Coláiste na Coiribeƒ... · Junk Kouture. Cúram do Scoláirí Pastoral Care Tá Oide Ranga ar...
Transcript of Coláiste na Coiribeƒ... · Junk Kouture. Cúram do Scoláirí Pastoral Care Tá Oide Ranga ar...
2019
Bóthar Bhaile na mBúrcach
Cnoc na Cathrach,
Gaillimh.
091 592000
www.colaistenacoiribe.ie
Coláiste na Coiribe
Obair Acadúil Academic Achievement
Is í an obair acadúil bunchloch Choláiste na Coiribe.
Cuirtear tuairiscí scoile abhaile faoi 3 gach scoilbhliain.
Tá staidéar oíche, faoi stiúir múinteora, ar fáil do scoláirí.
San Ardteist gnóthaíonn scoláirí Choláiste na Coiribe torthaí atá i bhfad chun cinn ar an
meán náisiúnta.
Tugtar cabhair agus tacaíocht bhreise do scoláirí de réir a gcuid riachtanaisí.
Tá Coláiste na Coiribe tiomanta do Mheasúnú chun Foghlama, agus faigheann scolairí
aiseolas ar a gcuid scrúduithe.
Bronntar bónas 5-10% ar scoláire sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht as
ucht freagairt trí mheán na Gaeilge.
Each student’s academic progress is carefully monitored and tracked through Coláiste na
Coiribe.
Written reports are sent home 3 times per academic year
Since the foundation of Coláiste na Coiribe, Leaving Certificate results have consistently
been well above national averages.
Additional academic and personal support is provided for students with special needs.
Coláiste na Coiribe is committed to Assessment for Learning (AFL), and students receive
feedback on their assessments.
Students who answer their exam through Irish are awarded a 5-10% bonus mark in both
Junior Certificate and Leaving Certificate. (It should be noted that students are supplied
with both Irish and English language versions of examination papers).
Parents/Guardians do not need Irish to send their children to an all-Irish school.
Curaclam Curriculum
Aithníonn Coláiste na Coiribe an tábhacht atá le curaclam cuimsitheach a
thairiscint, ionas gur féidir le gach scoláire forbairt iomlán a dhéanamh.
Mar chuid den chlár oideachais sa choláiste tá: Teastas Sóisearach, Idirbhliain
Éigeantach, Ardteistiméireacht agus Ardteist Ghairmiúil.
Coláiste na Coiribe recognises the need for a comprehensive curriculum which
ensures the holistic development of the student.
The educational programme of the school is comprised of: Junior Certificate
(yrs.1-3), Compulsory Transition Year (4th year), Leaving Certificate and
Leaving Certificate Vocational Programme (yrs.5-6).
Teastas Sóisearach
Déantar na hábhair scrúduithe seo a leanas a thairiscint faoi láthair: *Gaeilge,
*Béarla, *Matamaitic, *Fraincis, *Staidéar Gnó, *Eolaíocht, *OSSP, Stair, Tíreolas,
Spáinnis, Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht, Grafaic Theicniúil, Adhmadóireacht,
Ceol, Ealaín agus Reiligiún. Bíonn ranganna OSPS, Treoir agus Scileanna Staidéir ar
siúl freisin. (*ábhair éigeantacha).
I gColáiste na Coiribe cuirtear béim ar fhorbairt phearsanta iomlán an scoláire.
Chuige seo déantar díriú ar eochair scileanna na scoláirí a fhorbairt de réir treoirlínte
an Teastais Shóisearaigh Nua. Beidh gearrchúrsaí á shníomh isteach sa chlár de réir a
chéile, le laghdú ar líon na n-ábhar atá á ndéanamh ag scoláirí dá réir.
Junior Certificate The following subjects are currently offered to Junior Certificate: *Irish, *English,
*Mathematics, *French, *Business Studies, *Science, *CSPE, Spanish, History,
Geography, Home Economics, Technology, Technical Graphics, Woodwork, Music,
Art and Religion. Instruction in SPHE, Guidance and Study Skills are offered to all
students. (*compulsory subjects).
