfaroíche chaidrimh Ghaeilge Ar an gCarraig igCafé an Mhargadh ar an gCarraig DhubhDéardaoin, 20 Eanáir 2011, ó 7.00 - 10.30in.Béile blasta 3 chúrsa a bheidh ann le comhrá,filíocht, ceol agus craic i dteannta PeterBrowne, píobaire; Noel O’Grady, amhránaí;agus neart ceoltóirí eile. Níl ach táille €20 aran oíche ach ní mór áit a chur in áirithintroimh ré.Áirithintí: [email protected] /[email protected]

DoireTá tús curtha le sraith ranganna Gaeilge dechuid Chumann Gaelach Chnoc na Rós Doire imBunscoil Naomh Áine, Sráid NassauUachtarach, Rosemount. Ní hamháin go bhfuilranganna acu atá dírithe ar fhoghlaimeoirífásta, ach tá ranganna do pháistí in aois 7+freisin! Freastalaíonn siad ar gach leibhéalfoghlama, rang na dtosaitheoirí san áireamh,agus tá fáilte roimh chách. Scaip an scéal!Gach eolas: Clár +44 (0)28 71361552 / +44(0)7709507935/[email protected]

Loch GarmanD'eagraigh an Club Óige Gaeilge gig iontach,éagsúil mar chuid den Chaifé Caint sa River-bank House Hotel le déanaí, áit go raibh scoth

na mbannaí ceoil ó fud fad nahÉireann ag seinm meascánd’amhráin i nGaeilge agusBéarla don oíche, leithéidíThe Dirty 9s agus Seven Dayssan áireamh. Bhí sé maraidhm ag an ngig an Ghaeilgea chur chun cinn sa cheantar,agus aird a tharraingt ar an

gCaifé Caint a bhíonn ar siúl in Ionad NaomhSeosaimh, Loch Garman gach oíche Aoine ó7.00 – 9.00in. Bíonn fáilte roimh bhaill agusroimh cheannairí nua i gcónaí!Níos mó eolais:www.facebook.com/caife.caint / +353(0)87 9135271 / www.lochgarman.ie

Ó Bhearna Go CarnaThosaigh sraith nua den chlár Ó Bhearna goCarna ar TG4 Dé Domhnaigh, 9 Eanáir 2011, ar9.30in, le hathchraoladh ar anAoine ag 7.30in.Léiríonn an tsraith seo paisean, diongbháil-teacht agus cruatan seisear a dhéanann obairdheonach i gceartlár Ghaeltacht Chonamara.Sraith de 4 chlár bhreathnaitheacha faisnéiseatá ann, áit ina dtugtar léargas ar ghnáthshaollaethúil cúigear a bhfuil cónaí orthu idirBearna agus Carna. Rinneadh taifead ar antsraith i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Bheal-taine go Meán Fómhair 2009, agus tugann nacláir neamhfhoirmiúla faisnéise seo portráidípearsanta, sainiúla agus corraitheacha densaol mar atá ar chósta thiar na hÉireann.Caith súil air!

Nuacht ÁitiúilNuacht Áitiúil

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

44 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011

Fear San OighearFear San OighearTá an leabhar Tom Crean - FearSan Oighear le Michael Smith arfáil ins An Siopa Leabhar ar €7.99agus baineann sé le heachtraí anÉireannaigh san Antartach. In aois15 dó, d’imigh Tom Crean ó bhaileagus chuaigh isteach sa ChabhlachRíoga. In ainneoin na ndeacrachtaídochreidte a bhain le taisteal chun an An-tartaigh céad bliain ó shin, tháinig Creanslán ón oighear, ón sneachta, ón bhfuachtagus shábháil sé a chomrádaithe. Beidh

daoine óga faoi dhraíocht ag angcrógacht agus an neart a thais-peáin Tom Crean faoi mar anochtar é sa leabhar seo, aistritheag Neil Buttimer agus curtha in oir-iúint do léitheoirí óga ag Máire NíMhurchú.Eolas & orduithe:

An Siopa [email protected] /+353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) /www.cnag.ie/siopa

