Teist Ilrogha Gaeilge · 2020. 5. 31. · Thig leat léamh faoi dhragain ní amháin i...
Transcript of Teist Ilrogha Gaeilge · 2020. 5. 31. · Thig leat léamh faoi dhragain ní amháin i...
-
1
An Teist Aistrithe
Teist Ilrogha Gaeilge
Teist Chleachtaithe
Páipéar 36
Fad Ama: 50 bomaite
-
2
Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.
Clár leathanach Trioblóidí Dhaoine Eile 3 Dineasáir 8 Dragain 9 Bratacha 14 Barrack Obama 15 Ceisteanna Ginearálta 20 Gluais 21 Leabharliosta 21 Innéacs 21
-
3
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Trioblóidí Dhaoine Eile
Bhí an CEART ag Sadhbha Ní Bhaoill i gcónaí. Ní raibh neart aici air. Ní
thiocfadh léi gan an rud a bhí á dhéanamh mícheart ag daoine eile a thabhairt
faoi deara. Ach nuair a d’inis sí dóibh ní raibh an chuma riamh orthu go raibh
siad buíoch di.
Shiúil sí isteach le linn dá hathair bheith ag déanamh cáca agus láithreach
bonn chonaic sí cad é a bhí ar iarraidh.
“Fan soicind, a dhaidí. Ba chóir duit naprún a bheith ort.”
“Cad é?” a dúirt a hathair. Thiontaigh sé thart, an meascthóir ag greadadh
leis ina lámh ar fad. FLAP! Thit daba mór de mheascán cáca sheacláide ar a
bhríste.
“An bhfeiceann tú!” arsa Sadhbha. “Anois, dá mbeifeá ag caitheamh
naprúin…”
Ach níor chuir a hathair an naprún air. Sheas sé ansin ag stánadh go
gairgeach ar Shadhbha go dtí gur imigh sí.
Istigh sa seomra suí bhí a deirfiúr Eilís ina suí ar an tolg, í gléasta sa ghúna
ab fhearr a bhí aici agus í ag fanacht le dul chuig cóisir. Bhí sí ag peataireacht
leis an chat agus ag amharc ar an teilifís. Chroith Sadhbha a ceann.
“A Eilís! Níor chóir duit Pangur a bheith i d’ucht agat.”
Níor amharc Eilís thart. “Imigh leat, a Shadhbha.”
“Ach…”
“Imigh leat, a Shadhbha!”
“Ach níl mé ach ag iarraidh a rá…”
“IMIGH LEAT!!”
Bhain Sadhbha searradh as a guaillí. “Maith go leor. Coinnigh gruaim ort
féin. Shíl mé go díreach gur mhaith leat fios a bheith agat go bhfuil clábar ar
lapaí Phangúir.”
Lig Eilís scread agus thug léim ina seasamh. Chaith sí an cat uaithi ar an
urlár. Ach ní dúirt sí ‘go raibh maith agat’.
1
5
25
30
15
20
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
4
D’imigh Sadhbha léi suas staighre. Bhí sé callánach thuas ansin mar bhí a
máthair agus a deartháir Brian ag argóint.
“Mura dtógann tú na héadaí salacha sin den urlár ar an toirt,” a scread a
mháthair, “tig leat do chuid níocháin féin a dhéanamh as seo amach.”
“Níl an t-am agam é a dhéanamh anois!” arsa Brian agus é ag béicíl ar ais
uirthi. “Amharc ar an mholl mór d’obair bhaile seo! Níl dóigh ar bith a mbeidh sé
réidh agam don Luan má bhím ag útamáil thart ag piocadh suas éadaí…”
Scread an mháthair. “Cad é a thugann ort a shíleadh go bhfuil an t-am
agamsa bheith ag útamáil thart?”
“Níl obair bhaile le déanamh agatsa.”
