The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san...

75
Cruth nua a chur ar an Tírdhreach: Conair i dtreo Oiliúint i nDamhsa Gairmiúil ag a bhfuil Stádas Idirnáisiúnta in Éirinn

Transcript of The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san...

Page 1: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Cruth nua a chur ar an Tírdhreach: Conair i dtreo Oiliúint i nDamhsa Gairmiúil ag a bhfuil Stádas Idirnáisiúnta in Éirinn TUARASCÁIL DAMHSA AGUS OIDEACHAIS NA COMHAIRLE EALAÍON An Dr Jenny Roche, Meitheamh 2016 Clár Ábhar Liosta na bhFíoracha.......................................................................................................................................3RÉAMHRÁ.....................................................................................................................................................3ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN...................................................................................................................4RÉAMHRÁ.....................................................................................................................................................4

Page 2: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Cúlra an damhsa agus an oideachais in Éirinn................................................................................................9Ról agus stair abhcóideachta na Comhairle Ealaíon.......................................................................................9Aidhmeanna agus scóip an athbhreithnithe...................................................................................................11Modheolaíocht agus struchtúr an athbhreithnithe.........................................................................................11CAIBIDIL 1: Forléargas ar an tírdhreach reatha...........................................................................................121.1 Soláthar agus conairí atá ann cheana.......................................................................................................12

1.1.1 Bonnchúrsaí......................................................................................................................................121.1.2 Scoileanna damhsa príobháideacha.................................................................................................131.1.3 Compántais Damhsa Óige................................................................................................................131.1.4 Cúrsaí fochéime sa damhsa..............................................................................................................14

1.2 Scála agus raon na riachtanas ar leibhéal náisiúnta.................................................................................151.2.1 Riachtanais mac léinn......................................................................................................................151.2.2 Riachtanais na hearnála...................................................................................................................161.2.3 Líonraí ó chéim na hoiliúna go cleachtas gairmiúil........................................................................17

1.3 Líon na mac léinn atá ag dul thar lear.....................................................................................................171.3.1 Gearrchuntas ar na hinstitiúidí oiliúna a bhfreastalaíonn mic léinn Éireannacha orthu..........................................................................................................................................................20

CAIBIDIL 2: Dlúthchodanna le haghaidh cúrsa oiliúna tríú leibhéal sa damhsa.........................................212.1 Treochtaí idirnáisiúnta san oiliúint..........................................................................................................21

2.1.1 Cineálacha cur chuige i leith na hoiliúna agus stíleanna................................................................222.1.2 An Ceangal idir Damhsa Comhaimseartha agus Bailé...................................................................232.1.3 Cláir Oiliúna Taibheoirí in aghaidh céimeanna i Staidéar Damhsa...............................................23

2.2 Ábhair an chúrsa - sampla d’ábhair an chúrsa.........................................................................................252.3 Acmhainní agus saoráidí atá de dhíth......................................................................................................27

2.3.1 Próifíl na foirne teagaisc..................................................................................................................272.3.2 Taithí ar chleachtas gairmiúil..........................................................................................................282.3.3 Deiseanna taibhithe..........................................................................................................................282.3.4 Spás...................................................................................................................................................29

CAIBIDIL 3: An fhéidearthacht atá ann BA sa Damhsa a bhunú.................................................................303.1 An damhsa laistigh den Ardoideachas in Éirinn.....................................................................................30

3.1.1 An Damhsa agus na Tionscail Chruthaitheacha..............................................................................303.1.2 Bonneagar reatha agus soláthar atá ann a thabhairt le chéile........................................................313.1.3 Maoiniú tríd an Údarás um Ardoideachas.......................................................................................313.1.4 Oiliúint ghairmiúil laistigh de chéim BA in Éirinn..........................................................................31

3.2 Acadamh Náisiúnta Damhsa a bhunú in Éirinn.......................................................................................323.2.1 Samhlacha atá ann cheana...............................................................................................................323.2.2 Naisc le hearnáil damhsa na hÉireann............................................................................................333.2.3 Na dúshláin roimh eagraíocht nua oiliúna a bhunú........................................................................33

3.3 Príomhcheisteanna i gcomhair forbairtí sa réimse seo............................................................................343.3.1 Tagarmharcáil ó dhearcadh na hÉireann agus ón dearcadh idirnáisiúnta.....................................343.3.2 Béim náisiúnta agus idirnáisiúnta....................................................................................................353.3.3 Margaíocht agus infheictheacht.......................................................................................................353.3.4 Naisc le tionscal an damhsa.............................................................................................................36

3.4 Áit a bhaint amach d’oiliúint ghairmiúil in éiceolaíocht damhsa na hÉireann.......................................363.4.1 Oiliúint le leanúntas cleachtais........................................................................................................363.4.2 Comhairliúchán leis an earnáil damhsa..........................................................................................38

CAIBIDIL 4: Conclúid: achoimre de na príomhthorthaí ó rannáin roimhe seo...........................................39AGUISÍN.......................................................................................................................................................41Trí chás-staidéar go hachomair......................................................................................................................41Agallaithe:.....................................................................................................................................................42Eagraíochtaí a rabhthas i dteagmháil leo:......................................................................................................42

2

Page 3: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Tagairtí:.........................................................................................................................................................43

Liosta na bhFíoracha Fíor 1.1 Céimithe ón Oiliúint Réamhghairme Cláir…………..................................................................................................18 Fíor 1.2 Céimithe atá ag dul thar lear le haghaidh breisoiliúna……………………...……............................................................18Fíor 1.3 Céimithe ón oiliúint réamhghairme/mic léinn atá ag dul thar lear le haghaidh oiliúna………………………………………………………………………...18 Fíor 3.1 A tógadh ón ‘A Continuum of Practice’ (1998) le Leatherdale agus Todd ….......................................................................................................................34 Fíor 3.2 An Éiceolaíocht Damhsa faoi láthair in Éirinn………………......…..35 RÉAMHRÁ Níl aon chonair fhoirmiúil in Éirinn go fóill a chuireann ar chumas damhsóirí oiliúint ar ardleibhéal teicníce agus ceardúlachta a fháil rud atá ag teastáil ó thaobh chaighdeán idirnáisiúnta na linne seo. Léirigh taighde a rinneadh roimhe i gcás go leor de na mic léinn ar mian leo oiliúint ghairmiúil a fháil, imíonn siad gach bliain chun áiteanna a ghlacadh i scoileanna agus i gcoláistí lasmuigh den tír agus tarlaíonn sé sin mar gheall ar an mbearna atá i gcóras foirmiúil na hÉireann san oideachas damhsa. Bhí éifeacht an-diúltach ag an easnamh seo ar fhorbairt chleachtais an bhailé agus an damhsa chomhaimseartha in Éirinn agus bhí sé ina chonstaic mór roimh a ndul chun cinn. Glacadh leis an tsaincheist seo agus pléadh í i líon tuarascálacha tábhachtacha de chuid na Comhairle Ealaíon ar oideachas damhsa gairmiúil in Éirinn le tríocha bliain anuas, lena n-áirítear: The Dancer and the Dance (1985) le Peter Brinson; Shall We Dance? le Leatherdale agus Todd (1998); A Professional Dance Curriculum for Ireland (2003) le Yannick Marzin; agus Céim Chun Tosaigh: Clár i gcomhair Damhsa Réamhghairmiúil Comhaimseartha in Éirinn (2010) le Victoria O’Brien; agus le deireanaí, Athbhreithniú ar an mBeartas Bailé (2013). De bharr an sainchúram atá uirthi, ní féidir ról lárnach a bheith ag an gComhairle Ealaíon maidir le hoideachas foirmiúil tríú leibhéal a fhorbairt. Eascraíonn an méid a bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag díriú air ó thaobh na saincheiste seo ón ról córasach atá ag oideachas damhsa maidir le bunú cleachtais damhsa ghairmiúil agus cleachtais damhsa phobalbhunaithe agus iad a fhorbairt. Chuir na tuarascálacha a bhí ann roimhe seo bonn maith faoi abhcóideacht, toisc go léiríonn siad gur chuir easpa na dlúthcoda seo bac ar fhorbairt bheartas na Comhairle Ealaíon. Cuirtear an tuairisc seo i gcomhthéacs leis an bhforbairt a rinneadh le déanaí ar straitéis deich mbliana arna foilsiú in 2016 faoin gcreatlach Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Coinníonn an Chomhairle Ealaíon an tsaincheist maidir le hoiliúint

3

Page 4: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

fhoirmiúil an damhsa chun tosaigh trí staidéar nua a choimisiúnú ar oideachas damhsa. Anuas air sin, tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh teacht ar shocruithe breise chun rochtain ar ardoiliúint ghairmiúil damhsa a aimsiú agus a chinntiú go bhfuil na caighdeáin idirnáisiúnta is airde d’oideachas damhsa ar fáil in Éirinn ar mhaithe le héiceolaíocht iomlán chomhtháite an damhsa. ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN RÉAMHRÁ Cúlra an damhsa agus an oideachais in Éirinn Pléitear sa tuarascáil seo soláthar reatha agus forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i gcomhair oiliúint ar leibhéal gairmiúil sa damhsa in Éirinn. Cuireann tuarascálacha de chuid na Comhairle Ealaíon a rinneadh roimhe seo sa réimse (Brinson 1985; Leatherdale agus Todd 1998; Marzin 2003; O'Brien 2010; McGrath, Parnell agus O'Brien 2013), leis an doiciméad agus cuireann siad bonn eolais faoi. Cé go raibh roinnt tionscnamh dearfach ann, le himeacht na mblianta, chun tacú le deiseanna oiliúna a bhí taobh amuigh den tír do mhic léinn agus chun cuidiú leis na mic léinn sin ceangal a dhéanamh arís eile le líonraí damhsa in Éirinn, níl tionscnamh soiléir ann le clár oiliúna gairmiúil a bhunú ag a bhfuil an tacaíocht institiúideach atá de dhíth chun bheith san iomaíocht ar leibhéal idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, i gcás damhsóirí atá in Éirinn, ciallaíonn an cinneadh dul leis an damhsa mar ghairm go mbíonn orthu taisteal thar lear chun oiliúint ar leibhéal gairmiúil a fháil ag ardscoil sheanbhunaithe damhsa. Tá an bhearna seo san oideachas aimhrialta i measc tíortha forbartha agus tá tionchar diúltach aici ar fhorbairt na foirme ealaíne i gcoitinne. Ról agus stair abhcóideachta na Comhairle Ealaíon D’ainneoin nach bhfuil oideachas foirmiúil san áireamh ar shainchúraimí na Comhairle Ealaíon, tá príomhfheidhm ag an eagraíocht bheith ar son oiliúna ar leibhéal gairmiúil. Déantar é sin trí líon tuarascálacha a choimisiúnú a rinne iniúchadh ar an ábhar seo mar shaincheist lárnach agus a phléigh an tionchar atá aige ar fhorbairt níos leithne an damhsa in Éirinn (Brinson 1985; Leatherdale agus Todd 1998; Marzin 2003; O'Brien 2010; McGrath, Parnell agus O'Brien 2013). Ó 1977 go 2002, bhí trialacha iomaíocha ann agus chuir an Chomhairle Ealaíon sparánachtaí ar fáil le haghaidh costais na mac léinn a bhí ag dul faoi oiliúint thar lear. I gcás an-chuid de na mic léinn sin a fuair maoiniú ag an bpointe ríthábhachtach sin i bhforbairt a ngairme bhain siad gairmeacha iontacha amach sa bhailé agus sa damhsa comhaimseartha. D’ainneoin go raibh a lán mac léinn ann a d’fhan thar lear i gcomhair fhormhór a ngairme, bhí líon ann, chomh maith céanna, a rinne obair mhór chun an damhsa mar fhoirm ealaíne a fhorbairt in Éirinn. Cé go bhfuil fiúntas ag baint lena leithéid de chláir, ní hionann iad agus oideachas foirmiúil tríú leibhéal. Aidhmeanna agus scóip an athbhreithnithe Is é aidhm na tuarascála seo, agus an cúlra agus an comhthéacs stairiúil ar a dtugtar achoimre thuas a chur san áireamh, bonn eolais a chur faoi chonairí i gcomhair oiliúint damhsa ghairmiúil in Éirinn agus iad a chur chun cinn. Chomh maith le beartas níos leithne a bheith ag an gComhairle Ealaíon sa réimse. Tugtar miondealú ar an mbunaidhm sna cuspóirí seo a leanas:

4

Page 5: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

• Achoimre fíriciúil a chur ar fáil faoin soláthar atá ann i gcomhair oideachas damhsa in Éirinn (cláir iar-Ardteistiméireachta agus cláir tríú leibhéal)

• Scála agus raon riachtanais a aithint i gcás mac léinn atá ag tabhairt faoi

oiliúint damhsa iar-Ardteistiméireachta agus oiliúint damhsa tríú leibhéal in Éirinn

• Méar a leagan go cruinn ar na dlúthchodanna atá riachtanach chun clár damhsa

tríú leibhéal ag a bhfuil stádas idirnáisiúnta a chur ar fáil • Múnla oideachais a mholadh agus a phlé, a bheadh ag teacht le sineirgí earnáil

damhsa na hÉireann, agus é a bheith ábhartha agus iomaíoch ar leibhéal idirnáisiúnta

• Acmhainneacht a fhiosrú faoi BA a bhfuil iomrá air sa Damhsa a bhunú mar

chuid de na cláir atá á gcur ar fáil sna heagraíochtaí tríú leibhéal • An deis a fhiosrú ó thaobh Acadamh Náisiúnta an Damhsa a chur ar bun

• Páirtithe seachtracha den scoth a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint a

chabhródh lena leithéid de thionscnamh a choinneáil ar ardchaighdeáin idirnáisiúnta

Modheolaíocht agus struchtúr an athbhreithnithe Is éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó na réimsí maidir le hoiliúint damhsa, oideachas na n-ealaíon taibhiúcháin tríú leibhéal agus an earnáil damhsa ghairmiúil in Éirinn. Iarradh ar ionadaithe as Bonnchúrsaí Damhsa, de chuid Compántais Damhsa Óige agus de chuid Cúrsaí Damhsa sna Coláistí Breisoideachais suirbhéanna a chomhlánú agus tugadh an rogha dóibh tuairimí a thabhairt ina thaobh. Tá na rannpháirtithe agus na hagallaithe liostaithe san aguisín. CAIBIDIL 1: Forléargas ar an tírdhreach reatha 1.1 Soláthar agus conairí atá ann cheana I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an tírdhreach agus comhairliúcháin le hionadaithe de chuid na bpríomheagraíochtaí oideachais agus na bpríomheagraíochtaí gairmiúla, is léir nach gcuireann Éire oiliúint sa damhsa ar leibhéal gairmiúil ar fáil atá ar chaighdeán idirnáisiúnta. Is fíor nach maíonn soláthraithe oideachais an caighdeán seo oiliúna a chur ar fáil agus nuair nach bhfuil soláthar ar fáil in Éirinn, díríonn siad ina áit ar chonairí inmharthana agus fiúntacha a chur ar fáil do mhic léinn chun freastal ar na hinstitiúidí eile thar lear. Cuirtear an soláthar in Éirinn agus conairí reatha i dtreo oiliúint ghairmiúil ar fáil trí bhonnchúrsaí, scoileanna príobháideacha damhsa agus compántais damhsa óige. Tá ról ag na heagraíochtaí sin ar fad chun tacú le mic léinn tabhairt faoi bhreisoiliúint ghairmiúil thar lear. Áirítear ar na forbairtí a rinneadh le déanaí san earnáil Ardoideachais deireadh a chur le BA (Onóracha) sa Damhsa ag Ollscoil Uladh. Agus

5

Page 6: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

pleananna chun na bunchéimeanna atá ag Ollscoil Luimnigh a athdhearadh áit a bhfuil BA (Onóracha) sa Ghuth agus sa Damhsa ann, chun sainsruth damhsa comhaimseartha a bheith san áireamh ann. Tá tuilleadh réimsí ann ar a bhféadfaí forbairt a dhéanamh chun soláthar damhsa a bheith go fadtéarmach ag Ollscoil na hÉireann (Gaillimh) agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta). 1.2 Scála agus raon riachtanas ar leibhéal náisiúnta Tréimhse fhíordhúshlánach is ea é seo do dhaoine óga na hÉireann atá ag iarraidh dul faoi oiliúint ghairmiúil sa damhsa thar lear. Is minic gur cúiseanna airgeadais an príomhbhac a bhíonn ann, mar bharr ar an donas bíonn cúiseanna eile ann ina dtaobh, ar nós easpa aitheantais ar an damhsa mar ghairm inmharthana i gcás na dtuismitheoirí, mí-aibíocht mhothúchán a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás mic léinn a bhfuil cónaí orthu ina n-aonar thar lear agus an easpa conairí substaintiúla maoinithe atá ann chun tacú le costais maireachtála agus táillí. De bharr an riachtanas atá ann do mhic léinn damhsa ardchumais taisteal thar lear le leanúint ar aghaidh lena gcuid oiliúna tá tionchar aige sin ar chaighdeán oibre an damhsa atá á chruthú in Éirinn. D'admhaigh an pobal damhsa gur ghá damhsóirí an-oilte a bheith lonnaithe in Éirinn chun cur le caighdeán na léiriúchán damhsa agus chun forbairt a dhéanamh ar chultúr iomaíoch damhsa agus ar chultúr níos bríomhaire damhsa. Cé go gcuidíonn tionscnaimh ar nós Tionscadal Damhsa Céim chun Tosaigh le céimithe na hÉireann ó institiúidí idirnáisiúnta chun ceangal leis an earnáil damhsa arís eile, i gcás a lán damhsóirí a fhaigheann oiliúint thar lear fanann siad thar lear. Dá bharr sin tá baint acu leis an gcaillteanas leanúnach saineolais agus scileanna atá ann as a mbaineann earnálacha eile idirnáisiúnta damhsa tairbhe. 1.3 Líon na mac léinn atá ag dul thar lear Meastar le linn na tréimhse 2012 go 2014, i gcás thart ar 71 céimí ó chúrsaí oiliúna réamhghairme in Éirinn, gur lean 36 céimí ar aghaidh i mbun oiliúna in institiúidí thar lear. Níl aon fhigiúirí curtha i dtoll a chéile ar líon na mac léinn a bhaineann céim amach ó na scoileanna príobháideacha damhsa, ná níl aon fhigiúirí soiléire le fáil faoi na bonnchúrsaí, na scoileanna príobháideacha damhsa agus na compántais damhsa óige, ar figiúirí iad a thagann salach ar a chéile go minic. Léiríonn an figiúr seo laghdú de thart ar 30% ó thuarascáil O’Brien ar na figiúirí seo in 2010. Faightear léiriú air sin sna tuairimí a bhí ag daoine sna suirbhéanna inar léiríodh é seo mar thréimhse a bhí ag éirí níos deacra agus níos deacra ar mhic léinn damhsa chun oiliúint thar lear a mhaoiniú. Tá mic léinn ag dul go dtí scoileanna níos saoire, dá bharr sin, nach bhfuil an t-ardmheas céanna orthu, nó ní théann siad le haghaidh trialach in aon chor agus fios acu nach mbeidh siad in ann airgead a chur ar fáil dá gcuid staidéir fiú má éiríonn leo. Ina ainneoin sin, is próifíl atá ar an gcaighdeán is airde go ginearálta na hardscoileanna damhsa ag a bhfaigheann mic léinn de chuid na hÉireann áit trí thrialacha iomaíocha. Léiríonn sé sin go bhfuil a lán mac léinn damhsa cumasach ann a imíonn ar aghaidh ó oiliúint réamhghairme in Éirinn ar bhonn bliantúil a bhfuil cumas iontu tabhairt faoi ghairm sa damhsa ar leibhéal idirnáisiúnta. Ina theannta sin, tá tuairim is 35 mac léinn nach bhfuil san áireamh a d’fhéadfadh a bheith in ann dul leis an ngairm ach nach bhfuil in ann dul léi de bharr na gconstaicí éagsúla a dtugtar achoimre orthu thuas.

