Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Samhail Chinnte, Todhchaí Éiginnte 2. Comórtas Ealaíne 2. Curiarracht Chainte 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. ComharÓg 2 5. Barrliosta na Leabhar 6. Slán le hÍte! 6. Fleadh Dhoire 7. Gaeltachtaí Átha Cliath 7. Cultúr na hArdchathrach 8. Teaghlaigh Ar Saoire! 8. Global Gaeilge 9. Réaltaí Gaeilge CLG 9. Oiliúint Aistritheoirí 10. Aighneachtaí 10. Gnólachtaí Gaeilge 11. Grianghrafadóireacht Ghaeltachta 11. Coinbhinsiún na mBard Óg 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 8.5 01 Lúnasa 2013 D ’fhógair An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach maidir le maoiniú eagraíochtaí Gaeilge an mhí seo caite. Bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, tá se beartaithe go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile- oileánda: Gaeloideachas; oideachas in earnáil an Bhéarla; forbairt phobail; deiseanna leis an nGaeilge a úsáid; ardú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht; agus forbairt deiseanna agus gréasán do dhaoine óga leis an teanga a úsáid. Mar aon leis sin, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó thuaidh agus ó dheas agus leanfar le maoiniú do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge. Le maoiniú geallta do Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad, fágtar go mbeidh 6 cheanneagraíocht le roghnú as na 16 eagraíocht eile roimh Iúil 2014. Mhol CATT go mbunófar fóram comhpháirtíochta uile- oileánda de cheannasaithe na 6 eagras ceannais a bheidh freagrach as plean straitéise agus cur chuige na hearnála ar bhonn comhoibrithe. Cé go bhfáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an deis comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge eile ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach do phobal na Gaeilge, níl na sonraí nó na himpleachtaí den chinneadh atá déanta ag CATT iomlán soiléir go fóill. Is cinnte, áfach, go gcaillfí ar a laghad 18 oibrí teanga a bpost faoin mhúnla úr maoinithe seo. Samhail Chinnte, Todhchaí Éiginnte

description

SAN EAGRÁN SEO: 1. Samhail Chinnte, Todhchaí Éiginnte 2. Comórtas Ealaíne 2. Curiarracht Chainte 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. ComharÓg 2 5. Barrliosta na Leabhar 6. Slán le hÍte! 6. Fleadh Dhoire 7. Gaeltachtaí Átha Cliath 7. Cultúr na hArdchathrach 8. Teaghlaigh Ar Saoire! 8. Global Gaeilge 9. Réaltaí Gaeilge CLG 9. Oiliúint Aistritheoirí 10. Aighneachtaí 10. Gnólachtaí Gaeilge 11. Grianghrafadóireacht Ghaeltachta 11. Coinbhinsiún na mBard Óg 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Transcript of Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Samhail Chinnte, Todhchaí Éiginnte2. Comórtas Ealaíne2. Curiarracht Chainte3. Nuacht Áitiúil4. Teicneolaíocht na Teanga4. Gaeilge na Cruinne5. ComharÓg 25. Barrliosta na Leabhar6. Slán le hÍte!6. Fleadh Dhoire7. Gaeltachtaí Átha Cliath7. Cultúr na hArdchathrach8. Teaghlaigh Ar Saoire!8. Global Gaeilge9. Réaltaí Gaeilge CLG9. Oiliúint Aistritheoirí10. Aighneachtaí10. Gnólachtaí Gaeilge11. Grianghrafadóireacht Ghaeltachta11. Coinbhinsiún na mBard Óg12. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 8.5 01 Lúnasa 2013

D’fhógair An Chomhairle Aireachta Thuaidh

Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach maidir le maoiniú eagraíochtaí Gaeilge an mhí seo caite. Bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, tá se beartaithe go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-o i l e á n d a : Gaeloideachas; o i d e a c h a s in earnáil an Bhéarla; f o r b a i r t phobail; deiseanna leis an nGaeilge a úsáid; ardú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht; agus forbairt deiseanna agus gréasán do dhaoine óga leis an teanga a úsáid. Mar aon leis sin, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó thuaidh agus ó dheas agus leanfar le maoiniú do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge. Le

maoiniú geallta do Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad, fágtar go mbeidh 6 cheanneagraíocht le roghnú as na 16 eagraíocht eile roimh Iúil 2014. Mhol CATT go mbunófar fóram comhpháirtíochta uile-oileánda de cheannasaithe na 6 eagras ceannais a bheidh freagrach as plean straitéise agus cur chuige na hearnála ar bhonn comhoibrithe. Cé

go bhfáiltíonn C o n r a d h na Gaeilge roimh an deis comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge eile ar

mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach do phobal na Gaeilge, níl na sonraí nó na himpleachtaí den chinneadh atá déanta ag CATT iomlán soiléir go fóill. Is cinnte, áfach, go gcaillfí ar a laghad 18 oibrí teanga a bpost faoin mhúnla úr maoinithe seo.