Shíl Sadhbha gur argóint amaideach a bhí ann. Leis an am a chaith siad ag
argóint, thiocfadh leo an seomra a ghlanadh agus an obair bhaile a dhéanamh.
Go ciúin, shleamhnaigh sí isteach idir an bheirt acu.
Bhí siad chomh gnóthach sin ag scansáil nár thug siad faoi deara go raibh
Sadhbha ag dul thart tríd an seomra ag piocadh suas na n-éadaí salacha.
Thug sí an t-iomlán isteach sa seomra folctha agus chaith isteach sa chiseán
níocháin iad. Ansin, d’fhill sí ar sheomra Bhriain agus tharraing muinchille a
máthar.
“A mháthair…”
“Imigh leat, a Shadhbha! Nach bhfeiceann tú go bhfuil mé gnóthach?”
“Ach ní gá daoibh bheith ag troid le chéile níos mó,” arsa Sadhbha. “Tá sé
déanta agam. Chruinnigh mise na héadaí salacha.”
Stad Brian agus a mháthair de bheith ag tabhairt aghaidh a gcraois ar a chéile
agus thiontaigh siad thart. Ach ní dhearna siad gáire. Ní raibh cuma shásta
orthu ar chor ar bith. Ina ionad sin, lig siad beirt béic uirthi.
“Cad é a thug ort sin a dhéanamh? Ba chóir do Bhrian é a dhéanamh!”
“Cad chuige arbh éigean duitse do ghaosán a chur isteach?”
Ba leor sin. Bhuail Sadhbha a cos ar an urlár agus d’amharc go colgach ar an
bheirt.
“Tá gach uile dhuine sa teaghlach seo millteanach! Bím i dtólamh ag iarraidh
cuidiú libh ach ní dhéanann sibh ach bheith ag scamhailéireacht orm i gcónaí!”
“Níor bhain sé leatsa!” a bhéic Brian go crosta. Chuaigh sé isteach ina
sheomra agus phlab sé an doras ina dhiaidh.
35
50
55
40
45
60
65
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
5
Lig a mháthair osna. “Tá a fhios agam go bhfuil do chroí san áit cheart, a
Shadhbha. Ach tá a leithéid de rud ann agus bheith róchliste.”
“Níl mise róchliste,” arsa Sadhbha agus smut uirthi. “Níl mé ach ag iarraidh
cuidiú libh.”
Chuimil a mháthair a lámh ar chlár a héadain go tuirseach. “Ach táimid breá
sásta mar atáimid. Cad chuige nach bhfaigheann tú duine éigin a bhfuil cuidiú de
dhíth air i ndáiríre?”
“Maith go leor!” arsa Sadhbha go feargach. “Gheobhaidh!” Mháirseáil sí
isteach ina seomra féin, phlab an doras ina diaidh agus shuigh sí síos ag a
deasc.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cad é a bhí a iarraidh le daidí agus é ag cócaireacht? A Ní raibh sé ag úsáid leabhar oidis.
B Ní raibh sé ag caitheamh an hata ceart.
C Níor nigh sé a lámha roimh ré.
D Ní raibh sé ag caitheamh lámhainní.
E Ní raibh sé ag caitheamh naprúin. Cén fáth nár chóir d’Eilís Pangur a bheith ar a hucht aici? A Ní maith léi cait.
B Bhí ar an chat dul amach.
C Bhí sí in ainm is a bheith ag cuidiú le daidí.
D Bhí clábar ar lapaí Pangur.
E Bhí obair bhaile le déanamh aici.
1
2
70
75
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
6
De bharr go raibh moll mór obair bhaile le déanamh ag Brian... A shíl sé nach raibh am aige FIFA a imirt.
B ní thiocfadh leis dul amach lena chairde.
C shíl sé nach raibh am aige a éadaí salacha a thógáil.
D bheadh air iarraidh ar Shadhbha é a dhéanamh.