In Coláiste na Coiribe the holistic development of students is prioritised. Focus
on the development of students’ key skills, as articulated in guidelines for the new
Junior Cycle Programme, is part of this endeavour. Short courses, relevant to our
learners and their particular context, will be introduced into the school’s programme
over time and will reduce the number of optional subjects being taken by students.
Idirbhliain (Éigeantach) Transition Year (Compulsory)
Is bliain an-tábhachtach í seo chun tógáil ar bhunchlocha acadúla agus
praiticiúla gach scoláire. Tá réimse leathan ábhair ar fáil.
Fite fuaite anseo tá taithí oibre, áit a fhaigheann an scoláire deis scileanna nua
a fhorbairt nó deiseanna a thapú le bárr-feabhais a chur ar na scileanna atá
acu.
Mar chuid lárnach den bhliain ar fad, tá féin-fhorbairt agus dul-chun-cinn
pearsanta.
The emphasis in Transition Year in Coláiste na Coiribe is on experiential
learning, self-development, and creativity.
Students participate in a series of work-experience modules where they get an
opportunity to experience potential career choices first-hand.
TY also provides a sound academic foundation for progression to the Leaving
Certificate Programme, and for further study.
Clár na hIdirbhliana
Transition Year Programme Bíonn gach ábhar atá á thairiscint don Ardteist ar Chlár na hIdirbhliana. Ina theannta
sin cuirtear na gnéithe seo ar leanas ar fáil chomh maith ach tagann athraithe ar an
gclár ó bhliain go bliain.
Every subject offered for Leaving Certificate is on the Transition Year Programme.
The following are also included, however the programme can change from year to
year.
Iriseoireacht/Journalism
Gairmthreoir/Career Guidance
Cúrsaí Reatha/Current Affairs
Eolas Domhanda/World Studies
Mionghnó/Mini-company
Codáil/Coding
Na Meáin/Media
Banc na Scoile/School Bank
Síneas/Chinese
Spáinnís/Spanish
Leabharlann/Library Studies
Díospóireachtaí/Debating
Taithí Oibre/Work Experience
Clár ‘Transition to Nursing’
Céadchabhair/First Aid
Scileanna Maireachtála/Life
Skills
GAISCE
Obair Charthanacht/Charity
Work
Comortáis Fiontraíochta/Enterprise Awards
Cúrsa Ríomhaireachta MOS/ MOS Computer Studies
Forbairt Phearsanta/Personal Development
Cúrsa Traenála Sacar agus Peil/Coaching Soccer and Football Courses
Clár Idirbhliana leis na Gardaí / TY Programme with the Gardaí
Taithí Oibre le Óglaigh na hÉireann/Work experience with the Army
Teastas Safe Food/Food Hygiene Certificate
Turas scoile /School tour (roghnach/optional)
Ceardlainn agus Turais Oideachasúla/ Educational Trips and Workshops
Ardteistiméireacht Leaving Certificate
Déanann gach scoláire staidéar ar: Gaeilge, Béarla, Matamaitic agus Fraincis.
Roghnaíonn scoláirí trí ábhar astu seo a leanas: Stair, Tíreolas, Eacnamaíocht
Bhaile, Eacnamaíocht, Cuntasaíocht, Gnó, Fisic, Ceimic, Bitheolaíocht,
Liníocht, Teicneolaíocht, Ceol, Ealaín agus Foirgneolaíocht. Athraítear clár na
hArdteiste ó bhliain go bliain ag brath ar éileamh do na hábhair éagsúla.
Tá deis ag na daltaí an Ardteist Ghairmiúil (A.T.G) a dhéanamh chomh maith.
Seo clár oibre a ullmhaíonn an scoláire don saol tar éis na scoile, ach go
háirithe don saol oibre agus taighde.
