Nuachtlitir na Mumhan Aibreán 2013
-
Upload
joanne-callinan -
Category
Documents
-
view
257 -
download
5
description
Transcript of Nuachtlitir na Mumhan Aibreán 2013
DÁIL NA MUMHAN
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a ritear i mí an
Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir
Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh
na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902. Bhí daoine ana-ghníomhach
le linn Seachtain na Gaeilge. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú
le blianta beaga anuas. Thug an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a
bheith acu leis an nGaeilge. Taobh amuigh de Seachtain na Gaeilge,
bíonn go leor deiseanna chun labhairt as Gaeilge I rith na blíana.
Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013 in Óstán an Canal Court,
An tIúr, Co. an Dúin ón 5 - 7 Aibreán 2013. Ag súil leat sibhse a fheiceáil
ann!
Joanne Ni Challanáin, Eagarthóir
Rúnai Coiste Contae an Chláir de Chonradh na Gaeilge agus ball de Dáil na
Mumhan. [email protected]
DIA DHAOIBH !
Caption describing icture or
graphic.
Surfers ag Scoil Surfála Freedom (surfála trÍ Ghaeilge) I Co Port
Láirge.
Imeachtaí i gCúige
Mumhan
• An Clár, Luimneach,
Corcaigh, Ciarraí,
Tiobráid Árann agus
Port Láirge
www.gaeilge2013.ie
Dáil na Mumhan
www.dailnamumhan.ie
Aibreán 2013 ● Conradh na Gaeilge
Beidh teastais ar fáil ó Chumann Surfála na hÉireann don Chúrsa Teastas Surfála seo trí
Ghaeilge do aon duine ar mhaith leo caighdeán aitheanta tosaitheora nó idirmheánach
surfála a fháil trí Ghaeilge. Tá lúcháir orainn é a chur ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge
agus ónár gcomhpháirtí oirirc Billabong."
Má tá a thuilleadh eolais uait faoin gclár eisceachtúil seo déan teagmháil le Billy ag
Freedom Scoil Surfála 051 386773 nó 086 391 4908 www.freedomsurfschool.com
Tá áthas ar Scoil Surfála Freedom a dTeastas nua Surfála Deireadh Seachtaine trí Ghaeilge, i
bpáirt le Billabong, a fhógairt. Tá Scoil Surfála Freedom in aice le Gaeltacht na Rinne i bPort
Láirge. Thosaigh siad ag cur a gclár ar fáil trí Ghaeilge le freastal ar éileamh ó a rinne
Gaelscoileanna áitiúla ar thurais scoile trí Ghaeilge.
CO PORT LÁIRGE
Caoimhín Ó Cadhla-Foras na
Gaeilge
Máire Seó Breathnach – Oifigeach
Gaeilge Comhairle Contae Port
Láirge.
Joe Conway – Méara Trá Mór,
Liam Sinnot -Trá Mór Turasasóireachta
Billy Butler -Bainisteoir Freedom Surf
School,
Scoláirí ó Pobalscoil Baile an Easpaig
Mairéad Neville -Comhordaitheoir na
Gaeilge ag Freedom Surf School
Craobh Nua
Bunaíodh craobhabha nua de Chonradh na Gaeilge le
déanaí in Dún Gharbháin agus i bPort Láirge. Le níos mó eolas ,
seol r-phost chuig [email protected]
Léacht
Mícheál Mac Óda
Thug Mícheál Mac Óda, file agus staraí áitiúil
léacht ar an Ath.William Hayden agus an Ghaeilge
i gCarraig na Siúire in Amharclann na Brúdarlainne
Dé Céadaoin 13ú Márta. Léacht an-shuimiúil a bhí
ann. Rugadh agus tógadh William i gCarraig na
Siúire. Bhí sé i measc bunaitheoirí Chonradh na
Gaeilge.Tá a ainm ar na cáipéisí a bhain leis na
cruinnithe tosaigh. Ní hamháin sin ach ba é a bhí
bainteach le bunú an chonartha i nGaillimh.
