Tuarascáil Bhliantúil 2009 Annual Report Final...Tuarascáil Bhliantúil 2 Tá lúcháir orm mo...

84
Tuarascáil Bhliantúil 2009

Transcript of Tuarascáil Bhliantúil 2009 Annual Report Final...Tuarascáil Bhliantúil 2 Tá lúcháir orm mo...

Tuarascáil Bhliantúil 2009

Ráiteas Misin Oifig na nOibreacha Poiblí

Seirbhísí do chustaiméirí ar ardchaighdeán

maidir le maoin, bainistíocht riosca tuile, soláthar

ginearálta agus oidhreacht a sheachadadh, mar

thaca le beartais an Rialtais, sa tslí is inbhuanaithe,

is éifeachtúla, is eacnamúla agus is indéanta.

Cenncheathrú an OOP, Baile Átha Troim – Íomhá an Tulchlúdaigh

2009

1

Clár an Ábhair

Ráiteas Misin ç

Réamhrá ón Aire 2

Réamhrá ón gCathaoirleach 3

Coiste Comhairleach Bainistíochta 5

Athbhreithniú Straitéiseach 7

Bainistíocht Maoine 23

Seirbhísí Cothabhála Maoine 26

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal 32

Seirbhísí Ailtireachta 37

Seirbhísí Innealtóireachta 45

An tSeirbhís Náisiúnta Soláthair 53

Seirbhísí Oidhreachta 58

Seirbhísí Corparáideacha 64

Athbhreithniú Airgeadais 2009 72

Dámhachtainí 78

Oifigí agus Láithreáin Oidhreachta an OOP 80

Tuarascáil Bhliantúil

2

Tá lúcháir orm mo dhara Thuarascáil Bhliantúil a chur i láthair ó ceapadh mé, i mí na Bealtaine 2008, mar Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais, le freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí.

Ba bhliain shuntasach í an bhliain 2009 don Oifig mar osclaíodh ár gCeanncheathrú nua le haghaidh gnó i mBaile Átha Troim, Contae na Mí, mar chuid de chlár díláraithe an Rialtais. Taistealaím chuig m’oifig nua i mBaile Átha Troim chomh minic agus a cheadaíonn mo ghnó ag an Dáil é agus táim an-tógtha leis na háiseanna. Guím gach rath ar bhaill foirne an OOP, idir iad siúd atá ann le fada agus iad siúd atá nua anseo, san fhoirgneamh suntasach nua nua-aimseartha seo.

Bhí dúshláin fós roimh an oifig i 2009 mar gheall ar an gcor chun donais ar imthosca eacnamaíocha na tíre. Laghdaíodh leithdháileadh airgeadais an OOP arís ach táim sásta a rá gur lean an oifig de bheith ag cur seirbhíse ar ardchaighdeán ar fáil ar fud gach ceann dár nAonaid Ghnó.

Bhí tuile throm sa tír i mí na Samhna i mbliana agus rinneadh an dochar is mó do cheantair i gCorcaigh, i nGaillimh agus i lár na tíre. Tá an OOP ag leanúint ar aghaidh lena chlár um chosaint tuilte i mbailte amhail Cluain Meala, Mala agus an Inis. Tá réimse na bainistíochta riosca tuilte fós ina phríomhthosaíocht don oifig seo agus tá sé spreagúil a chloisteáil go bhfuil tionchar dearfach tairbheach ag na scéimeanna atá á dtógáil i roinnt de na bailte a ndearnadh an dochar is mó dóibh mar gheall ar thoiliú. Ina theannta sin, cuireadh tús le measúnú agus staidéar bainistíochta ar riosca tuilte don Laoi i gCorcaigh agus, i 2009, thosaigh an OOP clár nua maoinithe le haghaidh mionoibreacha agus staidéir thuilte.

Tá áthas orm go bhfuil formhór de láithreáin cháiliúla oidhreachta agus áiseanna cuairteoirí an OOP fós ar oscailt don phobal le linn 2009, in ainneoin na srianta airgeadais. Beidh turasóireacht ina cuid ríthábhachtach d’fhilleadh na tíre ar ais chuig cobhsaíocht airgeadais agus leanann láithreáin faoi bhainistíocht an OOP de bheith ag tairiscint luach iontach ar airgead do chuairteoirí, ón tír seo agus ó thar lear.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Seán Benton, a chuaigh ar scor mar Chathaoirleach ar Oifig na nOibreacha Poiblí i mbliana agus guím gach rath air ina ghairm amach anseo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Clare McGrath faoi theacht ina dhiaidh agus, sa tslí sin, faoina bheith ina céad Bhanchathaoirleach ar an OOP ina stair 178 bliain. Guím gach dea-ghuí do gach ball foirne eile a chuaigh ar scor ó dhualgas i mbliana.

D’fhreastail mé ar chuid mhór taispeántas agus seoltaí i rith na bliana agus thug mé cuairt ar láithreáin agus thionscadal an OOP ar fud na tíre. Bím an-tógtha go leanúnach le caighdeán na hoibre agus leis an ríméad a bhíonn ar bhaill foirne maidir lena ndualgais a chomhlíonadh. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil libh go léir as bhur ndúthracht agus as bhur dtiomantas don oifig agus guím rath leanúnach oraibh sa todhchaí.

An Dr Martin Mansergh, T.D. An tAire Stáit

Eanáir 2010

Réamhrá ón Aire

2009

3

Tá lúcháir orm Tuarascáil Bhliantúil 2009 a chur faoi bhráid an Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais le freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí, an Dr Martin Mansergh T.D.

Is é seo mo chéad Tuarascáil Bhliantúil ó ceapadh mé mar Chathaoirleach ar Oifig na nOibreacha Poiblí i mí Mheán Fómhair i mbliana. Is onóir agus pribhléid dom a bheith mar Chathaoirleach ar an OOP agus táim ag tnúth leis na dúshláin agus leis na deiseanna atá amach romhainn. Ba mhaith liom an meas atá agam ar mo réamhtheachtaí, Seán Benton, a léiriú agus guím gach rath air agus é ar scor.

Tá athrú nach beag á dhéanamh san OOP faoi láthair. Tar éis dó níos mó ná 175 bliain a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath, osclaíodh ár gceanncheathrú nua le haghaidh gnó i mBaile Átha Troim, Contae na Mí i mbliana. Tá ceanncheathrú nua an OOP ar cheann de roinnt oifigí nua atá á n-oscailt ar fud na tíre mar chuid de phróiseas díláraithe an Rialtais. Lean an próiseas díláraithe de bheith ina chomhpháirt mhór den obair a rinneadh i rith na bliana.

Rinne tuile samhraidh agus geimhridh an-dochar don tír thar an dá bhliain seo a chuaigh thart, agus rinne an OOP, gníomhaireacht cheannasach an stáit um bainistíocht riosca tuilte, dul chun cinn suntasach ar roinnt scéimeanna faoisimh thuilte. Ina theannta sin, sheol an tAire Stáit tionscnamh maoinithe nua um Mionoibreacha Tuilte. D’oibrigh rannán na hoifige um Bainistíocht Riosca Tuilte go dlúth leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i rith na bliana agus d’fhoilsigh sé Treoirlínte um Chóras Pleanála Reachtúla agus um Bainistíocht Riosca Tuilte. Níl aon amhras orm go mbeidh na treoirlínte seo ina dtairbhe mhór d’Údaráis Áitiúla agus do bhaill an phobail i gcoitinne araon.

Le linn na bliana, cruthaíodh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair san oifig. Agus dualgas uirthi coigilteas a dhéanamh ar fud speictream an tsoláthair phoiblí, bunóidh an tSeirbhís an luach foriomlán atá ar gach soláthar ag Ranna agus ag Gníomhaireachtaí, féachfaidh sí le laghduithe céatadáin ó chonarthaí reatha, áiritheoidh sí an cleachtas is fearr agus buailfidh sí le gach páirtí leasmhar agus féachfaidh sí le huascheannach isteach a fháil ó na hearnálacha ábhartha ar fad.

Ba cheart go mbeadh an OOP bródúil as an tseirbhís ar ardchaighdeán a sholáthraíonn sé dá chliaint ar fud gach ceann dár nAonaid Ghnó. Níl aon duine againn faoi aon seachmaill gur suntasach a bheidh na dúshláin atá romhainn faoi láthair agus a leanfaidh de bheith romhainn sna blianta atá le teacht ach, le tiomantas agus díograis leanúnach ár mball foirne, tá mé cinnte go leanfaimid de bheith ag éabhlóidiú go rathúil mar eagraíocht agus de bheith ag coimeád an chlú atá orainn maidir le sármhaitheas i seachadadh seirbhísí.

Clare McGrath Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí

Eanáir 2010

Réamhrá ón gCathaoirleach

Tuarascáil Bhliantúil

An Blascaod Mór

2009

5

Clare McGrath Cathaoirleach

John McMahon John Sydenham Coimisinéir Coimisinéir

Pat Cooney Tony Smyth Vincent Campbell Stiúrthóir na Seirbhísí Stiúrthóir na Seirbhísí Stiúrthóir na Seirbhíse Ailtireachta agus Ailtire Stáit Innealtóireachta Náisiúnta Soláthair

Coiste Comhairleach Bainistíochta

Tuarascáil Bhliantúil

Cuntaois Southampton ag Sir Anthony Van Dyck ó Bhailiúchán Ealaíne an Stáit

2009

7

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

1. Cláir Oibre Bhliantúla a dhearadh agus a sheachadadh a théann le beartais agus le tosaíochtaí an Rialtais agus a fhreagraíonn do riachtanais Chustaiméirí ar bhealach tráthúil, inbhuanaithe agus a chuireann luach ar airgead ar fáil.

Na Spriocanna Oibre aitheanta sna Cláir Oibre Bhliantúla a bhaint amach.

Spriocanna buiséid/luacha ar airgead a aithníodh i Ráitis Aschuir Bhliantúla a bhaint amach.

Bhí an Coiste Comhairleach Bainistíochta sásta go ginearálta gur seachadadh an Clár Oibre aontaithe do 2009 ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil de réir spriocanna leagtha amach ag tús na bliana.

Ba é ollchaiteachas ó vóta an OOP I 2009 ná níos mó ná €478m. Is é sin caitheachas de níos no ná 99% den leithdháileadh Vóta. Imfhálaíodh maoiniú caipitil de €20.279m le tabhairt ar aghaidh mar Ghéilleadh Iarchurtha do Vóta an OOP do 2010.

Sáraíodh an sprioc le haghaidh ioncaim i 2009 ag 16% – agus b’ionann Leithreasaí i gCabhair agus níos mó ná €31.447m.

Chomh maith le Vóta an OOP, bhí caiteachas a tabhaíodh ar thionscadail ar son Ranna Rialtais eile ar bhonn gníomhaireachta i rith na bliana níos mó ná €116m.

2. Freastal go rathúil ar riachtanais chlár Díláraithe an Rialtais i ndáil le maoine agus le cóiríocht.

Cuireadh an tAire, an Rialtas agus an Grúpa um Chur i bhFeidhm an Díláraithe (DIG) ar an eolas faoi shaincheisteanna ábhartha a bhain le hoibríochtaí OOP a rachadh i bhfeidhm ar an gclár díláraithe.

Fuarthas maoine de réir mar a cinneadh i gcomhairle leis an DIG agus le Príomh-Aonad Díláraithe (CDU) na Roinne Airgeadais.

Soláthraíodh cóiríocht de réir mar a cinneadh i gcomhairle leis an DIG, an CDU agus Ranna agus Gníomhaireachtaí is cliaint.

Oifigí Eatramhacha/Réamhoifigí curtha ar fáil de réir mar a aontaíodh i gcomhairle leis an DIG, an CDU agus Ranna agus Gníomhaireachtaí is cliaint.

Seachadadh an Clár Díláraithe de réir na spriocanna a bhí leagtha síos ag an nGrúpa Feidhmithe um Dhílárú. Cuireadh tuarascálacha rialta ar fáil don bhainisteoireacht ar fheidhmiú an chláir.

Ba é an caiteachas ar an soláthar cóiríochta don Chlár Díláraithe €46.093m. Áiríodh leis seo láithreáin inarbh ionann feistiú an áitribh léasaithe agus an réiteach is fearr. Tá 25 léas i bhfeidhm faoi láthair don Chlár Díláraithe.

Athbhreithniú Straitéiseach

Tuarascáil Bhliantúil

8

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

2. (ar lean) Críochnaíodh obair ar na foirgnimh seo a leanas agus áitíodh iad:

An Roinn Coimirce Sóisialaí i mBun ■

CrannchaAn Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus ■

Bia agus BIM i gCloich na CoillteOifig na nOibreacha Poiblí, Baile Átha Troim ■

Críochnaíodh léasanna agus áitíodh foirgnimh mar seo a leanas:

An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht ■

Sláinte, CorcaighAn Roinn Talmhaíochta, Iascaigh & Bia, ■

Port LaoiseAn tÚdarás Comhionannais, Ros Cré, ■

Co. Thiobraid ÁrannAn Roinn Gnóthaí Eachtracha, Luimneach ■

An Roinn Fiontar, Trádála & Nuálaíochta ■

(spás stórála), Ceatharlach

Críochnaíodh feistithe do na nithe seo a leanas:Oifig an Chigire Príosún, An tAonach, ■

Co. Thiobraid ÁrannAn Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ■

(saoráid stórála), Port Laoise, Co. Laoise

Bhí tógáil á leanúint ar na nithe seo a leanas:An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus ■

Rialtais Áitiúil i Loch GarmanAn Roinn Cosanta ar an Droichead Nua, ■

Co. Chill DaraAn tÚdarás Clárúcháin Maoine, Ros Comáin ■

Iarradh tairiscintí agus roghnaíodh tairgeoir tosaíochta do Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí i mBaile Thiobraid Árann.

Chuir cinneadh an Rialtais i mí na Nollag 2009 na tionscadail seo a leanas siar ar feitheamh athbhreithnithe i 2011:

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais ■

& Gaeltachta, Baile Chathail, Co. Mhaigh EoOifig na nOibreacha Poiblí, Clár Chlainne ■

MhuirisCeanncheathrú na bhFórsaí Cosanta, ■

an Currach, Co. Chill DaraAn Roinn Oideachais agus Scileanna, ■

An Muileann gCearr, Co. na hIarmhíAn Roinn Fiontar, Trádála & Nuálaíochta, ■

CeatharlachAn Roinn Coimirce Sóisialaí, Droichead Átha, ■

Co. Lú

2009

9

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

3. Dílárú an OOP a chur i bhfeidhm go rathúil.

Réamhoifig curtha ar fáil i gClár Chlainne Mhuiris i gcomhréir leis an gcás gnó ceadaithe.

Réamhoifig curtha ar fáil i mBaile Átha Troim i gcomhréir leis an gcás gnó ceadaithe.

Ceanncheathrú bogtha go Baile Átha Troim de réir mar a cinneadh i gcomhairle leis an DIG agus an CDU.

Oifig Réigiúnach bunaithe i gClár Chlainne Mhuiris de réir mar a cinneadh i gcomhairle leis an nGrúpa um Chur i bhFeidhm an Díláraithe (DIG) agus le Príomh-Aonad Díláraithe (CDU) na Roinne Airgeadais.

Rinneadh tuairiscí rialta don Bhainistíocht i rith 2009 ar dhul chun cinn agus ar shaincheisteanna eagraíochtúla a bhaineann le Dílárú.

Faoi dheireadh na bliana, sannadh 228 duine ó áiteanna na Lárshaoráide Iarratas (CAF) do Bhaile Átha Troim agus chuaigh 186 díobh siúd i gceann dualgais in Oifig na nOibreacha Poiblí.

Críochnaíodh obair ar fhoirgneamh Cheanncheathrú Oifig na nOibreacha Poiblí faoin tríú ráithe de 2009. Aistríodh baill foirne chuig an bhfoirgneamh ar bhonn céimnithe ó 30 Meán Fómhair 2009 amach. B’ionann an chéad ghrúpa de bhaill foirne a bhog isteach agus iad siúd a bhí lonnaithe sa réamhoifig i mBaile an Scorlógaigh, Baile Átha Troim. Faoi dheireadh 2009, bhí foirgneamh na Ceanncheathrún áitithe ag 214 ball foirne ó Sheirbhísí Pearsanra & Forbartha, ó Sheirbhísí Bainistíochta Maoine, ó Sheirbhísí Cothabhála Maoine, ó Sheirbhísí Bainistíochta Tionscadal, ó Sheirbhísí Ailtireachta, ó Sheirbhísí Luachála, ón tSeirbhís Náisiúnta Soláthair, ó Sheirbhísí Innealtóireachta, ón Aonad Sláinte & Sábháilteachta, ón Aonad um Dhílárú, ó Oifig an Aire agus ó Oifig an Chathaoirligh.

Bunaíodh Réamhoifig i gClár Chlainne Mhuiris ina bhfuil 31 ball foirne a dhéileálann le Foilseacháin Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais (GSR), Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal agus Seirbhísí do Chuairteoirí. Tá an oifig ag feidhmiú i bPáirc Gnó Cois Locha ó mhí Mheán Fómhair 2007.

Cuireadh siar na bogthaí go Clár Chlainne Mhuiris agus go Ceann Toirc i gcomhréir le cinneadh an Rialtais i mí Dheireadh Fómhair 2008 ar obair bhreise ar fheidhmiú roinnt gnéithe den chlár díláraithe a chur siar ar feitheamh athbhreithnithe i 2011.

Tuarascáil Bhliantúil

10

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

4. Comhairle a chur ar an Rialtas i ndáil le forbairt beartais agus ceanglais reachtaíochta a bhaineann le bainistíocht riosca tuilte, agus cláir agus bearta a fhorbairt, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm chun laghdú ar leibhéal náisiúnta an riosca tuilte do dhaoine, do ghnóthais, don bhonneagar agus don timpeallacht.

An leibhéal náisiúnta de riosca tuilte a aithint.

Tá an Chéad Chéim den Réamh-Mheasúnú Náisiúnta ar Riosca Tuilte críochnaithe agus tá mionchoigeartuithe ar siúl chun an Measúnú a thabhairt chun críche agus chun comhairliúchán le páirtithe leasmhara a thosú i lár-2010.

Chuir an teagmhas tuilte i mí na Samhna 2009 isteach ar chuid mhór den tír – an t-iarthar agus an t-iardheisceart go háirithe.

Slógadh foirne réigiúnacha agus hidriméadracha an OOP chun tacú le hiarrachtaí éigeandála na nÚdarás Áitiúil. Bhailigh siad faisnéis mhionsonraithe agus sonraí tuilte freisin chun tionchar a imirt ar dearadh na mbeart maolaithe amach anseo.

Leantar ar aghaidh le héilimh ar oibreacha faoisimh thuilte chun tionchair theagmhais den chineál céanna a mhaolú sa todhchaí, agus beidh tionchar acu ar an gclár oibre i 2010.

Cláir agus bearta mionchruinne a fhorbairt chun an riosca do dhaoine, do ghnóthais, don bhonneagar agus don timpeallacht a laghdú.

Agus staidéir phíolótacha CFRAM ag teacht chun críche, tá soláthar na seirbhísí chun tabhairt faoi Chlár Náisiúnta CFRAM tosaithe.

Faoi Chlár Nuashonraithe na Staidéar Tuilte (FSU) críochnaíodh seacht staidéar taighde le linn 2009 agus, faoi dheireadh na bliana, críochnaíodh go substaintiúil gach ceann de na conarthaí taighde a bhí ag teastáil do Chlár an FSU. Bhí fócas an Chláir i 2009 ar an bpleanáil agus ar an tsonraíocht a bhí ag teastáil d’fhoilsiú agus scaipeadh aschur an FSU.

2009

11

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

Straitéis a fhorbairt do chur i bhfeidhm Threoir an AE i ndáil le measúnú agus bainistíocht rioscaí tuilte.

Cuireadh i bhfeidhm struchtúir bhainistíochta d’fheidhmiú na Treorach Tuilte.

Críochnaíodh go substaintiúil Dréacht-Phlean Bainistíochta Riosca Tuilte (CFRMP) don Laoi le linn 2009 agus tá sé le cur ar fáil do chomhairliúchán poiblí ag tús 2010.

4. (ar lean) Treoir Tuilte an AE a thrasuí go reachtaíocht náisiúnta.

Críochnaíodh trasuí na Treorach Tuilte i mí na Samhna 2009 agus cuireadh faoi bhráid na Roinne Airgeadais í le haghaidh faofa.

Cláir oibre agus tionscadail bhainistíochta riosca tuilte a chur i bhfeidhm (bearta faoiseamh tuilte struchtúracha agus neamhstruchtúracha).

Críochnaíodh tuairisc neamhspleách i 2008, ar bhonneagar an Stáit um shonraí hidriméadracha, rud a chuimsigh moltaí ar fheabhsuithe. Bhí an fócas i 2009 ar chaidreamh oibre a neartú agus a dhéanamh foirmeálta leis na príomhpháirtithe leasmhara a bhaineann le bailiú sonraí ar thuile in Éirinn.

I 2008, chomhoibrigh an OOP agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar fhoirmliú na ndoiciméad Treorach agus Prótacail i réimse na bainistíochta éigeandála tuilte. D’fhan na doiciméid seo i gcéim an chomhairliúcháin ar láithreán gréasáin na Bainistíochta Móréigeandála don bhliain 2009 ar fad.

Tionóladh cruinnithe le Foras na Mara chun na bearta, a bhaineann le réimse na Bainistíochta Riosca Tuilte, a bhí ag teastáil chun Líonra Náisiúnta Taoidemhéadair na hÉireann a fhorbairt.

Treoir a fhorbairt faoi conas riosca tuilte a bhreithniú i bpleanáil agus i mbainistíocht forbartha.

Foilsíodh Treoirlínte deiridh faoin gCóras Pleanála agus faoi Bhainistíocht Riosca Tuilte i mí na Samhna 2009.

Coinníodh láithreán gréasáin na Mapála Guaise Tuilte i rith 2009 agus nuashonraíodh é le faisnéis ar thuilte a tharla le linn na tréimhse.

Critéir agus próisis a fhorbairt chun caiteachas a chur in ord tosaíochta agus chun sruthchúrsaí a mbaineann riosca ard tuilte leo a ainmniú.

Forbraíodh agus tástáladh próiseas agus critéir le haghaidh beartú tosaíochta trí staidéir phíolótacha CFRAM. Tá staidéir phíolótacha CFRAM á ndéanamh chun spriocdháta an AE de 2016 a chomhlíonadh.

Cuireadh Mionchlár Maolaithe Tuilte i bhfeidhm, rud a thug deis d’Údaráis Áitiúla cur isteach ar mhaoiniú le haghaidh oibreacha nó staidéir mhaolaithe miontuilte, faoi réir critéir incháilitheachta a shásamh.

Tuarascáil Bhliantúil

12

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

4. (ar lean) Cothabháil leanúnach scéimeanna draenála agus faoiseamh tuilte atá ann.

Críochnaíodh go substaintiúil na hoibreacha cláraithe um Dhraenáil Artaireach do 2009. Tugadh faoi roinnt oibreacha neamhchláraithe ar iarratas.

Rinneadh dul chun cinn go críochnú substaintiúil ar na scéimeanna móra Faoisimh Thuilte seo a leanas:

Mala Thuaidh (ag soláthar do chosaint tuilte ■

100 bliain do thart ar 160 maoin);Cluain Meala Thiar (ag soláthar do chosaint ■

tuilte 100 bliain do thart ar 550 maoin);Inis Uachtarach (ag soláthar cosanta do ■

thart ar 550 maoin); agusAn Dothra (ag soláthar cosaint tuilte ■

taoide 200 bliain do thart ar 350 maoin agus cosaint tuilte taoide 100 bliain do 100 maoin eile)

Cuireadh tús le hobair thógála ar scéimeanna móra faoisimh thuilte ag Mainistir Fhear Maí Thuaidh agus Baile Uí Mhornáin, Co. Lú.

Cuireadh tús le próisis tairisceana do scéimeanna móra Faoisimh Thuilte ag Mala Theas agus Thiar.

Críochnaíodh Taispeántais Phoiblí do na scéimeanna móra Faoisimh Thuilte don Teampall Mór agus d’Inis Córthaidh.

Críochnaíodh dearadh mionsonraithe ar scéimeanna móra Faoisimh Thuilte do Chluain Meala Thuaidh & Thoir agus d’Inis Íochtarach.

Cuireadh tús le dearadh mionsonraithe ar an scéim mhór Faoisimh Thuilte do Mhainistir Fhear Maí Theas.

2009

13

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

5. Punann maoine an OOP a bhainistiú go héifeachtúil, ag cinntiú go mbaintear an leas is mó is féidir as agus go n-úsáidtear go héifeachtach é i dtéarmaí luach ar airgead, inbhuanaitheachta, spáis agus tomhaltas fuinnimh.

Lean an OOP de bheith ag déanamh bainistiú ar a phunann maoine, agus aird á tabhairt ar a cumas agus ar luach ar airgead a sholáthar, agus é ag cuimsiú phrionsabail na hinbhuanaitheachta i dtéarmaí spáis agus tomhaltas fuinnimh.

Clár bonneagair an Rialtais ag dul chun cinn de réir an NDP.

Críochnaíodh obair ar na tionscadail seo a leanas:

Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh ar Shráid ■

Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath 1An Roinn Coimirce Sóisialaí, Bun Cranncha, ■

Co. Dhún na nGallOifig Phromhaidh & Leasa, Baile Bhlainséir, ■

Baile Átha Cliath 15An Roinn Oideachais, Sligeach ■

Oifigí Tréidliachta Ceantair, Droim Seanbhó, ■

Co. LiatromaAn Foras Spóirt, Baile an Aba, Co. Bhaile Átha ■

Cliath

Leanadh ar aghaidh nó cuireadh tús le hobair ar na tionscadail seo a leanas:

Teach Ratra, Páirc an Fhionnuisce ■

An Roinn Iompair, Lána Líosain, ■

Baile Áth Cliath 2Forbairt ag an Údarás Clárúcháin Maoine, ■

Sráid na hEaglaise, Baile Átha Cliath 7 – Imscrúdú Seandálaíochta.

