Nuachtlitir · tabhairt cuairt ar Rang 6 . 4 ... Thug an Cigire Teagasc Críostaí Máire Ní...
Transcript of Nuachtlitir · tabhairt cuairt ar Rang 6 . 4 ... Thug an Cigire Teagasc Críostaí Máire Ní...
1
Fáilte Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na Nollag
de Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh.
Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as.
An Chéad Pholasaí don Oideachas do
Scoileanna Gaeltachta - Bliain ar Aghaidh Bhí lá an-stairiúil ag an scoil ar an 30/11/17
nuair a thug an tAire Oideachas, Richard
Bruton agus an An tAire Stáit, Joe McHugh ón
Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
cuairt ar an scoil chun an chéad bhliain ar an
bhfód den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a
chomóradh agus an fhógairt maidir le maoiniú
breise don Pholasaí san obair atá ar bun ag an
Aire agus ag an Aonad Um Oideachas
Gaeltachta.
Bhí go leor aoíonna sa scoil ó na ceantracha
Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge i láthair ag
an ócáid.
Labhair Iníon Uí Cheallaigh agus chuir sí fáilte
roimh na hAirí. Seo cuid den óraid a rinne sí:
“Cuimnimís ar an bPiarsach.
Tír le teanga, tír le hanam
Pobal le teanga, pobal le hanam
agus mar atá scríofa ar na mbratach os mo
chionn anseo
Scoil le teanga, scoil le hanam
Sé a fhearacht sin é ag Pobal Ráth Chairn agus
ag pobal na scoile seo.
Is maith a thuigeann Bord Bainistíochta na
scoile an ról tábhachtach atá acusan freisin -ag
cur Polasaí don Oideachas Gaeltachta chun cinn.
Tá múinteoirí, cúntóirí ranga agus cuntóirí
teanga den scoth againn anseo i Scoil Uí
Ghramhnaigh a chuireann idir chroí agus anam
san obair a dhéanann siad leis na páistí ar fad a
Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn
[email protected] www.bunscoilrathchairn.ie
046-9432837 Nollaig 2017
2
thagann faoina gcúram. Mar is eol do chuile
dhuine, is sa mbaile in éindí lena dtuismitheoirí
a fhaigheann páistí a ndearcadh ar shaol ‘s ar
theanga agus tuigeann tuismitheoirí tábhacht
na teanga i saol a bpáistí agus tugann siad
chuile chúnamh agus tacaíocht dhúinn. Is rí-
shoiléir dóibh na buntáistí a ghabhann leis an
nGaeilge agus leis an dátheangachas. Molaim go
mór iad.
Tá súil againn gur ag treisiú agus ag neartú na
Gaeilge a bhéas pobal na scoile agus pobal Ráth
Chairn sna blianta amach romhainn.
Is tábhachtaí anois ná ariamh é nuair atá
creimeadh mór á dhéanamh ar ilíocht na
bplandaí, na n-ainmhithe agus na dteangacha ar
fud an domhain, go ndéanfadh muid beart a
threiseoidh tobar na teanga, an Ghaeltacht, le
do dtálfaidh sí an Ghaeilge ar phobal na tíre.
Is dúshlán ollmhór é seo. Tá dóchas againn go
an Chéad Pholasaí don Oideachas do Scoileanna
Gaeltachta an treoir, an tuiscint, an tacaíocht
agus an cúnamh dhúinn é sin a dhéanamh.”
Thug páistí na scoile taispeántas iontach den
chultúr Gaelach atá againn i Scoil Uí
Ghramhnaigh le ceol amhráin, agallamh beirte
agus damhsa ar an sean-nós.
Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leis
na tuismitheoirí a thug cúnamh iontach ar an lá
leis an tae agus sóláistí in ndiaidh na hócáide.
Bhí TG4 agus RnaG i láthair freisin agus bhí
clár beo ón scoil ar Nuacht 1 agus bhí an ócaid
le feiceáil ar Nuacht TG4 @ 7 an trathnóna sin.
3
Thug an tAire cuairt ar Rang 1 agus ar Rang 2
freisin.