Craobh Ó hÍcí – Carraig na Siúire
CO TIOBRÁID ÁRAINN
Bhi a lán imeachtaí difriúla ar
siúl mar chuid de Féile an
Aonaigh agus Seachtain na
Gaeilge. Bhí Club Rince,
Seisiún Ceoil, Biongó Gaelach,
ciorcal comhra, aifreann as
Gaeilge chomh maith le oiche
leis an bhfile Nuala Ní
Dhomhnaill agus ceol le Lisa Ní
Choistealbha.
Le tuilleadh eolas maidir le
ranganna agus imeachtaí eile
Fón 067 41570 nó téigh go
http://cnagantaonach.ie/
An tAonach
Rinne na scoileanna áitiúla taispeántais postaeirí,
quizanna boird, comórtaisí éagsúla agus
imeachtaí eile do Sheachtain na Gaeilge. Tá na
ranganna seachtainiúla agus an ciorcal comhrá
ag dul ar aghaidh. Cuir glaoch ar Celine (086)
3189538.
Imeachtaí CO AN CHLÁIR
Bhí an tsraith nua Scrúdú Béil na hArdteiste le
cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 18-21 Márta,
dírithe ar dhaltaí ardteiste atá ag réiteach do
bhéaltriail na Gaeilge. Bhí bréagscrúduithe á gcur ar
dhaltaí ó Ghaelcholáiste an Chláir, Inis sna cláracha.
Cuideoidh na cláracha le daltaí cur lena stór focal,
agus tabharfaidh sé samplaí dóibh de cheisteanna
go bhféadfaí a chur orthu. Is é Conn Ó Muíneacháin
léiritheoir agus láithreoir na sraithe. Is féidir le daltaí
éisteacht leis na cláracha ar an raidió, ar líne
ag www.rte.ie/rnag/scrudubeilnahardteiste.html nó
éisteacht siar leis na cláracha ar Sheinnteoir Raidió
RTÉ www.rte.ie/radioplayer
Seachtain na Gaeilge
Bhi ciorcal cainte gach lá
sa Potter's Hand i gCill Ruis i
rith Seachtain na
Gaeilge. Bhí Gaeilge ar na
sraideanna i rith na
seachtaine. Ar an
Domhnach, bhí Aifreann as
Gaeilge. Bíonn ciorcal
comhrá ar siul i gCill Rois go
minic. Cuir glaoch ar Máire
086 3455961.
Bás
Fuair Mícheál Ó Ruairc as
Londis, Bóthar na hInse, Cill
Ruis bás ar an 16ú Márta
2013. Ball tofa de Craobh
Chonradh na Gaeilge, Cill
Ruis a bhí ann. Thug sé
tacaíocht do chuid mhaith
de na himeachtaí Gaeilge
sa cheantar seo le blianta
beaga anuas. Beidh
Conradh na Gaeilge in ísle
bhrí dá thairbhe seo. Ar
dheis Dé go raibh a anam
uasal.
Conal Ó hAiniféin, Sally Ní Mheadhra, Nicole Ní Chathasaigh,
Áine Mhaoir agus Alex Maguidhir ó Ghaelcholáiste an Chláir atá
le cloisteáil sa tsraith.
Cill Rois
Aibreán 2013 ● Conradh na Gaeilge ●
Scoláirí de Gaelcholáiste an Chláir, Jennifer Ní Mhárcaim
and Ivanna Nic Mhathúna mar 'Trad Fusion', ag Seo
Tallainne na Mumhan in Glór.