6

Page 7: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

CAIBIDIL 2: Dlúthchodanna le haghaidh cúrsa oiliúna tríú leibhéal sa damhsa 2.1 Treochtaí idirnáisiúnta san oiliúint Tá tionchar ag athruithe domhanda sa mhargadh fostaíochta ar oiliúint sa damhsa gairmiúil. Aithnítear an damhsa, go hidirnáisiúnta, mar rogha ghairme inmharthana laistigh den gheilleagar cruthaitheach, agus forbraíonn oiliúint damhsa ghairmiúil raon scileanna inaistrithe a chuireann ar chumas céimithe dul isteach i ngairmeacha cruthaitheacha, taibhithe, taighde agus múinteoireachta. Tá cáilíochtaí creidiúnaithe riachtanach agus mar sin, déanann formhór na gclár rathúil idirnáisiúnta oiliúna damhsa céim BA a bhronnadh. Tá sé tábhachtach cáilíocht aitheanta a bhaint amach sna healaíona cruthaitheacha, ós rud é go mbeidh ‘gairm portfóilió’ (Bamford et al 2013) ag beagnach gach duine gairmiúil. I gcás an damhsa is minic a bhíonn athoiliúint i gcomhair gairm eile i gceist nuair a théann duine amach sna blianta. Ar mhaithe le bheith iomaíoch sa mhargadh fostaíochta, táthar ag súil go mbeidh leibhéal ard i gcumas teicniúil damhsa, scileanna smaointeoireachta criticiúla, saineolas cruthaitheach agus béim fiontraíochta ag na céimithe damhsa. Mar sin, ba cheart an oiliúint a bheith ilghnéitheach, ilchineálach, dírithe ar an tionscal, dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus go ndéanfaidh sí dearcadh neamhspleách an mhic léinn a fhorbairt. 2.2 Ábhair an chúrsa - sampla d’ábhair an chúrsa I ndiaidh spléachadh a thabhairt ar an réimse cláir oiliúna taibheoirí atá ann faoi láthair, tugtar an achoimre seo a leanas ar ábhair cúrsa mar threoir. Tugtar tús áite d’obair phraiticiúil sa stiúideo, mar aon le hábhair a chuireann an fhoghlaim phraiticiúil seo i gcomhthéacs trí smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, géire fiontraíochta agus eolas ar anatamaíocht agus cinéiseolaíocht a fhorbairt: Damhsa Comhaimseartha, Bailé, Seánraí damhsa eile (ar nós damhsa traidisiúnta na hÉireann nó damhsa na hAfraice), Páirtí, Cóiréagrafaíocht, Taibhithe, an Anatamaíocht agus an chinéiseolaíocht, Oiliúint Chomhlántach, Seiftiú, Comhthéacsú an Damhsa (modúil theoiriciúla) agus Fiontraíocht. 2.3 Acmhainní agus saoráidí atá de dhíth Is réimse cleachtaidh atá dian ar acmhainní é an damhsa. Tá saoráidí ar ardchaighdeán ina ndlúthchuid de shábháilteacht choirp na ndamhsóirí agus chun na scileanna teicniúla atá i gceist a léiriú. Tá cáilíocht na múinteoirí damhsa fíorthábhachtach chun mac léinn a thabhairt chun cinn. Ba cheart roghnú na múinteoirí a bheith bunaithe ar ardchaighdeáin iomaíochta mar sin, chun teacht le noirm idirnáisiúnta. Laistigh de chlár oiliúna, tá sé riachtanach foireann bhuan a bheith ann a bhfuil an saineolas ardleibhéal damhsa acu chun dearadh agus soláthar an churaclaim a chomhordú le hais na múinteoireachta. Tá sé chomh tábhachtach céanna ámh múinteoirí damhsa ar ardchaighdeán a bhfuil an-taithí acu sa tionscal a fhostú ar bhonn páirtaimseartha nó ar bhonn sealadach. Tá spásanna stiúideo riachtanach i gcás clár damhsa ar bith chun cleachtas sábháilte damhsa agus oiliúint ar ardchaighdeán a dheimhniú. D’fhonn clár BA trí bliana a reáchtáil, beidh ar a laghad trí stiúideo damhsa idir stiúideonna meánmhéide go stiúideonna móra de dhíth nach mbeidh cead ach ag an gclár amháin iad a úsáid.

7

Page 8: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

CAIBIDIL 3: An fhéidearthacht atá ann BA sa Damhsa a bhunú 3.1 An damhsa laistigh den Ardoideachas in Éirinn De bharr thráchtearrú geilleagrach na n-ealaíon cruthaitheach agus na dtaibhealaíon, tá cás níos láidre ann maidir le luach na n-ealaíon sa tsochaí ach iad a thabhairt le chéile faoi choimirce na dTionscal Cruthaitheach. Dá réir sin, tá níos mó seans ann i gcás forbairtí sa réimse seo go dtiocfaidh athrú ar phatrúin oideachais agus oiliúna maidir leis an damhsa sna blianta amach romhainn laistigh den ‘gheilleagar eolasbhunaithe’ (Bullen, Robb agus Kenway 2004, 6). Éilítear sa Dublin Creative Arts Review comhdhlúthú agus soiléiriú conairí oideachais le haghaidh foghlaimeoirí a bheith ann trí ‘chomhpháirtíochtaí ingearacha agus cothrománacha a bheith ann idir soláthraithe oideachais agus institiúidí cultúir’ (Bamford et al. 2013, 2). Leithdháiltear maoiniú ar institiúidí tríú leibhéal trí Shamhail Leithdháilte Deontais Athfhillteach HEA agus faigheann múinteoireacht sa stiúideo 1.3 den leithdháileadh sin (Buckley 2010, 22). Tá uathriail ag ollscoileanna chun an maoiniú seo a dháileadh ar na cláir, rud atá tábhachtach i gcás ábhar atá dian ó thaobh acmhainní de, ar nós an damhsa. Is iomaí buntáiste a bhaineann le clár oiliúna gairmiúil a chur laistigh de shamhail ollscoile. Ina dhiaidh sin féin, tá sé ríthábhachtach go bhfuil caighdeáin tionscail an damhsa i gcroílár an dearaidh d’aon chlár BA a bheartaítear. 3.2 Acadamh Náisiúnta Damhsa a bhunú in Éirinn Is samhlacha ar éirigh leo iad samhlacha LIR Academy agus samhlacha Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann a fhéadfar a úsáid mar theimpléid i gcomhair tionscnaimh den chineál céanna sa damhsa. Ina dhiaidh sin féin, ar mhaithe le hacadamh náisiúnta damhsa a fhorbairt in Éirinn, chaithfeadh ardscoil sheanbhunaithe damhsa a bheith ann a mbeadh sé léirithe arís agus arís eile aici go mbeadh an ardscoil in ann an chéad chéim eile a thógáil. Bheadh na hacmhainní riachtanacha ag teastáil óna leithéid d’eagraíocht chun cur lena cláir reatha agus chun iad a chur ar aon dul leis an oiliúint ghairmiúil ag a bhfuil stádas idirnáisiúnta. Níl a leithéid d’acadamh ann, sa tírdhreach faoi láthair, mar sin chaithfí acadamh a bhunú agus creidiúnú a fháil le himeacht aimsire chun teacht a bheith aige ar an maoiniú atá mar chuid de Chreat Cáilíochtaí Náisiúnta HEA agus chun mic léinn a mhealladh a thuigeann an gá bunchéim a bheith acu. Tá deis ann do thionscnaimh a thugann saineolas, acmhainní agus creidiúnú institiúideach le chéile trí eagraíochtaí ar nós Damhsa Éireann. Ina dhiaidh sin féin, ós rud é go bhfuiltear ag díriú ar chomhdhlúthú tráth scríofa na tuarascála seo, d’fhéadfadh sé nach dtabharfadh an Roinn Oideachais nó HEA tús áite d’acadamh náisiúnta nua damhsa a fhorbairt. D’fhéadfadh eisceacht a bheith ann dá mbeadh teacht ar mhaoiniú daonchairdiúil chun acadamh náisiúnta damhsa a bhunú mar a tharla i gcás Lir Academy. 3.3 Príomhcheisteanna i gcomhair forbairtí sa réimse seo Tá tagarmharcáil idirnáisiúnta riachtanach chun clár oiliúna ag a bhfuil caighdeán agus stádas den scoth a bhunú in Éirinn. Molann McGrath (2013) dul i gcomhaire le Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (CCÉ) chun ‘straitéis rialaithe cáilíochta a fhorbairt d’oiliúint fhoirmiúil an damhsa in Éirinn’. Cé go bhféadfar cásanna a dhéanamh ar son cúrsa a bheith ann i mBaile Átha Cliath nó cúrsa a bheith ann go réigiúnach, bheadh an bonneagar agus an tacaíocht institiúideach atá ann fíorthábhachtach agus

8

Page 9: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

suíomh an chúrsa á roghnú. Is beag seans go dtacóidh HEA le níos mó ná cúrsa oiliúna amháin sa damhsa gairmiúil in Éirinn de bharr an éilimh réasúnta beag atá air i gcomparáid le hábhair eile. Is príomhghnéithe iad an mhargaíocht, an phoiblíocht agus líonraí a chothú le heagraíochtaí damhsa atá ann chun cúrsa a bhfuil próifíl náisiúnta aige a bhunú. 3.4 Áit a bhaint amach d’oiliúint ghairmiúil in éiceolaíocht damhsa na hÉireann Ó thaobh éiceolaíocht náisiúnta inmharthana damhsa a bheith in Éirinn, tá cuid mhaith de na dlúthghnéithe ann chun earnáil láidir spleodrach a chruthú1. Agus is féidir talamh slán a dhéanamh de mar sin gurb é an easpa oiliúna ar leibhéal gairmiúil an lúb ar lár sa slabhra proifisiúnaithe. Moltar go n-áirítear ar aon fhorbairtí sa réimse seo cur chuige cuimsitheach comhairliúcháin ina dtéitear i dteagmháil leis an bpobal damhsa. Tá sé cruthaithe go n-éiríonn leis sin i gcúrsaí téatair i gcás fhorbairt LIR Academy. Agus ba cheart go ndéanfadh sé sin ‘tacaíocht’ ón earnáil damhsa a chinntiú chun go gcuireann na cláir oiliúna ar chumas mac léinn bogadh ón oiliúint réamhghairme isteach go dtí oiliúint ghairmiúil lánaimseartha. Agus i ndiaidh céim a bhaint amach, áit a ghlacadh laistigh den earnáil náisiúnta damhsa agus/nó laistigh den earnáil idirnáisiúnta damhsa. RÉAMHRÁ

Cúlra an damhsa agus an oideachais in Éirinn Pléitear sa tuarascáil seo soláthar reatha agus forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i gcomhair oiliúint ar leibhéal gairmiúil sa damhsa in Éirinn. Cuireann torthaí na tuarascála leis na tuarascálacha de chuid na Comhairle Ealaíon a bhí ann roimhe seo inar pléadh oiliúint ghairmiúil sa damhsa (Brinson 1985; Leatherdale agus Todd 1998; Marzin 2003; O'Brien 2010; McGrath, Parnell agus O'Brien 2013). Is é an comhdhearcadh a tháinig chun cinn thar na mblianta sin agus atá ann fós laistigh den phobal damhsa i gcoitinne ná gur constaic mhór i bhforbairt agus i seasmhacht na foirme ealaíne in Éirinn é an easpa oiliúna i ndamhsa ar leibhéal gairmiúil lena dtacaíonn na hinstitiúidí. I gcás damhsóirí atá in Éirinn ciallaíonn a gcinneadh chun dul leis an damhsa mar ghairm nach mór dóibh taisteal thar lear le hoiliúint ar leibhéal gairmiúil a fháil ag ardscoil seanbhunaithe damhsa. Cé go bhfuil buntáistí áirithe i gceist leis an taithí sin ó thaobh cur lena ndearcthaí pearsanta féin, ag an am céanna déanann sin gairmithe damhsa atá ag teacht chun cinn a scaradh ón éiceolaíocht damhsa in Éirinn. A luaithe agus atá a n-oiliúint thart, níl sé éasca ar chéimithe dul isteach arís sa tírdhreach cruthaitheach in Éirinn agus é a athnuachan. Cé go raibh tionscnaimh dhearfacha éagsúla ann chun tacú le deiseanna oiliúna a bhí ann taobh amuigh den tír do mhic léinn agus chun cuidiú leo ceangal le líonraí damhsa in Éirinn arís agus iad ina gcéimithe, ní raibh tionscnamh dírithe ann clár oiliúna gairmiúla a bhunú ag a bhfuil an tacaíocht institiúide atá de dhíth chun dul san iomaíocht ag leibhéal idirnáisiúnta.

Ról agus stair abhcóideachta na Comhairle Ealaíon Tharraing an Chomhairle Ealaíon príomhról chuici féin chun bheith ar son oiliúna ar leibhéal gairmiúil trí roinnt tuarascálacha a choimisiúnú a rinne iniúchadh ar an ábhar

1 Féach cuid 3.4.1 le haghaidh achoimre ar an éiceolaíocht damhsa in Éirinn.

9

Page 10: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

mar shaincheist lárnach agus inar pléadh an tionchar atá aige ar fhorbairt níos leithne an damhsa in Éirinn. Admhaíodh sa chéad tuarascáil den chineál sin, The Dancer and the Dance: Developing Theatre Dance in Ireland le Peter Brinson (1985) an gá a bhí ann féiniúlacht dhúchasach an damhsa a fhorbairt a léireodh féiniúlacht ar leith chultúr na hÉireann. Cé go bhfeidhmíonn damhsa i réimse domhanda idirnáisiúnta, tá nósanna éagsúla stíle ag tíortha éagsúla a léiríonn a bhféiniúlacht cultúir féin. Agus is slí amháin na difríochtaí atá ann maidir le cuir chuige i dtaobh oiliúint damhsa chun na léirithe ar leith a chruthú. Thug Brinson (1985) faoi deara ‘an tionchar láidir a bhí ag cleachtais oideachais damhsa na Breataine agus gairmoiliúint na Breataine’ ar earnáil damhsa na linne sin. Agus bhí sé ar son pleanáil straitéiseach ‘chun saothar córagrafach a chothú agus chun oiliúint a chur ar dhamhsóirí agus ar mhúinteoirí damhsa in Éirinn le foirmeacha Éireannacha amach is amach den damhsa amharclannaíochta a chruthú.

In 1977, bhronn an Chomhairle Ealaíon an chéad sparánacht ar dhamhsóir chun tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha i Londain. Fuair Katherine Lewis2, a bhí sé bliana déag d’aois ag an am, £800 chun áit a ghlacadh ag Royal Ballet School (Scoile Ríoga an Bhailé) i Londain (An Chomhairle Ealaíon 1978). Le linn na mblianta ina dhiaidh sin, bhí an tacaíocht seo ar fáil le haghaidh mic léinn a thaisteal thar lear chun dul faoi oiliúint go príomha, cé go bhfuair roinnt mac léinn maoiniú chun tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha le Irish National Ballet (Bailé Náisiúnta na hÉireann) agus le Dublin City Ballet (Bailé Chathair Bhaile Átha Cliath) sna 1980idí. I gcás an-chuid de na mic léinn sin a fuair maoiniú ag an bpointe ríthábhachtach sin i bhforbairt a ngairme bhain siad gairmeacha iontacha amach sa bhailé agus sa damhsa comhaimseartha. Cé gur fhan roinnt acu thar lear ar feadh fhormhór a ngairme, bhí líon ann, chomh maith céanna, ar ar cuireadh oiliúint thar lear a rinne obair mhór ar son an damhsa a fhorbairt mar fhoirm ealaíne in Éirinn.

D’fhógair an Chomhairle Ealaíon ina Plean Ealaíon 2002 go 2006, go raibh sí chun deireadh a chur leis an oiliúint fhochéime de réir a chéile3 agus í ag díriú cur ina luí ar údaráis oideachais chun oiliúint damhsa d’fhochéimithe a chur ar fáil agus ‘oiliúint ghairmiúil chuimsitheach sa damhsa’ a mholadh (An Chomhaire Ealaíon 2002, 28). An tráth úd, tugadh achoimre i ndoiciméad beartais dar teideal The Participation of Young People in the Arts in Ireland (Coughlan 2002, 15) ‘nach raibh aon ghairmoiliúint shoiléir ná conairí forbartha gairme in Éirinn i gcomhair damhsóirí óga. Caithfidh an chuid is mó díobh dul ar imirce...[a tharraingíonn anuas] saincheisteanna tromchúiseacha faoi rochtain chothrom a bheith ann ní hamháin chun bheith rannpháirteach sa...damhsa ar mhaithe leis féin ach le deis a thabhairt dóibh siúd a bhfuil cumas iontu chun dul le gairmeacha gairmiúla...mar dhamhsóirí’. Ina dhiaidh sin, choimisiúnaigh an chomhairle Yannick Marzin (2003) chun curaclam don damhsa gairmiúil a fhorbairt, inar cuimsíodh bailé agus damhsa comhaimseartha a bhí ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta oiliúna. Cé go raibh tionscnaimh ann ina raibh damhsa san áireamh iontu, ar nós Coiste Speisialta um na nEalaíon agus an Oideachais agus an Tionscadal Damhsa Céim chun Tosaigh, a chruthaíonn deiseanna fostaíochta le haghaidh damhsóirí ar cuireadh oiliúint orthu le deireanaí, níl aon ghluaiseacht bhreise ann i dtreo clár oiliúna ar leibhéal gairmiúil a chur i bhfeidhm

2 Is í Katherine Lewis Stiúrthóir Ealaíne Reatha an Chompántais Náisiúnta Bailé Óige. 3 An Chomhairle Ealaíon, Tuarascáil Bhliantúil 2001.

10

Page 11: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

tríd an gComhairle Ealaíon. Ba cheart a thabhairt san áireamh san Athbhreithniú ar an mBeartas Bailé (McGrath, Parnell agus O'Brien 2013) a bhí ann le deireanaí go dtugtar achoimre ar shamhail le haghaidh BA sa Bhailé ina bhfuil an damhsa comhaimseartha mar chuid thábhachtach de. Agus cé go bhfuil sé ag teacht leis an gcuraclam atá leagtha amach ag Marzin (2003) cuimsítear treochtaí idirnáisiúnta níos deireanaí ann ina bhfuil oiliúint ghairmiúil ag teacht le bunchéim a bhronnadh.

Aidhmeanna agus scóip an athbhreithnithe Is é aidhm na tuarascála seo, agus an cúlra agus an comhthéacs stairiúil ar a dtugtar achoimre thuas a chur san áireamh, bonn eolais a chur faoi chonairí i gcomhair oiliúint damhsa ghairmiúil in Éirinn agus iad a chur chun cinn. Chomh maith le beartas níos leithne a bheith ag an gComhairle Ealaíon sa réimse. Tugtar miondealú ar an mbunaidhm sna cuspóirí seo a leanas: • Achoimre oibiachtúil a thabhairt ar an soláthar atá ann faoi láthair i gcomhair

oideachas damhsa in Éirinn (cláir iar-Ardteistiméarachta agus cláir tríú leibhéal)

• Scála agus raon riachtanas na mac léinn a aithint atá ag dul le hoiliúint damhsa

iar-Ardteistiméarachta agus oiliúint damhsa tríú leibhéal in Éirinn faoi láthair. Áirítear air sin líon na mic léinn a imíonn ón tír gach bliain chun dul le hoiliúint thríú leibhéal thar lear.

• Méar a leagan go cruinn ar na dlúthchodanna atá riachtanach chun clár damhsa

tríú leibhéal ag a bhfuil stádas idirnáisiúnta a chur ar fáil • Múnla oideachais a mholadh agus a phlé, a bheadh ag teacht le sineirgí earnáil

damhsa na hÉireann, agus é a bheith ábhartha agus iomaíoch ar leibhéal idirnáisiúnta

• Acmhainneacht a fhiosrú faoi BA a bhfuil iomrá air sa Damhsa a bhunú mar

chuid de na cláir atá á gcur ar fáil sna heagraíochtaí tríú leibhéal • An deis iniúchadh a dhéanamh ar Acadamh Náisiúnta Damhsa a bhunú (ar an

tslí céanna le, Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann, cuir i gcás, a fhaigheann tacaíocht go díreach ón Oireachtas)

• Páirtithe seachtracha den scoth a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint a chabhródh lena leithéid de thionscnamh a choinneáil ar ardchaighdeáin idirnáisiúnta

Modheolaíocht agus struchtúr an athbhreithnithe Is éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó na réimsí maidir le hoiliúint damhsa, oideachas na n-ealaíon taibhiúcháin tríú leibhéal agus an earnáil damhsa ghairmiúil in Éirinn. Iarradh ar ionadaithe as Bonnchúrsaí Damhsa, de chuid Compántais Damhsa Óige agus de chuid Cúrsaí Damhsa sna Coláistí Breisoideachais suirbhéanna a chomhlánú agus tugadh an

11

Page 12: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

rogha dóibh tuairimí a thabhairt ina thaobh. Tá na rannpháirtithe agus na hagallaithe liostaithe san aguisín. Tugtar achoimre sa chéad chaibidil ar an tírdhreach atá ann faoi láthair i gcomhair oiliúint damhsa in Éirinn. Tugtar léargas ginearálta ar na conairí atá ann le haghaidh mic léinn de chuid na hÉireann roimh oiliúint a fháil agus i ndiaidh dóibh oiliúint a fháil. Léirítear ann líon na mac léinn atá ag baint céim amach ó choláistí damhsa in Éirinn, an líon atá ag leanúint ar aghaidh ag dul isteach san oiliúint ghairmiúil agus próifíl na gcúrsaí ar a bhfreastalaítear thar lear. Déantar iniúchadh ar shaincheisteanna reatha sa dara caibidil i dtaobh oiliúint i ndamhsa gairmiúil agus na cuir chuige éagsúla i dtaobh staidéar damhsa laistigh den ollscoil. Cuirtear samhail i gcomhair clár oiliúna i ndamhsa gairmiúil i láthair ina bhfuil ábhar an chúrsa agus na hacmhainní a bheidh ag teastáil san áireamh. Tugtar achoimre i gcaibidil a trí ar an áit a bhfuil an damhsa laistigh den Ardoideachas, go háirithe an áit inar gcuirtear é sna Tionscail Chruthaitheacha. Cuirtear comhthéacs cúlra ar fáil trí achoimre a thabhairt ar an mbeartas reatha atá ann maidir le hoideachas tríú leibhéal sna healaíona in Éirinn. Déantar na deiseanna atá ann a fhiosrú faoi Acadamh Náisiúnta Damhsa a bhunú taobh le saincheisteanna ar nós tagarmharcháil idirnáisiúnta. Déantar achoimre a thabhairt faoin gcaoi ar féidir oiliúint a chur laistigh de chontanam cleachtais damhsa (Leatherdale agus Todd 1998). Agus tugtar na moltaí deiridh le haghaidh cúrsa oiliúna i ndamhsa gairmiúil i dtaca le suíomh in Éirinn, comhairliúchán leis an earnáil agus an caidreamh leis an tionscal damhsa. Tugtar na caibidlí a bhí roimpi le chéile i gcaibidil a ceathair agus déantar tátal a bhaint astu trí achoimre a thabhairt ar phríomhthorthaí na tuarascála. CAIBIDIL 1: Forléargas ar an tírdhreach reatha

1.1 Soláthar agus conairí atá ann cheana I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an tírdhreach agus comhairliúcháin le hionadaithe de chuid na bpríomheagraíochtaí oideachais agus na bpríomheagraíochtaí gairmiúla, is léir nach gcuireann Éire oiliúint sa damhsa ar leibhéal gairmiúil ar fáil atá ar chaighdeán idirnáisiúnta. Is fíor nach maíonn soláthraithe oideachais go gcuireann siad an caighdeán sin oiliúna ar fáil agus, d’uireasa soláthair in Éirinn, díríonn siad ina áit ar chonairí inmharthana agus fiúntacha a chruthú le haghaidh mac léinn chun freastal ar institiúidí eile thar lear. Tugtar achoimre sa chéad chuid eile ar na conairí reatha sin agus próifíl ghinearálta na n-institiúidí ar ar freastalaíodh thar lear. Meastar líon na mac léinn a bhí ann chomh maith a thug faoi oiliúint idirnáisiúnta agus líon na mac léinn nach raibh in ann leanúint ar aghaidh lena gcuid staidéir de bharr na ndúshlán suntasach a bhí ann.

