Bronnadh na Gaelbhrataí ar an scoil - Meanscoil...
Transcript of Bronnadh na Gaelbhrataí ar an scoil - Meanscoil...
Míle Buíochas
do
The Quay
Enniscorthy
www.crprint.ie
Sa Nuachtlitir
Bronnadh na
Gaelbhrataí
1
Feachtas 2
Creative Engage-
ment
2
Cúinne na
hídirbhliana
3
Malartú Scoile 4
Turais 4
Meánscoil Gharman Samhradh 2015
Bronnadh na Gaelbhrataí ar an scoil
Turas chuig Búcairist
Comórtas ealaíne an Fhorais Phatrúnachta
Chuaigh an Coiste Gaeilge
chuig Dún Mhic Aoidh ar an
Déardaoin 23 Aibreán chun
Gaelbhratach a fháil don scoil.
D'oibrigh an coiste le linn na
bliana chun an Ghaelbhratach
a bhaint amach. Rinne siad
taighde agus d'eagraigh siad
imeachtaí ar nós Family For-
tunes, céilithe, Gaeilge 24
agus araile chun labhairt na
Gaeilge a spreagadh i measc
na scoláirí ar fad. Bhronn an
Taoiseach an Ghaelbhratach
ar bheirt bhall agus bhí lá
iontach ag gach duine acu.
Bhuaigh Seosamh Cash, dalta sa chuigiú bliain an craobhchomórtas ealaíne do dhaltaí meánscoile cúpla seachtain ó shin. Seo an pictiúr a rinne Seosamh. Táimid an-bhródúil as. Maith thú a Sheosaimh!
Bhailigh daltaí san idirbhliain go leor airgid agus chuaigh aon duine dhéag acu go dílleachtlann i
mBúcairist ar 22 Áibreán. Freastalaíonn 74 páistí ar an ionad . Faigheann na páistí éadaí glana ann.
D’imir na daltaí cluichí leo sa chlós gach lá. Rinne said péinteáil ar cheann de na ballaí sa chlós
bunaithe ar an scannán Up. Bhain na daltaí an-taitneamh as agus dúirt gach duine acu go bhfillfidís ar
Bhúcairist dá mbeadh an deis acu arís.
Foireann fichille na scoile
Bua ag na cailíní sa Blitz Camógaíochta
Feachtas
Creative Engagement Gaisce
Ar an 7 Bealtaine ghlac foireann chamógaíocht na scoile páirt i gcraobh an chon-
tae. Tar éis lá fada dóibh a bheith ag imirt i gcoinne Our Lady of Lourdes, Gorey
CS agus Enniscorthy VEC, d'éirigh leo dul ar aghaidh go dtí an craobh i gcoinne
Enniscorthy VEC. D'imir na cailíní go hiontach agus nuair a shéid an réiteoir an
fheadóg ag deireadh an chluiche, bhí Méanscoil Gharman chun tosaigh. Ba é 5-1
go 1-6 an scór deireanach. An Fhoireann:Sarah Ní Nualláin,Chloe-Jane Ní
Ruairc,Meadhbh Ní Shionóid,Naomi Ní Larasaigh ,Peig Ní Bhuiséir Ní Shuilleab-
háin ,Áine Ní Mhurchú,Ciara Phairnéil,Sarah Ní Bhuilgéair,Áine Caom-
Club Fichille.
Bliain nua - Club nua. Bunaíodh Club Fichille i Meánscoil Ghar-
man i mí Dheireadh Fómhair 2014 do na daltaí sa Chéad
Bhliain. Thángamar le chéile gach Déardaoin ag am lóin sa
leabharlann chun ficheall a imirt agus a chleachtadh. Ghlac ár
gcéad fhoireann páirt i Sraith-Chomórtas Laighean. Bhuaigh ár
ndaltaí ar bhuaiteoirí 2013 ach, ochón, níor éirigh leo dul ar
aghaidh go dtí an cluiche ceannais. Ba bhreá linn ár
mbuíochas a ghabháil le hAndrew Kildea a thug teagasc do na
ficheallaithe i gcaitheamh na bliana ar fad. Chomh maith leis
sin, chuir sé trealamh fichille ar fáil don scoil.
Bhí craobh réigiúnach thráth na gceist Feachtas ar siúl ar an Luan
26ú Éanair i nGaelcholaiste Phort Láirige. D'fheastail foireann na
scoile ar an gcraobh. D'éirigh go hiontach leo ann, níor chaill siad
ach cúig cheist agus bhuaigh siad an comórtas. Chuaigh said chuig
Craobh na hÉireann ar an 10ú Márta san Óstán Aisling i mBaile
Átha Cliath. Tháinig said sa tríú háit. Baill na foirne ná Áine Ní
hIfearnáin, Bill Breathnach, Cian Ó Concubhair agus Séamus Ó
hIfearnain.
Bhí na daltaí ón idirbhliain ag obair leis an ealaíontóir gloine
dhaite Pauline Quigley. Tá trí bhosca solais dhaite déanta acu
bunaithe ar mheas, inspioráid agus cothú. Beidh siad ar thais-
peáint sa scoil go luath. Bhí na daltaí ag freastal ar theicnicí go
léir atá bainteach le gloine dhaite.
