Nuachtlitir nollaig 2012

9
Nollaig Shona Daoibh DÁIL NA MUMHAN I s é an aidhm don nuachlitir ná eolas faoi imeachtaí agus scéalta atá ag baint leis an nGaeilge i gCúige Mumhan a chur ar fáil. Tá rud amháin cinnte. Tá daoine i ngach chontae gníomhach agus is rud dearfach e seo don Gaeilge sa todhchaí. Táimíd ag siúl go mor le do scéalta in 2013 agus dá mbéadh tú ag eagrú imeachtaí i do cheantar mar chuid de Blíain na Gaeilge nó “An Tostáil”, seol an t- eolas ar fad chugham [email protected] Tá siúl agam go mbéadh Nollaig Shona agus athbhlíain faoi mhaise daoibh go léir ! Joanne Ni Challanáin, Eagarthóir Rúnai Coiste Contae an Chláir de Chonradh na Gaeilge agus ball de Dáil na Mumhan. NOLLAIG SHONA DAOIBH GO LEIR ! Caption describing picture or graphic. Clodagh Ní Ghríofa ag Féile Leabhar na Nollag in Cafe Rowan Tree, Inis, Co an Chláir Imeachtaí i gCúige Mumhan • An Clár, Luimneach, Corcaigh, Ciarraí, Tiobráid Árann agus Port Láirge • Dáil na Mumhan Nollaig 2012 Conradh na Gaeilge

Transcript of Nuachtlitir nollaig 2012

Page 1: Nuachtlitir nollaig 2012

Nollaig Shona

Daoibh

DÁIL NA MUMHAN

I s é an aidhm don nuachlitir ná eolas faoi imeachtaí agus

scéalta atá ag baint leis an nGaeilge i gCúige Mumhan a

chur ar fáil. Tá rud amháin cinnte. Tá daoine i ngach

chontae gníomhach agus is rud dearfach e seo don

Gaeilge sa todhchaí. Táimíd ag siúl go mor le do scéalta in

2013 agus dá mbéadh tú ag eagrú imeachtaí i do cheantar

mar chuid de Blíain na Gaeilge nó “An Tostáil”, seol an t-

eolas ar fad chugham [email protected]

Tá siúl agam go mbéadh Nollaig Shona agus athbhlíain faoi

mhaise daoibh go léir !

Joanne Ni Challanáin, Eagarthóir

Rúnai Coiste Contae an Chláir de Chonradh na Gaeilge

agus ball de Dáil na Mumhan.

NOLLAIG SHONA DAOIBH GO LEIR !

Caption describing picture or

graphic.

Clodagh Ní Ghríofa ag Féile Leabhar na Nollag in Cafe

Rowan Tree, Inis, Co an Chláir

Imeachtaí i gCúige

Mumhan

• An Clár, Luimneach,

Corcaigh, Ciarraí,

Tiobráid Árann agus

Port Láirge

• Dáil na Mumhan

Nollaig 2012 ● Conradh na Gaeilge

Page 2: Nuachtlitir nollaig 2012

Cumann Gaelach ITPL

Tá Cumann Gaelach curtha ar

bun in IT Phort Láirge. Fáilte

roimh éinne le suim sa

Ghaeilge.

Seo ár leathanach ar

Facebook:

www.facebook.com/Cumann

GaelachITPL - Beidh an-chuid

imeachtaí ar siúl i rith na bliana.

Port Láirge

Gaeil Luimní

Dream Gaeil Luimní, Curraghgower, Samhain 2012

Port Láirge

Ciorcail comhrá

Gach oíche Déardaoin ag

9:30in sa Gingerman Bar,

Cathair Phort Láirge. (Uimhir:

086-3086661)

Gach oíche Déardaoin ag

7:00in sa Leabharlann, Trá

Mhór, Co. Phort Láirge.

(Uimhir: 051-381479)

Samhain - Teacht le chéile sa teach tábharine

Curragower ar an Aoine an 9/11/12 ó 9 i.n ar

aghaidh

Ar an 6ú Nollaig 2012 bhi turas treoraithe trí

mhéan na Gaeilge san Gailearaí Ealaíne

Chathair Luimnigh le Caomhán Mac Con

Iomaire.