1.1.1 Bonnchúrsaí Tá ceithre chúrsa oiliúna damhsa in Éirinn faoi láthair a chuirtear ar fáil go foirmiúil trí na coláistí breisoideachais4. Is iad siúd Coláiste Breisoideachais an Naigín (Baile Átha Cliath), Coláiste Stiofán Naofa (Corcaigh), Coláiste Breisoideachais Inse Chór

4 An cúrsa a bhí ag Coláiste Cathrach Bhéal Feirste, a luadh in The Step Up Feasability Report, agus ar cuireadh deireadh leis in 2015 de bharr gearradh siar ar mhaoiniú. Féach Quinn (2015) 5 Faighte ó shuíomh gréasáin Institiúid Bhreisoideachais Bhré [Ar an 17/02/16] http://www.bife.ie/p/danceadvanced

12

Page 13: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

(Baile Átha Cliath) agus Institiúid Bhreisoideachais Bhré (Cill Mhantáin). Mar a tugadh achoimre air in Step Up Feasibility Report (O’Brien 2010), is cúrsaí Leibhéal 5 sa Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann iad na cúrsaí sin. Is ionann sin agus Leibhéal na hArdteistiméarachta agus is féidir glacadh leis go bhfuil siad ar chéim réamhghairme sa chaoi, nuair a bhaineann mic léinn céim amach, féadfaidh le mic léinn ar mian leo dul isteach sa ghairm damhsa leanúint ar aghaidh lena n-oiliúint ag ardscoileanna gairmiúla thar lear (O’ Brien 2010). Is é Institiúid Bhré an t-aon chúrsa damhsa in Éirinn a chuireann Ard-dioplóma Náisiúnta ar fáil, a thugann deis do mhic léinn tabhairt faoi bhliain amháin sa bhreis ag an Ollscoil chun Céim Bhaitsiléara sna hEalaíona a bhaint amach5. Déanann an chonair seo breisoideachas a éascú i roinnt cláir céime damhsa sa Ríocht Aontaithe. Ina dhiaidh sin féin, cé go gcuireann roinnt de na cúrsaí seo BA Onóracha sa Taibhiú Damhsa ar fáil, níl na hinstitiúidí atá liostáilte mar chuid de chuibhreannas na scoileanna atá sa Conservatoire for Dance and Drama, ina gcuimsítear na príomhscoileanna oiliúna ar leibhéal gairmiúil sa damhsa sa Ríocht Aontaithe, agus ní chuireann siad oiliúint ar leibhéal gairmiúil ar fáil.

1.1.2 Scoileanna damhsa príobháideacha Cé go bhfuil roinnt mic léinn ann a théann ar aghaidh ó cheann de na hiliomad scoil phríobháideach damhsa atá ann in Éirinn chun breisoiliúint a dhéanamh thar lear, níl aon fhigiúirí tiomsaithe ann ar an líon a leanann an cúrsa sin (McGrath, Parnell agus O'Brien 2013; O'Brien 2010). Tá go leor anonn is anall idir scoileanna príobháideacha agus compántais damhsa óige (féach 1.1.3), mar a mhínigh múinteoir stiúideo príobháideach amháin, ‘téann an chuid is mó de na mic léinn a fhágann an scoil, ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh sa chóras ollscoile/ tríú leibhéal i gcoitinne. Cabhraítear le mic léinn ar mian leo dul leis an damhsa mar ghairm agus tugtar ceachtanna breise príobháideacha dóibh, nó spreagtar iad chun oibriú le ceann de na compántais damhsa óige in Éirinn’. Ar cheann de na bonnchúrsaí lánaimseartha is tábhachtaí atá in Éirinn tá College of Dance (an Coláiste Damhsa), Baile Átha Cliath. Bunaíodh é i 1990, agus tá ról lárnach aige chun damhsóirí ag leibhéal réamhghairme a fhorbairt. Tá a alumnas i measc roinnt de na príomhphearsana atá san earnáil damhsa ghairmiúil. Cuireann an scoil dioplóma damhsa dhá bhliain ar fáil, ina bhfuil 30 uair an chloig oiliúna in aghaidh na seachtaine i gceist5. Téann an-chuid mac léinn ón College of Dance (an Coláiste Damhsa) ar aghaidh chun breisoiliúint a dhéanamh sna hardscoileanna idirnáisiúnta6.

1.1.3 Compántais Damhsa Óige Le blianta beaga anuas tá méadú as cuimse ar earnáil damhsa óige trí chompántais ar nós Irish National Youth Ballet (Compántas Náisiúnta Bailé Óige na hÉireann), Dublin Youth Dance Company (Compántas Damhsa Óige Bhaile Átha Cliath), agus Youth Ballet West (Bailé Óige an Iarthair) a thugann daltaí ó scoileanna príobháideacha éagsúla le chéile le haghaidh tionscadail taibhithe. Áirítear ar na grúpaí eile Creative Steps Cois Céim, Wexford Youth Dance Company agus Company

5 Faisnéis ó shuíomh gréasáin College of Dance (an Coláiste Damhsa) [Ar an 22/02/16] http://www.collegeofdance.com 6 Ag an am a scríobhadh an tuarascáil seo, d’éirigh Stiúrthóir Ealaíne fadtéarmach College of Dance (an Coláiste Damhsa), Joanna as a ról, agus níor ainmníodh aon duine ina háit go fóill. 8 Comhfhreagras pearsanta le Sandra Joyce, Stiúrthóir Dáimhe Cruinne Éireann Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh.

13

Page 14: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

B. Léiríonn na féilte Youth Dance a bhíonn ar siúl gach bliain, ar nós, Irish Youth Dance Festival i nDún Laoghaire agus NoiseMoves i dTamhlacht, lena dtacaíonn a gcomhairle áitiúil faoi seach, an bheocht atá sa réimse. Tá ról lárnach ag compántais damhsa óige chun blaiseadh a thabhairt do dhamhsóirí óga de thaithí ghairmiúil agus ghairmthreorach agus tá tábhacht ag baint leo mar thúschéimeanna chun dul isteach san oiliúint ghairmiúil. Chuir Shawbrook LD roinnt dianchláir samhraidh ar fáil le blianta fada. Fostaítear cóiréagrafaithe agus múinteoirí cruthaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta chun oibriú le daltaí a roghnaítear as scoileanna bailé timpeall na hÉireann. Is é an rún atá acu blaiseadh a thabhairt do na daltaí óga de na caighdeáin Éireannacha agus idirnáisiúnta is fearr sa teagasc agus sa chóiréagrafaíocht. Tá ról ríthábhachtach ag na heagraíochtaí damhsa seo chun caighdeáin a bhunú agus conairí a choinneáil le haghaidh gairmeacha a d’fhéadfaí a chruthú sa damhsa.

1.1.4 Cúrsaí fochéime sa damhsa Ó cuireadh deireadh le BA (Onóracha) sa Damhsa ag Ollscoil Uladh in 2015, níl ach cúrsa fochéime amháin damhsa ina bhfuil an damhsa mar dhlúthchuid de ar oileán na hÉireann. Is é seo BA (Onóracha) sa Ghuth agus sa Damhsa ag Ollscoil Luimnigh (UL). Tá láithreacht láidir ag an damhsa comhaimseartha ag UL ó lár na 1980idí ar aghaidh nuair a bhí Mary Nunan ina damhsóir cónaithe ann. Chuir sí an grúpa Daghdha Dance Company ar bun ina dhiaidh sin, compántas gairmiúil a raibh sainchúram láidir oideachais air, a bhí ag feidhmiú ón ollscoil. Nuair a forbraíodh Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol ag Ollscoil Luimnigh i 1994 tháinig an chéad MA sa Taibhiú Damhsa (Comhaimseartha) in Éirinn ar an bhfód agus déantar an clár lánaimseartha seo atá bunaithe ar chleachtadh a reáchtáil i stiúideonna damhsa ar ardchaighdeán a tógadh go speisialta i Luimneach. Cé go bhfuil roinnt modúl damhsa ar an gcúrsa BA sa Ghuth agus sa Damhsa agus go dtugann sé an deis do mhic léinn speisialtóireacht a dhéanamh sa damhsa, tá an cúrsa seo ag dul i dtreo a dhóthain uaireanta teagmhála a sholáthar le haghaidh sainoiliúint sa damhsa. Chomh maith le béim níos mó a bheith ann ar dhamhsa comhaimseartha ar leibhéal gairmiúil. Tá sé sin mar chuid d’athdhearadh mór ar chúrsaí BA atá ar fáil san ollscoil agus cuirfear tús leis i Meán Fómhair 2017. Beidh sé ag teacht le plean forbartha bonneagair chun níos mó spás stiúideo a chruthú chun na sainsaoráidí atá ag teastáil ó thaobh dianchlár damhsa dá leithéid a chur ar fáil 8. Cé nach bhfuil aon chláir chéime eile damhsa in Éirinn, tá roinnt clár oiliúna sna taibhealaíona a bhaineann le hábhar i gcás an staidéir seo. Mar shampla, tá cúrsaí fochéime sa cheol agus téatar ag Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Agus tá pleananna ar bun chun cur leis sin agus cláir damhsa a bheith san áireamh ann mar chuid dá forbairt straitéiseach. Tráth ar chuir easpa saoráidí cuí as d’fhorbairtí sa réimse roimhe seo, tá sé beartaithe ag an ardscoil bogadh chuig campas Ghráinseach Ghormáin i mBaile Átha Cliath 7 in 2018 áit a bhfuil stiúideo mór damhsa ann agus tá deis ann tuilleadh tógáil a dhéanamh agus d’fhéadfadh forbairtí nach rabhthas in ann tabhairt fúthu roimhe seo a bheith ann7. Reáchtálann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cúrsa fochéime sa Drámaíocht, lena n-áirítear roinnt ranganna damhsa a mhúineann an cóiréagrafaí Rachel Parry. Bíonn imeachtaí agus comhdhálacha ann ó am go chéile chomh maith. Déanann an damhsóir

7 Comhfhreagras pearsanta le Cliona Doris, stiúrthóir Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta, Baile Átha Cliath.

14

Page 15: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

cónaithe le haghaidh na Gaillimhe, Rionach Ní Néill, éascaíocht orthu siúd agus tá pleananna ag an ollscoil chun modúil damhsa a fhorbairt sna blianta amach romhainn. Rinneadh forbairt ar an mbonneagar ar champas na Gaillimhe le deireanas, lena n-áirítear amharclann a bhfuil suíochán do chéad fiche duine ann. Agus tá trí sheomra cleachtaidh le hoscailt i bhfómhar na bliana 2016, a thabharfaidh deis do thuilleadh damhsa a bheith ann8.

1.2 Scála agus raon na riachtanas ar leibhéal náisiúnta

1.2.1 Riachtanais mac léinn De réir aiseolas a fuarthas ó oideachasóirí damhsa in Éirinn, tréimhse dhúshlánach is ea é seo do dhaoine óga anseo ar mian leo tabhairt faoi oiliúint chun bheith ina ndamhsóirí. Ar na príomhchonstaicí a bhí ann ar tugadh achoimre orthu bhí táillí arda, costais chun chónaí thar lear, aibíocht mhothúchánach na mac léinn a bhí ina gcónaí thar lear, easpa tacaíochta maoinithe as Éirinn, easpa tacaíochta ó na tuismitheoirí chun dul leis an damhsa mar ghairm, líonraí agus caidrimh le hearnáil an damhsa ghairmiúil in Éirinn agus easpa deiseanna fostaíochta chun damhsóirí a raibh oiliúint orthu a thabhairt ar ais go hÉirinn. Is iad táillí teagaisc BA sa Damhsa ag London Contemporary Dance School (Scoil Damhsa Chomhaimseartha Londan) in 2015/2016 £9,000 (steirling). Cé go bhfuil mic léinn na hÉireann ag teacht ó bhallstát AE agus go bhfuil iasachtaí táillí teagaisc ar fáil dóibh dá bharr, tá costais mhaireachtála arda i bpríomhchathair ar nós Londan agus is beag deis atá ag mic léinn tacaíocht airgid a fháil dóibh féin trí obair pháirtaimseartha a dhéanamh toisc go bhfuil an oiread sin uaireanta teagmhála i gceist le hoiliúint damhsa. Mar a luadh níos luaithe, ní chuireann an Chomhairle Ealaíon sparánachtaí iomaíocha ar fáil a thuilleadh chun tacú le hoiliúint thar lear. Mar sin, ní mór do mhic léinn leas a bhaint as tacaíocht óna muintir chun airgead le haghaidh costais mhaireachtála chomh maith le táillí a chur ar fáil i gcuid mhaith comhthéacsanna. I gceann de na freagraí ar na ceistneoirí, dúradh go raibh ‘cuid mhaith de na mic léinn damhsa is fearr i ndiaidh áit a ghlacadh sna hacadaimh nach raibh an t-ardmheas céanna orthu, cinn a bhí lasmuigh de Londain go háirithe, nó bhí orthu éirí as a n-oiliúint ar fad’. Mínítear i ráiteas eile an chaoi a bhfuil cuid mhaith mac léinn ann ‘a shocraigh gan dul le haghaidh trialach thar lear agus fios maith acu, fiú má fuair siad áit ar an gcúrsa nach mbeidís in ann íoc as an gcúrsa. Ós rud é go bhfuiltear den tuairim go minic nach rogha gairme inmharthana é an damhsa in Éirinn, bíonn drogall ar thuismitheoirí ligean dá bpáistí tabhairt faoi oiliúint damhsa (McGrath, Parnell agus O'Brien 2013). Nuair a chuirtear ‘an damhsa san áit mhícheart laistigh den chóras oideachais’ (déantar é a chur faoi Chorpoideachas9) d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis leis an meon sin. Áit dar le Leatherdale agus Todd (1998) a ‘meastar gur fo-ábhar é an damhsa a dhéantar mar ghníomhaíocht fóillíochta nó a dhéanann siad siúd nach bhfuil chomh hábalta sin ó thaobh cúrsaí acadúla de’.

8 Comhfhreagras pearsanta le Patrick Lonergan, Ollamh le Drámaíocht agus le Léann na hAmharclannaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 9 Le haghaidh tuiscint dhomhain ar an tsaincheist seo agus moltaí i dtaobh forbairtí, féach Tanham, Gaye. 2015. Dance education in Ireland: an examination of Smith-Autard’s art of dance model in teacher education and the Irish primary school curriculum. Tráchtas Phd: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

15

Page 16: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

D’fhéadfaí an scéal a dhéanamh ní ba mheasa de bharr an easpa cúrsaí tríú leibhéal i Staidéar Damhsa atá in Éirinn, ina bhféadfadh mic léinn staidéar a dhéanamh ar an damhsa mar ábhar taighde nó scileanna a fhorbairt i dtaobh múinteoireachta nó cleachtas pobail. Mar sin, ní mór cúrsaí creidiúnaithe damhsa ar a bhfuil teacht ag mic léinn na hÉireann a bheith ann, ní hamháin chun imní tuismitheoirí a mhaolú ach chun bunchéim a bhaint amach i dtimpeallacht oibre a bhíonn níos dírithe ar cháilíochtaí agus a mbíonn níos mó iomaíochta ann i gcónaí. Bíonn sé sin ábhartha go háirithe laistigh de ghairm an damhsóra ghairmiúil, gairm nach maireann i bhfad go minic agus atá an-deacair a thuar. Agus ina bhfuiltear ag súil leis go mbeidh ar dhamhsóirí dul faoi athoiliúint amach sna blianta le haghaidh gairm eile. Cé gur cosúil gurb iad cúrsaí airgid an príomhrud a chuireann bac ar mhic léinn leanúint lena n-oiliúint thar lear, ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar atá ag iallach a chur ar dhamhsóirí aonair imeacht ó Éirinn chun tabhairt faoi oiliúint. Cé gur iomaí buntáiste atá ann oiliúint a fháil i gcultúr damhsa atá an-fhorbartha ina bhfuil an-chuid acmhainní ann, ar nós Londan, d’fhéadfadh go leor strus a bheith i gceist leis ó thaobh na mothúchán agus na síceolaíochta de i gcás duine óg idir sé bliana déag d’aois agus ocht mbliana déag d’aois agus é ina chónaí i gcathair mhór gan tacaíocht muintire. Ní oireann sé do gach damhsóir óg an baile a fhágáil ag céim i bhforbairt an duine atá chomh tábhachtach sin. Is fíor mar a luadh thuas, go raibh ‘aibíocht mothúchánach’ liostaithe mar chonstaic amháin a bhí ann do mhic léinn, chun tabhairt faoi bhreisoiliúint thar lear, dar leo siúd ar cuireadh ceist orthu. Mar sin, níor cheart go mbeadh sé riachtanach ag gach mac léinn atá ag tabhairt faoin gconair ghairme ar leith seo imeacht as Éirinn, mar atá faoi láthair.

1.2.2 Riachtanais na hearnála De réir thuarascáil Brinson (1985), ‘ní féidir forbairt shuntasach ar bhailé clasaiceach nó ar dhamhsa comhaimseartha a bheith in Éirinn mura bhfuil scoil náisiúnta ar ardchaighdeán ann’. Tá athbhreithnithe a rinneadh ina dhiaidh sin ag teacht leis an tuairim sin (McGrath, Parnell agus O'Brien 2013; Leatherdale agus Todd 1998; O'Brien 2010) agus rinneadh í a athdhearbhú sna hagallaimh agus sna suirbhéanna a rinneadh le haghaidh an taighde seo. Bíonn tionchar diúltach i gcónaí ag an easpa oiliúna sa damhsa ar leibhéal gairmiúil ar fhorbairt an damhsa mar fhoirm ealaíne in Éirinn. Tá meon láidir ann i measc baill den phobal damhsa a ndeachthas i gcomhairle leo cé go bhfuil blas idirdhisciplíneach spreagúil ar an earnáil damhsa in Éirinn agus iliomad ealaíontóir nuálach damhsa ag cruthú oibre ann, is gá níos mó damhsóirí atá an-oilte atá lonnaithe in Éirinn a bheith ann chun cur le caighdeán na léiriúchán damhsa agus chun cultúr níos bríomhaire agus níos iomaíocha damhsa a fhorbairt. Is é an creideamh atá ann go bhfuil a dhóthain tairseach chriticiúil damhsóirí ar chaighdeán maith san earnáil agus go gcuirfidh sin le forbairt cultúr láidir damhsa gairmiúil in Éirinn ar bhealach dearfach. Níl compántas bailé náisiúnta lánaimseartha ná compántas damhsa comhaimseartha lánaimseartha in Éirinn. Is fíoraisteach an rud é sin i dtír Eorpach. Níl stórchompántais damhsa chomhaimseartha ar bith ann. Conarthaí gearrthéarmacha a bhíonn i gceist agus is beag acu atá ann. Leag go leor díobh siúd a ndeachthas i gcomhairle leo béim ar a thábhachtaí atá sé oiliúint ardchaighdeáin atá ar comhchéim le hoiliúint thar lear a chur ar fáil d’fhonn conairí chun na gairme damhsa idirnáisiúnta a choimeád ar bun. Tugann sé sin soghluaisteacht ghairme do dhamhsóirí in Éirinn i

16

Page 17: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

bhfianaise an bheagáin spásanna atá ar fáil i gcompántais damhsa in Éirinn agus na heaspa conarthaí lánaimseartha leanúnacha atá ar fáil do dhamhsóirí atá lonnaithe in Éirinn. Cé go bhféadfaí a rá go mbeadh méadú ar líon na ndamhsóirí le haghaidh beagán post chun aimhleas na hearnála, aithníodh go gcuireann an ganntanas iomaíochta bac ar fhorbairt ghairmiúil na ndamhsóirí sa mhéid is nach spreagtar iad chun aclaíocht agus scileanna teicniúla a chothabháil nuair nach bhfuiltear á bhfostú go díreach. Ina theannta sin, thacófaí le damhsa mar ghairm inmharthana ach tacaíocht rialtais (tríd an Údarás um Ard-Oideachas) agus tacaíocht institiúide (trí ollscoil nó ceardcholáiste) a fháil le haghaidh clár lánchreidiúnaithe oiliúna damhsa arna thagarmharcáil go hidirnáisiúnta. Rachfaí chun tairbhe don phobal damhsa i gcoitinne dá réir sin trí thaibheoirí agus cóiréagrafaithe dea-oilte a chur ar fáil, mar aon le céimithe atá deisbhéalach i réimse dearcthaí i dtaobh cleachtas damhsa. D’fhéadfaí scileanna inaistrithe ón oiliúint sin a chur i bhfeidhm i réimse comhthéacsanna a chuirfeadh feabhas ar chaighdeán an chleachtais ar leibhéal an phobail agus, le himeacht ama, a mhéadódh an tuiscint ar dhamhsa don lucht féachana ar leibhéal náisiúnta.

