Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web...

22
Beartas Frithbhulaíochta (NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise seo agus an teimpléid lena mbaineann, mar ghníomh a chuimsíonn bulaíocht agus ciapadh araon. Ba chóir a thuiscint go gcuimsíonn an téarma “Beartas Frithbhulaíochta” chomh maith, chun críche an teimpléid seo, beartas um dhul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta agus beartas um dhul i ngleic le ciapadh agus gnéaschiapadh de réir cheanglais na nAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004.) Céimeanna molta le leanúint maidir leis an mbeartas seo a fhorbairt agus a athbhreithniú/nuashonrú: 1 Struchtúir a thionscnamh agus a bhunú Déan tagairt don eochaircháipéis Treoirlínte um Dhul i nGleic le hIompraíocht Bhulaíochta , 1993 , arna eisiúint chuig gach bunscoil agus iar- bhunscoil. Is é cuspóir na dTreoirlínte ná cúnamh a thabhairt do scoileanna agus bearta scoilbhunaithe á gcur le chéile acu chun cosc a chur ar iompraíocht bhulaíochta agus chun aghaidh a thabhairt uirthi agus d’fhonn feasacht ar an bhfadhb a ardú i measc údarás bainistíochta scoile, ball foirne, mac léinn agus tuismitheoirí. Tá an t-ábhar ar an teimpléad thíos bunaithe, go príomha, ar an gcáipéis sin, cé go ndéantar tagairt chomh maith do shaincheisteanna imní comhaimseartha, cosúil le bulaíocht teachtaireachtaí téacs, cibearbhulaíocht agus bulaíocht homafóbach. Socraigh ar cé a bheidh freagrach as an mbeartas sin a chur i bhfeidhm. Bunaigh grúpa nó coiste um chomhordú, má mheastar go bhfuil gá leis. Luann na Treoirlínte “ní mór d’údarás bainistíochta gach scoile agus a bheartas um dhul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta á fhorbairt acu, an beartas sin a chur le chéile i gcomhoibriú le foireann na scoile idir bhaill foirne teagaisc 1

Transcript of Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web...

Page 1: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Beartas Frithbhulaíochta

(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise seo agus an teimpléid lena mbaineann, mar ghníomh a chuimsíonn bulaíocht agus ciapadh araon. Ba chóir a thuiscint go gcuimsíonn an téarma “Beartas Frithbhulaíochta” chomh maith, chun críche an teimpléid seo, beartas um dhul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta agus beartas um dhul i ngleic le ciapadh agus gnéaschiapadh de réir cheanglais na nAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004.)

Céimeanna molta le leanúint maidir leis an mbeartas seo a fhorbairt agus a athbhreithniú/nuashonrú:

1Struchtúir a thionscnamh agus a bhunú

Déan tagairt don eochaircháipéis Treoirlínte um Dhul i nGleic le hIompraíocht Bhulaíochta , 1993 , arna eisiúint chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil. Is é cuspóir na dTreoirlínte ná cúnamh a thabhairt do scoileanna agus bearta scoilbhunaithe á gcur le chéile acu chun cosc a chur ar iompraíocht bhulaíochta agus chun aghaidh a thabhairt uirthi agus d’fhonn feasacht ar an bhfadhb a ardú i measc údarás bainistíochta scoile, ball foirne, mac léinn agus tuismitheoirí. Tá an t-ábhar ar an teimpléad thíos bunaithe, go príomha, ar an gcáipéis sin, cé go ndéantar tagairt chomh maith do shaincheisteanna imní comhaimseartha, cosúil le bulaíocht teachtaireachtaí téacs, cibearbhulaíocht agus bulaíocht homafóbach.

Socraigh ar cé a bheidh freagrach as an mbeartas sin a chur i bhfeidhm.

Bunaigh grúpa nó coiste um chomhordú, má mheastar go bhfuil gá leis. Luann na Treoirlínte “ní mór d’údarás bainistíochta gach scoile agus a bheartas um dhul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta á fhorbairt acu, an beartas sin a chur le chéile i gcomhoibriú le foireann na scoile idir bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc, faoi cheannaireacht an Phríomhoide agus i gcomhairle le tuismitheoirí agus daltaí. Ar an mbealach sin, glacann gach duine lena mbaineann páirt sa chleachtadh um chomhaontú ar an mbrí a bhaineann leis an téarma bulaíocht chomh maith leis na straitéisí scoilbunaithe a fhorbraítear mar thoradh ar an mbrí sin ar mhaithe le dul i ngleic léi.”

2 Athbhreithniú agus Taighde

Déan staidéar ar cháipéisí agus reachtaíocht ábhartha acmhainne, lena n-áirítear:

Treoirlínte um Dhul i nGleic le hIompraíocht Bhulaíochta, 1993.

Ciorclán M33/91 : Treoirlínte i dtreo beartas dearfach um iompraíocht agus araíonacht (lena n-áirítear, Cód Iompraíochta agus Araíonachta Molta d’Iar-Bhunscoileanna)

1

Page 2: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

An tAcht Oideachais, 1998 (ar fáil le cóipeáil anuas ag láithreán gréasáin an Oireachtais)

An tAcht Oideachais (Leas), 2000 (ar fáil le cóipeáil anuas ag láithreán gréasáin an Oireachtais)

Na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000 go 2004 ar fáil le cóipeáil anuas ag láithreán gréasáin an Oireachtais

Déan athbhreithniú ar eachtraí iompraíochta bulaíochta agus/nó beartas reatha, de réir mar is cuí.

