Nuachtlitir - bunscoilrathchairn.ie
Transcript of Nuachtlitir - bunscoilrathchairn.ie
1
Fáilte
Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na Nollag de
Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh. Tá súil againn go
mbainfidh sibh taitneamh as. Is iontach an rud é go
bhfuil muid uilig ar ais ar scoil buíochas le Dia. Tá
srianta nua i bhfeidhm ach tá muid tagtha i
gcleachtadh orthu anois agus glacann muid leo. Ba
mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le chuile
dhuine as ucht an tacaíocht iontach atá an scoil ag
fáil le haghaidh muid ar fad a choinneáil slán
sábháilte, idir an fhoireann ar fad, na tuismitheoirí
agus páistí na scoile. Tá súil agam go mbeidh Nollaig
álainn ag chuile dhuine agus go mbeidh 2021 iontach
i ndán dúinn ar fad.
Daidí na Nollag.
Bhí cuairteoir an-speisialta againn ar an Aoine 11ú
Nollaig 2020. Daidí na Nollag! Bhí sé ag tabhairt
scíthe do na réinfhianna ar fad agus tháinig sé ina
tharracóir John Deere. Is breá le paistí Scoil Uí
Ghramhnaigh tarracóirí. Mar sin bhíodar breá sásta
Daidí na Nollag agus an tarracóir a fheiceáil i gclós
na scoile! D’fhág se bronntanas do chuile pháiste sa
seomra ranga. Bhí chuile dhuine ar mhuin na muice
sa scoil. Dúirt sé leis na páistí go mbeadh sé thart
arís ar Oíche Nollag agus cinnte a dhéanamh de a
bheith sa leaba go luath.
Rinne Rang 5 damhsa do Dhaidí na Nollag agus bhain
sé an-taitneamh as.
Bhí Naíonáin Shóisearacha an-sásta leis an duais a
d’fhág sé acu.
Bhí Rang 1 an-ríméadach ar fad!
Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn
[email protected] www.bunscoilrathchairn.ie
046-9432837
Lean muid @Scoil Ui Ghr Lean muid ar Instagram @scoiluighramhnaigh
Nollaig 2020
2
Ealaín na Nollag
Tá ealaín na Nollag faoi lán tseoil san ranganna ar
fad. Seo rang 6 ag réiteach calóga álainn le
haghaidh fuinneoga na scoile a mhaisiú.
Muire agus an leanbh Íosa a rinne Riain i Rang 2.
Rang 6 ag obair ar na crainnte Nollag uilig atá le
feiceáil sna fuinneoga.
An Mhí Abú
Comhghairdeachas le Mná na Mí a thug Craobh na
hÉireann abhaile leo ar an Domhnach 20/12/20. Tá
éacht déanta acu agus le cúnamh Dé beidh cuid de
na cailíní as Scoil Uí Ghramhnaigh ar an bhfoireann
amach anseo. Chuir an scoil a gcuid beannachtaí
chuig na foirne ar fad.
Rang 6
Rang 5
Rang 4
3
Rang 3
Rang 2
Rang 1
Naíonáin Shinsearacha
Naíonáin Shóisearacha
Síntiús Deonach
Tá muid an-bhuíoch do na tuismitheoirí ar fad a
thugann síntiús deonach don scoil. Is féidir é a íoc
ar Aladdin anois. Is mór againn an cúnamh agus an
tacaíocht a thugann sibh don scoil i gcónaí. Caitear
an t-airgead ar fad ar leabhair agus fearas scoile do
na páistí agus tá muid chomh buíoch as bhur
gcúnamh ar fad.
Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí
Bhí na Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí againn ar
Zoom ar an Déardaoin 26/12/20 ón 2:30 -7:30 Tá
mé cinnte go raibh sibh an-sásta le dul chun cinn
bhur bpáistí. Bhí na tuismitheoirí in ann a gcuid
amanna féin a eagrú ar Aladdin agus ceangail a
dhéanamh leis an nasc ag an am cuí. Le cúnamh Dé
beidh muid ar ais sa scoil i 2021!
