CLOCHMHÓINClochmhóin Phléasc sí leic a’ teallaigh le teas. Is muid ag ól blogamacha cainte ar...

24
CLOCHMHÓIN Joe Steve Ó Neachtain Cló Iar-Chonnachta Indreabhán Conamara Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 3

Transcript of CLOCHMHÓINClochmhóin Phléasc sí leic a’ teallaigh le teas. Is muid ag ól blogamacha cainte ar...

CLOCHMHÓIN

Joe Steve Ó Neachtain

Cló Iar-ChonnachtaIndreabhánConamara

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 3

An Chéad Chló 1998© Cló Iar-Chonnachta 1998

ISBN 1 874700 38 9

Pictiúr clúdaigh: Pádraig ReaneyDearadh clúdaigh: Johan HofsteengeDearadh : Foireann CIC

Faigheann Cló Iar-Chonnachta cabhair airgid ón gComhairle Ealaíon

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a churi gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon bhealach ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil,bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ónbhfoilsitheoir.

Clóchur: Cló Iar-Chonnachta , Indreabhán, Conamara. Teil: 091-593307 Facs: 091-593362 r-phost: [email protected]

Priontáil: Clódóirí Lurgan, Indreabhán, Conamara. Teil: 091-593251/593157

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 4

CLÁR

An té atá thíos 11

Siléig 26

Seáinín sleabhctha 39

Ofráil 49

Lá cairde 64

Sos cogaidh 74

Comhairleachan 89

In aghaidh stuif 98

Bánú 116

Ar mo chrann a thit 123

Aineolas 133

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 5

Leis an údar céanna agus ó Chló Iar-Chonnachta

Fead Ghlaice (1986)De Dhroim Leice (1990)

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 6

I gcuimhne mo mháthara thug an greimas a béal dúinn

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 7

Clochmhóin

Phléasc sí leic a’ teallaighle teas.Is muid ag ólblogamacha caintear foscadh óshíon an gheimhridh.Is chuir an ghríosach dheargan smior ar aisi gcnámha a bhainceithre bairr móin sleáinsíos trí rútaí giúsaíar thóir an fhóid dhuibha bhí mar líonánleis an leicó thús saoil.Is scar muid ígan snáthfaoi bhrat geal gréinea rinne crua den bhogis a dhéanfadhsprus den chruagan í ’chruachadhsul má scáinfeadha nádúr, íina smúdar.

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 9

AN TÉ ATÁ THÍOS

B’fhada le Caitlín a bhí na fógraí á seadú. Ní raibh sí ag tabhairtaird ar bith orthu, rud ab annamh léi. B’iondúil léi suí go sócúlach coisna tine agus an oíche a chaitheamh go sásta ag léamh, nó ag breathnúar an teilifís. Ach bhí sí míshuaimhneach anocht.

Go deimhin, ní mórán suaimhnis a rinne sí i gcaitheamh antráthnóna ach ag guairdeall ar fud an tí, ag cuimilt is ag dustáiltrealaimh is troscáin a bhí ag lonrú le glaineacht cheana féin. Den chúigiúbabhta thug sí súil ar na cuirtíní chun a chinntiú go raibh sí i bhfolachó shúile na gcomharsan. Ní hamhlaidh nach raibh gean aici ar nacomharsana, agus acusan uirthi; a mhalairt ar fad. Ach mhothaigh sígo raibh siad ag imeacht as a bealach ó fógraíodh go raibh an clár lecraoladh. Oiread is mac an pheata acu, níor lig orthu go raibh eolas arbith acu ina thaobh, ach bhí sé follasach do Chaitlín ón mbealach a lasadha ngrua is ón gcosamar cainte a bhí siad a dhéanamh go raibh sí féinagus an clár teilifíse á líochán ó theanga go teanga.

Bhí an clár ar hob tosú.Súil ar an tine . . . níor ghá, an doras . . . faoi ghlas. Nach raibh an

bolta air le trí huaire an chloig. An guthán—Ó, a Mhaighdean! D’éirighsí de sciotán. Is beag oíche nach nglaodh duine dá beirt chlainne. Nárlige Dia! As an oifig i rith an lae a ghlaodh Caitlín agus san oíche arísClíona—ar fhaitíos go mbeadh aon stró uirthi. Ní raibh sí ag iarraidhlabhairt le ceachtar acu anocht. Chuaigh sí don halla go deifreach, a cuidsúl ag dearcadh éadan na teilifíse tríd an doras iata fad is bhí sí agsmúrach lena láimh nó gur thóg sí an guthán dá cheap. Ar bharr a cosa d’éalaigh sí ar ais. Gioscán féin níor bhain sí as an gcathaoir mar bheadhimní uirthi go dtabharfadh an fear a bhí ag cur an chláir i láthair faoideara í. Mhothaigh sí fuarallas ar fhad a droma nuair a thosaigh an ceol.Ceol mall uaibhreach á sheinnt ar an bhfeadóg mhór. Faoileán marbheadh sé ag ísliú agus ag ardú le rithim an cheoil go maorga agus gohealaíonta ag marcaíocht na gaoithe a bhí ag éirí de leiceann aille.

Smaoinigh Caitlín gur scread faoileáin agus ceol feadóige a chuirtús nó críoch le gach clár dár bhain le Gaeltacht nó le cultúr. D’éalaigh

11

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 11

an faoileán leis d’éadan na teilifíse agus thosaigh maidhm mhórchumhachtach á síneadh is á searradh féin chun fogha a thabhairt faoinaill. Meall mór sáile ag rómhar roimpi, ag bíogadh is ag borradh nó gurbhris a mhoing ina colg geal le teann oibriú. Phléasc an mhaidhm marphléascfadh plump toirní go hard in aghaidh éadan na haille. Ansinthit a toirt ina taoisc ghlugair i suaitheadh na mara. Níor thug Caitlínfaoi deara gur phlúch fuaim na mara ceol na feadóige nó gur seinneadhcúpla nóta mall olagónta os cionn chúr na maidine. Ansin go healaíontataispeáineadh scáile fir ag seinnt na feadóige. Gan ann achcomharthaíocht a éadain ar dtús nó gur ghlan an smúit go mall réidh isgo raibh fear óigeanta mar bheadh sé beo beithíoch ag baint fuaime asan bhfeadóg mhór.

Shlog Caitlín mionsmugairle leis an ngeit a baineadh aisti.Mhothaigh sí cuisle ag preabadh idir a baithis is a cluais, agus a hanáilag teacht ina gearrshiotaí de bharr thréanbhualadh a croí. Lioc sí siarsa gcathaoir í féin mar go raibh sé chomh beo os a comhair agus gur shílsí ar feadh meandair go raibh sé chun siúl amach as éadan na teilifíse.Bhí sí san ísle brí le lagar mar gur chuir lán na súl ag diúl ar an aimsirchaite í.

