Teist Ilrogha Gaeilge - storage.googleapis.com · Ag Rith leis an Síota 14 Carr Mars 15 Ceisteanna...
Transcript of Teist Ilrogha Gaeilge - storage.googleapis.com · Ag Rith leis an Síota 14 Carr Mars 15 Ceisteanna...
-
1
An Teist Aistrithe
Teist Ilrogha Gaeilge
Teist Chleachtaithe
Páipéar 43
Fad Ama: 50 bomaite
-
2
Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.
Clár leathanach Cú Chulainn agus an Triúr Fathach 3 Foghlaithe Mara 8 Gaineamhlach an tSahára 9 Ag Rith leis an Síota 14 Carr Mars 15 Ceisteanna Ginearálta 20 Gluais 21 Leabharliosta 21 Innéacs 21
-
3
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Cú Chulainn agus an Triúr Fathach
Mhothaigh na daoine a bhí istigh i ndún Chulainn an callán bocht amuigh agus
shíl siad go raibh racán éigin ar siúl. Chuaigh siad amach go bhfeicfeadh siad
cén sórt racáin a bhí ar siúl. Cad é an chéad rud a chonaic siad ach Séadanda
ag teacht aníos chucu agus cuma neamhbhuartha air. Bhí an cú i ndiaidh an
smeach deireanach a tharraingt,
Tháinig lúcháir ar Chonall ach tháinig a mhalairt ar Chulann.
“Ochón,” ar seisean leis an ghasúr. “Is tú a rinne dochar dom agus a d’fhág
mé i mo chréatúr cráite uaigneach gan mo mhadadh a ruaigfeadh mo namhaid.”
“Is cuma liom ach gur chuir mé mé féin i gcontúirt ar mhaithe le do choileán
beag bídeach madaidh,” arsa an gasúr.
“Níor inis duine ar bith dom go raibh tú ag teacht, sin nó ní ligfinn an cú
amach.”
“Muise,” arsa Conall Cearnach, “ní raibh a fhios ag duine ar bith go raibh sé
ag teacht. Dúirt mé leis fanacht sa bhaile cionn is nach bhfuair sé cuireadh;
agus shíl mé go ndéanfadh sé mar a d’iarr mé air.”
“Mo bhrón go deo! Agus mo mhíle brón! Mo chreach agus mo chrá nár thug
tú leat é!” arsa Culann. “Dá dtabharfá, ní bheadh mo chú marbh anocht. Faraor
géar! Tá mé anois i gcontúirt gan mo mhadadh le mo theach a choimhéad.”
“An dochar ceist a chur cé a chuireann eagla ort?” arsa an gasúr.
“Tá triúr fathach ina gcónaí ar an oileán beag glas ar an loch sin thall,” arsa
Culann. “Is minic a rinne siad iarracht mé a ghortú agus a mharú. Agus is
cinnte go mbeinn marbh le fada ach go raibh an cú ann. Ach faraor! Tá an
bealach glan anois acu agus nuair atá, tá mise i gcontúirt mo bháis. Och! Och!”
Bhí an gasúr ag éisteacht leis an ghabha ag caoineadh i rith ama. Ní raibh
sé i bhfad sular imigh sé.
Chuaigh sé go dtí bruach an locha. Léim sé amach agus shnámh sé leis
agus níor stop sé gur shroich sé an t-oileán. D’fháisc sé a chuid éadaí chomh
maith agus a thiocfadh leis, agus shiúil sé leis go dtí an scioból ina raibh na
fathaigh ina gcónaí.
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
4
Nuair a chuaigh sé isteach, bhí an triúr ina luí ag an tine. Bhí a gcuid
sleánna sa tine ag deargadh le go mbeadh siad réidh le troid a chur ar lucht na
bainise nuair a bheadh braon maith ólta acu.
Suas leis an ghasúr chomh cúramach agus dá mbeadh sé ag goid éin as
nead. Thóg sé péire de na sleánna amach as an tine, ceann i ngach lámh. Bhí
siad dearg te. D’ionsaigh sé beirt de na fathaigh.
Lig an bheirt scread chomh mór sin astu nuair a chuaigh na sleánna iontu
gur mhúscail siad an tríú fathach. Léim sé suas ina sheasamh agus fuair sé
greim a bhí ar an tsleá a bhí sa tine agus thug iarraidh ar an ghasúr.
