Téarmaí Tagartha: An cúigiú Glao ar Thograí le haghaidh … · 2019-12-09 · Coimisiún gach...
Transcript of Téarmaí Tagartha: An cúigiú Glao ar Thograí le haghaidh … · 2019-12-09 · Coimisiún gach...
1
Téarmaí Tagartha: An cúigiú Glao ar Thograí le
haghaidh
Tionscnaimh Gníomhaíochtaí Nuálacha
Uirbeacha
16/09/2019 – 12/12/2019
2
Clár Ábhar
1 Réamhrá .......................................................................................................................................... 3
2 Údaráis incháilithe – Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ........................................................... 4
2.1 An chéad chatagóir: ................................................................................................................ 5
2.2 An dara catagóir ...................................................................................................................... 7
2.3 Ceanglais choiteanna d’údaráis uirbeacha incháilithe ............................................................ 9
3 Clúdach téamach le haghaidh an chúigiú Glao ar Thograí ............................................................ 10
3.1 CAIGHDEÁN AN AEIR ............................................................................................................. 11
3.2 GEILLEAGAR CIORCLACH ....................................................................................................... 15
3.3 CULTÚR AGUS OIDHREACHT CHULTÚRTHA .......................................................................... 17
3.4 ATHRÚ DÉIMEIGRAFACH ....................................................................................................... 20
4 Prionsabal Cistiúcháin ................................................................................................................... 23
5 Giniúint agus forbairt tionscadail .................................................................................................. 24
5.1 Comhpháirtíocht le haghaidh GníomhaíochtaI Nuálacha Uirbeacha ................................... 24
5.2 Gníomhaíochtaí Tionscadail .................................................................................................. 26
5.3 Línte buiséid agus costais incháilithe .................................................................................... 27
5.4 Breithnithe breise: soláthar poiblí, iniúchadh agus Státchabhair ......................................... 27
6 An próiseas iarratais ...................................................................................................................... 29
7 An próiseas roghnúcháin ............................................................................................................... 30
7.1 Seiceáil Incháilitheachta ........................................................................................................ 30
7.2 Measúnacht straitéiseach ..................................................................................................... 32
7.3 Measúnacht oibríochtúil ....................................................................................................... 33
7.4 An córas scórála don mheasúnacht ...................................................................................... 33
8 Conas cúnamh a fháil .................................................................................................................... 34
9 Dátaí tábhachtacha ....................................................................................................................... 34
3
1 Réamhrá
Mar a luaitear in Airteagal 8 den Rialachán maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa1(CFRE),
féadfaidh CFRE tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbraíochta uirbí
inbhuanaithe. Sa chreat seo, sheol an Coimisiún Eorpach an Tionscnamh Gníomhaíochtaí Nuálacha
Uirbeacha, is é sinGníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha (UIA), d’fhonn aithint agus tástáil a dhéanamh
ar réitigh nua lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbraíocht uirbeach
inbhuanaithe agus lena mbaineann ábharthacht ag leibhéal an Aontais.
Is é príomhaidhm an Tionscnaimh UIA, dá bhrí sin, ná spás agus acmhainní a chur ar fáil d’údaráis
uirbeacha ar fud na hEorpa le gur féidir leo tástáil a dhéanamh ar smaointe dána neamhchruthaithe
lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin idircheangailte agus a thástáil conas a fhreagraíonn siad do
chastacht an fhíorshaoil. Nuálach, ar ardchaighdeán, deartha agus curtha chun feidhme le
rannpháirtíocht phríomh-gheallsealbhóirí, dírithe ar thorthaí agus inaistrithe a bheidh na tionscadail
a dtabharfar tacaíocht dóibh.
Ba chóir go dtapódh údaráis uirbeacha an deis atá á tairiscint ag an Tionscnamh UIA chun bogadh ó
“ghnáth-thionscnaimh” (a d’fhéadfaí bheith maoinithe ag foinsí “traidisiúnta” maoinithe, lena n-
áirítear cláir phríomhshrutha CFRE) agus na rioscaí a ghlacadh chucu féín chun smaointe
uaillmhianacha agus cruthaitheacha a fhíoradh ina bhfréamhshamhlacha ar féidir iad a thástáil i
bhfíor-shuímh uirbeacha. Lena chur ar bhealach eile, féadfaidh an UIA tacaíocht a thabhairt do
thionscadail phíolóta a mbaineann riosca rómhór leo le go maoineofaí iad ag foinsí traidisiúnta
maoinithe, ar choinníoll go bhfuil siad thar a bheith nuálach agus turgnamhach.
Is ionann agus thart ar EUR 372 milliún buiséad CFRE atá ag an Tionscnamh UIA.
Roghnófar tionscadail UIA trí Ghlaonna ar Thograí ar ábhar amháin nó níos mó a mholfaidh an
Coimisiún gach bliain idir 2015 agus 2020. Féadfaidh gach tionscadal cómhaoiniú CFRE ar fiú EUR 5
mhilliún ar a mhéad é a fháil. Ba cheart an tionscadal a chur chun feidhme laistigh d’uastréimhse 3
bliana2. Níl aon íosmhéid sheasta i bhfeidhm maidir le buiséid tionscadail UIA. D’fhéadfadh gurbh ísle
an dóchúlacht go roghnófaí tionscadail bheaga (i.e. tionscadail ina n-iarrtar níos lú ná EUR 1 mhilliún
1Rialachán (AE) maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa Uimh 1301/2013: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1301&from=EN. 2I gcásanna eisceachtúla agus ina bhfuil údar maith leo féadfar tionscadail a fhadú ar feadh 1 bhliain ar a mhéad (féach Treoir UIA le haghaidh tuilleadh eolais).
4
ó CFRE) mar gurbh fhéidir go mbeadh sé doiligh dóibh a thaispeáint gur leor scála na ngníomhaíochtaí
chun tátail fhiúntacha a chruthú. D’fhéadfadh, áfach, tionscadail a bhfuil costais shuntasacha
infheistíochta ag baint leo bheith ábalta a thaispeáint gur fhóir na costais don chuspóir agus gur
caitheadh an t-airgead go cuí.
Ionstraim de chuid an Aontais EorpaighChoimisiúin is ea an Tionscnamh UIA agus is í Ard-
Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn
í faoi bhainistíocht indíreach. D’ainmnigh an Coimisiún Région Hauts-de-France3 mar Eintiteas a
gCuirfear Cúram Air (EE) chun an Tionscnamh a chur chun feidhme. Bunaíodh Rúnaíocht Bhuan chun
an Tionscnamh a bhainistiú4.
Leis na Téarmaí Tagartha seo, tá an tEintiteas a gCuirfear Cúram Air ag iarraidh ar údaráis incháilithe
tograí tionscadail a chur isteach faoi chuimsiú an chúigiú Glao ar Thograí. Leithdháiltear buiséad
táscach EUR 50 milliún le haghaidh an Ghlao ar Thograí seo.
Leagtar amach sa doiciméad seo an riachtanas agus an próiseas atá le leanúint don gcúigiú Glao ar
Thograí. Ba cheart é a léamh i gcomhar le Treoir an Tionscnaimh UIA agus leis an treoir don Fhoirm
Iarratais, atá le fáil ar shuíomh Gréasáin an Tionscnaimh UIA agus é seo nuashonraithe sa chreat don
gcúigiú Glao ar Thograí.
2 Údaráis incháilithe – Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh
Deimhnítear le hAirteagal 2 den Rialachán maidir le Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha go
bhféadfaidh na húdaráis seo a leanas iarratas a dhéanamh ar thacaíocht chun tabhairt faoi
thionscadail UIA:
An chéad chatagóir: Aon údarás uirbeach de chuid aonad riaracháin áitiúil atá sainmhínithe, de
réir an mhéid uirbithe atá ann, mar chathair, mar bhaile nó mar bhruachbhaile agus ina gcónaíonn
50 000 áitritheoir ar a laghad.
An dara catagóir: Aon chomhlachas nó aon ghrúpa d’údaráis uirbeacha de chuid aonaid riaracháin
áitiúil atá sainithe de réir an mhéid uirbithe atá iontu, mar chathair, mar bhaile nó mar
bhruachbhaile agus a bhfuil ar a laghad 50 000 áitritheoir mar dhaonra iomlán acu; féadfaidh go
3Roimhe seo Région Nord-Pas de Calais 4Féadfar teacht ar eolas agus sonraí teagmhála a bhaineann leis an Rúnaíocht Bhuan anseo ag:: http://www.uia-initiative.eu/en/about-us/meet-team.
5
n-áirítear leo sin comhlachais trasteorann nó grúpaí trasteorann agus comhlachais nó grúpaí i
réigiúin dhifriúla agus/nó i mBallstáit dhifriúla.
Is iad Údaráis uirbeacha incháilithe amháin, de réir mar a shainítear iad in Airteagal 2 den Ghníomh
Tarmligthe, is féidir Foirm Iarratais a chur isteach sa chreat do Ghlao ar Thograí UIA.