Déan saincheisteanna reatha imní a aithint.

Déan taighde ar nósanna imeachta atá i bhfeidhm ag scoileanna eile chun dul i ngleic le bulaíocht.

3Ullmhú dréachtbheartais

(Dearadh an teimpléad thíos chun an próiseas dréachtaithe a chabhrú). Baineann uathúlacht le gach scoil agus ba chóir dóibh a chinntiú go gcuirtear tagairtí sonracha, a bhaineann lena n-imthosca féin, san áireamh ina Beartas Frithbhulaíochta. Ba chóir an beartas sin a nascadh le Cód Iompraíochta na scoile.

4 Scaipeadh/Comhairliú

Scaip an dréachtbheartas agus téigh i gcomhairle le pobal na scoile, ag féachaint, go háirithe, d’fhoireann na scoile, mic léinn, tuismitheoirí/caomhnóirí agus an bord bainistíochta/iontaobhaithe.

Déan an dréachtbheartas a leasú, de réir mar is gá, i bhfianaise an phróisis chomhairliúcháin.

5 Daingniú agus Cumarsáid

Cuir an beartas faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta le daingniú.

Déan foráil do scaipeadh an bheartais chuig gach tuismitheoir agus dean socruithe chun an beartas a chur ar fáil do gach mac léinn, lena n-áirítear, mic léinn nuachláraithe.

Cuir an beartas daingnithe in iúl do bhaill eile phobal na scoile.

6 Cur i bhFeidhm Cuir forálacha an bheartais i bhfeidhm.

7 Monatóireacht Déan seiceáil, go rialta, go bhfuil an beartas á chur i bhfeidhm

agus aithin aon saincheisteanna atá ag teacht chun cinn.

8Athbhreithniú, Meastóireacht agus Athcheartú

Déan meastóireacht ar thionchar an bheartais ag tráth ama réamhshocraithe, agus aiseolas ó phobal na scoile agus forbairtí eile á nglacadh san áireamh.

Déan athcheartuithe de réir mar is gá, i bhfianaise an phróisis athbhreithnithe agus mheastóireachta.

2

Page 3: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Beartas Frithbhulaíochta

Teimpléad a léiríonn saincheisteanna le breithniú agus a chuireann ceisteanna chun cinn chun cúnamh a thabhairt leis an mbeartas a dhréachtú.

NÓTA: Tá an teimpléad seo bunaithe ar na Treoirlínte um Dhul i nGleic le hIompraíocht Bhulaíochta (1993) (a dtagrófar dóibh ina dhiaidh seo mar na Treoirlínte) cé go nglactar san áireamh athruithe reachtaíochta/rialála a cuireadh i bhfeidhm níos déanaí agus go ndéantar tagairt, chomh maith, do shaincheisteanna imní comhaimseartha, cosúil le, bulaíocht teachtaireachtaí téacs, cibearbhulaíocht agus bulaíocht homafóbach. Tá treoirlínte nuashonraithe á bhforbairt ag an mBord Náisiúnta Leasa Oideachais (NEWB) faoi láthair do scoileanna um Chóid Iompraíochta, de réir mar a ndearnadh foráil dóibh faoi Alt 23 den Acht Oideachais (Leas), 2000 (ar fáil le cóipeáil anuas ag láithreán gréasáin an Oireachtais). Nuair a bheidh Treoirlínte an NEWB i bhfeidhm, cuirfidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tús leis an bpróiseas athbhreithnithe agus nuashonraithe ar a Treoirlínte féin um Dhul i nGleic le hIompraíocht Bhulaíochta. Tabharfar an t-ábhar ann go hiomlán cothrom le dáta agus déanfar athbhreithniú iomlán air, de réir mar is cuí, tar éis na bhforbairtí sin. Teideal

Beartas Frithbhulaíochta

Ráiteas Tosaigh

Ba chóir go leagfadh beartas um úsáid substaintí amach i scríbhinn, an creatlach a ndéanfaidh pobal iomlán na scoile bainistíocht ar shaincheisteanna a bhaineann le húsáid substaintí laistigh de.

Ba chóir don réamhrá a lua cathain a cuireadh an beartas le chéile, conas a cuireadh le chéile é agus cé a bhí páirteach ann.

Scóip

Cad a mbeidh feidhm ag an mbeartas leis? Tugann an beartas aghaidh ar iompraíocht bhulaíochta, ciapadh agus gnéaschiapadh.

Cé a mbeidh feidhm ag an mbeartas leo? Cé go dtugann an beartas seo aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le bulaíocht mac léinn (i.e. Imthosca ina mbíonn mac léinn amháin nó níos mó ina íobartach nó ina híobartach nó ina n-íobartaigh bhulaíochta), bíonn feidhm ag an mbeartas le baill foirne teagaisc agus baill foirne eile scoile, tuismitheoirí/caomhnóirí agus daoine eile a mhéid a bhaineann bearta faoin mbeartas leo.