Críochnaíodh líon mór de mhionoibreacha i 2009, lena n-áirítear:

Naíolann na Státseirbhíse, Cathair Chorcaí ■

An OOP, Mala ■

Na Coimisinéirí Ioncaim, Sráid Uí Chonaill, ■

Baile Átha Cliath 1Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh, Béal an ■

Mhuirthead, Co. Mhaigh EoOifig Aicmithe Scannán na hÉireann, ■

Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7Péinteáil ag Tithe an Rialtais, Sráid ■

Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2Athsholáthar dín ag Oifig Áitiúil Leasa ■

Shóisialaigh, CorcaighOibreacha Dín ag an mBord um Chúnamh ■

Dlíthiúil, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí

Tuarascáil Bhliantúil

14

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

5. (ar lean) An clár um rochtain uilíoch ag dul chun cinn de réir an NDP.

Leanadh de bheith ag comhtháthú oibreacha uasghrádaithe inrochtaineachta le tionscadail athchóirithe le linn 2009. Rinneadh Obair Rochtana Uilíche ag na háiteanna seo a leanas:

Teach Laighean ■

Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, ■

Baile Átha Cliath 8Ionad Cuairteoirí, Achaidh Chéide, ■

Co. Mhaigh EoSeomraí Tae, Cúirt Ioma, Co. Laoise ■

Teach Péitseog, Áras an Uachtaráin ■

Teach Mhichíl Mhic Dháibhéid, Caisleán ■

an Bharraigh, Co. Mhaigh EoTeach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath 1 ■

An Roinn Iompair, Lána Líosain, ■

Baile Átha Cliath 2

Lean an OOP de bheith ag déanamh iniúchtaí inrochtaineachta ar roinnt foirgnimh phoiblí agus thug sé comhairle do chliaint ar chúrsaí inrochtaineachta.

Fuarthas Láithreáin Nua i bhFionnghlas, Baile Átha Cliath 11 agus i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Ionchur an OOP i bhfochlár an Gharda Síochána ag dul chun cinn de réir an NDP.

Críochnaíodh tógáil na Stáisiún seo a leanas:Stáisiún na nGardaí, Fionnghlas, ■

Baile Átha Cliath 11Stáisiún na nGardaí, Bun Cranncha, ■

Co. Dhún na nGallStáisiún na nGardaí, Baile an Mhóta. ■

Co. Shligigh

Cuireadh cóiríocht shealadach ar fáil agus leanadh ar aghaidh le pleanáil do chóiríocht bhuan do Stáisiún na nGardaí, an Bhlarna, Corcaigh. Bhí athchóiriú á dhéanamh ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce, Ceanncheathrú Rannáin i gCill Chainnigh, Stáisiún na nGardaí, Loch Garman, Stáisiún na nGardaí, Sráid Anraí, Luimneach agus Stáisiún na nGardaí, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Rinneadh tionscadail tosaíochta mhionoibreacha agus obair chothabhála ar bhonn clár comhaontaithe ar fud na tíre, lena n-áirítear Baile Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, Creachmhaoil, Co. na Gaillimhe, Dealbhna, Co. na hIarmhí agus Stáisiún na nGardaí, Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin (athsholáthar dín).

2009

15

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

5. (ar lean) Ionchur an OOP san fhochlár Cultúir agus Oidhreachta ag dul chun cinn de réir an NDP.

Rinneadh oibreacha ilghnéitheacha feabhsúcháin i rith 2009 ag na nithe seo a leanas:

An Dánlann Náisiúnta ■

Músaem Stair an Dúlra ■

Raon Uí Thornóir de Thithe Péitseog, ■

Áras an UachtaráinAn Ceoláras Náisiúnta ■

Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann ■

An Chartlann Náisiúnta ■

Áirítear na nithe seo a leanas le hobair a rinneadh faoi scéimeanna deontais:

Sabhána Afracach, Zú Bhaile Átha Cliath ■

Reilig Ghlas Naíon. ■

Cuireadh clár leanúnach um Maoine Náisiúnta Stairiúla a fhorbairt agus a fheabhsú i bhfeidhm.

Cuireadh tús le tógáil ar Phailliún na hÉireann ag Expo 2010 i Shanghaí, an tSín. Rinneadh dul chun cinn ar obair dearaidh don Phailliún le linn na bliana freisin.

6. Punann maoine Oidhreachta an Stáit a bhainistiú ar bhealach a chaomhnaíonn agus a chosnaíonn na maoine sin, ach a uasmhéadaíonn agus a fheabhsaíonn rochtain an phobail orthu, ag cur na láithreán i láthair ar an mbealach is fearr is féidir agus ag cinntiú go bhfeabhsaítear aoibhneas na gcuairteoirí agus eispéiris oideachais.

Seirbhísí treorach a chur ar fáil ag 70 láithreán ar fud na tíre.

Cuireadh seirbhísí treorach ar fáil ag Láithreáin Sheirbhísí do Chuairteoirí an OOP ar bhealach a pleanáladh go straitéiseach le linn 2009. Chun éifeacht a thabhairt d’éifeachtúlachtaí i gcaiteachas, b’ionann líon na láithreán inar cuireadh seirbhísí treorach ar fáil i 2009 agus 64 láithreán. B’ionann líon iomlán na gcuairteoirí do láithreáin Mhaoine Náisiúnta Stairiúla le linn 2009 agus thart ar 3,343,000 cuairteoir. Ní áireofaí leis an bhfigiúr seo cuairteoirí do láithreáin nach gcomhairtear líon na gcuairteoirí iontu, amhail Páirc an Fhionnuisce gus Faiche Stiabhna.

Bainistíocht a dhéanamh ar an bpróiseas um earcú agus roghnú na foirne a chuirfidh seirbhísí treorach ar fáil.

Rinneadh baill foirne a earcú agus a roghnú chun seirbhísí treorach a chur ar fáil le linn shéasúr turasóireachta 2009. Ceapadh an straitéis um sholáthar na seirbhísí treorach le linn 2009.

An lucht oibre do sheirbhísí treorach a bhainistiú, lena n-áirítear seirbhísí Acmhainní Daonna, sláinte & sábháilteacht, pá etc. a sholáthar.

Bainistíodh lucht oibre na Seirbhíse Treorach go rathúil i 2009.

Tuarascáil Bhliantúil

16

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

6. (ar lean) Fabraic na láithreán a chosaint ó dhearóiliú agus ó dhochar trí chlár leanúnach de chothabháil phleanáilte a bhaineann leas as dea-phrionsabail ailtireachta agus caomhantais a chur i bhfeidhm.

Bhí oibreacha ar siúl agus/nó críochnaithe ag na nithe seo a leanas:

Draenáil Feabhais, Farmleigh, ■

Páirc an FhionnuisceMoilliú Tráchta ar Pháirc an Fhionnuisce ■

Athchóiriú na gcrann solais, Teach Bhaile ■

an Chaisleáin, Cill DaraAthchóiriú an chlóis feirme agus ■

foirgneamh ag Teach Bhaile an ChaisleáinTabhairt isteach an chórais féintreorach ■

ag Caisleán Chill ChainnighNuashonrú limistéar an locháin ag Caisleán ■

Chill ChainnighAthchóiriú Theach na Téice ag Garraithe ■

Náisiúnta na LusAthchóiriú an ghairdín dhaingin ag suíomh ■

Chath na Bóinne.

Raon bileoga faisnéise/ léiritheacha a chur ar fáil ag láithreáin i mBéarla, sa Ghaeilge agus i dteangacha ó ilchríoch na hEorpa agus teangacha an domhain.

Déantar bileoga a nuashonrú ar bhonn céimnithe. De réir mar a bhfuil gá le leabhráin a athfhoilsiú, cuirtear ar fáil sa Ghaeilge iad mura bhfuil siad ar fáil sa teanga sin cheana féin, agus cuirtear ar fáil i dteangacha eile iad nuair is cuí.

Rochtain chomhionann fheabhsaithe ar láithreáin a chur ar fáil nuair is féidir, ag féachaint do dhúchas stairiúil na láithreán.

Dearadh cúrsa oiliúna aon lae dar teideal Oiliúint Comhionannais Mhíchumais Seirbhísí Oidhreachta agus seachadadh í do 25 bainisteoir agus treoraí Laithreáin Oidhreachta.

Tugadh faoi oibreacha chun rochtain a fheabhsú do chách ag láithreáin éagsúla agus tá siad ar siúl ag roinnt láithreán, lena n-áirítear Tithe an Oireachtais.

2009

17

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

7. Luach ar airgead i ndáil le soláthar seirbhísí, oibreacha agus soláthairtí a bharrfheabhsú ar bhealach inbhuanaithe a théann le beartais an Rialtais.

Páirt a ghlacadh sa Ghrúpa um Athbhreithniú a dhéanamh ar Sheirbhísí Soláthair na Seirbhíse Poiblí.

Raon na seirbhísí a sholáthraítear trí mheán soláthair ghlais a leathnú.

An bonn custaiméirí do sholáthar seirbhísí a leathnú.

Próisis soláthair a shruthlíniú agus a chinntiú ag an tráth céanna go gcomhlíontar rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Soláthar a thagarmharcáil i gcoinne dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ghlac an OOP páirt ghníomhach ar an nGrúpa Athbhreithnithe um Sheirbhísí Soláthair Sheirbhísí Poiblí. Le linn 2009, bunaíodh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair (NPS) mar Aonad Gnó laistigh den OOP.

Ó bunaíodh an NPS i 2009, thacaigh sé le Ranna Rialtais maidir le coigealtas de €27 milliún a dhéanamh ar fud na hearnála poiblí. Fabhraíodh an coigealtas seo ar na Ranna a rinne an coigealtas.

Rinne an tSeirbhís taighde ar an gcaiteachas ar sholáthar poiblí i 2008 d’fhonn próifíl caiteachais a chríochnú don tseirbhís phoiblí. Aithníodh margaí ar leith atá oiriúnach do chur chuige atá comhiomlánaithe nó comhoibritheach ar idirghabháil sa mhargadh ag an NPS. Tá tuilleadh anailíse ar an gcaiteachas i 2009 á déanamh faoi láthair.

Ghlac an NPS le roinnt d’fheidhmeanna an NPPPU sa Roinn Airgeadais, go háirithe maidir le ríomhSholáthar. Bhí sé i dteagmháil leis an margadh agus ghlac sé le comórtas nua chun saoráid fheabhsaithe leictreonach um bainistíocht tairisceana a thabhairt chun críche.

Lean an NPS de bheith ag seachadadh na seirbhísí a sheachaid Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais roimhe sin.

Tá an tSeirbhís an-pháirteach in athbhreithniú ar dhoiciméadú comórtais agus ar choinníollacha ginearálta conartha, le tacaíocht ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (CSSO) agus ó Oifig an Ard-Aighne, chun sruthlíniú a dhéanamh ar gach doiciméid tairisceana, chomórtais agus chonartha a úsáidtear ar fud na gcodanna éagsúla den earnáil phoiblí. Scaip an tAonad eolas ón CSSO do phríomhoifigigh cheannaigh maidir leis an Treoir nua um Réitigh.

Bhí an NPS i dteagmháil le roinnt eagraíochtaí seirbhíse poiblí maidir le treoir agus tacaíocht a thabhairt i gcúrsaí a bhaineann le soláthar. Bhí sé i dteagmháil freisin le líonraí soláthair earnála agus bhunaigh siad iad nuair ba ghá.

Tuarascáil Bhliantúil

18

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

7. (ar lean) Na cineálacha nua Conarthaí Praghais Sheasta a leabú do mhórthionscadail déanta ag an OOP.

Forbraíodh dréacht-straitéis uileghabhálach agus coinníodh creidiúnú ISO don NPS.

Bhí an NPS i dteagmháil le roinnt eagraíochtaí seirbhíse poiblí maidir le treoir agus tacaíocht a thabhairt ar réimse leathan cúrsaí a bhaineann le soláthar. Bhí sé i dteagmháil freisin le grúpaí ionadaithe soláthróirí agus le grúpaí leasmhara.

Rinneadh athbhreithniú ar nósanna imeachta an ISO do na seirbhísí tógála agus na seirbhísí gaolmhara proifisiúnta ar fad le go gcloífí iad go hiomlán leis na forálacha atá sa Chreat Bainistíochta um Oibreacha Caipitil (CWMF). Déantar athbhreithniú ar na nósanna imeachta seo go leanúnach chun a chinntiú go gcomhlíonann siad an CWMF, de réir mar a nuashonraítear é.

8. Tacú le seachadadh éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe chlár oibre an OOP trí TFC agus Bainistíocht Sonraí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm atá ailínithe le spriocanna agus cuspóirí oibríochtúla agus straitéiseacha an OOP.

Straitéis Bainistíochta Sonraí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le spriocanna leagtha amach sa Straitéis sin.

Straitéis a chur i bhfeidhm chun tacú le bunspriocanna inghnóthaithe an OOP i gcomhthéacs an Rialtais Leictreonaigh.

Athchóiriú láithreáin ghréasáin uile an OOP a chríochnú.

Lean an OOP de bheith ag úsáid TFC chun tacú le gnó laethúil na hoifige, chun faisnéis a sholáthar do chustaiméirí, do chliaint agus don phobal, chun sonraí a bhainistiú, chun tuairiscí airgeadais a thabhairt agus chun tionscnaimh ríomhRialtais a chur i bhfeidhm le haidhm éifeachtacht agus éifeachtúlacht níos mó a bhaint amach ar fud na hoifige iomláine.

I 2009, bhí príomhfhócas an Aonaid TF ar dhearadh, thástáil agus úsáid an bhonneagair chun dílárú an OOP a éascú chuig a cheanncheathrú nua i mBaile Átha Troim. Cheadaigh foirgneamh na ceanncheathrún nua, atá gan landairí go hiomlán, úsáid na dteicneolaíochtaí amhail líonraí gan sreang, físchomhdháil agus Teileafónaíocht IP. Mar chuid den tionscadal, athdhearadh ailtireacht TFC an OOP go hiomlán le tabhairt isteach na Líonraí Limistéir Stórais agus le fíorúlú na bhfreastalaithe. Sholáthródh an teaglaim de na teicneolaíochtaí sin creat le haghaidh foirm oibre atá níos solúbtha, áit ina mbeidh an teicneolaíocht ag baill foirne an OOP chun a gcuid oibre a dhéanamh go cianda. Faoi dheireadh, cruthóidh an ailtireacht nua TFC an bunús le haghaidh saoráid aisghabhála tubaiste.

Cheadaigh cruthú an naisc ghuthaithe IP idir Baile Átha Cliath agus an cheanncheathrú i mBaile Átha Troim agus Oifigí áitiúla eile don OOP leas a bhaint as glaonna teileafóin saor in aisce idir láithreáin agus ba cheart, faoi dheireadh, go laghdódh sé seo costais fhoriomlána teileafónaíochta.

Úsáideadh réiteach bainistithe priontála sa cheanncheathrú i mBaile Átha Troim chun líon na bprintéirí a laghdú ar an talamh agus chun tuairisciú mionsonraithe ar úsáid a chur ar fáil don bhainisteoireacht.

2009

19

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

8. (ar lean) Ghlac an NPS le roinnt d’fheidhmeanna na Roinne Airgeadais, go háirithe maidir le bainistiú an láithreáin ghréasáin ar ríomhSholáthar, ríomhThairiscintí. Bhí sé i dteagmháil leis an margadh le linn 2009 trí thús a chur le comórtas chun saoráid fheabhsaithe leictreonach nua um bainistíocht tairisceana a thabhairt chun críche.Bhí tionscadal mór ar siúl le linn 2009 chun caighdeán agus éifeacht Phríomhláithreán Gréasáin an OOP agus roinnt láithreáin eile as a bhfuil an OOP freagrach (lena n-áirítear heritageireland.ie agus flooding.ie etc.) a fheabhsú. Mar chuid den tionscadal seo, tá socruithe bainistíochta i bhfeidhm anois chun córais láidre a áirithiú le haghaidh ábharthacht, cruinneas agus tráthúlacht ábhar a fhíorú. Leanann an tAonad Caidrimh Phoiblí de bheith freagrach as ábhar a bhainistiú ar gach láithreán gréasáin Oidhreachta an OOP, agus bainistíonn na rannáin ábhartha láithreáin ghréasáin eile. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an ngá atá le foireann gréasáin a thabhairt isteach laistigh den OOP chun cur chuige atá níos comhordaithe agus níos straitéisí a sholáthar do gach láithreán gréasáin an OOP.

9. Cumarsáid le daoine laistigh den OOP, ionchur ó na daoine sin agus forbairt na ndaoine sin a uasmhéadú tríd an Straitéis Acmhainní Daonna a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus tríd an múnla Comhpháirtíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Straitéis Bainistíochta Acmhainní Daonna 2007 go 2008 a chur i bhfeidhm.

Straitéis Bainistíochta Acmhainní Daonna 2009-2011 a fhorbairt.

Cláir Oibre Bhliantúla don Choiste Comhpháirtíochta a Aontú agus a Chur i bhfeidhm.

Athbhreithniú a dhéanamh ar bhallraíocht na gCoistí Comhpháirtíochta.

Oibríochtaí an Choiste Comhpháirtíochta agus a Choistí Réigiúnacha a leathnú.

Tar éis an athbhreithnithe ar an gCóras um Bainistíocht agus Fhorbairt Feidhmíochta (PMDS) san OOP i 2008, tugadh córas feabhsaithe PMDS isteach. Ba é ceann de phríomhthorthaí an athbhreithnithe gur tugadh foirmeacha athbhreithnithe níos so-úsáidte Próifíle Róil agus Athbhreithnithe an PMDS isteach. Féadfaidh baill foirne aonair roghnú a dhéanamh idir na seanfhoirmeacha nó na foirmeacha athbhreithnithe a úsáid. Fuarthas ainmniúcháin do Ghrúpa Oibre an PMDS a athdhéanamh. Is é cuspóir an Ghrúpa Oibre oibriú chóras an PMDS a chur ar chomhréim leis na riachtanais agus na héilimh atá roimh an OOP. Is é aidhm an ghrúpa na roghanna atá ag an mbainistíocht le haghaidh ghnéithe forbartha na mball foirne de chóras an PMDS a fheabhsú.Leantar de bheith ag baint úsáid as córas Peoplesoft an OOP chun cuidiú le pleanáil agus bainistíocht Acmhainní Daonna. Bhí gabháil shuntasach sonraí ag teastáil chun an córas a bhunú. Leantar ar aghaidh leis an gcleachtadh seo ar ghabháil sonraí i 2009.Lean na Struchtúir Chomhpháirtíochta de bheith an-ghníomhach. Tháinig Coiste Comhpháirtíochta an OOP le chéile ocht n-uaire chun gnéithe den Chlár Oibre Bliantúil, rud a comhaontaíodh ag an gcéad chruinniú den bhliain, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú. Tháinig na Grúpaí Oibre éagsúla um Chomhpháirtíocht agus Coiste Comhpháirtíochta Réigiúnach an Deiscirt le chéile freisin chun coinneáil leis na gnéithe siúd den Chlár Oibre Bliantúil a raibh ábhartha lena gcuid réimsí leasa.

Tuarascáil Bhliantúil

20

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

9. (ar lean) Tiomsaíodh Cairt d’Fhorbairt na Comhpháirtíochta san OOP tar éis comhairliúchán fairsing agus ionchuir ó Choistí Comhpháirtíochta agus ó Ghrúpaí Oibre. Leagtar amach sa Chairt na Cuspóirí, na Struchtúir/Caidrimh agus na modhanna Cumarsáide le haghaidh Comhpháirtíochtaí san OOP a chothú agus a leathnú. Clúdaítear sa Chairt réimsí eile freisin, amhail Ballraíocht, leagan amach an Chláir Oibre agus Cláir Oibre um Chomhpháirtíocht. Dearadh Clár um Oiliúint do Chomhpháirtíocht do bhaill na gCoistí Lárnacha agus Réigiúnacha agus na nGrúpaí Oibre. Ceapadh Oiliúnóir/Éascaitheoir chun cuidiú le sraith scileanna na ballraíochta a fhorbairt d’fhonn rannpháirtíocht chothrom a spreagadh i ndul chun cinn na gcuspóirí Comhpháirtíochta.

Tugadh córas leictreonach Taistil & Cothaithe isteach do gach ball foirne an OOP le linn 2008. Feabhsaíodh an córas seo tuilleadh le linn 2009 trí aistriú leictreonach cistí, rud trína ndéantar íocaíochtaí do bhaill foirne go díreach isteach ina gcuntais bhainc.

Tar éis Grúpa Oibre Comhpháirtíochta um Chlogáil Leictreonach agus Tinreamh Ama a bhunú ag deireadh 2008, cuireadh córas nua ama agus tinrimh i bhfeidhm do bhaill foirne i gceanncheathrú an OOP a bhí ar an gcóras fleisc-ama cheana féin. Ligeann an córas do bhaill foirne a dtinreamh a thaifeadadh ar líne agus éascaíonn sé déabhlóid na ngníomhaíochtaí amhail ceadú saoire ag bainisteoirí líne i gcomhréir leis an Straitéis Acmhainní Daonna. Cumasaíonn an córas don Oifig a léiriú go gcomhlíonann sí téarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997 freisin. Leathnófar an córas chuig baill foirne in oifigí an OOP i mBaile Átha Cliath le linn 2010.

Leanadh de bheith ag cur tionscnamh um Sheirbhís do Chustaiméirí ar ardchaighdeán i bhfeidhm san oifig. Cuireadh tús le réamhobair, tríd an gCoiste Comhpháirtíochta, ar ullmhú na Cairte Custaiméirí agus an Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Sheirbhís do Chustaiméirí.

Tar éis comhaontaithe ag Comhpháirtíocht, cuireadh scéim scagthástála sláinte ar fáil do gach ball foirne. Bhain níos mó ná 1,200 ball foirne ar fud an OOP leas as an scagthástáil.

I gcomhréir le cuspóirí inbhuanaitheachta an OOP, cuireadh an Scéim Rothaigh chun na hOibre chun cinn, rud a thug an Roinn Airgeadais isteach sa Bhuiséad do 2009. Ghlac an OOP páirt i Seachtain Soghluaiseachta na hEorpa (EMW), rud a bhí ar siúl ó 16 go 22 Meán Fómhair 2009. Comhaontaíodh ar roinnt tionscadal do EMW ag Comhpháirtíocht agus cuireadh chun cinn iad ar fud an OOP.

2009

21

Príomhchuspóir Táscaire Feidhmíochta Dul Chun Cinn i 2009 Nóta Tráchta

10. Struchtúr corparáideach níos fearr a fhorbairt a chinnteoidh lánpháirtiú agus cumarsáid níos fearr, agus a chuirfidh feabhas ar sheachadadh seirbhíse dá bharr.

An múnla seachadta a úsáidtear don Roinn Dlí agus Cirt agus dá Gníomhaireachtaí a leathnú, a shíneadh agus a fhorbairt chun freagairtí lánpháirtithe maoine/tionscadail a chur ar fáil do chomhlachtaí eile is cliaint.

Déanann Foireann tras-Aonad Gnó ar a bhfuil Seirbhísí Ailtireachta, Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal agus Seirbhísí Bainistíochta Maoine dul chun cinn ar Chlár Díláraithe an Rialtais a mhaoirsiú.

Go hiarbhír, athraíodh go múnla tras-srutha i gcás roinnt tionscadail tógála shuntasacha. Glactar cur chuige coláisteach idir gráid theicniúla agus riaracháin agus tionóltar cruinnithe tras-srutha go rialta chun cinntí a dhéanamh faoi shaincheisteanna teicniúla agus riaracháin araon.

Cuimsíonn seachadadh an bheartais tuile gné shuntasach de thras-sruthú, mar glacann baill foirne riaracháin agus ghairmiúla/theicniúla róil cheannasaíochta éagsúla i leith tionscadail éagsúla de réir mar is cuí agus de réir mar a aontaítear.

Lean Seirbhísí Ailtireachta ar aghaidh le próiseas an athstruchtúraithe ar cuireadh tús leis ag deireadh 2008. Bhí an próiseas seo ag coinne leis na hathruithe a bhí ag teastáil de bharr Díláraithe, leis an gcuspóir go gcuirfí in oiriúint é do dhéshuíomh gearrthéarmach go meántéarmach chun seachadadh seirbhíse optamach a bhaint amach.

11. Prionsabail na forbartha inbhuanaithe a lánpháirtiú go hiomlán le seirbhísí dearaidh, tógála agus soláthair agus le gníomhaíochtaí laethúla an OOP.

Foilsiú Straitéis Inbhuanaitheachta an OOP.

Laghdú ar thomhaltas fuinnimh agus ar astuithe gás ceaptha teasa ar fud an OOP, go hinmheánach agus ar thionscadail do chliaint.

Giniúint dramhaíola a laghdú agus a sheachaint trí mhachnamh a dhéanamh ar bhonn saolré agus trí fheabhas a chur ar athúsáid agus ar athchúrsáil go hinmheánach agus ar thionscadail do chliaint.

Táirgí a sholáthar ar bhealach inbhuanaithe.

Laghdú ar rioscaí do shláinte agus don timpeallacht ó ghníomhaíochtaí an OOP.

Tá tuiscint mhaith ag foireann an OOP ar inbhuanaitheacht, ar thosaíochtaí inbhuanaitheachta an OOP agus ar an nasc idir na nithe sin agus an bealach a oibríonn siad.

Foilsíodh Straitéis Inbhuanaitheachta an OOP ar an Inlíon le linn 2009.

Áiríodh gníomhaíochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht le Pleananna Gnó na nAonad Gnó laistigh den OOP.