.
Rang 3
4
Oíche Shamhna
Comhghairdeachas leis na páistí agus na
tuismitheoirí ar fad a rinne a gcuid cultacha féin le
haghaidh Oíche Shamhna. Bhí neart mascanna le
feiceáil! Bhí seó faisin galánta, scanrúil againn i
gclós na scoile le scaradh sóisialta agus bhí an-
spraoi ag an scoil ar fad ag breathnú ar a chéile. Is
breá linn ceiliúradh na Samhna i Scoil Uí
Ghramhnaigh.
Rang 3
Rang 1
Rang 4
Naíonáin Shóisearacha
Rang 5
Rang 2
Rang 6
Naíonain Shinsearacha
Féilire na Scoile
Tá féilire álainn scoile againn i mbliana le haghaidh
2021! Tá muid an-bhuíoch de Áine Máire Uí Laoire,
agus Donncha Ó Siadhail a chuir an-obair ann ag
cuartú urraithe dó. Is iontach an áis é i
dteach agus chomh maith le sin tá deis agaibh a
bheith ag breathnú ar pháistí iontacha na scoile! Tá
sé le fáil ar Aladdin sa scoil ar €5.
5
Bailiúchan na Nollag do ‘Athboy People who Share
Care’
Ghlac páistí na scoile páirt i bhfeachtas bia ,
bréagáin agus dearbháin siopaí don ghrúpa ‘Athboy
People who Share Care’ do na teaghlaigh ar fad i
gcontae na Mí.
Déanann bean áitiúil, Áine Uí Ghríofa agus Amanda
Geraghty an obair seo ar fad go deonach. Tá muid
fíorbhuíoch de na paistí agus tuismitheoirí ar fad a
bhí chomh flaithiúil leo.
Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta
Is Scoil Ghaeltachta í Scoil Uí Ghramhnaigh agus tá
muid páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna
Gaeltachta. Bhí muid páirteach sa taighde atá ar siúl
ag an Roinn Oideachas roimh bhriseadh na Samhna
2019. Tá muid an-bhuíoch de na tuismitheoirí a ghlac
páirt sa nGrúpa Fócais agus don fhoireann ar fad
atá ag obair go dian chuile lá sna ranganna. Ba bhreá
linn go mbeadh an oiread céanna Gaeilge dá labhairt
taobh amuigh de bhallaí na scoile agus atá le
cloisteáil taobh istigh. ‘Scoil le teanga, scoil le
hanam’ an manna atá againn. Tá cóip den tuairisc
seolta chuig na tuismitheoirí ar fad ar Aladdin.
Códáil ag Rang 4 le Microsoft Ireland
Tháinig Niamh Ní Mhaille ó Microsoft Ireland ar
cuairt ar Zoom chun uair chódála a dhéanamh le
Rang 4. Ba ceacht an-suimiúil a bhí ann agus
cabhróidh sé go mór le páistí na scoile cur lena gcuid
scileanna códála.
https://www.irishtimes.com/business/technology/t
housands-of-students-take-part-in-virtual-hour-of-
code-1.4433186
Sláinte agus Sábháilteachta i 2021.
Ar mhaithe le Sláinte agus sábháilteacht agus le
Covid 19 a choinneáil ón scoil, iarrtar ort gan do
pháiste a fhágáil taobh amuigh de gheataí na scoile
ar maidin. Ná tabhair do pháiste chuig an scoil roimh
9:10 le do thoil. Glacann muid le páistí ó 9:10- 9:40
anois agus siúlann siad isteach sna seomraí ranga.
Níl aon rang ag meascadh le chéile. Má bhíonn ort
teagmháil a dhéanamh leis an scoil seol ríomhphost
chuig [email protected] . Nigh do
lámha. Coinnigh 2m óna chéile. Caith masc. Fan sa
mbaile. Cosain do theaghlach. Cosain do phobal.