Chuaigh siad a throid. D’éirigh an racán agus thosaigh an cnagadh agus an
polladh. Throid siad ó choirnéal go coirnéal an tí agus an bheirt eile ag fáil
bháis ar an urlár. Faoi dheireadh, chuir Séadanda an tsleá i súil an fhir mhóir
agus thug anuas go talamh é.
B’fhurasta an cath a chríochnú ina dhiaidh sin. Bhain Séadanda an ceann
díobh ina dtriúr, agus cheangail sé le chéile iad. Chaith sé ar a ghualainn iad
agus chuaigh sé ar an snámh arís agus tharraing sé ar ais ar dhún Chulainn.
I rith an ama seo, bhí lucht na bainise faoi ghruaim. Is cuma cé a rachadh a
chaint, bhí a bhuaireamh féin le hinsint ag fear an tí agus d’fhág sin iad uilig faoi
ghruaim. Bhí siad ina suí thart agus an mhórchuid acu agus an ceann thíos
nuair a rith Séadanda isteach agus d’fhág sé na trí chloigeann síos i lár an
urláir.
“Sin,” ar seisean leis an ghabha, “cúis d’eagla. Más mise a mharaigh do
chú, is mise a bheidh mar chú agat ina áit; agus cad é níos mó a thig liom a
dhéanamh nuair nach bhfuil leigheas ar a ndeachaigh thart?”
Bhí iontas ar gach duine nuair a chonaic siad an t-éacht a bhí déanta ag an
ghasúr. Shocraigh lucht na bainise go mbeadh Cú Chulainn mar ainm air ón lá
sin amach agus ba é sin mar a fuair Cú Chulainn a ainm.
30
35
40
45
50
55
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
5
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cá raibh na daoine nuair a chuala siad an callán bocht? A i ndún Chulainn
B i ndún Chonaill
C i ndún Shéadanda
D i nDún Phádraig
Cad chuige a raibh lúchair ar Chonall? A mar bhí craic ar dóigh ag an bhainis
B mar bhí Séadanda go fóill beo
C mar bhí fuath aige ar an mhadadh
D mar bhí sé sásta nach raibh fathaigh ann
Cad é an rud a chuir eagla ar Chulann? A an cú
B Conall
C na fathaigh
D Séadanda
Cá raibh na fathaigh ina gcónaí? A i bpluais ar an sliabh
B tigh Chulainn
C i nDún Phádraig
D ar oileán
1
2
3
4
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
6
Cá raibh na fathaigh? A ina suí ag an tábla
B ag seasamh garda ar an scioból
C ina luí cois tine
D ina suí cois tine
Cad chuige a raibh na fathaigh ag deargadh a sleánna? A chun iad féin a choinneáil te nuair a théann an tine as
B bhí siad ag iarraidh cruth nua a chur orthu
C bhí siad ag iarraidh an dath s’acu a athrú
D bhí siad á ndéanamh réidh le hionsaí a dhéanamh ar lucht na bainise
Cad é a thug Séadanda ar ais leis ón oileán? A trí shleá
B bogha agus saighead
C trí chloigeann
D cloigeann an chú
Cé acu focal thíos a bhfuil an chiall chéanna aige le ‘brón’? A gruaim
B leigheas
C iontas
D lúcháir
5
6
7
8
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
7
Cad is ciall leis an fhrása ‘d’fháisc sé a chuid éadaí ’ ar líne 27? A cheangail sé iad suas
B chroch sé iad suas le triomú
C chas sé iad chun iad a thriomú
D chuir sé a léine síos isteach ina bhríste
Cé acu an dá bhriathar ar líne 2? A raibh agu racán
B chuaigh agus shíl
C amach agus bhfeicfeadh
D siúl agus éigin
9
10
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
8
Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Foghlaithe Mara
Bhí foghlaithe marra iontach gníomhach idir 1690 agus 1720. B’aisteach cuid mhaith de na creidimh agus piseoga a bhí acu. Chreid siad go gcuidíonn fáinne cluaise le radharc na súl agus gu raibh droch-ádh ann dá mbeadh bean ar bord loinge. Creid siad fosta go dtiocfaidh stoirm má dhéanann tú feadaíl ar long. Ghoid an chuid is mó de na foghlaithe mara logna. I ndiaidh dóibh sealbh a ghlacamh ar long, bhí orthu é a athrú sa dóigh is go mbeadh sé fóirsteanach do shaol foghlaithe mara. Bhí orthu spáss a dhéanamh do mhairnéalaigh bhreise agus bhí orthu na deiceanna a neartú do na gúnaí troma. Ní dhearn mairnéalaigh ionsaí ach ar long amháin ag aon am amháin. Sheol longa i ngrúpa, dá bharr sin, leis an seans d’ionsaí orthu a laghdú.