Tá an fhreagracht iomlán as na coláistísamhraidh Gaeilge aistrithe anois ónRoinn Oideachais agus Scileanna chuig anRoinn Gnóthaí Pobail, Comhionannaisagus Gaeltachta, agus tá sé beartaitheag an Aire Pat Carey go gcuirfear feab-has leanúnach sna bliantaseo romhainn ar na seirb-hísí atá á gcur ar fáil agna coláistí agus ag nateaghlaigh a chuireanncóiríocht ar fáil do nadaltaí, lena n-áirítear oil-iúint chuí, teagasc níosfearr agus bearta sábháil-teachta agus slándála feabhsaithe.Chuige seo, cuireann an Roinn deontas arfáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoiríGaeilge chun cuidiú le muintir naGaeltachta cóiríocht ina dtithe féin achur ar fáil do dhaltaí atá ag foghlaimGaeilge. Ach tá imní léirithe ag Comh-choiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh

(CONCOS) faoin laghdú 5% atá fógartha indeontas Scéim na bhFoghlaimeoiríGaeilge don bhliain 2011. Dar le CONCOSgur bualadh trom eile é seo do na coláistísamhraidh, atá ag fulaingt bliain ar bhli-ain, le ciorrú 5% ar an Scéim seo anu-

raidh, 5% eile ciorruithe imbliana, agus anuas airsin gur cuireadh deireadhiomlán leis an deontas ileith táillí teagaisc snacoláistí samhraidh sa bh-liain 2009. Sin gan tráchtar an titim i líon na ndal-taí a d’fhreastail ar

choláistí samhraidh anuraidh de bharr nagéarchéime eacnamaíochta. Má thaganntitim eile i líon na ndaltaí a thagannchuig an Ghaeltacht de bharr an chior-raithe seo, mar a tharla cheana féin anu-raidh, bheadh impleachtaítromchúiseacha aige seo don Ghaeilgeagus don Ghaeltacht.

Coláistí i mBaolColáistí i mBaol

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

55Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Tá An tUltach, iris oifigiúil Chomhaltas Uladh,

ag cothú phobal na Gaeilge agus scríbhneoirí ó

bhí 1924 ann.Tá sí ar an iris Ghaeilge is faide ar

an saol gan bhriseadh. Tugadh ardán do na

scríbhneoirí móra Ultacha ann thar na blianta -

Seosamh Mac Grianna, Máire agus Niall Ó Dó-

naill ina measc - agus foilsítear ábhar le scríb-

hneoirí ár linne féin sa lá atá inniu ann. Cuirtear

ábhar ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus scoileanna,

agus pléitear ceisteanna móra an lae. Is féidir

leatsa cuidiú leis an iris trí shíntiús bliana

(£30/€40) a cheannach. Seol do shonraí

teagmhála chuig [email protected] agus

scaip an scéal! Tá An Gael, Irisleabhar

Idirnáisiúnta na Gaeilge, ar fáil arís freisin. Foil-

sithe ag Chumann Carad na Gaeilge i Nua

Eabhrac sna Stáit Aontaithe, is é Séamas O

Neachtain an t-eagarthóir agus foilsítear é go

ráithiúil. Is iomaí alt an-spéisiúil ann faoin

nGaeilge, stair, seanchas, seandálaíocht,

ginealas, sean-fhógraí Gaeilge agus eile.

Gach eolas: www.angaelmagazine.com /www.philo-celtic.com

Seo na hearraí is mó díolta i Siopa LeabharChonradh na Gaeilge le mí anuas:

Páistí:1. Seachain do Bhrístín! – ClaireFreedman agus Ben Cort, Gabriel Rosen-stock a d'aistrigh - €7.502. Cócó an Colgán Cairdiúil – Ailbhe NicGiolla Bhrighde - €9.953. Lúlú agus an Oíche Ghlórach – BridgetBhreathnach - €9.954. Bábóg Baby – €29.955. Ceol na Nollag (leabhar agus CD) –Foras na Gaeilge - €25

Daoine Fásta:1. Scrabble na Gaeilge – Glór na nGael - €202. Cliúsaíocht i nGaeilge - Rossa Ó