Tá an sainmhíniú ar Aonaid Riaracháin Áitiúil (LAUs) mar aon leis an aicmiú de réir an leibhéil5 uirbithe
agus na figiúirí ar líon na n-áitritheoirí bunaithe ar eolas atá curtha ar fáil sa Tábla Comhghaoil UIA“EU-
28-LAU-2018-NUTS-2016-FR&PT_POP2017” (2018)6. Ainneoin gur scaoil Eurostat tábla comhghaoil
níos déanaí, ní áirítear ann eolas do Bhallstáit uile an AE: is sa tábla Comhghaoil UIA “EU-28-LAU-
2018-NUTS-2016-FR&PT_POP2017” (2018) amháin a áirítear é Is é sin an fáth a mbainfidh Rúnaíocht
Bhuan an UIA leas as an tábla seo mar an príomhdhoiciméad tagartha don Seiceáil Incháilitheachta.
Moltar d’iarratasóirí tagairt a dhéanamh don Tábla Comhghaoil seo chun a n-incháilitheacht a
dheimhniú agus chun eolas a chur ar fáil faoi na hAonaid Riaracháin Áitiúil atá san áireamh ina
theorainneacha riaracháin agus faoi na figiúirí maidir le líon na n-áitritheoirí iontu. Mar sin féin, i gcás
athrú suntasach ar staid incháilitheachta an iarratasóra a bheith á thaispeáint i dtáblaí Eurostat nó
figiúirí nua is déanaí ó institiúidí staidrimh náisiúnta (m.sh. meastar anois gur ceantar uirbeach é LAU
a measadh a bheith uirbeach anois de réir an mhéid uirbithe), moltar go láidir don iarratasóir
teagmháil a dhéanamh leis an Rúnaíocht Bhuan sula ndéantar an aighneacht chun athsheiceáil a
dhéanamh ar a staid incháilitheachta.
Tugtar faisnéis bhreise ar incháilitheacht na n-údarás uirbeach sna hailt seo a leanas.
2.1 An chéad chatagóir:
Bardais/comhairlí cathrach a bhfuil a dteorainneacha riaracháin ag luí le LAU amháin. Sa chás seo
is mar chathair, bhaile agus bhruachbhaile a aicmeofar an t-aonad riaracháin áitiúil de réir an
mhéid uirbithe atá ann (cód 1 agus/nó 2 sa Tábla Comhghaoil – faoin gcolún Méid a Uirbithe) agus
ina gcónaíonn 50 000 áitritheoir ar a laghad
5 Tá an sainmhíniú ar Aonaid Riaracháin Áitiúil agus ar an gcéim uirbithe ar fáil anseo:
http://ec.europa.eu/eurostat/web/nuts/local-administrative-units ; http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Glossary:Degree_of_urbanisation. 6Féadtar tábla Comhghaoil UIA “EU-28-LAU-2018-NUTS-2016-FR&PT_POP2017” (2018) a íoslódáil ón leathanach Glao faoi seach ar shuíomh gréasáin UIA. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur cruthaíodh an tábla seo go
sonrach le haghaidh Ghlao 5, bunaithe ar an bhfaisnéis i dtábla Comhghaoil Eurostat “LAU – NUTS 2016, AE-28 agus CSTE / Tíortha is Iarrthóirí atá ar fáil” (2018) agus tábla Comhghaoil Eurostat “LAU – NUTS 2016, AE-28 agus CSTE / Tíortha is Iarrthóirí atá ar fáil” (2017). Mar gheall air seo, tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil dhá tháb sa scarbhileog i gcás FR agus PT, agus don chuid eile de na Ballstáit déantar an fhaisnéis a chomhdhlúthú in aon táb amháin in aghaidh na tíre.
6
Bardais/comhairlí cathrach a bhfuil roinnt LAUs laistigh dá dteorainneacha riaracháin. Is amhlaidh
an cás do roinnt bardas/comhairle cathrach sa Phortaingéil, sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, sa
Ghréig, i Málta agus sa Laitivia, áiteanna nach bhfreagraíonn sainmhíniú Eurostat ar aonad
riaracháin áitiúil do bhardas/chomhairle cathrach ach go bhfreagraíonn sé d’aonaid infrea-
bhardais (paróistí) nó d’aonaid staitistiúla (toghbhardaí). Sa chás seo, beidh an bardas/comhairle
cathrach incháilitheach má bhíonn 50 000 áitritheoir mar dhaonra iomlán aige agus má bhíonn
tromlach na n-áitritheoirí (níos mó ná 50%) ina gcónaí in aonad riaracháin áitiúil atá sainmhínithe
mar chathair, mar bhaile nó mar bhruachbhaile, de réir na céime uirbithe (cód 1 agus/nó 2 sa Tábla
Comhghaoil – faoin gcolún Céim Uirbithe)
Ceirtleáin eagraithe ar comhlachas/grúpa d’údaráis uirbeacha iad a chomhlíonann na critéir seo a
leanas:
- Go bhfuil siad aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta mar leibhéal de rialtas áitiúil (nach
ionann é agus an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil) agus a bhfuil sé de dhualgas
ar bhardais/chomhairlí cathrach bheith nasctha leis an eagraíocht fhorbhardasach (mar
sin de, ní áirítear sa chatagóir seo comhlachais a thagann le chéile ar bhonn deonach, ar
chúis faoi leith agus/nó ar feadh tréimhse teoranta)
- Go bhfuil sé le bheith comhdhéanta de bhardais/chomhairlí cathrach amháin (mar sin de,
sa chatagóir seo ní áirítear comhlachais a bhfuil institiúidí eile rannpháirteach iontu, ar
nós ollscoileanna, comhlachais tráchtála, etc.)
- Go bhfuil inniúlachtaí sonracha acu, arna socrú ag an dlí náisiúnta, arna thairmligean ag
na bardais lena mbaineann réimsí beartas atá ábhartha don tionscadal UIA. Iarrtar ar
chomhlachais tagairt chruinn a dhéanamh don chreat náisiúnta dlí. Beidh inniúlachtaí
eisiacha ag na ceirtleán eagraithe maidir le dearadh agus cur i bhfeidhm i réimsí beartas
ábhartha don tionscadal UIA
- Go mbeidh struchtúr polaitiúil faoi leith acu (agus ionadaíocht indíreach ann de na bardais
a bhaineann leo) chomh maith le struchtúr riaracháin (sainfhoireann)
Seo a leanas samplaí de cheirtleáin eagraithe i gcreat an Tionscnaimh UIA:
- An Fhrainc: Métropoles, Communautés Urbaines, Communautés d’Agglomération and
Communautés de Communes, Etablissements Publics Territoriaux
- An Iodáil: Città Metropolitane agus Unione di Comuni
- An Ghearmáin: Landkreis
7
- An Spáinn: Mancomunidades agus Area Metropolitana Barcelona
- An Ríocht Aontaithe: Comhúdaráis
- An Phortaingéil: Comunidades Intermunicipais (CIMs)
Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach (EGTC) a bhfuil a gcomhpháirtíochtaí déanta suas d’údaráis
uirbeacha amháin (mar atá sainmhínithe thuas) agus a bhfuil saininniúlachtaí acu le haghaidh dearadh
beartas agus cur chun feidhme ábhartha don Ghlao UIA agus measfar mar cheirtleáin eagraithe iad
agus mar sin de féadfaidh siad iarratas a chur isteach i gcreat Ghlaonna do Thograí UIA mar Phríomh-
Údaráis nó mar Údaráis Uirbeacha Ghaolmhara. Ní mheasfar EGTCanna a bhfuil eagraíochtaí eile san
áireamh ina gcomhpháirtíochtaí (e.g. Ballstáit, údaráis réigiúnacha, comhlachais, ollscoileanna, etc.)
mar cheirtleáin eagraithe agus nó fhéadfaidh siad iarratas a chur isteach mar Phríomhúdarás nó mar
Údarás Uirbeach Gaolmhar ach féadfaidh siad a bheith ina bPáirtnéirí Soláthair i dtogra arna chur
isteach ag údarás incháilithe uirbeach. 7
I gcreat an Tionscnaimh UIA, meastar ceirtleáin eagraithe mar aonad uirbeach aonair a dhéanann
ionadaíocht thar ceann na mbardas/na gcomhairlí cathrach ar fad a bhaineann leis. Is mar gheall air
seo a léireofar togra tionscadail a chuireann ceirtleán eagraithe isteach mar Phríomhúdarás Uirbeach.
Chun incháilitheacht na gceirtleán eagraithe a dheimhniú, déanfaidh an Rúnaíocht Bhuan seiceáil go
bhfuil líon iomlán na n-áitritheoirí ar a laghad 50 000 agus go bhfuil tromlach (os cionn 50%) na n-
áitritheoirí ina gcónaí sna hAonaid Riaracháin Áitiúil a luaitear leis an gceirtleán atá aicmithe mar
chathracha, mar bhailte nó mar bhruachbhailte de réir an mhéid uirbithe atá ann.