11 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
12
13
14
15
16
17
18
19
20
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
9
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Gaineamhlach an tSahára
Tá Gaineamhlach an tSahára ar an ghaineamhlach is mó ar an domhan, ag
clúdach thart fá 3,500,000 míle cearnach. Tá sé chomh mór leis na Stáit
Aontaithe agus téann sé trasna na hAfraice Thuaidh, ón Mhuir Rua go dtí an
tAigéan Atlantach. Is iad a limistéir ná Sléibhte Atlais, an Mheánmhuir, an
Éigipt, an tSúdáin agus gleann den Abhainn Nígir. Tá sléibhte aige, le Sliabh
Koussi ar an sliabh is airde ag 11,204 troigh in airde. Tá ceathrú dá dhromchla
clúdaithe le dumhcha agus tá cuid acu sin chomh hard le 500 troigh. Sa sean-
am, bhíodh ór, salann agus eabhar ag an Afraic Thiar le trádáil agus bhí iarann
ag an Éigipt, ach bhí aeráid an tSahára chomh garbh sin go raibh an trádáil idir
an Éigipt ag an Afraic Thiar dodhéanta.
Tá aeráid éagsúil ag an Sahára. Thig leis a bheith ar cheann de na háiteanna is
teo ar an domhan le linn an lae, le teochtaí suas go 130°. Titeann an teocht,
áfach, thíos faoi reophointe sa gheimhreadh. Tá aeráid fhothrópaiceach ag an
tuaisceart le geimhridh fhuara agus dhá shéasúr fearthainne, agus bíonn aeráid
thrópaiceach ag an deisceart le séasúr amháin fearthainne agus geimhreadh
séimh.
Ní bhíonn mórán fearthainne ag an tuaisceart nó ag an deisceart. I ndéanta na
fírinne, is féidir nach mbíonn ann ach 5 orlach fearthainne ann in aghaidh na
bliana, agus i mblianta eile ní bhíonn ann ach 3 orlach. Rud suimiúil ná, nuair a
thagann an fhearthainn, thig léi bheith iontach fíochmhar, le tuillte a scriosann
rudaí os a gcomhair. Tá an fhearthainn chomh héagsúil sin nach féidir patrún a
aimsiú ann. Seans go mbeadh sé ag cur níos mó ná uair amháin thar chúpla lá
nó seans nach mbeadh sé ag cur go ceann cúpla bliain. Ní raibh aeráid an
tSahára chomh garbh céanna is atá sé sa lá atá inniu ann. Thart fá 6000 bliain
ó shin, bhí foinsí uisce i bhfad níos forleithne agus bhí an talamh chomh torthúil
sin gur chónaigh ainmhithe mar eilifintí agus sioráif ann.
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
10
Tá rudaí seachas gaineamh sa Sahára. Tig linne beaga uisce darb ainm ósais
a fháil ar fud na háite. Tagann an stop scíste fliuch seo ó shrutháin uisce faoin
talamh. Tugann cuid soláthar leanúnach uisce, ach triomaíonn cuid eile suas
go gasta. Is annamh a bhíonn eas le fáil sa Sahára.
Tá cuid mhór ainmhithe i nGaineamhlach an tSahára, le reiptílí mar nathracha
gainimh agus laghairt mhonatóra nó mamaigh mar chamaill, síotaí agus
gabhair. Tá na céadta speiceas d’éin imirce ann a bhogann ó áit go háit de réir
mar a thriomaíonn an t-uisce suas.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cén earra a bhí ag an Éigipt nach raibh sé ábalta trádáil leis an Afraic Thiar? A gaineamh
B iarann
C ór
D salann
Cad é an rud é ósais? A sraith dumhcha
B sruthán faoin talamh
C eas
D linn bheag uisce
Tá an Sahára chomh mór céanna leis A an tAigeán Atlantach
B an Mhuir Rua
C na Stáit Aontaithe
D an Afraic Thuaidh
21
22
23
30
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
11
Tá sé dodhéanta an fhearthainn a thuar sa tSahára mar A níl aon phatrún ann lena bhreathnú
B tá an aeráid rógharbh don trealamh meitéareolaíochta
C níor mhaith le duine ar bith fanacht ann le breathnú ar an fhearthainn
D stopann na hainmhithe daoine a ba mhaith leo dul ann le breathnú ar an fhearthainn
Cad é an airde de Shliabh Koussi? A 130 troigh
B 500 troigh
C 6000 troigh
D 11,204 troigh
Cé acu abairt thíos a léiríonn an sórt aimsire a bhíonn ag deisceart an tSahára? A Tá an talamh torthúil agus bíonn eifintí agu sioráif ina gcónaí ann.