Each student studies: Irish, English, Mathematics and French. Students choose
three of the following subjects: History, Geography, Economics, Accounting,
Business Studies, Physics, Chemistry, Biology, DCG, Technology, Music, Home
Economics, Art and Construction Studies.
The Leaving Certificate programme changes from year to year depending on
student demand for various subjects.
As part of the Leaving Certificate cycle, each student has the opportunity to
study the Leaving Certificate Vocational Programme (L.C.V.P). This
comprehensive programme prepares students for life after school, including
the world of work, study and research.
Ábhair don Ardteist Leaving Certificate Subjects
Gaeilge/Irish Béarla/English Mata/Maths Fraincís/French Stair/History Tíreolas/Geography Ceimic/Chemistry Fisic/Physics Bitheolaíocht/Biology Cuntasaíocht/Accounting Gnó/Business Eacnamaíocht/Economics Ceol/Music Eacnamaíocht Bhaile/Home Economics Teicneolaíocht/ Technology GDC/ DCG Foirgneolaíocht/Construction Studies Reiligiún/Religion Gairmthreoir/Career Guidance Corp Oideachas/PE Ardteist Ghairmiúil (ATG)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)
Imeachtaí Eischuraclaim Extra-Curricular Activities
Spórt / Sport
Peil Ghaelach (Gaelic Football)
Sacar (Soccer)
Iománaíocht (Hurling)
Cispheil (Basketball)
Rámhaíocht (Rowing)
Eagraítear snámh, babhláil, Kickboxing, turais chuig ionaid eachtraíochta srl. ó am go
chéile.
Trips to adventure centres, bowling, swimming and Kickboxing are organised from
time to time.
Dónal Ó Sé, Jeff Lynskey agus Colm Ó Cuinneagáin leis an Irish Press Cup a bhuaigh
siad le Foireann Iomána Mionúr na Gaillimhe i mbliana. Bhuaigh Dónal Ó Sé
Imreoir na Bliana chomh maith.
Na hEalaíona / The Arts
Ceoldrámaí (School musicals)
Ceolchoirmeacha (Concerts)
Grúpa ceoil traidisiúnta (Traditional music group)
Díospóireachta i nGaeilge agus i mBéarla (Debating through Irish and English)
Amy Ní Bhruacháin a chan ar son na hÉireann ag Junior Eurovision sa Bhulgáir
Ciara Pagden agus Eimear Ní Dhroighneáin a bhain duais amach sa gcomórtas Doodle
for Google.
Eimear Ní Dhroighneáin agus Lynne Nic an Fhailigh a ghlac páirt sa Chomórtas
Junk Kouture.
Cúram do Scoláirí Pastoral Care
Tá Oide Ranga ar leith ag gach buíon scoláirí chun comhairle / treoir a chur ar scoláirí
an ghrúpa sin, ó thaobh cúraim an dalta, dul chun cinn acadúil, agus iompair de.
Feidhmíonn na h-Oidí Ranga leis an dalta, leis an múinteoir ghairmthreoir, leis an
bPríomhoide Tánaisteach, leis an bPríomhoide agus le tuismitheoirí an dalta, chun
an dalta a threorú.
Tá cód iompair agus cód frithbhulaíochta cuimsitheach ag Coláiste na Coiribe,
maraon le cur chuige aontaithe maidir lena gcur i bhfeidhm. Tá dearcadh dearfach
ag an gcoláiste maidir le disciplín agus déantar gach iarracht múineadh do scoláirí
cinnithe ciallmhara a dhéanamh agus a bheith freagrach.
Tá straitéisí gníomhacha i bhfeidhm sa choláiste chun tromaíocht a sheachaint. Tá
córas na gcarad ar siúl sa choláiste do gach dalta sa chéad bhliain, áit a bhfuil scoláire
sinsearach ar leith ainmnithe mar chara dó/di.