Samhail Chinnte, Todhchaí Éiginnte

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 23 Lúnasa 2013

Comórtas EalaíneTá deis ag daltaí atá ag freastal

ar champaí samhraidh ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh i gComórtas Ealaíne Bhliain na Gaeilge! Tá 20 t-léine ar an iomlán le buachan agus níl le déanamh ach píosa ealaíne a dhearadh agus é bunaithe ar fhocal Gaeilge. Is gá an saothar ealaíne a chur chugainn sa phost chuig Comórtas Ealaíne, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 nó is féidir grianghraf den phíosa a chur chugainn ar

ríomhphost chuig [email protected] nó trínár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie. Cuireadh tús leis an gcomórtas ar 1 Meitheamh 2013 agus tá go dtí deireadh Lúnasa ag na páistí sa dá rannóg - 6-11 bliana d’aois agus 12-17 mbliana d’aois - cur isteach air. Spriocdháta: 25 Lúnasa 2013. Gach eolas:

www.gaeilge2013.ie+353 (0)1 4757401

An bhfuil ciorcal comhrá á reáchtáil agat? An bhfuil grúpa Gaeilge

gníomhach sa cheantar? Ar mhaith leat páirt a ghlacadh sa chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar domhan an fómhar seo? Tá Comhrá 24/7, curiarracht domhanda na gciorcal comhrá á heagrú ag Conradh na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh ar Bhliain na Gaeilge ó 30 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair 2013! Beidh an tseachtain roinnte ina míreanna uair a chloig ar fhad agus tá grúpaí Gaeilge ar fud na cruinne á lorg againn i láthair na huaire chun uair a chloig amháin a roghnú dóibh féin mar chuid den churiarracht chainte seo. Nascfar na grúpaí ar fad atá ag glacadh páirte trí chraoladh ar-líne, áit a chríochnóidh grúpa amháin ag caint ag deireadh a míre agus a thosóidh an chéad

ghrúpa eile ar an gcaint leanúnach ar feadh uair a chloig eile. Tá súil againn go mbeidh idir Chumainn Ghaelacha tríú

leibhéal agus ghrúpaí Gaeilge thar lear sásta na huaireanta mall istoíche a chomhlíonadh, agus cuirfear críoch oifigiúil leis an gcuriarracht le nasc chuig an ócáid ollmhór Cearta agus Ceiliúradh i mBéal Feirste ar 6 Deireadh Fómhair

2013. Tá grúpaí comhrá cláraithe leis an gcuriarracht chainte a dhéanamh i nGaillimh, i gCeatharlach, i mBaile an Huntaigh agus i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath cheana féin, mar sin tapaigh an deis a bheith páirteach trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] inniu!Tuilleadh eolais:www.gaeilge2013.ie

Curiarracht Chainte

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilÁth Cliath

Tá turas treoraithe as Gaeilge á reáchtáil ar na taispeántais bhuana ag

Leabharlann Chester Beatty i mBaile Átha Cliath gach dhá mhí. Chuireadar tús leis an tsraith i mí an Mheithimh agus beidh an chéad cheann eile ar siúl Dé Domhnaigh, 25 Lúnasa 2013 ó 2.00 – 3.00in. Gach eolas: www.cbl.ie

Baile Uí Bheacháin

Tá dianchúrsa i scríobh an ghearrscéil agus an úrscéil

fógartha ag Móinín Teo., comhlacht foilsitheoireachta Ré Uí Laighléis. Reáchtálfar an dianchúrsa thar 6 dheireadh seachtaine sa Scríobhlann, áras traenála Mhóinín i mBaile Uí Bheacháin, Co. an Chláir, dar tús 21/22 Meán Fómhair 2013. Tuilleadh eolais: +353 (0)65 7077256 / [email protected]

Cluain Mhic Nóis

Reáchtálann Eaglais na hÉireann seirbhís Ghaeilge ag Cluain Mhic Nóis gach bliain,

agus thug Cumann Gaelach na hEaglaise faoi thuras oilithreachta chuig Uíbh Fhailí le freastal ar sheirbhís na bliana seo le déanaí. Má tá eolas ar imeachtaí Gaeilge an Chumainn uait, déan teagmháil le Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge, ar +353 (0)85 1632772 / [email protected].

