Cothú Dea-Iompair
description
Transcript of Cothú Dea-Iompair
Cothú Dea-Iompair
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile
An Cód IompairAn Cód Iompair
An gá atá le Cód Iompair
Athrú béime
Smacht → Iompar
Athrú cultúir
Cothú Iompar DearfachCothú Iompar Dearfach
Struchtúr
Intuarthacht
Comhsheasmhacht sa chur chuige
Bainistiú teann ach cothrom
Foinse: Mary Keane, SNTI
Rialachaagus
Gnáthaimh
Céard atá i gceist le hIompar?Céard atá i gceist le hIompar?
Is é a chiallaíonn iompar ná rud ar bith a dhéanann duine atá inbhreathnaithe
Ní mór iompar a fhoghlaim agus mar sin ní mór é a mhúineadh
Is féidir le gach duine iompar nua a fhoghlaim
Tá seans níos mó ann go bhfeicfear iompar a mbíonn luaíocht air an athuair
Ní tharlaíonn iompar i bhfolús, - bíonn sé i gcomhthéacs cúinsí áirithe agus bíonn tionchar ag rudaí a thiteann amach roimhe agus ina dhiaidh air
Foinse: South Eastern Education Library Board 2006
Tá gá le straitéisTá gá le straitéis
Tuigtear anois nach féidir ceisteanna iompair a réiteach trí leasú polasaithe smachta amháin
Ni mór díríú ar an iompar mar chuid de straitéis níos leithne i dtreo feabhsú scoile – cur chuige uile-scoile
Mary Keane, SNTI
Polasaí i leith iompairPolasaí i leith iompair
“The discipline policy of a school must have reach beyond the immediate demands of ensuring an orderly environment. It should contribute to the overall development of the young person as a responsible member of a democratic society.”
School Matters, 2006 (Caib. 8)
Pobal na Scoile
An Bord Bainistíochta
Tuismitheoirí
CódIompair
Soláthar lasmuigh
den láthair
Soláthar ar an láthair
Ceannaireacht &Foireann na Scoile
Daltaí
CreatlachReachtach
GníomhaíochtaíSeach-churaclaim
School Matters, 2006
An ceangal idir litearthacht agus An ceangal idir litearthacht agus drochiompardrochiompar
Tá fadhbanna litearthachta aitheanta mar eochairthoisc i ndrochiompar daltaí
Léiríonn taighde go bhfuil seans láidir ann go mbeadh éifeacht an-dearfach ag straitéisí a dhíríonn ar an litearthacht go luath i saol an dalta ar iompar agus ar ghnóthachtáil
Ní athraíonn iompar thar oíche. Ní mór na straitéisí a chinntear a leanúint tríd go seasta ar feadh 6 seachtaine ar a laghad
Smacht – Fadhbanna & RéitighSmacht – Fadhbanna & Réitigh
Tá tosca áirithe ann a bhíonn mar bhonn leis an dísmacht ag 3 leibhéal : Dalta – easpa tuisceana ag daltaí maidir le céard
go díreach atá i gceist le hiompar cuí – Cód Iompair : ról san fhorbairt
Múinteoir – easpa scileanna cuí i leith bainistiú ranga, meanma íseal, fuarchúis – Cód Iompair – luaíochtaí & píonóis
Eagrúchán – easpa straitéisí sa scoil féin ó thaobh déileáil le daltaí trioblóideacha ar bhonn laethúil – Cód Iompair – atmaisféar a spreagann iompar cuí
Smacht Dearfach - TeoiricSmacht Dearfach - Teoiric
An dóigh lena spreagadh:Féinmheas – ról OSPS,
córas tréadchúraim, gníomhaíocht seach-churaclaim srl.