1.2.3 Líonraí ó chéim na hoiliúna go cleachtas gairmiúil Ós rud é go bhfuil an damhsa aitheanta mar ‘foirm ealaíne nach bhfuil dóthain acmhainní aici’ in Éirinn (McGrath, Parnell agus O’Brien, 2013), ní cheaptar go mbeadh oiliúint ghairmiúil ina leigheas ar gach rud. Mar sin féin, tugann fianaise láidir le fios nach ndéanann a lán damhsóirí a gcuirtear oiliúint orthu thar lear ceangal arís le líonraí gairmiúla in Éirinn (O’Brien, 2010). Dá bhrí sin, is léir go bhfuil scoth na ndamhsóirí óga in Éirinn ag dul go tíortha eile gach bliain in áit fanacht anseo agus cur le forbairt na foirme ealaíne sa tír seo. Níl deis ar bith ag damhsóirí nach bhfuil in ann leanúint dá n-oiliúint thar lear éirí gairmiúil ina rogha gairme agus is rud eile é sin a laghdaíonn stádas na foirme ealaíne in Éirinn. Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon, Damhsa Éireann agus Ollscoil Luimnigh an Tionscadal Damhsa Céim chun Tosaigh sa bhliain 2011 le go ndéanfadh damhsóirí ceangal arís le hearnáil damhsa ghairmiúil na hÉireann tar éis dóibh céim a bhaint amach. Agus é seo á scríobh, tá an clár á oibriú mar chomhpháirtíocht idir Dance Limerick (Damhsa Luimnigh), Damhsa Éireann agus Ollscoil Luimnigh – bítear i mbun dianoiliúna ar feadh cúig seachtaine le cóiréagrafaithe idirnáisiúnta agus cóiréagrafaithe Éireannacha agus bíonn seachtain de thaibhithe stiúideo poiblí in Éirinn ann le bailchríoch a chur ar an gclár. Roghnaítear seisear céimithe chun páirt a ghlacadh ann trí phróiseas iarratais iomaíoch. Clúdaítear na costais lóistín uile agus íoctar airgead oinigh leis na rannpháirtithe as a rannpháirtíocht. Tugann an clár seo deis do chéimithe damhsa Éireannacha agus/nó do chéimithe damhsa atá suite in Éirinn scileanna a fhorbairt i gcomhthéacs gairmiúil agus a bheith ag caidreamh lena gcomhpháirtithe agus le gairmithe ó earnáil damhsa chomhaimseartha na hÉireann. Tugann na taibhithe faill dóibh a gcuid buanna a thaispeáint i gcomhthéacs Éireannach agus, dá bhrí sin, tá seans ann go bhfaighidh siad fostaíocht in Éirinn amach anseo.

1.3 Líon na mac léinn atá ag dul thar lear Mar chuid den cháipéis, Céim chun Tosaigh: Tuarascáil Féidearthachta, rinne an Dr O’Brien suirbhé ar bhonnchúrsaí damhsa agus ar chompántais óige in Éirinn lena fháil

17

Page 18: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

amach cé mhéad mac léinn a théann thar lear ar mhaithe le leanúint ar aghaidh lena n-oiliúint. Sa bhliain 2010 ríomh sí go n-athraíonn timpeall 50 mac léinn damhsa, ar bhonn bliantúil, ó oiliúint a fháil in Éirinn go hoiliúint a fháil thar lear agus go bhfuil timpeall 50 mac léinn eile nach leanann ar aghaidh leis an oiliúint ghairmiúil. Ní chuirtear in iúl sna figiúirí thíos mórlaghdú ó líon measta (2010) O’Brien (timpeall 30%). De réir ionadaithe na n-institiúidí éagsúla um oiliúint réamhghairme agus na gcompántas éagsúil damhsa óige in Éirinn, áfach, tá laghdú tagtha ar líon na ndaltaí atá ag dul ar ardscoileanna ceoil thar lear agus is dóchúil go leanfar den titim ar líon na ndaoine atá in ann oiliúint ardleibhéil thar lear a mhaoiniú. Tugtar breac-chuntas thíos ar na figiúirí reatha do na blianta 2012 go 2014 agus tugtar cóimheas i bhFíor 1.3 maidir leis na staitisticí sin thar na trí bliana sin. Fíor 1.1 Céimithe ó Chláir Oiliúna Réamhghairme

2012 2013 2014Inse Chór 15 16 19College of Dance (an Coláiste Damhsa)

13 18 15

Institiúid Bhreisoideachais Bhré (BIFE)

9* 9* 9*

Coláiste Stiofáin Naofa (CSN)

15* 15* 15*

An Naigín 15* 15* 15*Iomláin 67 73 73*Is meastacháin iad seo atá bunaithe ar shonraí roimhe seo, toisc nár cuireadh uimhreacha beachta ar fáil. Fíor 1.2 Céimithe ag Dul thar Lear le haghaidh Breisoiliúna

2012 2013 2014Inse Chór 5 6 3College of Dance (an Coláiste Damhsa)

7 12 10

Institiúid Bhreisoideachais Bhré (BIFE)

9 9 9

Coláiste Stiofáin Naofa (CSN)

5* 5* 5*

An Naigín 9* 9* 9*Iomláin 35 41 36*Is meastacháin iad seo atá bunaithe ar shonraí roimhe seo, toisc nár cuireadh uimhreacha beachta ar fáil.

18

Page 19: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

19

Page 20: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Fíor 1.3 Céimithe ó Chláir Oiliúna Réamhghairme in aghaidh Céimithe ag Dul thar Lear le haghaidh Breisoiliúna

Sa bhliain 2014, thug 36 as an 73 céimí damhsa ar fud na tíre faoi bhreisoiliúint thar lear. Chomh maith leis sin, chuir na compántais damhsa óige a ndearnadh suirbhé orthu10 in iúl go raibh 16 mac léinn i mbun breisoiliúna trína n-eagraíochtaí. Níl an uimhir sin sa bhreis ar na figiúirí thuas siocair gur léir go bhfuil anonn is anall idir cláir oiliúna réamhghairme agus compántais damhsa óige. Go deimhin, tugann go leor de na compántais damhsa óige faoi ról meantóireachta chun scileanna agus taithí taibhithe a thabhairt do mhic léinn ar mhaithe le trialacha thar lear. Mar sin féin, ós rud é nach gcuirtear san áireamh sna huimhreacha sin na mic léinn a fhreastalaíonn ar an iliomad scoileanna damhsa príobháideacha ar fud na tíre agus a leanann ar aghaidh lena gcuid oiliúna thar lear, ba chóir breathnú ar na staitisticí seo a leanas mar mheastacháin chaola a tógadh as staidéar samplach seachas mar shuirbhé cuimsitheach ar an ábhar. Cuirtear in iúl san fhaisnéis a cóimheasadh go bhfaigheann 71 mac léinn, ar an meán, céim ó chlár oiliúna in Éirinn gach bliain agus go bhfuil 37 mac léinn ar a laghad astu siúd teicniúil go leor chun áit a fháil ar chlár damhsa creidiúnaithe thar lear. Cé go dtugtar le fios sna suirbhéanna nach mór do mhic léinn géilleadh de réir a chéile ar chaighdeán na n-institiúidí a bhfreastalaíonn siad orthu, ba chóir a thabhairt faoi deara gur ardscoileanna ceoil bunaithe lena mbaineann clú idirnáisiúnta iad bunús na scoileanna. Cionn is go bhfuil ról ríthábhachtach ag cúrsaí airgeadais agus tacaíocht teaghlaigh i gcinneadh na mac léinn tabhairt faoi oiliúint, féadtar glacadh leis go bhfuil an cumas ag mórán de na céimithe agus gur mhaith leo leanúint ar aghaidh lena n-oiliúint ach clár den sórt sin a bheith ar fáil in Éirinn. Ba chóir a thabhairt faoi deara chomh maith go nglactar 20-30 mac léinn isteach i gcláir ghairmiúla oiliúna damhsa ar an meán gach bliain. Léiríonn sé seo go bhfuil dóthain gá le cúrsa damhsa ghairmiúil a bhunú. I gcomparáid le disciplíní eile, tar éis dó dul i gcomhairle le hearnáil Amharclannaíochta na hÉireann shocraigh an LIR Academy (Acadamh LIR) 14 fochéimí a ghlacadh isteach gach bliain (lena n-áirítear beirt ón AE) toisc gur

10 Feic an Aguisín.

20

Céimithe ó chláir oiliúna réamhghairme

Céimithe ag Dul thar Lear le haghaidh Breisoiliúna

Page 21: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

moladh gur líon inbhuanaithe é sin do thionscal na hamharclannaíochta lena ghlacadh isteach ar bhonn bliantúil.

1.3.1 Gearrchuntas ar na hinstitiúidí oiliúna a bhfreastalaíonn mic léinn Éireannacha orthu Mar a luadh thuas, tá na hinstitiúidí oiliúna damhsa a bhfreastalaíonn mic léinn Éireannacha orthu ar ardchaighdeán go ginearálta. Faigheann mic léinn áiteanna in ardscoileanna ceoil ardghradaim sa Ríocht Aontaithe i rith an ama, macasamhail an London Contemporary Dance School (Scoil Damhsa Chomhaimseartha Londan), an Central School of Ballet (Scoil Lárnach an Bhailé) agus an Northern School of Contemporary Dance (Scoil an Tuaiscirt um Dhamhsa Comhaimseartha). Sa bhliain 2015, ba é an mac léinn Éireannach, Gearóid Solan, an chéad mhac léinn fir as Éirinn a glacadh isteach sa Royal Ballet School (Scoil Ríoga an Bhailé) le tríocha bliain (Kelly 2015). Tá liosta thíos de na príomhscoileanna ar fhreastail mic léinn Éireannacha orthu le trí bliana anuas. Cóimheasadh iad ó na freagairtí suirbhé a fuarthas ó na cúrsaí réamhghairme agus na compántais damhsa óige a ndeachthas i gcomhairle leo. Léiríonn réiltín na scoileanna a chuireann oiliúint ardscoil cheoil ar fáil sa bhailé nó sa damhsa comhaimseartha, nó iad araon: • Ailey School (Scoil Ailey), Nua-Eabhrac (na Stáit Aontaithe)* • Arts Educational School (Scoil Oideachais Ealaíon), Londain (an Ríocht

Aontaithe) • Bird College (Coláiste Bird), Kent (an Ríocht Aontaithe) • Central School of Ballet (Scoil Lárnach an Bhailé), Londain (an Ríocht

Aontaithe)* • Fontys Dance Academy (Acadamh Damhsa Fontys), Tilburg (an Ísiltír)* • Institute of the Arts (Institiúid na nEalaíon), Barcelona (an Spáinn)* • Laine Theatre Arts (Ealaíona Amharclannaíochta Laine), Surrey (an Ríocht

Aontaithe) • London Contemporary Dance School (Scoil Damhsa Chomhaimseartha

Londan) (an Ríocht Aontaithe)* • London Studio Centre (Ionad Stiúideo Londan) (an Ríocht Aontaithe) • Northern Ballet School (Scoil Bhailé an Tuaiscirt), Manchain (an Ríocht

Aontaithe) • Northern School of Contemporary Dance (Scoil an Tuaiscirt um Dhamhsa

Comhaimseartha), Leeds (an Ríocht Aontaithe)* • Rambert School of Ballet and Contemporary Dance (Scoil Rambert um Bailé

agus Dhamhsa Comhaimseartha), Londain (an Ríocht Aontaithe)* • Royal Ballet School (Scoil Ríoga an Bhailé), Londain (an Ríocht Aontaithe)* • Royal Conservatoire of Scotland (Conservatoire Ríoga na hAlban), Glaschú

(an Ríocht Aontaithe)* • Scottish School of Contemporary Dance (Scoil na hAlban um Dhamhsa

Comhaimseartha), Dundee (an Ríocht Aontaithe)* • Trinity Laban Conservatoire of Music and Dance (Conservatoire na

Tríonóide-Laban um Cheol agus Dhamhsa), Londain, (an Ríocht Aontaithe)* • Tring Park School for the Performing Arts (Scoil na dTaibhealaíon, Tring

Park), Hertfordshire (an Ríocht Aontaithe)

21

Page 22: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Ina theannta sin, mar a leagadh amach níos luaithe, leanann slám mic léinn ar aghaidh lena n-oideachas i gcúrsaí céime sna saorealaíona sa Ríocht Aontaithe. Go háirithe, cruthaíonn Institiúid Bhreisoideachais Bhré conair do mhic léinn le tabhairt faoi bhliain bhreise d’fhonn BA (Onór.) a bhaint amach sna hollscoileanna seo a leanas: Ollscoil Sunderland; Ollscoil Bath Spa; Ollscoil Middlesex; Ollscoil de Montfort; Ollscoil Chester; Ollscoil Chichester; Ollscoil Doncaster; Ollscoil Winchester; agus Coláiste Dhún Éideann.

CAIBIDIL 2: Dlúthchodanna le haghaidh cúrsa oiliúna tríú leibhéal sa damhsa

2.1 Treochtaí idirnáisiúnta san oiliúint Agus an domhan ar fad faoi thrácht, tá oiliúint damhsóirí tar éis teacht chun cinn go mór le fiche bliain anuas. Is ann do réimse díospóireachtaí láidre, nach bhfuil ar aon fhocal i gcónaí, faoi na bealaí is éifeachtaí agus is eiticiúla chun oideachas a chur ar dhamhsóirí i gcomhair cleachtas damhsa sa 21ú haois. Déantar scrúdú sa rannán seo a leanas ar an smaointeoireacht atá sa réimse i láthair na huaire agus ar na buncheisteanna atá ann ó thaobh na hoiliúna de. Tugtar breac-chuntas ann freisin ar na riachtanais a ghabhann le clár lánaimseartha, lena n-áirítear breac-chuntas ar chroí-ábhair. Mar thoradh ar bhunú daingean an damhsa i gcláir acadúla tríú leibhéal tá forbairt á déanamh ar thrédhearcacht agus ar fhreagracht i samhail oideachais a bhíodh ordlathach agus dírithe ar an múinteoir (Warburton, 2008) ach atá níos dírithe ar an mac léinn anois de réir mar a thagann oideolaíocht damhsa le teoiric oideolaíoch chomhaimseartha. Ag an am céanna, d’fhéadfaí a rá go mbaineann damhsa níos mó anois leis an rímháistreacht – mar thoradh ar fhorbairtí sa Damhsa agus san Eolaíocht trí eagraíochtaí ar nós an International Association for Dance Medicine & Science (an Cumann Idirnáisiúnta um Leigheas Damhsa agus Eolaíocht) (IADMS) tá damhsóirí cosúil le lúthchleasaithe agus tá modhanna eolaíochta spóirt á gcur i bhfeidhm i dtaighde agus in oiliúint na ndamhsóirí. Príomhábhar eile san oiliúint damhsa ná an úsáid as cleachtais shómatacha. Baintear leas astu den chuid is mó mar go gcuireann siad leis an neamhspleáchas do dhamhsóirí óga agus go luíonn siad isteach le cur chuige teagaisc atá dírithe ar an mac léinn (Roche agus Huddy, 2015; Fortin, 1993). Níl stíleanna damhsa nua-aimseartha códaithe fearacht theicníc Graham nó theicníc Cunningham i dtreis níos mó in institiúidí oiliúna. Is minic a bhíonn múinteoirí á bhfostú iontu a ghlacann le sainteicnící damhsa hibrideacha d’fhonn ‘coirp dhamhsacha eicléictiúla’ a chruthú (Bales agus Nettl-Fiol, 2008). De dheasca thionchar an Judson Dance Theatre (Amharclannaíocht Damhsa Judson) sna 1960í sna Stáit Aontaithe agus theacht chun cinn ‘damhsa coincheapa’ sna 1990í agus sna 2000í san Eoraip, táthar i mbun díospóireachta fós faoina bhfuil i gceist le teicníc agus faoina cuspóir agus ní hionann í in áiteanna difriúla i saol an damhsa idirnáisiúnta. Lena chois sin, mar gheall ar na hathruithe ar na cleachtais fostaíochta do dhamhsóirí tríd an mborradh atá tagtha ar an Earnáil Damhsa Neamhspleách go hidirnáisiúnta, tuigtear go mbeidh ‘gairm ilréimseach’ (Throsby, 2004) ag móramh na ndamhsóirí in áit a bheith fostaithe go leanúnach ag compántas amháin. Tá sé sin tar éis dul i bhfeidhm ar

22

Page 23: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

oiliúint ardscoil cheoil sa damhsa agus sna taibhealaíona eile sa Ríocht Aontaithe agus níos faide i gcéin agus, dá bhrí sin, táthar ag iarraidh cáilíochtaí fiontraíochta a fhorbairt sna mic léinn a ligeann dóibh dul in oiriúint do chonair ghairme athraitheach. Tá cáineadh spreagtha ag an gcothromaíocht a theastaíonn idir samhlacha oiliúna a sholáthraíonn saindamhsóirí ar leith agus an t-ilchumas atá riachtanach faoi choinne gairm saoil sa damhsa, toisc go síltear go bhfuil an déine agus an sármhaitheas a theastaíonn le haghaidh gairme sna healaíona, agus sa damhsa go háirithe, á laghdú11. Ina dhiaidh sin agus uile, is léir go bhféadfadh sármhaitheas agus ilchumas a bheith le chéile agus thug siad siúd a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhair na tuarascála seo breac-chuntas ar an ngá atá ann ardoiliúint theicniúil, atá ag teacht leis na caighdeán idirnáisiúnta reatha, a chur ar dhamhsóirí in Éirinn.

2.1.1 Cineálacha cur chuige i leith na hoiliúna agus stíleanna Is buncheist í an stíl i gcúrsaí damhsa. Mar shampla, sonraíonn Bales (2008, 72) go bhfuil baint dhíreach ag an rang bailé le stór bailé ach, ‘i ndomhain an damhsa iar-Judson nach bhfuil chomh heagraithe céanna, áit a bhfuil garoiliúint i gceist den chuid is mó, agus inar féidir le hábhar córagrafaíochta teacht as áit ar bith (... go teoiriciúil), níl aon bhaint dhíreach den sórt sin idir oiliúint agus stór’. Mar a scríobhadh thuas, forbraíonn an dúrud múinteoirí damhsa chomhaimseartha cineálacha cur chuige hibrideach i leith na hoiliúna atá bunaithe ar chomhtháthú teicnící gluaiseachta eile dála Mhodh Alexander, Theicníc Feldenkrais nó ióga. Ní hé sin le rá go mbaineann níos lú déine leis na cineálacha cur chuige sin ná mar a bhaineann le teicnící códaithe, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh deis níos mó ag mic léinn sainchineálacha cur chuige i leith gluaiseachta a mhúnlú seachas a bheith cruthaithe go stíleach ar fad ag a gcuid oiliúna. Rinneadh scrúdú le déanaí i dtionscadal Tanzplan Germany a chuir an foilseachán Dance Techniques 2010 (Diehl agus Lampert, 2011) i dtoll a chéile ar theicnící damhsa nua-aimseartha agus iar-nua-aoiseach. Tugadh breac-chuntas ar bhunphrionsabail na gcineálacha cur chuige leis. Míníonn siad12,

Is iomaí stíl agus modh oibre atá ina ndlúthchuid den damhsa comhaimseartha. Tá feidhm ar leith le comhlíonadh ag na cineálacha difriúla oiliúna. Tig le múinteoirí damhsa teacht ar líonra hibrideach d’fhoirmeacha damhsa agus de theicnící coirp, chomh maith le modhanna cuir i láthair agus cineálacha teagaisc. Ag an am céanna, áfach, cuireann an modh oiliúna leis an stíl: cuireann an modh oibre bonn eolais faoi aon chleachtas ealaíne ar leith.

(Diehl agus Lampert, 2011, 10) Is uirlisí iad teicnící damhsa chomhaimseartha chun croíphrionsabail ghluaiseachta agus cáilíochtaí léiritheacha a roinnt, ar chóir dóibh a bheith inaistrithe i

11 Mar shampla, d’éirigh conspóid sa Ríocht Aontaithe ar na mallaibh nuair a rinne triúr mórchóiréagrafaithe, Akram Khan, Lloyd Newson agus Hofesch Shecter, gearán mar gheall ar dhroch-chaighdeán na ndamhsóirí atá á gcur ar fáil ag na príomh-ardscoileanna ceoil sa Bhreatain (Jennings, 2015). 12 Rinne Diehl agus Lampert (2011) scrúdú ar thraidisiún Humphrey/Limón, Countertechnique (arna fhorbairt ag Anouk Van Dijk), Teicníc Jooss-Leeder, Teicníc Cunningham, Aird ar Ghluaiseacht (cur chuige Gill Clarke i leith an teagaisc), Teicníc Muller (arna fhorbairt ag Jennifer Muller) agus Teicnící atá Dírithe ar Scaoileadh agus Ailíniú.