Gaillimh

Beidh Taibhdhearc na Gaillimhe ag cur ranganna aisteoireachta ar siúl do

dhaoine óga a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, agus go háirithe suim acu a bheith ag aisteoireacht. Cuir scéal chuig [email protected] más spéis le do ghasúr ceardlanna drámaíochta a dhéanamh an fómhar seo! Teagmháil: +353 (0)91 562024 / www.antaibhdhearc.com

Maigh Eo

Ní hamháin go raibh tóstal in Iorras mar chuid de Thóstal Éireann 2013 le

déanaí, ach tá Scoil Acla faoi lánseol mar chuid de Bhliain na Gaeilge ó 27 Iúil – 3 Lúnasa 2013. Ní fada uainn Féile Ceol na Locha Tuar Mhic Éadaigh ach oiread, ó 12 -

16 Lúnasa 2013. Teagmháil: www.ceolnalocha.com

An Mhí

Déanfaidh Gaelscoileanna Teo. ceiliúradh ar 40 bliain

ar an bhfód ag Comhdháil Bhliantúil 2013 san Óstán Johnstown House ar an mBóthar Buí, Co. na Mí ó 22 - 23 Samhain 2013. Beidh Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins, i láthair

don cheiliúradh speisialta. Tuilleadh eolais & Áirithintí: www.gaelscoileanna.ie

Port Láirge

Beidh Siúlóid Threoraithe dhátheangach san Aird Mhór Dé Luain, 19 Lúnasa

2013, ar 7.00in. Liam Suipéil a bheidh ag treorú na siúlóide, eagraithe ag Máire Seo Breathnach, oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge. Buailfidh an grúpa le chéile sa charrchlós lasmuigh de Shéipéal Dhéagláin agus feartar fáilte roimh chách!

Worcester, Massachusetts

Cuirfidh Ár dTeanga Féin, grúpa tiomanta do mhúineadh na Gaeilge i Lár Shasana

Nua, Meiriceá, tús le ranganna Gaeilge in Ionad Pobail Shráidbhaile Quinsigamond ar 6.00in ó 5 Meán Fómhair 2013. Mairfidh na ranganna 12 sheachtain agus tá siad in oiriúint do gach leibhéal foghlaimeora. Gach eolas: www.adtf.org / [email protected]

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 23 Lúnasa 2013

Leis an bhfeidhmchlár Gaeilge nua Anseo

forbartha ag Diaga Teoranta, tá an réabhlóid i ndáiríre anseo - seo do dheis Gaeilgeoirí ar fud na cruinne a aimsiú ar do ghuthán cliste! Cuireann an aip úr ar chumas chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh lena chéile ar bhealach cuimsitheach, láithreach. Is gá clárú chun eolas a chur ar fáil maidir leis an suíomh ina bhfuil tú i dtosach báire, ach ní bhaineann aon chostas leis seo. Ansin,

lorgóidh an feidhmchlár an Gaeilgeoir is cóngaraí duit ar an léarscáil idirghníomhach. Is féidir breathnú ar phróifíl an duine nó teachtaireacht a sheoladh chucu le coinne a dhéanamh le casadh le chéile ar bhealach

fíor-áisiúil. Beidh teacht ar sheirbhísí, scoileanna, eagraíochtaí agus gnólachtaí Gaeilge ar an bhfeidhmchlár freisin. Cláraigh inniu!Tuilleadh eolais:www.anseoapp.com

Níl aon amhras ann gur teanga domhanda idirnáisiúnta í an

Ghaeilge: labhraíodh í i bParlaimint na hAstráile den chéad uair níos luaithe sa mhí, bronnadh scoláireachtaí Fulbright ar 35 le dul ag déanamh taighde agus ag múineadh na Gaeilge i Meiriceá le déanaí, agus tá sí á teagasc in áiteanna chomh fada i gcéin le Beijing fiú. Agus sna sála ar Oireachtas iontach a reáchtáil ann ag tús na míosa, tá deis á tairiscint do dhuine ó Mhaigh Eo dul ag obair i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir in Tamworth, Ontario i gCeanada! Tá naisc láidir idir Maigh Eo agus Gaeltacht Cheanada le blianta anuas, le múinteoirí ó Mhaigh Eo ag múineadh ann le 3 bliana anuas agus

baill den Ghaeltacht ag freastal ar imeachtaí i Maigh Eo. Chaith duine acu

6 seachtaine ag foghlaim na Gaeilge i gCeathrú Thaidhg cúpla bliain ó shin, agus chaith duine eile acu 3 seachtaine i dTuar Mhic Éadaigh i mbliana. Anois tá duine de mhuintir Mhaigh Eo aimsithe ag Gnó Mhaigh Eo agus Gaeltacht

Thuaisceart an Oileáin Úir chun taisteal go Ceanada agus obair mar mhúinteoir ann le linn an chúrsa samhraidh ó 11 - 18 Lúnasa 2013, áit a íocfar costais taistil agus lóistín. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait ar nasc na Gaeilge idir Gaeltacht Cheanada agus pobal Mhaigh Eo, seol teachtaireacht chuig [email protected] le do shonraí teagmhála. Gaeilge na Cruinne abú!