E gheall sé go ndéanfadh sé é níos moille. Cad chuige ar shíl Sadhbha go raibh argóint amaideach ann? A Ní raibh an seomra chomh míshlachtmhar sin.
B Thiocfadh leo an seomra a ghlanadh san am a chaith siad ag argóint.
C Bhí mamaí in ainm is a bheith ag cuidiú le daidí sa chistin.
D Ba chóir dóibh bheith ag argóint faoin chat.
E Shíl sí gur chóir do Bhrian a obair bhaile a dhéanamh. Cad chuige nach raibh mamaí sásta gur ghlan Sadhbha an seomra? A Shíl sí gur chóir do Bhrian féin a sheomra a ghlanadh.
B Shíl sí gur chóir do Shadhbha a seomra féin a ghlanadh.
C Shíl sí gur chóir d’Eilís a seomra féin a ghlanadh.
D Shíl sí gur chóir do dhaidí an chistin a ghlanadh.
E B’fhearr léi féin an glantachán uilig a dhéanamh. Cad a thugann le fios go raibh Brian go fóill crosta i ndiaidh do Shadhbha an seomra a ghlanadh? A Bhuail sé ar an bhalla.
B Phlab sé an doras.
C Chiceáil sé an cat.
D Scairt sé ar dhaidí.
E Bhuail sé Eilís.
3
4
5
6
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
7
Cén fáth a raibh Eilís gléasta ina gúna ab fhearr? A Ní raibh éadaí ar bith eile aici.
B Bhí sí á thriail le fáil amach an raibh sé deas.
C Bhí sí ag dul chuig cóisir.
D Bhí sí ag déanamh a Chéad Chomaoineach.
E Bhí sí díreach i ndiaidh teacht ar ais ó chóisir. Cé acu an focal séimhithe (le séimhiú) ar líne 29? A guaillí
B maith
C coinnigh
D bhain
E searradh Cé acu briathar ón pharagraf deireanach atá san aimsir fháistineach? A arsa
B gheobhaidh
C mháirseáil
D phlab
E shuigh
Cad is ciall leis an fhocal ‘útamáil’ ar líne 40? A ag díriú ar rud le cuid mhór airde
B ag obair go cúramach trí rudaí go sisteamach
C ag cur ama amú gan a bheith ag déanamh rudaí tábhachtacha
D ag damhsa agus ag rince thart
E ag socrú síos le rud a dhéanamh go dian
7
8
9
10
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
8
Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Dineasáir
Is ionann an focall ‘dineasár’ agus ‘laghairt uafásach’. Bhí dineasáir ag siúl ar an domhan le breis agus 160 milliún bliain, sula ndeachaigh siad in éag 65 millliún bliain ó shin. Fuarthas an chéad iontais de dhineasár i lár an 19ú céad agus is mór an spéis a cuir daoine iontu ón am sin i leith. An bhfuil spéis agat iontu? Faigheann muid olas ar na dineasáir trí staidéar a dhéanamh ar na cnámharlaigh, nó na crámha s’acu. Tógann eolaithe cnámharlaigh dhineasár, in amanna ó chúpla písa de chnámh nó de bhlaosc an chloiginn, agus léiríonn an cruth de na cromáin nó na cosa go raibh dineasáir áirithe ábalta rí sa tóir ar a gcreach. Bhí crúba agus fiaclla géara ag dineasáir eile a lig dóibh a gcreach a stróiceadh.
11 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
12
13
14
15
16
17
18
19
20
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
9
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Dragain
Níl dragain fíor, tagann siad ó na finscéalta. De réir seanscéalta áirithe, is
sean-chréatúir iad le cumhachtaí draíochta. Thig leat léamh faoi dhragain ní
amháin i bhfinscéalta ach in úrscéalta nua-aimseartha fosta. Chuir JK Rowling
síos ar réimse dragan i sraith Harry Potter agus chuir JRR Tolkien Smaug in
aithne dúinn ó The Hobbit.