B Tá aeráid fhothrópaiceach aige.
C Bíonn an geimhreadh séimh.
D Bíonn dhá shéasúr fearthainne aige.
Cad chuige nach bhfanann na héin in aon áit amháin? A Déanann siad imirce le huibheacha a bhreith in aeráidí níos fionnuaire.
B Itheann siad an bia uilig in áit agus ansin téann siad chuig áit eile.
C Téann siad chuig áit a bhfuil soláthar níos fearr uisce ann.
D Imíonn siad mar gheall ar chreachóirí mar reiptílí agus mamaigh.
24
25
26
27
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
12
Bíonn an aeráid sa tSahára A in amanna iontach te agus in amanna eile iontach fuar.
B i gcónaí séimh.
C chomh holc sin go mbíonn sé i gcónaí ag cur fearthainne.
D i gcónaí faoi reophointe.
Cad is ciall leis an fhocal ‘dodhéanta’ ar líne 10? A is beag seans go dtarlóidh sé
B ní féidir leis tarlú
C is maith an seans go dtarlóidh sé
D is dócha go dtarlóidh sé
Cé acu na haidiachtaí ón chéad pharagraf? A mór agus garbh
B Éigipt agus Mheánmhuir
C clúdach agus cearnach
D is agus tá
Cad é a chiallaíonn an focal ‘fíochmhar’ ar líne 20? A garbh
B séimh
C fliuch
D áitiúil
28
29
30
31
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
13
Cén chuid den chaint é Éigipt ar líne 5? A aidiacht
B forainm
C aidiacht dhílis
D ainmfhocal dílis
Cad is ciall leis an fhocal ‘torthúil’ ar líne 25? A trioblóideach
B thig le rudaí fás ann
C clúdaithe i ngaineamh
D gan úsáid
Cé acu an forainm ar líne 22? A ag
B sé
C thar
D mó
32
33
34
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
14
Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Ag Rith leis an Síota
Tá rud éigin ag rith tríd an fhéar ard. tá sé ag bogadh chomh gasta sin nach bhfuil a fhios ag an Séabra go bhfuil sé i gcontúirt an bháis. Léimeann an cat tríd an aer agus leagann sé an séabra go talamh. I bhfaiteadh na súl “tá an séabra marbh agus scairteann an cat spotach ar na coileáin. Insíonn sí d’óibh go mbeidh féasta feola acu, Itheann na cait go gasta agus iad ag coimhéad i rith an ama, Tá eagla orthu go dtiocfaidh cait eile atá níos mó ná iad. Seo an síota, an sealgaire is gasta ar an domhan. Tagann an focal síota ó fhocal Hindise agus tá siad le fáil i gcuid den afraic agus i gcuid bheag den Áise.
35 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
36
37
38
39
40
41
42
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
15
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Carr Mars
Is feithicil é carr Mars atá ábalta é féin a bhogadh thar dhromchla den phláinéad
Mars. Chuir Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spáis (RNAS) dhá
Charr Fiosrúcháin Mars darb ainm Spiorad agus Deis isteach sa spás ar an 10ú
Meitheamh agus 7ú Iúil 2003. Thuirling siad ar Mhars ar an 3ú Eanáir agus an
24ú Eanáir 2004. Thig leis an dá róbó-gheolaí seo iad féin a bhogadh thart ar
dhromchla an phláinéid leis na codanna is suimiúla de thírdhreach Mhars a
aimsiú agus a fhiosrú. Bhí sé mar jab acu stair uisce a fhiosrú ar Mhars, ar a
dtugtar an Pláinéad Dearg go minic.
Chuir RNAS carranna Mars ann chun misin a chur i gcríoch le freagra a fháil ar
an cheist cé acu an raibh saol riamh ar Mhars nó nach raibh. Bíonn uisce de
dhíth don saol, dá bharr sin cuireadh gach carr le réimse leathan de chlocha
agus créafóige a fhiosrú a mbeadh leid iontu maidir le huisce a bheith ar Mhars.