Eanáir- Siúlóid ó Réabóg cois na habhainne

chuig Áth na Cóite (dáta sealadach

Domhnach 13ú Eanair 2013.

Tuilleadh eolais ó Gaeil Luimní [email protected]

nó cláraigh linn ar meetup.com

Ollscoil Luimnigh

Beidh ranganna Gaeilge agus ciorcal cómhrá ag tosnú ar arís tar éis an Nollaig. Le tuilleadh

eolais, téigh go http://www.ul.ie/enaonadnagaeilge/ nó déan i dteaghmháil le Ciara

Considine ag 061 234754.

Page 3: Nuachtlitir nollaig 2012

Co an Chláir: Clár as Gaeilge

Page 2 Nollaig 2012 ● Conradh na Gaeilge ●

Bhí Féile Leabhar na

Nollag in san Rowan

Tree ar an 14ú Nollaig

agus bhí seans ar

daoine leabhar as

Gaeilge do pháistí

agus daoine fásta a

fháil. Chun iad a

cheannach ar-líne

téigh go www.cnag.ie

Gradam Gaeilge an Chláir

Bhí Gradam Gaeilge an Chláir ar siúl in san Rowan Tree, Inis, Co an Chláir ar an 14ú Nollaig. Is e

an aidhm ná aitheantas a thabhairt do daoine agus do ghrúpa a dhéanann a chuid páirt an

Ghaeilge a chur chun cinn sa chontae.

Pat McCarthy, Áine Uí Mhaoilchéire, Breandán

MacFhionnghaile (Clár as Gaeilge), Seán

O’Ceallaigh (Clár as Gaeilge).

Bhronnaigh Seán O’Ceallaigh Gradam

Gaeilge an Chláir 2012 do Pat McCarthy

Siopa na mBróg, Sráid Uí Chonall, Inis.

Bhronnaigh Seán O’Ceallaigh Pearsa

Gaeilge na Bliana 2012 2012 do Áine Uí

Mhaoilchéire, iar-mhuinteoir i bhfeidhm

Gaelcholáiste an Chláir ó 2004-2012.

.

Ciorcal comhrá

Tá ciorcal comhrá ar siúl

ar fud an contae: Baile

na Sionna, Cill Rois, Cill

Chaoi, Inis, An Tullach.

Cuir glaoch ar Clár as

Gaeilge ar 065 6864474

Page 4: Nuachtlitir nollaig 2012

I dosach báire, bhí sé beartaithe ag Seosamh Mac Ionnrachtaigh, Coiste Stiúrtha

Ghaeltachta Chontae an Chláir agus Coiste Forbartha na Gaeltachta: Contae an Chláir

le cúnamh ó Comhairle Contae an Chláir irisleabhar nua ar a dtugtar “In Ard na

Thráthnóna Siar”- Nuachtlitir Chorca Baiscinn a sheoladh I gCill Rois ar an 30ú lá de

Shamhain 2012. Scriobhnóirí ó cheantar Chill Rois atá ag teacht chun cinn sa lá atá inniu

ann atá taobh thiar den togra seo.

Faoi Chill Mháille agus saol na Gaeilge fadó atá sé. Tá filíocht nua chumta luaite

chomh maith. Ar na hábhair eile a phléifear san irisleabhar úd, tá teangacha faoi

bhagairt, Dubhghlas de hÍde, stair Chorca Baiscinn féin, cainteoirí na gaoithe, caint na

ndaoine, athmhúscailt na náisiúntachta, scracfhéachaint ar an nGaeilge mar mháthair

teanga: straitéisí maidir le tógáil clainne le Gaeilge agus siúl chun cinn ar an dtionól 2013.

Le níos mó eolais faoin irisleabhar , dean I dteaghmháil le Joseph ag

[email protected]

Lainseáil Irisleabhar Nua: “In Ard na Thráthnóna Siar”

KILNABOY X-PO - RAGAIRNE - IRISH LANGUAGE CLUB

Is Club Gaelach é Ragairne in Cill Íne Baoith, Co an

Chláir. Bhí an ceoltóir Eugene Lambe mar aoí speisíalta

ar an 28ú Samhain ag 8.30pm.

Page 5: Nuachtlitir nollaig 2012

Gaeilge

heath

Tiobráid Árainn

Dráma: Cé hé Sin Amuigh?