Déantar athbhreithniú agus athmheas leanúnach ar shonraíocht aschuir an OOP d’fhoirgnimh inbhuanaithe ísealfhuinnimh.

Thug an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair, mar chuid de ghnáthnós imeachta oibriúcháin, athbhreithniú ar bheartas comhshaoil/inbhuanaitheachta an Rialtais isteach do gach margadh ina bhfeidhmíonn sé, roimh idirghabháil margaidh.

Tacóidh na creataí náisiúnta um leictreachas agus ghás nádúrtha le cuspóirí beartais an Rialtais. Comhlíonfaidh siad na spriocanna náisiúnta idirnáisiúnta do ghiniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite agus d’astuithe laghdaithe carbóin.

Déanfaidh na creataí náisiúnta um Sheirbhísí Bainistithe Priontála éascú ar laghdú a dhéanamh ar líon na bprintéirí agus na gcóipirí atá ag teastáil, rud a mbeidh ina chúis le húsáid laghdaithe fuinnimh.

Bronnfar an conradh do Chabhlach na nGardaí ar bhonn costas lánsaoil, rud a thabharfaidh buntáiste iomaíoch d’fheithiclí atá breosla-éifeachtúil.

Is éard atá sa chreat náisiúnta um sholáthairtí stáiseanóireachta agus oifige raon cuimsitheach de tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus de tháirgí athchúrsáilte.

Tuarascáil Bhliantúil

Coimpléasc na gCúirteanna Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath

2009

23

Athbhreithniú ar an Margadh 2009Timpeallacht Fhoriomlán an Mhargaidh Chíosa Oifigí i mBaile Átha CliathSa bhliain 2009, bhí meath leanúnach ar an margadh foriomlán cíosa oifigí i mBaile Átha Cliath. Críochnaíodh thart ar 110,000 méadar cearnach de spás nua, i gcomparáid le 200,000 méadar cearnach i 2008. Sheas ráta folúntais ag 22% faoi mhí na Nollag 2009, méadú de 6% ar ráta na bliana roimhe sin.

Lean leibhéil chíosa de bheith ag titim, le cíosanna príomhlár na cathrach san ord de €380-€400 in aghaidh an mhéadair chearnaigh, agus leibhéil a bhí i bhfad níos ísle do stoc tánaisteach nó do láithreacha sna bruachbhailte. Chomh maith leis na cíosanna níos ísle, bhí líon suntasach de mhealltaí, amhail tréimhsí saor ó chíos agus ranníocaíocht tiarna talún do chostais feistithe, ar fáil do thionóntaí.

Athbhreithnithe ar ChíosLean an OOP de bheith ag déanamh bainistiú ar an gclár um athbhreithniú cíosa dá chuid maoine ar léas. Aontaíodh ar roinnt méaduithe beaga d’athbhreithnithe ó 2008, ach níor aontaíodh ar mhéadú d’aon athbhreithniú a bhí dlite i 2009.

Léasanna Nua 2009

Dáta Tosaithe

Dáta Éaga

Contae Suíomh Ainm an Léasa Glan-Achar ar

Ligean Méadar

Cearnach

Cíos in aghaidh na

Bliana

Áititheoir

1-Ean- 2009

31-Noll-2010

Ceatharlach Ceatharlach Stóras CRO, Ceatharlach 0 €50,000.00 Oifig um Chlárú Cuideachtaí

1-Ean-2009 31-Noll-2013

Baile Átha Cliath

Baile Átha Cliath 07

Lighthouse Cinema IFCO 640 €72,600.00 IFCO

8-Ean-2009

7-Ean-2034

Baile Átha Cliath

Baile Átha Cliath 07

Oifig Aicmithe Scannán, Margadh na Feirme

640 €255,955.00 Oifig an Aicmitheora Scannán

16-Ean-2009

15-Noll-2018

Muineachán Muineachán Coimisinéirí Ioncaim Mhuineacháin, MTEK

1041.38 €181,830.00 Coimisinéirí Ioncaim

19-Ean-2009

23-Samh-2010

Dún na nGall An Bun Beag Stáisiún na nGardaí, Sealadach, an Bun Beag

0 €6,673.68 An Garda Síochána

1-Feabh- 2009

31-Ean-2013

An Clár Sionainn Campas Gnó na Páirce Thiar, NERA

208 €32,480.00 NERA

19-Feabh- 2009

18-Mar-2029

Corcaigh Corcaigh Oifig Díláraithe an HIQA, Corcaigh

1690.8 €370,420.00 HIQA

SIÚL SIAR AR OIBRÍOCHTAÍ 2009Bainistíocht Maoine

Tuarascáil Bhliantúil

24

Dáta Tosaithe

Dáta Éaga

Contae Suíomh Ainm an Léasa Glan-Achar ar

Ligean Méadar

Cearnach

Cíos in aghaidh na

Bliana

Áititheoir

14-Mar-2009

13-Mar-2029

Laois Port Laoise Talmhaíocht Phort Laoise, Cúirt Gandon

436.68 €70,500.00 Talmhaíocht

30-Aib-2009

14-Aib-2014

Gaillimh Gaillimh Oifig an Gharda Síochána, an Baile Bán

46 €6,500.00 An Garda Síochána

22-Beal-2009

21-Beal-2029

Laois Port Laoise Port Laoise, U257 Cúirt Gandon

423.66 €76,050.00 Talmhaíocht

18-Meith- 2009

17-Meith- 2014

Baile Átha Cliath

Sord Oifig an DSFA, Sealadach, Sord

89.57 €30,000.00 DSFA

1-Iúil-2009 1-Iúil-2029

Laois Port Laoise Port Laoise, U257 Cúirt Gandon

401.89 €67,245.00 Talmhaíocht

10-Lún-2009

9-Lún-3008

Tiobraid Árann

Cluain Meala Seirbhísí Innealtóireachta an OOP, Cluain Meala

0 €1.00 OOP

1-Mf-2009 27-Lún-2010

Loch Garman

Loch Garman

Oifig Díláraithe 2, Sealadach, Loch Garman

603.88 €33,33 6.00 DEHLG

1-Mf-2009 31-Lún-2013

Baile Átha Cliath

Aerfort Bhaile Átha Cliath

Piara D, Aerfort Bhaile Átha Cliath, CSO

30.8 €14,340.00 C.S.O.

28-Mf-2009

27-Mf-2019

Gaillimh Leitir Móir Stáisiún na nGardaí Leitir Móir, Sealadach

0 €13,000.00 An Garda Síochána

1-Df-2009 1-Noll-2011

Baile Átha Cliath

Baile Átha Cliath 02

Carrchlós, Coimisinéirí Ioncaim, Radharc an Chaisleáin

0 €105,000.00 Coimisinéirí Ioncaim

15-Df-2009 14-Df-2014

Loch Garman

Loch Garman

Ionad Tástála Tiomána, an Cillín, Loch Garman

175.59 €30,000.00 An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

23-Df-2009 16-Mf-2010

An Cabhán An Cabhán Oifig DSFA, Sealadach, an Cabhán

762 €60,000.00 DSFA

11-Samh-2009

10-Samh-2019

Luimneach Luimneach Teach an Inbhir, an Garda Síochána, Luimneach

0 €197,000.00 An Garda Síochána

11-Samh-2009

10-Samh-2019

Luimneach Luimneach Carrchlós, Sráid Anraoi 98, Luimneach

0 €13,000.00 An Garda Síochána

2009

25

Géilleadh Léasanna 2009

Dáta Géillte Ainm an Léasa Contae Suíomh Cíos Bliantúil Cineál Léasa

19-Ean-2009 Carrchlós 2, an Bóthar Beag Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €156,000.00 Carrchlós

30-Ean-2009 Carrchlós 2, an Bóthar Beag Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €20,247.93 Carrchlós

31-Ean-2009 Stáisiún na nGardaí, Léim an Bhradáin

Cill Dara Léim an Bhradáin €25,000.00 Léas ón Tiarna Talún

1-Feabh-2009 Urlár 1, Teach Mhic Reachtain Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €184,900.00 Léas ón Tiarna Talún

1-Feabh-2009 Urlár 2, Teach Mhic Reachtain Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €190,000.00 Léas ón Tiarna Talún

1-Feabh-2009 Urlár 4, Teach Mhic Reachtain Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €190,000.00 Léas ón Tiarna Talún

1-Feabh-2009 Bunurlár, Teach Mhic Reachtain Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €145,800.00 Léas ón Tiarna Talún

12-Beal-2009 An Mhainistir, Trá Lí 2 Ciarraí Trá Lí €34,500.00 Léas ón Tiarna Talún

25-Beal-2009 Faiche Stiabhna, Ardoileán 2 Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €1,400,000.00 Léas ón Tiarna Talún

31-Beal-2009 GS Dún Mánmhaí, Sealadach Corcaigh Dún Mánmhaí €11,884.60 Léas Gearrthéarmach

31-Beal-2009 An Meal Theas, Corcaigh 52 Corcaigh Corcaigh €20,200.00 Léas ón Tiarna Talún

31-Df-2009 Trádstóras Unidare 2 Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 11 €15,299.80 Léas ón Tiarna Talún

19-Noll-2009 Sráid Lúcáis 21-21c Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath 02 €19,426.99 Carrchlós

Ceannach Maoine 2009

Contae Suíomh Ainm na Maoine Praghas Ceannacháin

Corcaigh Dún Mánmhaí Stáisiún na nGardaí, Dún Mánmhaí €99,000.00

Baile Átha Cliath 11 Fionnghlas Stáisiún na nGardaí, Fionnghlas €718,000.00

Tiobraid Árann Cluain Meala Páirc Gnó Ard Gaoithe €946,744.00

Cill Dara Droichead Nua Ceanncheathrú Cosanta Díláraithe, Droichead Nua €5,500,000.00

Diúscairtí 2009

Contae Maoin Praghas Díola Dáta Diúscartha

Gaillimh RAX Baile Liam, Bóthar Ghleann na Madadh, Baile Liam, Co. na Gaillimhe €1,142.76 30 Meitheamh 2009

Lú Béal na Bóinne, Teachín Uimh. 3 €10,622.55 23 Aibreán 2009

Loch Garman Ceapach thalún, Oifigí an Rialtais, Sráid Áine, Loch Garman €15,004.24 30 Aibreán 2009

Baile Átha Cliath Teach Ghort Lisín, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath 6 €45,004.38 3 Nollaig 2009

Tiobraid Árann Iardhún Míleata Fhiodh Ard – cuid €60,000.56 22 Aibreán 2009

Tuarascáil Bhliantúil

26

Is éard atá in Aonad Gnó na Seirbhísí Cothabhála ná Maoine Riarachán Cothabhála Maoine, ocht n-oifig Réigiúnacha agus seacht n-oifig Cheantair ar fud na tíre, Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh (BMS), an Rannóg Troscán, an Rannóg Dóiteáin agus Slándála, an tAonad Sláinte agus Sábháilteachta agus an tAonad Bainistíochta Aispeiste.

Freagraíonn an tAonad d’iarratais ó na Ranna Rialtais agus ó na Gníomhaireachtaí Stáit uile a bhaineann le cothabháil maoine faoi úinéireacht an stáit agus léasaithe ag an Stát. Lena chois sin, déanann Seirbhísí Cothabhála Maoine mionoibreacha caipitil don Gharda Síochána, agus feistiú oifigí, uasghrádú & athchóirithe. Maoinítear oibreacha cothabhála agus mionoibreacha caipitil trí Vóta an OOP nó maoiníonn an Roinn Rialtais nó an ghníomhaireacht Stáit atá ábhartha iad ar bhonn réamh-mhaoinithe.

B’ionann tréchur iomlán na n-oibreacha i 2009 agus thart ar ■ €85m.

Oibreacha cothabhála Téarma Tomhaiste Bhaile Átha Cliath agus Oifigí Réigiúnacha ■ €6,300,000.00

Seirbhís Cothabhála Foirgneamh ■ €16,000,000.00

Mionoibreacha Caipitil, lena n-áirítear oibreacha slándála ■ €15,700,000.00

Cothabháil Ghinearálta Cuntas Cliant (‘Q’ a/c) ■ €7,700,000.00

Obair ghníomhaireachta a rinne an OOP do Ranna (SWAnna) ■ €15,000,000.00

Aispeist & Athchóiriú ■ €10,000,000.00

An tAonad Sláinte & Sábháilteachta ■ €300,000.00

An Brainse Troscán ■ €14,000,000.00

Mionoibreacha CaipitilDéantar Mionoibreacha Caipitil do réimse leathan cliant. B’ionann an Garda Síochána agus an cliant is mó i 2009, agus déantar obair ar stáisiúin na nGardaí ar bhonn na dtosaíochtaí a leagann Tithíocht an Gharda Síochána síos. Áirítear leo na nithe seo a leanas:

Stáisiún na nGardaí, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin – Céim 2: Athchóiriú Cillíní; ■

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Cearnóg Fhearchair, An Rannóg Mapála – Feistiú Cóiríochta Oifige do Rannóg ■

Mapála an Gharda Síochána;

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Bloc J – Feistiú agus Suiteáil an Chórais Lárnaigh Mhonatóireachta; ■

Stáisiún na nGardaí, Gránard, Co. Longfoirt – Tógáil Sínidh, Athchóiriú na Cóiríochta Oifigiúla go Cóiríocht Oifige ■

agus Athchóiriú an Stáisiúin reatha;

Stáisiún na nGardaí, Garrán na mBráthar, Co. Chorcaí – Tógáil Sínidh agus Oibreacha Athchóirithe; ■

Stáisiún na nGardaí, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí – Tógáil Sínidh Trí Stór; ■

Stáisiún na nGardaí, An Barr Dubh – Athchóiriú; ■

Stáisiún na nGardaí, An Fearann Fuar – Athdhíonadóireacht; ■

Stáisiún na nGardaí, Creachmhaoil – Athchóiriú agus síneadh; ■

Seirbhísí Cothabhála Maoine

2009

27

Stáisiún na nGardaí, Baile Átha Cliath – athchóiriú; ■

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce – Soláthar Tí Gheata agus Tí Gharda nua; ■

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce – Soláthar Foirgnimh nua Bhalaistíochta; ■

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce – Athchóiriú Sheomra an Bhanna. ■

I measc na mionoibreacha caipitil eile a críochnaíodh i 2009 tá:

Feistiú do Chigire na bPríosún, an tAonach; ■

Feistiú don Roinn Coimirce Sóisialaí, Béal an Átha; ■

Athchóiriú an Tí Bháin, Cé an Chladaigh,Gaillimh, d’Oifig Réigiúnach Iarthair an OOP; ■

Athdhíonadóireacht ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, Béal an Mhuirthead; ■

Teach Cúirte na Gaillimhe – Suiteáil Rochtana Slándála; ■

Soláthar cóiríochta nua oifige ag Ionad Cathartha Bhaile Átha Fhirdhia; ■

Athchóiriú Theach Geata Dhroichead na hInse agus Athchóiriú an Lóiste Níocháin, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath; ■

Athchóiriú agus deisiú dhíon Theach Bhaile an Aba; ■

Feistiú don Roinn Oideachais & Eolaíochta ag Cúirt an Gharráin, Baile Bhlainséir; ■

Naíolann ag Machain, Corcaigh – Soláthar áiteanna tírdhreachtaithe súgartha. ■

CothabháilLimistéar Bhaile Átha Cliath – Déantar obair chothabhála imoibritheach don chuid is mó de chóiríocht oifige agus d’fhoirgnimh eile neamhstairiúla i mBaile Átha Cliath faoi Chonradh Téarma Tomhaiste Cothabhála.

Bhí 3370 post logáilte trí Dheasc Chabhrach an OOP i 2009, agus b’ionann 499 post díobh siúd agus glaonna amach éigeandála 4 uaire ag luach billeáilte de €296K gan CBL a áireamh agus meánchostas de €600 gan CBL a áireamh; b’ionann 1060 post agus glaonna amach 24 uair ag luach billeáilte de €314K gan CBL a áireamh agus meánchostas de €296 gan CBL a áireamh, agus b’ionann 1225 post agus glaonna amach 7 lá ag luach billeáilte de €505K gan CBL a áireamh agus meánchostas de €412 gan CBL a áireamh. Is éard a bhí i gceist leis na glaonna imoibritheacha is minice leithris bhactha; glais bhriste; deisiúcháin bheaga ar dhoirse agus ar fhuinneoga, athsholáthar gloinithe agus ligin dín.

Lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath – déanann na hoifigí Réigiúnacha agus ceantair freastal ar chóiríocht ar fud na tíre. Sa chomhthéacs seo, is ionann Conradh Téarma Tomhaiste agus socrú trína dtugann conraitheoir faoi shraith orduithe oibreacha, thar thréimhse blianta, laistigh de limistéar geografach sainithe agus ina ndéanfar tomhas agus luacháil agus an obair ina dhiaidh sin ag rátaí atá i Sceideal Rátaí réamhphraghsáilte. Oibríodh an Conradh Téarma Tomhaiste do sholáthar na seirbhísí cothabhála maoine i réigiún ar fad Bhaile Átha Cliath i 2009.

Athchuireadh an conradh chun tairisceana i 2010 agus tá sé beartaithe conarthaí eile comhchosúla tarraingthe anuas a thabhairt isteach sna réigiúin nuair a bheidh conarthaí Bhaile Átha Cliath socraithe, agus is ionann limistéar Chorcaí agus an dara suíomh féideartha.

Tuarascáil Bhliantúil

28

An tAonad Sláinte agus SábháilteachtaSoláthraíonn an tAonad Sláinte agus Sábháilteachta seirbhísí tacaíochta don Choiste Comhairleach agus Bainistíochta Sábháilteachta (SMAC). Comhordaíonn an tAonad feidhmiú na straitéisí atá comhaontaoithe ag an SMAC. Cuidíonn sé freisin le Bainisteoirí Sábháilteachta, mar a iarrtar, i bhforbairt na gCóras Bainistíochta Sábháilteachta. Tá an t-aonad páirteach i bhforbairt agus seachadadh na gclár oiliúna Sláinte agus Sábháilteachta. Áirítear le cúrsaí den sórt sin Sábháilteacht Phearsanta i gcomhar le hIontaobhas Suzi Lamplug (an Ríocht Aontaithe), eagraíocht ar a bhfuil cáil dhomhanda maidir leis an ábhar, agus i gcomhar leis an eagraíocht sábháilteachta is mó san Eoraip, an Institiúid um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde (IOSH), clár oiliúna do dhaoine a ghlac leis an ról mar Mhaoirseoir Tionscadal do Chéim na Tógála (PSCS) ar son an OOP. Rannpháirtíocht i gcláir thaighde le hOllscoil na hÉireann Gaillimh maidir le nochtaí Torainn, Creathaidh agus Silice Ceirde. Forbairt an Phlean um Oibreacha Sábháilte Córais (SSWP) i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla agus leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta um Chothabháil Foirgneamh agus Séadchomharthaí. Áirítear le tionscadail leanúnacha suirbhéanna radóin a dhéanamh thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt do gach Stáisiún an Gharda Síochána agus leanúint ar aghaidh leis an gClár Aispeiste thar ceann na Ranna agus na nInstitiúidí Stáit. Ba é ceann de na buaicphointí don bhliain 2009 forbairt an Phlean Éigeandála do Sceilig Mhichíl. Is éard a bhí i gceist leis seo Gardaí Cósta na hÉireann, Cosaint Shibhialta, Ord Mhálta, an Fheidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta, Báid Tarrthála na hÉireann, na Gardaí agus MEDICO i gCorcaigh. Rinne RTÉ scannánú ar an ócáid ar fad, ón gcruinniú faisnéise ar maidin ag gach páirtí leis an gcleachtadh iarbhír, mar chuid de shraith ar Sheirbhís Gardaí Cósta na hÉireann, rud a thaispeánfar níos déanaí sa bhliain ar RTÉ2.

An Clár Bainistíochta Aispeiste 2009Rinneadh roinnt tionscadal a bhaineann le scoileanna, stáisiúin na nGardaí agus foirgnimh eile Rialtais faoin gClár Bainistíochta Aispeiste i 2009.

B’ionann caiteachas faoin gClár agus €8.85 milliún ar suas le 270 tionscadal a chlúdaigh idir chonarthaí bainte aispeiste agus aon chonarthaí athchóirithe is gá. Caitheadh €7.79 milliún ar oibreacha scoile thar ceann na Roinne Oideachais, agus caitheadh an €1.06 milliún eile ar fhoirgnimh eile faoi chúram an Stáit.

Dóbair gur bhain an príomh-Chlár Bainistíochta Suirbhéireachta críochnú amach agus áiríodh líon iomlán de thart ar 6000 foirgneamh leis ó bunaíodh é roinnt blianta ó shin.

An Rannóg TroscánCuireann an Rannóg Troscán seirbhísí soláthair ar fáil do Ranna Rialtais/Seirbhíse Poiblí atá bunaithe ar na prionsabail de luach ar airgead, cáilíocht, oiriúnacht agus comhlíonadh riachtanas reachtúil, lena n-áirítear riachtanais an AE, Sláinte & Sábháilteacht agus saincheisteanna comhshaoil, agus clúdaíonn sé raon leathan troscáin, clúdaigh urláir agus táirgí fearastaithe.

Tá conarthaí tarraingthe anuas ag an Rannóg Troscán do sholáthar troscán oifige agus clúdaigh urláir do Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla.

2009

Tógáil Cheanncheathrú an OOP – Radharc ón gCéad Urlár

Tuarascáil Bhliantúil

30

Chríochnaigh an Rannóg Troscán roinnt tionscadail feistithe i rith 2008, lena n-áirítear na tionscadail seo a leanas:

Oifigí díláraithe agus tionscadail eile mhóra feistithe i mBaile Átha Troim, i mBun Cranncha, i gCloiche na Coillte, I.F.C.O., ■

Oifig Leasa Shóisialaigh, Corcaigh, Fionnghlas agus Luimneach. Stáisiúin na nGardaí i mBaile an Mhóta, i bhFionnghlas, i Léim an Bhradáin, Teach Cúirte Bhaile Bhlainséir, Príosún Chruithneachtáin, an Roinn Talmhaíochta, Trádstóras, Port Laoise.

Cuireadh comhairle theicniúil agus pleanáil spáis ar fáil do Ranna agus Gníomhaireachtaí éagsúla Rialtais trí mheán ■

an OOP.

Leanann an Rannóg Troscán de bheith ag soláthar cathaoireacha agus deasc le haghaidh Scrúduithe Stáit. ■

Leantar ar aghaidh ag bailiú agus ag diúscairt troscán iomarcach ar bhealach nach gcuireann isteach ar an gcomhshaol. ■

Leantar ar aghaidh le ceardlanna Athchóirithe Caomhantais a athchóiríonn troscán do chomhlachtaí éagsúla lena ■

n-áirítear Áras an Uachtaráin, Teach Laighean, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Caisleán Chill Chainnigh.

Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh (BMS)Tá príomhiosta oibríochta Seirbhísí Cothabhála Foirgneamh i mBaile Átha Cliath, agus tá fo-iostaí i gCorcaigh agus i Luimneach.

Fostaíonn BMS thart ar 220 ball foirne go díreach le buiséad bliantúil de €16 milliún. Ar an bhfoireann tá ceardaithe tréitheacha sna príomhdhisciplíní tógála uile, le saineolas ar leith ar phláistéireacht caomhantais agus ar mhaisiú.

Tá BMS freagrach as cothabháil fhabraic na Maoine Stáit Stairiúla i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, ach tá siad freagrach freisin as Teach Bhaile an Chaisleáin agus Caisleán Chill Chainnigh.

Tá athrú ollmhór tagtha ar a ról le blianta beaga anuas agus anois feidhmíonn siad bunaithe ar chláir oibre phleanáilte do na foirgnimh faoina gcúram. Mar gheall ar an athrú béime seo, tá ról réamhghníomhach nua glactha ag BMS maidir le cothabháil na maoine seo a bhainistiú. Cuirtear tacaíocht chriticiúil ar fáil do rannóga eile an OOP freisin i dtéarmaí lóistíochta agus Bainistíochta Ócáidí.

Bhí fócas mór ar Shláinte agus ar Shábháilteacht le tamall anuas agus tá dul chun cinn mór á dhéanamh sa réimse seo mar cuireadh Córas Bainistíochta Sábháilteachta i bhfeidhm a chomhlíonann an caighdeán BS8800.

2009

Coimpléasc na gCúirteanna Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce – Seomra Cúirte

Tuarascáil Bhliantúil

32

Is é príomhchuspóir Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal cóiríocht agus seirbhísí atá tógtha agus atá ar chaighdeán maith a sheachadadh do chliaint Rialtais agus Stáit, rud atá ceaptha ar chaighdeán ard agus atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Rialtais. Oibríonn an rannóg seo i ndlúth-chomhoibriú le Seirbhísí Ailtireachta an OOP chun seirbhís chuimsitheach ghairmiúil a sholáthar dá chliaint iomadúla agus éagsúla.

Tá an réimse tionscadal atá á bhainistiú ag Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal an-leathan ó thaobh méide agus ó thaobh nádúr na dtionscadal. Ar thaobh amháin, áirítear le mórthionscadail shuntasacha ar oibríodh orthu i 2009 foirgneamh nua na gCúirteanna Coiriúla i mBaile Átha Cliath agus, ar an taobh eile, tá an iliomad tionscadal níos lú ar athchóiriú oifigí a rinneadh thar ceann Ranna Rialtais.

Féadtar amharc ar an obair a rinneadh faoi na ceannteidil ghinearálta seo a leanas:

Réimse Dlí agus CirtCríochnaíodh obair ar choimpléasc na bPríomh-Chúirteanna Coiriúla i 2009. Is foirgneamh mór nua suntasach é seo i mBaile Átha Cliath. Rinneadh dul chun cinn ar oibreacha suntasacha eile ar áitribh thithe cúirte agus Sheirbhísí Coiriúla le linn 2009 freisin, go háirithe na tithe cúirte i gCill Chainnigh, i Muineachán agus in Eochaill.