Iompar a athrú – spreag daltaí le freagracht a ghlacadh, bíodh an curaclam ag teacht le cumas an dalta, béim ar chur chuige dearfach
Plé agus aontú - ról Chomhairle na nDaltaí i gCód Iompair na Scoile
Luaíochtaí & píonóis – aitheantas a thabhairt d’athrú i dtreo iompar dearfach
Iompar cuí a chinntiú sa seomra ranga – cóid aontaithe a bheith ann, an cur chuige céanna ag gach duine i leith cur i bhfeidhm Ról an Mhúinteora – ullmhú ceachtanna, modheolaíochtaí, cinnteacht ó thaobh chur i bhfeidhm na gcód aontaithe Ról na bainistíochta – atmaisféar ordúil foghlama a chruthú, agus tacaíocht i gcomhthéacs na gcód aontaithe
Smacht Dearfach - MórcheisteannaSmacht Dearfach - Mórcheisteanna
Mórcheisteanna a bhaineann le Smacht Dearfach:
Misean, fís, aidhmeanna na scoile, & polasaithe eile - naiscPáirtithe – cé a bheadh páirteach agus cathain Ionchais – tábhacht le soiléireForbairt foirne – modheolaíocht teagaisc, obair foirne, eile?Forbairt daltaí – féinmheas, brú piarghrúpa, eile? Rialacha – iad a bheith scríofa ar dhóigh dhearfachÉide – ról do dhaltaí?
Tinreamh – rannpháirtíocht agus poncúlacht san áireamh
Smacht – Teoiric - 1Smacht – Teoiric - 1Feidhmeanna
Cuimsíonn sé seo raon feidhme leathan ó ghnáthbhainistiú seomra ranga in atmaisféar ordúil
cuí go múnlú agus forbairt carachtair na ndaltaí i leith luachanna ó thaobh measa, macántachta,
cúirtéise, freagrachta, spioradáltachta…
Ní mór a aontú cé air a bhfuil an cúram i leith smachtaNa múinteoirí mar phroifisiúnaithe uathrialacha
Cur chuige uile-scoile a bhfuil sé mar aidhm aige atmaisféar ordúil a chruthú i scoileanna
An dá cheann?Eile?
Smacht – Teoiric - 2Smacht – Teoiric - 2
Na saghsanna dísmachta is coitianta – cur isteach leanúnach/rialta ar an rang – dalta ag labhairt as ord, ag cur amú ama, ag cur isteach ar an rang/ar dhalta eile, ag iarraidh aird a tharraingt air féin, easpa cúraim, easpa poncúlachta, gan na leabhair/na hábhair chuí, srl.
Cuireann a leithéid seo d’iompar am amú. Cuireann sé strus ar mhúinteoirí agus traochann sé iad
Tá gá le cur chuige comhoibritheach i leith smachta sa scoil le béim ar chomhsheasmhacht, iompar dearfach agus luaíocht ar dhea-iompar
Treoirlínte an BNLO:Treoirlínte an BNLO:Impleachtaí do MhúinteoiríImpleachtaí do Mhúinteoirí
‘Seo é an nós imeachta a bhí againn riamh’ – imithe
Ní féidir iad seo a dhéanamh
Dalta a chur taobh amuigh den dorasAn seomra ranga a fhágáil gan duine cuí i
bhfeighil an ranga Fionraí nó díbirt a éileamhLeithscéal a éileamh mar choinníoll ar
ghlacadh le dalta isteach sa rang
Treoir ón SNTI: Treoir ón SNTI: Pionóis/Nósanna ImeachtaPionóis/Nósanna Imeachta
Láithreach agus scoite
Ordlathas cuí – i gcomhréir leis an iompar
Cothrom
Comhsheasmhach
In oiriúint le haghaidh freastal ar riachtanais an duine áirithe a bhfuil siad dírithe air
Ceardlann Ceardlann
Féach na treoracha ar an mbileog eolais
Ábhair Bhreise
Acht Oideachais (Leas) 2000Acht Oideachais (Leas) 2000
Taifid Tinrimh na Scoile (an riail 20 lá)
Straitéisí i leith Tinrimh
Beartas Iontrála
Cód Iompair (ag am cláraithe)
Díbirt
Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (BNLO)