2.2 An dara catagóir
Ní féidir le comhlachas ar bith d’údaráis uirbeacha (comhlachais náisiúnta/reigiúnacha d’údaráis
áitiúla, comhaontuithe críche, ceantair forbraíochta, etc.) ná le húdaráis aonair uirbeacha nach bhfuil
comhaontuithe comhair foirmiúla acu ach atá toilteanach cur isteach ar chreat an Tionscnaimh UIA i
gcomhpháirt lena chéile, cur isteach air mar údarás uirbeach aonair.
7Le haghaidh sonraí a fháil ar róil agus ar fhreagrachtaí na bPríomhúdarás Uirbeach agus na nÚdarás Gaolmhar Uirbeach agus
na bPairtnéirí Soláthair féadfaidh na hiarratasóirí tagairt a dhéanamh d’alt 5.1 de na Téarmaí Tagartha chomh maith le halt
2.1 de Threoir an UIA.
8
Aithneoidh siad Príomhúdarás Uirbeach (MUA) i measc na mbardas/gcomhairlí cathrach lena
mbaineann siad agus ainmneoidh siad na cinn eile mar Údaráis Ghaolmhara Uirbeacha (AUA).
Chun bheith incháilithe, aithneofar na húdaráis uirbeacha ar fad lena mbaineann (Príomhúdaráis agus
Údaráis Ghaolmhara) mar LAUs agus beidh siad aicmithe mar chathracha, mar bhailte nó mar
bhruachbhailte, de réir an mhéid uirbithe atá ann. I gcás údarás áitiúil a bhfuil níos mó ná aon LAU
amháin i gceist sna teorainneacha riaracháin acu, is ionann na rialacha a bhaineann leis an sainmhíniú
maidir leis an gcéim uirbithe a gcuirtear síos orthu thuas sa rannán seo.
Ní gá an gaol idir na MUAs agus na AUAs bheith foirmiúil an tráth a chuirtear an Fhoirm Iarratais
isteach. Sa chás go gceadaítear an togra agus go dtacaítear leis, soláthróidh PS an UIA an MUA le
teimpléad de Chomhaontú Páirtnéireachta a shíneoidh na páirtnéirí ar fad lena mbaineann
(Príomhúdaráis Ghaolmhara Uirbeacha agus Údaráis Ghaolmhara Uirbeacha agus Páirtnéirí Soláthair)
le linn na míonna tosaigh den chéim chur chun feidhme.
Léirítear in eispéiris roimhe seo go dtéann tionscadail aonair a sholáthraíonn comhlachais nó grúpaí
de chathracha nach bhfuil stádas mar cheirtleán eagraithe acu, a chuimsíonn níos mó ná 3 údarás
uirbeacha (Príomhúdaráis Uirbeacha agus Údaráis Ghaolmhara Uirbeacha) agus nach bhfuil tadhlach
ó thaobh críche de, i mbaol comhleanúnachas a chailleadh agus go mbeidh deacrachtaí acu maidir le
torthaí fiúntacha a sholáthar. Mar sin, moltar gur cheart do chomhlachais agus/nó do ghrúpaí
d’údaráis uirbeacha (nach bhfuil stádas mar cheirtleán eagraithe acu) ar mian leo iarratas a dhéanamh
bheith tadhlach ó thaobh críche de agus féachaint le líon na nÚdarás Uirbeach Gaolmhar lena
mbaineann a theorannú.
Nota bene: Ní féidir páirt a ghlacadh ach amháin i gcreat an chúigiú Glao ar Thograí atá ann faoi láthair
agus i gcomhair amháinu tograí a thugann aghaidh ar an ábhar “Athrú Déimeagrafach”, ar údaráis
uirbeacha a aithníonn EUROSTAT mar LAUanna ach atá aicmithe mar thíortha tuaithe de réir a leibhéal
uirbithe mar Údaráis Uirbeacha Chomhlachaithe (AUAs). ) amháin. Is é atá i gceist leis seo naisc
uirbeacha-tuaithe a chothú, rud atá ábhartha go háirithe don ábhar seo. Lena chinntiú go n-urramófar
go hiomlán na ceanglais atá leagtha síos san Acht Tarmligthe, ní féidir LAUs atá aicmithe mar cheantair
thuaithe de réir a leibhéal uirbithe a léiriú mar MUAs (agus mar sin ní féidir leo tograí tionscadail a
chur isteach) agus ní féidir a gcuid áitritheoirí a chur san áireamh chun teacht ar thairseach íosta de
50.000 áitritheoir. Áiritheoidh an MUA an tairseach íosta áitritheoirí agus sa deireadh thiar, déanfaidh
9
na AUAs eile atá aicmithe ag Eurostat mar chathracha, bailte agus / nó bruachbhailte de réir a leibhéal
uirbithe.
2.3 Ceanglais choiteanna d’údaráis uirbeacha incháilithe
Chomh maith leis na prionsabail atá leagtha amach thuas, baineann na prionsabail seo a leanas le gach
údarás uirbeach incháilithe i gcreat an Tionscnaimh UIA:
Tá na húdaráis uirbeacha ar fad lonnaithe i mBallstát an AE
Ní fhéadfaidh ach údaráis uirbeacha incháilithe, de réir mar a shainítear iad thuas, foirm
iarratais a chur isteach i gcreat Ghlaonna ar Thograí UIA. Dearbhófar neamh-incháilithe Foirm
Iarratais a chuireann Páirtnéir Soláthair isteach.
Féadfar údaráis uirbeacha (mar a shainmhínítear thuas) bheith liostaithe i dtogra tionscadail
amháin mar Phríomhúdarás agus/ nó mar Údaráis Ghaolmhara Uirbeacha. Coinnítear go
leithleasach catagóir na bPáirtnéirí Soláthair d’institiúidí agus/nó eagraíochtaí nach n-
aithnítear mar údaráis uirbeacha i gcreat an Tionscnaimh UIA
Féadfaidh údarás uirbeach nó le ceirtleán eagraithe baint a bheith aige i dtogra tionscadail
amháin i gcreat gach Glao ar Thograí (fiú má chuirtear na tograí tionscadail seo isteach faoi
ábhair éagsúla sa Ghlao ar Thograí céanna). Baineann an riail seo leis na AUAs chomh maith
(ní fhéadfaidh bardas baint a bheith aige ach le haon togra tionscadail amháin más MUA é nó
más AUA é).
Ní féidir le húdaráis uirbeacha ar tugadh tacaíocht dóibh cheana féin i dtionscadal de chuid an
Tionscnaimh UIA i gcreat Glao ar Thograí roimhe seo Foirm Iarratais nua a chur isteach ar an
ábhar céanna le linn fhad iomlán an Tionscnaimh.
Ní áirítear gníomhaireachtaí agus cuideachtaí (e.g. i réimse bainistíochta fuinnimh/dramhaíola, na
forbartha eacnamaíochta, cur chun cinn na turasóireachta, etc.) atá ar lánúinéireacht nó ar
pháirtúinéireacht ag an mbardas/gcomhairle contae mar LAUs agus ní feidir dá réir iad a aithint mar
údaráis uirbeacha incháilithe. Mar sin féin, féadfaidh na húdaráis seo baint a bheith acu sa
pháirtnéireacht mar Pháirtnéirí Soláthair (féadfar breis faisnéise a fháil ar róil agus ar fhreagrachtaí na
bPáirtnéirí Soláthair in alt 5.1 de na Téarmaí Tagartha atá ann faoi láthair agus i rannán 2.1 de Threoir
an UIA)
10
Mar atá luaite in altanna roimhe seo, bainfidh PS an UIA leas as an scarbhileog tábla Comhghaoil UIA
“EU-28-LAU-2018-NUTS-2016-FR&PT_POP2017” (2018) mar an phríomhfhoinse thagartha, chun
deimhniú a dhéanamh de go gcomhlíontar leis na critéir incháilithe. Moltar go mór do na hiarratasóirí
an scarbhileog a sheiceáil agus féinmheasúnú incháilitheachta a dhéanamh sula gcomhlánaítear an
Fhoirm Iarratais.
Moltar go mór d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le PS an UIA i gcás go bhfuil bearnaí,
neamhréireachtaí, nó amhrais maidir le léirmhíniú na sonraí a áirítear sa tábla sula ndéantar an Fhoirm
Iarratais a chomhlánú agus a chur isteach.
Le linn na seiceála incháilitheachta, i gcásanna ina bhfuil éiginnteacht maidir le stádas iarratasóra mar
iarrthóir incháilithe, déanfaidh PS an UIA teagmháil le gach páirtnéir ábhartha, Eurostat san áireamh,
leis an incháilitheacht a dheimhniú.