Beidh Siúlóid i gcuimhne an Gorta Mór ar siúl ar an 11ú Bealtaine 2013. Tosóidh sé ag an Ardán
Ceolbhuine (bandstand) cois trá ag 9.45 r.n. Beidh an siúlóid 15.2 km nó 9.44 míle san iomlán. Ag
gabháil bother úd na scéime faoisimh, déanaimis machnamh ar ár muintir atá imithe romhainn a bhí
ag obair ar an scéim seo agus scéimeanna, iad ocrasach gan seans sa saol. Níl an siúlóid seo
oiriúnach do pháistí.
Bíonn ciorcal cómhrá i gCill Chaoi go minic, Cuir glaoch ar (087) 6305915.
Solas na Solise agus Radharc na Trionóide dóibh uilig.
LE TEACHT ANUAS : Cill Chaoi Siúlóid Cuimhneacháin don Gorta Mór
Craobh Chill Mhicíl
Seó Tallainne na Mumhan
Bhí Seó Tallainne na Mumhan in Glór ar an 14ú
Márta don chéad uair riamh. Bhí sé eagraithe
ag an múinteoir Síle Ní Dheargáin as
Gaelcholáiste an Chláir in Inis agus dírithe do
Gaelscoileanna mean-léibhéal i gCúige
Mumhan mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Ba Fear an Tí é Pádraig Ó’Sé agus bhí Seán
Mistéal ó Ros na Rún mar ceann de na
breithniúna. Bhí meascán de pop, rock agus ceol
clasaiceach. Fuair Gaelcholáiste Chiarraí an
chéad áit sa chomórtas.
Tá Máire Ní Rónáin as Cill Mháile ainmnithe mar chathaoirleach ar Chraobh Chill Mhíchíl de
Chonradh na Gaeilge as seo go ceann bliana. "Tá sé i gceist an chraobh a neartú sa bhliain atá
amach romhainn trí chainteoirí nua Gaeilge agus foghlaimeoirí nua Gaeilge a chur in aithne dá
chéile” a dúirt Seósamh Mac Ionnrachtaigh, rúnaí an choiste úd. Cuir glaoch air maidir le
himeachtaí ag 087 1379018
Imeachtaí
Eagraíodh Féile Scoildrámaíochta ar a bhfreastalaíonn bunscoileanna agus iarbhunscoileanna
an chontae. Is í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa cheantar i mbliana agus 30 mbliana a
bunaithe á gceiliúradh againn in 2013. Ghlac breis agus 2,000 daoine óga ó bhreis is 70 scoil páirt
i mbreis agus 100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge.
Clare Fm
Cúl-Chaint atá mar theideal ar an gclár seanchais agus nuachta ar Clare FM le Domhnall Ó
Loingsigh gach Satharn ar 9.00rn. Tuilleadh eolais: [email protected]
Campaí Samhradh
Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na
Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn suas le 120 páiste air gach bliain. Teil: 065
6864474.
Ranganna & Ciorcal cómhrá
Chuir Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar thrí leibhéal ar fáil mar chuid de Scoil Samhraidh
Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin chomh maith le ranganna Gaeilge i gCois na hAbhana.
Bíonn ciorcal comhrá ar siúl go minic. Cuir glaoch ar Clár as Gaeilge 065 6864474.
Clár as Gaeilge
Féile Leabhar na hInse – Ennis Book Festival
Bhí Féile Cumann Leabhair na hInse ar siúl Márta 1 - 3, 2013. Bhí go leor imeachtaí ar feadh na
deireadh seachtaine. Ar an Satharn (Márta 2) ag 3.30in, bhí sliocht óna úrscéal nua á léamh ag
Pádraic Breathnach i “Scéal Eile”, sa Mhargadh i lár na hInse. 'Sé Deargadaoil i mBád fó Thoinn,
an t úrscéal a bhí á léanh aige.