€573 do Chumann Naomh Uinseann de Pól Áth Buí
Chaith muid geansaithe na Nollag ar an 11/12/20
agus bhailigh muid airgead do Chumann Naomh
Uinseann de Pól agus bhí an-lá go deo againn. Bhí
Frances Walsh a oibríonn don Chumann in Áth Buí
thar a bheith buíoch agus rachaidh sé go mór chun
tairbhe don dream a theastaíonn sé uathu an Nollaig
seo. Míle buíochas libh uilig as bhur bhflaithiúlacht.
Rang 6
6
Rang 5
Rang 4
Rang 3
Rang 2
Rang 1
Naíonáin Shinsearacha
Naíonáin Shóisearacha
Cailíní Rang 5 in aice le mainséar na scoile.
7
Maratón na bPáistí
Ghlac Rang 3, 4, 5 agus 6 páirt i Maratón na
bPáistí i mbliana. Bíonn na ranganna ar fad ag
rith chuile lá agus thug sé an-ugach dóibh
leanúint leis! Go raibh míle maith ag Hannah Ní
Bhaoill a d’eagraigh na t-léintí agus na boinn do
na páistí ar fad. Comhghairdeachas ó chroí leo
ar fad
Rang 6
Rang 5
Áine agus Éamon ar scor
D’fhág muid slán le beirt ón bhfoireann i
mbliana, Áine Ní Shúilleabháin agus Éamon Ó
Donnchadha. Chuaigh siad ar scor tar éis
briseadh na Samhna 2020. Rinne an bheirt acu
an oiread oibre agus iad ag obair sa scoil agus
beidh muid buíoch go deo díobh. Bhí an-
tionchar acu ar pháistí agus foireann na scoile
agus airíonn muid uainn go mór iad. Bhí ócáid
bheag againn dóibh taobh amuigh le scaradh
sóisialta roimh bhriseadh na Samhna. Bhíodar
chomh buíoch den fhoireann, bord bainistíochta
agus cumann na dtuismitheoirí. Guíonn muid
chuile bheannacht orthu in san tréimhse nua
seo dá saol agus beidh pobal na scoile buíoch go
deo díobh.
Cúntóir Ranga.
Comhghairdeachas le Máirín Uí Chullaigh a
tháinig i gcomharbacht ar Áine Ní Shúilleabháin
mar chúntóir ranga riachtanais speisialta. Go n-
éirí go geal léi ina post nua.
8
Tháinig litir an-speisialta chuig an scoil ar maidin!
Taispeántais na Nollag
Ní raibh ceolchoirm na scoile againn i mbliana ach
bhí neart taispeantais ar siúl ag na ranganna éagsúla.
Tá éacht déanta ag múinteoirí na scoile leis na
físeáin ar fad. Tá buíochas mór millteach tuillte ag
foireann na scoile, idir na múinteoirí, na cúntóirí
ranga agus na cuntóirí teanga a dhéanann an oiread
oibre le páistí na scoile. Go raibh míle maith agaibh
ar fad! Le cúnamh Dé beidh muid ar ais i halla na
scoile i 2021!
Rang 2
Rang 4 a bhí mar lucht féachana ag na Naíonáin
Aisteoirí Naíonáin Shinsearacha
Aisteoirí Naíonáin Shinsearacha
Dráma na Nollag –Naíonáin Shóisearacha
Dráma na Nollag Rang 6
Beannachtaí na Nollag Oraibh
Tá muid an-bhuíoch de chuile dhuine a thugann
cúnamh don scoil i rith na bliana. Guíonn muid Nollaig
faoi shéan is faoi mhaise ar chuile dhuine agaibh
agus feicfidh muid ar ais ar scoil sibh ar an
gCéadaoin 6ú Eanáir 2021 le cúnamh Dé!