Teicneolaíocht na Teanga

Gaeilge na Cruinne

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

Eisíodh an chéad eagrán den iris Comhar Óg i mí Eanáir na bliana seo nuair

a cuireadh fáilte roimh ghearrscéalta, fhilíocht, ailt, chartúin, ghrianghraif, lúibíní agus ábhair oiriúnacha eile ó dhaltaí dara leibhéal na tíre. Agus seo chugaibh dara eagrán Comhar Óg anois! Thug An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) maoiniú don togra agus is deis iontach í do dhaoine óga le suim sa scríbhneoireacht agus sa léitheoireacht, agus le suim sa leagan

amach agus sa stíl faoi leith a bhaineann le hiris liteartha. Mark Wickham, dearthóir ghnáthirisí Comhar, a rinne an dearadh álainn ar an eagrán seo, agus is í Áine Uí Fhoghlú atá mar eagarthóir ar dhá eagrán na hirise. Is as Gaeltacht na Rinne d’Áine agus is múinteoir meánscoile í i gColáiste Aibhistín, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge. Tá iliomad duaiseanna liteartha buaite aici dá cuid scríbhneoireachta féin go dtí seo agus múineann sí an scríbhneoireacht chruthaitheach dá cuid daltaí féin san Idirbhliain. Cuireann sí an-bhéim ar rannpháirtíocht na ndaltaí i bhfoghlaim na filíochta agus ar an smaoineamh agus tuairimíocht neamhspleách a fhorbairt.Orduithe:www.iriscomhar.com

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Páistí agus Daoine Óga1. Máire agus a Mála – Mairéad Ní

Ghráda – An Gúm - €5.502. Conas atá tú? – Ciara Ní Dhuinn

– Cló Mhaigh Eo - €73. Amach – Alan Titley – An Gúm

- €7.954. Hóng – Anna Heussaff – CIC – €85. Smuf – Alan Titley – An Gúm

- €6.50

Daoine Fásta1. An Béal Bocht (leagan grafaic)

– Myles na gCopaleen – Cló Mhaigh Eo - €12

2. An Hobad (bog) – JRR Tolkien – Evertype - €19.95

3. An Litir - Liam Mac Cóil - Leabhar Breac - €15

4. An Geall – Liam Mac Uistín – CIC - €8

5. Ó Chéitinn go Raiftearaí – Vincent Morley – Coiscéim - €10

Eolas & orduithe: [email protected] +353 (0)1 4783814 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

ComharÓg 2 Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 23 Lúnasa 2013

Slan le hÍte!Bhailigh idir chairde, chomhghleacaithe,

mhic léinn agus iar-chomhghleacaithe le hÍte Ní Chionnaith in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) le déanaí chun slán agus gach beannacht a rá léi sula ndeachaigh sí ar scoir an samhradh seo. Is iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán ITBÁC í Íte agus tá ardmheas bainte amach aici mar oideoir den scoth agus mar ghníomhaí teanga ó thosaigh sí ag léachtóireacht leis an Institiúid sa bhliain 1979. D’eagraigh Coiste Gaeilge ITBÁC an ócáid d’Íte agus ag labhairt dóibh thar cheann an Choiste, ghabh an Dr. Máire Mhic Mhathúna agus

Antaine Ó Faracháin a mbuíochas le hÍte as an dea-obair go léir agus á dílseacht don Ghaeilge san Institiúid thar na blianta. Gach rath ort amach anseo a Íte!