Gaeilge
Heath
CO CHORCAÍ
Is iad an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn agus an cruitire Oisín Morrison a
thug leo Boinn Óir Sheáin Uí Riada sa chraobh chomórtas a bhí ar siúl
oíche Aoine 18ú Eanair 2013 i gcathair Chorcaí. Bronnadh bonn óir,
déanta ag an ngabha óir Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan,
agus seic ar €1250 an duine orthu ag an ócáid in Óstán an
Rochestown Park i gCorcaigh.
Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh
Foireann shinsearach Scoil Mhuire, Plás Sydney, Corcaigh tar éis a mbua
ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh
Ghael Linn 2013!
Boinn Óir Sheáin Uí Riada
Baile Mhúirne
Tá ciorcal cómhrá ar siúl uair sa mhí i mBaile Mhúirne. Cuir glaoch ar
Domhnall O’Loinsigh ar 087 9931080
CO LUIMNIGH
Dráma Nua
Ag "An Chistin", 18 Sráid Thomáis, Luimneach, bhí an dráma nua
"Séadna.com" le Liam Ó Mathúna á léiriú ar Aoine 25 Eanáir. Mar is gnáth, bhí
cupán tae ar fáil agus fáilte – gan trácht ar roinnt ceoil agus amhránaíochta.
Is Corcaíoch é Liam Ó Mathúna go bhfuil cáil air mar aisteoir, mar léiritheoir
agus mar dhrámadóir. Tá an dráma nua seo bunaithe ar an scéal cáiliúil
Scéal Shéadna leis An Athair Peadar Ó Laoghaire. Is leagan nua-aimseartha
den scéal atá sa dráma a bheidh á chur i láthair ag Aisteoirí na hAbha,
Corca Dhuibhne.
[Type a quote from the document
or the summary of an interesting
point. You can position the text
box anywhere in the document.
Use the Drawing Tools tab to
change the formatting of the pull
quote text box.]
[Type a quote from the document
or the summary of an interesting
point. You can position the text
box anywhere in the document.
Use the Drawing Tools tab to
change the formatting of the pull
quote text box.]
Naíonra Ríocht na Sí
Is í Bríd Uí Chinnéide an stiúrthóir agus is í Stephanie Ní Chualáin atá mar
chúntóir aici. Tá ard-mheas ag páistí, tuismitheoirí agus Conradh na
Gaeilge orthu beirt don obair iontach atá á dhéanamh acu. Sa Naíonra
bíonn na páistí le chéile go rialta i dtimpeallacht chairdiúíl shábháilte agus
cuireann foireann an Naíonra gach deis ar fáil chun forbairt iomlán an
pháiste a chur i gcrích. Trí bheith ag súgradh trí Ghaeilge bíonn na páistí ag
foghlaim. Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith go bhfuil an Naíonra ana
thábhachtach agus tá áthas orainn go bhfuil Ríocht na Sí ag dul ar aghaidh
chomh maith sin.
Bliain Réamhscoile Saor-in-aisce: To avail of this free pre school year
beginning September 2013, ring Bríd Uí Chinnéide. Tá eolas breise ar fáil
ach glaoch ar Bhríd Uí Chinnéide ag Halla Íde (061-417895) idir 8.30 am
agus 2.40pm ó Luan go hAoine.
Conradh na Gaeilge
CO LUIMNIGH
An tAifreann i nGaeilge
Bíonn an tAifreann i nGaeilge ar siúl i séipéal Naomh Micheál ar 10am
gach Domhnach agus ar ndóigh, ba mhaith linn tacaíocht ó lucht na
Gaeilge.
Aifreann Cuimhneacháin
Bhí Aifreann i ndíl chuimhne baill Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus
Chonradh na Gaeilge atá imithe ar shlí na fírinne ar an Domhnach
20ú Eanáir in Eaglais Naomh Mícheál. I ndiaidh an Aifrinn bhí teacht-
le –chéile le tae, sólaisti agus ceol sa Chistin, Sráid Thomáis.