Rinneadh oibreacha móra ar stáisiúin nua na nGardaí a thógáil agus ar stáisiúin reatha na nGardaí a nuashonrú i 2009 mar chuid de chlár leanúnach cuimsitheach chun cóiríocht agus saoráidí ar chaighdeán ard a sheachadadh do na Gardaí.

Críochnaíodh stáisiúin agus saoráidí nua i bhFionnghlas agus i Léim an Bhradáin, agus bhain an dara ceann an gradam don fhoirgneamh poiblí is fearr ag Gradaim bhliantúla Ailtireachta na hÉireann de chuid Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI). Rinneadh dul chun cinn ar obair ar stáisiúin eile nua atá beartaithe ar Shráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath, i mBaile an Chollaigh agus in Oileán Ciarraí freisin.

Le haghaidh tionscadail eile i réimse an Dlí agus Cirt, féach thíos faoi Tionscadail Speisialta.

Réimse na dTionscadal SpeisialtaI measc tionscadail shuntasacha a críochnaíodh i 2009, bhí athfhorbairt agus athfheistiú na bhfoirgneamh i mBaile an Aba chun freastal ar Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spóirt, ar an bhForas Spóirt agus ar Chumann Peile na hÉireann.

Bhí obair ag an Lárionad Náisiúnta Comhdhála, Baile Átha Cliath, ar siúl i rith 2009, agus an tIonad ar sprioc d’oscailt i mí Mheán Fómhair 2010. Chomh maith leis sin, lean Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal an OOP de bheith bainteach go gníomhach i ról comhairleach le hathfhorbairt Bhóthar Lansdúin i rith 2009.

Leanadh ar aghaidh le dul chun cinn i 2009 ar obair ar thionscadail shuntasacha eile, lena n-áirítear athlonnú na Saotharlainne Dlí-Eolaíochta agus athlonnú Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána ó Cheanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce, go Campas Bhacastúin, Co. Chill Dara, mar aon le hathchóiriú Theach na Tríonóide, Lusca, agus soláthar an Ionaid Náisiúnta Choinneála Leanaí i Lusca do Sheirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig. Cuireadh tús le hoibreacha ag Teach na Tríonóide le linn 2009 agus críochnófar iad i 2010, agus faisnéisithe cóiríochta do na tionscadail eile á dtabhairt chun críche.

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal

2009

33

Institiúidí CultúrthaRinneadh oibreacha feabhsúcháin chaipitil i ngach ceann de na príomhinstitiúidí cultúrtha náisiúnta le linn 2009, rudaí a bhí dírithe ar na saoráidí a fheabhsú do chuairteoirí agus do bhaill foirne araon. Bhí oibreacha uasghrádaithe ag Músaem Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, mar ullmhúchán dá athoscailt i 2010. B’ionann athchóiriú agus athfhorbairt an Sciatháin Thoir de Theach Bhaile an Chaisleáin go hionad Ócáide agus Comhdhála móire agus tionscadal suntasach eile a tugadh go céim an chonartha i 2009. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú trí dheontas ó Fháilte Éireann.

Rinneadh dul chun cinn i 2009 ar chlár cuimsitheach um mionoibreacha caipitil i maoine náisiúnta stairiúla amhail Caisleán Chill Chainnigh, Caisleán Ráth Fearnáin, Teach Dhún ar Aill, Teach an tSeandroichid, Garraithe Náisiúnta na Lus agus Naomh Éanna (Iarsmalann an Phiarsaigh).

Pailliún na hÉireann ag an Taispeántas Domhanda 2010, Shanghai, an tSínDhear Seirbhísí Ailtireachta an OOP an pailliún. Rinne Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal, le cúnamh ó bhainisteoirí tionscadal a bhí lonnaithe go háitiúil, maoirsiú ar thógáil an phailliúin, rud ar cuireadh tús léi i 2009. Rinneadh soláthar agus suiteáil an taispeántais laistigh den phailliún i 2009 freisin. Rithfidh an Taispeántas Domhanda ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair 2010.

Tionscadail EileRinneadh oibreacha éagsúla i 2009 chun oifigí do Ranna Rialtais a athchóiriú agus a fheistiú, lena n-áirítear athchóiriú suntasach oifigí na Roinne Iompair i Lána Líosain.

Rinneadh dul chun cinn, freisin, ar phleanáil agus ullmhúchán i 2009 ar roinnt forbairtí agus oibreacha nua suntasacha, amhail uasghrádú shaoráid bhainistíochta ríomhairí agus sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim ar Bhóthar Naomh Eoin, Cill Mhaighneann, Oifig & Ceardlann nua Chothabhála Draenála Réigiún an Iardheiscirt de chuid an OOP ag Droichead na hInse, Lios Tuathail, Co. Chiarraí, agus ionad nua tástála tiomána don Roinn Iompair i nDún Dealgan.

An Clár DíláraitheCríochnaíodh roinnt tionscadal suntasach i 2009, lena n-áirítear oifigí don Roinn Coimirce Sóisialaí i mBun Cranncha, agus don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, don Bhord Iascaigh Mhara agus don Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara i gCloich na Coillte.

Críochnaíodh feistiú fhoirgneamh nua na Ceanncheathrún don OOP i mBaile Átha Troim i mí Iúil agus tá na baill foirne i bhfeidhm ann anois. Rinneadh dul chun cinn, freisin, ar thionscadail mhóra eile a chur ar aghaidh, amhail an Cheanncheathrú nua don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i Loch Garman, don Roinn Cosanta ar an Droichead Nua agus don Údarás Clárúcháin Maoine i mBaile Ros Comáin.

Tuarascáil Bhliantúil

34

Dílárú an OOPDíláraíodh ceanncheathrú an OOP go Baile Átha Troim, Co. na Mí, le linn na ráithe deiridh de 2009. Faoi dheireadh 2009, bhí sí áitithe ag 214 ball foirne ó Sheirbhísí Pearsanra agus Forbartha, ó Sheirbhísí Bainistíochta Maoine, ó Sheirbhísí Cothabhála Maoine, ó Sheirbhísí Bainistíochta Tionscadal, ó Sheirbhísí Ailtireachta, ó Sheirbhísí Luachála, ó Sheirbhísí Náisiúnta Soláthar, ó Sheirbhísí Innealtóireachta, ón Aonad Sláinte & Sábháilteachta, ón Aonad Díláraithe, ó Oifig an Aire agus ó Oifig an Chathaoirligh. Cé gur díláraíodh réamhoifig, áit ina bhfuil 30 ball foirne ó Sheirbhísí do Chuairteoirí, ó Oifig Foilseacháin an Rialtais agus Sheirbhísí Bainistíochta Tionscadal, go Clár Chlainne Mhuiris, cuireadh an dá ghné eile den chlár díláraithe, i gClár Chlainne Mhuiris agus i gCeann Toirc, siar ar feitheamh athbhreithnithe ag an Rialtas i 2011.

Oifigí NuaCríochnaíodh saoráid nua i lár 2009 don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Foraoiseachta ag Ceanncheathrú Tréidliachta Ceantair Dhroim Seanbhó, Co. Liatroma. Tá sé seo ina fhoirgneamh suntasach a chuirfidh réimse leathan seirbhísí a bhaineann le Talmhaíocht ar fáil don phobal sa réigiún. Dearadh agus tógadh an foirgneamh ar chaighdeán an-ard, le húsáid fhairsing as cloch agus adhmad nádúrtha agus le cur chuige láidir i leith inbhuanaitheachta. Moladh go hard é do Ghradaim Ailtireachta & Thógála an OPUS do 2009.

Críochnaíodh forbairt mhór uirbeach i nDún na nGall go déanach i 2009 le soláthar Stáisiún nua na nGardaí agus Oifigí nua na Roinne Coimirce Sóisialaí i mBun Cranncha, Co. Dhún na nGall. Is éard atá in oifigí an RCS Oifig Áitiúil nua agus Oifig Díláraithe nua do thart ar 150 ball foirne, cé gurb ionann Stáisiún na nGardaí agus Ceanncheathrú Cheantair don réigiún máguaird. Soláthraíonn comhlonnú na n-oifigí seo ar an láithreán céanna le saoráid an Gharda Síochána fócas d’fhorbairt mhór uirbeach a sheachadfaidh réimse seirbhísí Rialtais i mBun Cranncha.

Clár an Gharda SíochánaChríochnaigh agus rinne Aonad Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal an OOP i gClár Chlainne Mhuiris dul chun cinn go gníomhach ar roinnt tionscadal tosaíochta Chlár Tógála an Gharda Síochána, rudaí a bhí aitheanta ag an nGarda Síochána in iarthar na hÉireann, i rith na bliana:

Críochnaíodh Ceanncheathrú Ceantair nua agus bhí sé áitithe ag an nGarda ag Stáisiún na nGardaí, Baile an Mhóta, Co. Shligigh i mí Dheireadh Fómhair. Tógadh an foirgneamh ar iarshuíomh bácúis sa bhaile, rud a cheannaigh an OOP chun na críche sin, agus cuireadh é in áit iarfhoirgneamh an Stáisiúin i mBaile an Mhóta nach raibh oiriúnach a thuilleadh d’úsáid nua-aimseartha ag na Gardaí.

I mí na Nollag, eisíodh tairiscintí do Cheanncheathrú Ceantair nua ag Stáisiún na nGardaí, Oileán Ciarraí i gCo. Chiarraíl d’fhonn conradh a chur i bhfeidhm, rud a thosódh ar an láthair i 2010. Tá an foirgneamh nua in Oileán Ciarraí deartha chun bheith ina shaoráid nua-aimseartha sa bhaile le haghaidh réimse leathan seirbhísí an Gharda Síochána a sheachadadh, lena n-áirítear Coir, Cór Tráchta etc.

Chomh maith leis sin, ag deireadh na bliana, rinneadh dul chun cinn suntasach ar dhoiciméadú tairisceana do Stáisiún na tuaithe ag Stáisiún na nGardaí, Cloonark, i gCo. Ros Comáin, áit ina bhfuil an foirgneamh reatha stáisiúin atá as úsáid, dearadh bunaidh an OOP ó na 1940í, á nuachóiriú agus á oiriúnú d’fhonn é a chur ar ais in úsáid. Beag beann ar a mhéid bheag, tá sé seo ina thionscadal tosaíochta don Gharda Síochána agus cumasóidh sé dóibh chun láithreacht éifeachtach na nGardaí a sholáthar sa chúlchríoch thuaithe idir na mórcheantair uirbeacha i mBaile Átha Luain agus i Ros Comáin.

2009

35

I measc na dtionscadal eile a bhí san ardchéim forbartha, bhí soláthar na Ceanncheathrún móire nua Rannaí Réigiúnaí i nGaillimh don Gharda Síochána ag láithreán faoi úinéireacht an stáit ar imeall na cathrach i Muirbheach. Cruthóidh sé seo an chéad Cheanncheathrú Réigiúnach Gardaí atá go hiomlán saintógtha de chuid an Stáit taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus ba í an Phríomh-Cheanncheathrú oibríochta, lóistíochta agus riaracháin don Gharda Síochána in Iarthar na hÉireann.

Tionscadal eile a bhí ag an ardchéim forbartha ná scéim mhór oiriúnaithe agus athchóirithe ag Stáisiún na nGardaí, Baile Átha Luain, i gCo. na hIarmhí. Tá sé seo deartha chun an plódú suntasach i Stáisiún reatha na nGardaí a mhaolú trí athnuachan a dhéanamh ar an seanStáisiún agus trí iarfhoirgneamh cóngarach na nOifigí Rialtais a chur in úsáid na nGardaí. Soláthróidh an tionscadal seo teach nua d’Aonad Uisce an Gharda Síochána i gCarraig an Chaisleáin, Baile Átha Luain, ag an am céanna.

I dtéarmaí a fheidhme Bainistíochta Maoine, fuair an OOP dhá mhaoin nua i gContaetha an Iarthair le haghaidh úsáide ag an nGarda Síochána:

Community Garda Office, Ballybane, Galway. ■

Bunbeg Garda Station, emergency accommodation. ■

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Síneadh, Loch Garman.

Tuarascáil Bhliantúil

Dealbh Pháirc Cuimhneacháin an Gharda Síochána, Gairdíní Dhubh Linn, Caisleán Bhaile Átha Cliath

2009

37

RéamhráCuireann an rannóg ailtireachta in Oifig na nOibreacha Poiblí seirbhís ar cháilíocht rí-ard ar fáil trí sheirbhís dearaidh ailtireachta chuimsitheach a sholáthar go hoilte don Rialtas agus do chomhlachtaí poiblí eile. Tá siad tiomanta do sheirbhís den chéad scoth a chur ar fáil dá gcliaint agus don iliomad úsáideoirí poiblí a bhaineann leas as na foirgnimh agus na timpeallachtaí a chruthaíonn siad.

An fheidhm phríomhúil atá ag Seirbhísí Ailtireachta ná a chinntiú go gcuirtear seirbhísí dearaidh, tógála agus tacaíochta ar an gcaighdeán is airde ar fáil dá gcliaint. An tsócmhainn is mó atá acu ná a bhfórsa oibre oilte, dinimiciúil a oibríonn chun feabhas leanúnach a chur ar na dearaí agus ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Trí oibriú go dlúth le Rannóg Innealtóireachta Struchtúr agus Rannóg Mheicniúil agus Leictreach Aonad Gnó na Seirbhísí Innealtóireachta agus leis an Rannóg Suirbhéireachta Cainníochta, féadann Seirbhísí Ailtireachta seirbhís ildisciplíneach inmheánach iomlán a sholáthar dá gcustaiméirí.

Ag croílár phríomhphrionsabail an OOP tá an creideamh go mbíonn tionchar díreach ag an ailtireacht agus ag cáilíocht na timpeallachta ar chaighdeán ár mbeathaí. Lena chois sin, tuigtear go mbíonn an ailtireacht ginte ag riachtanais daoine a bhfreastalaíonn muid orthu.

Tá cáil ar Sheirbhísí Ailtireachta mar gheall ar a gcáilíocht agus a ngairmiúlacht, léirithe ag an iliomad dámhachtainí atá buaite acu. Le blianta beaga anuas, d’fhorbair Seirbhísí Ailtireachta a gcuid eolais agus saineolais sa réimse a bhaineann le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus leanann siad ar aghaidh ag forbairt a smaointeoireachta agus a modheolaíochta chun cáilíocht i ndearadh agus i dtógáil a sheachadadh i ndáil leis na bealaí nua soláthair uile. Tá córas bainistíochta cuimsitheach a bhfuil creidiúnú ISO 9001: 2008 aige forbartha ag an rannóg, agus táirgeann sé cuntais bhliantúla a léiríonn go leanúnach go bhfeidhmíonn Seirbhísí Ailtireachta le barrachas, ina ainneoin go bhfuil sé barúlach.

Ar an 8 Deireadh Fómhair 2009, lainseáil an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an tUasal John Gormley TD, an Beartas Rialtais um Ailtireacht 2009-2015: I dTreo Todhchaí Inbhuanaithe: Cáilíocht a Sheachadadh laistigh den Timpeallacht Thógtha. Faoi Ghníomh 6 den Bheartas, fuair an Príomh-Ailtire san OOP an ról nua mar Ailtire Stáit, agus ról neartaithe lena mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh:

1. Comhairle a thabhairt ar chur i bhfeidhm Gníomhartha Beartais Ailtireachta.

2. Cur le Coiste Conarthaí Tógála an Rialtais (GCCC) maidir le beartais soláthair agus chonarthachta chun tacú le cáilíocht ailtireachta i dtionscadail atá maoinithe ag an Stát.

3. Bheith ina chomhairlí maidir le reachtaíocht agus le rialacháin a théann i bhfeidhm ar chaighdeán in ailtireacht agus sa timpeallacht thógtha.

4. Bheith ina chomhairlí maidir le cáilíocht dearaidh gach cláir bhonneagair.

5. Comhairle a thabhairt do na Ranna ábhartha ar an taithí agus saineolas atá carntha sa tseirbhís phoiblí agus ar chláir a áiritheoidh go mbainfear leas iomlán as cúram na séadchomharthaí, agus as caomhnú, athchóiriú agus athúsáid na bhfoirgneamh stairiúil.

6. Feidhmiú mar phointe tagartha agus comhairle maidir le scaipeadh an eolais agus an tsaineolais.

Seirbhísí Ailtireachta

Tuarascáil Bhliantúil

38

Tabharfar AILTIRE STÁIT agus Príomh-Ailtire Oifig na nOibreacha Poiblí ar an bpríomh-Ailtire as seo amach.

Tá na seirbhísí seo a leanas i measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil dár gcustaiméirí:

Seirbhís iomlán dearaidh agus bainistíochta tógála ■

Cúnamh le Breithmheas Caipitil ar thionscadail ■

Staidéir agus tuairiscí indéantachta do thionscadail ■

Forbairt mionteagasc tosaigh agus mionchruinn ■

Seirbhís dearaidh intí ■

Comhairle faoi thúschostais tógála agus costais saoil ■

Comhairle faoi shaincheisteanna maidir le pleanáil agus rialacháin tógála ■

Comhairle faoi shláinte agus sábháilteacht ■

Comhairle faoi mhodhanna agus nósanna imeachta caomhantais ■

Comhairle faoi rochtain ar an timpeallacht thógtha ■

Comhairle faoi dhearadh uirbeach agus tírdhreachú ■

Comhairle faoi dhearadh intí atá cruinn ó thaobh na staire de ■

Comhairle faoin Scéim um Chéatadán le haghaidh na hEalaíne ■

Tá saineolas forbartha ag an rannóg i ndáil le roinnt réimsí:

Cóiríocht oifige nua-aimseartha ■

Caomhnú agus athchóiriú maoine oidhreachta ■

Foirgnimh phríosúin agus áiteanna coinneála ■

Foirgnimh an Gharda Síochána ■

Tithe Cúirte ■

Saotharlanna ■

Oifigí Leasa Shóisialaigh ■

Stáisiúin an Gharda Cósta ■

Oifigí Poiblí agus Ranna Rialtais ■

Áiseanna do Chuairteoirí ag láithreáin oidhreachta ■

Dearadh Taispeántas ■

Rochtain Uilíoch ■

Dearadh Inbhuanaithe ■

Dearadh Uirbeach ■

2009

39

Athbhreithniú ar Sheirbhísí AiltireachtaI mí an Mhárta 2008, rinne Seirbhísí Ailtireachta athbhreithniú straitéiseach ar fheidhmiú a seirbhísí trí mheán sraith ceardlann éascaithe. An cuspóir leis na ceardlanna ná tograí praiticiúla a fhorbairt chun nósanna imeachta agus struchtúir leasaithe a chur i bhfeidhm roimh dhílárú na príomhoifige chuig Baile Átha Troim, Co. na Mí.

Ba léir go dtarlódh athruithe mar gheall ar athlonnú na Ceanncheathrún, agus mar sin, d’aithin Seirbhísí Ailtireachta gníomhartha a mbeadh gá leo chun leanúnachas a ngníomhaíochtaí lárnacha a chinntiú. Ceann de na príomh-ghníomhartha a aithníodh ná an gá le solúbthacht bhreise maidir le cruthú foirne tionscadail, tacaithe ag córais fheabhsaithe TF agus ag socruithe oibre níos solúbtha. Úsáidfidh Seirbhísí Ailtireachta córais agus struchtúir nua chun úsáid níos fearr a bhaint as a gcuid acmhainní ó thaobh leithdháilte, dáilte ualaigh agus freagrúlacht mhéadaithe de trí acmhainní a mheaitseáil le héileamh agus trí dhaoine ar leith a shannadh do thionscadail.

Cé go roinnfear an tSeirbhís idir dhá láithreán ar dtús, Baile Átha Troim agus Baile Átha Cliath, déanfar foireann uile Seirbhísí Ailtireachta a mheas mar acmhainn amháin.

An Phunann TionscadalI 2009, lean na Seirbhísí Ailtireachta ag tabhairt tosaíocht do Chlár Díláraithe an Rialtais. Mar chuid den Chlár, bhí ar an bhfoireann ailtireachta raon leathan gníomhaíochtaí a dhéanamh, ó mheasúnuithe tosaigh ar láithreáin, ar aghaidh trí na céimeanna uile, chuig monatóireacht a dhéanamh ar thógáil ar an láithreán. Lean Seirbhísí Ailtireachta ar aghaidh lena ról comhordaithe i ndáil leis na hAonaid Ghnó ábhartha agus ghlac siad páirt phríomhúil a) i bhforbairt leanúnach mionteagasc ó chliaint, b) i dtáirgeadh cáipéisí, eagrú tairiscintí agus meastóireacht ar aighneachtaí lena n-áirítear CPPanna agus c) in ullmhú riachtanais chóiríochta na réamhfhoirne agus na ndaoine a bhí ag bogadh go luath mar chuid den Chlár, de réir mar ba ghá.

Is iad seo a leanas roinnt de na tionscadail shuntasacha a críochnaíodh i 2009:

Dílárú, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Bun Cranncha ■

Dílárú, Ceanncheathrú an OOP, Baile Átha Troim ■

Dílárú, an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, Cloich na Coillte ■

Dílárú, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Loch Garman ■

Dílárú, an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, Cathair Chorcaí ■

Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla ■

Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Bun Cranncha ■

Oifigí Áitiúla Leasa Shóisialaigh, Bun Cranncha ■

Ionad Léirithe Phortach Chlóirthigh ■

Oifigí Tréidliachta Dhroim Seanbhó ■

Tuarascáil Bhliantúil

40

Síneadh Cheanncheathrú na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, Caisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman ■

An Foras Spóirt, Baile an Aba ■

Coláiste na hÉireann, Leuven, Céimeanna 2&3 ■

Teach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath 1, Oifig Phoiblí na Roinne Coimirce Sóisialaí ■

Oifigí Clárúcháin Feithiclí na gCoimisinéirí Ioncaim Muineachán ■

Oifigí Cúirte, Eochaill ■

Athchóiriú Gailearaithe Troscán, Dún Uí Choileáin ■

Feistiú Oifigí don Roinn Gnóthaí Eachtracha ag Sráid Haiste & ag Teach Hainault ■

Teach Laighean 2009 ■

Athchóiriú Theach Péitseog Uí Thornóir, Áras an Uachtaráin ■

Athchóiriú Theach na Téice, Garraithe Náisiúnta na Lus ■

Seomraí Tae Dhroichead an Róis & Clóis, Garraithe Náisiúnta na Lus ■

Stáisiún na nGardaí, Fionnghlas ■

Stáisiún na nGardaí, Baile an Mhóta ■

Ionad Tiomána Fhionnghlaise ■

Feistiú Theach Findlater ■

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD)I rith 2009, bhí clár CPD Sheirbhísí Ailtireachta an OOP dírithe go príomhúil ar fhorbairt bhreise scileanna foirne sna réimsí de Rialacháin Sláinte agus Shábháilteachta, Rátáil Fuinnimh Fhoirgneamh, Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas (DAC) agus leasú Soláthair Thógála.

Fuair triúr ball buan foirne Seirbhísí Ailtireachta oiliúint ceadaithe ag an RIAI i ndáil le “Maoirseoir Tionscadal don Phróiseas Dearaidh”(PSDP). Bhí sé seo sa bhreis ar chúigear ball foirne dhéag de chuid Seirbhísí Ailtireachta a oileadh i ról PSDP i rith na bliana roimhe sin. Bhí an cúrsa seo, chomh maith le hoiliúint eile ar Shláinte & Shábháilteacht a cuireadh ar bhaill foirne roghnaithe, ina ghné thábhachtach de ról Seirbhísí Ailtireachta maidir leis na hinniúlachtaí ábhartha atá ag teastáil faoi na Rialacháin Tógála Sláinte & Sábháilteachta.

D’úsáid Seirbhísí Ailtireachta a theagascóir intí féin (FÁS creidiúnaithe agus ball den IOSH) chun oiliúint Safepass a sholáthar agus chun athnuachan thráthúil cártaí Safepass a áirithiú. Fuair baill bhuana foirne Seirbhísí Ailtireachta oiliúint intí i gcóras ‘CPD engage’ an RIAI, i gcomhar leis an RIAI. I rith na bliana, cuireadh modh Seirbhísí Ailtireachta i leith uaireanta CDP a thaifeadadh agus a chainníochtú ar chomhréim le modh an RIAI. Bhí sé seo ina bheart tábhachtach maidir le clárúchán Ailtirí a choimeád laistigh den OOP.

2009

41

Cuireadh oiliúint sa chóras DAC agus i nDeimhniú Dóiteáin ar bhaill foirne roghnaithe Ailtireachta ag an RIAI agus ag seimineáir eile.

Bhí na nithe seo a leanas i measc ócáidí CPD do bhaill foirne roghnaithe Seirbhísí Ailtireachta i rith 2009:

Seimineáir ar ‘Éifeachtacht Fuinnimh i dTithe Stairiúla’ arna eagrú ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais ■

Áitiúil, agus ag Sochaí Sheoirseach na hÉireann.

Oiliúint bhreise CAD do bhaill foirne ar chórais mhúnlaithe faisnéise tógála agus ar phacáistí bogearraí gaolmhara. ■

Cúrsaí Iontaobhas Cathartha Bhaile Átha Cliath ar Dheisiú Struchtúrach Foirgneamh Stairiúil, ar Oibreacha Iarainn ■

stairiúla, ar sheirbhísí i dTithe Stairiúla, ar Dheisiú Siúinéireachta Stairiúla, ar Mheath agus Cóireáil Adhmaid.