Sa bhreis ar Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) póilíní le

Gaeilge a earcú go Doire go speisialta d’fhleadh na bliana seo, tá clár leathan d’imeachtaí Gaeilge eagraithe ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2013. Seolfaidh Éamonn Ó hArgáin ó Fhoras na Gaeilge clár na n-imeachtaí i gCultúrlann Uí Chanáin i gcathair Dhoire ar 4.00in, 13 Lúnasa 2013 agus feartar fáilte roimh chách! I measc na n-imeachtaí ar an gclár, tá turais shiúil staire, léiriú ar Scannáin na Fleidhe sa Nerve Centre, dianchúrsaí Gaeilge, díospóireacht, léachtaí ar amhránaíocht Lár-Uladh agus ar Scéalta na Farraige agus Fuaimeanna na Mara, Aifreann Gaeilge in Ardeaglais Eoghain, agus ceolchoirmeacha Easparta in Ardeaglais Cholmcille agus le Dúchas Dhoire, ceoltóirí áitiúla Dhoire agus

Thír Chonaill. Craolfar Blas beo ó Victoria Market ar BBC Raidió Uladh, beidh campaí samhraidh Gaeilge á reáchtáil i nGaelscoil Éadain Mhóir ar £20 ó 12 – 16 Lúnasa

2013, agus déanfar comóradh dhá bhliain ar Líofa 2015 ag ócáid speisialta i gCultúrlann Uí Chanáin ar 2.30in ar 16 Lúnasa 2013. Fágfaidh na turais shiúil ó Halla na Cathrach gach lá ar 10.00rn agus ar 2.00in ó 12 – 16

Lúnasa 2013, ag dul chuig Ballaí Dhoire, Sráid Rossville, Cuimhneachán Dhomhnach na Fola, Cuimhneachán na Stailce Ocrais, Balla Dhoire Saor agus Múrmhaisiúcháin an Phortaigh (£3). Cuirfear fáilte freisin roimh idir mhuintir na háite agus chuairteoirí Slí Cholmcille, seanthraidisiún oilithreachta, a dhéanamh ó Phort na Long go dtí an Teampall Mór ar 14 Lúnasa 2013.Tuilleadh eolais: www.fleadhcheoil.ie

Fleadh Dhoire

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Gaeltachtaí Átha CliathIs grúpa pobail deonach é Muintir na

Gaeilge Ongar agus í mar aidhm acu an Ghaeilge a chothú i mBaile Átha Cliath. Ba amhlaidh an aidhm a bhí leis an gcruinniú forbartha pobail teanga a d’eagraigh Craobh Bulfin de Chonradh na Gaeilge níos luaithe sa samhradh, ar a d’fhreastail slua de dhaoine ó Rath Maoinis, Crois Araild, Ráth Garbh, Tír an Iúir, An Camaigh, Baile an Mhuilinn, Tuaisceart Rath Fearnáin, Baile an Teampaill agus iarthar Dhún Droma. Ag eascairt ón gcruinniú, bunaíodh grúpa oibre sealadach a fheidhmeoidh idir seo agus Meán Fómhair 2013, nuair a bhronnfar dréacht-phlean teanga ar

choiste Chraobh Bulfin. Más mian leatsa cabhrú le pobal agus bonneagar na Gaeilge i gceantair lárdheisceart Átha Cliath a fhorbairt, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gcathaoirleach Seán Ó hAdhmaill ar [email protected].

Is in Uimhir 6 a bheidh an ceiliúradh cultúir is mó trí Ghaeilge i mBaile Átha

Cliath Oíche Chultúir 2013! Tabharfaidh Caoimhín Ó Cadhla turas treoraithe dátheangach ar Uimhir 6, ceann de na foirgnimh is spéisiúla sa phríomhchathair, gach 30 nóiméad nó mar sin ó 5.00 – 11.00in oíche Aoine, 20 Meán Fómhair 2013. Chomh maith leis sin, beidh ceardlann raidió do dhaoine óga (12 – 18 mbliana d’aois) á reáchtáil ag Ógras i gcomhar le Raidió Rí-Rá ar 6.00in; Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings, ceardlann dátheangach eagraithe ag Comhluadar do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge ar 6.30in, rang Gaeilge do thosaitheoirí le Conradh na Gaeilge ar 7.00in, ceardlann damhsa ar an sean-nós le Marian Ní Chonghaile eagraithe ag Seachtain na Gaeilge i

gcomhar le hOireachtas na Gaeilge ar 7.30in, agus Seisiún sa Siopa Leabhar ar 8.00in. Beidh ceol beo agus taispeántas

de phóstaeir Guinness i nGaeilge ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge ar feadh na Oíche Cultúir leis. Tá stair an Stáit fite fuaite go dlúth leis an áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair a bhí ina theach agus ina

halla ollscoile ag an gCairdinéal John Newman tráth gur bhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn, ina bhanc ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse, agus ina Aireacht Airgeadais faoi Mhícheál Ó Coileáin nuair a bunaíodh an Saorstát. Is ann atá lárionad Gaeilge Átha Cliath á fhorbairt ag croílár Ghaeltacht uirbeach na cathrach sa lá atá inniu ann agus 10 ngrúpa Gaeilge ag feidhmiú ó na hoifigí ann.Gach eolas:www.facebook.com/Uimhir6