Snodaigh - €7.503. 1916 Seachtar na Cásca - Aindrias

Ó Cathasaigh - €104. Cré na Cille (DVD) – ROSG - €27.995.SéanSaol anMáistir -GearóidDenvir - €25

Eolas & orduithe: [email protected] /+353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) /www.cnag.ie/siopa

Barrliosta na LeabharBarrliosta na LeabharIrisí GaeilgeIrisí Gaeilge

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

66 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011

B'fhéidir go bhfuil an Astráil ibhfad ó bhaile ach is cosúil gobhfuil an Ghaeilge fós á curchun cinn ar an mór-roinntrasna an iliomad tonntauainn! Thosaigh Daonscoil 2011i Myrniong na hAstráile ar an 9 Eanáir agusmairfidh sí go dtí an 16 Eanáir 2011, áit gobhfuil an teanga á múineadh ag CumannGaeilge na hAstráile do dhaoine gur spéisleo í. Ní hamháin sin ach cuirfear tús letéarma iomlán ranganna seachtainiúla arís

in áiteanna éagsúla ar fudna ilchríche go luath, Mel-bourne, Adelaide, agus Syd-ney san áireamh. An Lúibínis ainm den nuachtlitirchoicísiúil le Colin Ryan a

fhoilsíonn an Cumann agus is féidir teachtar chartlann na nuachtlitreacha ar shuíomhan Chumainn.Tuilleadh eolais:http://gaeilgesanastrail.com /[email protected]

Sna sála ar rath na comhd-hála Imbolc 2010, tá tionólinspioráide na bliana seo agteannadh linn! ComhdháilGhaeilge spreagúil atá in Im-bolc 2011 agus beidh sí arsiúl san Ionad Cultúrtha,Baile Bhúirne, Co. Chorcaí, Dé Sathairn, 12Feabhra 2011. I measc na nGaeilgeoirí ion-tacha éagsúla a bheidh ag cur i láthair anni mbliana, beidh an ceoltóir clúiteachDónal Lunny; Naoise Ó Conchubhair,Dearthóir Óg na Bliana 2008/2009 aoibríonn in earnáil an ríomh-dearaidh;Frank Allen, príomhfheidhmeannach leis anRail Procurement Agency atá freagrach asbonneagar iarnróid éadroim na hÉireann;Sadhbh Ní Hogáin, innealtóir le EOS FutureDesign a dhéanann sainfheidhmiú ar chúr-saí pleanála inbhuanaithe; Ciarán Mac anBhaird, léachtóir le matamaitic in OllscoilÉireann, Maigh Nuad; Muireann Nic Amh-

laoibh, ceoltóir agus amhrá-naí cáiliúil; Mícheál ÓDroighneáin, saineolaí teic-neolaíochta agus fiontraí;agus stiúrthóir leis an Gal-way Refugee Support Group,Tríona Nic Giolla Choille, atá

gníomhach sa ghluaiseacht Claiming OurFuture leis. Beidh uasmhéid 20 nóiméadcainte ag gach duine ar an obair a bhfuil arsiúl aici /aige agus beidh deis ag an luchtfreastail páirt a ghlacadh sa díospóireacht.Tá an chomhdháil á reáchtáil ar bhonn iom-lán neamhbhrabúsach, eagraithe ag Tomásagus Bernice Uí Aodha, agus tá na cainteoiríag tabhairt a gcuid ama in aisce. Ní chos-naíonn gnáth-thicéad ach €25 agus ticéadar lascaine €15 do mhic léinn, seanóirí,agus daoine dífhostaithe. Bí ann!Áirithintí & tuilleadh eolais:www.imbolc.ie / [email protected] /+353 (0)26 61165

Imbolc 2011Imbolc 2011

Astráil Abú!Astráil Abú!

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

Tá sé in am arís ag filí na hÉireann

dul i mbun saothar a sheoladh ag

ceann de chomórtais mhóra na hEo-

rpa, Comórtas Idirnáisiúnta

Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

2011. Tá duaiseanna ar luach

€15,000 le buachaint, €4,000 don

dán is fearr i nGaeilge na hÉireann, sa

Gháidhlig nó sa Mhanannais san áireamh.

