Sicín Licín Múinteoir Aisling

Post on 05-Jan-2016

106 views 13 download

description

Sicín Licín Múinteoir Aisling. Seo Sicín Licín. Lá amháin bhí sé amuigh sa ghairdín nuair a thit dearcán ar a cheann. “Ó, A Dhia, tá an spéir ag titim ” arsa Sicín Licín. “ Tá mé ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó”. - PowerPoint PPT Presentation

Transcript of Sicín Licín Múinteoir Aisling

Sicín LicínMúinteoir Aisling

Seo Sicín Licín. Lá amháin bhí sé amuigh sa ghairdín nuair a thit dearcán ar a cheann.“Ó, A Dhia, tá an spéir ag titim” arsa Sicín Licín. “Tá mé ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó”

Ar an bhealach bhuail sé le Ciara Cearc. “Cluc cluc cluc, cá bhfuil tú ag dul, Cá bhfuil tú ag dul?”“Tá mé ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó”“Cluc, cluc, cluc, rachaidh mé leat” arsa Ciara Cearc.

Ar an bhealach bhuail Sicín Licín agus Catriona Cearc le Colm Coileach. “Coc a dúdal dú, cá bhfuil sibh ag dul? Cá bhfuil sibh ag dul?”“Tá an spéir ag titim. Táimid ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó”“Coc a dúdal dú, rachaidh mé libh” arsa Colm Coileach.

Ar an bhealach bhuail Sicín Licín, Catriona Cearc agus Colm Coileach le Brian Bardal.“Vac, vac, cá bhfuil sibh ag dul, cá bhfuil sibh ag dul”“Tá an spéir ag titim, táimid ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó.”“Vac vac, rachaidh mé libh” arsa Brian Bardal.

Ar an bhealach bhuail Sicín Licín, Catriona Cearc, Colm Coileach agus Brian Bardal le Liam Lacha“Vac, vac, cá bhfuil sibh ag dul, cá bhfuil sibh ag dul”“Tá an spéir ag titim, táimid ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó.”“Vac vac, rachaidh mé libh” arsa Liam lacha.

Ar an bhealach, bhuail Sicin Licín, Catriona Cearc, Colm Coileach, Brian Bardal agus Liam Lacha le Gráinne Gé.“Siosan, siosan, cá bhfuil sibh ag dul?”“Tá an spéir ag titim. Táimid ag dul go dtí an rí chun an scéal a insint dó.”“Siosan siosan. Rachaidh mé libh.” arsa Grainne Gé.

Ar an bhealach bhuail Sicín Licín, Catríona Cearc, Colm Coileach, Brian Bardal, Liam Lacha agus Gráinne Gé le Turcaí Lurcaí.

“Gogal, gogal, cá bhfuil sibh ag dul, cá bhfuil sibh ag dul?”“Tá an spéir ag titim. Táimid ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó.”Gogal,gogal. Rachaidh mé libh,” arsa Turcaí Lurcaí.

Ar an bhealach, bhuail Sicín Licín,Colm Coilleach, Brian Bardal,Liam Lacha,Gráinne Gé agus Turcai Lurcaí le Sean an Sionnach glic.“Cá bhfuil sibh ag dul?”“Tá an spéir ag titim. Táimid ag dul go dtí an Rí chun an scéal a insint dó.”“Tá a fhios agamsa cá bhfuil an Rí. Leanaigíi mé.”

Ach chuaigh sé go dtí a phluais, áit a raibh a chlann ag fanacht agus ocras orthu.

D’ith siad Sicín Licín, Catríona Cearc, Colm Coileach, Brian Bardal, Liam Lacha, Gráinne Gé agus Turcaí Lurcaí.

An Deireadh

Gaelscoil Phadraig Naofa