Meánn na carranna 174kg an ceann. Tá siad 1.5 méadar ar airde, 2.3 méadar
ar leithead agus 1.6 méadar ar fad agus tá 6 roth orthu le trastomhas de 10
orlach a bhí deartha le geiteanna a ionsú de réir mar a bhog siad thar
dhromchla Mhars.
Bhí ceamaraí ar gach carr sa dóigh is go bhfeicfeadh eolaithe cad é an chuma
atá ar dhromchla Mhars. Tá cuid de na ceamaraí ann le ligean don charr
bacainní is féidir a bheadh sa bhealach a aimsiú. Tá na príomh-cheamaraí atá
suite ar chuaille thart fá 1.5 méadar ar airde, atá thart fá chomh hard céanna le
hairde gheolaí daonna agus é ag déanamh suirbhé ar an suíomh. Tugann siad
radharc 360°. Cuirtear na tomhais agus na híomhánna a ghlacann na ceamaraí
ar ais chuig na heolaithe le haintéiní atá ábalta cumarsáid a dhéanamh leis an
domhan go díreach nó trí na spásárthaigh Suirbhéir Uilíoch Mhars nó Odaisé
Mhars atá ag fithisiú thart ar an phláinéad. Thig leis na heolaithe a fhaigheann
an t-eolas cinneadh a dhéanamh ar cén áit a gcuireann siad an carr anois agus
cé acu créafóg agus clocha a fhiosraíonn siad.
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
16
Tá an carr ábalta taistil suas le 100 méadar sa lá ach is minic a thaistileoidh sé i
bhfad níos lú ná sin leis an am a ghlacadh leis an chréafóg, clocha agus an t-
atmaisféar a fhiosrú. Tá stiúradh ag an tús agus ag an chúl agus is é 0.02 msu
an meán-luas s’acu.
Thig leis na teochtaí ar Mhars bheith chomh híseal le -105°C le linn na hoíche,
dá bharr sin tá ocht dtéitheoir ar an dá charr chun na batairí agus na
leictreonaigh a choinneáil te. Luchtaíonn painéil ghréine na batairí le linn an
lae.
Tá lámh róbataic ag gach carr atá ábalta trealamh eolaíoch a chur go díreach
taobh le gnéithe den tírdhreach. Tá mion-cheamara ag an lámh a úsáidtear mar
ghloine formhéadaithe. Tá Uirlis Scríobtha Carraige ag an lámh a úsáidtear leis
an taobh istigh de chloch a léiriú, mar a dhéanfadh geolaí lena chasúr ar an
domhan.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cad chuige go príomha ar cuireadh carranna chuig Mars? A le rudaí beo a aimsiú
B le stair uisce ar Mhars a fhiosrú
C le clocha a bhriseadh suas
D le pictiúir de Mhars a ghlacadh
Cad é an fad de charr Mars? A 10 orlach
B 1.5 méadar
C 174 kg
D 1.6 méadar
43
44
30
35
40
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
17
Cad é an fad is faide a thig leo taistil? A níos lú ná 100 méadar in aghaidh an lae
B suas le 100 méadar in aghaidh an lae
C níos mó ná 100 méadar in aghaidh an lae
D níos mó ná 100 méadar in aghaidh uaire
Cá bhfuil an mion-cheamara? A curtha ar an phríomh-chuaille
B ar Odáise Mars
C ar an cheamara bacainní
D ar an lámh róbataic
Cad iad na hainmneacha atá ar na feithiclí a cuireadh chuig Mars i 2003? A Spiorad agus Odáise
B Mars agus Odáise
C Mars agus Spiorad
D Spiorad agus Deis
Cad é an leasainm atá ar Mhars? A An Odáise
B An Plainéad Dearg
C RNAS
D geolaí
45
46
47
48
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
18
Cad chuige a bhfuil na príomh-cheamaraí ar chuaillí atá thart ar 1.5 méadar ar airde? A le bheith ábalta amharc thar bhacainní
B le bheith thart ar an airde céanna le duine
C le radharc 360° a léiriú
D le heolas a chur ar ais chuig an domhan
Cad é an t-ainm a bhí ar shatailít a bhí ag fithisiú Mars ag an am seo? A Spuitnic
B Apollo
C Néaró
D Odaisé
Cé acu an t-ainmfhocal ar líne 9? A chur
B carranna
C fháil
D Mars
Cé acu an briathar ar líne 34? A leictreonaigh
B te
C luchtaíonn
D ghréine
49
50
51
52
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
19
Cé acu an réamhfhocal ar líne 17? A ar
B gach
C go
D é
Cad is ciall leis an fhocal ‘thuirling’ ar líne 4? A d’imigh siad ón talamh
B tháinig siad go talamh
C bhog siad thar an talamh
D thochail siad sa talamh
Cé acu na focail le fléiscín sa pharagraf deireanach? A Uirlis agus Scríobtha
B lámh agus robataic
C mion agus cheamara
D geolaí agus casúr
54
55
53
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
-
20
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ag an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.