3 Clúdach téamach le haghaidh an chúigiú Glao ar Thograí
Chinn an Coimisiún na hábhair ar féidir le hÚdaráis Uirbeacha aghaidh a thabhairt orthu tríd an
Tionscnamh UIA a chur ar chomhréim leis na hábhair sin a shainítear i gcreat Chlár Oibre Uirbeach an
AE. Ina theannta sin, d'fhéadfadh an Coimisiún Eorpach “topaicí trasghearrthacha” mar a thugtar
orthu nach bhfuil mar chuid de liosta topaicí an Chláir Oibre Uirbigh a mholadh ach tagairt a dhéanamh
do phríomhdhúshláin uirbeacha (m.sh. Athrú déimeagrafach).Go sonrach, is ar líon áirithe ábhar a
dhíreofar i ngach Glao ar Thograí UIA.
Le haghaidh an chúigiú Glao ar Thograí, féadfaidh iarratasóirí tograí tionscadail a chur isteach lena
dtugtar aghaidh ar na hábhair seo a leanas:
Caighdeán an aeir
An geilleagar ciorclach
Cultúr agus oidhreacht chultúrtha
An t-athrú déimeagrafach
Údaráis uirbeacha atá ag cur isteach sa chreat Ghlao ar Thograí UIA iarrtar orthu gan ach ceann amháin
de na hábhair a bheartaítear a roghnú. Tá an fhéidearthacht ag iarratasóirí, áfach, ceann de na hábhair
a mholtar a roghnú. Ba cheart, áfach, cur chuige comhtháite a fhorbairt chun dul i ngleic ar dhóigh
11
éifeachtach leis na dúshláin a aithnítear ann. Tá deis ag iarratasóirí cur síos a dhéanamh ar na nascana
agus ar na seachtrachtaí a bhaineann le hábhair agus le réimsí eile beartas.
Mar a luadh, is mian leis an gCoimisiún go mbeartófar tograí tionscadail lena dtabharfar réitigh atá
cruthaitheach, nuálach agus buanfasach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla a aithnítear.
Ós rud é go mbeidh UIA ina shaotharlann le haghaidh smaointe nua, is é aidhm an Choimisiúin tástáil
núíosach a spreagadh a bhaineann leas as taithí i ndisciplíní éagsúla. Dá bhrí sin, sheachain an
Coimisiún an iomarca saintreoracha a thabhairt maidir le cur síos a dhéanamh ar na cineálacha
tionscadail a bhfuil sé ag súil lena mbeartú.
Maidir le tacú le Cuspóirí Téamacha agus le Tosaíochtaí Infheistíochta an CFRE, is gá go mbreathnaítear
ar an tionscadal foriomlán mar thionscadal a thacaíonn le Cuspóirí Téamacha agus le Tosaíochtaí
Infheistíochta an CFRE. Mar sin féin, beifear in ann tacú le tionscadail UIA a chuidíonn le Cuspóirí
Téamacha 8-10 a chur i gcrích (i.e. na cinn sin is mó atá dírithe ar chúrsaí sóisialta) a fhad is:
Gur féidir a mheas go ndéanann an tionscadal foriomlán rannchuidiú éifeachtach maidir leis
na cuspóirí téamacha agus na tosaíochtaí infheistíochta de chuid CFRE; agus
Nach bhfuil an tionscadal dírithe go rómhór ar ghníomhaíocht a thagann faoi chuimsiú CSE de
ghnáth.
Cuimhnigh air, i bpróiseas roghnaithe agus chur chun feidhme tograí tionscadail, go bhfuil ríthabhacht
ag baint le comhlántacht agus sineirgí le cláir eile maoinithe an Aontais, chomh maith le tionscadail a
dtacaítear leo. Déanfaidh Coiste Roghnúcháin an UIA iarracht dúbailt ar bith a sheachaint agus iad ag
déanamh cinntí ar na tionscadail a dtabharfar tacaíocht dóibh.
Sna rannáin seo a leanas tá cur síos mionsonraithe ar na 4 hábhar sa chúigiú Glao ar Thograí UIA.
3.1 CAIGHDEÁN AN AEIR
Sainmhíniú agus comhthéacs foriomlán na dtopaicí
In ainneoin an dul chun cinn suntasach atá déanta le roinnt blianta anuas, tá an t-aerthruailliú
comhthimpeallach fós ar an gcéad chúis comhshaoil um bhás luath san AE, nó bíonn fós thart ar 390
000 bás luath gach bliain san AE de dheasca ardleibhéal cáithníní míne, dé-oscaíde nítrigine agus ózóin.
Leanann an t-aerthruailliú de bheith ag déanamh dochair d’éiceachórais toisc go bhfuil níos mó ná
leath de chríoch an AE nochtaithe do ródheascadh nítrigine (eotrófú) agus tiúchain ózóin. Bíonn
12
tionchar diúltach aige seo ar bhithéagsúlacht, laghdaíonn sé táirgeacht na mbarr agus cruthaíonn sé
damáiste ábhartha eile.
Díríonn beartas comhshaoil an AE ar chreat beartais um aer glan a fhorbairt agus a chur chun feidhme
a athneartaíonn beartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna gnéithe sin a bhaineann le fadhbanna
cháilíocht an aeir nach féidir le Ballstáit a láimhseáil go héifeachtach nó go héifeachtúil leo féin. Tá sé
mar aidhm ag beartais an AE freisin oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a chur chun feidhme i réimse
an truaillithe aeir agus saoránaigh acu mar phríomhghníomhaithe, chun ceanglais maidir le cosaint an
chomhshaoil a dhearadh agus a chur chun feidhme agus a chomhtháthú i dtionscal, i dtógáil, i
bpleanáil agus i ndearadh uirbeach, mar shampla, earnálacha fuinnimh, iompair, feirmeoireachta uirbí
agus talmhaíochta.
Féadtar teacht ar fhigiúirí a léiríonn tábhacht an aerthruaillithe chomhthimpeallaighanseo.
Ábharthacht agus ról na n-údarás uirbeach
Is iad na húdaráis uirbeacha is fearr atá in ann bearta áitiúla a chur chun feidhme a rachaidh chun
tairbhe do shláinte agus d’fholláine na saoránach agus don chomhshaol, mar go bhfuil siad eolach ar
an staid áitiúil agus go rialaíonn siad raon ionstraimí amhail pleanáil agus dearadh uirbeach,
bainistíocht bonneagair/tráchta, ceadanna tithíochta, iarfheistiú comharsanachta agus athúsáid
oiriúnaitheach foirgnimh, polasaí páirceála etc., a ligeann dóibh réitigh nuálacha a stiúradh agus a chur
chun cinn. Go ginearálta beidh siad i gceannas ar bhuiséid áitiúla agus fostóidh siad na baill foirne a
mbeidh orthu tabhairt faoi aon chur chun feidhme, lena n-áirítear mar shampla bearta a ghlacadh nó
a fhorfheidhmiú i gcásanna a mbíonn toitcheo ann, nó pleananna fadtéarmacha maidir le caighdeán
an aeir a dhearadh agus a chur chun feidhme.
In go leor de na Ballstáit bíonn údaráis chathrach freagrach as pleananna oifigiúla um cháilíocht an
aeir a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas faoi Threoir 2008/50/CE nó le haghaidh pleananna
um cháilíocht aer na cathrach atá nasctha le pleananna oifigiúla réigiúnacha um cháilíocht an aeir faoi
Threoir 2008/50/CE. I gcás pleananna oifigiúla réigiúnacha um cháilíocht an aeir, is minic a bhíonn ról
an-mhór ag cathracha, mar is iondúil go bhfuil siad sin mar lárionad móra eacnamaíoch an réigiúin, le
dlús daonra, tráchta agus tionscail. De bhrí go seasann sáruithe PM agus NO2 in go leor cathracha i
gcuid mhór tíortha, in ainneoin pleananna gníomhaíochta um cháilíocht an aeir, leiríonn sé sin go
bhfuil gá le réitigh agus feabhsuithe nuálacha sa chur chuige: chuirfí fáilte mhór roimh léargas níos
fearr maidir le cén áit agus cén uair a d’fhéadfadh fadhbanna truaillithe aeir tarlú agus an dóigh ar
féidir le réitigh nuálaíocha cuidiú le cur le réitigh.