Ní mór do lucht bainistíochta na scoile, mar fhostóirí, ceanglais na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus 2004 a chomhlíonadh (ar fáil le cóipeáil anuas

3

Page 4: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

ag láithreán gréasáin an Oireachtais) agus, ag féachaint don chomhlíonadh sin, ba chóir go gcuirfeadh sé beartas frithbhulaíochta agus frithchiaptha i bhfeidhm chomh maith do bhaill foirne (tá feidhm ag an gCód Iompraíochta reachtúil maidir le ciapadh agus gnéaschiapadh san áit oibre).

4

Page 5: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Cathain a bheidh feidhm ag an mbeartas? B’fhéidir go mbeidh gá leis an mbeartas a chur i bhfeidhm i roinnt tréimhsí ama/gníomhaíochtaí, cosúil leo seo a leanas:

Am scoile (lena n-áirítear, amanna sosa) Ag dul chun na scoile agus ag fágáil na scoile Turais scoile Gníomhaíochtaí Seachchuraclaim Eile?

Réasúnaíocht

Cén fáth a bhfuil gá le beartas frithbhulaíochta a chur le chéile ag an tréimhse ama seo? m.sh.

Is saincheist tosaíochta í a d’aithin an fhoireann, mic léinn nó tuismitheoirí (níl scoil ar bith slán ó fhadhb na bulaíochta)?

Tá oibleagáid ar údarás scoile, faoi Alt 23 den Acht Oideachais (Leas), 2000 (ar fáil le cóipeáil anuas ag láithreán gréasáin an Oireachtais) , Cód Iompraíochta a chur le chéile do mhic léinn sa scoil.  Déanann an tAcht foráil go gcaithfidh an bord bainistíochta Cód Iompraíochta a ullmhú tar éis comhairliú leis an bpríomhoide, múinteoirí, tuismitheoirí agus leis an Oifigeach áitiúil Leasa Oideachais.  Sonraíonn na Treoirlínte gur chóir do bheartas frithbhulaíochta “bheith mar chuid lárnach de Chód Iompraíochta agus Araíonachta scríofa i ngach bunscoil agus iar-bhunscoile”. Leanann na Treoirlínte ar aghaidh le cur in iúl go “Léiríonn taighde idirnáisiúnta, go soiléir, an tábhacht mhór a bhaineann le Beartas Scoile a bheith i bhfeidhm, a n-áirítear ann, bearta sonracha le dul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta laistigh den chreat Cóid Iompraíochta agus Araíonachta scoile ina iomláine” agus gur féidir “le cód den sórt sin, a cuireadh le chéile agus a cuireadh i bhfeidhm go cuí, bheith ina bheart is mó a imríonn tionchar maidir le dul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta i scoileanna.”

Bíonn oibleagáidí ar scoileanna, chomh maith, i ndáil le ciapadh agus gnéaschiapadh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000 go 2004 (ar fáil le cóipeáil anuas ag láithreán gréasáin an Oireachtais) . Ba chóir aghaidh a thabhairt ar chiapadh laistigh de chreat Cóid Iompraíochta ina iomláine. Ba chóir go mbeadh cosc ciaptha ina chuid lárnach de Chód Iompraíochta scríofa agus de chód nó cairt frithbhulaíochta.

Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000 go 2004 (ar fáil le cóipeáil anuas ag láithreán gréasáin an Oireachtais) toirmeasc ar idirdhealú ar naoi bhforas shonracha: inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, reiligiún, aois, míchumas, cine agus comhaltacht den Lucht Siúil.  Cuireann said toirmeasc, chomh maith, ar chiapadh i leith na bhforas idirdhealaithe go léir.  Áirítear orthu sin, ciapadh mac léinn ag príomhoidí, múinteoirí nó aon duine i suíomh freagrachta sa scoil. Eisíodh an leabhrán faisnéise Scoileanna agus na hAchtanna um Stádas Comhionann, An Dara hEagrán, arna chomhfhoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tÚdarás Comhionannais chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil in 2005. Moladh san fhoilseachán sin, gur chóir do Chód Iompraíochta scoile na naoi bhforas a lua go sonrach agus iompraíocht a éileamh a

5

Page 6: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

thugann meas ar an éagsúlacht ina measc.  Moltar, chomh maith, gur chóir don Chód beartas agus nósanna imeachta na scoile a leagan amach le dul i ngleic le ciapadh, lena n-áirítear, gníomhartha a aithint agus bearta coisc a chuirfear i bhfeidhm d’fhonn aghaidh a thabhairt air, dá dtarlódh sé.

Tugann Caibidil 6 de Threoirlínte agus Nósanna Imeachta um Chosaint Leaní do Iar-Bhunscoileanna, arna eisiúint do gach iar-bhunscoil i rith na bliana scoile 2004/2005, aghaidh ar shaincheist na mí-úsáide agus na bulaíochta piara. Leagann an cháipéis seo, ar moladh do na boird bhainistíochta (faoi Chiorclán M44/05) í a ghlacadh go foirmiúil mar bheartas oifigiúil na scoile maidir le Cosaint Leanaí, béim ar an tábhacht a bhaineann le beartas a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le bulaíocht. Sonraíonn sé gur chóir don scoil dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ag féachaint d’fhreagairt chuí a chur le chéile i gcás go bhfuil eachtra tromchúiseach bulaíochta i gceist agus go meastar go bhféadfadh mí-úsáid a bheith ag baint leis.