Is gradam é Gaisce atá ar fail do dhaoine idir an aois 15-25. Sa scoil
seo cuirtear béim air san idirbhliain. I mbliana bhain seachtar an
bonn cré-umha agus duine amháin an bonn airgid amach. Roghnaigh
gach duine scil phearsanta, áineas corpartha agus ránnphártíocht
pobal. Seo an grúpa i nGráig na Manach ar an turas eachtraíochta.
Cúinne na hIdirbhliana
AIB Build A Bank Challenge
Mionchomhlachtaí Young Social Innovators
Junk Kouture & Seó faisin na scoile le Emma, Sophie agus Zara
Is cúrsa é YSI a
thugann seans do
daltaí ceist a phlé,
diospóireacht a
dhéanamh agus
nithe áirithe a
athrú ar leas an
phobail. I mbliana
É “ saol gníonmhach na n-óg” a bhí faoi chaibidil ag 4ú bliain.
Chuir said ceardlanna aclaíochta ar fáil do scoláirí na céad bhliana
agus páistí atá ag freastal ar bhunscoileanna áitiúla. D’éirigh go
han-mhaith leo. Maith sibh!
I mbliana ghlac trí
mhionchomhlacht
páirt sa
chomórtas.
BC Promotions (Becky Carter), Mad about Pots (Graham Hartnett) agus Re Retro Records (Niamh Bridges). Chuaigh na daltaí chuig The Spa Hotel i mBaile Átha Cliath don Chraobh Réigiúnach. Bhuaigh na mionchomhlachtaí 5 as 18 nduais a bhí ar fáil. Chuaigh dhá mhionchomhlacht ar aghaidh chuig an gCraobh Náisiúnta, Mad about Pots agus Re Retro .Records.
‘The Buff Bank’ an t-ainm ar bhanc na scoile i mbliana, dhírigh an banc ar ithe go sláintiúil agus a bheith aclaí. Seo iad baill an bhainc: Bainisteoir: Rebecca Carter;Bainisteoir cúnta: Amy Nic Craith;Díolachán agus Margaíocht: Niamh Nic Ghiolla Bhríde;Iniúchóir: Claddagh McLoughlin;Airgeadóirí: Sorcha Ní Bhroin & Clódagh Foley Rinne siad go leor eachtraí difriúla mar Dance-a-thons ar son an Lochlann Doyle Fund, rothaíocht an fad ó Inis Córthaidh chuig Búcairist ar son The Street Children of Bucharest. D’éirigh leo sa Chraobh Réigiúnach. Fuair siad dearbhán €100 an duine agus dearbhán dhá chéad caoga ar son na scoile. Chuaigh siad suas chuig an RDS don Chraobh Náisiúnta. Faraor níor éirigh leo an bua a bhaint amach ach bhain siad go leor taithnimh as a bheith ar an bhfoireann.
Don chomórtas Junk Kouture bhí orainn gúna nó culaith a chruthú as
ábhair athchursáilte.
Scaramar suas i ngrúpaí de bheirt nó triúr agus phioc gach grúpa
téama chun obair air. D’oibríomar ar feadh cúpla mí agus ag
deireadh na tréimhse bhí seó faisin againn. Bhuaigh Mineral Magic,
gúna Zara , Sophie agus Darragh Cooper an seó. Shroich gúna Chloe
agus Alex an craobh réigiúnach den chomórtas Junk Kouture.
Turais/ rudaí eile
Malartú scoile TG4
Slán leis an Séú Bliain
Ta malartú ar siúl againn le scoil sa Fhrainc le dhá bhliain anuas.
D’fhan na hÉireannaigh le teaghlaigh Fhrancacha I Fontenay-
sous-Bois, gar do Pháras. Bhain na hÉireannaigh an-taitneamh as
an saoirse a bhaineann le bheith ina gcónaí Iimbaile chomh mór.
Nuair a tháinig na Francaigh go hÉirinn thit said i ngrá leis an
gcultúr: d’imir said iománaíocht, d’fhoghlaim said roinnt Gaeilge
agaus bhain said an-taitneamh as an spás anseo. Is fiú go mór é
malartú cultúrtha a dhéanamh. Maith sibh!
Tháinig TG4 chuig an scoil ar an Luan 27ú Aibreán. Thaifead siad Voxpop
don chlár "Logainm" a bheidh ar TG4 tar éis an tsamhraidh. Ghlac
múinteoirí Gillian agus Ciarán páirt sa chlár chomh maith le roinnt daltaí
ón gcúigiú bliain agus beirt ón idirbhliain. Is iad na daltaí a ghlac páirt ná
Bill, Katie, Kiara, Jo, Seosamh, Martha, Emma agus Fionn. Bhí na Daltaí
den scoth os comhair an cheamaire! Beidh réaltaí inár measc go fóill!
Bhí cóisir againn ar an 9 Bealtaine do na daltaí atá sa séú
bliain anois. Bhí fáiltiú ar siúl ar scoil agus ansin bhí béile
agus dioscó againn san óstán Riverside in Inis Córthaidh.
Bhí óráidí, damhsa agus filíocht fiú ar siúl ann! Chuir na
daltaí taispeántas iontach i láthair le seanghrianghraif a
tógadh idir an chéad bhliain agus an séú bliain. Oíche íon-
tach a bhí ann agus guímid gach sonas agus rath orthu!
We wish all the sixth years every success in their exams
and future endeavours!
Bainigí taitneamh as an samhradh!