23

Page 24: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

gcomhthéacsanna éagsúla. Is minic a roinntear na gnéithe stíle trí mhodh gluaiseachta an mhúinteora aonair ach ba cheart go dtabharfadh sé sin deis do na mic léinn forbairt a dhéanamh ar a gcáilíochtaí léiritheacha aonair d’fhonn iad a ullmhú le haghaidh na gcomhthéacsanna éagsúla oibre a dtiocfaidh siad trasna orthu.

2.1.2 An Ceangal idir Damhsa Comhaimseartha agus Bailé Faoi mar a leagtar amach in athbhreithniú McGrath, Parnell agus O’Brien (2013), baintear úsáid as stíleanna comhaimseartha agus bailé i mórán cúrsaí oiliúna gairmiúla mar chórais oiliúna chomhlántacha. Fiú nuair a dhírítear ar an damhsa comhaimseartha san oiliúint, aithnítear go forleathan go bhfuil an bailé fónta mar chóras oiliúna. Mar shampla, míníonn Bales (2008: 72) gur féidir leis an damhsóir iar-Judson tairbhe a bhaint as an mbailé mar gheall ar, ‘ailíniú, neart, luas, seasmhacht, éifeachtúlacht, lúfaireacht, altadh’. Aithníonn sé go bhfuil mórán stíleanna cóiréagrafaíochta iar-nua-aoiseach agus an bailé ar aon dul ó thaobh ingearachta de, cé go mbeidh difríocht mhór idir an chóiréagrafaíocht agus an stíl taibhithe.

Is minic, áfach, a thugtar faoi shainoiliúint ghairmiúil sa bhailé in acadaimh fhíoriomaíocha atá nasctha le compántais bhunaithe ar nós an Royal Ballet School (Scoil Ríoga an Bhailé) nó an English National Ballet School (Scoil Bhailé Náisiúnta Shasana) i Londain, áit a bhfuil anrud dálaí macasamhail oiriúnacht an choirp mar chuid de na critéir maidir le glacadh; ‘braitheann saol sóisialta an bhailé ar aonfhoirmeacht i leith mhéid agus chruth an choirp atá bunaithe ar ailtireacht fhisiciúil...mar go leagann corp an bhailé béim ar bheaichte ó thaobh líne, suímh agus dearadh amhairc de (Pickard, 2013, 7). Dá bhrí sin, cé go bhfuil dearcadh níos daonlathaí ag saol an damhsa chomhaimseartha (Banes, 1993) ar thosca áirithe fearacht chruth an choirp, cine agus míchumais, tá gairmbhealach níos sainiúla ag teastáil ón mbailé le go mbeidh an oiliúint i gcomhthéacs ollscoile – áit a bhfuil éagsúlacht agus inrochtaineacht ríthábhachtach – dúshlánach.

Ba chóir go mbeadh faill ag damhsóirí bailé óga Éireannach oiliúint ardleibhéil a fháil in Éirinn agus tá samplaí ann, dála Ollscoil Palucca in Dresden13, d’fhorbairt na hoiliúna i ngach seánra ar chaighdeán atá chomh hard chéanna. D’fhéadfaí a áitiú, áfach, go gcaithfear díriú ar fhoirm amháin nó ar fhoirm eile – damhsa comhaimseartha nó bailé – ag tráth éigin den oiliúint d’fhonn go mbainfí ardleibhéal amach sa seánra a roghnaítear. D’fhéadfadh na roghanna i gclár oiliúna freastal a dhéanamh ar an speisialtóireacht sin sa bhliain dheireanach den staidéar.

2.1.3 Cláir Oiliúna Taibheoirí in aghaidh céimeanna i Staidéar Damhsa Cé gurb ann don iomad samhail oideachais damhsa tríú leibhéal ar fud an domhain, tá dhá phríomhchur chuige i leith céimeanna damhsa i gceist i gcomhthéacs ollscoile: céimeanna i Staidéar Damhsa agus cláir Oiliúna Taibheoirí. Is iondúil go ndíríonn céimeanna i Staidéar Damhsa ar phróifíl céimithe atá níos leithne ná taibhiú sa réimse gairmiúil. Bíonn níos lú uaireanta teagmhála damhsa i gceist go minic agus is ionann líon na léachtaí teoirice agus líon na ranganna teicnící damhsa a bhíonn ann. Cuirtear oiliúint ar mhic léinn sna cláir Oiliúna Taibheoirí le go mbainfidh siad gairm amach mar chóiréagrafaí nó mar dhamhsóir gairmiúil. Dírítear ar an gcleachtas gairmiúil.

13 Feic an Aguisín.

24

Page 25: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Tugtar dhá shampla de chéimeanna i Staidéar Damhsa in McGrath, Parnell agus O’Brien (2013) agus in O’Brien (2010). Is iad sin an Baitsiléir Ealaíon sa Ghuth agus sa Damhsa in Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil Uladh. Agus an tuarascáil á scríobh, ní raibh an t-íosmhéid de 30-35 uair theagmhála damhsa sa tseachtain ar siúl sa dá chúrsa sin, faoi mar a mhol McGrath, Parnell agus O’Brien (2013), Marzin (2003), Leatherdale agus Todd (1998) agus a aithnítear mar chaighdeán idirnáisiúnta. Tig le mic léinn, i gcúrsa i Staidéar Damhsa, ábhair éagsúla a roghnú chun inniúlachtaí a fhorbairt i ngairmbhealaí éagsúla féideartha. Mar shampla, in Ollscoil Auckland, díríonn an Clár i Staidéar Damhsa ar: ‘saineolas, cumarsáid éifeachtach, ábaltachtaí agus scileanna intleachta ginearálta, neamhspleáchas, cruthaitheacht agus foghlaim, agus tuiscint eiticiúil agus shóisialta’ 14trí líon ábhar cúrsa, lena n-áirítear i mbliain 1: Foclóir Damhsa (Bailé), Oideachas Damhsa, Kapa Haka [ábhar taibhithe praiticiúil de chuid na Maorach], Ceol agus Damhsa an Aigéin Chiúin, Comhthéacsanna agus Stair an Damhsa, Cóiréagrafaíocht agus Damhsa Comhaimseartha, Cinéiseolaíocht an Damhsa agus ábhar roghnach amháin 15. Go traidisiúnta, níor leagadh béim i gcúrsaí i Staidéar Damhsa ar an oiliúint ghairmiúil. Tá criticiúlacht le sonrú i gcur chuige na gcúrsaí, áfach, atá ina bunús le taighde damhsa acadúil breise le taobh na scileanna praiticiúla le haghaidh gairme i róil éagsúla ar nós cleachtas damhsa pobail, teagaisc, cleachtas ealaíon idirdhisciplíneach agus réimsí gaolmhara. Is féidir breathnú air sin go bhfuil bundifríochtaí idir na spriocanna sin agus spriocanna na hoiliúna gairmiúla in institiúid tríú leibhéal. Tá Elizabeth Dempster (2004), mar shampla, in amhras cé acu an féidir nó nach féidir leis an oiliúint ghairmiúil agus a fócas faoi leith go leor criticiúlachta a fhorbairt d’fhonn cur le fiosrú taighde i réimse an staidéir dhamhsa. Tá céimeanna i Staidéar Damhsa thar a bheith tábhachtach ar mhaithe le cultúr damhsa a fhorbairt agus le hoiliúint a chur ar chéimithe ar féidir leo feasacht ar dhamhsa agus rannpháirtíocht sa damhsa a fhorbairt i raon aoisghrúpaí agus grúpaí sóisialta. Cé gur eascair an iomad cláir ollscoile i Meiriceá maidir le hoiliúint taibheoirí as ranna corpoideachais a chuir an damhsa in oideachas na saorealaíon (Bales agus Nettl-Fiol, 2008), tháinig mórán cláir oiliúna gairmiúla sa Ríocht Aontaithe a bhronnann céim bhaitsiléara chun cinn de bharr creidiúnú ardscoileanna ceoil neamhspleácha fearacht an Rambert School of Ballet and Contemporary Dance (Scoil Rambert um Bailé agus Dhamhsa Comhaimseartha) (an Ríocht Aontaithe), an London Contemporary Dance School (Scoil Damhsa Chomhaimseartha Londan) (an Ríocht Aontaithe) agus Ollscoil Palucca (an Ghearmáin) trí ollscoileanna gaolmhara 16. Feidhmíonn na cúrsaí sin go neamhspleách le taobh shamhail na hardscoile ceoil agus tá naisc láidre leis an gcleachtas gairmiúil. Mar shampla, seo a leanas ábhair shamplacha na chéad bhliana don London Contemporary Dance School (Scoil Damhsa Chomhaimseartha Londan) 17: Taibhiú

14 Suíomh Gréasáin Ollscoil Auckland [Oscailte an 09/02/16] http://www.creative.auckland.ac.nz/en/about/our-faculty/schools-programmes-andcentres/dance-studies/about-dance-studies.html 15 Suíomh Gréasáin Ollscoil Auckland [Oscailte an 09/02/16] http://www.creative.auckland.ac.nz/en/about/our-faculty/schools-programmes-andcentres/dance-studies/ds-study-options/ds-bdancest.html. 16 Is eisceacht é Palucca Hochshule ós rud é gur bhronn rialtas na Gearmáine stádas ollscoile air. 17 Réamheolaire an London Contemporary Dance School (Scoil Damhsa Chomhaimseartha Londan) [Oscailte an 09/02/16]

25

Page 26: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

agus Teicnící Damhsa (Teicnící Damhsa Chomhaimseartha agus taibhithe stóir nó saothar a cruthaíodh); Cineálacha Cur Chuige Bunúsacha i leith Gluaiseachta (Pilates, Cleachtadh Coirp, Teicníc Feldenkrais agus Ióga); Cumadh Damhsa; an Dearadh don Taibhiú (éadaí, radharcagrafaíocht, soilsiú agus cúrsaí físeáin); Tobchumadóireacht (Teagmháil, Gaga 21819 agus Amharclannaíocht Ghnímh); Bunchúrsa i Staidéar Critice (comhthéacsú cleachtas damhsa sna healaíona agus sa chultúr) agus Feabhsú (tionscadail deireadh téarma le healaíontóirí damhsa gairmiúla ar cuairt). Samhail eile is ea forbairt na hoiliúna gairmiúla i gceardcholáistí inar díríodh níos mó ar an ngairmoiliúint agus ar ‘foghlaim san fhíorshaol’ go traidisiúnta20. Is samplaí iad Ollscoil Teicneolaíochta Queensland, Brisbane (Institiúid Teicneolaíochta Queensland roimhe seo) 22 agus sa Drámaíocht agus Ceol, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta). Is sampla é an Lir Academy (Acadamh Lir) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath de shamhail conservatoire Drámaíochta atá ag feidhmiú go neamhspleách laistigh d’ollscoil. D’fhéadfadh céimeanna i Staidéar Damhsa agus céimeanna in oiliúint taibheoirí a bheith le chéile sa mhéid is go bhfuil go leor ábhair chomhthreomhara a bhaineann le hábhar sa dá chúrsa. Go deimhin, i gcás ábhair roinnte, d’fhéadfaí dhá chéim a reáchtáil – oiliúint ghairmiúil agus staidéar damhsa – ón institiúid chéanna chun níos mó mac léinn a mhealladh faoi scáthchéim bhaitsiléara amháin. Ar na buntáistí a bhaineann leis sin tá an cumas chun teoiric an damhsa agus cleachtas ardleibhéil a idirnascadh, saineolas gairmiúil agus naisc thionscail a mhealladh, sainmhínithe an chleachtais phobail agus an chleachtais idirdhisciplínigh a leathnú agus próifíl taighde damhsa de chuid roinne a fhorbairt.

2.2 Ábhair an chúrsa - sampla d’ábhair an chúrsa I ndiaidh spléachadh a thabhairt ar an réimse cláir oiliúna taibheoirí atá ann faoi láthair, tugtar an achoimre seo a leanas ar ábhair cúrsa mar threoir. Tugtar tús áite d’obair phraiticiúil sa stiúideo, mar aon le ábhair a chuireann an fhoghlaim phraiticiúil seo i gcomhthéacs trí smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, géire fiontraíochta agus eolas ar anatamaíocht agus cinéiseolaíocht a fhorbairt. Damhsa Comhaimseartha – e.g. teicníc Cunningham, teicníc an Scaoilte, Countertechnique: Mar a leagadh amach thuas, is ann don dúrud cineálacha cur chuige i leith oiliúint damhsa chomhaimseartha a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach le roghnú. Is tábhachtach go bhforbródh na mic léinn neart, ailíniú, cleachtais damhsa shábháilte, ceolmhaireacht, léiriú agus inoiriúnaitheacht trí na ranganna sin agus go mbeadh comhlántacht le sonrú sa mheascán de na cineálacha cur chuige.

http://www.lcds.ac.uk/sites/default/files/downloads/London%20Contemporary%20Dance%218 School%20Prospectus%202016.pdf 19 Is teanga ghluaiseachta é Gaga a d’fhorbair an cóiréagrafaí Iosraelach Ohad Naharin. Baintear úsáid as Gaga in oiliúint na ndamhsóirí agus, ‘leagtar béim ar an iniúchadh ar chúrsaí mothaithe agus ar an bhfáil le haghaidh gluaiseachta’ [Oscailte an 12/02/16]. http://gagapeople.com/english/ohad-naharin/ 20 Treoirphlean 4 de chuid QUT [Oscailte an 11/04/16] https://cms.qut.edu.au/__data/assets/pdf_file/0013/71113/qut-blueprint.pdf 22

Feic Aguisín 2 le haghaidh leagan amach an chúrsa.

26

Page 27: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Bailé – ba cheart an bailé a mhúineadh trí chomhthéacsú na stíle teagaisc faoi leith, e.g. Cecchetti, Vaganova, etc. chun príomhcháilíochtaí stíleacha agus léiritheacha a roinnt. Ba chóir go mbeadh príomhfhócas an chúrsa agus spriocanna gairme na mac léinn mar bhunús leis an dóigh a ndéantar an bailé a theagasc. Mar shampla, de bharr thréithe saintreoracha coirp an tseánra seo, is tábhachtach nach gcuirtear iallach ar na mic léinn cloí le hailíniúcháin neamhréalaíocha a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chorp agus don mheanma. Tá obair pointe do mhná, pas de deux agus ranganna oiliúna fir ina gcodanna tábhachtacha den ábhar seo.

Seánraí damhsa eile – ba chóir go bhfaigheadh mic léinn blaiseadh de sheánraí damhsa eile, mar shampla, damhsa traidisiúnta na hÉireann, snagdhamhsa, damhsa hip hap agus damhsa Afracach. D’fhéadfaí iad sin a chomhcheangal mar chuid den churaclam leanúnach nó d’fhéadfaí teacht orthu trí dhianchúrsaí, ceardlanna nó tionscadail taibhithe. Páirtíocht Damhsa – e.g. tobchumadóireacht teagmhála agus páirtíocht damhsa chomhaimseartha. Beidh ar na mic léinn, idir fhir agus mhná, neart a fhorbairt sa pháirtíocht damhsa. Tá tuiscint fhisiciúil thábhachtach, ar nós ‘meáchan’ a thabhairt agus a ghlacadh, mar bhunús le mórán teicnící sa pháirtíocht damhsa. Ba chóir go gcothófaí sna mic léinn scileanna i gcineálacha éagsúla páirtíochta damhsa trí thobchumadóireacht, cóiréagrafaíocht seit a fhoghlaim agus ábhar gluaiseachta a cheapadh chun cleachtas gairmiúil a léiriú. Cóiréagrafaíocht – ó tharla nach mór do dhamhsóirí smaoineamh go cóiréagrafach sa phróiseas cruthaitheach, ba chóir go gcuirfí san áireamh sa chóiréagrafaíocht bunuirlisí cumadóireachta, cumadóireacht thascbhunaithe, creatlacha coincheapúla i smaointeoireacht chóiréagrafach agus eolas ar chleachtas comhoibritheach idirdhisciplíneach. Ba cheart go gcuirfí barr feabhais ar na scileanna sin sa chúrsa tríd síos agus go mbeadh níos mó seans ann go gcruthófaí agus go dtaibheofaí saothar mac léinn de réir mar a théann an cúrsa ar aghaidh. Taibhithe – is cuid thábhachtach den oiliúint é deiseanna a thabhairt do mhic léinn a bheith ag obair le cóiréagrafaithe gairmiúla. Ba cheart na cóiréagrafaithe sin a fháil go seachtrach uair amháin sa bhliain ar a laghad le haghaidh gach bliana (agus níos mó le haghaidh na bliana deiridh). Más féidir, ba chóir go ndéanfadh an fhoireann teagaisc, idir bhuan agus shealadach, cóiréagrafaíocht le go bhféadfadh na mic léinn dul i mbun taibhiú ag deireadh gach seimeastair. Anatamaíocht agus cinéiseolaíocht – ba cheart go dtabharfaí buneolas maith do na mic léinn ar an anatamaíocht ó thaobh na teoirice, na praiticiúlachta agus na taithí de. Oiliúint Chomhlántach – e.g. cleachtadh coirp, pilates, sómaitic, ióga agus aclaíocht. Ba chóir go gcuirfeadh an oiliúint sin le forbairt scileanna na mac léinn ina ranganna teicnící agus go ndéanfaí í a chomhcheangal leis an bhfoghlaim in ábhair anatamaíochta agus chinéiseolaíochta. Tobchumadóireacht – ba cheart go ndéanfadh na daltaí scileanna tobchumadóireachta a fhorbairt de dheasca blaiseadh a fháil de theicnící oiriúnacha leithéidí Gaga,

27

Page 28: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

teicneolaíochtaí tobchumadóireachta William Forsythe agus teicnící amharclannaíochta, mar shampla, Viewpoints (Dearcthaí). Comhthéacsú an damhsa – stair an damhsa; tuiscint a fháil ar fhorbairt dhamhsa amharclainne an Iarthair i gcomhthéacs na hÉireann agus i gcomhthéacs idirnáisiúnta; Anailís Damhsa: tuiscint a fháil ar conas cur síos a dhéanamh ar dhamhsa agus ar conas damhsa a léiriú agus a mheas i ndáil le saincheisteanna soch-chultúrtha agus forbairtí stairiúla agus damhsa sa 21ú haois: tuiscint a fháil ar ábhair imní faoi leith na foirme ealaíne tar éis 2000.

Fiontraíocht – Forbairt a dhéanamh ar scileanna gairme, mar shampla, CVanna a chumadh, láithreacht ar líne agus láithreacht na meán sóisialta a bhainistiú agus pleananna gairme a fhorbairt. Próisis trialach – ós rud é go mbeidh na mic léinn ag tabhairt faoi dhianoiliúint choirp, is ríthábhachtach go mbeidh an próiseas trialach dian d’fhonn go mbeifear in ann neart fisiciúil agus síceolaíoch na n-iarratasóirí a dhéanamh amach. Is gnách do mhic léinn dul faoi thriail le linn lá amháin ar a laghad, trí pháirt a ghlacadh i ranganna teicnící sa damhsa comhaimseartha agus sa bhailé, in agallamh agus i gcuir i láthair aonair. Ina theannta sin, ba chóir go gceanglófaí ar na mic léinn dul faoi scagthástáil ag fisiteiripeoir roimhe sin le go sainaithneofaí aon laigí agus baic fhéideartha a d’fhéadfadh a bheith ina mbunús le gortú le linn an chláir oiliúna. Sláinte agus folláine Ba cheart monatóireacht a bheith á déanamh ag fisiteiripeoir le linn an chúrsa ar fad lena chinntiú go ndéanfar gortuithe a aimsiú go luath, de réir mar is féidir, agus go gcuirfear cláir athshláinúcháin ó ghortuithe ar fáil do mhic léinn a mbaineann gortuithe dóibh. Ba cheart rochtain ar chomhairle ar chothú a bheith ann, lena n-áirítear seisiúin eolais faoi leibhéil shláintiúla cothaithe a choinneáil a bheith ina gcuid den chúrsa. Ba cheart go n-oibreodh na gnéithe seo i gcomhpháirt le chéile le comhairleoireacht na n-institiúidí uile agus soláthar tacaíochta airgeadais do mhic léinn .