Is scoil ilchreidmheach é Coláiste na Coiribe. Múintear Reiligiún sa choláiste mar
ábhar scrúdaithe. Cuirtear teagasc ar fáil sna hábhair O.S.P.S. agus O.S.S.P. chun
cabhrú le scoláirí forbairt mar dhaoine freagracha agus mar shaoránaigh mhaithe. Tá
polasaí aontaithe don Oideachas Caidrimh & Gnéasachta (O.C.G.) i bhfeidhm sa
choláiste.
Tá polasaithe uile an Choláiste ar fáil ar www.colaistenacoiribe.ie.
Each class is allocated an Oide Ranga who has particular responsibility for the care,
academic progress and discipline of each student in the group.
The Oidí Ranga, Subject Teachers, Guidance Counsellor, Deputy Principal and
Principal act as a pastoral team to provide for the needs of each student.
Coláiste na Coiribe has a comprehensive code of conduct and anti-bullying policy -
combined with agreed procedures for implementation. The school encourages a
positive and collaborative approach to creating a healthy and safe working and
learning environment for all. Coláiste na Coiribe employs positive actions to avoid
bullying. A partner or buddy system exists between each 1st year student and a more
senior student.
As a multi-denominational school, Religion is taught as an exam subject. available to
each class. CSPE and SPHE are taught to ensure that students develop and mature
as responsible adults. Coláiste na Coiribe has an agreed policy on RSE (Relationships
and Sexuality Education).
All Coláiste na Coiribe’s policies are available on www.colaistenacoiribe.ie.
Scoláireachtaí & Deiseanna Speisialta Scholarships & Opportunities
Scoláireachtaí Ollscoile
Tá scoláireachtaí ollscoile oscailte
dóibh siúd a fhreastalaíonn ar
choláiste lán-Ghaeilge agus a
fhreagraíonn an Ardteistiméireacht
trí mheán na Gaeilge.
Bronnann NUIG scoláireachtaí ar
scoláirí le pointí arda CAO chomh
maith.
University Scholarships
University Scholarships from DES are available to students attending Irish
medium schools to Leaving Certificate level. (Value in excess of €2,000 p.a. for
a maximum of six years).
Scoláireachtaí Gaeltachta
Bíonn deis ag scoláirí Choláiste na Coiribe scoláireacht a fháil chun freastal ar
chúrsa Gaeilge.
Gaeltacht Scholarships
Coláiste na Coiribe’s students have the opportunity to avail of scholarships to
attend an Irish summer college.
Scileanna Gairmiúla
Tá seirbhís ghairmthreorach ag Coláiste na Coiribe agus cuirtear béim ar leith
ar ghairmthreoir san Idirbhliain agus san Ardteistiméireacht Ghairmiúil.
Vocational Preparation
Assistance is provided to both junior and senior students regarding career
guidance. Coláiste na Coiribe's guidance department is assisted by the Parents'
Association to ensure that each senior student undergoes a career
examination and acquires interview skills, in addition to undertaking work
experience.
Plean Forbartha an Choláiste Development Plan
Tá Coláiste na Coiribe anois lonnaithe i bhfoirgneamh nua ar Bhóthar Bhaile na
mBúrcach i gCnoc na Cathrach atá tógtha do 720 scoláire. Táthar ag súil go mbeidh
forbairt suntasach á dhéanamh ar an réimse deiseanna oideachasúla a sholáthraíonn
Coláiste na Coiribe don phobal le himeacht ama.
Coláiste na Coiribe is now located in a brand new facility on Bóthar Bhaile na
mBúrcach in Knocknacarra which has been built to accommodate 720 students. This
new facility will facilitate the development of a greater range of educational
opportunities for the local community of learners, over time.
Taisteal Transport
Bus Scoile
Tá seirbhís laethúil bus scoile ag freastal ar cheantracha éagsúla na Gaillimhe. Gach
eolas agus foirmeacha iarratais le fáil ó
http://www.buseireann.ie/inner.php?id=257
School Bus
A bus service operates from various areas in Galway to Coláiste na Coiribe each day.
Information and application forms to be found at:
http://www.buseireann.ie/inner.php?id=257