Nóta: Féach cáipéis dar teideal Beartas Náisiúnta – Éire ar www.oecd-sbv.net (láithreán gréasáin an Líonra Idirnáisiúnta um Bulaíocht agus Foréigean Scoile, a dtacaíonn an OECD leis) le haghaidh plé níos iomláine faoin gcomhthéacs dlí agus rialála sa tír seo.

Gaolmhaireacht le spiorad tréitheach na scoile (misean/fís/aidhmeanna na scoile)

Conas a bhaineann an beartas seo le misean/fís agus aidhmeanna na scoile?

Mar shampla:

‘Déanann Scoil XXXX iarracht le cur ar chumas gach mic léinn a phoitéinseal nó a poitéinseal iomlán a fhorbairt.’ ‘Cuireann sí timpeallacht shábháilte agus iontaofa ar fáil le haghaidh foghlama’. ‘Cuireann sí meas chun cinn i gcomhair éagsúlacht luachanna, creideamh, traidisiún, teangacha agus cineálacha saoil sa tsochaí’‘Cuireann sí nósanna chun cinn maidir le comhmheas, cúirtéis agus feasacht ar idirspléachas daoine i ngrúpaí agus i bpobail’‘Tugann sí aire go háirithe do mhic léinn atá i mbaol riosca agus úsáideann sí a córas monatóireachta chun idirghabháil luath a chur ar fáil nuair is/más gá agus tugann sí freagairt ar riachtanais, faitíos agus imní na mac léinn aonair ar bhealach mothúchánach.’

Spriocanna/Cuspóirí

Cad é, i dtéarmaí ar leith, atá beartaithe don bheartas le baint amach?

D’fhéadfaí na cuspóirí sin a liostaítear sna Treoirlínte agus/nó cinn eile a bhaineann go háirithe leis an scoil a áireamh ar na cuspóirí, m.sh.

6

Page 7: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

1. Éiteas scoile a chruthú a thugann spreagadh do mhic léinn eachtra iompraíochta bulaíochta a insint agus a phlé.

2. Feasacht a ardú ar bhulaíocht mar fhoirm iompraíochta nach nglacfar léi i measc lucht bainistíochta na scoile, múinteoirí, mac leinn, tuismitheoirí/caomhnóirí.

3. Éiteas scoile a chruthú a aithníonn agus a dhéanann freastal ar na naoi bhforas a chlúdaíonn an reachtaíocht chomhionannais agus a thugann meas orthu.

4. A chinntiú go n-ardaíonn clár Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte na scoile feasacht ar na gnéithe a bhaineann le hiompraíocht bhulaíochta agus go bhforbraíonn sé eolas, scileanna agus iompraíocht chuí.

5. Gníomhartha praiticiúla a ghlacadh chun eachtraí iompraíochta bulaíochta a chosc m.sh. maoirseacht chuimsitheach agus bearta monatóireachta a chinntiú trína dheántar feitheoireacht ar gach réimse gníomhaíochta scoile. 

6. Nósanna imeachta a fhorbairt um eachtraí iompraíochta bulaíochta a thuairisciú agus a thaifeadadh.

7. Nósanna imeachta a fhorbairt um eachtraí iompraíochta bulaíochta a imscrúdú agus le dul i ngleic leo.

8. Clár tacaíochta a fhorbairt do na daoine sin ar imir iompraíocht bhulaíochta tionchar orthu agus do na daoine sin a raibh baint acu in iompraíocht bhulaíochta.

9. Obair a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí éagsúla áitiúla agus tríothú chun dul i ngleic le gach foirm iompraíochta bulaíochta agus frithshóisialta.

Príomh-Bhearta (ábhar an bheartais)

D’fhéadfadh go mbeadh sé ina chúnamh ábhar an bheartais a roinnt i dtrí rannóg:

A. Tabhair sainmhíniú soiléir ar bhulaíocht agus aithin na cineálacha iompraíochta lena mbaineann B. Aithin gníomhartha chun iompraíocht bhulaíochta a choscC. Aithin na céimeanna le tógáil chun dul i ngleic le heachtraí bulaíochta

Soláthraítear leideanna i ngach rannóg le cabhair a thabhairt chun na príomh-shaincheisteanna agus na príomhghníomhartha atá le cur i bhfeidhm a aithint.

A. Tabhair sainmhíniú soiléir ar bhulaíochta agus aithin na cineálacha iompraíochta lena mbaineann

7

Page 8: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Ba chóir go mbeadh an teanga agus na téarmaí a úsáidtear sothuigthe ar mhaithe leis na mic léinn.

Sainmhíniú na Bulaíochta:

Is éard atá i gceist le bulaíocht ná forrántacht a dhéanann daoine aonair nó grúpa i gcoinne duine eile arís is arís eile – d’fhéadfadh iompraíocht fhorránach den sort sin bheith ó bhéal, síceolaíoch nó fisiciúil.

Chun críche an teimpléid seo, glacann an téarma bulaíochta ciapadh agus gnéaschiapadh san áireamh chomh maith, a shainmhínítear mar seo a leanas:

Ciapadh: foirm ar bith iompraíochta nach bhfáiltítear roimpi, i ndáil le ceann ar bith de na naoi bhforas a ainmnítear sa reachtaíocht chomhionannais, a gcuirtear isteach ar dhínit duine mar thoradh air agus a chruthaíonn timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, táirthe nó mhaslach don íobartach.