An t-eagras idir-Cheilteach Colmcille a

dheineann urraíocht ar an duais seo, chomh

maith le dara agus tríú duais de €2,000 agus

€1,000 faoi seach, agus íoctar

táille taistil agus léitheoireachta

€400 le triúr eile fós ar an ngear-

rliosta. Agus ná dearmadaigí

Duais Percy French as

véarsaíocht ghrinn / aorach i

mBéarla nó i nGaeilge freisin!

Seol líon ar bith iontrálacha - ar ábhar ar

bith, ach gan a bheith níos faide ná 70 líne

- isteach faoin 24 Eanáir 2011.

Tuilleadh eolais:

www.strokestownpoetry.org

D’fhógair an Roinn Oideachaisagus Scileanna nach bhfuil ach4 cheantar aitheanta acu inabhfuil riachtanais do sholáthairbhreise don bhunoideachas doMheán Fómhair 2011 i ráiteasar an 23 Nollaig 2010. Cé go bhfuil éileamhláidir ar Ghaelscolaíocht sna ceantair sin,tá díomá léirithe ag Gaelscoileanna Teo.nach bhfuil aon aird á tabhairt ag an Roinnar na ceantair eile ar fud na tíre ina bhfuilcoistí bunaithe i mbun dian-fheachtais leGaelscolaíocht a chinntiú dá bpáistí, ain-neoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge dechuid an Rialtais a foilsíodh go hoifigiúildhá lá roimh ráiteas na Roinne. Tá díomáar leith ar an mbrúghrúpa Aitheantasfreisin nach bhfuil aitheantas á thabhairtdo Ghaelscoil Ráth Tó, a d’oscail gan cú-namh na Roinne i Meán Fómhair 2010. Níl

beartas ná cur chuige naRoinne Oideachais agusScileanna maidir leis annGaelscolaíocht ag luí le spri-ocanna na Straitéise beag námór, ná níl an Roinn ag tacú

mar is ceart leis na Gaelscoileanna.Roimhe seo, d’aithin córas na Roinne ileith scoileanna nua a bhunú an tslí inafhásann an scoil agus an ról tábhachtachatá aici sa chomhphobal ina fheidhmíonnsí. Faoi láthair, is ar déimeagrafaic amháinatá cinntí na Roinne maidir le scoileannanua bunaithe agus is cosúil nachmbaineann rogha na dtuismitheoirí beagná mór le plean na Roinne do sholátharbreise bunoideachais do 2011.Tuilleadh eolais: Mícheál Ó Broin,Uachtarán Gaelscoileanna Teo. +353(0)87 9467700

Easpa AitheantaisEaspa Aitheantais

Filíocht na mBuillíFilíocht na mBuillí

77Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

88 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011

Sna sála ar an mbradaíl a rinneadhar shuíomh Fhine Gael le déanaí,níl fáil ar an bhfíseán leis angceannasaí Enda Kenny arwww.finegael.ie a thuilleadh, náar an mbosca a bhí ann do dhaoinelena dtuairimí a fhágáil faoibheartais an pháirtithe chun an tír a rialú.Is féidir fós aiseolas a sheoladh [email protected] áfach, agus bachóir leas a bhaint as an tseirbhís seo chunstocaireacht a dhéanamh ar cheist na

Gaeilge san olltoghchán. B'fhiúteachtaireachtaí a sheoladhchucu ag éileamh orthu beartasoideachais an pháirtithe a athrúsula dtagann siad i gcumhachtlena chinntiú go leantar agmúineadh na Gaeilge mar

phríomhábhar Ardteiste. Is féidir freisinachainí ar-líne a shíniú ag éileamh ar FhineGael a mbeartas ar mhúineadh na Gaeilgea athrú. Achainí:www.petitiononline.com/gaeilge/petition.html