13
Nodanna d’údaráis uirbeacha
Ba cheart béim a leagan ar an bhfíric gur féidir feabhas a chur ar cháilíocht an aeir uirbigh le
maireachtáil go folláin trí mhaolú a dhéanamh ar fhoinsí astaíochtaí ábhartha maidir le truailleáin aeir
nó a réamhtheachtaithe. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag foinsí uirbeacha ar chaighdeán an aeir
uirbigh (i.e. trácht, téamh tí, foirgnimh atá inslithe go dona, tionscal) ach freisin ag foinsí atá suite
taobh amuigh den chathair. Tá caighdeán an aeir chúlra mar a thugtar air déanta suas de/faoi
thionchar astaíochtaí ó fhoinsí astaíochtaí neamhuirbeacha amhail talmhaíocht, loingseoireacht
(intíre), foinsí nádúrtha agus astaíochtaí i gceantair (uirbeacha ) i bhfad i gcéin. Chun cinntí a
dhéanamh ar an bhfoinse uirbeach is fearr (costas-éifeachtach) a bhféadfaí maolú a dhéanamh uirthi,
ní mór sonraí maithe ar na foinsí cúlra a bheith ann (a chinneann an dlús cúlra agus an méid a
chuireann an chathair í féin le trualliú an aeir). Ina theannta sin, ní bhíonn truailliú aeir i dtimpeallacht
uirbeach aonchineálach. Bíonn baill the in aon timpeallacht uirbeach, agus is féidir iad a nascadh le
foinsí éagsúla. D’fhéadfadh samhaltú ardtaifigh cabhrú leis na baill the sin a shainaithint agus
cheadódh sin bearta atá i bhfad níos beaichte agus níos éifeachtaí ó thaobh costais a oireann níos fearr
don mhicritimpeallacht sin.
Agus réitigh nuálacha á n-aithint, iarrtar ar údaráis uirbeacha ceachtanna a foghlaimíodh a thabhairt
faoi deara agus tógáil orthu mar a thuairiscítear iad i dtuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí
Comhshaoil maidir le cur chun feidhme aeir i 12 chathair(gClár Tástála Feidhmithe Aeir, Cáilíocht aeir
uirbigh na hEorpa — athmheasúnú a dhéanamh ar dhúshláin cur chun feidhme i gcathracha), ó
thionscadail a rinneadh faoin LIFE nó faoi Horizon 2020 (Féach mar shampla an glao ar bhainistiú
dramhaíola uirbí 2015 chun na cathracha a athghiniúint ; agus na cláirgníomhaíochtaí trasearnálacha
le fócas ar chathracha cliste agus inbhuanaitheis deireanaí agus, nuair is cuí, nasc a dhéanamh le
gníomhaíochtaí atá ann cheana, mar shampla malartuithe faoinClár TAIEX Peer-2-Peer.
Gan bheith saintreorach maidir leis na cineálacha tionscadal a mbeifí ag súil leo, moltar do chathracha
machnamh faoi leith a dhéanamh ar na pointí agus ar na ceisteanna seo a leanas:
Comaitéireacht ghlan: réitigh nuálaacha shoghluaiseachta (e.g..Rialacháin Rochtana Feithiclí
Uirbeacha (UVARs) ar nós Criosanna íseal-Astaíochtaí agus/nó Muirearú ar Phlódú) chun
tionchar an tráchta comaitéara ó cheantair fho-uirbeacha agus ceantair eile mórthimpeall na
cathrach (lár) ar chaighdeán an aeir uirbigh a laghdú. D'fhéadfadh údaráis chathrach torthaí ó
thionscadail agus infheistíochtaí soghluaisteachta a chur i bhfeidhm go sonrach don dúshlán
a bhaineann le truailliú aeir ó thrácht comaitéara, réitigh nuálacha a thástáil agus a fheabhsú
chun an ráta glactha, glacadh leis an bpobal a fheabhsú agus tionchar a imirt ar thruailliú aeir.
14
Príomhghné a bheadh ann ná an comhoibriú le húdaráis réigiúnacha agus bardais
chomharsanachta mar go dtosaíonn comaitéireacht go minic taobh amuigh de
theorainneacha na cathrach agus mar is minic a bhunaítear Pleananna Cáilíochta Aeir faoi
Threoir 2008/50/CE ag leibhéal réigiúnach.
Aer glan agus aeráid: Is iad na húdaráis chathrach is fearr chun sineirgí a uasmhéadú idir bearta
fuinnimh/aeráide agus caighdeán an aeir go háitiúil. D'fhéadfaidís, mar shampla,
modheolaíochtaí a thástáil chun cáilíocht an aeir a chomhtháthú ina straitéisí aeráide agus
fuinnimh, ar nós na bPleananna Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana agus Aeráide
(SECAPs) faoi Chúnant na Méaraí, ag feabhsú an naisc le Pleananna Cáilíochta Aeir, mar a
forbraíodh faoi Threoracha maidir le Caighdeán an Aeir Chomhthimpeallaigh. Más cuí agus
agus nuair is cuí, d'fhéadfaí torthaí a roinnt i líonraí cathrach ábhartha.
Aer glan do chách: is féidir le saoránaigh a bheith níos leochailí maidir le truailliú aeir mar
gheall ar choinníollacha sláinte. Is féidir le truailliú aeir tionchar níos mó a imirt ar chodanna
de chathracha nach bhfuil go maith as, agus mar sin a gcónaitheoirí. D'fhéadfadh údaráis
uirbeacha gníomhaíochtaí nuálacha a thástáil ar shaincheisteanna amhail pleanáil uirbeach,
soghluaisteacht, fuinneamh agus faisnéis, chun díriú orthu chun laghdú a dhéanamh ar
neamhchosaint ar thruailliú aeir do ghrúpaí leochaileacha den sórt sin, mar shampla ag díriú
ar cheantair nach bhfuil go maith as le truailliú ard, agus/nó ar cheantair le háiseanna cúram
leanaí agus scoileanna, ospidéil agus/nó tithe do dhaoine scothaosta.
Eolaíocht shaoránach aeir ghlain: tomhais tháscacha maidir le cáilíocht an aeir a úsáid (e.g. trí
bhraiteoirí iontaofa ísealchostais a úsáid) chun na stáisiúin oifigiúla um mhonatóireacht ar
cháilíocht an aeir a chomhlánú. D'fhéadfadh údaráis uirbeacha, nuair is gá sin i dteannta le
páirtithe leasmhara ábhartha atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir
agus as sláinte phoiblí, tástáil a dhéanamh ar eolaíocht shaoránach agus í a nascadh le huirlisí
forbartha chun sonraí a phróiseáil agus le cleachtais cháilithe atá ann cheana maidir le
monatóireacht ar chaighdeán an aeir, ag tógáil ar eispéiris le tionscadail ghaolmhara
(Tionscadal Ullmúhúcháin LIFE ar bhraiteoirí; Tionscadal Píolótach EP ar bhraiteoirí).
Cumarsáid maidir le haer glan: go minic, agus muinín ard pholaitiúil acu, tá údaráis áitiúla i
riocht maith le glacadh an phobail le bearta um chaighdeán an aeir ghlain a mhéadú, mar
shampla ag cinntiú agus ag léiriú tionchair dhearfacha shóisialta, sláinte agus folláine. Ba
cheart do thionscadail modhanna cur chuige nuálacha a thástáil a dhíríonn go cuí ar
phríomhchodanna den daonra áitiúil, mar shampla i scoileanna, san earnáil foirgníochta agus
sa phobal sláinte, chun saoránaigh a íogarú tuilleadh agus athrú iompraíochta agus cultúrtha
a spreagadh.
15
Rialachas aeir ghlain: dea-chleachtais rialachais il-leibhéil agus ilrannacha. Braitheann
gníomhaíocht éifeachtach ar chaighdeán an aeir ar gach leibhéal rialachais, agus ah gach
leibhéal aonair ar chomhoibriú idir ranna atá in ann difear a dhéanamh do cháilíocht an aeir
(e.g. cóid maidir le pleanáil agus tógáil uirbeach, soghluaisteacht, cothabháil bóithre, glas
uirbeach, etc.). Ba cheart do thionscadail cur chuige nuálaíoch a dhearadh agus a thástáil i
leith polasaithe aeir ghlain thar leibhéil éagsúla rialachais, amhail leibhéal áitiúil, réigiúnach
agus náisiúnta, agus trasna ranna.
Ós rud é gurb é seo an dara huair a bhfuil Caighdeán an Aeir san áireamh i nGlao ar Thograí UIA,
mholfaimis go bhféachfadh iarratasóirí ar na tionscadail sin a ceadaíodh satríú Glao ar Thograí.
3.2 GEILLEAGAR CIORCLACH
Sainmhíniú agus comhthéacs foriomlán na dtopaicí
Maidir leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, ina bhfuil luach na dtáirgí, na n-ábhar agus na n-
acmhainní á gcothabháil sa gheilleagar chomh fada agus is féidir, agus ina bhfuil chéad ghlúin na
dramhaíola á híoslaghdú, istosaíocht de chuid an AE é. Tá uisce ar cheann de na príomhacmhainní sin
san aistriú agus tá fócas ar leith ar bhainistiú uisce ciorclach uirbeach.
Is é fuíolluisce an chatagóir dramhaíola is mó gan úsáid a bhaineann le geilleagar ciorclach.