Gnéaschiapadh: foirm ar bith iompraíochta labhartha, neamhlábhartha nó fhisiciúil lena mbaineann gné ghnéasach nach bhfáiltítear roimpi, a gcuirtear isteach ar dhígnit duine mar thoradh air agus a chruthaíonn timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, táirthe nó mhaslach don íobartach.

Is iad na naoi bhforas atá ann ná inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, aois, míchumas, gnéaschlaonadh, cine, reiligiún agus ballraíocht den Lucht Siúil.

Na cineálacha iompraíochta lena mbaineann

Tugann na Treoirlínte cúnamh leis na cineálacha iompraíochta a bhaineann le bulaíocht a aithint agus cur síos a dhéanamh orthu. Bíonn na modhana bulaíochta ag síorathrú agus is féidir an liosta seo a leanas de na cineálacha bulaíochta a leathnú i bhfianaise eispéireas an phobail scoile:

Forrántacht fhisiciúil Damáiste do mhaoin Sracadh Imeaglú Gothaí Glaonna gutháin/gutháin phóca gan aon chaint Glaonna gutháin/gutháin phóca ionsaitheacha Teachtaireachtaí téacs ionsaitheacha Teachtaireachtaí ionsaitheacha ríomhphoist/láithreáin ghréasáin Tairgeadh, taispeáint nó scaipeadh focail scríofa, pictiúr nó ábhair eile a bhfuil

sé mar aidhm acu imeaglú a dhéanamh ar dhuine eile Leithlisiú agus imeallú Ciapadh bunaithe ar aon cheann de na naoi bhforas sa reachtaíocht

chomhionannais m.sh. gnéaschiapadh, bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníocha srl.

Leasainmneacha Magadh Meascán de chinéalacha ar bith díobh siúd a ainmníodh.

8

Page 9: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

B. Gníomhartha a aithint chun iompraíocht bhulaíochta a chosc

Ba chóir don bheartas béim a leagan, ní amháin ar smacht a fháil ar bhulaíocht ach cosc a chur uirthi. Ní leor an mac léinn a bhaineann leis a smachtú agus tacaíocht a thabhairt don íobartach. Tá gá lena bhreithniú conas is féidir leis an scoil feasacht a ardú ar bhulaíocht (tá ról lárnach ag an gclár Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (SPHE) ina leith sin – féach thíos) agus cén gníomhartha is féidir a ghlacadh chun cosc a chur ar an iompraíocht sa scoil. Leagann na Treoirlínte béim ar luach na dteicníochtaí bunaithe ar inspreagadh agus aitheantas maidir le hiompraíocht a athrú.

9

Page 10: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Gníomh B 1: Cód Frithbhulaíochta a Fhoisliú agus Poiblíocht a Dhéanamh air

Féadtar Cód (nó Cairt) Frithbhulaíochta a chur san áireamh mar chuid de Ráiteas Phlean/Bheartas na Scoile agus den Chód Iompraíochta. Féadfaidh sé sin tionchar éifeachtach a imirt maidir le teachtaireacht shoiléir a chur in iúl i leith bulaíochta trí na rudaí seo a leanas a leagan amach:

Cad atá a dhéanamh ag an scoil chun iompraíocht bhulaíochta a chosc Cad is féidir le mic léinn a dhéanamh Cad is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh Cad is féidir le múinteoirí agus baill foirne eile scoile a dhéanamh Cé ar chóir teagmháil a dhéanamh leo i gcás faidhbe Conas a láimhseáiltear eachtraí.

Conas a d’fhéadfaí an Cód a fhoilsiú: leidcheisteanna

Tríd an gCód a chur ar taispeáint in áiteanna coiteanna agus/nó i seomraí ranga?

Trína chur chun cinn sa scoil ag úsáid seachtainí fócais, comórtais phóstaeir srl?

Trína a chur chun cinn ag úsáid cumann na dtuismitheoirí agus feasacht a ardú air ag cruinnithe tuismitheora/múinteora, laethanta oscailte agus oícheanta tuismitheoira le haghaidh mac léinn atá le tosú sa scoil?

Trína chur chun cinn trí Chomhairle na Mac Léinn? Trína fhoilsiú in irisleabhair/dialanna scoile, ar láithreán gréasáin na scoile

agus réamheolaire na scoile?

 Gníomh B 2: Maoirseacht agus Monatóireacht

Bearta maoirseachta agus monatóireachta trína gcoimeádtar gníomhaíochtaí scoile faoi fheitheoireacht: leidcheisteanna

Cén maoirseacht a bhfuil gá léi chun gníomhaíochtaí na scoile a rialú ar bhonn róta?

Ar aithníodh áiteanna contúirteacha ó thaobh na bulaíochta de, i gcomhar le mic léinn?

Conas a ghlacfaidh baill foirne teagaisc páirt? Conas a ghlacfaidh baill foirne neamhtheagaisc páirt? Conas a thabharfaidh na struchtúir thacaíochta/chúraim mhic léinn (lena n-

áirítear, cinn bhliana, teagascóirí ranga, SPHE, Treoir, RE, CSPE, HSCL, múinteoirí Tacaíochta Foghlama) tacaíocht do bhearta chun dul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta?