Freastal ar an gcomhdháil bhliantúil ‘Tithe Stairiúla na hÉireann’. ■

Freastal ar ‘Fóram Beartais Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí na hÉireann’. ■

Comhdháil ar Cháilíocht Dearaidh in Ailtireacht agus i nDearadh Uirbeach. ■

Comhdháil ar Phleanáil agus Beartas Spásúlachta na Roinne Comhshaoil. ■

Freastal ar chomhdháil bhliantúil an RIAI. ■

Sholáthair cuideachtaí a raibh creidiúnú cuí CPD (RIAI nó RIBA) líon iomlán de 22 cur i láthair aonair Theicniúla agus ■

Thrádála ag Am Lóin do bhaill foirne Ailtireachta an OOP le linn 2009. Logáil baill foirne Seirbhísí Ailtireachta na cuir i láthair ‘costais nialasaigh’ mar ‘CDP struchtúrtha’ ar chóras an RIAI um CDP engage’.

Áiríodh le téamaí agus táirgí a clúdaíodh,: Compord Fuaimiúil, Córais Ghlasa Díonadóireachta, Seirbhísí Aoil, Urláir Chrua-Adhmaid a ndearnadh Innealtóireacht orthu, Slinn Nádúrtha, Struchtúir Ordaithe Ghloine, Táirgí Pábhála, Seilfeanna Seasta agus Soghluaiste, Doirse Slándála, Tíliú Dín Chré, Táirgí Séaltáin Dóiteáin, Córais Soilsithe, Cairpéid Chonartha agus an comhshaol, cóireálacha Dóiteánmhoillitheacha le haghaidh adhmaid.

Clár Oiliúna do ChéimitheLe linn 2009, bhí baint ag 29 céimí san iomlán le Clár Oiliúna an RIAI/an OOP do Chéimithe Ailtireachta. D’oibrigh siad ■

i 6 Rannóg de chuid na Seirbhísí Ailtireachta agus sa Rannóg Cothabhála Maoine. Faoi dheireadh an tríú ráite i 2009, d’fhág formhór na gcéimithe seo an OOP tar éis dheireadh a gconarthaí. Earcaíodh grúpa nua Céimithe ag deireadh na bliana 2009 agus chuir siad tús lena gcuid oibre san fhoirgneamh nua ceanncheathrún i mBaile Átha Troim.

Lean an clár oiliúna ar aghaidh ag cur ar chumas céimithe Ailtireachta an taithí phraiticiúil a fháil a bhfuil gá léi chun ■

scrúdú Chuid 3 an RIAI/OÉ i gCleachtas Gairmiúil a dhéanamh. Roghnaigh formhór na gCéimithe sraith Léachtaí Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath a chur i gcrích le linn na bliana acadúla roimhe sin. D’fhreastail 7 Céimithe eile ar shraith léachtaí an RIAI/OÉ i 2008 agus chuir 6 díobh iarratas isteach le scrúdú an RIAI a dhéanamh.

Tá méadú tagtha ar an éileamh ar Chlár na gCéimithe le blianta beaga anuas agus mheall sé céimithe ailtireachta den ■

chéad scoth. Ní amháin go gcuireann na céimithe Ailtireachta seo go mór le haschur oibre na hoifige, ach cuireann siad feabhas ar thimpeallacht chruthaitheach, dhinimiciúil na Seirbhísí Ailtireachta freisin.

Tuarascáil Bhliantúil

42

Caomhnú agus AthchóiriúLeanann Seirbhísí Ailtireachta orthu ag forbairt agus ag cur i bhfeidhm a saineolais aitheanta ar chaomhnú agus ar athchóiriú na bhfoirgneamh stairiúil. Tá mórán Ranna Rialtais, formhór na nInstitiúidí Cultúrtha agus na Maoine Stairiúla go léir ina Struchtúir atá faoi Chosaint agus is gá go dtugtar faoina bhforbairt, faoina gcaomhnú agus faoina gcothabháil ar mhodh a chosnaíonn a saintréithe agus a dtábhacht. Tá Seirbhísí Ailtireachta rannpháirteach freisin in athchóiriú na dtírdhreach stairiúil agus na ngairdíní stairiúla, ar nós na diméine i mBaile an Chaisleáin ina leantar athchóiriú ar aghaidh den tírdhreach bunúil ón 18ú hAois.

Mar gheall ar an réimse mór éagsúil d’fhoirgnimh stairiúla faoina gcoimirce, tá taithí ag Seirbhísí Ailtireachta ar na gnéithe go léir de chaomhnú, idir mhiondeisiú agus chothabháil agus thionscadail mhóra caomhnaithe. Cuireann na hoibreacha seo ar chumas an phobail cuairt a thabhairt, agus tuiscint a fháil, ar na foirgnimh seo, soláthraíonn siad do chuairteoirí caighdeáin nua-aimseartha seirbhísí, sábháilteachta dóiteáin agus inrochtaineachta le linn meas a thabhairt do thábhacht stairiúil agus do shaintréithe stairiúla, agus cinntíonn siad go dtugtar tosaíocht do chothabháil tógála agus go dtugtar fúithi chun dochar d’ábhar stairiúil a íosmhéadú d’fhonn costais saolré a laghdú. Cinntíonn na hoibreacha seo go gcoinníonn foirgnimh a bhfeidhm bhunúil agus go bhfreastalaíonn d’úsáidí nua. Soláthraítear sainchomhairle caomhantais ar fud na n-aonad gnó go léir le cinntiú go gcaomhnaítear agus go léirítear oidhreacht an Stáit agus punann maoine stairiúla ar na caighdeáin idirnáisiúnta is fearr. Le haghaidh an cuspóir seo a bhaint amach, tá an OOP ag comhoibriú le gníomhaireachtaí éagsúla Stáit, le hollscoileanna agus le forais eile, ag déanamh taighde ar thopaicí atá bainteach go díreach le caomhnú phunann an Stáit de struchtúir atá faoi chosaint, ó bheartas caomhantais idirnáisiúnta go caomhantas ábhar.

Forbairt Inbhuanaithe agus Rochtain UilíochLean Seirbhísí Ailtireachta orthu ag forbairt a straitéise d’fhorbairt inbhuanaithe agus rochtain uilíoch i 2008, agus bhain siad leas leanúnach as a saineolas i ndáil le hiniúchtaí ar inrochtaineacht agus uasghrádú foirgneamh poiblí, de réir mar a cheanglaítear in Acht Míchumais 2005.

DámhachtainíForbairt Rae Mhuirfean na Roinne Airgeadais (i gcomhar le Grafton Architects); Dámhachtain Ailtireachta na hÉireann ■

de chuid RIAI

Oifig Rae Mhuirfean & na Billéid Mhíleata – Dámhachtain AAI – Ar an ngearrliosta do Bhonn Downes ■

Teach Ceoldráma Loch Garman (i gcomhar le Keith Williams Architects) – Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála Bhanc ■

na hÉireann/OPUS 2008

Teach Ceoldráma Loch Garman, Dámhachtain Ailtireachta RIAI, an Foirgneamh Cultúrtha is Fearr ■

Teach Ceoldráma Loch Garman, Dámhachtain RIBA ■

Teach Ceoldráma Loch Garman, ar an ngearrliosta, Dámhachtain Ailtireachta Stirling ■

Teach Ceoldráma Loch Garman, Dámhachtain Giúiré Speisialta de chuid Irish Times ■

2009

43

Taispeántas um Stair Mhíleata Dhún Uí Choileáin – Músaem na Bliana 2009/10 ■

Stáisiún Gardaí Léim an Bhradáin, Dámhachtain Ailtireachta RIAI, an Foirgneamh Poiblí is Fearr ■

Stáisiún Gardaí Léim an Bhradáin; Ardmholadh Dhámhachtain Opus ■

Oifig Sábháilteachta Bia, Campas Bhacastúin; Dámhachtain Opus ■

Stáisiún Gardaí an Bhaile Ghaelaigh; Dámhachtain Opus ■

Athchóiriú Thithe Péitseoige Turner, Áras an Uachtaráin; Dámhachtain Oidhreachta Opus ■

Gairdíní Theach Rothe – Dámhachtain Náisiúnta Tírdhreacha Uirbigh Chomórtas na mBailte Slachtmhara ■

An Siopa ag Teach Laighean (Bucholz McEvoy) – Lua Speisialta do Dhámhachtain ■

FoilseacháinConstruct Ireland ■

Oifigí Sábháilteacht Bia Co. Cil Dara Oifigí Tréidliachta Dhroim Seanbhó

Architecture Ireland ■

Stáisiún Gardaí Léim an Bhradáin Ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta i bPálás an Easpaig, Cill Chainnigh Oifigí Tréidliachta Dhroim Seanbhó

Obair ■

Teach Ceoldráma Loch Garman Teach Uí Neachtain, Zú Bhaile Átha Cliath Músaem an Phiarsaigh Teach an tSeandroichid Stáisiún Garda Cósta Cheann Tuaithe Stáisiúin Ghardaí i bhFionnghlas, sa Bhaile Gaelach agus i mBaile Munna

Tuarascáil Bhliantúil

44

Taighde, Grúpaí Teicniúla, Coistí Stiúrtha agus Láithreoireachtaí

Beartas an Rialtais ar Ailtireacht ■

Seirbhísí comhairle don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi sholáthar poiblí glas ■

Láithreoireacht curtha faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais ar an gComhshaol ■

Tascfhórsa Inbhuanaitheachta an RIAI ■

Páirt glactha i gComhdháil Inbhuanaitheachta Ailtireacht Éireann ■

Láithreoireacht ag Fóram an Uachtaráin ar MHÍCHUMAS – ROCHTAIN AGUS DEARCTHAÍ in Áras an Uachtaráin ■

Páirt glactha i mBord Formheasa na Dámhachtana Míchumais Náisiúnta ‘Feabhas Trí Inrochtaineacht’ ■

Páirt glactha sa Ghrúpa Oibre Idir-Rannach ar an bPlean Gníomhaíochta um Thaisteal agus Iompar Inbhuanaithe d’Éirinn ■

Cathaoirleach ar Thascghrúpa Inniúlachta an RIAI ■

Ball den Bhord Oideachais Ailtireachta don Institiúid Ríoga Ailtirí ■

Scrúdaitheoir Seachtrach OÉ/UCD don Bhord um Scrúduithe i gCleachtas Gairmiúil ■

Léacht d’Ailtirí Ollannacha in Amstardam ■

Léacht do Chumann Ríoga na nAiltirí Uladh i mBéal Feirste ■

Léachtaí i Scoileanna Ailtireachta Éireannacha (WIT, UCD, DIT) ■

Gníomhaíochtaí EilePáirt glactha i gCoiste Conarthaí Tógála an Rialtais ■

Páirt glactha i Sainghrúpa Sheirbhís Ceartas Óige na hÉireann a bunaíodh chun áiseanna coinneála reatha a athfhorbairt ■

Comhairle curtha ar fáil faoi thírdhreachú stairiúil, agus faoi dhearadh agus faoi chothabháil tírdhreach inbhuanaithe ■

nua, lena n-áirítear rannchuidiú le Plean Bithéagsúlachta an OOP

Comhoibriú le hÚdaráis Áitiúla ar Dhearadh Uirbeach ■

Cathaoirleach ar mheasúnóirí Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála OPUS ■

Páirt glactha i bhfeachtas “Simon Open Door” RIAI ■

Páirt glactha i gclár Lá Oscailte Fhoras Oidhreachta na hÉireann ■

Taighde coimisiúnaithe agus déanta chun taobhanna istigh atá cruinn ó thaobh na staire de a chur ar fáil i maoine ■

stairiúla atá á mbainistiú aige

Iniúchtaí Alt 482 agus spotseiceálacha don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ■

Leanúint ag cur comhairle ar fáil agus ag éascú an choimisiúnaithe de shaothair ealaíne faoin Scéim um Chéatadán ■

le haghaidh na hEalaíne

2009

45

Bainistíocht Riosca Tuilte

Staidéir Straitéiseacha ar Bhainistíocht Riosca TuilteLe blianta beaga anuas, tá an OOP ag forbairt agus ag cur i bhfeidhm clár straitéiseach um bainistíocht riosca tuilte, ag tabhairt isteach sraith pleananna bainistíochta riosca tuilte a éascóidh cur chuige comhtháite san aithint agus sa bhainistiú ar riosca tuilte suntasach. Beidh na staidéir seo mar bhonn agus thaca ag forbairt clár infheistíochta agus caiteachais OOP go meántéarmach.

An Clár Measúnachta agus Bainistíochta Riosca TuilteTá Staidéir ar Mheasúnacht agus ar Bhainistíocht Riosca Tuilte (SMBRTanna) agus a dtáirge – Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte (FRMPanna) – i lár an bheartais náisiúnta i leith bainistíochta riosca tuilte agus na straitéise ar son a fheidhmithe. Tá an beartas seo i gcomhréir le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus le riachtanas Threoir an AE um Thuilte, faoinar ceapadh an OOP mar údarás inniúil náisiúnta. Cuireadh i bhfeidhm struchtúir bhainistíochta d’fheidhmiú na Treorach agus tionóladh mórán cruinnithe le linn 2009. Cuireadh i gcrích go suntasach i 2009 an Staidéar ar Mheasúnacht agus ar Bhainistíocht Riosca Tuilte (SMBRT) do Dhobharcheantar na Laoi, agus cuirfear an Dréacht-Phlean um Bainistíocht Riosca Tuilte faoi Chomhairliúchán Poiblí i dtús na bliana 2010. Cuirfear an Dréacht-Phlean um Bainistíocht Riosca Tuilte na Dothra faoi chomhairliúchán poiblí i 2009, agus tá an-dul chun cinn á dhéanamh ar Staidéir SMBRT Fhine Gall/Oirthear na Mí agus na Siúire. Agus na Staidéir Phíolótacha SMBRT ag druidim lena gcur i gcrích, tá tús curtha le soláthar seirbhísí chun tabhairt faoi Chlár Náisiúnta SMBRT. Cuireadh i gcrích an chéad chéim oibre ar an Réamh-Mheasúnacht Náisiúnta Riosca Tuilte, agus tá tús curtha le mionleasuithe chun an Mheasúnacht a thabhairt chun críche agus comhairliúchán na bpáirtithe leasmhara a thosú i lár na bliana 2010. B’ionann comhchaiteachas i 2009 do Staidéar SMBRT na Laoi agus do Staidéar SMBRT na Siúire agus pas beag faoi €860,000.

Bainistíocht Pleanála agus ForbarthaFoilsíodh na Treoirlínte ar an gCóras Pleanála agus ar Bhainistíocht Riosca Tuilte, a dhréachtaigh an OOP agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, i mí na Samhna 2009, faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil, chun creat láidir follasach a sholáthar do bhreithniú an riosca tuilte sa phróiseas pleanála.

Cosaint an ChóstaAistríodh na feidhmeanna agus na freagrachtaí i ndáil le Cosaint an Chósta, i.e. tuile cósta agus creimeadh cósta, ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia don OOP ar an 1 Eanáir 2009. Bhí an díriú i 2009 ar chomhtháthú éifeachtach na bhfreagrachtaí seo a leanas isteach i ngníomhaíochtaí reatha bainistíochta riosca tuilte de chuid an OOP:

Tabhairt faoi mheasúnuithe riosca a bhaineann le tuile cósta agus le creimeadh cósta agus forbairt bhreise ar ■

an Staidéar Straitéise um Chosaint Cósta na hÉireann (ICPSS).

Soláthar seirbhíse comhairle i ndáil le creimeadh cósta agus le tuile cósta. ■

Seirbhísí Innealtóireachta

Tuarascáil Bhliantúil

46

Ullmhú de chláir bhliantúla um chistiú chosaint an chósta agus bainistiú tionscadal ar bhearta tosaíochta agus ■

ar staidéir shonracha um chosaint an chósta i gceantair ardtosaíochta riosca.

Cothabháil na scéimeanna um chosaint an chósta a cruthaíodh faoin Acht um Chosaint an Chósta, 1963. ■

Sholáthar sannadh na bhfreagrachtaí seo an deis d’úsáid cur chuige níos iomláine maidir le bainistíocht riosca tuilte i gceantair chósta agus inbhearacha agus thug sé dúshláin nua don OOP i ndáil le bainistíocht riosca creimthe cósta. Cé go bhfuil príomhfhreagracht ag an OOP maidir le bainistíocht na feidhme seo, oibríonn sí i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla freagraí iomchuí ar rioscaí bainteacha an chreimthe cósta agus an tuile cósta a fhorbairt.

An Clár Maoinithe um Chosaint an Chósta (Mionoibreacha)D’fhógair an tAire i mí Dheireadh Fómhair an Clár Maoinithe um Chosaint an Chósta, 2009, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais de thionscadail ardtosaíochta a fuarthas ó Údaráis Áitiúla cósta. Rinneadh measúnú ar na hiarratais a cuireadh isteach ar bhonn na gceistneoirí a chomhlánaigh na hÚdaráis Áitiúla i ndáil le gach tionscadal ar iarradh maoiniú ar a shon, agus bunaithe ar mheasúnú riosca cainníochtúil. Tugtar sa tábla thíos na leithdháiltí maoinithe don bhliain 2009.

Údarás Áitiúil Maoiniú an OOP 2009 €

Comhairle Contae Chiarraí 360,000

Comhairle Contae Lú 49,500

Comhairle Contae Mhaigh Eo 91,000

Comhairle Contae Shligigh 40,500

Comhairle Contae Loch Garman 90,000

Iomlán 631,000

Forbairt Leanúnach an Staidéir Straitéise um Chosaint Cósta na hÉireann (ICPSS)Cuireadh i gcrích go suntasach measúnachtaí cás reatha ar riosca tuile cósta (neamhchosanta) agus creimthe cósta do chósta thoir agus theas na hÉireann faoi ICPSS go dtí seo. Léirítear na torthaí i bhfoirm léarscáileanna réamh-mheastacha de chreimeadh cósta do na blianta 2030 agus 2050. Eisíodh dréacht-thuarascálacha teicniúla d’Údaráis Áitiúla cósta (na cóstaí thoir agus theas) le linn 2009 ar son faisnéise agus comhairliúcháin. Beartaíonn an OOP dul chun cinn a dhéanamh ar obair measúnachta tuilte ICPSS do chóstaí thiar theas, thiar agus thiar thuaidh na hÉireann i 2010 agus i 2011 ionas gur féidir léarscáileanna cosúla de chreimeadh cósta agus de thuile cósta a chur ar fáil do na suímh seo. Tabharfaidh an fhaisnéis curtha ar fáil eolas agus treoir do chinntí forbartha agus pleanála feadh an chósta sa todhchaí chun forbairt neamhoiriúnach a sheachaint i gceantair atá i mbaol creimeadh cósta agus tuile cósta.

2009

47

An Clár HidriméadrachtaBainistíonn agus cothaíonn Rannóg Hidriméadrachta an OOP gréasán uisceleibhéil agus tomhsairí sreafa ar aibhneacha agus ar lochanna ar fud na hÉireann. Ag deireadh 2009, bailíodh sonraí hidriméadrachta ag 360 stáisiún tomhais ar fud na tíre agus uasghrádaíodh 82% de na stáisiúin seo go cumas teiliméadrachta. Ina theannta sin, bailíonn an Rannóg sonraí báistí ó 62 tomhsaire báistí i ndobharcheantair Abhainn Dhubh na Mumhan agus na Siúire, rud a bhfuil gá leis ar son fheidhmiú na gcóras réamhaisnéise tuilte agus rabhaidh do Mhala, do Mhainistir Fhear Maí agus do Chluain Meala.

Le linn na dtuilte i mí na Samhna 2009, b’ionann príomhthosaíocht na Rannóige agus uisceleibhéil a thaifeadadh agus sreabha in aibhneacha a thomhas. Cuireadh faisnéis ar fáil ar bhonn laethúil do Choiste Comhordaithe Náisiúnta um Práinnfhreagairt agus d’Údaráis Áitiúla iomchuí. Cuireadh na taifid ar láithreán gréasáin de chuid an OOP, flooding.ie. Úsáideadh na sonraí a sainscagadh ón ngréasán tomhsairí le tosaíocht a thabhairt d’fhís ón aer agus do ghrianghrafadóireacht, a bailíodh i leith réimse dobharcheantar ar uisceleibhéil nó in aice leo. Beidh na sonraí seo an-luachmhar i bhforbairt na Staidéar ar Mheasúnacht agus ar Bhainistíocht Riosca Tuilte (SMBRTanna) agus i mbailíochtú na múnlaí uimhriúla a gineadh.

Le linn 2009, fuair an Rannóg 292 iarratas ar fad le haghaidh sonraí nó faisnéise, i gcomparáid le 247 sa bhliain roimhe sin. Soláthraítear sonraí freisin trí láithreán gréasáin tiomnaithe, www.opw.ie/hydro/home.asp.

Taighde & Forbairt & Cláir Fheidhmiúcháin um Beartas TuilteTaighde & ForbairtTugadh faoi roinnt mhaith oibre taighde agus forbartha go dtí seo mar chúis den Chlár Nuashonraithe um Staidéar Tuilte. Cuireadh seacht staidéar taighde den chlár i gcrích le linn 2009. B’ionann an príomhdhíriú eile den Chlár Taighde agus Forbartha ar rannpháirtíocht leanúnach an OOP le linn 2009 ar chláir idirnáisiúnta thaighde agus forbartha a bhaineann le tuilte. Lean an OOP uirthi abheith bainteach le Tionscadal ERA-Net CRUE (a cuireadh i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2009), atá á urrú ag an AE, agus le Céim 2 den Chuibhreannas Bainistíochta Taighde ar Riosca Tuilte (FRMRC2).

Athbhreithniú ReachtaíochtaCuireadh i gcrích i 2009 dréachtú na hIonstraime Reachtúla le trasuíomh “Threoir um Thuilte” an AE isteach sa dlí.

Tuarascáil Bhliantúil

48

An Clár Scéimeanna um Ollchosaint ar ThuilteIs iondúil a dhéantar clár an OOP um Scéimeanna Faoiseamh Tuilte faoin Acht um Dhraenáil Artaireach, 1945 agus faoin Acht Leasaithe um Dhraenáil Artaireach, 1995, cé go raibh roinnt céimeanna de scéimeanna á ndéanamh ag Údaráis Áitiúla le blianta beaga anuas, faoi na Rialacháin Phleanála agus Forbartha. Oibríonn an OOP i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla iomchuí nó maoiníonn sé Údaráis Áitiúla go díreach chun tabhairt faoi oibreacha faoiseamh tuilte. Leagtar amach sa tábla thíos an obair leanúnach faoiseamh tuilte a ndearna an OOP dul chun cinn orthu i 2009.

Scéim Cosanta ar Thuilte Dul Chun Cinn i 2009

Mala Thuaidh Baineadh cur i gcrích suntasach amach, ag soláthar cosanta ar thuilte go ceann 100 bliain do thimpeall ar 160 maoin.

Cluain Meala Thiar Baineadh cur i gcrích suntasach amach, ag soláthar cosanta ar thuilte go ceann 100 bliain do thimpeall ar 130 maoin.

Inis Uachtarach Baineadh cur i gcrích suntasach amach, ag soláthar leibhéil éagsúla de chosaint ar thuilte do thimpeall ar 550 maoin.

An Dothra Baineadh cur i gcrích suntasach amach, mar a soláthraíonn na hoibreacha a rinneadh go dtí seo cosaint do thimpeall ar 350 maoin ar ócáid tuile taoide, agus do 100 maoin sa bhreis ó ócáid tuile srutha go ceann 100 bliain.

Mainistir Fhear Maí Thuaidh Cuireadh tús le hobair tógála.

Baile Uí Mhornáin Cuireadh tús le hobair tógála.

Mala Theas & Thiar Rinneadh próisis tairisceana.

An Teampall Mór Cuireadh Taispeántas Poiblí i gcrích.

Inis Córthaidh Cuireadh Taispeántas Poiblí i gcrích.

Cluain Meala Thuaidh & Thoir Cuireadh miondearadh i gcrích.

Inis Íochtarach Cuireadh miondearadh i gcrích.

Mainistir Fhear Maí Thoir Theas & Thiar Theas

Cuireadh miondearadh i gcrích.

B’ionann caiteachas ar olltionscadail faoiseamh tuilte i 2009 agus timpeall ar €30m.

2009

49

Scéim Faoiseamh Tuilte Chéanna Phort Láirge.

Mionoibreacha NeamhchóstaChuir an OOP tús le Clár Mionoibreacha Tuilte (agus Cosanta ar Chósta, féach thuas) inar sholáthar an OOP maoiniú do mhionoibreacha nó staidéir áitiúla faoiseamh tuilte a bhí á ndéanamh ag údaráis áitiúla. Fuair Údaráis Áitiúla maoiniú de €1.56m san iomlán i 2009. Sholáthar mionoibreacha trí Údaráis Áitiúla leibhéil éagsúla chosanta ar thuilte, níos lú ná na leibhéil a sholáthrófaí in ollscéim faoiseamh tuilte, do thimpeall ar 60 maoin i 2009. Cuireann an OOP maoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla do thionscadail níos lú a bhfuil costas níos lú ná €0.5 milliún orthu. Soláthraítear an maoiniú seo do na húdaráis áitiúla de réir mar a chuirtear na hoibreacha i gcrích. B’ionann an caiteachas ar Mhionscéimeanna Tuilte i 2009 agus €1.36 milliún.

Cothabháil Draenála ArtairíDéanann an OOP cothabháil leanúnach ar scéimeanna artaireacha curtha i gcrích agus ar scéimeanna uirbeacha faoiseamh tuilte faoi na hAchtanna um Dhraenáil Artaireach. I 2009, chothaigh an OOP 2,010 ciliméadar de chainéil agus rinne sé iniúchtaí teicniúla ar 24 ciliméadar de chlaífoirt chosanta ar thuilte agus ar 2,100 droichead. Rinneadh oibreacha cothabhála cláraithe ar 144 struchtúr (droichid, comhlaí, srl) agus rinneadh oibreacha cothabhála neamhchláraithe ar 50 struchtúr eile.