Mar a bhíonn sé leis an chuid is mó de na créatúir ó na finscéalta, bíonn
smaointí difriúla ag cultúir dhifriúla faoi cad é an rud é dragan. Aontaíonn an
chuid is mó acu go bhfuil siad cosúil le péist nó reiptíl ollmhór, le corp agus
ruball clúdaithe i lanna. Go tipiciúil, briseann siad amach as uibheacha agus
bíonn corp lannach nó clúmhach acu. Go ginearálta, bíonn sciatháin mar
ialtóg ag dragan i samhlaíocht san Eoraip, agus bíonn an dragan ón Oirthear
níos cosúla le nathair mhór. Bíonn súile claonta acu atá dearg nó buí. Thig
leo rudaí marfacha mar thine, oighear nó nimh a análú nuair atá siad i
mbaol. Sa litríocht is luaithe, is minic a rinneadh cur síos ar dhragan mar
chréatúr a bhí níos lú ná daoine, ach baineann na scéalta níos moille le
dragain ollmhóra atá i bhfad níos mó ná daoine.
Ag brath ar an finscéal a léann tú, thig leo bheith contúirteach, fíochmhar
agus marfach nó thig leo bheith cineálta agus saoithiúil. Tá scéalta ann ina
bhfuil cumhachtaí hiopnóise ag dragain agus tugann siad rabhadh do
laochra gan a bheith ag amharc go díreach isteach i súile an dragain. Tá
scéalta eile arís ann ina bhfuil dragain ábalta labhairt agus tugann siad
rabhadh do dhaoine gan a bheith ag éisteacht lena bhfuil le rá ag dragan.
Deirtear go bhfuil cumhacht draíochta nó osnádúrtha ag dragain atá ábalta,
dá mba mhian leo, draíocht a mhúineadh do dhaoine nó radharc nó
éisteacht osnádúrtha a bhronnadh orthu. Thig le craiceann sceite an
dragain leigheas a thabhairt, agus seans go mbeadh cloch speisialta i
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
10
gcloigeann an dragain darb ainm dracainít a thabharfadh tuiscint ar an saol,
ar an bhás agus ar an aiséirí don duine a ghlacann í ón dragan.
I scéalta eile, is gardaí iad dragain atá le sárú. Go minic, téann laochra sa
tóir ar dhragain de bharr go dtugann siad aire do thaisce amhail ór, fáinne
draíochta nó caipín dofheictheachta. Thig le dragain seasamh mar gharda
ar chaisleáin nó pluaiseanna ina bhfuil rudaí rúndiamhrachta eile. Seans,
áfach, go bhfuil mallacht ar an duais nó ar an taisce de bharr go bhfuarthas
é go mí-ionraic. Má mháraíonn an laoch an dragan agus an rud a dtugann
sé cosaint dó a sciobadh, is ionann sin agus gadaíocht agus seans go
mbeadh mallacht ann agus go mbeadh an laoch féin thíos mar gheall air sin.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cad é a chlúdaíonn corp an dragain? A leathar
B tine
C draíocht
D lanna
E oighear Tá anáil an dragain marfach de bharr A go bhfuil toit ann
B go bhfuil tine ann
C go bhfuil draíocht ann
D go bhfuil aonocsaíd charbóin ann
E go bhfuil scairdeanna uisce ann
21
22
35
30
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
11
Cad é an ábaltacht a shíltear a bhí dragain in ann a bhronnadh ar dhaoine? A bheith ábalta an chraiceann a sceitheadh
B draíocht
C dracainít
D caipín dofheictheachta
E fainne draíochta Cad chuige nár mhaith leat dragan a mhárú agus na rudaí luachmhara atá sé ag gardáil a sciobadh? A seans go rachadh an dragan sa tóir ort
B seans go mbeadh nimh ann
C seans go mbeadh mallacht ann
D seans go mbeadh sé ró-the
E seans go gcuirfeá isteach ar an dragan Cad é an t-ainm atá ar an dragan a chruthaigh an t-údar Tolkien? A Hobbit
B Harry Potter
C Smaug