Conas is féidir le mic léinn, go háirithe, mic léinn shinsearacha bheith páirteach mar acmhainn chun cúnamh a thabhairt le dul i ngleic le bulaíocht? Ar smaoiníodh ar chóras meantóireachta/dlúthcharad ina leith sin?

Conas a ghlacfaidh comhairle na mac léinn, clubanna agus cumainn na scoile páirt?

Maidir le húsáid ICT:o An ndéanann múinteoir maoirseacht ar na seisiúin go léir Idirlín?

10

Page 11: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

o An ndéanann an scoil monatóireacht rialta ar úsáid Idirlín na mac léinn?

o Ar dúradh leis na mic léinn gan ach cuntais cheadaithe ranga a úsáid chun críche ríomhphoist agus gan na cuntais sin a úsáid ach amháin faoi mhaoirseacht mhúinteora nó le cead múinteora?

o Ar dúradh le mic léinn gan ach na seomraí comhrá, na fóraim phlé agus na fóraim theachtaireachta nó chumarsáide eile sin a cheadaigh an scoil a úsáid? (Tabhair faoi deara go bhfuil cosc curtha ag Clár Leathanbhanda na Scoileanna ar gach láithreán líonraithe sóisialta toisc go gcuireann said am amú agus go nglacann said an-iomarca den bhandaraon a cuireadh ar fáil chun críche oideachais).

Gníomh B 3: Uilechuimsitheacht sa Churaclam

Féach an rannóg um Naisc le Beartais eile agus le Seachadadh Curaclaim thíos.

Gníomh B 4: Tuismitheoirí/Caomhnóirí agus an Pobail níos Leithne a Ghlacadh san Áireamh

Obair a dhéanamh le tuismitheoirí/caomhnóirí agus gníomhaireachtaí éagsúla áitiúla agus tríothú chun dul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta: leidcheisteanna

Conas is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal ginearálta cúnamh a thabhairt le teachtaireacht chomhsheasmhach a chur chun cinn i gcoinne bulaíochta sa teaghlach, sa scoil agus sa phobal?

Conas is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí a chur ar an eolas faoin méid ar féidir leo a dheanamh nuair atá gutháin phócá á n-úsáid le haghaidh bulaíochta nó cumarsáid mhailíseach? (Tabhair faoi deara go bhfuil leabhrán sothagartha dar teideal Treoir do Thuismitheoirí ar Ghutháin Phóca, arna chur le chéile ag oibreoirí guthán póca na hÉireann, faoi choimirce an Irish Cellular Industry Association, agus áirítear sa leabhrán sin, comhairle luachmhar maidir le himthosca a láimhseáil nuair atá bulaíocht á himirt ar dhuine óg trí ghuthán póca– féach láithreán gréasáin NCTE http://www.ncte.ie/InternetSafety/Advice/

Conas is féidir naisc a bhunú le scoileanna áitiúla agus leis na baill sin den phobal ginearálta a mbíonn teagmháil rialta acu le mic léinn na scoile? Féadtar áireamh orthu sin:

Tiománaithe bus scoile Maoir thráchta scoile Siopadóirí/ionaid lóin áitiúla Oibrithe óige pobail Gardaí Daoine/grúpaí eile áitiúla a bhfuil baint acu le mic léinn scoile?

C. Aithin na céimeanna atá le glacadh maidir le dul i ngleic le heachtraí bulaíochta

11

Page 12: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Gníomh C 1: Aithin na nósanna imeachta um eachtraí a thuairisciú

Dul go dtí ball foirne: leidcheisteanna

An bhfuil ball foirne/baill foirne ainmnithe chun tuairiscithe ar eachtraí a fháil ó mhic léinn nó tuismitheoirí?

An dtugtar spreagadh do mhic léinn eachtraí aonaracha iompraíochta bulaíochta nó ciaptha a thuairisciú? (B’fhéidir gur mhian le mac léinn comhairle a lorg. Ba chóir go mbeadh meas ag an mball foirne ar mhianta an mhic léinn a mhéid is féidir é sin a dhéanamh gan é nó í a chur i mbaol. Ba chóir do mhúinteoirí gach tuairisc bhulaíochta, is cúma cé chomh éadrom is a bhíonn sé, a thaifead, a imscrúdú agus a phlé. Beidh muinín ag na mic léinn sa bhealach sin chun eachtraí a thuairisciú. Baineann fíorthábhacht leis an bhfachtóir muiníne.)

Gníomh C 2: Aithin na nósanna imeachta chun dul i ngleic le heachtraí tuairiscithe

Dul i ngleic le heachtraí tuairiscithe: leidcheisteanna

Cén céimeanna a ghlacfar tar éis tuairisc bheith déanta agus cé a ghlacfaidh na céimeanna sin?

Cén nósanna imeachta neamhfhoirmiúla atá ar fáil chun déileáil le tuairisc ar eachtra?

An féidir le meantóirí/dlúthchairde (i gcás go bhfuil córas den chineál sin i bhfeidhm)?

Cén céim ina gcuirfear eachtra nó tuairisc eachtra in iúl do thuismitheoirí agus conas a chuirfear in iúl é?