D’fhéadfadh athúsáid uisce (mar shampla le haghaidh uisciú uirbeach) feabhas ach uisce a dheighilt ó
éilleáin cheimiceacha. Is tomhaltóirí suntasacha fuinnimh san Eoraip iad córais uisce agus fuíolluisce
(de réirTionscadal ENERWATER(H2020) úsáideann an 22 000 ionad cóireála fuíolluisce san Eoraip níos
mó ná 1% den tomhaltas leictreachais foriomlán san AE). Ghlac an Coimisiún Eorpach le togra i mí
Feabhra 2018 maidir le treoir athbhreithnithe maidir le huisce óil chun caighdeán an uisce óil a
fheabhsú agus chun rochtain agus faisnéis níos fearr a sholáthar do shaoránaigh. Cuideoidh sé le
tíortha an AE uisce óil a bhainistiú ar bhealach atá tíosach ar acmhainní agus inbhuanaithe chun úsáid
fuinnimh agus caillteanas neamhriachtanachuisce a laghdú. Cuideoidh sé freisin le laghdú a dhéanamh
ar líon na mbuidéal plaisteach tar éis muinín mhéadaithe in uisce buacaire, rochtain níos fearr agus
úsáid uisce óil a chur chun cinn. Ar aon dul le prionsabail cholún nua chearta sóisialta na hEorpa, tá
oibleagáid sa togra ar thíortha AE rochtain a fheabhsú ar uisce óil sábháilte do chách agus rochtain a
chinntiú do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe.
Ag an am céanna, sheol an Coimisiún Eorpach meastóireacht ar an Treoir maidir le Fuíolluisce Uirbeach
agus é mar chuspóir aige na rudaí a d'oibrigh a aithint agus cad iad na príomhdhúshláin eile maidir le
fuíolluiscí uirbeacha a bhailiú agus a chóireáil uiscí.
16
I measc na n-earnálacha iomadúla a bhfuil dúshláin shonracha rompu i gcomhthéacs an gheilleagair
ciorclaigh, tá céimeanna cinntitheacha á nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach maidir le hathchúrsáil
earraí plaisteacha. I mí na Bealtaine 2018 moladh rialacha nua ar fud an AE chun díriú ar na 10 dtáirgí
plaisteacha aon úsáide is minice a fhaightear ar thránna agus ar fharraigí na hEorpa, chomh maith le
fearas iascaireachta atá caillte agus tréigthe, mar chuid de Straitéis Plaistigh na hEorpa chun dul i ngleic
le bruscar plaisteach fuíll agus díobhálach . Cuideoidh na bearta atá beartaithe le haistriú na hEorpa i
dtreo Geilleagair Chiorclaigh, agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus
gealltanais aeráide an AE agus cuspóirí beartais thionsclaíoch a bhaint amach.
Ábharthacht agus ról na n-údarás uirbeach
Tá an-taithí ag údaráis uirbeacha maidir le bainistíocht dramhaíola a sholáthar mar sheirbhís leasa
ghinearálta. Is féidir le cathracha freisin an t-athrú a thiomáint i dtreo modhanna táirgthe agus
tomhaltais níos inbhuanaithe. Tá príomhról acu maidir le bruscar a throid agus méideanna de
dhramhaíl sholadach a laghdú sa chomhshaol lena n-áirítear sna haibhneacha agus ar deireadh ar
muir. Cuirfear oibleagáidí nua ar tháirgeoirí míreanna plaisteacha aon-úsáide i bhfeidhm sa Treoir
maidir le plaistigh aonúsáide sa todhchaí, lena n-áirítear an oibleagáid gníomhaíochtaí a mhaoiniú
chun bruscar a laghdú. Beidh cathracha sa líne thosaigh chun na riachtanais nua seo a chur chun
feidhme go nithiúil.
Is minic a bhíonn cathracha freagrach as bainistiú inbhuanaithe, éifeachtúil agus cothrom ar uisce
(soláthar uisce óil agus cóireáil fuíolluisce san áireamh). Bíonn tionchar dearfach ag dea-bhainistíocht
i líonraí agus i suiteálacha ar chostais chothabhála agus infheistíochtaí ag an leibhéal áitiúil. Ina
theannta sin, tá údaráis uirbeacha gar do shaoránaigh maidir le saincheisteanna inacmhainneachta.
Nodanna d’údaráis uirbeacha
Gan bheith saintreorach maidir leis na cineálacha tionscadal a mbeifí ag súil leo, moltar do chathracha
machnamh faoi leith a dhéanamh ar na pointí agus ar na ceisteanna seo a leanas:
Réitigh nuálacha chun plaistigh agus truailleáin eile a laghdú amhail cógaisíocht i ndramhaíl uirbeach
agus i sruthanna fuíolluisce uirbeacha, le fócas ar:
plaistigh aonúsáide (is minice a théann isteach sna haigéin mar a shonraítear sa Treoir maidir
le plaistigh aonúsáide);
bailiú bruscair phlaistigh, micrea-phlaistigh agus truailleáin eile ó uisce a ritheann chun srutha
agus forsceitheadh uisce stoirme;
17
bailiú agus cóireáil ar leithligh fuíolluisce atá truaillithe ag cógaisíocht a chur chun cinn ag
gnáth-theophointí.
Réitigh nuálacha le haghaidh tuilleadh bainistíochta ciorclaí ar uisce uirbeach , lena n-áirítear:
gléasraí bailithe agus cóireála fuíolluisce a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de nó
deimhneach ó thaobh na haeráide de - ídiú fuinnimh / táirgeadh fuinnimh a laghdú;
an leas is fearr a bhaint as athúsáid fuíolluisce uirbigh;
éifeachtúlacht / laghdú níos fearr ar úsáid uisce, agus feabhas ar rochtain ar uisce agus ar
inacmhainneacht do na grúpaí leochaileacha agus imeallaithe.
Ós rud é gurb é seo an dara huair a bhfuil ábhar an Gheilleagair Chiorclaigh san áireamh i nGlao ar
Thograí UIA, mholfaimis go bhféachfadh iarratasóirí ar na tionscadail sin a ceadaíodh saDara Glao ar
Thograí.
3.3 CULTÚR AGUS OIDHREACHT CHULTÚRTHA
Sainmhíniú agus comhthéacs foriomlán na dtopaicí
Cultúr agusOidhreacht chultúrthalena n-áirítear Tionscail Chultúrtha agus Chruthaitheacha, is
sócmhainní ríthábhachtacha iad maidir le hiomaíochas réigiúnach agus comhtháthú sóisialta, agus iad
mar phríomhghnéithe d’ionannas cathracha agus réigiún. Ina theannta sin, bíonn tionchar suntasach
ag rannpháirtíocht chultúrtha ar chaighdeán maireachtála na n-áitritheoirí, ag cur lena bhfolláine agus
lena mbraistint chomhmhuintearais.
In ainneoin go meastar gurgné thábhachtach i straitéisí maidir le forbairt uirbeach agus réigiúnachiad
cultúr agus oidhreacht chultúrtha, ní bhaintear leas iomlán as a gcumas i gcónaí. Ar na cúiseanna tá
go gcloítear i gcónaí le cur chuige traidisiúnta ina ndíríonn infheistíochtaí sna hearnálacha sin go
hiomlán ar thacaíocht a thabhairt do tháirgeadh cultúrtha nó ar idirghabhálacha fisiceacha i láithreáin
oidhreachta nó i bhfoirgnimh. Cé go bhfuil na hinfheistíochtaí sin ríthábhachtach chun tacú le forbairt
luachanna cultúrtha agus/nó léirithe ealaíonta, agus chun oidhreacht chultúrtha luachmhar
inláimhsithe agus doláimhsithe na hEorpa a chur chun cinn do na glúine atá le teacht, tá sé
ríthábhachtachcuir chuige nuálachaa chur chun cinn, ag díriú ar inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí
agus uasmhéadú a dhéanamh ar na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha ar na críocha agus ar na pobail.
Mar phrionsabail ghinearálta, ba cheart na hinfheistíochtaí seo a bheith bunaithe ar:
cuir chuige chomhtháite, trí úsáid níos fearr a bhaint as an bpoitéinseal atá ag an gcultúr agus
an oidhreacht chultúrtha chun sochair a ghiniúint saréimsí beartais éagsúla(i.e. taighde,
iompar, turasóireacht, fostaíocht, an comhshaol, fiontraíocht - Baineann cultúr agus
18
oidhreacht chultúrtha leas as réimse beartas, clár agus maoiniú an AE, lena n-áirítearEoraip
na Cruthaitheachta, ach freisin Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, Horizon
2020, COSME, An Eoraip ar son na SaoránachnóIonstraimí cistithe i leith ghníomhaíocht
sheachtrach an AE.) agus i gcaighdeán idirghabhálacha uirbeacha;
cuir chuige atá dírithe ar dhaoine, idirghabhálacha a chur in oiriúint do riachtanais
éifeachtacha daoine agus pobal agus deis a thabhairt dóibh leas a bhaint as acmhainní
oidhreachta cultúir agus cultúrtha trícuir chuige rannpháirteacha i gcinnteoireacht, comh-
chruthú agus comh-chur chun feidhme;
samhlacha rialachais oscailte, réimse leathan gníomhaithe a fhostú sna hearnálacha poiblí,
neamhbhrabúis agus príobháideacha (go háirithe FBManna) a ligeann dóibh foirmeacha
nuálacha a ghiniúint chun cultúr agus oidhreacht chultúrtha a chistiú, sochair eacnamaíocha
nó shóisialta dhíreacha nó indíreacha.