Seachtain na Gaeilge
Ar an 07/03/13 d’eagraigh lucht Chomhaltais agus Áine –Máire Uí
Cheallaigh oíche bhreá bhríomhar cheolmhar le slua breá i láthair
sa cistin.
An comhartha is fearr dó thoghchaí an cheoil ná an dream
cheoltóiri óga faoi stiúir Áine-Máire a bhí ag seinnt an oíche sin. I
measc na rudaí eíle atá beartaithe againn ná Lá Brat a heagrú in
ionadh an bhailiúcháin agus tráth ná gceist a chur ar siúl freisin.
Ranganna
Bíonn rang Gaeilge ag Dónal O’ Ceallaigh ar an Luan I gConradh na
Gaeilge 18 Sráid Thomáis, Luimneach. Bíonn bun-rang agus mean-
rang ar an Mháirt agus dian-rang agus rang-labhartha ar an
gCéadaoin. [email protected] nó Liam ar 087 2670461
Ciorcal Cainte
Bíonn an ciorcal caidhrimh ar siúl gach Domhnach sa chistin más mian
leat caint agus cómhrá. Teil : Liam ar 087 2670461.
Imeachtaí eile in Luimneach
Gaeil Luimní: Bíonn ciorcal cómhrá agus imeachtaí difriúla á eagrú acu. Téigh chuig
http://www.meetup.com/gaeil-luimni/
Ollscoil Luimní: Bíonn cúrrsaí oiche, léachtanna agus gníomhaíochtaí eile ar siúl acu
go minic. Teil: 061 234754 http://www2.ul.ie/web/WWW/Services/Aonad_na_Gaeilge/
Comhluadar
Sé ‘comhluader’ ná tuismitheoiri atá ag iarraidh a gclainne a thógaint trí
Gaeilge. Tá an grúpa faoi stiuir Éilin de Grás.
CO LUIMNIGH
corca
CO CHIARRAÍ
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí,
Conradh na Gaeilge, Brenda Ní
Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain
na Gaeilge ón Daingean ó
dhúchas; agus Mícheál Ó
Muircheartaigh ag seoladh
Bliain na Gaeilge i nDaingean Uí
Chúis.
B'iad Mícheál Ó Muircheartaigh agus Pádraig Ó Sé ó Chiarraí, a sheol Bliain na Gaeilge 2013 go
hoifigiúil le teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta ón Uachtarán Michael D Higgins ar An
Daingean, Co. Chiarraí, ag cur tús leis an bhféile Ghaeilge bhliana le clár imeachtaí speisialta
roimh na tinte ealaíne bliantúla ar Oíche Chinn Bhliana, 31 Nollaig 2012.
Bhailigh na mílte daoine ag Ceann an Ché, áit a chuala siad teachtaireacht spreagúil an
Uachtaráin do lucht labhartha na Gaeilge. Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge le bunú
Chonradh na Gaeilge 120 bliain ó shin. Ag trácht ar Bhliain na Gaeilge 2013, luaigh An tUachtarán
Michael D Higgins gurb é Dubhghlas de hÍde, chéad Uachtarán na hÉireann, cathaoirleach chéad
chruinniú Chonradh na Gaeilge in Iúil 1893 agus dúirt: "Tá ról na Gaeilge sa lá atá inniu níos
tábhachtaí ná riamh agus brú ag teacht ar mhionteangacha ar fud an domhain mhóir. Is
dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé
an-sásta tacú go láidir le Bliain na Gaeilge – is linne an teanga agus braitheann a todhchaí orainn."
Tá an tUachtarán ag moladh do chuile dhuine a gcuid Gaeilge a úsáid le comhghleacaithe oibre,
le cairde, le gaolta agus le duine ar bith eile gur féidir le linn 2013, mar aon le hamharc ar na
himeachtaí atá luaite ar www.gaeilge2013.ie chun páirt a ghlacadh i gcuid acu. Tá breis eolais
faoin togra ar www.facebook.com/gaeilge2013; nó ar Twitter @gaeilge2013. Julian de Spáinn
Bliain na Gaeilge +353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401 Síne Nic an Ailí Feidhmeannach Forbartha,
Conradh na Gaeilge +353 (0)87 6546673 / [email protected] . Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language!