Conas a dhéantar imscrúdú ar an eachtra tuairiscithe? Cé a dhéanann imscrúdú foirmiúil ar an eachtra? Conas a dhéanfar rúndacht a choimeád?

(Tugann na Treoirlínte an chomhairle seo a leanas “Is fearr eachtraí den chineál sin a imscrúdú lasmuigh d’imthosca seomra ranga chun náire phoiblí an íobartaigh nó an dalta a bhaineann leis an mbulaíocht a sheachaint, agus iarracht á déanamh chun an dhá thaobh den scéal a fháil.)

Conas a dhéantar an duine a thuairiscíonn an eachtra a chosaint ó leatrom? Cén nósanna imeachta a mbíonn feidhm leo i gcás go líomhnaítear go bhfuil

bulaíocht/ciapadh déanta ag múinteoir nó ball eile foirne i gcoinne mic léinn/mac léinn?

Conas a ghlacann an Bord Bainistíochta páirt nó conas a chuirfear ar an eolas é?

Cén próiseas achomhairc a úsáidtear, má úsáidtear ceann ar bith? Conas a nascfaidh an próiseas leis an gCód Iompraíochta agus cén

smachtbhannaí a bheidh i bhfeidhm i gcás go bhfaighfí amach gur tharla iompraíocht bhulaíochta nó ciapadh?

Gníomh C 3: Aithin na hiarchéimeanna atá le glacadh

Iarchéimeanna: leidcheisteanna

12

Page 13: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Cén gníomh a ghlactar chun tacaíocht a thabhairt don íobartach? Cén gníomh a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar bhundearcaí/bun-

saincheisteanna le mic léinn atá páirteach in iompraíocht bhulaíochta? Cad é ról an struchtúir thacaíochta/chúraim mhic léinn? Conas a ghlacann na tuismitheoirí/caomhnóirí páirt? An bhfuil gá le gníomhaireachtaí seachtracha a thabhairt isteach le bheith

páirteach? Cén faisnéis is gá a thaifeadadh? Cé chomh fada a choimeádtar taifid? Cé a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis?

Naisc le Beartais Eile agus le Seachadadh Curaclaim

Déan aon nasc le beartais ghaolmhara scoile a aithint

Ní mór go mbeidh beartais scoile comhsheasmhach lena chéile, laistigh de chreatlach an Phlean Scoile ina iomláine. Ba chóir beartais ábhartha scoile atá i bhfeidhm cheana, atá á bhforbairt nó a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh orthu a imscrúdú trí thagairt a dhéanamh don Bheartas Frithbhulaíochta agus ba chóir aghaidh a thabhairt ar aon impleachtaí a bhaineann leis i leith na mbeartas sin.

Féadfar na beartais seo a leanas a cur san áireamh i measc na mbeartas le breithniú:

Cód Iompraíochta Cosaint Leanaí Comhionannas Sábháilteacht Idirlín: Beartas um Úsáid Inghlactha Sláinte agus Sábháilteacht Eile?

Déan aon nasc le seachadadh curaclaim a aithint

Ní mór Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (SPHE) a chur ar an amchlár in iar-bhunscoileanna, mar chuid de churaclaim chroíláir na sraithe sóisearaí. Cuireann SPHE deiseanna ar fáil do mhic léinn chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt le haire a thabhairt dóibh féin agus do dhaoine eile agus cinntí eolasacha a dhéanamh faoina sláinte, saol pearsanta agus forbairt shóisialta. Pléitear le saincheist na bulaíochta i ngach ceann de na trí bliana a bhaineann le clár SPHE na sraithe sóisearaí.

Pléifidh curaclaim SPHE an Timthrialla Shinsearaigh, atá á fhorbairt faoi láthair ag an NCCA, le saincheisteanna a bhaineann le bulaíocht chomh maith, lena n-áirítear, dul i ngleic le hiompraíocht lena mbaineann mí-úsáid agus tuiscint a fháil ar thionchar na bulaíochta homafóbaí.

Naisc eile? m.sh.

o CSPE, TYO srl.

13

Page 14: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

o Curaclam neamhfhoirmiúil m.sh. cén gníomhaíochtaí seachchuraclaim ar féidir leo cabhrú le feasacht a ardú ar neamh-inghlacthacht na hiompraíochta bulaíochta agus/nó fócas a dhíriú ar chomhionannas a chur chun cinn agus éagsúlacht a dheimhniú?

Socruithe, Rólanna agus Freagrachtaí um Chur i bhFeidhm

Aithin na daoine a sannfar an ról dóibh maidir le cur i bhfeidhm an bheartais a chomhordú.

Maidir le gach ceann de na gníomhartha atá le glacadh chun an beartas a chur i bhfeidhm, sonraigh conas agus cathain a chuirfear i bhfeidhm é.

Ainmnigh na daoine a mbeidh freagracht orthu as gach gníomh a chur i bhfeidhm agus sonraigh na rólanna a bheidh acu m.sh. *Príomhoide, *Múinteoir Ranga, *Baill Eile Foirne a bhfuil freagrachtaí ar Leith orthu (m.sh. ceann bliana, teagascóir ranga, Comhordaitheoir SPHE, Comhordaitheoir Idirchaidrimh um Baile/Scoile/Pobal srl.), *Bord Bainistíochta/Iontaobhaithe, *Mac Léinn, *Tuismitheoir/Caomhnóir, *eile.