Cultúr na hArdchathrach

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 23 Lúnasa 2013

Teaghlaigh Ar Saoire!Tá 20 bliain ar an bhfód á

ceiliúradh ag Comhluadar i mbliana, mar sin beidh Saoire Gaeltachta 2013 ar an saoire is fearr do theaghlaigh Ghaeilge go dtí seo! Beidh Brú na Gráige idir Baile an Fheirtéaraigh agus Dún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ina cheannáras ag na teaghlaigh ar fad don tseachtain ó 10 – 17 Lúnasa 2013. Is álainn na radhairc atá le feiceáil ón mbrú agus é suite béal dorais leis an gcósta, agus tá cistin, seomra sóisialta agus seomra spraoi ar fáil sa bhrú do bhaill Chomhluadair. Déanann Comhluadar

gach iarracht rogha leathan imeachtaí spraíúla a chur ar fáil do gach aoisghrúpa i rith an tsaoire. Braitheann an clár ar chúrsaí aimsire ach i measc na himeachtaí beidh turas báid, spóirt uisce, ceardlanna

cruthaíochta agus BBQ.Teagmháil:Nicole Ní [email protected]+353 (0)1 4789191

Tá deascéal ag Glór na nGael do ghrúpaí Gaeilge thar lear! D’fhógair Pádraig

Ó Ciardha, Cathaoirleach Ghlór na nGael, go mbeidh ciste iomlán de €4,150 á bhronnadh ag an eagras ar choistí pobail ar fud na cruinne mar thoradh ar chomórtas miondeontais don dara leath den bhliain. D’fhógair Glór na nGael an scéim seo roinnt míonna ó shin, nuair a ba léir dóibh go raibh grúpaí beaga a d’fhéadfadh toradh iontach a bhaint as suimeanna beaga airgid lena bpleananna a chur i bhfeidhm. Gheobhaidh coistí i gCeanada, i Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus san Eoraip deontais ón gciste seo, atá maoinithe le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ina measc: Coiste Sydney (€350); Oireachtas Cheanada (€500); Glaschú, Albain (€500); Dún Laoghaire/Kingston (Ceanada); Comhaltas Ceoltóirí Meiriceá Thuaidh (€250); Craobh Cláirseach Teamhrach

CCÉ, Ontario, Ceanada (€150); Ár dTeanga Dúchas, Boston, Stáit Aontaithe

Mheiriceá (€500); Cumann Gaeltachta Tamworth, Ceanada (€500); Baile Phitt, Stáit Aontaithe Mheiriceá (€400); Comhrá agus Caint Ottowa, Ceanada (€500); Daltaí na Gaeilge, Nua Eabhrac (€500). Rachaidh airgead an deontais i dtreo na n-imeachtaí á n-eagrú

ag na grúpaí thar lear idir anois agus deireadh na bliana, comórtais liteartha; comórtas crosfhocal as Gaeilge; tumchúrsaí deireadh seachtaine; ceardlann amhránaíochta; Lá Gaeilge; Tráth an gCeist Boird; comórtas scríbhneoireachta; deireadh seachtaine Gaeilge; agus lá spórt mar chuid de Chúl Camp le healaín agus bia Éireannach, agus cóisir Nollag. Comhghairdeas leo!Gach eolas:www.glornangael.ie

Global Gaeilge

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Réaltaí Gaeilge CLGMás rud é gur

fhreastail tú ar chluiche craoibhe ar bith de chuid an CLG i bPáirc an Chrócaigh nó eile an samhradh seo, beidh na físeáin déanta ag Marc Ó Sé, Neil McGee, Ciarán Kilkenny agus Joe Canning feicthe ar an scáileán mór agat ag leath ama agus na himreoirí CLG ag tacú leis an teanga. Theastaigh ó Choiste na Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael an dlúthbhaint atá ag an eagraíocht leis an

nGaeilge a léiriú go háirithe le linn Bhliain na Gaeilge 2013, agus is mór an spreagadh atá ann do leantóirí na gcluiche roinnt de na peileadóirí agus de na hiománaithe is aitheanta sa Chumann a fheiceáil ag impí orthu an oiread Gaeilge atá acu a labhairt. Tá

póstaeir an fheachtais ar fáil do chlubanna agus do scoileanna.Gach eolas:www.gaa.ie