D Rowling
E Finscéal Cén dáth atá ar shúile dragain? A dearg nó dubh
B glas nó buí
C dearg nó glas
D glas nó dubh
E dearg nó buí
23
24
25
26
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
12
Cad é atá contúirteach faoi shúile an dragain? A tá cumhacht hiopnóise iontu
B scaoileann siad tine
C tá nimh iontú
D déanfar dealbh cloiche díot le spléachadh amháin
E thig leat a bheith baite sna deora Cad é atá speisialta faoi chraiceann sceite an dragain? A thig léi leigheas a chur ar dhaoine atá tinn
B tugann sí an chumhacht leis an saol agus bás a thuigbheáil
C tá sí hiopnóiseach
D tugann sí cumhacht na draíochta
E tá sí dothreáite Cad is ciall leis an fhrása ‘i mbaol’ ar líne 13? A i gcomhair
B i gcontúirt
C i bhfostú
D i measc
E i bhfolach Cé acu focail ar líne 17 ar aidiachtaí iad? A léann agus bheith
B contúirteach agus fíochmhar
C brath agus thig
D tú agus a
E ar agus an
27
28
29
30
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
13
Ciallaíonn an focal ‘ollmhór’ ar líne 8 A measartha mór
B giota beag níos mó
C an méid céanna
D iontach mór ar fad
E níos lú Cén chuid den chaint é an focal ‘Eoraip’ ar líne 11? A réamhfhocal
B ainmfhocal
C forainm
D aidiacht
E ainmfhocal dilís Ciallaíonn an focal ‘osnádúrtha’ ar líne 25 A iontach nádúrtha
B draíochta
C ar fheabhas
D an gnáthrud
E gan úsáid Cé acu an t-ainmfhocal dílis ar líne 4? A síos
B Smaug
C réimse
D dragan
E sraith
32
33
34
31
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
14
Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Bratacha
Tá daoine ag úsáid bratach le breis agus trí mhíle bliain. feicimid bratacha cibé áit a dtéimid ar an phlainéad. Is iomaí dath patrún agus méid a bhíonn ag bratacha. Bíonn Siombailí ar chuid mhaith bratach agus bíonn ciall speisialta acu do dhaoine áirithe, Bíonn a mbratacha féin ag gnólachtaí móra agus eagraíochtaí spóirt. Tá Bratacha ar leith ag cathracha, bailte, stáit agus teaghlaigh. Is siombail de Chúige uladh í an lámh dhearg agus tá sé le feiceáil ar bhrat Uladh. Baineann an lámh dhearg le muintir Uí néill a raibh smacht acu ar Uladh ar feadh i bhfad.
35 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
36
37
38
39
40
41
42
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
15
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Barack Obama
Rugadh Barack Hussein Obama ll ar an 4ú Lúnasa, 1961, in Haváí. Tá cúlra
ilchultúrtha aige, is as an Chéinia dá athair, Barack Obama SR. agus is as
Kansas sna Stáit Aontaithe dá mháthair, Ann Dunham. Tagann an t-ainm
Barack ón teanga Arabach agus ciallaíonn sé ‘beannaithe’. Nuair a bhí sé
óg, tugadh an leasainm Barry air.
Bhuail tuismitheoirí Barack le chéile ag Ollscoil Haváí nuair a bhí siad ina
mic léinn ann. Scar siad óna chéile nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois agus
chuaigh a athair ar ais chuig an Chéinia. I ndiaidh dá thuismitheoirí
colscaradh a fháil, phós a mháthair Lolo Soetoro, mac léinn in Ollscoil Haváí
ón Indinéis. Bhog an teaghlach chuig an Indinéis, áit ar rugadh a leath-
dheirfiúr, Maya. Chónaigh siad ann ar feadh 4 bliana. Nuair a bhí Barack
deich mbliana d’aois, bhog sé ar ais chuig na Stáit Aontaithe agus tógadh é
lena sheantuismitheoirí máthartha, Stanley agus Madelyn Dunham, in Haváí.