Ábharthacht agus ról na n-údarás uirbeach
Is éard atá i gcathracha ná saotharlanna nuálaíochta bunaithe ar chultúr. Is féidir leo ról lárnach a
imirt, ag díriú a gcuid straitéisí chun cur ar chumas saoránach agus pobal leas a bhaint as acmhainní
cultúir agus oidhreachta dá dtodhchaí, agus gníomhú mar chatalaígh don speictream leathan páirtithe
leasmhara agus údarás lena mbaineann infheistíochtaí comhtháite. Is dóchúla go n-éireoidh le
hiarrachtaí forbartha comhtháite, bunaithe ar áiteanna a bheidh in oiriúint do choinníollacha áitiúla
chun torthaí a ghiniúint. Mar shampla, léiríodh gur féidir le cur chuige straitéiseach, fadtéarmach agus
rannpháirtíochta i leith an chultúir mar a éilíonn an lipéadPríomhchathair Chultúir na hEorpa,tairbhí
inbhuanaithe do chathracha agus réigiúina thabhairt.
Ní mór go léireodh cur chuige comhtháite den sórt sin riachtanais na gcónaitheoirí áitiúla thar aon rud
eile, d'fhonn a gcuidrochtain ar chultúr agus rannpháirtíocht anna éascú. Díríonn an coincheap
“rochtain” ar chur ar a gcumas a bheith in ann an tairiscint chultúrtha atá ar fáil a úsáid, trí “dhoirse a
oscailt” freisin do lucht spéise neamhthraidisiúnta ionas go mbeidh siad ábalta sult a bhaint as
tairiscintí cultúrtha nó láithreáin oidhreachta a raibh sé deacair teacht orthu roimhe seo mar gheall ar
shraith bacainní. Aithníonn an coincheap “rannpháirtíocht” (i gcinnteoireacht, sna próisis
chruthaitheacha, etc.) na cónaitheoirí mar idirghabhálaí gníomhach, ar chóir dul i gcomhairle leo – nó
ar chóir baint a bheith acu ar a laghad – maidir leis an tairiscint chultúrtha a phleanáil agus a chruthú.
D'fhonn tairbhí a chruthú ar an tsochaí, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí agus tionscadail chomh
hoscailte agus chomh cuimsitheach agus is féidir, ag ligean do gach saoránach agus pobal dul i ngleic
leis na hacmhainní seo agus leas a bhaint astu. Ar an drochuair, léiríonn sonraí atá ar fáil maidir
19
lerannpháirtíocht chultúrtha san AE nach nglacann mórán Eorpach, mar gheall ar roinntbacainní, páirt
i ngníomhaíochtaí cultúrtha ná cuairt a thabhairt ar shuímh chultúrtha.
AithníonnClár Oibre Nua na hEorpa maidir leis an gCultúr, a mhol an Coimisiún i mí na Bealtaine 2018,
go bhfuil scóip shoiléir ann chun rannpháirtíocht chultúrtha na nEorpach a mhéadú. Áiríodh
inrochtaineacht chultúrtha freisin i measc chuspóirí sonracha Bhliain Eorpach na hOidhreachta
Cultúrtha 2018. Ina theannta sin, deir oidhreacht pholaitiúil na Bliana, anCreat Gnímh na hEorpa
maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha , gur dúshlán fós í rannpháirtíocht san oidhreacht chultúrtha a
spreagadh agus molann roinnt gníomhaíochtaí a dhíríonn go sonrach ar chathracha san AE, nó atá fós
ábhartha.
Nodanna d’údaráis uirbeacha
Laistigh de chomhthéacs na nGníomhaíochtaí Nuálacha Uirbí agus ag cur gníomhaíochtaí an Aontais
Eorpaigh san áireamh ina leith seo, tugtar cuireadh d'údaráis uirbeacha réitigh nuálacha
phobalbhunaithe a thástáil maidir le hinrochtaineacht agus rannpháirtíocht i gcultúr agus in
oidhreacht chultúrtha, ar féidir leo tionchar dearfach a imirt ar fhás agus poist, comhtháthú sóisialta
agus cuimsiú sóisialta.
Gan bheith saintreorach maidir leis na cineálacha tionscadal a mbeifí ag súil leo, moltar do chathracha
machnamh faoi leith a dhéanamh ar na pointí agus ar na ceisteanna seo a leanas:
Cuimsiú agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn trí rochtain agus rannpháirtíocht
fheabhsaithe ar sheirbhísí cultúrtha agus áineasa, go háirithe ar “thríú háiteanna” cultúrtha
(áiteanna fisiceacha a bhfuil tuiscint fhorleathan orthu inar féidir le daoine teagmháil a
dhéanamh lena chéile, idir ionaid chultúrtha nó iarsmalanna go hionaid áineasa, gairdíní
uirbeacha nó leabharlanna poiblí).
Samhlacha nuálacha rialachais agus bainistíochta rannpháirtíochta a shainaithint agus a chur
i bhfeidhm le haghaidh sócmhainní oidhreachta chultúrtha agus cultúir, mar shampla, ach ní
go heisiach, trí shineirgí a lorg idir beartais uirbeacha agus daonnachtaí digiteacha ar féidir leo
cur le próisis uirbeacha rannpháirtíochta atá dírithe ar chultúr (m.sh. féach anTionscadal
Eorpach CrossCult)
Feabhas a chur ar an oidhreacht nádúrtha, go háirithe i gceantair pheirea-uirbeacha agus in
ionaid stairiúla chun spásanna poiblí ardchaighdeáin a chruthú chun feabhas a chur ar
mhuintearas agus athléimneacht na gcathracha;
20
Fostaíocht áitiúil a chur chun cinn trí shamhlacha gnó cultúir agus oidhreachta cultúrtha
inbhuanaithe bunaithe ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus comhpháirtíochtaí nuálacha
poiblí-príobháideacha.
Samhlacha nuálacha a fhiosrú maidir le folláine shóisialta agus fhisiciúil a mhéadú trí rochtain
níos fearr ar chultúr agus oidhreacht chultúrtha agus rannpháirtíocht níos fearr iontu;
Straitéisí nua a shainaithint le haghaidh sreabha turasóireachta níos inbhuanaithe, ag baint
leasa as poitéinseal suíomhanna oidhreachta beaga/peirea-uirbeacha/tuaithe;
Idirphlé idirchultúrtha a chothú trí rochtain níos fearr agus rannpháirtíocht níos leithne sa
chultúr.
3.4 ATHRÚ DÉIMEIGRAFACH
Sainmhíniú foriomlán agus comhthéacs na dtopaicí
San AE, tá 43% den daonra ina gcónaí i réigiún NUTS 3 a chaill an daonra mar gheall ar laghdú nádúrtha
idir 2005 agus 2015. Os a choinne sin, tá beagnach aon trian de dhaonra an AE, 31%, ina gcónaí i réigiún
a chaill an daonra mar gheall ar imirce amach, i.e. níos mó daoine ag fágáil an réigiúin ná líon na
ndaoine a thagann isteach sa réigiún, idir 2005 agus 2015. Tharla na laghduithe ba mhó i réigiúin ina
raibh laghdú daonra nádúrtha agus imirce amach araon (féach le haghaidh tuilleadh sonraíAn tSeachtú
Tuarascáil ar Chomhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach). Os a choinne sin ar fad, tá fás
daonra tagtha ar phríomhréigiúin chathrach. Ag leibhéal na gcathracha, tá laghdú ag teacht ar dhaonra
in go leor cathracha nach príomhchathracha iad, cathracha beaga agus meánmhéide san AE le blianta
beaga anuas, i.e. cathracha crapthacha. Taispeánann an graf thíos an t-athrú sa daonra i gcathracha
an AE, mar atá sainithe ag EUROSTAT, sa tréimhse 2012-2017. Tá tionchar ag an bhfeiniméan ar an AE
i gcoitinne, agus ar thíortha áirithe in Oirthear na hEorpa agus san Eoraip Theas.