‘Johnny,’ ar sise leis faoina hanáil. Ghlaoigh sí arís air, níos airde an babhta seo chun go mbeadh a

hachainí le cloisteáil os cionn chársán na hanála. ‘Johnny,’ ar sise den tríú babhta agus meacan goil ag cur creatha

ina glór.‘Mise atá ann,’ amhail is dá mba iad a cuid focla a bhíog an ceoltóir.

Chríochnaigh sé an fonn mall agus gan oiread is anáil a tharraingt chaochsé leathshúil go haerach ina treo agus líon sé an t-aer le ceol binnmeidhreach. Bhí aoibhneas a cheirde greanta go gleoite ar a éadan agusmeisce an cheoil ag cur a cholainne ag princeam. Ansin labhair guthdomhain soiléir tríd an gceol.

‘Seán Ó Dubháin, ceoltóir, 1934 go dtí 1982. Anocht, a luchtéisteachta, tá muid ag craoladh clár speisialta in ómós an tsárcheoltóra,Seán Ó Dubháin, nó Johnny mar ab fhearr aithne againn air. Bathubaisteach an buille dár dtír agus dár gceol dúchais é bás Johnny agusgan é ach i lár a shaoil agus i mbarr a mhaitheasa. Ní háibhéil a rá gurbhé Seán Ó Dubháin a rinne athbheochan ar an gceol Gaelach. Is beag gléas

Clochmhóin12

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 12

ceoil nach raibh máistreacht ag Seán air. Thug sé a shaol ar son an cheoilagus an chultúir. B’fhear uasal é a raibh an greann, an gáire agus anceol go síoraí ina chuideachta. Tá údar ag muintir na hÉireann a bheithbródúil gur rugadh agus gur mhair laoch dá leithéid inár measc. Fíor-Éireannach a bhí mar ambasadóir lena chuid ceoil ar fud an domhain.Faraor, ní raibh saol fada i ndán dhó ach níor imigh Johnny uainn ganoidhreacht mhillteach cheoil a fhágáil ina dhiaidh. Feicfidh sibh anoisé ag seinnt poirt a chum sé féin, ‘Nead an Damháin Alla’. Tógadh anchuid seo den scannán ag Fleadh Cheoil an Chláir i dtús na seascaidí.’

Ar éigean a chuala Caitlín an cúpla abairt deiridh. Ní fhéadfadh sía chreidiúint go raibh aoibhneas an lae úd i dtaisce ar scannán ar feadhna mblianta. Fleadh Cheoil an Chláir 1954 an chéad uair riamh ar chaithsí deireadh seachtaine ina theannta agus ní dhéanfadh sí dearmad godeo ar aoibhneas an deireadh seachtaine sin nó go gcaithfí na trí sluaistecré os a cionn. Bhí súil an cheamara ag ruatharach ar fud an bhaile agaimsiú na sluaite a bhí ag guairdeall timpeall na gceoltóirí agus an ghrianag fágáil a scáile mar aingeal coimhdeachta ag chuile mhac máthar acu.

Shlog Caitlín puth dá hanáil de chnead nuair a d’aimsigh anceamara Seán agus slua lucht éisteachta ina thimpeall. Cáir gháire ar aéadan agus na méaracha ag damhsa go héadrom ar fhad na feadóigemóire. Dhírigh súil an cheamara a lóchrann ar chailín óg a bhí ina suíar an tsráid faoina chosa. Dhírigh Caitlín aniar sa gcathaoir agus i nganfhios di féin rinne sí aithris ar na geáitsí a bhí sí féin a dhéanamh ar éadanna teilifíse, gan de dhifríocht ann ach go raibh sise an uair singealgháireach ag dearcadh in airde air, a dhá láimh le chéile mar bheadhsí ag tabhairt adhradh dó. Ba léir ón meangadh nádúrtha a bhí ar ahaghaidh nár mhothaigh sí an ceamara ag fíochán dhealbh a colainneagus á cur i dtaisce i stórais scannáin.

Dá dtéadh an t-arm capall faoin doras ag an nóiméad sin níthabharfadh sí faoi deara é. Í scaoilte amach i ndiaidh a cinn agus greiman fhir bháite ar shlinneán na cathaoireach aici mar bheadh sí ar ancaireag iarraidh í féin a choinneáil siar ón scáileán. Bhí a súile bog braonach,leata ar an ógfhear ceolmhar a bhí arís ar follas. Nár bheag an t-ionadhdi titim i ngrá leis an chéad lá riamh? Colainn lúfar láidir mar bheadhsí tógtha amach as múnla aclaíoch. Folt gruaige ar dhath na tuí eorna.Chuile dhual ina throisleáin síos leis go nádúrtha agus dhá shúil a

An té atá thíos 13

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 13

mheallfadh meangadh as dealbh. Níorbh é lán na súl a mheall Caitlínach an bealach álainn a bhí leis. Ceoltóir den scoth gan ghaisce ganghaileamaisíocht. Dá dtitfeadh an t-aer ar an talamh ní chuirfeadh sémórán múisiam ar Johnny.

Chuile sheans dá bhfuair sé is i measc ceoltóirí a bhí sé. Le linn dóbheith ag freastal ar an ollscoil bhí sé faoi gheasa ag ceol, geasa a choisca intinn mheabhrach ar an léann agus a mheall ar ghairmthreoir go dtían Spailpín Fánach é nuair ba chóra dó bheith ag freastal ar léachtaí.

Bhí fíorcháil ar an Spailpín mar theach ceoil agus é de gheis ar chuilecheoltóir dá dtaobhaíodh an taobh sin tíre eadra a chaitheamh ann. Bhísé chomh dóigh togha seisiúin a bheith ann i lár an lae le lár na hoíche.Bhí a shliocht ar Johnny; bhí lorg a thóna go síoraí ar stólta an Spailpín.

Sa Spailpín a leag Caitlín súil air den chéad uair riamh. É ag cur ceoilgo fraitheacha agus scata mac léinn ag gairm as. Ise sa tríú bliain aguseisean ag athstaidéar i gcomhair BA den tríú babhta. Duine de na micléinn a d’iarr uirthi amhrán a chasadh sa Spailpín oíche agus chomh luathis a chuala Seán a guth binn bhí dorú caite amach aige. Bhíodh na cailíníeile in éad léi, iad ag éagaoin go grámhar as an ádh a bhí uirthi suí lenathaobh ag chuile ócáid. Níor ghá do Chaitlín bás a fháil chun na flaithisa bhlaiseadh. Chaith sí an bhliain sin sna flaithis, méaracha a gcuid lámhfite ina chéile ag maidhm an ghrá agus iad ag spaisteoireacht ar chladachan locha ardtráthnóna. An t-uisce glé glan ag lapaireacht go fáilteach,gan rian den imní shaolta ag cur isteach ar an gciúnas nádúrtha ach angrúscán beag a bhí an gairbhéal a dhéanamh faoina gcosa.