Achainí Ar-LíneAchainí Ar-Líne

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimhfhoilsiú an dréachta dheireanaigh denStraitéis 20 Bliain don Ghaeilge2010 – 2030 le déanaí, agustáimid ag tnúth le gníomhúláithreach chun páirt lárnach aghlacadh i gcur i bhfeidhm naStraitéise. Tá moladh ar leith agdul don Aire Éamon Ó Cuív as túsa chur leis an bpróiseas comhair-liúcháin, agus don Aire Pat Careyas plean críochnúil a leagadh síos donteanga agus é a fhaomhadh, ní hamháinleis an Rialtas reatha, ach le tacaíocht ógach páirtí polaitíochta. Is mór le Con-radh na Gaeilge go bhfuil líon mórbeartas atá á mholadh ag an eagraíochtle tamall de bhlianta anuas curtha sanáireamh sa Straitéis 20 Bliain donGhaeilge, agus go mbeidh príomhról agan gComhairle um Oideachas Gaeltachta

agus Gaelscolaíochta (COGG) i bhfei-dhmiú na Straitéise san earnáil

oideachais. Fáiltíonn an Conradhgo háirithe roimh an sprioc arleith luaite le líon na gcainteoirílaethúla Gaeilge sa Ghaeltacht aardú faoi 25% freisin, agus go bh-fuil tábhacht na Gaeltachta marthobar labhartha na Gaeilgeaitheanta sa Straitéis. Ach níshásaíonn an tagairt sa Straitéis

do bhunú scoileanna nua an t-éileamh arinneadh go ndéanfaí soláthardóthanach don Ghaeloideachas dophobail uile na tíre a chinntiú agussuímh do scoileanna nua á roghnú ag anRoinn Oideachais agus Scileanna, marshampla. Leanfaidh Conradh na Gaeilgeleis an mbrú chun an Straitéis a neartúagus a chur i bhfeidhm ina iomláine snablianta romhainn.

Dréacht Deireanach den StraitéisDréacht Deireanach den Straitéis

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

99Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Sa bhreis ar ranganna ag tosú inÁras na nGael i nGaillimh agus i 6Sráid Fhearchair i mBaile ÁthaCliath an tseachtain dar tús 24Eanáir 2011, beidh ranganna dechuid Chonradh na Gaeilge áreáchtáil in ionaid éagsúla ón 17Eanáir ar aghaidh freisin, Cois nahAbhna in Inis, Co. an Chláir agus SráidChill Mhuire ar an Iúr i gCo. an Dúin sanáireamh. B'fhéidir go mbeadh spéis agcairde leat atá ag iarraidh an Ghaeilge a

fhoghlaim sa suíomhwww.bitesizeirish.com mura bh-fuil rang ar siúl cóngarach dóibháfach. Ranganna Gaeilge ar-líne,dírithe ar ghlantosaitheoirí, atá igceist le Bitesize Irish, áit gur féidiran teanga a fhoghlaim i bpíosaí

beaga. Bain triail as rang samplach agwww.bitesizeirish.com/lesson/1/ inniu!Teagmháil:Eoin Ó Conchúir +353 (0)86 3085334

Bitesize GaeilgeBitesize Gaeilge

Tionólfar Ócáid Ghaeilge 2011 de chuidGhlór Cheatharlach san Óstán Seven OaksDé Máirt, 18 Eanáir 2011, ag 8.00in. Beidhan phearsa mhór GhaeilgeMícheál Ó Muircheartaigh iláthair mar aoi speisialta nahócáide agus déanfaidh séAn Doirseoir a sheoladh gohoifigiúil. Is pacáisteilmheán dhátheangach é seoatá díreach eisithe ag GlórCheatharlach, agus scéalbeatha Sholanus Uí Chatha-saigh, Caipisíneach a rugadh i Wisconsin,Meiriceá, de thuismitheoirí a saolaíodh inÉirinn, atá ann. Is é Boniface Hanley,O.F.M., a scríobh scéal beatha Sholanus imBéarla sa saothar The Doorkeeper, agusis í Siobhán Ní Shíthigh as Ceatharlach ad’aistrigh go Gaeilge é. Rinneadh taifeadar an leabhar freisin ionas go bhféadfaí anscéal a chur ar fáil ar dhlúthdhioscachomh maith, mar áis iontach d'fhogh-laimeoirí fásta na teanga go háirithe. Tá