CO CHIARRAÍ
Feis Chiarraí
Ceardlann Scríbhneoireachta
Bailiúchán Náisiúnta na Teanga
Bhí ceardlann scríbhneoireachta Gaeilge ar siúl ag an Óstán
Meadowlands, Trá Lí, Luan Cásca, 1 Aibreán. Mícheál Ó Ruairc, Clochán
Bhréanainn agus BÁC, file agus úrscéalaí, a bhí mar chathaoirleach ar an
gceardlann lae seo, le cúnamh ó Phádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, agus
Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir an mhíoscháin liteartha, Feasta. An
oíche sin, Dé Luain, 1 Aibreán, bhÍ an file aitheanta Paddy Bushe ón
gCoireán i láthair ag an Óstán Meadowlands chun saothair Ghaeilge leis,
agus aistriúcháin ó Ghàidhlig na hAlban, á léamh.
Feis na Gaeilge: Feis amhránaíochta agus scéalaíochta Gaeilge do dhaoine
óga is ea Feis Chiarraí a bhí ar siúl ag Gaelscoil Mhic Easmainn, Bóthar an
Chillín, Trá Lí, ar an Máirt 12 Márta óna 1.00pm. ar aghaidh mar cheiliúradh ar
Bhliain na Gaeilge. Bhí iontrálacha ó scoileanna sa Chontae, bun agus dara
leibhéal.
Bhí ceadúnas ag Conradh na Gaeilge bailiúchán náisiúnta na teanga a
thógáil ar an Satharn 16 agus ar an Domhnach 17 Márta arís i mbliana i
gCiarraí. Ach mo léan, toisc go raibh Lá ‘le Pádraig ag titim ar an
Domhnach i mbliana, chruth seo fadhbanna agus níl cead bailiú ag geataí
séipéal mar ba ghnáth. Ba gá malairt socruithe sráide a dhéanamh.
Bhí oíche amhránaíochta agus cheoil ar siúl ag
Craobh Thrá Lí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar an
Déardaoin, 14 Márta, ag an Óstán Meadowlands ag
8.30p.m. Tá Seán Seosamh Ó Conchubhair i mbun
eagrúcháin. Seo oíche an chiorcail chomhrá san
ionad céanna. Leanfaidh an ciorcal comhrá
seachtainiúil ar aghaidh agus glacfar páirt san oíche
cheoil, ar ndóigh.
Beidh an Ciorcal Comhrá
ag teacht le chéile ag an
Óstán Meadowlands, Trá Lí,
arís ar an Déardaoin, 11
Aibreán ag 8.30 – 9.30pm.
Oiche Ghaelach
igse
Seoladh Leabhar "Leanbh Deireanach an Bhlascaoid"
Bhí an ócáid ar siúl sa seomra caidrimh Coláiste na hOllscoile Chorcaí. Sheol Pádráig Ó
Macháin agus Liam P. Ó Murchú ó Roinn na Nua-Ghaeilge an saothar nua. Coiscéim
na foilsitheoirí agus seo an cur síos a deineadh ar an saothar:
Tá an leabhar bunaithe ar thráchtas MA a scríobh Fiona i Roinn na Nua-Ghaeilge ar
shaol Ghearóid Uí Chatháin, an leanbh ba dheireanaí a rugadh agus a tógadh ar an
Oileán Tiar nó An Blascaod Mór i gCorca Dhuibhne. Bhí Gearóid ina leanbh aonair san
Oileán agus tharraing san an áirithe sin airde air ag an am. Nascann an t-údar na
tuairiscí comhaimseartha iriseoireachta le hinsint Ghearóid féin a thaifead sí uaidh ar a
óige. Soláthraíonn sí pictiúirí suimiúla dhúinn a bhaineann leis an dtréimhse.