‘Ssss,’ a deireadh Seán corruair agus dhéanaidís beirt staic chomh ciúinleis na liagáin, ag éisteacht le héinín ag seinnt ceoil ar chraobh, gan anncorruair ach leithscéal chun í a fháisceadh go muirneach isteach leis. Bhídísansin ar thrá an locha faoi dhraíocht ag paisiún; ag diúl na liopaí as a chéileis gan de chuideachta acu ach cearc uisce a sheasadh ar bhileog bháitecorruair ag déanamh iontais den ghné neamhshéasúrach seo den dúlra.

B’in é a nGairdín Pharthais. Tráthnónta breátha ag éisteacht lesiosarnach na ngiolcach nó go dtiteadh na héin ina gcodladh agus gobhfógraíodh an dorchadas síocháin sa gciúnas. Má bhí na flaithisinchurtha le haoibhneas na bliana sin b’fhiú don chine daonna a bheithgo síoraí ar a nglúine. Ba mhinic Caitlín ar a glúine i suíochán cúil antséipéil ag glacadh buíochais le Dia as an sonas a bhronn sé uirthi. Sonas

Clochmhóin14

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 14

seasta a mhair nó go dtáinig toradh na scrúduithe agus gur bogán a bhíarís eile i ndiaidh ainm Sheáin ar chlár na ngradam.

Scairt gháire a rinne sé i gcomhludar na mac léinn eile a bhí gofiosrach ag iniúchadh na dtorthaí. Thosaigh an chuid ba theanntásaíacu ag scairtíl in éineacht leis agus ag bualadh bos aontais sa droim airag tréaslú a dhearcaidh ar an saol leis. Chuig an Spailpín ag ceiliúradha bhí lucht na n-onóracha ag dul.

‘Chuig an Spailpín atá muidne ag dul freisin,’ a deir Seán, ag breithi ngreim láimhe ar Chaitlín, ‘agus déanfaidh sí oíche go maidin.’Chuireadar liú áthais astu ach bhí blao Sheáin ar an gceann ba chroíúlaagus ba lú imní díobh ar fad.

‘Feicfidh muid thíos sibh,’ a deir sé ag treorú Chaitlín i dtreo andorais, ach ní síos a thug sé a aghaidh ach suas, suas le habhainn mhórna Coiribe, thar na strapaí chomh fada leis an gcúlráid, gan focal asceachtar acu. Seal fada a mhair an tost, iad araon ag brath ar a chéile,nó gur phléasc Seán amach ag caoineadh faoi dheireadh. Ar an bpointeboise bhíog a cineáltas banúil Caitlín agus chuir sí a colainn mar thacafaoina chroí briste. D’fhan sí sa staid sin ina tost ar feadh tamaill, aleathláimh go muirneach ina thimpeall agus an láimh eile mar bhuadántimpeall a mhuiníl nó gur mhothaigh sí a chuid deor ag rith síos ar thaobha leicinn. Labhair sí focla cineálta grámhara á bhréagadh is á mhisniúnó go raibh an t-ualach curtha dá chroí. Í gcogar a labhair sé faoidheireadh agus é fós ag snugaíl caointe.

‘Ní dhéanfaidh mé aon mhaith go brách, a Chaitlín. Imigh leat uaimis ná bím ag cur do shaoil amú. Imigh leat is fág liom féin mé. Ó, aMhaighdean bheannaithe, céard a dhéarfas mo mhuintir? Tar éis chuilephingin dá raibh ag gabháil leo a chaitheamh orm. Is mór an náire mé.Níl ach rud amháin sa saol ba mhaith liom a dhéanamh anois agus sinmé féin a chaitheamh amach sa bpoll báite sin.’

Chriothnaigh Caitlín agus thug súil fhaiteach ar an abhainn. Meallmór cumhachtach uisce ag sníomh go mear ach go ciúin cé is moite dechorrghnúsacht a rinne círín na nguairneán go bagrach. Súile glugairag snámh go mall ar dhuifean an uisce mar bheidís ag faire orthu. Thógsí a súile den uisce go deifreach. Bhí an fuarlach chomh dubh domhainis go raibh sé ag cur sceoine uirthi—beag a cheapfadh gurbh é an t-uiscegléigeal céanna é a bhíodh ag lapaireacht leo thuas ar bhruach an locha.

An té atá thíos 15

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 15

‘Stop,’ ar sise ag fáisceadh a barróige. ‘Stop den chaint sin. Is féidirmaireachtáil gan céim ollscoile a bheith agat. Cuimhnigh gur céim argcúl í an chéim ar aghaidh don té nach bhfuil sí feiliúnach dhó.’

Bhí sé ag éisteacht.‘Ná bíodh imní ort, a Johnny—beidh mise críochnaithe agus post

agam faoi cheann bliana.’ Bhí a dhá láimh ina gcrios ina thimpeall anoisagus í ag sioscadh lena chliabhrach.

‘Ná bíodh imní ort, a Johnny. Nuair a bheas muid pósta bainfidhmuid ceol as an saol.’

Scior na focla amach go nádúrtha i ngan fhios di ach níor lig seiseanthar a chluasa iad. Chuir sé a bhois faoina smig agus bhreathnaigh séisteach ina dhá súil.

‘Pósfaidh tú mé,’ ar seisean. Sméid sí a ceann. ‘Abair é,’ ar seisean,‘go gcloisfidh mé thú.’

‘Ach níor iarr tú fós mé,’ ar sise. Las splanc an dóchais ina amharc. ‘An bpósfaidh tú mé, a Chaitlín?’ ar seisean.‘Pósfaidh, a Johnny, ’ ar sise. Ar an toirt bhí a gcuid liopaí ag cur

séala ar an ngealladh. ‘Ní phósfaidh mé aon fhear eile ar an domhanach thú,’ ar sise, nuair a tháinig anáil di. Bhí sé ag crith ó mhullach achinn go dtí bonn a choise.

‘Gheobhaidh mise obair,’ ar seisean; ‘is cuma liom cén cinéal oibreé. B’fhéidir i monarcha na mbréagán sa mbaile ach tá rud amháin cinnte;is fáinne dhuitse atá mé a cheannacht ar mo chéad phá.’ D’fháisc sí aláimh mar chomhartha ríméid.

‘Teara uait,’ ar sise, ‘síos sa Spailpín. Tá ceiliúradh le déanamhagainne freisin.’

Shiúladar beirt i dtreo an aoibhnis, a leathláimh á fáisceadh chomhteann isteach ina aghaidh is gur mhothaigh sí go raibh sí leis an gcuideile dá saol a chaitheamh greamaithe istigh ina ascaill.