Rang 1
Rang 2
Tuismitheoirí na scoile
Anna Ní Chartúir & Sorcha Ní Mhuinneacháin
Baill de bhord Bainistíochta na Scoile
Príomhchigire na Roinne Harold Hislop ag
tabhairt cuairt ar Rang 6
4
Cigire Teagasc Críostaí Máirín Ní Ainín
Thug an Cigire Teagasc Críostaí Máire Ní Ainín
cuairt ar an scoil ar an gCéadaoin 6ú Nollaig .
Bhí sí an-sásta leis an méid oibre atá dá
dhéanamh sa scoil ó thaobh an Teagasc Críostaí
de. Labhair sí leis na páistí ar fad agus mhol sí
go mór iad.
Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga
Bhí Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga ag foireann
na scoile ar an 4/12/17. Beidh muid ag súil go
mór le cur leis an teanga labhartha i nGaeilge
agus i mBéarla.
Féile na Mí
Comhghairdeachas leis na páistí ar fad a ghlac
páirt i bhFeile na Mí. Chas siad go hálainn
ceolmhar. Bhí buaiteoirí ón scoil sa gcomórtas
damhsa freisin! Déanann muid
comhghairdeachas ó chroí leo.
Táimid an–bhródúil astu.
Oíche Shamhna
Comhghairdeachas leis na páistí agus na
tuismitheoirí ar fad a rinne a gcuid cultach féin
le haghaidh Oíche Shamhna. Bhí seó faisin
galanta scanrúil againn sa halla agus bhí an-
spraoi ag an scoil ar fad. Is breá le páistí agus
múinteoirí na scoile seo Oíche Shamhna.
5
Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí
Bhí na Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí againn ar
an Déardaoin 23/11/17 ón 3-6.30. Tá mé cinnte go
raibh sibh an-sásta le dul chun cinn bhur bpáistí.
Síntiús Deonach
Tá muid an-bhuíoch do na tuismitheoirí ar fad a
thugann síntiús deonach don scoil. Is mór againn an
cúnamh agus an tacaíocht a thugann sibh don scoil i
gcónaí. Caitear an t-airgead ar fad ar leabhair agus
fearas scoile do na páistí agus tá muid chomh buíoch
as bhur gcúnamh ar fad.
Féilire na Scoile
Tá féilire álainn scoile againn i mbliana le haghaidh
2018! Tá muid an-bhuíoch do Áíne Máire Uí Laoire,
Lisa Uí Bheig agus Michaella Uí Dhúlainne a chuir an-
obair ann ag cuartú urraithe dhó. Is iontach an áis é
i dteach agus chomh maith le sin tá deis agaibh a
bheith breathnú ar pháistí iontacha na scoile!
Boscaí Bróg na Nollag do Hope
Ghlac páistí na scoile páirt i bhFeachtas Boscaí
Bróg na Nollag. Chruinnigh siad 111 bosca bróg
do Team Hope. Tá muid fíor bhuíoch díobh ar
fad.
Ceardlann Mata
D’éagraigh Éamon Ó Donnchadha agus Rang 6
ceardlann Mata don scoil ar fad i rith seachtain
na Matamaitice. Bhí siad ar fheabhas. Bhí
staisiúin éagsúla ann a bhain le fadhb réiteach.
Is cinnte gur chabhraigh se go mór leis na
ranganna éagsúla . Míle buíochas libh !
Tá Lilí ag éisteacht go haireach!
Tá Niamh ag míniú agus tá Veronica ag
éisteacht!
6
Cumann Naomh Uinseann de Pól
Go raibh míle maith ag chuile dhuine a thug bia,
brioscaí agus seacláidí isteach le haghaidh
Cumann Naomh Uinseann de Pól. Déanfaidh sé
difríocht mhór do dhaoine an Nollaig seo.
Oireachtas na Samhna
Comhghairdeachas le Áine & Ana a ghlac pairt
in Oireachtas na Samhna leis an Agallamh
Beirte ‘Mamó Mia’. Bhí siad iontach bail ó Dhia
orthu!
Díolachán Earraí
Bhí Díolachán Éarraí dochreidthe sa scoil ar an
Domhnach 3/12/17. Bhí cór na scoile ag casadh
ag Aifreann an lae agus ansin tháinig muid ar
fad ar ais chuig halla na scoile le haghaidh an
spóirt agus an spraoi!