2.3 Acmhainní agus saoráidí atá de dhíth

2.3.1 Próifíl na foirne teagaisc Tá caighdeán teagaisc an damhsa ina dhlúthchuid d’aon clár oiliúna gairmiúla agus níor cheart é a mheas faoina luach. Is tábhachtach croífhoireann damhsa a bheith ann chun dearadh agus seachadadh an churaclaim a chomhordú. Ach tá sé chomh tábhachtach céanna leas a bhaint as múinteoirí ar ardchaighdeán ón earnáil ghairmiúil. Ní mór tuiscint ar ábhair amhail an trédhearcacht, an ghairmiúlacht, an chuntasacht agus an cothromas a bheith i gceist le teagasc laistigh d’institiúid tríú leibhéal. Tá go leor scríofa faoin gcothromaíocht idir eolas ábhair agus eolas oideolaíoch agus an tuiscint ann nach ionann bheith i do dhamhsóir den scoth agus bheith i do mhúinteoir den scoth (Fortin 1993; Warburton 2008). Ina dhiaidh sin féin, chun oiliúint sa damhsa a chur ar fáil ar leibhéal gairmiúil ní mór múinteoirí damhsa a fhostú a raibh gairmeacha suntasacha gairmiúla acu agus iad ina ndamhsóirí agus/nó a bhfuil oiliúint ar ardchaighdeán acu i dteagasc damhsa. Ag tarraingt ar mhúinteoirí a d’oibrigh ina ndamhsóirí gairmiúla nó ina gcóiréagrafaithe sa tionscal damhsa, tá sé tábhachtach na

28

Page 29: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

héagsúlachtaí idir cultúir an chleachtais ghairmiúil agus na hoiliúna institiúide a aithint. Mar shampla, oibríonn cuideachtaí damhsa ar scála atá an-neamhfhoirmiúil go scála atá fíorchéimlathach. Agus d’fhéadfadh múinteoirí atá ag obair ó thaobh amháin nó ón taobh eile ar fad a bheith ina gcúis le hachrann maidir le héiteas na hollscoile. Ní gá gurb ionann an trédhearcacht agus an chuntasacht atáthar ag súil leis i gcás measúnaithe ollscoile agus i gcás measúnaithe sa chomhthéacs gairmiúil. Dá réir sin, ní mór dámh lánaimseartha a bheith ann chun idirghabháil a dhéanamh sna caidrimh sin. Ó thaobh dámh bhuan a cheapadh laistigh d’institiúid tríú leibhéal, tá sé dúshlánach an déshainchúram chun scileanna eolais phraiticiúil damhsa agus stádas leordhóthanach mar thaighdeoir a bhaint amach (i.e. céim ar leibhéal Máistreachta agus céim ar leibhéal PhD más féidir). Tá an-chuid ranna ollscoile ann nach bhfostaíonn foireann bhuan nach bhfuil leibhéal PhD acu. Rud a chiallaíonn gur annamh atá na hiarrthóirí ann do phost dá leithéid a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le hais saineolas tionscail agus teagaisc. I gcás céim BA ar leibhéal gairmiúil, bheadh gá ann cur leis le léachtóirí comhlacha nó le foireann shealadach a mbeadh cáilíochtaí tionscail ar ardchaighdeán acu agus seans dianphoist ghearrthéarmacha a bheith ann ar nós damhsóir/cóireagrafaí cónaithe. Múnla amháin le teacht timpeall ar an tsaincheist sin is ea an Lir Academy (Acadamh Lir), agus é ina eagraíocht uathrialach laistigh de Choláiste na Tríonóide, a fhostaíonn múinteoirí ar bhonn páirtaimseartha díreach ón tionscal. Níl thagann na baill foirne sin faoi réir gnáthriachtanas taighde, teagaisc agus seirbhíse TCD ná ní gá céim acadúil a bheith acu chun múineadh ar an gcúrsa oiliúna taibheora.

2.3.2 Taithí ar chleachtas gairmiúil D’fhonn ‘deaslámhacht/ inniúlacht chruthaitheach’ a fhorbairt, ar a dtugann Rowe agus Zietner-Smith (2011, 41) an sainmhíniú ‘bheith in ann aistriú idir leibhéil rannpháirtíochta leis an bpróiseas cóiréagrafaíochta’, is iomaí ardscoil damhsa ina bhfuil deiseanna fite fuaite ann chun dul i dteagmháil le cóiréagrafaithe gairmiúla le saothair nua a chruthú le haghaidh taibhithe mac léinn. Is tábhachtach iad siúd chun mic léinn a cheangal go díreach le treochtaí tionscail agus an deis a thabhairt dóibh scileanna a fhorbairt i gcleachtas stiúideo, nósmhaireacht gairmiúil, próisis aonair déanamh damhsa agus caidrimh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo le cóiréagrafaithe atá ag obair a fhorbairt. Agus cúrsaí ann ina bhfuil níos mó agus níos mó cóiréagrafaithe ag obair ar bhonn tionscnaimh, is lú deiseanna atá ag damhsóirí taithí a bheith acu ar phrintíseachtaí ós rud é go gcuirtí iad siúd ar fáil trí chuideachtaí lánaimseartha go hiondúil. Dá bharr sin cuireann taithí ghairmiúil fite fuaite san oiliúint deis thábhachtach foghlama ar fáil. Ba cheart socrúcháin oibre nó iasachtaí le cuideachtaí damhsa a bheith ann a chuireann ar chumas na mac léinn taithí a fháil ar an gcleachtas gairmiúil, de réir mar is féidir. D’fhéadfadh mic léinn atá ag damhsa i léirithe gairmiúla trína ról ar iasacht a bheith i gceist. 2.3.3 Deiseanna taibhithe Tá deiseanna taibhithe ar ardchaighdeán in ionaid atá feistithe go hiomlán tábhachtach chun scileanna amhail ealaín stáitse agus gairmiúlacht a mhúineadh do mhic léin. Is iontach go deo má tá rochtain ag an institiúid ar amharclann ar an láthair atá feistithe go hiomlán, sa tslí is go mbeidh am cuí ag mic léinn le bheith ag cleachtadh go dian agus le feidhmiú ionaid a fhoghlaim. B’fhearr dá mbeadh ceardlanna sa soilsiú agus sa dearadh seit i gceist chomh maith, tá na nithe sin mar chuid den churaclam i

29

Page 30: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

gcomhair London Contemporary Dance School (Scoil Damhsa Chomhaimseartha Londan)). Tá fiúntas ag baint chomh maith le tionscadail idirdhisciplíneacha agus suíomhoiriúnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Agus ba cheart an taithí bheith ag obair le cóiréagrafaithe ar ardchaighdeán bheith ag teacht le deiseanna mac léinn chun saothar a chumadh agus a chruthú. Féadfaidh comhshaothar le mic léinn de chuid disciplín eile bheith i gceist leis seo arbh fhéidir raon aschuir bheo agus/nó aschuir Mheán Nua teacht as, le disciplíní amhail an Damhsa agus an Scannánaíocht, an Dearadh Idirghníomhach agus an Dearadh Amhairc, na hAmharc-Ealaíona, an Ceol agus an Amharclannaíocht.

2.3.4 Spás Tá spásanna stiúideo cuí riachtanach le haghaidh clár oiliúna damhsa ar bith. Tá riachtanais ar leith i gceist le spásanna damhsa chun cleachtas sábháilte damhsa a chinntiú, gortú a sheachaint agus gníomhaíochtaí ar leibhéal gairmiúil a chur chun cinn. Tuairisc Achomair na Comhairle Ealaíon Giving Body to Dance: Review of building-based dance infrastructure in Ireland (Macken agus Curry 2010) ina dtugtar achoimre ar threoirlínte le haghaidh stiúideonna damhsa a roghnaíodh as raon tuarascálacha a rinne eagraíochtaí ábhartha sa Ríocht Aontaithe. Ar na treoirlínte seo tá ábhair amhail caighdeán dhromchla an urláir (urlár géilleach a bhfuil clúdach mín air amhail adhmaid nó vinil21), méid achair urláir (stiúideo Mionscála 12m x 12m, Meánscála 15m x 16m, Mórscála 18m x 19m22), airde an stiúideo, córais chuí teasa (íosteocht chothromais is ea 8.3 céim C/65 F ach idir 20˚C agus 24˚C is ea is fearr), aeráil, córas fuaime ar an mballa, soilsiú cuí, Barraí agus scátháin bailé feadh balla amháin ar a bhfuil cuirtíní chun iad a chlúdach nuair is gá (Macken agus Curry 2010). Leagtar béim nach beag ar bhealach isteach do dhaoine faoi mhíchumas agus slándáil, sábháilteacht (e.g. rochtain chuí ar Bhealaí Éalaithe Dóiteáin) agus seomraí feistis cuí le haghaidh mac léinn fir agus mná (Macken and Curry 2010). Is breisriachtanas é trealamh sa bhreis ar nós an teicneolaíocht closamhairc le haghaidh teagaisc agus foghlama sa stiúideo chun go mbeidh múinteoirí in ann cleachtaí agus measúnaithe

21 ‘Táthar tar éis a fháil amach go bhfuil gá le hurláir ghéilleacha, leathghéilleacha nó stuáilte atá deartha i gceart le haghaidh damhsa; tá an oiread sin gortaithe agus struis i gceist le damhsa ar urláir righne atá fíorchrua. Déanfaidh urláir nach bhfuil deartha go maith laigí in anatamaíocht an damhsóra níos measa trína bheith ródhian ar theannáin, ar ailt agus ar chnámha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le fadhbanna físeolaíocha tromchúiseacha nó ainsealacha lena n-áirítear bristeacha struis agus fadhbanna matánchnámharlaigh. Is minic a bhíonn aighneas ann maidir le dearadh na hallaí ilfheidhme nó spásanna amharclannaíochta ilfheidhme i gcás ina bhfuil an stáitse le roinnt le húsáideoirí eile. Ina dhiaidh sin féin, ar mhaithe leis na damhsóirí agus leis na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí damhsa, moltar urlár géilleach don damhsa amháin. Baineann sé sin le sláinteachas chomh maith ós rud é gur minic a oibríonn damhsóirí comhaimseartha cosnocht agus níor cheart dóibh urláir a roinnt le grúpaí a chaitheann bróga allamuigh agus iad ag obair. Chomh maith leis sin tá dromchla mín tábhachtach (i.e gan aon scealpóga ná bearnaí bheith ann idir na cláir urláir adhmaid). Ba cheart go gcomhlíonann an t-urlár caighdeán Eorpach DIN 18032 Cuid II, a thugann comhéifeacht ionsú turrainge de 55% ar a laghad. Is adhmad ar dhath éadrom is fearr’ (Macken and Curry 2010). 22 Tabhair do d’aire sa tuarascáil seo, go mbaineann na tomhais sin go díreach le spásanna cleachtaidh in áit stiúideonna oiliúna. Ina dhiaidh sin féin, glactar leis go forleathan go dteastaíonn spásanna atá chomh mór le spásanna gairmiúla ó dhamhsóirí atá ag dul faoi oiliúint chun scileanna damhsa a fhorbairt, ar nós gluaiseachta agus léimní ar leibhéal gairmiúil.

30

Page 31: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

mac léinn a thaifeadadh nó píosa scannánaíochta a chur ar siúl nuair atá na mic léinn ag foghlaim píosaí reatha an répertoire. D’fhonn clár BA trí bliana a reáchtáil, beidh ar a laghad trí stiúideo damhsa idir stiúideonna meánmhéide go stiúideonna móra de dhíth nach mbeidh cead ach ag an gclár amháin iad a úsáid. ‘I gcás rang 25-30 mac léinn, moltar spás atá 10m ar leithead agus 14m ar fad agus 4.5m ar airde ar a laghad […] ’ (Macken agus Curry 2010). Ina dhiaidh sin féin, bheadh dhá stiúideo ní ba lú sa bhreis i gcomhair gníomhaíochtaí gaolmhara ar nós cóitseála, oiliúint mhalartach (e.g. Sómatach nó cleachtadh coirp) agus cleachtaí mac léinn i gcomhair measúnaithe go hiontach. I gcás ar athchóiríodh stiúideonna in áit stiúideonna a thógáil , rinneadh gach iarracht lena chinntiú go gcomhlíonann siad na treoirlínte atá sa tuarascáil Giving Body to Dance.

CAIBIDIL 3: An fhéidearthacht atá ann BA sa Damhsa a bhunú

3.1 An damhsa laistigh den Ardoideachas in Éirinn

3.1.1 An Damhsa agus na Tionscail Chruthaitheacha

Féadfaidh tionchar mór geilleagrach agus sóisialta bheith ag fiontair chruthaitheacha i ngeilleagar ar bith; agus tugann fiontraithe cruthaitheacha aghaidh ar líon sriantachtaí ó thaobh oideachas agus oiliúint chuí de...

(Ó Cinnéide agus Henry 2007, 84). De bharr thráchtearrú geilleagrach na n-ealaíon cruthaitheach agus na dtaibhealaíon, tá cás níos láidre ann maidir le luach na n-ealaíon sa tsochaí ach iad a thabhairt le chéile faoi choimirce na dTionscal Cruthaitheach. Áirítear anseo raon disciplíní eile amhail ‘fógraíocht, ailtireacht agus dearadh; foilsitheoireacht; meáin chraolta agus ceol taifeadta...forbairt bogearraí, seirbhísí ríomhairí, na meáin dhigiteacha, cumarsáid agus raon gníomhaíochtaí laistigh den earnáil oidhreachta’ (Henry 2007, 1). Agus ‘geilleagar iarthionsclaíoch’ ann, is sainchuid iad na tionscail chruthaitheacha den ‘aistriú ó shochgheilleagar táirgeadh-bhunaithe go sochgheilleagar eolasbhunaithe (Ó Cinnéide agus Henry 2007, 74). Dá réir sin, tá níos mó seans ann i gcás forbairtí sa réimse seo go dtiocfaidh athrú ar phatrúin oideachais agus oiliúna maidir leis an damhsa sna blianta amach romhainn leis an bparaidím teicni-gheilleagrach i gcomhair geilleagar eolasbhunaithe’ (Bullen, Robb agus Kenway 2004, 6) agus beidh tionchar aige sin ar dhearcthaí seanbhunaithe ar an oideachas sna healaíona agus sna daonnachtaí. Féadfaidh sé sin dul chun tairbhe an damhsa toisc go bhfuil an earnáil ghairmiúil ag feidhmiú cheana féin laistigh de thimpeallacht ildisciplíneach, mar shampla, i gcás amharclannaíochta, ceoil, dearadh seit agus na n-ealaíona digiteach agus laistigh de thimpeallacht thrasdhisciplíneach, mar shampla, i gcás na heolaíochta, síceolaíocht chognaíoch, sláinte agus forbairt bogearraí (i.e. cluichíocht agus réaltacht fhíorúil). Ar an mbealach sin, déanfaidh forbairt scileanna idirdhisciplíneacha agus trasdhisiplíneacha i gcomhair céimithe cuir chuige nua maidir le damhsa laistigh den gheilleagar cruthaitheach a spreagadh agus beidh tuilleadh deiseanna fostaíochta agus taighde ann do chéimithe. Moltar sa tuarascáil a d’fhoilsigh an tÚdarás um Ard-

31

Page 32: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Oideachas (HEA) le deireanaí, Dublin Creative Arts Review, ar tugadh HEA fúithi in 2012 chun ‘athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar na n-ealaíon cruthaitheach agus na gclár meán i gceantar Bhaile Átha Cliath…i gcomhthéacs timpeallachta dúshlánaí geilleagraí in Éirinn’ (Bamford et al. 2013, 2), ‘nach mór d’institiúidí a mhúineann sna healaíona cruthaitheacha conairí soiléire a fhorbairt lenar féidir torthaí a aithint óna n-ábhar, agus an t-oideachas láidir atá i gcroílár na daonnachtaí a chaomhnú chomh maith’ (Bamford et al. 2013, 43). Is iad na dúshláin atá rompu teagasc agus foghlaim a cheangal le torthaí fostaíochta a fhad agus a choinnítear caighdeáin oideolaíochta a dhéanann cumas criticiúil agus machnamhach i bhfoghlaimeoirí a fhorbairt.

3.1.2 Bonneagar reatha agus soláthar atá ann a thabhairt le chéile Éilítear sa Dublin Creative Arts Review comhdhlúthú agus soiléiriú conairí oideachais le haghaidh foghlaimeoirí a bheith ann trí ‘chomhpháirtíochtaí ingearacha agus cothrománacha a bheith ann idir soláthraithe oideachais agus institiúidí cultúir, a dhéanann éascaíocht ar chomhdhlúthú soláthair cláir fochéime agus iarchéime, chomh maith le soláthraithe a chumasc’ (Bamford et al. 2013, 2). Leagtar béim láidir ar an soláthar atá ann a fheabhsú agus é a chomhdhlúthú in áit institiúidí nua tríú leibhéal a fhorbairt, agus moltaí ann go bhféadfaidh na hinstitiúidí ealaíon atá ann na conairí atá de dhíth a chur ar fháil trí ‘comhcholáistí de struchtúr eagraíochtúil ollscoile níos mó (Bamford et al. 2013, 13) a dhéanamh dóibh. Sampla is ea Uversity de thionscnamh a chuireann Iarchéim na nEalaíon Cruthaitheach ar fáil lenar féidir mic léinn modúil a roghnú as fiche a ceathair institiúid de chuid na hÉireann ar modúil iad a oireann dá staidéar féin 23.

3.1.3 Maoiniú tríd an Údarás um Ardoideachas Leithdháiltear maoiniú ar institiúidí tríú leibhéal trí Shamhail Leithdháilte Deontais Athfhillteach HEA, a tugadh isteach in 2006. Tríd an bpróiseas seo, déantar maoiniú a thabhairt trí uimhreacha mac léinn a chomhthiomsú agus ‘cé chomh dian atá an chúrsa ó thaobh acmhainní de’, a shocrú, mar shampla, faigheann teagasc stiúideobhunaithe 1.3 den leithdháileadh (Buckley 2010, 22). Tá cúinsí eile ann, amhail stádas socheacnamaíoch an daonra agus an maoiniú ar fad atá le fáil le méid an mhaoinithe per capita a dhéanamh amach. Tá uathriail ag ollscoileanna chun an maoiniú seo a dháileadh ar na cláir26, rud atá tábhachtach i gcás ábhar atá dian ó thaobh acmhainní de, ar nós an damhsa. Ábhar ina bhfuil líon níos lú daltaí sa rang ann de bharr critéir roghnúcháin bunaithe ar oiliúint roimhe sin, cumas agus corpinniúlacht. Mar a mhínítear sa Dublin Creative Arts Review, ‘tá an-tóir ar chúrsaí sna healaíona agus is furasta iad a líonadh ach ní chiallaíonn sé sin go mbeidh fostaíocht ann do mhic léinn nuair a chríochnóidh siad an cúrsa…cé go líontar amach suirbhéanna tosaigh ceann scríbe, is beag is fiú é chun na castachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sna healaíona cruthaitheacha a chur san áireamh ar gairm “portfólió” is coitianta atá ann (Bamford et al. 2013, 19). Glactar leis laistigh den Roinn Oideachais go bhfuil neamh-chomhionnanas ann laistigh den soláthar oiliúna don damhsa, sa chaoi go bhfuil cuid mhaith mac léinn ann nach féidir leanúint ar aghaidh lena gcuid oiliúna de bharr nach acmhainn dóibh freastal ar ardscoil thar lear24. Ciallaíonn sin nach féidir ach le mic léinn a bhfuil sé d'acmhainn acu rochtain a fháil ar oiliúint ar leibhéal gairmiúil.

23 Féach suíomh gréasáin na hollscoile [Oscailte 15/03/16] http://www.uversity.org 26 Deirdre McDonnell comhfhreagras pearsanta. 24 Comhfhreagras pearsanta le Deirdre McDonnell.

32

Page 33: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

3.1.4 Oiliúint ghairmiúil laistigh de chéim BA in Éirinn Is iomaí buntáiste a bhaineann le clár oiliúna gairmiúil a chur laistigh de shamhail ollscoile. Ina measc is féidir bonneagar ar ardchaighdeán a fhorbairt agus tacaíocht maoinithe a chur ar fáil d’ábhar atá dian ó thaobh acmhainní de, ar nós an damhsa, trí chláir bhunchéime agus iarchéime eile. Ó tharla gur féidir leis an damhsa a bheith fite fuaite i ndisciplíní éagsúla agus gur féidir le mic léinn damhsa meascán ábhar roghnach a dhéanamh bíonn mic léinn in ann deiseanna ar fhoghlaim shaincheaptha agus ar fhorbairt chruthaitheach shaincheaptha a fhorbairt. Trí chomhpháirtíochtaí a bhunú le hinstitiúidí náisiúnta nó idirnáisiúnta, institiúidí tionscalbhunaithe nó acadúla is féidir cur leis na líonraí le haghaidh tuilleadh staidéir nó is féidir deiseanna gairmiúla teacht astu. Má thugann mic léinn damhsa faoi oiliúint ghairmiúil agus iad mar chuid de chultúr taighde bríomhar idirdhisciplíneach is cinnte go gcuirfidh siad le líon na ndeiseanna a bheidh acu amach anseo i ngairm an damhsa. Chun aghaidh mar is ceart a thabhairt ar an ngá atá le hoiliúint damhsa ardleibhéil agus chun clár damhsa a bhunú taobh istigh de struchtúr ollscoile, tá sé tábhachtach go mbeadh an gá atá lena leithéid de chlár sa tionscal lárnach i struchtúr an chúrsa. Mar shampla, ba cheart ceachtanna a fhoghlaim ó na dúshláin a bhí roimh chúrsaí oideachais ardleibhéil sna healaíona roimhe seo, an chéim BA i gColáiste na Tríonóide mar shampla a tháinig roimh Acadamh LIR (LIR Academy) ach ar cuireadh deireadh léi mar, dar le ceann an léinn acadúil in Acadamh LIR, ‘ní raibh féiniúlacht shoiléir aici (ní scoil aonair ná ardscoil a bhí inti) agus ní raibh a dóthain maoinithe aici’ (Healy 2011). Tosaíodh ar an dearcadh tionscalbhunaithe san oideachas ardleibhéil sna healaíona a mhaolú le Bamford et al. (2013, 44) inar dúradh go raibh ‘brú ann de bharr gluaiseacht coláistí breisoideachais agus coláistí teicniúla i dtreo creatlach ollscoile ábhair a dhéanamh níos teoiriciúla agus béim phraiticiúil thionscalbhunaithe na gcúrsaí a laghdú’. Ina theannta sin, dúradh go raibh an ‘laghdú ar na huaireanta teagaisc páirtaimseartha agus ar líon na n-ealaíontóirí a thagann ar cuairt tar éis bearna a chruthú idir na cúrsaí agus saol na n-ealaíon comhaimseartha mar atá’ (Bamford et al. 2013, 44). Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh caighdeáin thionscal an damhsa i gcroílár an leagain amach ar aon chlár BA agus go gcuirtear na caighdeáin sin i gcomparáid leis na caighdeáin idirnáisiúnta fostaíochta.