Tuarascáil Bhliantúil

50

Gníomhaíochtaí ComhshaoilMar chuid den straitéis taighde leanúnach, foilsíodh go foirmiúil trí mheasúnú éiceolaíochta bhreise faoi ISSN 1649-9840:

Uimh. 9 Loimpre ■

Uimh. 10 Cráifisc ■

Uimh. 11 Eanaigh & Seilidí Rinseacha ■

Tá ag éirí leis an gClár Comhshaoil um Fheabhsú Aibhneacha 2008-2012, le feabhas curtha ar bhreis agus 50 ciliméadar ■

de chainéal draenála i 2009 agus le bunú monatóireachta eolaíochta bonnlíne chun rath an chláir a mheas.

Foilsiú na sraithe fairsinge de Phrótacail Bhainistíochta Comhshaoil agus de Ghnáthnósanna Imeachta Oibriúcháin chun ■

feidhmíocht comhshaoil a threorú in oibriúcháin chothabhála draenála.

Tosaíodh próiseas neamhcheaptha Measúnachta Tábhachta chun cinntiú go gcloíonn oibreacha cothabhála le riachtanais ■

dochta i leith oibríochtaí i láithreáin chosanta Eorpacha. D’éirigh leis an bpróiseas.

Cuireadh cúig bliana de ghníomhaíochtaí is de chomhairliúcháin leithne i gcrích i 2009 le foilsiú na Roinne Comhshaoil ■

de Phleananna iomlánaíocha Bainistíochta um Abhantrach. Comhtháthaíodh go rathúil gníomhaíochtaí Bainistíochta Riosca Tuilte an OOP isteach sna pleananna iomchuí go léir.

B’ionann an caiteachas iomlán ar Bhanistíocht Riosca Tuilte an OOP i 2009 agus €55.6m.

Seirbhísí Innealtóireachta Sibhialta agus StruchtúirLean an t-aonad seo ar ag cur seirbhís chomhairleach, deartha agus monatóireachta ar fáil le linn 2009. Bhí baint ag méid suntasach acmhainní an aonaid le soláthar Seirbhísí Sibhialta & Struchtúir do mhaoine na nGardaí Cósta agus Oidhreachta.

Tairgeadh roinnt olltionscadal do Shainchomhairligh Shibhialta & Struchtúir agus bhí baint ag an Rannóg le hullmhú dhoiciméid tairisceana, mheasúnacht agus cheapacháin na gcomhairleach.

Féadfar achoimre a dhéanamh ar thréchur na gcásanna sa bhliain mar a leanas:

Tionscadal/Gníomhaíocht i 2009 Líon ar Láimh 1/1/2009 Tionscadail Nua i 2009 Líon Críochnaithe i 2009Tógáil 11 4 5Sibhialta Struchtúrach 9 1 1Tuairiscí 143 66 46

Nuashonrú Chóras Bainistíochta Cáilíochta ISO 9001I 2009, nuashonraigh muid ár nósanna imeachta ISO chun bogadh ó chórais pháipéar-bhunaithe go córais bhainistíochta cáipéise leictreonaí. Bhí an córas páipéar-bhunaithe agus an córas nua i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí agus bhog muid go hiomlán go córas leictreonaic-bhunaithe. D’iniúch NSAI an córas nua agus cloíonn sé go hiomlán le riachtanais ár gcóras cáilíochta ISO.

2009

Oifigí Tréidliachta Ceantair Dhroim Seanbhó (Uimhir Jab 1852)

Tuarascáil Bhliantúil

52

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Na Forbacha (Uimh. Tionscadail 15325).

Seirbhísí Meicniúla & LeictreachaSholáthar an Rannóg Mheicniúil & Leictreach ionchuir thábhachtacha isteach sna príomh-thionscadail go léir de chuid an OOP i 2009. Bhí an-chuid den obair seo dírithe ar an gClár Díláraithe. Bhí páirt lárnach ag an rannóg i gcur i gcrích foirgneamh i Loch Garman agus i gCloich na Coillte, a cuireadh ar fáil ag baint úsáid as an Múnla Deartha & Tógála.

B’ionann cur i gcrích cheanncheathrú nua an OOP i mBaile Átha Troim agus an príomh-thionscadal díláraithe eile. Bhí sé seo ar cheann de na buaicphointí i réimse na n-oibreacha nua laistigh den rannóg. D’oibrigh an Rannóg Mheicniúil & Leictreach go han-dlúth leis an bhfoireann Ailtireachta inmheánach ó chéim an deartha tosaigh chun cinntiú go mbeadh an foirgneamh seo chomh tíosach ar fhuinneamh agus ab fhéidir. Baineadh úsáid as múnlú fairsing ríomhaire chun cinntiú go mbeadh an straitéis aerála nádúrtha éifeachtach. Ionchorpraíonn an foirgneamh na teicneolaíochtaí is déanaí i soilsiú atá tíosach ar fhuinneamh/i mbainistiú soilsithe, gréasáin ardluais sonraí, córas téite bithmhaise agus tiomsaitheoirí grianteasa.

Ar na tionscadail eile ar chuir an rannóg seirbhís iomlán deartha agus comhairle ar fáil dóibh le linn na bliana, bhí: an Pailliún Éireannach nua san Aonad Trádála i Shanghai, an tSín; Oifigí Tréidliachta Ceantair Dhroim Seanbhó; Stáisiún Gardaí & Oifig Leasa Shóisialaigh Bhun Cranncha agus an tIonad Comhordaithe Tarrthála nua ar Muir.

B’ionann caomhnú fuinnimh agus réimse an-tábhachtach gníomhaíochta. I 2009, chonacthas torthaí an fheachtais feasachta fuinnimh a rinneadh le foireann ar fad na státseirbhíse dar teideal “Cumhacht a Bharrfheabhsú ar Obair”. Seolta i mí Eanáir 2008, baineann an feachtas le foireann sna 250 foirgneamh mór i bpunann an OOP. Baineadh amach coigilteas timpeall ar 11% go dtí seo, is ionann seo agus coigilteas airgeadaíochta de bhreis agus €2.5M in aghaidh na bliana. Tá bearta ar siúl faoi láthair maidir le hullmhú na gcáipéisí tairisceana d’fheachtas nua, a leanfaidh air agus a neartóidh an tionscnamh reatha.

I dtéarmaí airgeadais, is féidir aschuir na Rannóige a choimriú mar seo a leanas:

Catagóir na nOibreacha Luach Iomlán (€m)

Oibreacha Caipitil €45m

Mionoibreacha €15m

Oibreacha Cothabhála €22m

2009

53

IntreoirBunaíodh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair i mí Aibreáin 2009 tar éis chinneadh an Rialtais freagracht as soláthar a shannadh don Aire Stáit sa Roinn Airgeadais le freagracht ar leith as Oifig na nOibreacha Poiblí.

CúlraTá líon suntasach eagraíochtaí ar fud na hEarnála Poiblí i mbun soláthar gan chomhordú agus gan chomhcheangailteacht, agus, ar leibhéal oibriúcháin, tá buarthaí ann faoi líon na gconarthaí difriúla maidir le hearraí agus le seirbhísí agus, i gcásanna áirithe, le ceannach earraí agus seirbhísí lasmuigh de chonarthaí. Bíonn próifíl an tsoláthair ar fud Ranna Rialtais agus Gníomhaíochtaí Stáit íseal de ghnáth agus níl mórán gairmithe soláthair lánaimseartha ag obair ar fud na hearnála poiblí. Téann sé seo i bhfeidhm ar chaighdeáin soláthair agus imríonn sé tionchar mór ar luach ar airgead.

Tá bunú na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair mar chuid d’fhís fhoriomlán i leith Soláthar Poiblí ina bhfuil struchtúir bheartais agus oibriúcháin ag obair le chéile. Cuireadh cúram ar an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair socruithe soláthair na hearnála poiblí a lárú i leith earraí is seirbhísí coitianta (an earnáil tógála as an áireamh). Trí eochair-mhargaidh a aithint agus trí anailís a dhéanamh ar threochtaí soláthair, forbróidh an tAonad cur chuige ní ba chomhtháite ar sholáthar ar fud na hearnála poiblí, ag úsáid uirlisí soláthair ar nós comhaontuithe comhshuimithe agus creata. Cuideoidh an cur chuige seo le han-choigilteas agus le luach ar airgead a bhaint amach.

Beidh sé ina ionad barr feabhais do chur ar fáil comhairle soláthair, agus cuirfidh sé beartas soláthair i bhfeidhm, i gcomhréir le dea-chleachtas agus le tionscnaimh an Rialtais, ag cinntiú go gcomhlíontar Treoracha an AE agus Reachtaíocht Náisiúnta.

Leanfaidh forbairt na straitéisí ríomh-sholáthair i gcomhréir le Beartas Gníomhaíochta an AE uirthi ag cinntiú chaighdeánú na bpróiseas agus na n-éifeachtúlachtaí riaracháin do cheannaitheoirí agus do sholáthraithe na hearnála poiblí araon (m.sh. clár soláthraithe). Ar aon dul leis na tionscnaimh seo, cuirfidh soláthar leanúnach oiliúna feabhas ar chaighdeáin an tsoláthair ar fud na hearnála poiblí.

Gnóthachtálacha 20091. CoigilteasBeartaíodh sprioc €25 milliún, trí dhíriú ar chonarthaí a sháraíonn €100,000 i leith earraí agus seirbhísí (tógáil as an áireamh). Baineadh coigilteas €27.253 milliún amach i 2009 mar thoradh ar an straitéis seo. (Sháraigh sé seo an bhunsprioc de 9%). Baineann éifeachtachtaí coigiltis ar an mbuiséad le gach Roinn agus Gníomhaireacht.

2. Soláthar FoirneTá an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair lonnaithe i gceanncheathrú Bhaile Átha Troim, Co. na Mí. Cuireadh le soláthar foirne an aonaid sa bhliain trí phearsanra a aithint a bhfuil taithí acu ar sholáthar ar fud na Státseirbhíse agus is ionann é agus deichniúr i mBaile Átha Cliath agus sé dhuine dhéag i mBaile Átha Troim.

An tSeirbhís Náisiúnta Soláthair

Tuarascáil Bhliantúil

54

3. Bord na Seirbhíse Náisiúnta SoláthairBunaíodh Bord na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair i mí Aibreáin 2009. Tá an tAire Stáit ina chathaoirleach air agus is éard atá ann ná ionadaithe ó na heagraíochtaí seo a leanas:

Oifig na nOibreacha Poiblí ■

An Roinn Airgeadais ■

Roinn an Taoisigh ■

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta ■

An Roinn Dlí agus Cirt ■

An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ■

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ■

Ionadaí de chuid an Rialtais láir ón Roinn Dlí agus Cirt ■

An Stiúrthóireacht Soláthair Láir, Tuaisce ■ art Éireann.

4. Doiciméadúchán CaighdeánachSainaithníodh caighdeánú an doiciméadúcháin tairisceana agus chonartha i leith earraí agus seirbhísí mar riachtanas práinneach agus, i gcomhairle le Príomh-Aturnaetha an Stáit, cuireadh tús leis an bpróiseas seo.

5. Caidrimh OibreChomhfhreagair an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair go dtí seo do gach foras earnála poiblí (laghdú conartha 8%). Ina theannta sin, forbraíodh líon suntasach conarthaí straitéiseacha i 2009. Leanfar ar an bhforbairt a dhéanfar ar chomhoibriú le Ranna, Gníomhaireachtaí agus le forais phoiblí ar bhonn incriminteach. Chomh maith leis sin, tá forbairt á déanamh ar an gcaidreamh lenár gcomhghleacaithe sa Stiúrthóireacht Soláthair Láir i dTuaisceart Éireann.

6. Faisnéis StaidrimhB’ionann an caiteachas measta ar fud na hearnála poiblí i leith earraí agus seirbhísí agus €8-10 billiún, agus caitheadh €7 billiún eile (a bheag nó a mhór) ar oibreacha. Chuir an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair faisnéis staidrimh le chéile ar an gcaoga caitheamh is mó de na Ranna, na hOifigí agus na Gníomhaireachtaí Rialtais. Cé nach bhfuil sí curtha i gcrích ina hiomláine, is é seo an chéad uair ar bailíodh faisnéis atá chomh sonrach sin agus tá sí á húsáid faoi láthair ag an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair ina cur chuige straitéiseach ar mhargaí éagsúla i 2010.

7. Athsholáthar Ríomh-ThairiscintíEisíodh Ceistneoir Réamh-Cháilithe i mí na Nollag i leith athsholáthar agus uasghrádú an chórais reatha ríomh-thairiscintí. Bhí freagairtí dlite faoin 29 Eanáir 2010. Tá dréacht-Iarraidh ar Thairiscint le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit ar mhaithe le faomhadh chun eisiúna i 2010.

8. Riachtanais Airgeadais le haghaidh Cáilíochta chun TairisceanaIs mian leis an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair, i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais, treoir a thairiscint d’údaráis chonarthacha maidir leis na leibhéil iomchuí sonraí airgeadais agus chumais airgeadais atá ag teastáil le haghaidh cáilíochta chun tairisceana do chonarthaí earnála poiblí.

2009

55

9. LáithreoireachtaíTugadh láithreoireachtaí straitéiseacha ag roinnt comhdhálacha, seimineár agus sainghrúpaí/sainfhorais. Is samplaí iad na láithreoireachtaí seo a leanas:

Treoir straitéiseach don Fhóram Cló maidir le cúrsaí soláthair ■

Treoir straitéiseach don Dlí-Chumann Corpraithe maidir le cúrsaí soláthair ■

Ionchur isteach i roinnt cúrsaí acadúla foirmiúla. ■

10. Foilseacháin EileBhí páirt ag an tSeirbhís Soláthair Náisiúnta sa ghrúpa a bhí freagrach as “Ag Ceannach Nuálaíochta, Treoir 10 gCéim’ a d’eisigh an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Straitéis na Seirbhíse Náisiúnta SoláthairD’fhorbair an tSeirbhís Soláthair Náisiúnta straitéis nua a ionchorpraíonn cur chuige straitéiseach ar Sholáthar Seirbhíse Poiblí a chlúdóidh feidhmeanna na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair.

B’ionann a príomhghnéithe agus na nithe seo a leanas:

Foinsiú Dírithe Straitéiseach ■ earraí/seirbhíse do mhargadh seirbhíse poiblí tras-earnála.

Soláthar deiseanna ■ foghlama agus forbartha do sholáthróirí agus do sholáthraithe araon

Seoladh clár uasghrádaithe nua ■ ríomh-Sholáthar

Seoladh láithreán ■ gréasáin nua na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair

Cur ar fáil seirbhís ■ treorach soláthair

Foinsiú StraitéiseachTrí úsáid a bhaint as na sonraí a fuarthas ó sholáthróirí ar fud na hearnála poiblí, beidh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair ■

ag gabháil do chur chuige comhoibríoch straitéiseach, ag díriú ar roinnt catagóirí ceannaigh atá coitianta i réimse leathan soláthraithe seirbhíse poiblí.

Beidh sé ina ghnás don tSeirbhís Náisiúnta Soláthair dul i gcomhairle leis an margadh sula mbeidh páirt acu in ■

olltionscadail soláthair.

Spreagfar go gníomhach réitigh nuálacha i gcomhréir le ‘Ag Ceannach Nuálaíochta, Treoir 10 gCéim’. ■

Rachaidh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair i ngleic leis an margadh i 2010 ar roinnt catagóirí móra, lena n-áirítear, ■

fuinneamh, breoslaí, feithiclí, páipéarachas oifige, Tomhaltáin Teicneolaíocht Faisnéise, Taisteal, Páipéar Fótachóipeála, Trealamh Oifige, Postas.

Conarthaí traidisiúnta GSA a chothabháil, lena n-áirítear printéireacht, éidí feighlithe, trealamh cosanta pearsanta, ■

fógraíocht, srl.

Tuarascáil Bhliantúil

56

Oideachas, Oiliúint agus CumarsáidÉascófar forbairt leanúnach na soláthraithe agus na gcliant araon trí chlár dírithe oideachais, lena n-áirítear foilseacháin, suirbhéanna, fógraí agus forbairt a dhéanamh ar láithreán gréasáin tiomnaithe de chuid na Seirbhíse Soláthair Náisiúnta.

ríomh-SholátharIs í soláthar agus forbairt an chórais nua ríomh-Sholáthair, ar aon dul le Beartas Gníomhaíochta an AE ar ríomh-Sholáthar, agus an chéad chéim eile i laghduithe ar fhorchostais riaracháin do gach údarás conarthach agus soláthraí a bhaint amach agus i gcomhlíonadh le Treoracha an AE a chinntiú.

Tá an comórtas i gcéim an Cheistneora Réamh-Cháilithe (PQQ) faoi láthair. Cuirfidh sé seo cur chuige níos solúbtha ar fáil do sholáthar earnála poiblí trí úsáid a bhaint as ríomh-cheantanna, bainistíocht conarthaí, próisis simplithe do sholáthraithe agus do cheannaitheoirí, agus trí mhéadú a chur ar an bhfaisnéis staidrimh d’fhothairgeoirí.

Láithreán Gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta SoláthairTá an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair ag obair go gníomhach ar láithreán gréasáin nua ilfhreastail a chumhdóidh na riachtanais soláthair go léir, lena n-áirítear faisnéis ar rochtain a fháil ar chonarthaí na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair, ar threoir, ar fhorbairtí nua i reachtaíocht agus ar chur chun cinn úsáid na bhfóram ionas gur féidir eolas soláthair a scaipeadh go forleathan i measc gairmithe soláthair a oibríonn san Earnáil Phoiblí.

Seirbhís TreoireachtaBeidh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair i dteagmháil ghníomhach le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit, le hOifig an Ard-Aighne agus le hAonad Náisiúnta na mBeartas um Sholáthar Poiblí chun cinntiú go gcomhlíontar dea-chleachtas. Déanfaidh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair le heagraíochtaí seirbhíse poiblí i dtreoir agus tacaíocht a sholáthar maidir le hábhair a bhaineann le soláthar. Beidh láithreán gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair ina huirlis thábhachtach i bhfaisnéis a scaipeadh faoi chonarthaí atá bainistithe ag an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair agus faoi ábhar treorach.

Grúpa Comhairleach chun cuidiú leis an tSeirbhís Náisiúnta SoláthairTabharfaidh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair chun críche roimh i bhfad sonraí ar ghrúpa comhairleach a chuideoidh leis an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair ina cuid oibre le linn na bliana.

Forbairt Ghairmiúil LeanúnachChomh maith leis an taithí phraiticiúil soláthair atá acu, fuair mórán ball d’fhoireann na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair oiliúint i nósanna imeachta Soláthar Poiblí trí roinnt cúrsaí ar fáil i bhforais oideachais aitheanta. D’fhreastalódh mórán ball ar oiliúint shonrach soláthair faoi dheireadh na bliana. Comhlíonfar na riachtanais oiliúna eile go léir, i gcomhréir leis na prionsabail d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach.

MBS i Soláthar StraitéiseachTeagasctar an MBS i Soláthar Straitéiseach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Oibríonn an clár ar bhonn modhúil thar dhá bhliain, agus tá seachadadh bunaithe ar bhlocscaoileadh Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn uair amháin sa mhí le linn na bliana acadúla. Spreagann an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair agus Aonad Náisiúnta na mBeartas um Sholáthar Poiblí eagraíochtaí na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí iarrthóirí a mholadh agus a thacú a bhfuil baint acu le soláthar ina n-eagraíochtaí chun páirt a ghlacadh sa Chlár.

2009

Gailearaí Fada Chaisleán Chill Chainnigh

Tuarascáil Bhliantúil

58

Séadchomharthaí NáisiúntaAirgeadasFo-cheannteideal I2

1. Caitheadh €17,339,949 ó Fho-Cheannteideal I2 i 2009. (As seo, caitheadh €11,451,677 ar PHÁ agus caitheadh an €5,888,272 eile ar chostais NEAMHPHÁ.

GinearáltaLe linn 2009 bhí na sé iosta séadchomharthaí náisiúnta freagrach as coinneáil agus cothabháil thart ar 750 séadchomhartha náisiúnta faoi chúram an stáit, lena n-áirítear 60 láithreán a chuireann seirbhís/ionad cuairteoirí ar fáil. Chun tacaíocht a thabhairt do na príomh-iostaí, bhí 12 fho-iosta ag feidhmiú ar fud na tíre in áiteanna cosúil le Conga, Co. Mhaigh Eo, Cionn tSáile, Co. Chorcaí, Caiseal, Co. Thiobraid Árann agus Baile an Ásaigh i bPáirc an Fhionnuisce. Chomh maith leis an obair chothabhála lárnach, bhí ar gach iosta na rudaí seo a leanas a dhéanamh chun láithreáin faoi chúram an stáit a choinneáil – gléasra, meaisínre agus iompar a sheirbhísiú; gléasra beag cosúil le trealamh lomtha féir a cheannach, ábhair cosúil le breosla, adhmad, scafall, gaineamh, cloch agus moirtéal a sholáthar; seirbhísí slándála agus glantacháin a sholáthar ag ionaid chuairteoirí de réir mar ba ghá; trealamh closamhairc ag láithreán a chothabháil, painéil mhíniúcháin a sholáthar agus a thógáil/a choinneáil de réir mar ba ghá; agus trealamh slándála, dóiteáin agus seirbhíse a chothabháil. Úsáideadh leithdháileadh gach iosta chun rudaí cosúil le saintuairiscí, eastóscadh/monatóireacht seandálaíochta agus pleananna bainistíochta a mhaoiniú freisin.

Le linn 2009, dhéileáil Rannóg na Séadchomharthaí Náisiúnta le hiarratais laethúla ón bpobal i gcoitinne, ó ghrúpaí áitiúla, ó údaráis áitiúla etc. ar chead chun séadchomharthaí sonracha a úsáid chun críocha éagsúla.

Oibreacha/Seirbhísí don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais ÁitiúilI 2009, chaith Séadchomharthaí Náisiúnta an OOP €1.605m ar oibreacha/seirbhísí thar ceann na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Bhain an caiteachas sin le suiteáil/uasghrádú seónna closamhairc agus taispeántas ag láithreáin séadchomharthaí náisiúnta faoi chúram an Stáit; feidhmiú scéim printíseachta d’fhonn bonn scileanna a chothú i scileanna caomhantais a bhaineann le tógáil thraidisiúnta; agus roinnt tionscadail chaomhantais ag láithreáin séadchomharthaí náisiúnta.

Seirbhísí do ChuairteoiríAn fheidhm phríomhúil atá ag Seirbhís Oidhreachta an OOP ná oidhreacht thógtha atá faoina chúram a chosaint agus a chaomhnú. Chomh maith leis an bhfeidhm reachtúil seo, cuireann an tSeirbhís raon beart ar fáil atá deartha chun tacú le rochtain cuairteoirí agus chun a chinntiú go gcuirtear láithreáin i láthair don phobal. Bainistíonn Rannóg na Seirbhísí do Chuairteoirí an obair seo.

Seirbhísí Oidhreachta

2009

59

Seirbhís na dTreoraithe faoi Sheirbhísí do ChuairteoiríBaineadh rochtain shábháilte phoiblí ar láithreáin oidhreachta tógtha amach trí 308 Treoraí a earcú ar bhonn séasúrach chun cabhrú leis na Treoraithe Buana. San iomlán, bhí 405 ball foirne fostaithe go díreach ag OOP ag láithreáin, rud a chinntigh go raibh Treoraithe ar fáil ag 60 láithreán ar fud na tíre.

Thug thart ar 2.5 mhilliún duine cuairt ar na láithreáin a d’fheidhmigh Seirbhísí do Chuairteoirí i 2009. Cuirtear san áireamh san fhigiúr seo na láithreáin go léir a gcuirtear Seirbhís Treoraithe ar fáil iontu, seachas Teach Bhaile an Chaisleáin, Farmleigh, agus Garraí Náisiúnta na Lus.

Cárta OidhreachtaLe Cárta Oidhreachta an OOP, faightear rochtain shaor agus neamhtheoranta ar feadh aon bhliain amháin ar na láithreáin uile in Éirinn (Feirmeacha Traidisiúnta Mhucrois as an áireamh) de chuid OOP agus de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a mbaineann táillí leo.

Díoladh timpeall ar 17,700 cárta Oidhreachta i 2009, rud a léiríonn an spéis sna Láithreáin oidhreachta agus an luach iontach ar airgead a fhaigheann sealbhóirí an chárta.

An tSeachtain OidhreachtaTá an tSeachtain Oidhreachta, a cheiliúrann aontacht agus ilchineálacht oidhreacht chultúrtha na hEorpa ina cuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhghníomh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh. Lean Oifig na nOibreacha Poiblí ar a rannpháirtíocht sa tionscadal, atá á mbainistiú ag an gComhairle Oidhreachta, agus bhí an OOP mar cheann de rannpháirtithe príomhúla na seachtaine, a bhí ar siúl idir an 24 Lúnasa agus an 31 Lúnasa 2009.

Cheiliúr na himeachtaí seo stair na láithreán ar a lán bealaí, lena n-áirítear ceol, litríocht, athachtuithe agus turais treoraithe.

Ócáidí eileD’éascaigh Seirbhísí do Chuairteoirí roinnt ócáidí éagsúla lasmuigh den tSeachtain Oidhreachta. D’fholaigh siad seo ceolchoirmeacha a thug ceoltóirí ar nós Paul Brady agus Imelda May, ceolchoirmeacha a cuireadh ar siúl ag Dún Chathail i mí Iúil 2009 mar chuid de Sheachtain Oidhreachta Chionn tSáile, chomh maith le Seoladh na Féile Pan-Cheiltí, 2009, a cuireadh ar siúl ag Caisleán Dhún na nGall i mí Aibreáin.

Seirbhís do ChustaiméiríFoilseacháin

Le linn 2009, lean Seirbhísí do Chuairteoirí dá gcur chuige réamh-ghníomhach i bhfaisnéis a sholáthar do láithreáin oidhreachta tógtha laistigh dá sainchúram. Cuireadh tús le hobair ar sholáthar an Bhróisiúir Léarscáile Fraincise agus Gearmáinise “Láithreáin Oidhreachta na hÉireann” a bheidh i bhfeidhm don séasúr 2010.