14

Page 15: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Daingniú agus Cumarsáid

Nuair a dhéanann an Bord Bainistíochta an dréachtbheartas críochnaithe a dhaingniú, bíonn sé mar Bheartas Frithbhulaíochta comhaontaithe na scoile. Ba chóir é a scaipeadh ansin laistigh de phobal na scoile. Ní mór go mbeidh an fhoireann go léir ar an eolas maidir leis an mbeartas agus réidh chun é a chur i bhfeidhm de réir na socruithe sonraithe um chur i bhfeidhm.  Tá sé tábhachtach go gcuirfear gach duine lena mbaineann ar an eolas faoi athrú ar bith a dhéantar ar sheachadadh curaclaim, rialacha scoile, smachtbhannaí agus cód iompraíochta.

Ba chóir tuismitheoirí/caomhnóirí a chur ar an eolas maidir leis an mBeartas Frithbhulaíochta ón uair a chláraíonn an mac léinn.  D’fhéadfaí a iarraidh ar thuismitheoirí/caomhnóirí agus, nuair is cuí, ar mhic léinn os cionn 18 bliain, ráiteas a shíniú á rá go bhfuil an beartas léite acu agus go gcomhaontaíonn siad bheith faoi cheangal ag an mbeartas sin.

Leideanna Luaigh cathain a dhaingnigh an Bord Bainistíochta an beartas go hoifigiúil. Luaigh cén céimeanna a ghlacfar chun an beartas daingnithe a chur in iúl do

bhaill phobal na scoile agus d’iarratasóirí nua nuair a chláraíonn siad.

Dáta um Chur i bhFeidhm Socraigh ar dháta ar a dtiocfaidh an beartas i bhfeidhm.

Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bheartaisBa chóir monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bheartais.

Cé a dhéanfaidh cén rud agus cathain ar chóir a dhearbhú go bhfuil na gníomhartha/bearta a leagadh amach sa bheartas á gcur i bhfeidhm?

Athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an mbeartas

Ba chóir athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartas ag tráthanna ama áirithe réamhbheartaithe agus, de réir mar is gá, i bhfianaise na n-eachtraí bulaíochta a gcastar orthu.  Ba chóir go nglacfadh athbhreithniú agus meastóireacht leanúnach faisnéis nó treoirlínte athraitheacha san áireamh (m.sh. faisnéis nó treoirlínte ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta nó NEWB), chomh maith le reachtaíocht agus aiseolas ó thuismitheoirí/caomhnóirí, mic léinn, múinteoirí agus daoine eile.  Ba chóir athcheartú a dhéanamh ar an mbeartas, de réir mar is gá, i bhfianaise athbhreithnithe agus meastóireachta den sort sin agus laistigh de chreatlach na pleanála scoile.

Leideanna

15

Page 16: Template for Anti-Bullying Policy (File Format Word 140KB)¡istí/Eolas/Beartais-agus... · Web view(NÓTA: Sainmhínítear an téarma “bulaíocht”, chun críche na cáipéise

Cén eatraimh a dhéanfar athbhreithniú ar oibriú an bheartais, ag féachaint don bheartas sin a leasú, más gá?

Aithin roinnt táscairí praiticiúla a úsáidfear chun tionchar agus éifeachtacht an bheartais a thomhas. Ar na samplaí a d’fhéadfadh a bheith ann, áirítear a mhéid: atá mic léinn, baill foirne agus tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas faoin

mbeartas m.sh. tríd an gCód Frithbhulaíochta a chur ar taispeáint go feiceálach sa scoil

a glacadh gníomh praiticiúil chun bulaíocht a chosc cuireadh tionscnaimh i bhfeidhm chun comhionannas a chur chun cinn agus

éagsúlacht a dheimhniú cuireadh nósanna imeachta um thaifeadadh agus imscrúdú a dhéanamh ar

eachtraí tuairiscithe agus um dhul i ngleic leo fuarthas aiseolas dearfach ó mhic léinn, tuismitheoirí/caomhnóirí agus baill

foirne i ndáil leis an mbeartas frithbhulaíochta agus lena chur i bhfeidhm laghdaíodh iompraíocht bhulaíochta (d’fhéadfadh táscairí ina leith sin

imscrúdú a dhéanamh ar laghduithe ar chineálacha áirithe iompraíochta bulaíochta a spriocdhírítear go sonrach orthu faoin mbeartas, cosúil le bulaíocht homafóbach nó cibearbhulaíochta).

Déan breithniú an bhféadfadh aon cheann de na rudaí seo a leanas tacú leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta:

o Suirbhé rúnda ar mhic léinn agus baill foirne o Aiseolas ó chomhairle mac léinn nó comhlacht mac léinn, meantóirí,

cinnirí o Breathnóireacht ar iompraíocht i seomraí ranga, conairí, clós scoile o Aiseolas ó thuismitheoirí, lena n-áirítear, ag cruinnithe

tuismitheora/múinteora (má tá aiseolas ó thuismitheoirí á lorg, ba chóir é sin a dheanamh ag tráth ama a fhágfaidh dóthain ama chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn, i.e. ní chóir an t-eolas a lorg ag deireadh na bliana scoile)

o Bosca tuairimí/moltaí.

16