Ba iad boilg ghaoithe na bpíob uilleann bhí le feiceáil greamaithefaoi ascaill Johnny ar éadan na teilifíse anois aici agus lucht éisteachtaag gairm agus ag gáire go ríméadach as saibhreas dosháraithe a chuidceoil. Mheas sí gur chóir di í féin a fheiceáil lena thaobh agus fios maithaici nár ann di—níor mhór smacht a chur ar a hintinn agus staidéar adhéanamh ar an gclár a raibh oiread sin réitigh déanta faoina chomhairaici. B’iontach proifisiúnta an cur i láthair é. Seán Ó Dubháin gléasta

Clochmhóin16

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 16

go galánta ag tabhairt coirm cheoil i gceoláras náisiúnta na tíre. Seánina shuí i dtom fraoigh ar bhruach easa agus é ag casadh ceoil do nabradáin is don áilleacht. Cúig mhíle duine plódaithe isteach sa StáidOilimpeach i Munich na Gearmáine chun éisteacht le ceol an Éireannaigh.Nárbh í a bhí neamhairdiúil is gan cáil dhomhanda a fir céile a thabhairtfaoi deara go dtí anocht. Bhí na chúig mhíle Gearmánach ina seasamhsuas ag tabhairt bualadh bos dó agus Seán é féin ina sheasamh i lár anardáin ag cromadh a chinn mar chomhartha buíochais. Nuair a thosaighsé ag siúl den ardán is ea is mó a mhéadaigh ar an gclampar is ar anmbualadh bos. Chuaigh siad i bhfiántas ceart nuair a d’fhill sé ar aischun port an dorais a sheinnt dóibh. Bhí an ceamara dírithe ar thaobha leicinn agus Caitlín ag déanamh iontais chomh liath is a bhí a chuidlocaí nuair a chas sé thart go tobann gur líon a éadan aghaidh na teilifíse.Leathnaigh meangadh gáire air mar bheadh sé á dearcadh amach uaidh.Ní fhéadfadh sí breathnú díreach idir an dá shúil air. Chrom sí a ceannag dearcadh ar an mbrat urláir. Brat a bhí coinnithe chomh glan néataleis an lá ar cuireadh síos é cúig bliana fichead roimhe sin. Mhothaighsí tocht ina hucht ag dearcadh ar an spota a mbídís beirt sínte os comhairna tine oícheanta fada geimhridh tar éis pósadh dóibh.

An lampa múchta is iad taobh leis an mbogsholas a bhí mionlasrachana clochmhóna a thairiscint go fáilteach, teas na tine agus bruth nacolainne á gcur ag nochtadh a chéile go minic nó go mbíodh a gcuidbalcaisí ina gcarnán i lár an urláir agus loinnir na mionlasrach ag líochána gcraicinn dheirg. Lámha agus beola ag muirniú agus ag múscailt agustaom dochloíte an ghrá ag gríosadh nó go mbídís beirt fásta ina chéile.

Níor mheas sí anois, ná an uair sin, go raibh dreach ná daolneamhgheanmnaí ag baint lena mbéasa. Ní raibh ann ach go raibh siadag ceiliúradh aoibhneas an ghrá pháirtigh ar a mbealach nádúrtha féin.Bhí sé chomh dóigh gur sa spota sin a gineadh Clíona, a gcéadghinclainne. Tabhartas nárbh acmhainn dóibh go ceann cúpla bliain nó gombéarfaidís ar ghreim a láimhe, dá ngéillfeadh an grá don réasún.

Croí máthar amháin a bhainfeadh solamar as an sciúrsáil. Giúinocrach a linbh á coinneáil ó chodladh na hoíche agus an clog inachoileach le moch maidine. An toirneach féin ní dhúiseodh Johnny.Go mion minic a dúirt sí léi féin go mb’aoibhinn Dia dó nuair a bhíodha shámhshrannadh i dtiúin le rithim dhiúil a linbh agus í ag bleán

An té atá thíos 17

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 17

bhleacht a cuid cíoch i gceartlár na hoíche. Slíocadh muirneach dábois a thugadh sí do chaon duine acu, cé go mbídís araon róshuansuaimhneach chun a cuid muirnéise a mhothú.

Mura raibh saibhreas acu bhí suaimhneas acu. Teach dá gcuidféin a bhí chomh te teolaí le nead smólaigh. Teach a choinníodh Caitlínó chodladh na hoíche corruair nuair a bhíodh morgáiste le híoc. Níraibh aon mhaith di á phlé le Johnny. Níor lú leis an diabhal ná narudaí sin. Isteach ina teannta go dtí bainisteoir an bhainc a d’iarr síé an chéad lá ar thug sí an taobh gránna dá phearsantacht faoi deara—d’athraigh dath air agus dúirt ina ghrúsacht oilbhéasach go mb’fhearrleis é féin a chaitheamh i bhfarraige. Thug Dia di go raibh sí paiteantaag an obair sin agus bhí a shliocht uirthi, ba í a dhéileáil le cúraimítógála ón gcéad tairne go dtí an tairne deiridh. Tairní a théadh i mbeocorruair agus í ag scríobadh leis an nganntan, ach nuair a d’fháisceadhJohnny barróg uirthi, nuair a threaslaíodh sé a héacht léi, d’fháisceadhsé an imní as a croí.

Baineadh stangadh aisti an lá ar briseadh as a phost sa monarchaé. Bhí cúr oilbhéasa leis ar fud an tí agus é ag léamh shalm na mallachtar an mbainisteoir—bhí an fata deiridh cangailte aige dá mbéarfadhsé i dteach an óil air. Thosaigh an páiste ag caoineadh marbhraithfeadh sí an teannas ar fud an tí. Ní ligfeadh faitíos do Chaitlína rá leis go raibh sé á thuar agus rogha faighte go minic aige de bharra bheith mall ar maidin agus ag cailleadh laethanta. Bhí sceoin inacroí ag smaoineamh ar an morgáiste agus ar na billí ach bhí tinneasna himní tráite as a hintinn taobh istigh de chúpla uair a chloig nuaira bhí an taghd caite aige agus é ag míniú an scéil di. Tharraingeodhsé an dole ar feadh scaithimh—thabharfadh sé aire do Chlíona a fhadis a bheadh sise imithe ag obair agus bheadh dalladh ama aige lenachuid ceoil a chleachtadh. As sin go ceann cúpla lá bhí sí ag curmilleáin uirthi féin mar gheall nár thuig sí ó thús go raibh an ceart arfad aige. Gliondar a bhíodh uirthi ag teacht abhaile ón scoil. Johnnyis Clíona ag coraíocht lena chéile faoina póg. Ní sonas go dtí é dámairfeadh sé ach ní raibh mí aimsire caite ar an dole aige nó gurmhothaigh sí míshuaimhneach arís é. Ní raibh sé ag rá tada ach bhía fhios aici go raibh an braon nimheanta ag fiuchadh trína chuisle.Chaith sí cúpla lá ag cíoradh a hintinne ag iarraidh a dhéanamh amach

Clochmhóin18

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 18

céard a bhí déanta as bealach aici. Ní raibh ar an teallach ach an bheirtnuair a chuir sí ceist air faoi dheireadh.

‘Níl tada ag cur as dhom,’ ar seisean go grúscánach ach choinnighsí seadaithe é go grámhar.