Reáchtálfar comórtas do 10 bpost buana do dhlítheangeolaithe le

Gaeilge san Aontas Eorpach san fhómhar, áit a bhféadfaí €5,500 glan a thuilleadh mar bhunphá sa mhí móide liúntais éagsúla. Má tá céim sa dlí nó cáilíocht ghairmiúil sa dlí agat, b’fhiú cur isteach ar an gcomórtas seo fiú gan tríú teanga a bheith ar fheabhas agat; is féidir í a fheabhsú idir an dá linn agus reáchtálfaidh Óstaí an Rí gearrchúrsa deireadh seachtaine chun daoine a ullmhú don scrúdú inniúlachta, a dteipeann ar go leor daoine ann ceal cleachtaidh. Má líontar an 10 n-áit, agus má chuireann go leor isteach ar an gcomórtas, tá an-seans ann go reáchtálfar tuilleadh comórtas go luath amach anseo le conarthaí sealadacha 3 - 5 bliana do dhaoine gan an tríú teanga

a léirigh suim trí chur isteach ar an gcomórtas chomh maith. Ní hamháin sin ach tá Comhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil ag glacadh anois le hiarratais

ar thréimhsí oiliúna iníoctha i 2014. Tabharfaidh na tréimhsí seo deis do chéimithe a bhfuil suim acu i ngairm an aistritheora dul chun na Bruiséile ar feadh 5 mhí chun feabhas a chur ar a gcuid

scileanna aistriúcháin (Feabhra - Meitheamh 2014 nó Meán Fómhair 2014 - Eanáir 2015). Íocfaidh an Chomhairle as costais taistil an té a roghnaítear agus íocfar liúntas míosúil (tharta ar €1,100) don té sin chomh maith. Spriocdháta iarratais: 2 Meán Fómhair 2013.Tuilleadh eolais:www.consilium.europa.euwww.kingsinns.ie/lawyerlinguist.htm

Oiliúint Aistritheoirí

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

Tá an tríú scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á dréachtú

ag An Roinn Cosanta i láthair na huaire agus tá tuairimí á lorg ag an Roinn ón bpobal maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá custaiméirí trí mheán na Gaeilge. Iarrann An Roinn Cosanta ar pháirtithe leasmhara na haighneachtaí maidir le hullmhú na tríú dréachtscéime teanga a sheoladh go leictreonach chuig [email protected] nó iad a

chur sa phost chuig: An Roinn Cosanta, An Brainse Pleanála agus Eagrúcháin,

Bóthar an Stáisiúin, An Droichead Nua, Co. Chill Dara. Ní mór aighneachtaí a chur faoi bhráid na Roinne roimh 5.00in Dé Luain, 2 Meán Fómhair 2013. Is féidir an chéad agus an dara scéim teanga de chuid na Roinne a fháil ag

www.coimisineir.ie.Tuilleadh eolais:www.defence.ie

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 23 Lúnasa 2013

Aighneachtaí

Tá comhlacht nuabhunaithe ag Clodagh Nic Gabhann a chuireann siamsaíocht

chóisire ar fáil do pháistí trí mheán na Gaeilge agus Cúla Búla an t-ainm atá air. Freastalaíonn Cúla Búla ar ghach riachtanais siamsaíochta do ghasúir óga le draíocht, tóraíocht taisce, cluichí cóisire, péinteáil aghaidhe, múnlú balúin agus i bhfad níos mó ar fáil ón gcomhlacht. Téann na puipéid Cúla, Búla agus a gcairde ar thuras ildaite leis an lucht féachana agus eispéireas spraíúil, greannmhar á chruthú acu do pháistí beaga agus do pháistí móra araon. Tugann Cúla Búla faoi chóisirí príobháideacha – bíodh siad ina gcóisirí breithe, an Chéad Chomaoineach, ceiliúrtha baiste nó eile – ach tá siad ar fáil chun beagán draíochta agus spraoi a chur le hócáidí corparáide agus laethanta spraíúla

clainne chomh maith. Is féidir áirithint a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh go [email protected] nó trí ghlaoch ar +353 (0)85 2130384. Agus ag

trácht ar chomhlachtaí Gaeilge, is é Nemeton TV a bhuaigh an gradam Gnó as Gaeilge den All-Ireland Marketing Awards 2013 le déanaí. Ghlac Irial Ó Murchú, Stiúrthóir Bainistíochta, leis an ngradam thar ceann an chomhlachta atá

lonnaithe i nGaeltacht na Rinne i gCo. Phort Láirge. Tá an tuairim ann go forleathan go bhfuil Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeilge is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach, agus moltar go minic an obair cheannródaíoch atá déanta ag Mac Murchú sa tionscal, a dhéanann a chuid gnó go príomha i nGaeilge. Comhghairdeas ó chroí leo!