Fógraíocht agus Feasacht Ghinearálta

I 2009, lean muid orainn le polasaí ag cur isteach fógraíocht chló amháin i bhfoilseacháin a dhéileálann go díreach leis an trádáil Turasóireachta nó Taistil.

Tuarascáil Bhliantúil

60

Bhí baint againn freisin, ar bhonn tástála, le líon beag Grúpa Turasóireachta áitiúla. Bhí méadú ar chomhoibriú i dtéarmaí margaíochta agus fógraíochta mar thoradh air seo.

Tá ár láithreán gréasáin www.heritageireland.ie an-bhunaithe agus déanann muid ár ndícheall cinntiú go bhfuil an t-eolas cruinn agus cothrom le dáta. Is modh éifeachtach é seo chun aon chás ar leith a fhéadfaidh teacht aníos a chur in iúl do bhaill an phobail.

Maoine StairiúlaSa chuid dheireanach den bhliain 2009, cónascadh Maoine Stairiúla agus Bainistíocht Ócáidí isteach i Rannóg amháin – Maoine Stairiúla Náisiúnta faoina Stiúrthóir nua, an tUas. Joe Farrell.

Tá Maoine Stairiúla freagrach as an gcaomhnú, as an mbainistiú agus as an bhforbairt ar níos mó ná 22 Maoin Stairiúil agus as soláthar rochtana ar na maoine seo, Cuimsíonn siad seo maoine suaitheanta ar nós Pháirc an Fhionnuisce, Gharraithe Náisiúnta na Lusanna, Pháirc Fhaiche Stiabhna, Chath na Bóinne (Eastát an tSeandroichid), Oileán an Chuilinn (agus Garinis) agus Chrannlann JFK.

Cuimsíonn sainchúram na bhfreagrachtaí athchóiriú Maoine Stairiúla, soláthar áiseanna do Chuairteoirí, uasghrádú agus athchóiriú Páirceanna, Garraí agus Crannlanna Stairiúla, agus léiriú agus léirmhíniú na maoine seo.

Ag forbairt agus ag bainistiú Maoine Stairiúla mar mhúnluithe feabhais i gcaomhnú agus i léiriú na hoidhreachta tógtha. ■

Ag aithint agus ag tabhairt airde ar na saintréithe leithleacha atá ag gach maoin i mbainistíocht a fhorbairt. ■

Ag léiriú láithreán oidhreachta le seirbhís Treorach ar na caighdeáin is fearr agus ag cur úsáidí na maoine go léir chun ■

cinn, i gcomhréir le cosaintí láithreáin agus le luachanna oideachais.

Ag stiúradh feachtas fógraíochta, taighde agus anailís margaidh agus ag táirgeadh foilseachán. ■

Olltionscadail nó Olloibreacha a rinneadh ag na láithreáin seo a leanas le linn 2009Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha CliathOllchlár cúram crann de phlandálacha ar feadh Bhóthar Conyngham ó Shráid Gheata na Páirce go bealaí isteach Shéipéal Iosóid ar Pháirc an Fhionnuisce.

Timpeallán nua ag Cros Mhuinseo.

Córas timpealláin nua agus leagan amach nua bóthar Phlásóg an Labhrais.

Raon rothar an Bhóthair Thuaidh.

Córas bóthair aontreo le hoibreacha cumasúcháin ag bealach isteach Shéipéal Iosóid.

Athchóiriú áiseanna foirne ag Plandlann Klondyke.

2009

61

Garraí Heywood, Co. LaoiseÁiríodh ar na hoibreacha a cuireadh i gcrích i mbliana athfhoirgniú na leac pábhála timpeall na faiche léibhinn i nGarraí Lutyen, uasghrádú na cóiríochta foirne agus cuireadh comharthaíocht agus léirléamh nua ar fáil ar fud an láithreáin. Tá tús curtha le hoibreacha feabhais ar Chathaoir Claude agus ar Theach na bhFolcadán.

Garraithe na LusannaTús curtha le hAthchóiriú Bhialann na Foirne agus Theach an tSaoiste.

Tús curtha le hathchóiriú Theach Teak.

Garraí AltamontTá tús curtha le hoibreacha chun cóiríocht foirne agus áiseanna leithris phoiblí atá ag teastáil go géar a chur ar fáil.

Teach Dhoire FhíonáinThug 21,330 duine cuairt ar Theach Dhoire Fhíonáin i 2009. Rinneadh oibreacha feabhsúcháin ar an soláthar uisce i dTeach Dhoire Fhíonáin. Rinneadh oibreacha deisiúcháin chósta ar cheantar na trá. Uasghrádaíodh comharthaíocht ar an láithreán. Rinneadh leathnú suntasach ar an gcnuasach plandaí sa gharraí.

GairinisSuiteáladh ar an oileán cás taispeántais a léiríonn éachtaí agus ionchur luachmhar an gharraíodóra Albanigh Murdo MacKenzie ar son Oileán an Chuilin. Rinneadh leathnú suntasach ar an gcnuasach plandaí sa gharraí.

Dún ar AillD’oscail an tAire Stáit, an Dr. Martin Mansergh T.D. an clós súgartha go hoifigiúil i mí na Bealtaine. Cuireann an áis seo go mór leis an láithreán agus tharraing sí cuairteoirí i gcéin is i gcóngar. Tá tús curtha le clár oibreacha, lena n-áirítear soláthar carrchlós nua forsceithe, oibreacha ar fhuinneoga an tí phríomha agus ar Theachín an Gharraíodóra agus oibreacha dín ar Theach an Chóiste.

Bainistíocht ÁiseannaTá an tAonad Bainistíochta Áiseanna agus Ócáidí freagrach go príomha as bainistiú roinnt maoine tábhachtacha Stáit a úsáidtear chun áiseanna a sholáthar d’fheidhmeanna agus d’fháilteachas Stáit. Is é bainistíocht Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus a Ionaid Chomhdhála agus Farmleigh agus croí an Aonaid. Áirítear ar na maoine eile atá á mbainistiú ag an Aonad Áras an Uachtaráin, Coimpléasc Shráid Mhaoilbhríde na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, Raon Thuaidh an Ospidéil Ríoga, Cill Mhaighneann agus Teach Bhaile an Chaisleáin.

Féadfar éagsúlachtaí bheith i nádúr na seirbhíse, ag brath ar shaintréithe na maoine. Cuimsíonn sí, de ghnáth, cothabháil na dtailte, slándáil agus comhoibriú ginearálta na seirbhísí riachtanacha ar mhaithe le coinneáil agus reáchtáil na maoine.

Tuarascáil Bhliantúil

62

Teach Bhaile an ChaisleáinThug 10,500 duine cuairt ar Theach Bhaile an Chaisleáin i 2009 agus d’fhreastail 25,000 duine ar na hócáidí éagsúla a cuireadh ar siúl ag an Teach le linn na bliana.

Ócáidí

Reáchtáladh Ócáidí Ceoil saor in aisce don phobal agus ceithre Mhargadh Feirmeoirí gach Domhnach le linn mhíonna an tsamhraidh.

Chuir Camerata Ireland Orchestra agus Barry Douglas ar siúl deireadh seachtaine rathúil ceolchoirmeacha agus gníomhaíochtaí ceoil i mí Mheán an Fhómhair. Sheinn Music in Great Irish Houses a cheolchoirm bhliantúil i mí an Mheithimh.

Tionscadail

Cuireadh tús le tionscadal caomhantais ar athchóiriú na bhFoirgneamh Clós Feirme ar-láithreán i 2009.

Athchóiríodh na crainn solais an-neamhchoitianta Murano sa Ghailearaí Fada.

Mar chuid d’athchóiriú céimnithe na gconláistí agus na saintréithe diméine, bhain OOP an siolta den linn íochtarach. Bhí an obair seo mar chuid d’oibreacha maolaithe ar thuilte féideartha freisin.

FarmleighD’óstáil Farmleigh roinnt cuairteanna tábhachtacha i 2009, lena n-áirítear cuairteanna ó Phríomh-Aire na Tansáine agus ó Phríomh-Aire na Macadóine. Léiríodh ról Farmleigh mar ionad d’ócáidí ard-leibhéil Rialtais i 2009, le 84 ócáid den chineál seo curtha ar siúl ar fhreastail 4511 toscaire orthu.

Shonraigh 2009 bliain an-rathúil eile do chlár rochtana poiblí Farmleigh. D’fhreastail 245,937 cuairteoir ar, agus bhain siad taitneamh as, na laethanta oscailte, na turais treoraithe agus na hócáidí poiblí éagsúla saor in aisce ó mhí an Mhárta go mí na Nollag.

Caisleán Chill ChainnighLe haghaidh éileamh cuairteoirí a chomhlíonadh, tugadh an turas féintreoraithe ar an 17 Márta agus leanadh d’uasghrádú léiriú an Chaisleáin, an fhearainn pháirce agus na gcnuasach ar fud na bliana, lena n-áirítear athghreanáil agus vearnaiseáil na n-urlár sa Ghailearaí Pictiúr agus sa Seomra Bia agus obair uasghrádaithe agus feabhais ar cheantar linne na dtailte. Cuireadh isteach iarratas ar Chreidiúnú Músaeim i mí an Mheithimh.

Caisleán Bhaile Átha CliathComhdháil & Imeachtaí: Cuireadh 337 imeacht ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar fhreastail timpeall ar 35,000 duine orthu.

Turais Treoraithe: Ba é 127,740 líon na gcuairteoirí ar na Seomraí Stáit i 2009.

Bainistíocht Ócáidí: Cuireadh 92 ócáid ar siúl ag roinnt láithreán i 2009.

2009

Ceanncheathrú Bhaile Átha Troim an OOP – Radharc Oíche

Tuarascáil Bhliantúil

64

Foireann agus Pearsanra Sinsearach

Foireann an OOP amhail 31 Nollaig 2009Aire Stáit agus Riaracháin 440

Ailtireacht 122

Innealtóireacht 79

Eile 30

Gráid an OOP (lena n-áirítear séasúrach/ócáideach) 1,236

Iomlán 1,907

Pearsanra SinsearachSeán Benton go dtí 04/09/09 Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí

Clare McGrath ó 05/09/09 Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí

Seirbhísí MaoineAn Coimisinéir Clare McGrath (go dtí mí Mheán Fómhair, 2009)

An Coimisinéir John Sydenham (ó mhí na Samhna, 2009)

Seirbhísí Bainistíochta TionscadalAn Coimisinéir John Mc Mahon

Seirbhísí Bainistíochta MaoineTom Costello Paul Molloy Príomhoifigigh

Cothabháil MaoineAngela Rolfe Ceannaire na Rannóige Cothabhála

An tAonad Sláinte agus SábháilteachtaKen Moore Príomhoifigeach Cúnta

Seirbhísí OidhreachtaDermot Burke Príomhoifigeach

Seirbhísí AiltireachtaPat Cooney Stiúrthóir na Seirbhísí Ailtireachta

Liam Egan Michael Haugh Ciaran O’Connor Klaus Unger Finbar Wall Príomh-Ailtirí Cúnta

Bainistíocht SaoráidíLiam Basquille Príomhoifigeach

Mary Heffernan Bainisteoir Ginearálta, Farmleigh

Tommy O’Shaughnessy Bainisteoir Ginearálta, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Seirbhísí Corparáideacha

2009

65

An tSeirbhís Soláthair NáisiúntaMartin Bourke Príomhoifigeach

Seirbhísí InnealtóireachtaTony Smyth Stiúrthóir na Seirbhísí Innealtóireachta

Jim O’Sullivan Príomh-Innealtóir Meicniúil & Leictreach

Leslie Lennox Tom Sherlock Príomhoifigigh

Mark Adamson Tom Bolger Michael Collins John Curtin John Gallagher Príomh-Innealtóirí Cúnta

Seirbhísí CorparáideachaVincent Campbell Stiúrthóir na Seirbhísí Corparáideacha

Seirbhísí Pearsanra & ForbarthaJune Thompson Príomhoifigeach

An tIonad ComhionannaisMary O’Reilly Oifigeach Comhionannais & Míchumais

An tSeirbhís Cúnaimh d’FhostaitheLorus Collum Eileen Maher Oifigigh Chúnaimh d’Fhostaithe

An tAonad Eagraíochtúil, Saoráil Faisnéise, Seirbhísí DlíEnda Mulvihil Príomhoifigeach

Bainistíocht EalaínePat Murphy Comhairleoir Ealaíne

Jacquie Moore Leas-Chomhairleoir Ealaíne

Seirbhísí Bainistíochta TionscadalBrian Allen Kevin Connolly Príomhoifigigh

Aidan Quinn Ceannaire na Seirbhísí Suirbhéireachta Cainníochta

An tAonad DíláithraitheMichael Fennelly Príomhoifigeach

Seirbhísí Airgeadais agus Gníomhaireacht Soláthair an RialtaisJoe Farrell Príomhoifigeach

Oifig Caidrimh PhoiblíGeorge Moir Oifigeach Caidrimh Phoiblí

Seirbhísí Airgeadais agus TFMick Long Príomhoifigeach

Tuarascáil Bhliantúil

66

PearsanraCuireann Rannóg Pearsanra Oifig na nOibreacha Poiblí (ina bhfuil dhá aonad, is iad sin Pearsanra Bunaithe agus Pearsanra Tionsclaíoch) seirbhís tacaíochta ar fáil d’eagraíocht mhór iltaobhach suite in a lán áiteanna éagsúla le lucht oibre sa bhreis ar 1,900 (atá cothrom le beagnach 2,300 le linn mhíonna an tsamhraidh) i ngráid riaracháin, ghairmiúla, theicniúla agus thionsclaíocha.

Mar gheall ar na cineálacha éagsúla oibre a dhéanann an OOP tá meascán leathan d’inniúlachtaí agus de scileanna ag na baill foirne. Rannchuidíonn an fhoireann ilghnéitheach, éirimiúil le gnó an OOP i réimsí cosúil le soláthar, cothabháil maoine, bainistíocht maoine agus tionscadal, dearadh ailtireachta, seirbhísí innealtóireachta, caomhantas agus cur i láthair oidhreachta agus bainistíocht faoiseamh tuilte.

I 2009, chuir an Rannóg Pearsanra raon seirbhísí ar fáil do bhainistíocht agus d’fhoireann an OOP araon (e.g. earcaíocht, ardú céime, pá agus pinsin, roghanna maidir le cothromaíocht oibre-saoil agus roghanna saoire éagsúla), sháraigh sí na dúshláin eagraíochtúla inmheánacha a d’eascair as an tionscadal díláraithe agus dhéileáil sí le castacht mhéadaitheach an dlí fostaíochta agus le saincheisteanna a bhain le baill foirne indibhidiúla.

Faoi Chlár Díláraithe an Rialtais, d’aistrigh 26 ball foirne chuig an OOP agus d’aistrigh 20 ball foirne ó OOP i 2009.

Rinneadh cumarsáid leanúnach faoi shonraí an díláithrithe leis an bhfoireann agus le ceardchumainn trí mheán fhóram ionadaíoch foirmiúil na Comhpháirtíochta agus na Comhairle Rannaí, agus le ceardchumainn agus baill foirne indibhidiúla.

Oscailt Oifigiúil Cheanncheathrú Bhaile Átha Troim: Martin Mansergh le Derry McVeigh, Brian Dunleavy, Patrick Keating, Susan Gore, Brian Dorman agus Peter Marron, Oifigigh Seirbhíse.

2009

67

An tAonad um TFCBa é an príomhfhócas i 2009 seachadadh na dtionscadal agus na seirbhísí a leagtar amach ina Phlean Gnó.

Ba iad seo a leanas na heochair-tionscadail:

(a) Aistriú Seirbhísí TFC ón oifig dhíláraithe go sealadach i mBaile an Scorlógaigh, Baile Átha Troim, Co. na Mí go dtí an Foirgneamh Ceannceathrún nua i Sráid Jonathan Swift.

(b) Aistriú seirbhísí agus crua-earraí TFC do na baill foirne i 51 Faiche Stiabhna a bhí ag athlonnú go dtí an foirgneamh Ceannceathrún nua.

(c) Suiteáil agus cumraíocht líonra gan sreang, físchomhdhála agus seirbhísí Prótacal Idirlín don Ghuthú (VoIP) chun tacú leis an struchtúr gnó díláraithe nua.

(d) Suiteáil agus cumraíocht Líonra Limistéar Stórála (SAN) i bhfoirgneamh ceanncheathrún Bhaile Átha Troim. D’éascaigh sé seo macasamhlú as láithreán sonraí tábhachtacha trí phróiseas ar a dtugtar “scáthánú” idir oifig Bhaile Átha Troim agus na príomhoifigí Bhaile Átha Cliath. Tacóidh sé seo le hiarrachtaí an OOP ar leanúnachas gnó i gcás cúinse athshlánaithe ó thubaiste.

(e) Chuir an tAonad tairiscint isteach le haghaidh uasghráduithe ar naisc an Líonra Achair Fhairsing (WAN) ar feadh réimse láithreán áitiúil na hOifige le feabhas a chur ar fheidhmíocht líonra agus le húsáid ní ba mhó físchomhdhála agus VOIP idir láithreáin chiana a éascú.

Staitisticí na Deisce CabhrachChríochnaigh Deasc Chabhrach TFC 10,408 glaoch úsáideora i 2009, i gcomparáid le 9,427 i 2008 (+10.5%). D’fhéadfaí an méadú seo a mhíniú trí thabhairt isteach teicneolaíochtaí nua mar chuid den athlonnú go ceannceathrú Bhaile Átha Troim agus tríd an am a bhí ag teastáil ó úsáideoirí éirí cleachta leis seo.

Saoráil Faisnéise (FOI)/Seirbhísí DlíI rith 2009, phróiseáil an tAonad um Shaoráil Faisnéise/Seirbhísí Dlí 56 iarratas Saorála Faisnéise, 87 cás dlíthiúil nua ar ghá don Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát déileáil leo, 21 cás ar ghá d’Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit déileáil leo agus roinnt saincheisteanna dlíthiúla ilghnéitheacha.

Iniúchadh InmheánachIs iad feidhmeanna príomhúla an Aonaid um Iniúchadh Inmheánach ná a dhearbhú don Oifigeach Cuntasaíochta (Cathaoirleach) go bhfuil na córais rialaithe inmheánaigh in Aonaid Ghnó na hOifige leordhóthanach, agus an leibhéal comhlíonta leis na córais sin a dheimhniú.

Eisíodh 15 tuarascáil iniúchta inmheánaigh le linn 2009 a scrúdaigh leorgacht na gcóras rialaithe inmheánaigh agus an leibhéal comhlíonta le reachtaíocht, caighdeáin, rialacháin agus nósanna imeachta san Aonad Gnó um Chothabháil Maoine agus san Aonad Gnó um Sheirbhísí Oidhreachta de chuid Seirbhísí Corparáideacha.

Rinne an Coiste Iniúchta maoirseacht ar obair an Aonaid um Iniúchadh Inmheánach ar feadh na bliana.

Tuarascáil Bhliantúil

68

An tAonad ComhionannaisI 2009, lean an tAonad Comhionannais air ag tabhairt tacaíochta do chearta fhostaithe an OOP ar dhínit ar an láthair oibre trí chur i bhfeidhm na mbeartas frith-chiaptha, ciaptha ghnéasaigh agus bulaíochta a chumhdaítear sa doiciméad Timpeallacht Oibre Dhearfach agus i gComhionannas Fostaíochta ábhartha agus i bhforálacha reachtúla eile. D’fholaigh gníomhaíochtaí bainistiú gearán, socrú beart praiticiúil chun cuidiú le baill foirne faoi mhíchumas, rannpháirtíocht i suirbhéanna, tionscnaimh scáthfhoghlama agus teagmháil le Líonra Idirchaidrimh do Dhaoine faoi Mhíchumas na Státseirbhíse. Folaíonn sainchúram an Aonaid Chomhionannais an fhoireann riaracháin, ghairmiúil, theicniúil agus thionsclaíoch laistigh den OOP.

An tAonad Oiliúna2009

Lean líon mór foirne orthu leas a bhaint as na deiseanna oiliúna a cuireadh ar fáil i 2009. Cuireadh oiliúint i scileanna ríomhaire agus i scileanna inniúlachta ar fáil, chomh maith le cúrsaí um fhorbairt ghairmiúil leanúnach do bhaill foirne ghairmiúla agus theicniúla. Sholáthar an Scéim um Aisíoc Táillí an deis do bhaill foirne staidéar a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre. Cuireadh ar fáil cúrsaí éagsúla oiliúna i scileanna cléireachais agus riaracháin feidhmeannaigh, chomh maith le hinfheistíocht isteach in oiliúint ceannasaíochta do bhainisteoirí sinsearacha. D’fhreastal líon mór foirne ar sheimineáir agus ar chomhdhálacha maidir le réimse leathan ábhar obair-bhainteach. Leanadh ar aghaidh leis an gclár fíor-rathúil d’oiliúint réamhscoir ar feadh 2009, agus tionóladh cúrsaí ar ar fhreastail líon mór daoine i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh.

Brainse na gCuntasTá Brainse na gCuntas san OOP freagrach as:

íocaíochtaí údaraithe a dhéanamh, go príomhúil párolla agus éilimh chonraitheoirí, ■

acmhainní airgeadais na hOifige a thaifeadadh, a bhainistiú agus cuntas a thabhairt orthu, ■

riachtanais Mheastacháin na hOifige a chur ar fáil go héifeachtúil agus in am agus caiteachas laistigh den leithdháileadh ■

vótáilte a bhainistiú, agus

faisnéis a thabhairt don Aire agus don Choiste Comhairleach Bainistíochta faoi shaincheisteanna airgeadais. ■

I 2009, rinne Brainse na gCuntas na nithe seo a leanas a phróiseáil

42,065 Treoir Íocaíochta (ITP), ■

10,044 admháil, ■

6,187 éileamh taistil, ■

4,663 íocaíocht cíosa agus ■

d’íoc sé tuarastal agus pá suas le 2,600 ball foirne. ■

2009

69

Bhainistigh Brainse na gCuntas caiteachas vótáilte agus neamhvótáilte cothrom le €751.624m, fáltais de €142.874m agus €13.327m a bhain le haisíocaíochtaí d’Iasachtaí Áitiúla.

Le cois ghníomhaíochtaí leanúnacha an Bhrainse, lean Brainse na gCuntas ar aghaidh ag obair go dlúth le Foireann Tionscadail an Chreata um Fhaisnéis Bhainistíochta chun an Córas Airgeadais Integra a fhorbairt agus a fheabhsú agus i 2010, cuirfear modúl Ceannach go hÍoc Integra i bhfeidhm. Tugadh íocaíochtaí agus admhálacha EFT isteach i leith Conraitheoirí sa bhliain 2009. Sa bhliain amach romhainn, tabharfar tosaíocht do Ráiteas Aschuir Bliantúil na hOifige a chur i láthair Roghchoiste na Dála ar Airgeadas agus an Choiste um Sheirbhís Phoiblí agus do na riachtanais mhonatóireachta agus tuairiscithe a mbeidh gá leo chun cloí le leithdháiltí caiteachais laghdaithe.

An tSeirbhís um Chuntasaíocht BainistíochtaTá baint ag an tSeirbhís um Chuntasaíocht Bainistíochta le forbairt an chórais airgeadais ‘Integra’, a bhí dírithe go príomhúil i 2009 ar na modúil a bhain le Ceannach go hÍoc. Táirgeadh cuntais bhliantúla agus thráthúla nó ráitis airgeadais i ndáil le Seirbhísí Ailtireachta, Seirbhísí Soláthair, Bainistíocht Ealaíne, agus na Príomhcheardlanna Innealtóireachta. Tá an tSeirbhís um Chuntasaíocht Bainistíochta freagrach as tiomsú Chlár Sócmhainní Caipitil an OOP.

An Rannóg Caidrimh PhoiblíI 2009, dhéileáil an Rannóg Caidrimh Phoiblí le breis agus 800 fiosrú ón bpobal agus ó na meáin chumarsáide i ndáil le gníomhaíochtaí an OOP ar fud na tíre. Leanadh ar aghaidh ar fud na bliana ag táirgeadh fhoilseacháin an OOP, cosúil leis an Tuarascáil Bhliantúil, le hirisleabhar “Obair” agus le tréimhseacháin eile.

Lean an Rannóg Caidrimh Phoiblí uirthi le réimse láithreán gréasáin an OOP agus cuireadh láithreáin nua ar-líne do Chaisleán Chill Chainnigh www.kilkennycastle.ie, do Farmleigh www.farmleigh.ie, do Bhaile an Chaisleáin www.castletown.ie agus do Pháirc an Fhionnuisce www.phoenixpark.ie. Cuireadh i gcrích uasghrádú an inlín d’fhoireann an OOP i 2009 freisin. Ligeann córas comhtháite bainistíochta ábhair d’fhoireann speisialaithe ábhar iomchuí a uaslódáil dá láithreáin ghréasáin ar leith.

I 2009, lean an Rannóg Caidrimh Phoiblí uirthi ag cur seirbhísí tacaíochta ar fáil do na hócáidí uile ar fud na tíre a bhain leis an OOP. Mar gheall ar an drochaimsir, cuireadh béim ar leith ar ghníomhaíocht Bainistíochta Riosca Tuilte. B’ionann oscailt cheanncheathrú nua an OOP i mBaile Átha Troim, Contae na Mí, agus ócáid thábhachtach maidir leis na meáin agus fuair sí a lán poiblíochta.

Tháinig Neil Ryan i gcomharbacht ar George Moir mar Phreasoifigeach an OOP i mí Dheireadh an Fhómhair 2009. Tá an Rannóg Caidrimh Phoiblí lonnaithe anois sa cheanncheathrú nua i mBaile Átha Troim ach coinníonn sí láithreacht i mBaile Átha Cliath.