súil ag Glór Cheatharlach go mbeidh an-tóir air mar áis do churaclam na Gaeilgein iarbhunscoileanna na tíre leis. Bronnfar

teastais agus fáinní óir arrannpháirtithe a d’fhreast-ail ar chúrsaí Gaeilge igCeatharlach le bliantabeaga anuas agus déanfarsraith nua na gcúrsaí a she-oladh go hoifigiúil don bhli-ain 2011 ar an oíchechéanna. Ní hamháin sinach beidh ionadaithe ó Fho-

ras na Gaeilge i láthair chun deontas ar fiú€164,300 a bhronnadh ar Glór Cheathar-lach faoin Scéim Phobail Gaeilge 2011 -2013. Ócáid mhór cheiliúrtha a bheidh sanoíche chun tús a chur le bliain eile i dtreoStádas Bhaile Dhátheangach do Cheathar-lach. Fáilte roimh chách agus cead isteachsaor!Gach eolas: Glór [email protected] /+353 (0)85 1340047

Mícheál i gCeatharlachMícheál i gCeatharlach

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

Scoil Gheimhridh MherrimanScoil Gheimhridh MherrimanCeiliúradh bheirt dedheartháireacha Uí Nualláin abheidh i gceist le Scoil GheimhridhMherriman i mbliana - Ciarán, a ru-gadh i 1910 agus Brian (FlannO'Brien nó Myles na gCopaleen mara thugtaí air freisin), a rugadh i1911. Is beirt iad seo a d’fhág lorgláidir ar shaol agus ar scríbh-neoireacht na Gaeilge. Sa bhreis arléachtaí ar an mbeirt, beidh ceisteannaa bhaineann le deaslabharthacht agusgreann sa Ghaeilge á bplé, agus tabhar-

far léiriú praiticiúil físiúil arthuiscintí ar an ngreann freisin.Reáchtálfar Club Mherrimanchuile oíche agus tabharfar cuairtar Ollscoil na hÉireann, Gaillimhleis. Beidh Ceiliúradh nandeartháireacha: Ciarán agusBrian Ó Nualláin ar siúl in ÓstánMeyrick i gcathair na Gaillimhe

ón 28 – 30 Eanáir 2011 agus táscoláireachtaí ar fáil do mhic léinn tríúleibhéil le freastal ar an scoil.Gach eolas: www.merriman.ie

Ba mhaith le Conradh naGaeilge comhghairdeas adhéanamh leis nascéimeanna pobail Gaeilgeuile a d'éirigh leo i mbliana!Tá cruinnithe gréasánaitheeagraithe ag Conradh naGaeilge le fostaithe dechuid de na scéimeannapobail 4 - 5 uair in aghaidh na bliana lecúpla bliain anuas, agus tá súil leanúintleis an gcomhoibriú seo i mbliana. Is deisan-mhaith iad na cruinnithe seo le heo-las a roinnt, eolas a lorg, agus eolas afháil ar na feachtais Ghaeilge ó chomhgh-leacaithe ag obair san earnáil. Bíonn Glórna nGael ag cur ceardlann traenálaéagsúil ar fáil i rith na bliana freisin, agustá sé i gceist ag an gConradh agus ag Glórna nGael teacht le chéile chun an dá ruda sholáthar ar na laethanta céanna i2011. Mar thús leis an dea-obair, tá an

chéad chruinniú eagraithesan ionad cultúrtha in ÁrasChrónáin, Bóthar an Úl-loird, Cluain Dolcáin, BaileÁtha Cliath 22, Dé Máirt,18 Eanáir 2011. Pleanáilteanga agus eagraíochtaíGaeilge a bheidh faoichaibidil ag an gcruinniú

seo, áit go mbeidh eolas agus plé idir nascéimeanna maidir le feachtais náisiúntaagus áitiúla, deiseanna maoinithe agustiomsú airgid, deiseanna úsáidte naGaeilge, agus eile ar maidin ó 11.00rn –1.00in. Ansin cuirfear traenáil ar fáil umthráthnóna ó 2.00 – 4.00in i dtaca lepleanáil teanga; riaradh scéimeanna fos-taíochta; teicneolaíocht; na hilmheáin;caidreamh poiblí; cumarsáid; agus sto-caireacht áitiúil.Teagmháil: +353 (0)1 4757401 /[email protected] / +353 (0)86 8142757