Gnólachtaí Gaeilge

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Grianghrafadóireacht GhaeltachtaTá comórtas

grianghrafadóireachta á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá ról leis an nGaeltacht a chur chun cinn mar áit álainn le cónaí, le hoibriú, le dul ar saoire agus le gnó a dhéanamh ann. Is álainn í an Ghaeltacht an téama atá leis an gcomórtas agus tá grianghraif á lorg a léiríonn léargas ar ghné éigin de shaol na Gaeltachta. Tá €500 ag dul don chéad áit; €250 don dara háit; agus €100 don tríú

áit. Is é 19 Lúnasa 2013 an spriocdháta iontrála agus fógrófar gearrliosta thart ar 26 Lúnasa 2013. Tabharfar deis don phobal vóta a chaitheamh don ghrianghraf is ansa leo féin ón ngearrliosta úd ar Facebook agus beidh 50% de na marcanna ag brath

ar vóta an phobail. Spriocdháta: 19 Lúnasa 2013.Foirm iarratais:www.udaras.ie

D’éirigh le Club Óige Luraigh i Machaire Rátha, Co. Dhoire, turas mhalairte

a reáchtáil ar na mallaibh ag tabhairt grúpa anonn as Alban agus grúpa eile anall as Gaoth Dobhair, áit ar ghlac 25 óganach páirt sa turas mhalairte ar leith seo ar an iomlán. Bhí sé mar sprioc ag Coinbhinsiún na mBard Óg foghlaim faoi oidhreacht Cholmcille, foghlaim faoina naisc idir Éirinn agus Alba agus foghlaim faoi na cosúlachtaí idir an dá chultúir. Chuir Club Óige Luraigh clár gníomhaíochtaí spéisiúla le chéile don turas ina raibh réimse imeachtaí spraíúla ann. Bhí ceardlanna amhránaíocht thraidisiúnta agus damhsa céilí ann, siúlóidí agus cluichí foirne chomh maith. Bhí turas lae ann go Gartán, áit ar rugadh Naomh Cholmcille. Bhí faill ag na déagóirí uile

leath lae curachóireachta a dhéanamh, ag samhlú gurb é sin an modh taistil a

d’úsáid Colmcille le taisteal go hOileán Í in Albain. Thug Niall Mac Fhionnghaile, treoraí áitiúil, na daoine óga thart ar cuid de na suímh oidhreachta shuimiúla ar shlí Cholmcille. Tháinig an turas chun deiridh le hOíche Ghaelach i dTigh Ósta Bhreatnaigh. Bhí faill ar na daoine

óga uile a dtallann a léiriú ar an ardán. Ceoltóirí den chéad scoth a bhí iontu na daoine óga. Bhí banna ceoil ann chomh maith, le ceoltóirí traidisiúnta áitiúla. Críochnaíodh an oíche le céilí Éireannach agus Albánach agus bhí na seinnteoirí fós ag bualadh ceoil go dtí luath ar maidin.Teagmháil:Aoife Ní Fhlannagáin+44 (0)77 07870797

Coinbhinsiún na mBard Óg

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2013

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 23 Lúnasa 2013

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Soineann an tSamhraidh:• An gcaitheann tú uachtar gréine i rith an

tsamhraidh?• An nglacann tú saoire sa bhaile in Éirinn go minic?• Cá háit is fearr leat dul ar saoire?• An ndeachaigh tú thar lear / thar sáile an

samhradh seo?• Cé leis / léi / leo a dtéann tú ar saoire de ghnáth?• An itheann tú níos mó torthaí nuair atá teocht ard ann?• An dóigh leat go bhfuil sé níos éasca aclaíocht a dhéanamh nuair atá an aimsir

go breá?• Ar thug tú faoin ndeara go bhfuil i bhfad níos lú tráchta ar na bóithre ar maidin?• Cé acu is fearr leat – saoire faoin tuath nó briseadh deireadh seachtaine i

gcathair uirbeach?• An bhfreastalaíonn tú ar fhéilte ceoil / bia / siamsaíochta um shamhradh?• Meas tú an bhfuil an pobal níos airdeallaí faoi róthógáil na gréine sa lá atá

inniu ann?• An mbíonn tú buartha faoi ailse chraicinn nuair a bhíonn tú amuigh faoin ngrian?• An gcaitheann tú níos mó ama sa ghairdín le linn an tsamhraidh?• An mbíonn ganntanas uisce sa cheantar áitiúil nuair a bhíonn soineann ann?

Laethanta saoire: soineann / dea-aimsir, an ghrian ag spalpadh / ag scoilteadh na gcloch, grianmhar, brothallach, meirbh, plúchta ag an teas, ag sú na gréine, dath gréine, cois fharraige, ar an gcósta, ar an trá, ag taisteal, thar sáile / thar lear