Agus é ann, ba mhór an sult a bhain sé as corp-shurfáil agus as a bheith ag
imirt cispheile lena chairde.
Chuaigh Barack chuig Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac agus bhain sé
fochéim amach i 1983. Le linn a ama in Ollscoil Columbia, thosaigh Obama
ag úsáid a ainm iomlán, in áit Barry. Shocraigh sé gur mhaith leis bheith ina
dhlíodóir agus bronnadh céim dlí air ó Scoil Dlí Harvard i 1991. Fuair sé
post i ndlíghnólacht Miner, Barnhill & Galland, áit a raibh sé ina dhlíodóir do
chearta sibhialta. Bhí sé ina ollamh dlí fosta, ag múineadh dlí bunreachta ar
feadh 12 bliain in Ollscoil Chicago. Bhuail Barack lena bhean chéile
thodhchaí, Michelle Robinson, in Chicago. Phós siad ina dhiaidh agus bhí
beirt iníonacha acu, Malia agus Sasha.
I 1996 shocraigh Barack go mbainfeadh sé do chúrsaí polaitíochta.
Toghadh é do Sheanad Illinois in 1996, agus ansin chuig Seanad S.A. i
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
16
2004. Bhí clú air do na hóráidí a thug sé agus bhí dúil ag cuid mhór ann, dá
bharr sin shocraigh sé rachadh sé don Uachtaránacht i 2008. Sháraigh sé
John McCain i toghchán ginearálta na Samhna sin agus toghadh é mar
Uachtarán.
Thosaigh a théarma oifige ar an 20ú Eanáir 2009 agus chuaigh sé síos sa
stair mar an chéad Uachtarán Meiriceánach Afracach sna Stáit Aontaithe. Is
é an 44ú Uachtarán de na Stáit Aontaithe é. Chuala dhá mhilliún daoine an
chéad óráid a thug sé mar Uachtarán i bhFoirgneamh an Chaipeatóil i
Washington ar an lá sin.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cárb as d’athair Barack Obama? A an Haváí
B an Chéinia
C Kansas
D Indinéis
E Washington Cá huair a chuir sé stop le húsáid Barry agus tosú ar Barack a úsáid? A nuair a bhí sé san Indinéis
B nuair a bhí sé in Haváí
C nuair a bhí sé ag Ollscoil Colombia
D nuair a bhí sé ag Ollcoil Chicago
E nuair a bhí sé ag Harvard
43
44
30
35
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
17
Bhuail Obama lena bhean chéile... A in Illinois
B in Chicago
C in Ollscoil Columbia
D in Haváí
E in Washington Cad é an t-ainm atá ar leath-dheirfiúr Obama? A Maya
B Ann
C Madelyn
D Michelle
E Malia Cad é an leasainm a bhí ar Obama? A Barack
B Hussein
C Barry
D Beannaithe
E Arabach Cad chuige ar bhog sé go dtí an Indinéis? A bhí a sheantuismitheoirí ann
B bhí a athair ann, Barack Sr.