3.2 Acadamh Náisiúnta Damhsa a bhunú in Éirinn

3.2.1 Samhlacha atá ann cheana Is samhail ar éirigh léi samhail Acadamh LIR a d’fhéadfaí a úsáid mar theimpléad i gcomhair tionscnaimh den chineál céanna sa damhsa. Is ann d’institiúidí eile in Éirinn ar nós Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann a bhfuil dea-theist orthu san oiliúint ardscoile agus a bhfuil bunchéimeanna ar tairiscint acu anois atá creidiúnaithe ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Mar a dúradh roimhe seo go deimhin, is samhail í sin atá i réim sa Ríocht Aontaithe ina riarann ardscoileanna ar nós Rambert School of Ballet and Contemporary Dance agus Central School of Ballet cláir BA atá creidiúnaithe ag ollscoileanna comhpháirtíochta. Is sampla é Scoil Palucca in Dresden (Palucca Hochschule für Tanz) d’institiúid oiliúna bhunaithe ar thug an rialtas stádas ollscoile di agus is í an chéad ollscoil damhsa sa Ghearmáin í.25

25 Féach suíomh gréasáin Palucca Hochschule [Oscailte an 15/03/16] http://www.palucca.eu/en/palucca_school/history.html

33

Page 34: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Le go n-éireodh leis an tsamhail sin in Éirinn bheadh gá le hardscoil damhsa bhunaithe a mbeadh dea-theist uirthi agus a mbeadh na hacmhainní cuí aici chun cláir a fhorbairt ar an leibhéal gairmiúil oiliúna. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair ní ann dá leithéid d’institiúid agus, mar sin, ba ghá ceann a bhunú. Cé nach bhféadfadh na cláir creidiúnú a fháil ar an bpointe mar a fhaigheann céimeanna BA, ba bhuntáiste é, bunaithe ar na treochtaí idirnáisiúnta, dul i dtreo an cháilíocht sin a bhronnadh orthu. De thairbhe an chreidiúnaithe sin is féidir teacht ar mhaoiniú mar chuid de Chreat Cáilíochtaí Náisiúnta HEA agus is féidir mic léinn a mhealladh a thuigeann an gá atá le bunchéim a bheith acu i ndomhan ina gcuirtear níos mó agus níos mó béime ar cháilíochtaí. D’fhéadfadh an creidiúnú teacht ó institiúidí mar DIT a bhfuil comhpháirtíochtaí acu cheana féin le roinnt scoileanna seachtracha, ina measc Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann agus Coláiste Ceolamharclannaíochta na hÉireann. 3.2.2 Naisc le hearnáil damhsa na hÉireann Is cinnte go bhfuil deis ann do thionscnaimh a thugann saineolas, acmhainní agus creidiúnú institiúideach le chéile. Ó tharla gur eagraíocht acmhainní uile-Éireann é Dance Ireland, mar shampla, tá bonneagar aige a d’fhéadfadh tacú le tionscnamh oiliúna le comhpháirtithe eile trádála. Mhínigh príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Paul Johnson, dá mbeadh an bord agus na baill den tuairim gur tosaíocht a bhí san oiliúint damhsa, go raibh deis ann do Dance Ireland cur le tionscnamh oiliúna – ‘urlár uachtair an fhoirgnimh [DanceHouse], trí stiúideo agus rochtain ar sheomra acmhainní’26. D’admhaigh sé go mbeadh sé deacair páirtithe leasmhara éagsúla san oiliúint damhsa a thabhairt le chéile agus a chuimsiú in eagraíocht níos mó ach amháin dá mbeadh tacaíocht láidir ann ón bpobal damhsa agus ó chomhlacht treorach ar nós na Comhairle Ealaíon chun idirghabháil a dhéanamh sa phróiseas, i gcomhpháirtíocht le hollscoil a thugann creidiúnú b’fhéidir. Sa chás sin bheadh sé riachtanach leas a bhaint as an mbonn scileanna atá ann cheana i measc mhúinteoirí na hÉireann agus, san am céanna, béim a bheith ar mhúinteoirí ón iasacht a earcú. Mar a mhaígh Leatherdale agus Todd (1998) ‘tá go leor múinteoirí cumasacha damhsa in Éirinn cheana féin. Chun a chinntiú gur léiriú an cúrsa ar an bpobal idirnáisiúnta damhsa, áfach, ba ghá roinnt múinteoirí ón iasacht a earcú ar bhonn conradh sealadach nó meántéarmach (3 nó 4 bliana)’. Ar an gcaoi chéanna, céim riachtanach a bheadh sa chomhairliúchán le soláthróirí cúrsaí atá ann cheana, le múinteoirí stiúideonna príobháideacha agus leis an earnáil ghairmiúil damhsa i dtaca leis an acadamh a chur in oiriúint do thimpeallacht an damhsa in Éirinn mar atá agus dá riachtanais, ionas go mbeidh bealaí soiléire isteach san oiliúint ghairmiúil ann tríd an soláthar atá ann cheana.

3.2.3 Na dúshláin roimh eagraíocht nua oiliúna a bhunú Mar sin féin, ós rud é go bhfuiltear ag díriú ar chomhdhlúthú, a bhfuil cur síos air i roinn 3.1, d’fhéadfadh sé nach dtabharfadh an Roinn Oideachais ná HEA tús áite d’acadamh náisiúnta nua damhsa a fhorbairt. Imreoidh an timpeallacht gheilleagrach reatha agus raon na gcoláistí breisoideachais agus na gcúrsaí ollscoile ina gcuirtear oiliúint sa damhsa ar fáil go leibhéal áirithe tionchar ar an scéal freisin. Cé go gceaptar nach gcomhlíonann siadsan na riachtanais reatha ar an leibhéal gairmiúil, ba é an rogha ab fhearr, bunaithe ar an bpolasaí atá ann cheana, ná bealaí a chomhdhlúthú agus an soláthar atá ann cheana a leathnú amach go dtí caighdeán a d’fhéadfadh

26 Comhfhreagras pearsanta le Paul Johnson.

34

Page 35: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

riachtanais na ndaoine óga a dteastaíonn oiliúint ghairmiúil uathu a chomhlíonadh 27. D’fhéadfadh eisceacht a bheith ann dá mbeadh teacht ar mhaoiniú daonchairdiúil chun acadamh náisiúnta damhsa a bhunú mar a tharla i gcás Lir Academy. Ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh an tacaíocht dhaonchairdiúil sin riachtanach, fiú taobh istigh de struchtúr tacaíochta Choláiste na Tríonóide, chun an bonneagar cuí a chinntiú d’Acadamh LIR ionas go bhféadfadh sé feidhmiú mar ardscoil agus chun teacht timpeall ar go leor de na srianta maoinithe agus riaracháin a bhíonn ar chéim ollscoile sna healaíona28.

3.3 Príomhcheisteanna i gcomhair forbairtí sa réimse seo

3.3.1 Tagarmharcáil ó dhearcadh na hÉireann agus ón dearcadh idirnáisiúnta Tá tábhacht na tagarmhacála idirnáisiúnta maidir le clár oiliúna d’ardchaighdeán a bhfuil ardmheas air a bhunú in Éirinn, go háirithe ó tharla nárbh ann dá leithéid de chlár oiliúna in Éirinn go dtí seo, curtha in iúl ag Brinson (1985), Leatherdale and Todd (1998), Marzin (2003) agus McGrath (2013). Molann McGrath (2013) go háirithe dul i gcomhairle le Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (CCÉ) chun ‘straitéis rialaithe cáilíochta a fhorbairt d’oiliúint fhoirmiúil an damhsa in Éirinn’ agus molann sé go mbunódh an cúrsa comhpháirtíocht le comhlacht creidiúnaithe damhsa nó eagraíocht oiliúna damhsa a bhfuil gradam idirnáisiúnta aige/aici. Molann McGrath (2013) agus Singleton29 araon go mbunófaí cumann leis an CDD (Conservatoire for Dance and Drama) sa Ríocht Aontaithe agus ba bhuntáiste freisin é go deimhin, dlúth-chomhpháirtíocht a fhorbairt le ceann dá scoileanna cleamhnaithe ar nós London Contemporary Dance School nó Northern School of Contemporary Dance. Mar shampla, bhunaigh Acadamh LIR comhpháirtíocht leis an Royal Academy of Dramatic Arts (RADA) i Londain, rud a chuir ar a chumas é féin a bhunú go sciobtha trí fhéiniúlacht bhranda RADA a úsáid. Bhí RADA páirteach freisin i gcéim na pleanála, i bhforbairt bonneagair agus i leagan amach an chúrsa. Bhain siad tairbhe as an tsamhail oiliúna a bhí acu cheana a ‘cuireadh in oiriúint do chomhthéacs na hÉireann’ 30. Anuas ar phróifíl an chúrsa a fheabhsú, d’fhéadfadh eagraíochtaí comhpháirtíochta an deis a thabhairt do chéimithe na hÉireann iad féin a chur i dtimpeallacht idirnáisiúnta trí mhalartuithe mac léinn agus foirne. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cumainn a bhunú le compántais damhsa atá lonnaithe in Éirinn agus thar lear chun deiseanna printíseachta do chéimithe a bhunú – gné thábhachtach chun cur le líon na ndeiseanna fostaíochta do chéimithe. Tá compántais iarchéime taibhiú damhsa cruthaithe ag roinnt ardscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus níos faide i gcéin. Baintear céim MA amach ag an deireadh go hiondúil. Mar shampla, tá na compántais 4D de chuid LCDS, Laban’s Transitions de chuid Choláiste na Tríonóide agus Verve de chuid NSCD comhdhéanta de chéimithe óna n-institiúidí féin agus ó institiúidí eile a dhéanann éisteacht chun compántas a bhunú a théann ar camchuairt le saothair nua nó stór saothar athshuite ó chóiréagrafaithe bunaithe. Is tionscnamh an tionscadal damhsa ‘Céim chun Tosaigh’,

27 Comhfhreagras pearsanta le Deirdre McDonnell. 28 Comhfhreagras pearsanta le Brian Singleton – féach freisin an t-aguisín le haghaidh cuntas ar bhonneagar LIR 29 Comhfhreagras pearsanta 30 Brian Singleton, comhfhreagras pearsanta

35

Page 36: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

atá lonnaithe in Dance Limerick, le haghaidh an dul chun cinn ó oiliúint damhsa go cleachtadh gairmiúil a éascú trí líonraí agus deiseanna taibhithe a fhorbairt do chéimithe na gclár damhsa in Éirinn agus thar lear. Ceangal luachmhar a bheadh ansin do chlár oiliúna damhsa chun céimithe a nascadh le cóiréagrafaithe agus compántais in Éirinn. Cé gur tionscnaimh iarchéime iad sin, tá sé tábhachtach go dtabharfadh forbairtí sa réimse bunchéime aird ar bhealaí eile a d’fhéadfadh fostaíocht a chruthú do chéimithe an réimse sin.

3.3.2 Béim náisiúnta agus idirnáisiúnta Rinne Leatherdale and Todd (1998) plé ar an suíomh is fearr do chúrsa oiliúna sa damhsa gairmiúil i bhfianaise an bhuntáiste shoiléir a bhainfeadh lena leithéid de chúrsa a lonnú i mBaile Átha Cliath, a raibh an dlús is airde ó thaobh gníomhaíocht ghairmiúil damhsa aige an t-am sin. Ó bhí 1998 ann tá forbairtí móra bonneagair déanta taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, go háirithe i Luimneach áit ar bunaíodh Dance Limerick i Séipéal Naomh Eoin agus na stiúideonna nua damhsa ag Dámh Chruinne Éireann – Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh. Ina theannta sin, forbraíodh cláir damhsa coimeádaíochta sa Firkin Crane i gCorcaigh agus réimse clár damhsóir cónaithe timpeall na tíre. Tá an chuid is mó den ghníomhaíocht damhsa fós lonnaithe i mBaile Átha Cliath, áfach. Is samplaí iad an ghníomhaíocht ghairmiúil damhsa ag an spás tiomnaithe damhsa sa taobh ó thuaidh de lár Bhaile Átha Cliath, DanceHouse, féile bhliantúil damhsa Bhaile Átha Cliath agus cláir rialta thaibhithe na gcompántas damhsa as Éirinn agus ón iasacht in ionaid timpeall na cathrach. Trí dhul i gcomhairle leis an earnáil ag an am, chinn Leatherdale and Todd (1998) nár cheart go mbeadh suíomh cúrsa oiliúna ina thosaíocht ar chaighdeán agus seachadadh a leithéid de chúrsa agus níor leor na cúiseanna le cúrsa nua a bhunú ‘ó bhonn díreach le go mbeadh sé ar siúl i gceantar Bhaile Átha Cliath’. Cé go bhféadfaí cásanna a dhéanamh ar son cúrsa a bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath nó cúrsa a bheith ar siúl go réigiúnach, mura bhféadfaí cúrsa a thosú ó bhonn, bheadh an bonneagar agus an tacaíocht institiúideach atá ann cheana fíorthábhachtach agus suíomh an chúrsa á roghnú. Lena chois sin, is beag seans go dtacóidh HEA le níos mó ná cúrsa oiliúna amháin sa damhsa gairmiúil in Éirinn de bharr an éilimh réasúnta beag atá air i gcomparáid le hábhair eile31.

3.3.3 Margaíocht agus infheictheacht Bheadh clár margaíochta fócasaithe ag teastáil le haghaidh cúrsa oiliúna a bhunú chun a chinntiú go n-earcófaí mic léinn d’ardchaighdeán. Ba cheart do mhic léinn oiriúnacha a bheith ar an eolas faoin gcúrsa agus faoi na deiseanna gairme a thiocfadh as oiliúint sa damhsa. Sular ghlac sé leis na chéad mhic léinn, chuaigh Acadamh LIR i mbun feachtas náisiúnta i gcathracha éagsúla chun feasacht a ardú faoin gclár. Ina theannta sin, tá éisteachtaí ar siúl acu faoi láthair i mBaile Átha Cliath, Nua-Eabhrac, Londain agus Béal Feirste. Ar an gcaoi chéanna, cuireann ardscoileanna damhsa áirithe, ar nós Rambert School of Ballet and Contemporary Dance agus London Contemporary Dance School, éisteachtaí ar siúl san Astráil agus i Meiriceá Thuaidh faoi seach. Ba cheart d’aon chúrsa nua oiliúna sa damhsa a bheith dírithe ar mhic léinn ón Aontas Eorpach agus mic léinn idirnáisiúnta a earcú. Tá sé léirithe ag Dublin Creative Arts Review (Bamford et al. 2013, 45) gur beag an taithí atá ag oifigigh ghairmthreoracha in Éirinn ar ‘ghairmeacha cruthaitheacha nó cultúrtha’. Ós rud é gur slí bheatha gan mórán iomrá gairm an damhsa in Éirinn, ba cheart oifigigh

31 Comhfhreagras pearsanta le Deirdre McDonnell.

36

Page 37: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

gairmthreorach i scoileanna ar fud na tíre a chur ar an eolas ionas gur féidir leo comhairle a chur ar scoláirí faoi na slite beatha féideartha a thagann as cúrsa oiliúna sa damhsa gairmiúil a dhéanamh.

3.3.4 Naisc le tionscal an damhsa Chun a chinntiú go bhfuil mic léinn réidh le dul le gairm sa damhsa, ba cheart go mbeadh an cleachtas gairmiúil agus caighdeáin an tionscail lárnach i leagan amach aon chúrsa. Ba cheart na naisc le heagraíochtaí acmhainní damhsa na hÉireann ar nós Dance Ireland, Dance Limerick, Galway Dance Project agus Firkin Crane a chothú ionas gur féidir leis na mic léinn tairbhe a bhaint as deiseanna oiliúna seach-churaclaim amhail ceardlanna á dtabhairt ag aíonna idirnáisiúnta. Ba cheart naisc le compántais damhsa in Éirinn agus ón iasacht a bhunú chun iasachtaí, deiseanna taibhithe do mhic léinn i léirithe gairmiúla agus cónaitheachtaí compántas a éascú. Mar gheall ar a chlár Éireannach agus idirnáisiúnta de thaibhithe, ceardlanna agus cainteanna ó ealaíontóirí, ba chomhpháirtí luachmhar Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath a thabharfadh taithí do mhic léinn ar threochtaí taobh istigh de shaol idirnáisiúnta an damhsa. D’fhéadfaí na ceangail sin a nascadh le hábhair phraiticiúla agus theoiriciúla an chúrsa araon ionas gur féidir leis na mic léinn freagraí cáinteacha a thabhairt ar fhorbairtí reatha damhsa atá mar chuid den timpeallacht a mbeidh siad ag isteach inti mar dhaoine gairmiúla.

3.4 Áit a bhaint amach d’oiliúint ghairmiúil in éiceolaíocht damhsa na hÉireann

3.4.1 Oiliúint le leanúntas cleachtais D’ainneoin an easpa acmhainní san fhoirm ealaíne (Brinson 1985; O'Brien 2010; Leatherdale agus Todd 1998; McGrath, Parnell agus O'Brien 2013), tá damhsa tagtha in aois in Éirinn. Tá éachtaí móra déanta ag an earnáil damhsa i dtreo gairmiúlachta agus a bheith idirnáisiúnta ó gearradh maoiniú i 1989, nuair a thit maoiniú damhsa na Comhairle Ealaíon chuig 2.9 faoin gcéad den bhuiséad ealaíon (McGrath 2013). Príomhtháscairí den fhás dearfach seo is ea eagraíochtaí acmhainní cosúil le Damhsa Éireann, Firkin Crane agus Dance Limerick a bheith ann a fhreastalaíonn ar ghníomhaíocht damhsa ó spásanna stiúideo oiriúnaithe i bpríomhionaid uirbeacha agus Galway Dance Project a chuireann gníomhaíocht damhsa chun cinn in iarthar na tíre. Ina theannta sin, bhí Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath ag taispeáint saothar idirnáisiúnta agus Éireannach ó 2002 i leith ag ionaid a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud Bhaile Átha Cliath, agus an damhsa san áireamh go minic i gcláir chuid mhaith de na mórfhéilte cosúil le Féile Ealaíon na Gaillimhe, Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, Féile Lárshamhraidh Chorcaí agus Féile Ealaíon Chill Chainnigh. Cé nach bhfuil ag éirí thar cionn leis an damhsa laistigh den earnáil oideachais tríd is tríd agus go bhfuil sé fós cuimsithe sa chorpoideachas seachas laistigh d’oideachas na n-ealaíon, tá fianaise ann go bhfuil borradh ag teacht faoi ghníomhaíocht damhsa laistigh de scoileanna príobháideacha damhsa, mar is léir ón mborradh atá ar chompántais damhsa óige i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Comhartha eile dearfach is ea ailíniú na mbonnchúrsaí damhsa i gColáistí Breisoideachais leis an gCreat Cáilíochtaí Náisiúnta, fianaise go bhfuiltear ag bogadh i dtreo rialú cáilíochta agus na gairmiúlachta. Anuas air sin, éiríonn le tionscnaimh mar Tionscadal Damhsa

37

Page 38: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Céim chun Tosaigh ról riachtanach a chomhlíonadh sa mhéid is go bhforbraíonn sé cosáin gairme do chéimithe le déanaí i dtreo fostaíocht ghairmiúil. Ó thaobh éiceolaíocht náisiúnta inmharthana damhsa a bheith in Éirinn, tá na gnéithe go léir ann chun earnáil láidir spleodrach a chruthú. Agus is féidir talamh slán a dhéanamh de mar sin gurb é an easpa oiliúna ar leibhéal gairmiúil an lúb ar lár sa slabhra proifisiúnaithe. Leis na héachtaí móra sin sa damhsa atá liostaithe thuas táthar tar éis go leor de na moltaí i dtuarascáil Todd agus Leatherdale (1998) a chomhlíonadh agus dá bhrí sin, is rud áisiúil é scrúdú a dhéanamh arís ar an tsamhail seo a leanas a mhol siad le haghaidh ‘leanúntas cleachtais’: Fíor 3.1 A tógadh ón ‘A Continuum of Practice’ (1998) le Leatherdale agus Todd

Tugtar cuntas san fhíor seo a leanas ar an staid mar atá i láthair na huaire agus conas a d’fhreagródh sé do shamhail bhunaidh Leatherdale agus Todd (1998) maidir le leanúntas cleachtais mar atá thuas. Fíor 3.2 An Éiceolaíocht Damhsa faoi láthair in Éirinn

38

Oiliúint gairme lánaimseartha

Bonnchúrsaí

Gairm bheatha /gairmithe ag teacht chun cinn

Éisteachtaí oscailte

Tionscnaimh damhsa nua

CuideachtaíCláir oideachas for-rochtana

Oideachas

Forbairt ghairmiúil leanúnach

Múinteoirí

Comhairle ghairme

Rince Óige

Page 39: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Gairm bheatha /gairmithe ag teacht chun cinn e.g. Tionscadal Rince Céim chun

Tosaigh

Tionscnaimh Rince Nua e.g. Cláir thacaíochta Damhsa Éireann/

Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon

Ionaid Taibhithe / Féilte e.g.

Dublin Dance

Festival

Oideachas – e.g. oiliúint do mhúinteoirí

(Corpoideachas) Ardteistiméireacht

Fheidhmeach

Stiúideo Damhsa Príobháideach le

Múinteoirí cáilithe de chuid RAD/ISTD

Compántais Damhsa

Cé go bhfuil gá ann i gcónaí acmhainní agus tacaíocht bonneagair a neartú ar fud na hearnála ar fad, is léir go bhfuil na cosáin chearta ann chun tacú le tionscnamh oiliúna agus d’fhéadfaí a rá go dtabharfadh clár oiliúna ar bhonn gairmiúil fócas agus leanúnachas don earnáil.