Tuarascáil Bhliantúil

70

An Oifig Bainistíochta EalaíneThug an Oifig Bainistíochta Ealaíne faoi chuid mhaith tionscadal um Chéatadán le haghaidh na hEalaíona ar fud na bliana, lena n-áirítear suiteáil Liquid Mountain ag Andrew Kearney i dTeach Ceoldráma Loch Garman, suiteáil Poem Sculpture ag Vivienne Roche i gcomhar leis an bhfile Derek Mahon i gceanncheathrú díláraithe na Roinne Ealaíona, Spóirt agus Turasóireachta i gCill Airne, agus suiteáladh fíor Justice ag Leo Higgins ar aghaidh Choimpléasc na gCúirteanna Coiriúla ar Bhóthar na hOtharlainne i mBaile Átha Cliath. Bhí aire agus caomhnú an Bhailiúcháin Ealaíne Stáit go fóill ina dtosaíocht do chlár oibre na hOifige Bainistíochta Ealaíne. Bhí olltionscadal fardail ar siúl chun dea-chleachtas a chinntiú i mbainistiú an bhailiúcháin, atá lonnaithe sna céadta spás poiblí agus maoin oidhreachta ar fud na tíre.

Ba í portráidíocht an téama don taispeántas bliantúil turasóireachta, 2009, agus is oiriúnach gur tugadh Faces air. Ba éard a bhí ann ná portráidí ón 17ú hAois, lena n-áirítear The Countess of Southampton ag Anthony Van Dyck, agus oibreacha níos comhaimseartha, ar nós na portráide coimisiúnaithe den Iar-Thaoiseach, Bertie Ahern TD. Eagraíodh an taispeántas i gcomhar leis an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann. Thug sé cuairt ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar Ionad Ealaíona Flowerfield i bPort Stíobhaird, Co. Dhoire, ar an bPríomh-Gharda, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann, agus Gailearaí Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, mar ar oscail an tAire Martin Mansergh TD agus an tAire Sammy Wilson d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann an taispeántas le chéile.

Scoir an Comhairleoir Ealaíne, Dr. Patrick J. Muphy, i mí Mheán an Fhómhair 2009, tar éis dó deich mbliana de sheirbhís thiomnaithe a thabhairt don OOP agus do na hEalaíona.

2009

Lady Loftus le Sir Peter Lely ón mBailiúchán Ealaíne Stáit, Caisleán Rath Fearnáin

Tuarascáil Bhliantúil

72

An Clár CaiteachaisLéiríonn an tábla seo thíos an caiteachas uile a bhainistigh an OOP i 2009 de réir an chláir (cuirtear figiúirí 2008 ar fáil ionas gur féidir comparáid a dhéanamh idir eatarthu). Baineann sé le cistí a bronnadh go díreach ar an OOP trí mheán Vóta 10; cistí a riaradh thar ceann na Roinne Airgeadais; agus caiteachas ar oibreacha agus seirbhísí a bhainistigh an OOP agus a d’íoc Ranna nó Gníomhaireachtaí eile Rialtais astu.

Caipiteal agus Neamhchaipiteal

1 Seirbhísí Maoine agus Bainistíochta Tionscadal 2008 €000

2009 €000

1.1 Ceannach láithreán agus foirgneamh 39,925 5,746

1.2 An Clár Tógála 325,816 189,691

1.3 Cothabháil, ábhar agus soláthairtí 73,955 59,607

1.4 Breosla, leictreachas, uisce ábhair ghlantacháin 1,902 1,724

1.5 Cíos, rátaí, srl. 146,726 165,353

1.6 Deontas d’Oibreacha Athchóirithe Áirithe 11,000 9,350

Iomlán an Chláir 599,324 431,471

2 Seirbhísí Innealtóireachta 2008 €000

2009 €000

2.1 Suirbhéanna draenála 1,540 1,396

2.2 Bainistíocht Riosca Tuilte 24,879 36,461

2.3 Oibreacha Cothabhála – Costais chothabhála scéimeanna críochnaithe 19,576 17,713

2.4 Oibreacha Innealtóireachta le haghaidh Ranna eile 59 93

2.5 Ceannach gléasra agus innealra innealtóireachta 1,007 970

2.6 Cothabháil gléasra agus innealra innealtóireachta 2,262 1,975

Iomlán an Chláir 49,323 58,608

3 Seirbhísí Soláthair Náisiúnta 2008 €000

2009 €000

3.1 Seirbhísí Foilseacháin Rialtais agus Bainistíocht Ealaíne 1,626 1,578

3.2 Seirbhísí Soláthair Ghinearálta 0 100

Iomlán an Chláir 1,626 1,678

Athbhreithniú Airgeadais 2009

2009

73

4 Seirbhísí Oidhreachta 2008 €000

2009 €000

4.1 Maoine Stairiúla 18,616 16,744

4.2 Séadchomharthaí Náisiúnta 18,793 17,340

4.3 Seirbhísí do Chuairteoirí 9,306 8,189

4.4 Foireann Tí an Uachtaráin 1,001 877

Iomlán an Chláir 47,716 43,150

5 Seirbhísí Corparáideacha 2008 €000

2009 €000

5.1 Tuarastail, pá agus liúntais 42,177 42,142

5.2 Taisteal agus cothabháil 1,650 1,096

5.3 Costais theagmhasacha 2,001 869

5.4 Seirbhísí postais agus teileachumarsáide 2,193 2,189

5.5 Trealamh oifige agus soláthairtí oifige eile 4,277 3,225

5.6 Costais maidir le háitreabh oifige 1,240 1,245

5.7 Seirbhísí Sainchomhairliúcháin 86 20

5.8 Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe ar Bheartas 10 16

Iomlán an Chláir 53,634 50,802

Ollchaiteachas Iomlán 751,623 585,709

Leithghabhálacha i gCabhair 25,527 31,447

Maoiniú na gClár 2008 €000

2009 €000

Vóta 10 Oifig na nOibreacha Poiblí (Ollmhéid) 634,861 478,349

Cuntais Vóta Rannacha atá á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí 116,762 107,360

Iomlán 751,623 585,709

Cistí atá á mbainistiú ag an OOP thar ceann na Roinne Airgeadais 2008 €000

2009 €000

Iasachtaí Áitiúla 13,327 11,908

Tuarascáil Bhliantúil

74

Oibreacha agus Seirbhísí atá á mBainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí i 2009 2009 €000

Tionscadal/Maoin 0

An tSeirbhís Soláthair Náisiúnta – Conarthaí Íostarraingthe % Seirbhísí Troscáin 66,330

Seirbhísí Ailtireachta 130,000

Deontais Spóirt an Chrannchuir Náisiúnta

196,330

Aisíocaíochtaí a rinneadh don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta faoi Chinneadh Rialtais Uimh. S29296 ar an 19 Bealtaine 2009

SonraíLíon na

nÍocaíochtaí Luach (€)

Céatadán (%) de na híocaíochtaí a

rinneadh san iomlán

*Íocaíochtaí san iomlán ó 15/6/09 go 31/12/09 23,712 236,911,538.97 100%

Líon na n-íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá 19,080 214,778,382.64 80.47%

Líon na n-íocaíochtaí a rinneadh idir 16 agus 30 lá 4,181 20,659,977.84 17.63%

Líon na n-íocaíochtaí a rinneadh tar éis 30 lá 451 1,473,178.49 1.90%

Rinne an OOP íocaíochtaí úis phionósaigh arbh ionann iad agus €13,643.30 i 2009 faoin Acht um Prapíocaíocht Cuntas, 1997.

* Faoin gCinneadh Rialtais, b’ionann an chéad tuarascáil a bhí orainn cur faoi bhráid na Roinne Fiontar, Trádála & Nuálaíochta agus an tuarascáil don tréimhse ón 15 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair 2009. Dá réir sin, cumhdaíonn na figiúirí thuas an tréimhse ón 15 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig 2009.

2009

75

Iontaobhas Chaisleán Bhaile BhairéidAn tIontaobhasMar iontaobhaithe an iontaobhais, tá cuntas fionraí coinnithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (an OOP) ó mhí Eanáir 1987 go dtí an lá atá inniu ann. Taifeadtar sa chuntas seo na hidirbhearta uile a dhéantar thar ceann an iontaobhais. Baineann an t-iarmhéid sa chuntas seo le caiteachas tabhaithe ag an OOP thar ceann an iontaobhais, fritháirithe ag tarraingtí anuas ó chuntais bhainc an iontaobhais. Coinníodh an cuntas ar bhonn cuntasaíochta airgid, i.e. níor aithníodh aon fhabhruithe ná réamhíocaíochtaí ag na dátaí cuntasaíochta. Sa tuairisc seo, leagtar amach cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe a ullmhaíodh le cuntasaíocht ar bhonn fabhraithe, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta.

Ní thaispeántar an caisleán agus na tailte mórthimpeall air, atá dílsithe don iontaobhas, i gclár comhardaithe an iontaobhais mar ní raibh costas i gceist lena bhfáil.

Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2008

*Nóta 2008 €

2007 €

IoncamÚs infhaighte *1 12,553 10,825

CostaisTáillí cuntasaíochta 2,065 2,300An Scéim um Scoláireacht do Champálaithe 5,000 5,000Bál Bhaile Bhairéid – 3,500Urraíocht don Champa – 1,000

7,065 11,800

Barrachas/(easnamh) don bhliain 5,488 (975)

Tuarascáil Bhliantúil

76

Clár Comhardaithe Amhail an 31 Nollaig 2008

*Nóta 31/12/2008 €

31/12/2007 €

Sócmhainní ReathaCuntas taisce ACC *3 253,969 265,815Ús taisce fabhraithe infhaighte 3,135 2,936

257,104 268,751

Dliteanais ReathaFabhruithe *4 (2,654) (20,066)Oifig na nOibreacha Poiblí – cuntas reatha *5 (4,452) (4,175)

(7,106) (24,241)

Glan-Sócmhainní Reatha 249,998 244,510

Arna Léiriú AgCuntas Caipitil *7 249,998 244,510

Nótaí a Ghabhann leis na Ráitis Airgeadais 31 Nollaig 2008

*1. Ioncam

Baineann an t-ús infhaighte le hús tuillte ar an gcuntas taisce ACC.

*2. Costais

Faoi théarmaí reatha an léasa leis an Gang Camp, tá an Gang Camp freagrach as na heisíocaíochtaí uile, lena n-áirítear cothabháil agus deisiú an chaisleáin.

Baineann an íocaíocht €5,000 (2007: €5,000) don Scéim um Scoláireacht do Champálaithe le gealltanas tugtha ag an iontaobhas go n-athnuafaidís urraíocht bhliantúil an linbh ag an gcampa.

*3. Cuntas Taisce ACC

Aontaíonn an t-iarmhéid sa chuntas taisce bainc ACC leis an ráiteas bainc amhail an 31 Nollaig 2008.

2009

77

*4. Creidiúnaithe (méideanna dlite laistigh d’aon bhliain) 31/12/2008 €

31/12/2007 €

Ernst & Young:– Táille Cuntasaíochta – 2006 – 2,178

– 2007 – 2,300– 2008 2,066 –

Scéim um Scoláireacht do Champálaithe – 15,000Fabhrú Ginearálta 488 488BSL 100 100

2,654 20,066

*5. Baineann iarmhéid cuntais reatha an OOP de €4,452 (2007: €4,175) le méideanna dlite ag an Iontaobhas a léiríonn an cuntas reatha nó “fionraí” a choinníonn an OOP.

*6. Leanann an OOP de bheith ag tacú le hIontaobhas Chaisleán Bhaile Bhairéid i ndáil le caiteachas ar oibreacha caipitil, ar phá agus ar chothabháil. Tugadh cuntas ar na costais sin i gcuntais an Rialtais.

*7. Cuntas Caipitil 31/12/2008 €

31/12/2007 €

Iarmhéid ag tús na bliana 244,510 245,485Barrachas/(easnamh) don bhliain 5,488 (975)

Iarmhéid ag deireadh na bliana 249,998 244,510

*8. Ní bhaineann ráitis airgeadais Iontaobhas Chaisleán Bhaile Bhairéid ach le bainistíocht an iontaobhais. Ní thaispeántar na sócmhainní (Caisleán Bhaile Bhairéid agus na tailte mórthimpeall air) a chothaíonn an OOP i ráitis airgeadais an iontaobhais mar ní raibh costas i gceist lena bhfáil.

Tuarascáil Bhliantúil

78

Dámhachtainí Buaite ag an OOP i 2009Rannóg Maoin Dámhachtain Údarás Dámhachtana

Seirbhísí Ailtireachta (i gcomhar le Grafton Architects)

An Roinn Airgeadais – 7-9 Rae Mhuirfean

Dámhachtain Ailtireachta na hÉireann

RIAI

Seirbhísí Ailtireachta Oifig Rae Mhuirfean agus na Billéid Mhíleata

Ar an ngearrliosta do Bhonn Downes

Dámhachtain AAI

Seirbhísí Ailtireachta (i gcomhar le Keith Williams Architects)

Teach Ceoldráma Loch Garman

Buaiteoir Dámhachtana Dámhachtainí Ailtireachta & Tógála Bhanc na hÉireann/OPUS 2008

Seirbhísí Ailtireachta Teach Ceoldráma Loch Garman

Iomaitheoir sa bhabhta ceannais idirnáisiúnta

Féile Ailtireachta an Domhain

Seirbhísí Ailtireachta Teach Ceoldráma Loch Garman

Iomaitheoir sa bhabhta ceannais idirnáisiúnta

Dámhachtainí LEAF

Seirbhísí Ailtireachta Teach Ceoldráma Loch Garman

An Foirgneamh Cultúrtha Is Fearr

Dámhachtainí RIAI

Seirbhísí Ailtireachta Teach Ceoldráma Loch Garman

Ar an ngearrliosta: An Babhta Leathdheireanach

Ainmniúchán do Dhámhachtain Stirling

Seirbhísí Ailtireachta Teach Ceoldráma Loch Garman

Buaiteoir Dámhachtana Dámhachtain RIBA

Seirbhísí Ailtireachta Teach Ceoldráma Loch Garman

Dámhachtain Giúiré Speisialta

Irish Times

Seirbhísí Ailtireachta Teach Uí Neachtain, Zú Bhaile Átha Cliath

Dámhachtain Taispeántais i gcatagóir an Chaomhantais

Dámhachtainí Ailtireachta na hÉireann

Seirbhísí Ailtireachta Oifig Sábháilteachta Bia, Bacastún

Buaiteoir Dámhachtana thar €20M OPUS

Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála OPUS 2009

Seirbhísí Ailtireachta Oifig Sábháilteachta Bia, Bacastún

Roghnú don Taispeántas Dámhachtainí Ailtireachta RIAI 2009

Seirbhísí Ailtireachta Athchóiriú Thithe Péitseoige Turner, Áras an Uachtaráin

Buaiteoir Dámhachtana thar €20M OPUS

Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála OPUS 2009

Seirbhísí Ailtireachta Stáisiún Gardaí an Bhaile Ghaelaigh

Buaiteoir Dámhachtana idir €2M agus €20M OPUS

Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála OPUS 2009

Seirbhísí Ailtireachta Stáisiún Gardaí Léim an Bhradáin

An Foirgneamh Poiblí is Fearr

Dámhachtain Ailtireachta RIAI

Seirbhísí Ailtireachta Stáisiún Gardaí Léim an Bhradáin

Ardmholadh Dámhachtain OPUS

Dámhachtainí

2009

79

Rannóg Maoin Dámhachtain Údarás Dámhachtana

Seirbhísí Ailtireachta Oifigí na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh & Bia, Droim Seanbhó, Co. Liatroma

Buaiteoir Dámhachtana idir €2M agus €20M OPUS

Dámhachtainí Ailtireachta agus Tógála OPUS 2009

Seirbhísí Ailtireachta Garraí Theach Rothe Dámhachtain Náisiúnta an Tírdhreacha Uirbigh

Dámhachtain na mBailte Slachtmhara

Seirbhísí Ailtireachta (Bucholz McEvoy)

An Siopa, Teach Laighean Lua Speisialta Dámhachtain AAI

Seirbhísí Ailtireachta Taispeántas um Stair Mhíleata, Beairic Uí Choileáin

Músaem na Bliana 2009/10

Seirbhísí Oidhreachta Ionad Cuairteoirí Bhrú Na Bóinne

Dámhachtain na 5 is Fearr Tarraingtí Laighean do Theaghlaigh 4kids.ie 2009

Maoine Stairiúla Náisiúnta Farmleigh Dámhachtain is Fearr in Éirinn

Fáilte Ireland/Optimus

Maoine Stairiúla Náisiúnta Láithreán Chath na Bóinne Bhuaigh an Taispeántas dámhachtain Chaomhantais

Dámhachtainí Ailtireachta na hÉireann

Séadchomharthaí Náisiúnta Coimpléasc an Mhuilinn Úir, Co. Dhún na nGall

Láithreán/Músaem is Fearr Dámhachtainí Oidhreachta Tionsclaíche

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal

An Roinn Airgeadais – 7-9 Rae Mhuirfean

Dámhachtain Speisialta Cumann Ailtireachta na hÉireann

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal

An Roinn Airgeadais – 7-9 Rae Mhuirfean

Buaiteoir Duaise Dámhachtainí an Iontaobhais Shibhialta (RA) 2009

Tuarascáil Bhliantúil

80

Oifig na nOibreacha PoiblíPríomhoifig Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, Co. na Mí Teil: (046) 942 6000 Facs: (046) 948 1793 Íosghlao: 1890 213 414

Oifig Bhaile Átha Cliath 52 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2 Teil: (01) 647 6000, Facs (01) 661 0747 Íosghlao: 1890 213 414

Ríomhphost: [email protected] Láithreán Gréasáin: www.opw.ie

Oifig DhíláraitheSeirbhísí Bainistíochta Tionscadal Seirbhísí Oidhreachta, Seirbhísí do Chuairteoirí Foilseacháin Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais Aonad 20 Páirc Mhiondíola Cois Locha, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo (01) 647 6000

Seirbhísí Oidhreachta Dún Scéine, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 (01) 647 6000

An Rannóg um Shuirbhéireacht Chainníochta, Cuntasóirí Gairmiúla 4-5 Bóthar Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 (01) 647 6000

Seirbhísí Innealtóireachta Sibhialta agus Struchtúir Bainistíocht Riosca Tuilte 17-19 Sráid Haiste Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 (01) 647 6000

Seirbhísí Airgeadais Oifigí Rialtais, Bóthar Hebron, Cill Chainnigh (056) 777 2600 Íosghlao: 1890 213 424

Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais/NPPOU 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2 (01) 647 6000 Íosghlao: 1890 213 434

An Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2 (01) 679 3515

An Brainse Troscán Bóthar Bhaile Uí Bheoláin, Rialto, Baile Átha Cliath 8 (01) 453 1588

An tSeirbhís Cothabhála Foirgneamh Dún Uí Choileáin, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7 (01) 702 8811

Ionad Comhdhála Chaisleán Bhaile Átha Cliath Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2 (01) 645 8802

Farmleigh Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 9 (01) 815 5900

Baile an Chaisleáin Baile an Chaisleáin, Cill Droichid, Co. Chill Dara (01) 628 8705

An Phríomhcheardlann Innealtóireachta Bóthar Bhaile Shéamais, Inse Chor, Baile Átha Cliath 8 (01) 453 4204

Cothabháil don Draenáil ArtaireachAn Baile Nua, Baile Átha Troim, Co. na Mí (046) 943 1352

Páirc an Aonaigh, Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú (041) 685 3256

Baile Roibín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí (044) 48332

Ballycraine, Droichead an Chaisleáin, Co. Loch Garman (053) 24181

Droim Biúir, Bóthar na Muinchille, Co. Mhuineacháin (047) 83201

An tSráid Mhór, Áth Cinn, Co. na Gaillimhe (093) 35456

Bóthar Bhéal Easa, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo (096) 22065

Bóthar na Croiche, Leifear, Co. Dhún na nGall (074) 914 1273

Teach Theampall Mhungairit, Mungairit, Co. Luimnigh (061) 227 139

Oifigí agus Láithreáin Oidhreachta an OOP

2009

81

Droichead na hInse, Lios Tuathail, Co. Chiarraí (068) 21166

Cuan Chonnacht, Port Omna, Co. na Gaillimhe (090) 974 1086

14 Seanbhóthar na Carraige, Corcaigh (021) 496 7087

Seirbhísí HidriméadrachtaAn Baile Nua, Baile Átha Troim, Co. na Mí (046) 943 1352

An tSráid Mhór, Áth Cinn, Co. na Gaillimhe (093) 35456

Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí (090) 649 2918

Bóthar Hebron, Cill Chainnigh (056) 777 2641

Páirc an Aonaigh, Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú (041) 685 7992

Teach Theampall Mhungairit, Mungairit, Co. Luimnigh (061) 209 118

Bóthar Bhéal Easa, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo (096) 22065

Oifigí Réigiúnacha AiltireachtaTeach an tSíobhartaigh, Bóthar an Fhaoitigh, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15 (01) 812 8122

Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2 (01) 677 6106

Tithe an Rialtais, Bóthar Naomh Alfonsas, Dún Dealgan, Co. Lú (042) 933 4221

Teach Marino, Lárionad Gnó Fhionasclainn, Co Shligigh (071) 914 2202

Oifigí an Rialtais, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn (074) 912 1365

Sráid na Beairice, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí (090) 649 2087

13 Sráid Chaitríona, Port Láirge (051) 874 134

Tithe an Rialtais, Port Laoise (0502) 21133

Tithe an Rialtais, Sráid Áine, Loch Garman (053) 22470

14 Seanbhóthar na Dúcharraige, Corcaigh (021) 496 6200

An Diméin, Cill Airne, Co. Chiarraí (064) 22300

2 Sráid Mhala, Luimneach 2 (061) 313 500

Oifigí Rialtais, Durlas, Co. Thiobraid Árann (0504) 21532

“The White House”, 8, Cé an Chladaigh, Gaillimh (091) 546 480

Bóthar an Phailliúin, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo (094) 902 1331

Iostaí na Séadchomharthaí NáisiúntaIosta Bhaile Átha an Rí Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Raithín, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe (091) 844 373

Iosta Chill Chainnigh Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Eastát Tionsclaíoch Bhóthar Hebron, Cill Chainnigh (056) 772 1813

Iosta Chill Airne Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Carraig an Phréacháin, Cill Airne, Co. Chiarraí (064) 32402

Iosta Mhala Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Mala, Co. Chorcaí (022) 42278

Iosta Dhroim Dhá Thír Bainisteoir Oibreacha Ceantair, Droim Dhá Thír, Co. Liatroma (071) 916 4186

Iosta Bhaile Átha Troim Bainisteoir Oibreacha Ceantair, An Baile Nua, Baile Átha Troim, Co. na Mí (046) 943 1506

Tuarascáil Bhliantúil

Oifigi OOPLáithreáin OidhreachtaCeanncheathrú an OOP

An Clár

Corcaigh

Ciarraí

Muineachán

An CabhánLú

An Iarmhí

Uíbh FhailíCill Dara

Cill MhantáinLaois

Cill ChainnighLoch Garman

Ceatharlach

Port Láirge

An Longfort

Liatrom

Tiobraid Árann

Sligeach

Maigh EoRos Comáin

Baile Átha Cliath

An MhíGaillimh

Dún na nGall

Leifear

Sligeach

Béal an Átha

Caisleán an Bharraigh

Áth Cinn

Gaillimh

Port Omna

Dúrlas

Lios Tuathail

Trá Lí

Cill Airne

Corcaigh

Port Láirge

Mungarait

Droichead an Chaisleáin

An tInbhearMór

Port Laoise

Áth Luain

An Mhuileann gCearr

Lusca

Baile ÁthaFhirdhia

Baile ÁthaTroim*

Dún Dealgan

Droim Dhá Thír

Teamhair

Cúirt Ioma

Teach agus Gailearaí na GléibeMuilte Arbhair agus Lín

an Mhuilinn Úir

Caisleán Dhún na nGall

Mainistir ShligighCaisleán Parke

Achaidh Chéide

Mainistir na Búille

Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire

Caisleán Achadh na nIúr

Baile Átha an Rí*

Dún AonghasaAn Chúil

Caisleán Bhaile Átha an RíTeach an Phiarsaigh

Caisleán agus Gairdíní Phort Omna

Mainistir na hInse

Caisleán Átha DaraInis Chathaigh

Halla DeasmhumhanCaisleán Lios Tuathail

Ardeaglais Ard Fhearta

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Cnoc an RíCaisleán an Rois

Doire Fhionáin

Oileán na gCuilleann (Garinis)Caisleán Deasmhumhan Daingean Shéarlais

Mala*Caisleán Dhún Garbhán

Caisleán Chúirt an Bharraigh

Crannlann agus Gairdíní Fhóta

Túr Reginald

Caisleán Fhearna

CrannlannJohn F. Kennedy

Mainistir Sheiriopúin

Eaglais Naomh Mhuire

Uaimh Dhún Mór

Caisleán Chill Chainnigh

Gairdíní Heywood

Gairdíní Altamont

Teach Uí DhuibhirMhic Alastair

Cill Mochura

Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch

Teach Chaisleán an Bhaile

Caisleán BhaileÁtha Troim

Brú na BoinneSí an Bhrú & Cnobha

An tSean-Mhainistir MhórChath na Bóinne

Cluain Mhic Nóis

Ionad Cuairteoirí Rianta Chorr Liath

Caisleán MhaighNuad

Mainistir ThinternCaisleán Bhaile Hac

Caisleán Urmhumhan

Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir, 1848

Carraig Phádraig

Roscrea

Páirc Dhún ar Aill

Cill Airne*

Caisleán Ghallaruis

Coill Dhroim Mhór

Sligeach*

Leitir Ceanainn

Luimneach

Baile Átha Cliath

Cill Chainnigh

Luimneach

Caisleán na Cathrach

An Teach Eilvéiseach

An Príomhgharda

Eastát Seandroichead Ceanncheathrú an OOP

Éanlaith Fiáin Loch Garman