Go raibh míle míle maith ag na tuismitheoirí ar
fad a d’eagraigh an ócáid iontach. Bhailigh siad
síntiúis ó na gnóthaí ar fad timpeall an
cheantair agus ó na comhlachtaí ar fad a
mbíonn an scoil ag plé leo.
Bhí an halla ag breathnú go hiontach. Bhí
seastán nua ann i mbliana a bhí maisithe go
h’álainn. Bhí aghaidheanna dhá bpéinteáil agus
bhí ingneacha dhá maisiú .
Bhí seomra Dhaidí na Nollag díreach cosúil leis
an gceann a bhíonn aige sa Mol Thuaidh!
7
Bhailigh Cumann na dTuismitheoirí os cionn
€10,000.
Comhghairdeachas ó chroí leo agus go raibh
míle maith ag chuile dhuine a tháinig agus chuile
dhuine a cheannaigh earraí ar an lá.
Molly agus Caitlin ag díol ar an lá.
Bhí sé go hálainn chuile dhuine a fheiceáil ag
an Díolacháin Earraí i mbliana!
Go raibh míle maith ag na tuismitheoirí. Thaitin
na pancóga go mór le chuile dhuine!
Bhí an-díol ar na cácaí!
Bhí na ciseáin ar fad go hálainn agus bhí an-díol
orthu! Míle buíochas le Seán Ó Laoire a bhí ina
fhear an tí agus don choiste ar fad.
8
Geansaí do Chondae!
Chaith páistí na scoile ar fad geansaithe a gcuid
clubanna agus a gcuid condaetha i mí Meán
Fómhair ar mhaithe le Naoise Ó Cléirigh.
Bhailigh muid €610. Go raibh míle maith ag
chuile dhuine a thug tacaíocht dúinn.
Naíonáin Bheaga
Naíonáin Mhóra
Rang 1
Rang 2
Rang 3
Rang 4
Rang 5
Rang 6
9
Cluichí Clóis
Bhí an-spórt go deo againn ag déanamh
athchoimre ar ár gcuid cluichí clóis ar fad le
gairid. D’eagraigh Iníon Uí Mhéalóid agus Coiste
Gaeilge na Scoile an ócáid. Bhí múinteoir ag
gach staisiúin agus bhí rannta agus cluichí ar
bun ag páistí na scoile. Leanfaidh muid ar
aghaidh leis i 2018 le cúnamh Dé.
Rang 4
Rang 3
Rang 5
Is breá linn a bheith ag scipeáil
Ceardlann Scipeála
Bhí ceardlann scipeála againn le Marc Mac Cába
ar an 5/12/17. Is iontach go deo an aclaíocht é
seo do pháistí na scoile agus tá siad ag feabhsú
chuile bhliain. Déan cinnte go dtabharfaidh tú
do rópa scipeála chuig an scoil i 2018 !
Ceolchoirm na Nollag
Bhí ceolchoirm na scoile againn ar an gCéadaoin
20ú agus Déardaoin 21ú Nollaig ag 7 a chlog.
Bhí páistí na scoile ar fad páirteach ann.
Chomh maith leis na haisteoirí iontacha a bhí ar
10
an stáitse ar an dá oíche sin bhí amhránaithe
agus ceoltóirí na scoile.
Chas an grúpa sean-nóis agus an grúpa Spáinise.
Bhí drámaí na Nollag iontach againn ó Rang na
Naíonáin Shóisearacha agus ó Rang 6.
Muire agus Iósaf Naíonain Shóisearacha
Bhí chuile rang ar fheabhas. Molann muid go
mór iad.
Muire agus Iósaf Rang 6
Tá buíochas mór millteach tuillte ag foireann
na scoile idir múinteoirí, cúntóirí ranga agus
cuntóirí teangan a dhéanann an oiread oibre le
páistí na scoile. Go raibh míle maith agaibh ar
fad!
Beannachtaí na Nollag
Tá muid an-bhuíoch do chuile dhuine a thugann
cúnamh don scoil i rith na bliana. Bhí bliain
iontach againn i 2017 Guíonn muid Nollaig faoi
shéan is faoi mhaise ar chuile dhuine agus
feicfidh muid ar ais ar scoil sibh ar an Luan 8ú
Eanáir, 2018 le cúnamh Dé!
Tá Scoil Uí Ghramhnaigh ar twitter!
Lean muid @Scoil_Ui_Ghr