3.4.2 Comhairliúchán leis an earnáil damhsa Mar fhocal scoir, cé nach bhfuil clár oiliúna ar bhonn gairmiúil ann i láthair na huaire, níor cheart díreach glacadh leis gur tabula rasa é an tírdhreach damhsa. Is iomaí forbairt mhór a rinneadh in oideachas damhsa blianta roimhe seo agus is iomaí múinteoir damhsa éirimiúil a rannchuidigh go mór le conairí gairme dhamhsóirí gairmiúla na hÉireann. Moltar dá bhrí sin go n-áirítear ar aon fhorbairtí sa réimse seo cur chuige cuimsitheach comhairliúcháin ina dtéitear i dteagmháil leis an bpobal damhsa. D’éirigh leis an gcur chuige sin i dtéatar nuair a forbraíodh an Lir Academy

39

Clár For-rochtana

Compántais Damhsa Óige / Comhairle ghairme

Bonnchúrsaí

Page 40: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

(Acadamh Lir) agus cinntíodh leis go bhféadfadh earnáil an téatair tacaíocht a thabhairt trí chonairí comhoibritheacha a dhaingniú a chuireann ar chumas mic léinn bogadh ón réamhoiliúint go dtí cúrsa an taibheora32 agus ó chéim a bhaint amach go dtí gairm an téatair. Tá na struchtúir ann chun comhairliúchán mar sin a éascú, go háirithe na heagraíochtaí acmhainní, Damhsa Éireann, Dance Limerick agus Galway Dance Project, a d’fhéadfadh dul i gcomhairle leis an earnáil in éineacht leis an gComhairle Ealaíon. Ba cheart a rá áfach, dar le Brian Singleton33, gur tháinig an Lir Academy (Acadamh Lir) amach as ‘achrann a bhris amach sna meáin maidir le dúnadh an chúrsa aisteoireachta a bhí againn tráth’. Chiallaigh an gníomh sin a ghlac an tionscal go rabhthas an-éifeachtach ag bunú cúrsa aisteoireachta a bhfuil formhuiniú earnáil an téatair aige. Tá cur chuige córasach ag teastáil ionas go dtabharfaí aghaidh go héifeachtach ar an riachtanas córasach sin.

CAIBIDIL 4: Conclúid: achoimre de na príomhthorthaí ó rannáin roimhe seo Cé gur tháinig roinnt cúrsaí réamhghairme agus tionscnaimh fiúntacha ar an bhfód do chéimithe damhsa le blianta beaga anuas, níl aon oiliúint damhsa ar bhonn gairmiúil in Éirinn agus ní raibh aon tionscnamh dírithe ann go dtí seo a chuaigh i ngleic leis an easnamh sin ar leibhéal institiúide nó rialtais. Bhí tionchar diúltach aige sin ar fhorbairt na hearnála agus ar fhorbairt mac léinn damhsa nach raibh ar a gcumas tabhairt faoi oiliúint ghairmiúil thar lear ar chúiseanna éagsúla. Tá thart ar 37 mac léinn ag baint céimeanna amach ó scoileanna oiliúna réamhghairme agus príobháideacha damhsa gach bliain agus iad in ann áit a bhaint amach, trí phróiseas iomaíoch trialacha, ag ardscoileanna a bhfuil stádas idirnáisiúnta acu thar lear. Sin é an líon, amach as thart ar 71 céimí as oiliúint réamhghairme gach bliain, atá in ann an chonair sin a ghlacadh, rud a fhágann cuid mhaith nach bhfuil in ann é sin a dhéanamh, mar gheall ar shrianta éagsúla, ina measc cúrsaí airgid, aibíocht mothúchánach agus líonraí tacaíochta. Dá bhrí sin, níl an córas reatha cothrom do mhic léinn damhsa. Tá tionchar ag athruithe domhanda sa mhargadh fostaíochta ar oiliúint sa damhsa gairmiúil. Aithnítear an damhsa, go hidirnáisiúnta, mar rogha ghairme inmharthana laistigh den gheilleagar cruthaitheach, agus forbraíonn oiliúint damhsa ghairmiúil raon scileanna inaistrithe thar chomhthéacsanna cruthaitheacha, taibhithe, taighde agus múinteoireachta. Tá cáilíochtaí creidiúnaithe lárnach agus mar sin, déanann formhór na gclár rathúil oiliúna damhsa céim BA a bhronnadh. Tá sé sin níos tábhachtaí anois ná riamh sna healaíona cruthaitheacha, ós rud é go mbeidh ‘gairm portfóilió’ (Bamford et al 2013) ag beagnach gach duine gairmiúil. I gcás an damhsa go minic bíonn athoiliúint i gcomhair gairm eile i gceist nuair a théann duine amach sna blianta. Mar gheall ar an ilchumas a theastaíonn i gcleachtais fostaíochta san earnáil damhsa tá cláir oiliúna múnlaithe dá réir agus táthar ag súil go mbeidh leibhéal ard i gcumas teicniúil, scileanna smaointeoireachta criticiúla, saineolas cruthaitheach agus béim

32 Brian Singleton, comhfhreagras pearsanta 33 Comhfhreagras pearsanta

40

Page 41: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

fiontraíochta ag na céimithe damhsa. Mar sin, ba cheart an oiliúint a bheith ilghnéitheach, ilchineálach, dírithe ar an tionscal, dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus go ndéanfaidh sí dearcadh neamhspleách an mhic léinn a fhorbairt. Is ábhar atá dian ar acmhainní é an damhsa. Tá saoráidí ar ardchaighdeán riachtanach le haghaidh cleachtas sábháilte damhsa. Ar an gcaoi chéanna, cinntear rath an mhic léinn de réir cháilíocht na múinteoirí damhsa agus ba cheart go mbeadh múinteoirí d’ardchaighdeán ar fáil, le bheith ar aon dul le caighdeáin idirnáisiúnta. Ba cheart mic léinn a roghnú go cúramach ar chláir oiliúna gairmiúla, ag cinntiú go bhfuil sé de chumas acu forbairt mar dhamhsóirí agus/nó cóiréagrafaithe gairmiúla. Ba cheart go mbeadh na próisis earcaíochta ar bhonn náisiúnta agus (go fadtéarmach) dírithe go hidirnáisiúnta, d’fhonn an caighdeán is airde a chinntiú agus ionas go mbeidh an deis is mó ag céimithe fostaíocht a bhaint amach. Bunaithe ar bheartais reatha laistigh den Údarás um Ard-Oideachas agus ag glacadh leis nach bhfuil acadamh damhsa ar bhonn gairmiúil in Éirinn faoi láthair, bheadh sé níos fearr forbairtí breise sa réimse oiliúna damhsa gairmiúil a dhíriú ar bhonneagar reatha a shíneadh seachas ar institiúid nua a bhunú as an nua. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí cheann de na hollscoileanna éagsúla a bhfuil damhsa mar ábhar inti i láthair na huaire nó trí acmhainní breise atá ar fáil don earnáil ghairmiúil, mar a thug Príomhfheidhmeannach Damhsa Éireann, Paul Johnson le fios i rannán 3.2. Ag teacht le creidiúnú náisiúnta, ba cheart go mbeadh tagarmharcáil idirnáisiúnta mar chomhchuid lárnach de bhunú clár oiliúna agus don tsamhail le haghaidh comhpháirtíocht ollmhór le hinstitiúid idirnáisiúnta, mar atá i gcás Lir Academy (Acadamh Lir), bheadh sé thar a bheith tairbhiúil ó thaobh caighdeáin a leagan síos ón tús ar fad. Baintear de thátal as sa tuarascáil seo in ainneoin mórfhorbairtí san éiceolaíocht damhsa in Éirinn, go bhfuil oiliúint damhsa ar bhonn gairmiúil fós mar chuid riachtanach atá in easnamh sa ‘leanúntas cleachtais’ a dtugann Leatherdale agus Todd (1998) cuntas air. Nuair a bheidh na chéad chéimeanna eile á mbeartú, ba cheart go mbeadh an chuimsitheacht agus nasc ina gcúinsí príomha in aon fhorbairtí sa réimse seo. Leis sin ba cheart dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara a chuimsíonn na gnéithe éagsúla den éiceolaíocht sin, chun ionadaithe a áireamh as scoileanna príobháideacha damhsa agus compántais damhsa agus féilte damhsa agus bonnchúrsaí agus gach pointe ábhartha eatarthu (féach Fíor 3.2). D’fhéadfaí a bhaint de thátal as i gcás gach damhsóir a bhfuil geall faoi/fúithi atá in ann tabhairt faoi oiliúint ghairmiúil thar lear in ainneoin cuid mhaith dúshlán suntasach a bhíonn le sárú acu, go bhfuil an líon céanna damhsóirí a bhfuil geall fúthu nach bhfuil in ann leanúint níos faide ar an gconair sin mar gheall ar easpa deiseanna. Ina theannta sin, faigheann go leor daoine a théann faoi oiliúint thar lear amach go mbíonn dúshlán ag baint le háit a aimsiú laistigh den earnáil damhsa ghairmiúil in Éirinn nuair a bhíonn roinnt blianta caite thar lear acu (O’Brien 2010; Leatherdale agus Todd 1998). Mar gheall ar chomh gann le hoiliúint ghairmiúil in Éirinn faoi láthair ní fhaigheann an pobal damhsa deis an athnuachan atáthar in ann a dhéanamh a chur i gcrích trí insreabhadh cobhsaí glúine nua damhsóirí, a d’fhéadfadh smaointe nua, scileanna ceannródaíocha agus peirspictíochtaí nuálacha a thabhairt chomh fada ar mhaithe le

41

Page 42: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

cultúr damhsa gairmiúil na hÉireann. Ba cheart do na príomhpháirtithe leasmhara sa damhsa smaoineamh ar oiliúint i ndamhsa gairmiúil mar an chéad chéim eile riachtanach ó thaobh proifisiúnú an damhsa in Éirinn. Tá forbairtí suntasacha sa réimse seo ríthábhachtach ionas go mbeadh Éire ar aon chéim le hoideachas ealaíon i ngeilleagair nua-aimseartha den chineál céanna ar fud an domhain.

AGUISÍN

Trí chás-staidéar go hachomair Eagraíocht/Cúrsa: Lir Academy (Acadamh Lir), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – BA in Oiliúint Aisteoirí Modh oibre: Compántas neamhspleách atá suite laistigh de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide Comhpháirtithe Tionscail: Royal Academy of Dramatic Art (Acadamh Ríoga na Drámaíochta) (RADA), Londain Líon na mac léinn: 14 in aghaidh na bliana le haghaidh chéim trí bliana (9 seimeastar) Sampla de na hÁbhair: Aisteoireacht agus Téacs; Staidéar Gutha, Staidéar ar Ghluaiseacht, Léiriú Ensemble; Léirithe (taithí phraiticiúil i réimse léirithe, ag obair le stiúrthóirí gairmiúla); Croíscileanna agus Ullmhúchán Gairme agus Sárthaispeántas Trialach. Uaireanta teagmhála sa tseachtain: 36 – 46 Próifíl na gCéimithe 2014 (an chéad bhliain de bhaint amach céime): Bhí na mic léinn páirteach i léiriúcháin iomráiteacha ag The Lyric Theatre, Béal Feirste; Chichester Festival Theatre/Shakespeare’s Globe; Druid/Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath; Amharclann an Gaiety; Amharclann na Péacóige; Park Theatre Londain agus The Donmar Warehouse, Londain. Eagraíocht/Cúrsa: Palucca Hochschule, Dresden, an Ghearmáin Modh oibre: Ollscoil an Damhsa – oiliúint Shamhail na hArdscoile Ceoil Foras cáiliúcháin: Ollscoil Palucca Comhpháirtithe Tionscail: Semperoper Ballet, Dresden Líon na mac léinn: 20 in aghaidh na bliana le haghaidh chéim trí bliana. Sampla de na hÁbhair: Teicníc an Damhsa (bailé, damhsa nua-aimseartha agus comhaimseartha; Tobchumadóireacht/páirtíocht damhsa; Próiseas cóireagrafaíoch; Anailís damhsa; Teoiric an cheoil; Stair na healaíne; Pas de Deux; Damhsa agus Ailtireacht; Damhsa agus Scannánaíocht; Anailís Gluaiseachta Laban agus Cóiriú Drámaí. Uaireanta teagmhála sa tseachtain: 30 - 40 Próifíl na gCéimithe: D’éirigh le daoine a bhain céim amach le déanaí conarthaí a fháil le Semperoper Ballet, Dresden, Royal Ballet, Londain, National Ballet of

42

Page 43: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Portugal, Ballet Koblenz, Bundesjugendballett John Neumeier, Hamburg agus ag an National Ballet of Finland. Eagraíocht/Cúrsa: Queensland University of Technology, Brisbane – Léiriú Damhsa BFA Modh oibre: Samhail oiliúna ardscoile laistigh d’ollscoil (coláiste teicniúil roimhe seo) Foras cáiliúcháin: QUT Comhpháirtithe Tionscail: Expressions Dance Company, The Queensland Ballet agus an Royal Academy of Dance, an Ríocht Aontaithe. Líon na mac léinn: Idir 20 agus 30 in aghaidh na bliana le haghaidh chéim trí bliana. Sampla de na hÁbhair: Staidéar ar Teicníc an Damhsa (Bailé, damhsa comhaimseartha agus ióga), Staidéar Cóiréagrafaíochta, Ailtireacht an Choirp (Anatamaíocht agus Cinéiseolaíocht), Pas de deux, Páirtíocht Damhsa Chomhaimseartha, Aireachas, Léiriú (repertoire nó saothar nua ó chóireagrafaí na foirne nó seachtrach), damhsa pointe/damhsaí aonair/cóitseáil fir; Oiliúint mhalartach (e.g. aclaíocht, cleachtadh colainne, Pilates nó modh Feldenkrais); Anailís ar an Damhsa; Comhthéacsú an Damhsa sa 21ú hAoise; Damhsa agus Teicneolaíocht; Teagasc an Damhsa agus Scileanna Gairmiúla Comhtháite. Uaireanta teagmhála sa tseachtain: 35 - 45 Próifíl na gCéimithe: D’éirigh le céimithe conarthaí a fháil mar thaibheoirí i ngach mórchompántas san Astráil lena n-áirítear Australian Dance Theatre, Dance North, Australian Ballet, Queensland Ballet, Expressions Dance Company, Bangarra Dance Theatre, agus Chunky Move agus go hidrnáisiúnta le compántais mar Batsheva Dance Company (Iosrael), Ultima Vez (An Bheilg), Royal New Zealand Ballet agus Emanuel Gat Dance (An Fhrainc). Agallaithe: An tOllamh Brian Singleton Stiúrthóir Acadúil ag an Lir Academy (Acadamh Lir) ag

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath An Dr Cliona Doris Ceann Gníomhach Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta de chuid Institiúid Teicneolaíochta BÁC, Baile Átha Cliath An Dr Sandra Joyce Stiúrthóir Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol,

Ollscoil Luimnigh An Dr Mary Nunan Stiúrthóir an Chúrsa MA sa Léiriú Damhsa

Comhaimseartha, Ollscoil Luimnigh An tOllamh Patrick Lonergan Ollamh le Drámaíocht agus le Léann na hAmharclannaíochta ag

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh An Dr Aoife McGrath, Léachtóir, Scoil na nEalaíon Cruthaitheach ag Ollscoil na

Banríona, Béal Feirste

43

Page 44: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Deirdre McDonnell An Roinn Oideachais agus Scileanna Brigid McManus Iar-Rúnaí Ginearálta na Roinne Oideachais

agus Scileanna Paul Johnson Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Damhsa Éireann, Baile Átha Cliath

Eagraíochtaí a rabhthas i dteagmháil leo: Compántas Náisiúnta Bailé Óige na hÉireann, Baile Átha Cliath

Shawbrook, An Longfort

Dublin Youth Dance Company

CoisCéim Creative Steps, Baile Átha Cliath

Youth Ballet West, Gaillimh

Coláiste Stiofáin Naofa, Corcaigh

Coláiste Breisoideachais Inse Chór, Baile Átha Cliath

Coláiste Breisoideachais an Naigín, Baile Átha Cliath

The College of Dance (An Coláiste Damhsa), Baile Átha Cliath

Institiúid Bhreisoideachais Bhré, Baile Átha Cliath/Cill Mhantáin

Palucca Hochschule, Dresden

Queensland University of Technology, Brisbane Tagairtí: An Chomhairle Ealaíon. 1978. Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Ealaíon, 1977.

Baile Átha Cliath: An Chomhairle Ealaíon. An Chomhairle Ealaíon. 2002. "The Arts Plan 2002 - 2006". Baile Átha Cliath: An

Chomhairle Ealaíon. Bales, Melanie agus Rebecca Nettl-Fiol, eag. 2008. The Body Eclectic. Urbana and

Chicago: University of Illinois Press. Bamford, Anne, Ron Burnett, Ruth Towse and Michael Wimmer. 2013. "Dublin

Creative Arts Review Report". Baile Átha Cliath: An tÚdarás um Ardoideachas.

Banes, Sally 1993. Democracy's Body: Judson Dance Theatre, 1962-1964. Durham

and London: Duke University Press. Brinson, Peter. 1985. The Dancer and the Dance: Developing Theatre Dance in

Ireland. Baile Átha Cliath: An Chomhairle Ealaíon.

44

Page 45: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Buckley, John (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste). 2010. "Irish Universities: Resource Management and Performance ". Éire: Rialtas na hÉireann.

Bullen, Elizabeth, Simon Robb agus Jane Kenway. 2004. "'Creative destruction':

knowledge economy policy and the future of the arts and humanities in the academy." Journal of Education Policy 19 (1): 3-22.

Coughlan, Marieva. 2002. "The Participation of Young People in the Arts in Ireland:

A Proposed Policy and Action Plan for the Period of the Third Arts Plan". Baile Átha Cliath: An Chomhairle Ealaíon.

Diehl, Ingo agus Friederike Lampert, eag. 2011. Dance Techniques 2010: Tanzplan

Germany. Leipzig: Henschel Verlag. Fortin, Sylvie. 1993. "The knowledge base for competent dance teaching " Journal of

Physical Education, Recreation and Dance 64 (9). Healy, Patrick 2011. "A school for actors in Ireland " The New York Times. Henry, Collette, eag. 2007. Entrepreneurship in the Creative Industries: An

International Perspective. Cheltenham, UK; Northhampton, Massachusetts Edward Elgar Publishing.

Jennings, Luke. 2015. "The Struggle for the soul of British dance " The Guardian. Kelly, Aoife. 2015. "Irish boy (15) first in 30 years to be accepted by prestigious

Royal Ballet Covent Garden London." The Irish Independent [Rochtain air an 25/03/16]. www.independent.ie/entertainment/theatre-arts/irish-boy-15-first-in30-years-to-be-accepted-by-prestigious-royal-ballet-covent-garden-london31172359.html.

Leatherdale, Anna agus Victoria Todd. 1998. "Shall we Dance? A report on

vocational training in Ireland". Baile Átha Cliath: An Chomhairle Ealaíon. Macken, Maureen agus Nicola Curry. 2010. "Giving Body to Dance: Review of

building-based dance infrastructure in Ireland, Summary Report". Baile Átha Cliath: An Chomhairle Ealaíon.

Marzin, Yannick. 2003. "A Professional Curriculum for Dance in Ireland". Baile Átha

Cliath: An Chomhairle Ealaíon. McGrath, Aoife. 2013. Dance Theatre in Ireland: Revolutionary Moves. Houndsmills,

Basingstoke, Hampshire: Palgrave MacMillan. McGrath, Aoife, Derek Parnell agus Victoria O'Brien. 2013. "Ballet Policy Review".

Baile Átha Cliath: An Chomhairle Ealaíon.

45

Page 46: The Arts Council - Ireland’s government agency for … · Web viewIs éard a bhí i gceist san athbhreithniú ná taighde deisce, agallaimh le daoine aonair ríthábhachtacha ó

Ó Cinnéide, Barra agus Colette Henry. 2007. "Entrepreneurship features of creative industries: The Irish music and dance sector." In Entrepreneurship in the Creative Industries arna chur in eagar ag Colette Henry. Cheltenham, UK, Northampton, Massachusetts: Edward Elgar Publishing Limited.

O'Brien, Victoria 2010. "Céim chun Tosaigh: Clár i gcomhair Damhsa

Réamhghairmiúil Comhaimseartha in Éirinn". Baile Átha Cliath: An Chomhairle Ealaíon.

Pickard, Anglela. 2013. "Ballet body belief: perceptions of an ideal ballet body from

young ballet dancers " Research in Dance Education, 14 (1): 3-19. Quinn, Michael 2015. "Belfast Metropolitan to close its drama and dance courses."

The Stage Roche, Jennifer and Avril Huddy. 2015 "Creative adaptations: integrating Feldenkrais

principles in contemporary dance technique to facilitate the transition into tertiary dance education." Theatre, Dance and Performance Training 6(2): 145-158

Rowe, Nicholas and David Zeitner-Smith. 2011. "Teaching creative dexterity to

dancers: critical reflections on conservatory dance education in the UK, Denmark and New Zealand." Research in Dance Education 12 (1): 41-52.

Throsby, David. 2004. "Dance in Australia: A profile”. Australian Dance Council. Warburton, Edward. 2008. "Beyond Steps: The Need for Pedagogical Knowledge in

Dance.” Journal of Dance Education 8 (1).

46