C bhí a mháthair ann, Ann
D is as an Indinéis dá leas-athair, Lolo Soetoro
E is as an Indinéis dá bhean chéile, Michelle
45
46
47
48
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
18
Bronnadh céim dlí air i A 1983
B 1991
C 1996
D 2004
E 2008 Cén chathair inar thug Obama a chéad óráid mar Uachtarán? A Illinois
B Chicago
C Kansas
D Washington
E Nua-Eabhrac Cén chuid den chaint é an focal ‘Arabach’ ar líne 4 A briathar
B forainm
C aidiacht dhílis
D réamhfhocal
E ainmfhocal Cé acu an t-ainmfhocal dílis ar líne 17? A fochéim
B blianta
C ollscoile
D Obama
E úsáid
49
50
51
52
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
19
Cén chuid den chaint é an focal ‘siad’ ar líne 23? A ainmfhocal dílis
B forainm
C cónasc
D aidiacht
E aidiacht dhílis Cad é an chiall is fearr don fhocal ‘ilchultúrtha’ ar líne 2? A daoine ó roinnt cultúr difriúil le chéile
B ag labhairt dhá theanga le chéile
C ag baint le dhá thír dhifriúla
D bheith i do Mheiriceánach Afracach
E athair a bheith agat ón Chéinia Cá huair a thosaigh a théarma oifige mar Uachtarán Mheiriceá? A 2004
B 1983
C 2009
D 1991
E 1996
54
55
53
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
20
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ar an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.
Cé acu an foilsechán a chuirtear ar fáil go rialta, ina bhfuil sraith alt agus léaráidí, go tipiciúil a bhaineann leis an ábhar céanna? A dialann B nuachtán C irisleabhar D úrscéal Cad é Clár? A liosta eolais atá ar fáil i ndoiciméid in ord na leathanach
B sainmhínithe d’fhocail ar leith
C liosta leabhar, alt agus foinsí eile a úsáidtear i ndoiciméad
D liosta in ord aibítreach a chuidíonn leat teacht ar leathanaigh le focail ar leith
Cé acu an péire focal thíos a léiríonn na huimhreacha iolra cearta? A busanna / carranna B busa / carra C buis / cairr D busaí / carraí Cé acu an abairt thíos nach bhfuil an briathar in úsáid mar is ceart inti? A Léigh an gasúr scéal ar scoil inné.
B Tá an cat ag ól bainne.
C Amárach, scríofa mé scéal fada faoi ainmhithe.
D Ceannaíonn an cailín líreacán sa siopa gach maidin. Roghnaigh an focal ceart thíos leis an abairt seo a chomhlánú sa dóigh is go mbeidh ciall léi. Marcáil an litir ar do leathanach freagraí Bhí an cat ina lí ligh luí léi faoin tábla.
56
57
58
59
60
DEIREADH NA TEISTE
A B C D
-
21
Gluais dracainít cloch speisialta le cumhachtaí draíochta a fhásann
ar chloigeann dragain
finscéal sean-scéal ón mhiotaseolaíocht a cumadh fadó a thagann chugainn ón bhéaloideas nó ó lámhscríbhinní
i mbaol i gcontúirt, i ndainséar
ilchultúrtha daoine nó traidisiúin ó chultúir dhifriúla measctha le chéile i sochaí
iontais na sean-chnámha d’ainmhí a fhaightear faoin talamh
osnádúrtha ní mar chuid den nádúr, draíochta
peataireacht fionnadh ainmhí, mar chat nó madadh, a chuimilt
útamáil ag cur ama amú gan a bheith ag déanamh rudaí tábhachtacha
Leabharliosta Gillian Cross, Ginias-ar-Cíos, 1991
Teist Chleachta Gaeilge GL, Dineasáir, 2013
Teist Chleachta Gaeilge GL, Dragain, 2013
Steve Patrick, Bratacha, 1997
Teist Chleachta Gaeilge GL, Barrack Obama, 2013
Innéacs bratacha lth. 13
dineasáir lth. 7
dragain lth. 8
giniais lth. 3
Meiriceá lth. 14
-
22
Teist 36
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: TOSAIGH ANSEO
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Scór
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
Leathanaigh 3 – 6
Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 8 – 12
Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 14 – 17
Leathanach 18 (Ceisteanna Ginearálta)
Ainm: ___________________
Dáta na Teiste: ________________
Dáta Breithe: ________________
-
23
Teist Gaeilge 36 - Freagraí
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
Leathanaigh 3 – 6
Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 8 – 12
Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 14 – 18
Leathanach 19 (Ceisteanna Ginearálta)