Cé acu an cur síos is fearr ar nuachtán? A foilseachán le liosta cuimsitheach rudaí, eagraithe go sisteamach de ghnáth
B foilseachán rialta le hailt agus léaráidí, a bhaineann le topaic ar leith
C foilseachán priontáilte le leathanaigh fhillte gan stáplaí a chuimsíonn an nuacht
D leabhar ina gcoinníonn duine taifead rialta d’imeachtaí agus eispéiris Cé acu focal ón GHLUAIS a chiallaíonn ‘dul thart agus thart ar rud’? A dumhcha B fithisigh C racán D smeach Cé acu péire focal thíos a bhfuil an chiall chéanna acu? A cliste agus amaideach B beag agus measartha C chuig agus thuig D álainn agus galánta Cé acu abairt thíos a léiríonn abairt nach bhfuil an briathar in úsáid mar is ceart ann? A Rásfaidh mé thú go bun an ghairdín.
B Éistfidh muid le Harraí ag canadh ag an cheolchoirm.
C Síleann sí go ndearna sí go maith sa teist.
D Siúil mé chuig an pháirc le mo chairde. Sa cheist seo caithfidh tú an focal is fearr a roghnú leis an abairt a chomhlánú sa dóigh is go bhfuil ciall léi. Roghnaigh ceann amháin de na freagraí agus marcáil an litir ar do leathanach freagraí Ní raibh spás ar bith ann mar bhí an chis lean lann léann lán .
56
58
59
60
DEIREADH NA TEISTE
57
A B C D
-
21
Gluais aeráid an cineál aimsire a bhíonn in áit
dumhcha cnoc mór gainimh, sa ghaineamhlach nó ar an trá
eabhar an t-ábhar crua, bán ón a ndéantar starrfhiacla eilifinte
fithisigh dul thart ar rud i gciorcal, satailít thart ar phláinéad mar shampla
gloine formhéadaithe uirlis ghloine nó phlaisteach a úsáidtear le cuma níos mó a chur ar rudaí
racán trup nó callán mór, rírá, ruaille-buaille
smeach anáil dheireanach
Leabharliosta Máirtín Mac Grianna, Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm, 2012
Teist Chleachta Gaeilge GL, Foghlaithe Mara, 2013
Teist Chleachta Gaeilge GL, Gaineamhlach an tSahára, 2013
Susan Brocker, An Síota a Chosaint
Teist Chleachta Gaeilge GL, Carr Mars, 2013
Innéacs Fianna lth. 3
foghlaithe mara lth. 8
gaineamhlaigh lth. 9
Mars lth. 15
síota lth. 14
-
1
Teist Gaeilge 43
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
N N N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A A
B B B B
C C C C
D D D D A A A A A A A A
B B B B B B B B
C C C C C C C C
D D D D D D D D
N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A
B B B
C C C
D D D A A A A A
B B B B B
C C C C C
D D D D D
2 3 4 5 6 7 8 9 10 1
12 13 14 15 16 17 18 19 20 11
22 23 24 25 26 27 28 29 30 21
32 33 34 31
36 37 38 39 40 41 42 35
44 45 46 47 48 49 50 51 52 43
54 55 53
57 58 59 60 56
-
2
Teist Gaeilge 43 - Freagraí
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
N N N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A A
B B B B
C C C C
D D D D A A A A A A A A
B B B B B B B B
C C C C C C C C
D D D D D D D D
N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A
B B B
C C C
D D D A A A A A
B B B B B
C C C C C
D D D D D
2 3 4 5 6 7 8 9 10 1
12 13 14 15 16 17 18 19 20 11
22 23 24 25 26 27 28 29 30 21
32 33 34 31
36 37 38 39 40 41 42 35
44 45 46 47 48 49 50 51 52 43
54 55 53
57 58 59 60 56