Cuireann an saothar beag so le leabharlann an Bhlascaoid atá ag fás de shíor ó
tháinig na chéad saothair amach i dtosach na fichiú haoise.
Fiona Crowe (údar) ar chlé, Siobhán Ní Mhuimhneacháin
sa lár agus Jeanna Ní Riordáin ar dheis.
An M
I mBaile M
Féile Ealaíne na Cásca
1974-2013
31ú Márta - 7ú Aibreán 2013
Comóradh 40 Blíain
An Máimín, Baile an Fheirtéartaigh,
Clár le feiscint ar www.oidhreacht.ie
Gach eolas: 066 9156100 [email protected]
CO CHIARRAÍ
Seachtain na Gaeilge i bPobalscoil Chorca Dhuibhne
Bhí scata imeachtaí difriúla ar siúl againn i
bPobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean i rith
seachtain na Gaeilge. Tugadh cuireadh do Sheán
Mac a' tSíthigh ó Nuacht RTÉ/TG4 chun labhairt le
daltaí na hIdirbhliana agus bliain 5 faoina chuid oibre
mar saoririseoir. Bhí sé an-suimiúil agus bhain na
daltaí an-taitneamh as.
Do dhaltaí na hArdteiste tháinig Michéal Ó Ruairc
chun labhairt leo agus chun briseadh síos a thabhairt
dóibh ar an gcúrsa agus chun roinnt moltaí a
thabhairt dóibh ina leith.
Anuas air sin, tugadh cuireadh don bhfile Gabriel
Mac Muiris chuig na scoile chun ceardlann filíochta a
dhéanamh le daltaí i mbliain 2.
Eagraíodh Tráth na gCeist agus céilí sa scoil chomh
do dhaltaí sa chéad bhliain agus sa tarna bliain.
Ina theannta sin, tugadh cuireadh do dhaltaí na
hIdirbhliana a bheith rannpháirteach in imeachtaí a
bhí eagraithe ag an gCuallacht I gColáiste na
hOllscoile i gCorcaigh do sheachtain na Gaeilge. Bhí
an-lá acu ann. D'fhreastailíodar ar cheolchoirm le
Peadar Ó Riada agus ina dhiaidh sin, chuir an
Cumann Drámaíochta dráma beag ar
stáitse dóibh.
Chomh maith leis sin eagraíodh comórtas
lógónna/nathanna cainte sa scoil agus tugadh
duaiseanna an-deas amach do na buaiteoirí.
DÉ hAOINE
19.30 Teacht le chéile, tae/caifé & Clárú*
20.00 Léacht (1) Dúchas Lios a’ Phúca Séamas Ó Máille
21.15 Bord Quiz idir-Choistí Contae & seoladh Feasta an Mheithimh
22.00 Seisiún Ceoil i mbeár an Travel Inn
DÉ SATHAIRN
10.30 ccb Dháil na Mumhan www.dailnamumhan.ie
11.30 Clárú*
11.45 Léacht (2) Sinne agus an Ghaeilge Éamonn Mac Gearailt
13.00 Briseadh lóin
14.15 Turas ar Castlerosse le Risteárd Mac Fhlannchaigh
17.00 Tae/Caifé & Léamh Filíochta - agus díreach á leanúint san
Léiriú ar imeachtaí ag Craobhacha Chiarraí – curtha i láthair ag Coiste Contae Chiarraí
18.30 Briseadh dinnéir
20.00 Léacht (3) Tigh Mhucrois – a stair is a luach Seán Ó Luanaigh
21.00 Fáiltiú (& sóláistí), Ceol & Bronnadh Gradaim, 2013
Laoch na Mumhan, 2013
Coiste Contae na Bliana, 2013
Craobh na Mumhan, 2013
22.00 Seisiún Ceoil i mbeár an Travel Inn
Táille Chláraithe (€10 don deireadh seachtaine, nó aon chuid dó).