––Ní raibh sé tinn.—Seafóid.—Ní raibh Clíona ag cur isteach air. Bhí sé ag at le chuile cheist.‘An ndearna mé rud éicint as bealach ort, a Johnny,’ ar sise ag cur a

dhá láimh ina thimpeall, ach phléasc sé sul má bhí siad ina mbanda.‘Thóg tú mo chuid fuckin’ dole,’ a deir sé. ‘Tá tú ag déanamh beagáin

díomsa os comhair na bhfear i dteach an óil, gan mé in ann deoch asheasamh dhóibh.’

Bhí a ghlór stadach le teann oibriú. Ghabh sí a leithscéal leis gohumhal. Ní thárlódh sé arís ach bhí sí i sáinn ag iarraidh an gála sinden mhorgáiste a chur le chéile. Shíl sí a lámha a chur ina thimpeall gohairitheach ach d’imigh sé a chodladh go coilgneach agus go taghdach.

Bhí máistrí móra an cheoil aimsithe ag súil an cheamara anois agusgach mac máthar acu ag sluaisteáil gradaim air. Mhionnódh Caitlín ar anleabhar go raibh siad ag caitheamh súil chiotach ina treo féin amhail is dámba dhealg í a bhí ar áit a mhéire ar an bhfeadóg mhór. Brath mór a bhíuirthi tosú ag screadach isteach orthu is a rá nach orthu a luigh an bhróg.B’fhurasta do mháistrí suí os comhair ceamara agus labhairt go hardnósachi dtaobh marbháin ach b’fhada uaidh amach a d’fhan a bhformhór nuaira bhíodh braon ólta aige lena bheo. Níorbh amhlaigh dise.

Thuig sise Johnny go maith. Ba phearsa mhórálach ó thús é a raibhteacht i láthair ann agus níor thóg sí air a bheith ag clamhsán nuair abhí sé ar an ngannchuid. Chaith sé dhá bhliain ar an dole ach le chuilechineál crácála rinne sí cinnte go raibh luach cúpla deoch i gcónaí aige.Corruair ar a chuid óil thugadh sé sclamhadh teanga go héagórach diach chuir sí suas leis an argóint mar gur mheas sí i gcónaí gur ag ídiúfhrustrachas an díomhaointis a bhí sé.

Is beag bídeach nár ardaigh sé an ceann den teach le ríméad nuair athosaigh sé ag seinnt leis an mbanna ceoil agus rud a d’fhág Johnnyríméadach, d’fhág sé Caitlín ríméadach chomh maith. Bhíodh uaigneasuirthi nuair a bhíodh sé ag taisteal deireanach san oíche agus bhíodh truaaici dó nuair a bhíodh tinneas óil ag scoilteadh a chinn ar maidin. Bhí an

An té atá thíos 19

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 19

t-airgead ag teastáil níos géire ná é a chaitheamh amach ina mhúisc achbhí Johnny róghnaíúil. Ba ghearr nach raibh oíche ar bith sa mbaile aige.Mura mbíodh sé ag seinnt leis an mbanna bhí tóir sna tithe ósta air.

Bhí na seacht ndiabhal air ag tabhairt daoine abhaile ar a bhogmheisce.Go mion minic cuireadh as a leaba í chun béile a réiteach don scuaidrínsúdairí a bhí lena shála. B’fhiú éirí go minic mar bhíodh sé ina cheol is inaól go maidin ach bhíodh an nóta deiridh ag an gclog i gcónaí. B’iomaíceoltóir mór le rá a chodail sa teach aici agus ní raibh mac máthar ná iníonathar acu a d’fhéadfadh a mhaíomh nár chaith sí go gnaíúil leo.

As an leaba a cuireadh í an chéad oíche a chuir sí aithne ar MháireMhór Mhic Artúir. Ceoltóir cumasach. Bean mhór théagarthach as anTuaisceart a thiocfadh go híochtar ifrinn ar thóir ceoil is pléaráca. Níraibh aird aici ar níochán ná ar ghlanadh, ar Aifreann ná ar ord, ar shagartná ar mhinistir, ná ar Dhia mór na glóire féin ach splanctha ag gléas ceoil.

Ba é Johnny dia mór an cheoil aici. Mheas sí go raibh sé ábalta anfheadóg mhór a chur ag caint. Fear is píce ní choinneodh ón teach í.Bhíodh sí caite ansiúd ina suachmán ar an urlár agus í féin agus Johnnyag malartú port mar bheadh gasúir ag spraoi le bréagáin. Bhíodh éadagus beagán stuaice ar Chaitlín nuair a d’imíodh an bheirt chuig seisiúnis d’fhágaidís ansin í ag níochán gréithe, amhail gur ghiolla freastail í.B’in laige a bhain le Seán. Nuair a bhídís astu féin ba léi ar fad é achchomh luath is a thagadh strainséirí bhí sé sna sodair ina ndiaidh.

Bhíodh graithe dá dícheall aici corruair nuair a théadh sí ag seisiúnceoil ina theannta le linn shéasúr na turasóireachta. Tharraingíodh a cháilmar scoth ceoltóra lán an tí i gcónaí. Piontaí agus braonacha den stuif chruaá mbronnadh air amhail is dá mb’onóir é a bheith ag glacadh dí uathu.

Níor spáráil Seán é féin ar an ardán. Ghoilleadh sé air mura mbíodha raibh i láthair ag damhsa ag deireadh na hoíche. Chuireadh sé croíagus luas breise sa gceol ansin nó go mbíodh na damhsóirí i bhfiántasle teann meidhre aige. Thabharfaidís ba bodhra as coillte ag blaoch isag béicfeach nuair a chríochnaíodh sé. Chuile dhuine ag iarraidh breithina mbarróg air.

Chuile chroí sa teach ag bíogadh le spóirt is le spraoi ach croí Chaitlín.Bhíodh sise ag déanamh cnaipí ag an tráth seo d’oíche. Seán bogtha agbreith abhus is thall ar chailíní. Corrcheann a bhíodh ligthe leo féin ásníomh is á searradh féin suas ina aghaidh go neamhnáireach. Ba é a

Clochmhóin20

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 20

chothú é, go háirithe nuair a bhíodh an braon istigh. Ní ag mugadhmagadh a bhíodh sé lena phóg agus leisce ar bith féin ní raibh airsciorradh síos taobh istigh de bhlús agus breith ar lán a chrúibe de dhideos comhair an tí. D’éiríodh Caitlín go huathoibríoch agus meangadhbeag neirbhíseach gáire ar a haghaidh splancdhearg agus thosaíodh síag mionsioscadh leis d’fhonn a thabhairt le fios do lucht an teaspaighgurbh é a fear céile é. Ghabhadh sí tríd an talamh le teann náire ach níraibh sí ag dul ag roinnt a fir chéile le dís gan náire.