Scéimeanna PobailScéimeanna Pobail

1010 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

1111Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Tá Ard-Stiúrthóireacht anAistriúcháin sa ChoimisiúnEorpach ag iarraidhaistritheoirí a earcú archonarthaí sealadacha amhairfidh 3 bliana ar amhéad. Beidh ar an té afhostófar cáipéisí a aistriú go Gaeilge óBhéarla agus ó theanga oifigiúil eile dechuid an Aontais Eorpaigh. Ní mór d'iar-rthóir a bheith ina náisiúnach de Bhallstátden Aontas Eorpach; céim ollscoile abheith aige/aici; sárlíofacht agus ardchru-inneas Gaeilge a bheith aige/aici, sáreolasar an mBéarla agus eolas maith ar theangaoifigiúil eile de chuid an Aontais; agus abheith sásta lonnú sa Bhruiséil máearcaítear é/í. Bheadh taithídhoiciméadaithe san aistriúchán, cáilíocht

i dteangacha nó An SéalaCreidiúnaithe ó ChórasCreidiúnaithe nanAistritheoirí ina mbun-táiste. Is gá d'iarrthóirí litirchumhdaigh i mBéarla, CVBéarla agus CV Gaeilge (i

múnla Europass), a sheoladh trí ríomhphostchuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil [email protected] faoinLuan, 21 Feabhra 2011, ar a dhéanaí.Déanfar gach CV a scrúdú agus cuirfidh anbord roghnúcháin cuireadh ar na hiar-ratasóirí is oiriúnaí trialacha roghnúcháina dhéanamh i mBaile Átha Cliath nó saBhruiséil ón 21 - 25 Márta 2011.Tuilleadh eolais:http://europass.cedefop.europa.eu /[email protected]

Folúntais AEFolúntais AE

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2011

1212 Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2011

Is Leor BeirtIs Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le daoinea chur ag labhairt i nGaeilge ingach cearn den tír - is leor beirt!Tá ábhar an leathanaigh seodírithe ar chabhrú leat ciorcalcomhrá neamhfhoirmeálta areáchtáil i d’áit oibre féin nó i

mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimhGhaeilgeoirí nua tríd na ceis-teanna seo a leanas a ghearradhamach agus lig do gach duine ceista roghnú nuair a éiríonn ancomhrá gann.

Tús Nua:Tús Nua:

Táim chun:Táim chun:• stopadh den chaitheamh tobac• scil nua a fhoghlaim• meáchan a chailliúint• níos mó ama a chaitheamh le cairde / clann• bia níos folláine a ithe• breis uisce a ól• níos lú airgid a chaitheamh• dul ag siúl gach tráthnóna• Gaeilge a labhairt le mo pháistí• freastal ar imeacht cultúrtha amháin

gach seachtain• cosc a chur orm féin ag eascainí• dul a chodladh go luath gach oíche• an teach a fhágáil in am ar maidin• stadadh den chur amú ama ar Facebook!

An ndearna tú aon rud deas ar Oíche Chinn Bhliana?

An raibh tú i gcuideachta clainne nó cairde?

Cá raibh tú nuair a bhuail an clog meánoíche?

An bhfuil tú ag súil / ag tnúth le 2011?

An bhfuil rún ar bith agat don Athbhliain?

Ar mhaith leat a bheith níos sláintiúla / níos folláine / níos aclaí i mbliana?

Ar cheannaigh tú ballraíocht sa spórtlann chorpacmhainne go fóill?!

An bhfuil pleananna agat chun dul ag taisteal in Éirinn / thar sáile / thar lear?

An mbeidh rang oíche á ghlacadh agat don Earrach?

Ar mhaith leat teanga nua a fhoghlaim?

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?

An bhfuil tú buartha faoi chúrsaí eacnamaíochta?

An bhfuil tú dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar an eacnamaíocht?