Á eagrú ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge.
Eolas breise ó Pádraig Mac Fhearghusa (087)2901154, Donnchadh Ó hAodha (087)2421267
CONRADH NA GAEILGE
TIONÓL NA MUMHAN 2013
Dé hAoine ~ Dé Domhnaigh 7 ~ 9 Meitheamh
Óstán Travel Inn, An Fosadh, Cill Airne, Co. Chiarraí
Ard-Fheis Conradh na Gaeilge
Óstán Chúirt na Canála, Merchants Quay Newry Co Down BT35 8HF, Iúr Chinn Trá, Co. an Dúin.
5 Aibreán 20:00 - 22:00 6 Aibreán 08:30 - 22:00 7 Aibreán 12:00 - 14:00
+353 1 4757401
Open to Everyone
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh agus
tuilleadh ball aonair ag an gConradh. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun
cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, ag saothrú ar son na teanga i
ngach gné de shaol na tíre agus á cur chun cinn ina gceantair féin trí ranganna Gaeilge agus
imeachtaí sóisialta a reáchtáil. Is ag an Ard-Fheis go dtoghann baill na heagraíochta
Uachtarán agus Coiste Gnó an Chonartha go daonlathach gach bliain, agus beidh Ard-Fheis
speisialta ar siúl ar an Iúr, Co. an Dúin ó 5 - 7 Aibreán 2013 mar chuid de mhórchomóradh Bhliain
na Gaeilge agus 120 bliain ó bunaíodh an eagraíocht.
Bhí Conradh na Gaeilge bunaithe in 1893. In 2013 táimíd
ag ceiliúradh na Gaeilge ar fud an domhain agus ba
mhaith linn go mbeidh tú páirteach linn!
Comórtais
Comórtas Seanfhocal
Táimid ag lorg scoileanna le seanfhocal
traidisiúnta nó seanfhocal nua a léiriú i slí spraíúil, cliste,
difriúil. Léigh níos mó...
An Focal Gaeilge Is Fearr Leat
Céard é an focal Gaeilge is fearr le muintir
na hÉireann? Léigh níos mó...
Comórtas Amhránaíochta an tSamhraidh
I rith an tsamhraidh in 2013 beimid ag
cuardach an amhráin is fearr as Gaeilge sna coláistí
agus sna campaí samhraidh
www.gaeilge2013.ie
Cuir ríomhphost chuig [email protected] le
haghaidh níos mó eolais.
Tostáil – The Gathering
Meall cairde thar lear le teacht go
hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí
de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt
a ghlacadh i Tóstal Éireann 2013. Is
seans maith é chun bualadh le
daoine a lábhraíonn an Gaeilge ar
fud an domhain.
http://www.thegatheringireland.com
TG4 ag lorg daoine
Tá sraith teilifíse náisiúnta ar bhealach
maireachtála á léiriú ag Stirling Film
&TV Productions Ltd. faoi láthair
do TG4, ‘Díol É’.
An coincheap atá ann ná go
mbaileoidh na rannpháirtithe nithe ina
dtithe; éadaí, seantroscán nó orthu
maidir le hairgead a thuilleamh ar na
nithe sin a dhíol ar líne, chomh maith le
ag aontaí nó díolacháin as búit cairr
ina gceantar féin. Tá rannpháirtithe le
Gaeilge á lorg againn do 6 chlár atá le
taifeadadh ar fud na hÉireann i rith
mhíonna an earraigh agus an
tsamhraidh. Mar sin, más mian leat
féin, le do theaghlach nó le do
chomhghleacaithe airgead breise a
dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait
níos mó, líon isteach an fhoirm ag
www.stirlingtelevision.co.uk le
d’iarratas a dhéanamh!