Cead aige a chuid ceoil a roinnt agus fáilte—cead aige leath a shaoila roinnt ach ní raibh sí ag dul a roinnt a cholainne le duine ar bith beo.Go ciúin cúthalach a théadh sí i mbun graithí agus fiú na sciamhóga ambíodh fuinneamh iontu ina thimpeall, ní bhíodh sí i bhfad á mbaintas aimhréidh le bioráin a súl. Bhí sí discréideach agus níor mhór di bheithmar bhí sé chomh dóigh do Sheán í a chur ar a tóin ina suíochán letoirneach eascainí dá gcaillfeadh sé an cloigeann. Mhealladh sí léi gohealaíonta é gan a dhath mairge a ligean uirthi féin os comhair nagcomharsan cé go mothaíodh sí ag bualadh uillinneacha ar a chéile iadnó go bhfaigheadh sí faoiseamh faoi dheireadh ó am dúnta. Thagadhsé go dtí barr a goib fainic a chur air gan aon ugach a thabhairt do luchtan bhiadáin nuair a d’fhágadh sí ar a chéill é. Is beag ugaigh a bhí agteastáil ó chuid acu nó go mbeifeá draoibeáilte le súlach salach a mbéilacu ach nuair a d’fháisceadh sé isteach leis féin arís í bhíodh sí sásta nárchuir sí aon mhúisiam air le suaraíl éadmhar a cuid smaointe.

Mar is dual do chuacha, d’éalaigh na cuairteoirí ceolmhara leo inambealach féin i ndeireadh an tsamhraidh agus cé nárbh é imeacht ghéan oileáin a ghuigh Caitlín ina ndiaidh bhí sí ag ceiliúradh go rúnda nuaira bhí an teach fúthu féin arís acu. Mhothaigh sí aoibhneas millteach anearnáin sin téaltaithe go toilteanach ina ghabháil. B’fhada léi godtagadh am baile chuile thráthnóna—ní le gráin ar an múinteoireachté mar gur aoibhneas a bhíodh ina lá oibre—ach bhíogadh a croí le teannríméid dhomhain dhaingin nuair a bhíodh sé in am filleadh ar a beirtleannán. Gáire ceolmhar Chlíona a chuireadh fáilte roimpi go minic agusgliondar ina croí ag strapadóireacht ar an luascán a bhí crochta as crannag Seán di. Chomh luath is a bhí sí in ann séideadh isteach sa bhfeadógbhí sé ag múineadh nótaí ceoil di. I ngan fhios di féin bhíodh namúinteoirí eile bodhraithe ag Caitlín ag síoraithris ghníomhartha gaisce

An té atá thíos 21

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 21

a teaghlaigh. Is é an chaoi ar líon a croí le lúcháir an Nollaig sin nuaira thuig sí go raibh sí ag iompar arís. Ní raibh sí ag súil lena mhalairt dethoradh ar an ngrá a thug sí dá fear céile. Rámhaillí aoibhnis a bhí agrith trína hintinn ag samhlú Chlíona ag spraoi leis an linbhín. D’fhansí ina suí go dtí a ceathair a chlog ar maidin d’fhonn an nuaíocht ainseacht do Sheán tar éis filleadh ó sheisiún ceoil dó. Scanraigh sí goraibh a chroí stoptha leis an léim a baineadh as. Bhí deoch mhaith óltaaige. Níor spréach sé ach bhí sé ag grúscán mar gheall nach raibh sícúramach. Pléascadh ag caoineadh a rinne sé faoi dheireadh. Bhí sé agdul ó mheabhair uirthi. D’fheicfeadh sí ag caint is ag ceartú go stuacachdó féin ar feadh seachtaine é.

Dhúisíodh sé as a chodladh de gheit agus é ag crith mar bheadhnéaróga ag spochadh leis. Bhí a croí briste le teann trua dó. As saol eilea thagadh sé ar ais chuici nuair a leagadh sí láimh air. Saol a shéanadhsé le croitheadh dá cheann is le meangadh gáire dá seadódh sí an cheistiú.Níor tháinig aon athrú ar a dhreach ach bhí sí líonrithe ach go mbeadhsé ag ceilt aon tinneas uirthi.

Ní raibh ann uilig faoi dheireadh thiar ach mar bheadh scamall dubhá scuabadh trasna ar éadan na gréine, mar taobh istigh de chúplaseachtain go raibh sé ag scairteadh amach in sonais agus in siochána léimar a scairtfeadh an ghrian ar ghlasú seaca.

—Ó, a Mhaighdean Mhuire! Céard é seo? I lár a cuid smaointe . . .Clíona ar éadan na teilifíse agus iad ag cur agallaimh uirthi. Nárbh shiní anois an scubaid nár oscail a béal lena máthair. Ó, a Mhaighdean! Céarda déarfadh sí?

B’fhurasta aithint le seachtain go raibh sí ag iarraidh rud éicint a ráar an bhfón agus é ag cinniúint uirthi. Cineál faiteach . . . leisce a bheithag cartadh ábhar goilliúnach. Bhíodar in ann chuile chinéal ábhair aphlé, ach chomh luath is a thangaíodh an comhrá le hainm Sheáin bhíbéal Chaitlín chomh dúnta le sliogán oisre. Dá mb’ábhar ar bith eile abheadh á phlé, nach í a bheadh bródúil aisti. Iníon a hathar—aphictiúr—mar a chaithfeadh sé amach as a bhéal í. Ba uaidh a thug sían teacht i láthair a bhí ag spléacharnaíl go muiníneach os a comhairamach anois—caint ar a hóige—pictiúr di ina suí ar ghlúine a hatharnuair a bhí sí ina páiste—pictiúr di féin agus de Chaitlín i ngreim láimheina chéile.

Clochmhóin22

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 22

Thosaigh na deora ag at i súile Chaitlín arís eile, sceoin ina croí arfhaitíos go luafaí a hainm agus í cinéal diomúch ag an am céanna gurle Seán amháin a bhí an chlann seo luaite amhail is dá mba é a rug iad.‘Mise a d’iompar sibh . . . Mise a thug ar an saol sibh . . . Mise a thógsibh.’ Chaoin sí go ciúin ag croitheadh a cinn ó thaobh go taobh agsmaoineamh siar air.

B’in é an t-earrach a raibh sí ag iompar Chaitlín. Bhí chuile nóiméadde chuile lá chomh follasach ina hintinn is dá mbeidís greanta le siséal. Agfiche nóiméad tar éis a trí tráthnóna Dé hAoine a d’fhág sí an scoil. Amhailchuile thráthnóna eile bhí a cosa ag rith uaithi ach bhí deireadh seachtaineiomlán de bhrabach breise ar ghliondar an tráthnóna seo. Bhí scread bheagchráite ag na struipléid rubair ag iarraidh ceobhrán bog Aibreáin achoinneáil ligthe de ghloine an chairr. Taobh istigh den gheata beag a fuairsí Clíona agus í chomh sásta le lacha ag slabáil sa bhféar fliuch. Ghoin ahaire í. Cén fáth go bhfágfadh Johnny an páiste amuigh nó go raibh sí bogbáite? Thóg sí ina baclainn í. Rinne tuairt imní meall ina hucht. An raibhaon mhórthreascairt tar éis tarlú dó? An croí. Bhí sé ag ól an iomarca—bhí an iomarca meáchain curtha suas aige. Scread sí ar Naomh Antainefaoina hanáil agus í ag rith i dtreo an dorais. Bhí a béal oscailte go himníochaici chun a ainm a scairteadh nuair a chuala sí an argóint.