Craobh Ó hÍcí – Carraig na Siúire

Bíonn ciorcal cómhrá agus rang ar siúl gach

Céadaoin sa teach tábhairne “The Old Mill”. Sráid Nua ó

8.00 i.n. -9.00 i.n. Bíonn slua deas I láthair agus bíonn sé an-

bhríomhar.

Sheol Tomás Ó Bruada an dara leabhar

dírbheathnaisnéis i Mí Dheireadh Fómhair. S’é teideal an

leabhar ná “In the service of the state”, Cuireann sé síos ar

a shaol oibre mar fhoraoiseoir. Déanann sé tagairt freisin sa

leabhar do Chraobh Ó hÍcí. Bhí sé ina chathaoirleach ar

an gcraobh ar feadh na mblíanta.

Is scéaldráma fáisnéise

faoi shaol Éamonn an

Chnoic é le Seán Ó

Morónaigh. Bhí sé ar siúl

ar an 13ú Samhain in Dún

Mhuire, 50 Sr

an Phiarsaigh, Aonach

Urmhumhan á léiriú ag

Aisteoirí an Aonaigh.

An tAonach

Tá ciorcal comhrá sa

Leabharlann in An

tAonach gach triú

Déardaoin ag 7

pm. Fáilte roimh

Chách!

An Dúrlas

Tá ciorcal comhrá

gach Céadaoin i

Scoil Ailbhe Durlas

Éile ag 8 30in.

Conradh na Gaeilge

Le níos mó eolais faoi ranganna, Seachtain na

Gaeilge agus imeactaí éagsúla, téigh go

http://cnagantaonach.ie/

Page 6: Nuachtlitir nollaig 2012

Ciarraí

Tionól na Mumhan

Beidh "Tionól na Mumhan" ar siúl i gCill Áirne 7/9 Meitheamh 2013. Beidh eolas ar an

suíomh idirlíon tar éis na Nollag. http://dailnamumhan.ie/

GRADAIM 2013

Bronnfar 3 Ghradam le linn Tionól na Mumhan

Laoch na Mumhan, 2013

(do Chonraitheoir sa Mhumhain le saothar na mblianta déanta)

Coiste Contae na Bliana, 2013

Craobh na Mumhan, 2013

(ainmniúcháin le teacht ó Choistí Contae amháin)

Beidh fáilte roimh ainmniúcháin ó gach Craobh agus Coiste Contae sa Chúige don dá

ghradam tosaigh. Fáiltítear roimh ainmniúcháin do Craobh na Mumhan ó na Coistí

Contae.

Ba cheart na hainmniúcháin agus cur síos gairid ar na cúiseanna, a chur sa phost (nó trí

ríomhphost) chuig Donnchadh O hAodha, Timire Dháil na Mumhan, ag an seoladh seo

Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. [email protected]

roimh 30 Aibreán 2013.

Coirmcheoil Cheiliúrtha 40 Blíain Raidió na Gaeltachta i gCiarraí

Mar chuid de cheiliúradh 40 blíain RTÉ Raidió na Gaeltachta sa deisceart bhí coirmcheoil

mhór á reáchtáil i Halla na Feothanaí i gCiarraí Dé hAoine 23 Samhain ag 8pm, agus scoth

cheoltóirí an cheantair ar stáitse ann. Beidh sé á chraoladh ar 25 Nollaig at 7.30 pm.

Page 7: Nuachtlitir nollaig 2012

igse

Co Corcaigh

Éigse

Ba é seo an 21ú Éigse agus d’éirigh go geal leis. Ón oscail Oifigiúil a rinne Seán

Bán Breathnach in Áras Éamonn Mac Suibhne Chúil Aodha go dtí go gcríochnaigh sé

in Óstan Ghobnatan áit a raibh Jimmy Doyle agus a cháirde ag seinnt ceoil Shliabh

Luachra bhí an-dheireadh seachtainne ann. D'freastal slua mór ar an Oíche Seiteanna

san 'Abbey' oíche Dé hAoine.