Straitéisí i leith TinrimhStraitéisí i leith Tinrimh
‘Ráiteas straitéisí agus beartas chun an fhoghlaim a chur chun cinn agus tinreamh a spreagadh’
Ba cheart go gcuimseodh straitéisí:Luaíocht ar dhea-thinreamh
Luathaithint deacrachtaí/daltaí i mbaol
Naisc níos láidre leis an mbaile a chothú
Naisc le gníomhaireachtaí agus le scoileanna eile
Cinntiú go bhfreastalaíonn an curaclam ar riachtanais…
Forbairt clár chun rannpháirtíocht daltaí i saol na scoile a spreagadh
Comhordú le scoileanna/le heagraíochtaí eile
An tAcht Oideachais (Leas) 2000An tAcht Oideachais (Leas) 2000
Alt 23, Fo-alt (2):
(2) Sonrófar na nithe seo a leanas i gcód iompair—
(a) na caighdeáin iompair a bheidh á n-iarraidh ar gach dalta atá ag freastal ar an scoil
(b) na bearta a fhéadfar a dhéanamh nuair a dhéanfaidh dalta neamhaird de na caighdeáin sin nó nuair a dhiúltóidh sé dóibh
(c) na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula bhféadfar dalta a chur ar fionraí nó a dhíbirt as an scoil lena mbaineann
Cur ChuigeCur Chuige
Coisctheach
Uilechuimsitheach
Forbairt agus múnlú an duine iomláin
Cur chuige uile-scoile
Cuidiú agus tacú leis an obair scoile atá idir lámha
Breithiúnas proifisiúnta agus freagracht
Cód Iompair a FhorbairtCód Iompair a Fhorbairt, BNLO, 2008, BNLO, 2008Struchtúr na dTreoirlínteStruchtúr na dTreoirlínte
1 Réamheolas maidir leis na Treoirlínte2 Iniúchadh agus athbhreithniú ar an gcód
iompair3,4 Prionsabail atá mar bhonn le cód
éifeachtach5-9 Cód a fhorbairt a chuirfidh ar chumas na
scoile iompar a bhainistiú go héifeachtach:caighdeáin a leagan síos freagairt d’iompar míchuíiompar dearfach a chur chun
cinn11,12 Fionraithe agus díbirtí
BunphrionsabailBunphrionsabail
Céard iad na bunphrionsabail atá mar
bhonn le cód iompair éifeachtach?
An Bonn atá le Cód Éifeachtach An Bonn atá le Cód Éifeachtach 3. Bunphrionsabail 3. Bunphrionsabail
Soiléire a sholáthar
A dhearbhú go mbaineann tábhacht le hiompar gach uile dhuine
Díriú ar dhea-iompar a chur chun cinn
Cothromaíocht a aimsiú i leith riachtanas
Aithint go bhfuil cúrsaí caidrimh ríthábhachtach
Fócas ar an bhfreagracht phearsanta
Cothroime agus cothromas a chinntiú
3. Bunphrionsabail 3. Bunphrionsabail (ar lean)(ar lean)
Comhionannas a chur chun cinn
Leochaileacht ó thaobh oideachais de a aithint
Freastal ar leas na ndaltaí
Freastal ar leas na foirne
Sábháilteacht agus saoirse ó bhagairt a chothú
Treoirlínte (lth. 22)
Tá dlúthbhaint ag an bhfoghlaim, ag Tá dlúthbhaint ag an bhfoghlaim, ag caidrimh agus ag iompar lena chéilecaidrimh agus ag iompar lena chéile
Tá brí le hiompar. Tá feidhm leis agus spriocanna ag baint leis, ach b’fhéidir nach mbeadh na spriocanna seo furasta le haithint
Is féidir iompar a fhoghlaim. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis athrú
Tarlaíonn iompar taobh istigh de chomhthéacs áirithe agus i ndáil le daoine eile. Is bunús do thuiscint afháil ar an iompar, an comhthéacs a thuiscint
A ndéanann múinteoirí, daoine fásta eile agus daltaí ach go háirithe, mar fhreagairt ar iompar a gcomhdhaltaí, tá ríthábhacht ag baint leis ó thaobh an tionchair a bhíonn aige ar na roghanna a dhéanann daltaí maidir lena gcuid iompair.