Glór mór láidir ag sianaíl le teann feirge agus glór Johnny go cloíteag impí. Nuair a d’oscail Caitlín an doras bhí Máire Mhór Nic Artúirina seasamh i lár an urláir agus feire de chúr feirge le coirnéal a béil.Chaith Máire súil neamhthrócaireach amháin ina treo agus amhail is dámba é an siota a tháinig tríd an doras a shéidfeadh faoina lasair d’oscailsí tine theanga arís ar Johnny.

‘Inis anois dhi é, a mheatacháin,’ ar sise. ‘Inis dhi gurb é seo dopháiste atá mé a iompar.’ Chas sí i dtreo Chaitlín ag bualadh bos gomíchaoithiúil ar a bolg torrach.

Bhí a cheann ligthe le fána ag Johnny mar bheadh sé ag pléadáilciontach le leic an teallaigh. Ghlac tost tragóideach ciúnais seilbh ar anseomra is d’fhág an líon tí balbh ar feadh cúpla meandar. Le linn anchúpla meandar sin mhothaigh Caitlín Uí Dhubháin pian chéasta marbheadh gob scine ag gearradh na ndualta beannaithe, mar bheadh angrá ag tál ina dheora amach as a croí agus an ghráin ag neadú ina leaba.Níor mhothaigh sí a cuid éadaigh ag sú an fhliucháin as éadach Chlíona

An té atá thíos 23

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 23

nó gur leathnaigh sé ina spota mór dorcha ar a cliabhrach. Scread bheagneirbhíseach an pháiste a chuir faoi ndeara di a dhul siar sa seomra asan mbealach agus an eochair a chasadh i nglas an dorais.

Níor fhág Seán an teach d’aon ioma amháin. Chaith sé cupla mí agguairdeall, seal ar a chéill ag achainní uirthi, seal as a mheabhair ag ól,ag lascadh an dorais dúnta, seal ag tnúthán le pardún, a dhá shúil agimpí uirthi. Ach díreach níor bhreathnaigh sí air, greim níor réitigh sídó ná focal níor labhair sí leis ach í chomh bodhar balbh le meall leacoighir ina chomhluadar.

Ba chéasta an chrois í. An pobal uile de mheáchan inti. Súile nandaoine mar dheilgní uirthi agus a cuid coirnéal chomh géar leis nacéadta teanga a bhí á sciúrsáil.

Líon an seomra ina timpeall le ceol. Cairde Sheáin fré chéile ag curceoil go barr bachall. Clíona agus Caitlín ina gceartlár. Chuile dhuinebeo dá raibh i gcuideachta Sheáin riamh tagtha as ceithre hairde nacruinne chun a n-ómós a chur in iúl dó. Chuile dhuine ach ise.

Chomh healaíonta is dá mba ar ais ón saol eile a thiocfadh séscairteadh pictiúr Sheáin i gciorcal dó féin i gceartlár na gceoltóirí. Eiseanfreisin ag cur ceoil ina cluasa, é i dtiúin lena chomhghleacaithe saoltade bharr gurbh é a mhúin na poirt ó thús dóibh.

‘Ach bhí mise mór leat freisin, a Sheáin,’ a d’impigh Caitlín isteachair. ‘Tá mise freisin ag iarraidh ómós a thabhairt dhuit.’ Bhí na deoragoirte ag rith siar ina béal.

‘Níor thuig mé. Níor thuig mé go raibh tú i do phearsa rómhór lebheith sáinnithe in ascaill bheag amháin.’

Líon glór soiléir an tráchtaire an seomra arís. ‘Tá sé ar shlí na fírinne anois. An fear ba ghnaíúla, b’uaisle, ba

mheasúla, ba chairdiúla dár leag cois ar thalamh na hÉireann riamh.Faraor, faraor géar, sciob an bás uainn é i mbláth na hóige,’ ar seisean,mar abairt bhrónach scoir.

‘Níor sciob,’ a deir Caitlín go ciúin caointeach, ‘níor sciob, achmharaigh an t-ól é.’

Líon éadan Sheáin scáileán na teilifíse arís, an fheadóg mhór gográmhar lena bheola agus é ag seinnt fonn mall olagónta. Níor dhúnsé a shúile mar ba ghnách leis. Mheas Caitlín go raibh a amharc dírithear an gcúinne a raibh sí ina suí.

Clochmhóin24

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 24

‘Dá bhféadfadh muid tosú arís, a Johnny,’ ar sise, go tnúthánach leis,‘tosú as an nua . . .’

Go mall réidh thosaigh smúit ag slogadh an cheoltóra nó gur fágadha scáile i lár maidhme báite a bhí ag tabhairt fogha eile faoin aill. Phléascan mhaidhm go hard in éadan na haille ag cur ceo mara go hard sa spéir.Ansin os comhair a dhá súil scuabadh a scáile sa taoisc ghlugair agusslogadh as a hamharc go dtí grinneall na mara é.

An té atá thíos 25

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 25

SILÉIG

Bhí oiread díocais ar Mhac Dara ag brú a mhéire ar chnaipe anchitil leictrigh is dá mba isteach faoi shúil robálaí a bheadh sé á sá.Bhí sé sáraithe á thochas féin, á sheicniú féin, á unfairt féin anonn isanall sa gcathaoir, mar bheadh oighreacha míchompóirte ag spochadhle chuile bhall dá cholainn. Thug sé súil go míchéadfach ar anleathleathanach a bhí scríofa aige. Ba mheasa dó é ná aghaidh a ghoilea bheith aníos agus gan tada le caitheamh amach. Chuile fhocal inaghaidh a chos, chuile smaoineamh in aghaidh a thola, chuile stríocaden pheann in aghaidh stuif. Cén bhrí ach an deifir a bhí leis—dábhféadfadh sé é a fhágáil ansin nó go n-imeodh an corr intinne de achbhí ingne na méire fada ite go dúid agus gan orlach eile fágtha ar thráthna cinniúna.

Thosaigh an citil ag geonaíl go huaigneach de réir mar atheagmhaigh an teas leis agus mhothaigh Mac Dara tocht den chineálcéanna ag bruith ina ucht, an cineál tochta a chuireann gadhar agcaoineadh oíche ghealaí. Dá bhféadfadh sé dul amach agus labhairtlena bhean, Susan, d’éireodh a chroí agus chuirfeadh an sásamhintinne bís scríbhneoireachta air. Ach bhí sí tar éis ropadh damantaa thabhairt faoi. Níor mhinic leo a bheith ag troid, go deimhin, níossona ní raibh le fáil, ach bhí ruibh oilc anocht uirthi. B’fhearr ligeandi ar fad mar d’aithin sé ar an gcúpla scread ghéar olagónta a bhainsí as Dara Beag nóiméad roimhe sin go raibh sí ag ídiú an taighd ara chuid más.