Bhí ceardlanna Ceoil ar siúl ar mhaidean an Satharn le John Wynne,John

McEvoy, Damien Mullane, Caoimhín Ó Fearghail, Caitlín Nic Gabhann, Steve Cooney,

Nell Ní Chróinín, Séamus Mac Mathuna agus Mick Mulkerrin. Ag a leathuair tar éis a dó

a thug Dónal Ó h-Éalaithe a léacht faoí 'Gobnait Naofa Bhaile Mhuirne'. Uair a chloig

ina dhiaidh san thosnaigh Ciarán Ó Gealbháin agus a cháirde ag ceol agus ag

amhránaíocht sa Mhuileann agus bé buaic ócáid na deireadh Seachtainne ná an

Coirm Ceoil i Halla Chúil Aodha. Bhí Muireann Ní Dhuigneáin Bean an Tí a chuir na

hAmhránaithe agus Ceoltóirí seo i láthair.

1) Neil Ní Chróinín,

2) John Whynn agus John Mc Evoy, agus

3) Peadar Ó Riada, John Kelly agus Éamon Mc Givney

Page 8: Nuachtlitir nollaig 2012

I mBaile M

Bhí Céilí ar siúl san Abbey thart ar an ám céanna. Bhailigh slua mhór ar an Muilleann do

chruinniú na n-Amhránaithe a lean faoi stiúir Sheosaimh Ó Criodáin go moch Maidean

Dé Domhnaigh. Chraol Raidió na Gaeltachta Aifreann an Domhnaigh ó Shéipéal Chúil

Aodha. Nochtadh leacht ar uaigh Amhlaoibh Ó Loingsigh agus bhi Recital sa tsean

Shéipéal i Reilg Ghobnatan ag Danny Meehan, Caitlín Nic Gabhann agus Len Graham

.Thug Con Fada Ó Drisceoil léacht ar Shaothar agus filíocht Dheagláin Úí Thallúin sa

'Kerry Way'ar bhóthar Chill Áirne. Bhí Eilís Ní Chróinín a stiúraigh an Seisiún

Amhránaíochta a lean é. Bailíodh airgead do Scéim Aisling Gheal ag Amhránatron a

bhí ar siúl sa Mhuileann thart ar an am céanna. Nách é Diarmuidín a bhéadh sásta dá

maireadh sé le bheith i láthair ag na h-ócáidí seo.

Cór Chúil Aodha

Baile Mhúirne

Tá ciorcal cómhrá ar siúl uair sa mhí i mBaile Mhúirne. Cuir glaoch ar

Domhnall O’Loinsigh ar 087 9931080

Page 9: Nuachtlitir nollaig 2012

Seachtain na Gaeilge 2013

Tá cóip de lámhleabhar

Sheachtain na Gaeilge 2013

ar-líne ar

http://issuu.com/snag/docs/2

4sa2012_snag_lamhleabhar_e

agraiochtai_rp. Tá eolas ann

maidir le heagrú imeachtaí,

foirm ordaithe agus comórtais

óige mar aon le smaointe

d'ócáidí Gaeilge agus tráth na

gceist go bhféadfaí a

reáchtáil le linn na Seachtaine

ó 4 - 17 Márta 2013.

In 2013 béimid ag ceiliúradh na Gaeilge ar fud an

domhain agus ba mhaith linn go mbeidh tú páirteach

linn!

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le

bunú Chonradh na Gaeilge. In 2013 beimid ag tabhairt

aitheantais don dul chun cinn ar fad atá déanta le 120

bliain anuas ag na heagraíochtaí Gaeilge agus

Gaeltachta, na scoileanna agus grúpaí eile ó shin i leith

leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur

chun cinn.

Beidh idir imeachtaí náisiúnta, imeachtaí sa phobal,

comórtais agus tionscadail nua Ghaeilge ar siúl i rith na

bliana. Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh

gréasáin agus déan freastal ar chuid acu. Beidh

comórtais, feactas Liofa 2015.

Beidh suíomh idirlíon ar www.gaeilge2013.ie

Cuir ríomhphost chuig [email protected] le

haghaidh níos mó eolais

Tostáil – The Gathering

Meall cairde thar lear le teacht

go hÉirinn in 2013 le freastal ar

imeachtaí de chuid Bhliain na

Gaeilge agus páirt a ghlacadh i

Tóstal Éireann 2013. Is seans

maith é chun bualadh le

daoine a lábhraíonn an Gaeilge

ar fud an domhain.

Nollaig Shona –

Ho Ho Ho

www.dailnamumhan.ie