Tá dlúthbhaint ag teagasc agus foghlaim éifeachtach le dea-iompar
6. Caighdeáin iompair a leagan síos6. Caighdeáin iompair a leagan síos
Sraith caighdeán i leith iompair a fhorbairt don scoilPobal na scoile a thabhairt isteach sa díospóireacht
faoi chaighdeáinNa daltaí a bheith páirteach i bhforbairt rialacha
scoile agus rialacha don seomra rangaNa caighdeáin a shamhaltú nó a léiriúNa daltaí a theagasc maidir leis na caighdeáin agus
leis an gcaoi le bheith dílis do na caighdeáin sinBealaí a bheith ann lena chinntiú go bhfuil tuiscint
ag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ar an iompar a bhfuiltear ag súil leis uathu
Treoirlínte (lth. 36-39)
8. Freagairt ar iompar míchuí8. Freagairt ar iompar míchuíPolasaí a fhorbairt ar an dóigh a n-úsáidfear
píonóis chun cuidiú leis na daltaí iompar míchuí a athrú
Sraith straitéisí comhaontaithe a bheith ann le haghaidh idirghabháil dhearfach chun cuidiú le daltaí iompar míchuí a athrú
Go ndéanfaí róil agus freagrachtaí maidir le hiompar a shainmhíniú go soiléir do bhaill foirne agus go gcuirfí na róil seo in iúl go forleathan
Bealach caighdeánaithe a aontú chun taifead a choimeád ar ábhar a bhaineann le hiompar daltaí
Treoirlínte (lth. 55)
10. Fionraithe agus Díbirtí10. Fionraithe agus DíbirtíGo bhfuil polasaí agus nósanna imeachta ar úsáid
díbeartha nó fionraí ann atá ceadaithe ag an mBord Bainistíochta, agus ag teacht leis na Treoirlínte seo, agus le ceanglais ar bith eile sa bhreis mar atá leagtha síos ag an bPátrún
A chinntiú go gcuirtear an polasaí in iúl go forleathanDea-chleachtais a fhorbairt agus a thaifeadadh maidir le
húsáid díbearthaGnáthaimh chóra a bheith ann le haghaidh imscrúdaithe
agus cinnteoireachtaGnáthaimh a bheith ann le tuismitheoirí a chur ar an eolas
maidir lena gceart achomhaircGo mbeidh córas ann le haghaidh athbhreithnithe ag an
mBord Bainistíochta ar úsáid díbeartha sa scoilTreoirlínte (lth. 66-90)
Gnáthaimh chóra i gcás Píonóis ThromaGnáthaimh chóra i gcás Píonóis Throma
Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an píonós i gcomhréir leis an gcion
An ceart le héisteacht – is gá go mbeadh an dalta agus na tuismitheoirí go hiomlán ar an eolas agus deis freagartha tugtha dóibh sula ndéantar cinneadh
Neamhchlaontacht sa chinnteoir – níor cheart go mbeadh ionadaí na dtuismitheoirí i láthair agus píonós á bheartú dá mhac
Neamhchlaontacht sa chóras cinnteoireachta – imscrúdaíonn agus tuairiscíonn ball foirne más féidir. An Príomhoide saor chun cinneadh neamhchlaonta a dhéanamh
CríochCríoch
An bhfuil an t-údarás tarmligthe ag an mBord Bainistíochta don Phríomhoide dalta a chur ar fionraí de réir Treoirlínte an BNLO?
www.newb.ie
www.sdpi.ie