Muigín maith caifé . . . breá láidir, ní le dúil ann é ach chuile shúille Dia go gcuirfeadh sileadh suain an chaifé ortha an dul amú ar anaigne.

Mallacht Dé thoir air mar cheannaire, ba é a tharraing aighneas idiré féin agus Susan. Ba é clochneart fir ar bith lá oibre a dhéanamh is ganan breithiúnas aithrí seo a thabhairt mar onóir dó. Ach ar ndóigh ba éféin a tharraing air é . . . i leaba a bhéal a choinneáil dúnta mar a rinneformhór a chomhoibrithe . . . pian ghoile, nó go mbíodh deis cainte aigeag iarraidh a bheith ag tarraingt urraime is measa air féin. Ag tochrasar an gceirtlín go deo is go brách nó go raibh a bhua cainte is a líofacht

26

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 26

urlabhra fite fuaite in intinn an cheannaire. Piteog de cheannaire. B’inrud nár thuig Susan go mbeadh seisean ina mhada beag ag fear a mbíodhfoireann oibre na heagraíochta ag frimhagadh faoi.

Bhí aiféala anois air gur aithris sé graithí na hoifige beag ná mórdi. Bhí sé réidh go leor aicise a bheith ag fonóid faoi ach ba cheannaireé ceannaire agus ba chuid dá dhualgas an spéic seo a scríobh ó cuireadhde chúram air é. Bhíodh an cineál frimhagaidh chéanna ar chuid dáchomhgleacaithe san oifig cé go raibh sé beagnach cinnte gur éad abhíodh á ngríosadh chun tarcaisne. Oifig oscailte agus cluas na heasóigear an gcúigear foirne a bhí faoi chúram an cheannaire nuair a thagadhsé amach as a oifig phríobháideach agus dhéanadh sé caol díreach arbhinse Mhac Dara. Bhí cosán dearg buailte aige ag lorg comhairle inathaobh seo agus ina thaobh siúd. D’fhreagraíodh Mac Dara go cúthalach,ciúin, discréideach . . . leisce a bheith ag tarraingt aird na foirne achb’iondúil leis an gceannaire béic bheag ghliondair a ligean.

‘Maith thú, a Mhac Dara. Maith thú,’ a deireadh sé ag bogshodarar ais agus fuascailt mionfhaidhbe éicint ina lóchrann ríméid i ngealacána shúl. Ba í comhairle Mhac Dara bíobla an cheannaire. Corruair nuaira bhíodh mórfhadhb chultúrtha á mhearadh d’osclaíodh sé an doras agussméideadh sé isteach air.

‘Fainic thú féin! Ceann acu siúd é siúráilte,’ a deireadh duine amháingo spraíúil ina chogar a chuireadh straois gháire ar an gcuid eile.

‘Dún amach an doras, le do thoil . . . táim ag iarraidh ort a theachtar thoscaireacht go dtí an tAire im chuideachta.’

‘Mise?’‘Ó sea, tusa, a Mhac Dara. Is tusa an t-aon duine amháin sa rannóg

atá dáiríre. Táim ag iarraidh ort píosa cainte a fháil faoi réir agus labhairtleis an Aire thar ceann phobal na Gaeilge.’

‘Más dóigh leat go bhfuil mé sách ábalta . . .’‘Tá do theanga ar do thoil agat, a Mhac Dara. Is de bhunadh na háite

tú agus tá a fhios agam nach ligfeadh tú síos an eagraíocht.’Níor lig ar ndóigh. Tuige a ligfeadh. Ba mhaith dó an deis a fháil

agus cé go raibh sé ag caitheamh súile seafóide in airde os comhairna foirne agus é ag filleadh ar a bhinse bhí sé ag at go mórálach agusar bís chun a dheis a thapú. B’ábhar runga a bhí i chuile dheis. B’iní an spéic ar chaith sé an dúthracht léi. Siar is aniar le cladach ag

Siléig 27

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 27

óráidíocht do na maidhmeanna, ag rabhlú chuile fhocal trína intinnnó go raibh siad chomh cruinn le clocha na duirlinge. An-spéic a bhíinti, ceart go leor, labhair sé go mall, macánta, soiléir. Chuile abairtmeáite go cúramach chun go ngreamóidís i gcluasa an chomhluadair.Chloisfeá biorán ag titim agus chuile shúil i bhfostú ina chuid cainte.Chloígh sé an teoiric go mbíonn blas ar an mbeagán agus bhí a shliochtair, ní mugadh magadh a bhí sa mbualadh bos a chuir bailchríoch ara chuid cainte. Bhí crúb mhór théagartha Mhac Dara ina ceapaire idira dhá chrúibín chnámhacha féin ag an gceannaire is é ag crith ó chluaisgo sáil le ríméad.

‘Éacht, a Mhac Dara, togha píosa cainte. Bhí an tAire an-tógtha leat.Tá linn, tá sé chun an deontas breise a chur ar fáil don rannóg. Anoistá deis againn an teanga agus ár gcultúr a shábháil, dá mbuíochas. Beidhcuimhne ar an lá seo. Lá mór ar son na cúise.’

Cúis mhagaidh a bhíodh i gcúis an cheannaire ar fud naheagraíochta. Chuile rannóg eile ar a bionda ag forbairt na Gaeltachtamá b’fhíor dóibh féin. Ar éigean a bhreathnaíodh nahardfheidhmeannaigh eile díreach air ach iad ar a stártha ag caitheamhtéarmaí tionsclaíocha lena chéile. Leathphingin rua ní bhfaighidís debhuiséad aige murach a cheird a bheith de bhreithiúnas aithrí ar aneagraíocht. Strealladh magaidh faoi nuair a fuair sé an post. Fios maithacu gur ísliú gradaim a bhí san ardú céime. Rinne sé ionsaí fíochmharorthu maidin Luain amháin ag an gcruinniú bainistíochta, cineálluíocháin nach raibh aon choinne acu leis. Bhí mí aimsire caite aige agcarnadh a chuid argóintí agus scaoil sé fúthu as chuile choirnéal dá bhéalsul má bhí deis acu plean cosanta a chur i dtoll a chéile.

‘Is í an teanga céadchúram na heagraíochta seo. Mura mairfidh anteanga ní mhairfidh an Ghaeltacht agus má imíonn an Ghaeltacht beidhan eagraíocht seo as gnó. Is é an chéad mholadh atá le cur os comhairan chruinnithe seo go n-ardófaí buiséad Cultúr agus Teanga go dtí anleibhéal céanna le Forbairt agus Tionscail.’

Shuigh sé síos. Bhí an chéad urchar caite. Chuir sin ó ghibireacht iad . . . ó mhionseitreach i dtaobh cluichí gailf

a bhíodh idir chamáin chuile Luan eile.‘Cé atá ag cuidiú leis an moladh sin?’ Bhí siad ag breathnú ar a chéile ag iarraidh bheith ag léamh intinn

Clochmhóin28

Clochmhóin ceart_Clochmhóin ceart 21/01/2014 14:02 Page 28