21
Ábharthacht agus ról na n-údarás uirbeach
Cruthaíonn crapadh uirbeach dúshláin bhunúsacha do shochaithe uirbeacha, do phróisis phleanála
agus do struchtúir rialachais. Bíonn tionchar ag meath daonra ar bheagnach gach réimse den saol
uirbeach: gnó agus fostaíocht, tithíocht, bonneagar sóisialta (lena n-áirítear scoileanna) agus teicniúil,
airgeadas cathrach, comhtháthú sóisialta, deighilt etc. Eascraíonn neamhréir idir soláthar agus
éileamh ar struchtúir thógtha, spás uirbeach agus bonneagar.
Tá sé dúshlánach crapadh uirbeach a stiúradh nó a rialú mar gheall ar na coinníollacha a tháirgeann
sé, bíonn baol ann go mbeidh na socruithe rialachais éagobhsaí agus ilroinnte.
22
Bíonn an-tionchar ag daonra atá ag dul in aois ar chathracha crapthacha, e.g. infhaighteacht seirbhísí
sóisialta agus sláinte, agus ag éabhlóid an mhargaidh saothair, e.g. lucht saothair gníomhach
crapthach. Bíonn tionchar láidir ag an dá thoradh seo ar fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe. Chomh
maith leis sin, tá an fo-uirbiú nó an sraoilleáil uirbeach, áit a scaipeann an daonra ón gcroí-chathair i
dtreo suíomhanna níos imeallaí laistigh de na réigiúin cathrach i measc na gcúiseanna a bhaineann le
meath daonra. Ina theannta sin, cuireann sreabha imirce amach ó Bhallstáit an Láir, an Oirthir agus an
Deiscirt le crapadh na gcathracha agus an dídhaonraithe.
Ag aithint go raibh crapadh agus ag oiriúnú do choinníollacha eacnamaíocha agus déimeagrafacha,
d'fhéadfadh sé a bheith ina dheis ag údaráis uirbeacha rialachas áitiúil agus seirbhísí poiblí a nuachóiriú
agus beartais maidir le tógáil agus talamhúsáid phoiblí a atheagrú.
Nodanna d’údaráis uirbeacha
Iarrtar ar údaráis uirbeacha réitigh nuálacha a thástáil chun dul in oiriúint don meath déimeagrafach,
chun treochtaí déimeagrafacha a aisiompú agus chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ábhartha agus
cónaitheoirí a mhealladh le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe chun éifeachtaí maidir le meath
déimeagrafach a fhrithchothromú. Gan bheith saintreorach maidir leis na cineálacha tionscadal a
mbeifí ag súil leo, moltar do chathracha machnamh faoi leith a dhéanamh ar na pointí agus ar na
ceisteanna seo a leanas:
rochtain ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte pobalbhunaithe, ag spreagadh rannpháirtíocht an
lucht saothair trí réitigh chúraim leanaí/daoine scothaosta, feabhas a chur ar cháilíocht na
beatha lena n-áirítear trí mhodhanna rannpháirtíochta le fócas ar idirphlé inscne agus
idirghlúine;
inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht na seirbhísí bunúsacha poiblí;
atheagrú ar an mbonneagar agus na seirbhísí poiblí atá ann cheana;
atheagrú ar thalamhúsáid agus ar fhoirgnimh phoiblí;
forbairt na sochaí 5.0, e.g. úsáid róbataice agus na hintleachta saorga;
forbairt an "gheilleagair airgid";
an lucht saothair gníomhach a neartú tríd an duine áitiúil a choinneáil agus a athcháiliú agus
oibrithe gníomhacha a mhealladh;
fiontraíocht áitiúil a spreagadh, go háirithe don daonra óg;
cumas na n-institiúidí sa mhargadh saothair, saoráidí gairmoideachais agus oiliúna agus
foghlaim ar feadh an tsaoil a threisiú.
23
I gcomhthráth le cathracha móra, d'fhéadfaí aird a dhíriú freisin ar chathracha níos lú agus
meánmhéide crapthacha. Má tá comhéadan uirbeach-tuaithe nó cur chuige limistéir feidhme de dhíth
ar réitigh nuálacha, beidh sé indéanta faoin ábhar seo aonaid riaracháin áitiúil a shainitear mar
cheantar tuaithe a chur san áireamh de réir a leibhéal uirbithe laistigh de chomhpháirtíocht
tionscadail. Mar sin féin, mar a shonraítear i gcuid 2.2 den doiciméad seo, “ní féidir LAUanna atá
aicmithe mar cheantair thuaithe de réir a leibhéal uirbithe a léiriú mar MUA (agus mar sin ní féidir leo
tograí tionscadail a chur isteach) agus ní féidir a n-áitritheoirí a chur san áireamh chun an tairseach
íosta de 50.000 áitritheoir a bhaint amach. Cinnteoidh an MUA an tairseach íosta áitritheoirí agus ar
deireadh thiar rangaíonn Eurostat na AUAs eile mar chathracha, bailte agus/nó bruachbhailte de réir
a leibhéal uirbithe. ”
Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar an topaic seo, cuirfidh údaráis uirbeacha fianaise staitistiúil ar
fáil maidir le meath daonra, rud a thabharfadh údar le stádas na gcathracha crapthacha. Dá bhrí sin,
tabhair faoi deara, le do thoil, gur coinníoll bunriachtanach é an laghdú ar an daonra foriomlán
(coinníoll an chraptha) agus iarratas á chur isteach faoin topaic seo don chúigiú Glao ar thograí. Nuair
a léirítear an coinníoll seo, is féidir le cathracha tograí a chur isteach a thugann aghaidh ar
shaincheisteanna ar leith amhail "geilleagar airgid", daoine óga tallannacha a mhealladh, etc. I ngach
cás, ní athbhreithneofar an fhianaise ar choinníoll crapthach mar chuid den tseiceáil incháilitheachta
ach amháin le linn an Mheasúnaithe Straitéisigh agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht an
dúshláin áitiúil a dtabharfar aghaidh air. Dá bhrí sin, iarrtar ar iarratasóirí a réasúnaíocht/a gcosaint
maidir le meath daonra i gcuid C.1.1 “An príomhdhúshlán/na príomhdhúshláin a dtabharfar aghaidh
orthu” a sholáthar ón bhFoirm iarratais.
4 Prionsabal Cistiúcháin
Prionsabal na gcostas iomlán
Leanann an Tionscnamh UIA prionsabal na gcostas iomlán. Déanann CFRE tionscadal a chómhaoiniú
go suas le 80% de na costais incháilithe lena mbaineann. Is gá do gach comhpháirtí, a fhaigheann
airgead CFRE, ranníocaíocht phoiblí nó phríobháideach 20% ar a laghad a áirithiú lena bhuiséad a
chomhlíonadh, bíodh sin óna acmhainní féin nó ó fhoinsí eile. Féadfaidh ranníocaíocht an pháirtnéara
bheith i bhfoirm airgid agus/nó i gcomhchineál. Ba chóir a shonrú nach bhfuil obair dheonach gan pá
incháilitheach faoi rialacha incháilitheachta UIA agus gur chóir don fhoireann arna híoc a meas mar
ranníocaíocht airgid.
24
Íocaíochtaí CFRE
Tá an scéim íocaíochta UIA bunaithe go príomha ar réamhíocaíochtaí ó CFRE8 agus tá sé bunaithe
freisin ar phrionsabal aisíocaíochta costas a tabhaíodh iarbhír (lena n-áirítear rátaí comhréidh):9
Déantar an chéad réamhíocaíocht ó CFRE, rud ar fiú 50% den deontas ó CFRE é, leis an bPríomh-
Údarás Uirbeach laistigh de 90 lá tar éis an Conradh Fóirdheontais a shíniú (agus den Chomhaontú
Comhpháirtíochta nuair is gá). Clúdaíonn an chéad réamhíocaíocht seo an chnapshuim ar chostais
ullmhúcháin (uasmhéid EUR 16 000 CFRE).
Déantar dara réamhíocaíocht ó CFRE, rud ar fiú 30% den deontas ó CFRE é, leis an bPríomh-Údarás
Uirbeach tar éis tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn, ina leagtar amach caiteachas iniúchta
an tionscadail, fíoraithe ag Rialtóir 1, a chur isteach agus a fhormheas. Ní mór don chaiteachas a
thuairiscítear bheith chomh hard le 70%, ar a laghad, den chéad tráthchuid réamh-mhaoinithe (i
gcomhréir le 35% de bhuiséad iomlán an tionscadail).
Déantar tríú híocaíocht ó CFRE i gcomhréir le 20% ar a mhéid de dheontas an CFRE (lúide na
cnapshuime tiomnaithe do chlabhsúr an tionscadail agus aistriú eolais) leis an bPríomh-Údarás
Uirbeach ar chur isteach agus fhormheas na tuarascála deiridh ar dhul chun cinn. Sa tuarascáil seo,
a chuirtear isteach tráth nach déanaí ná dáta deiridh an tionscadail, leagtar amach caiteachas
iniúchta an tionscadail freisin fíoraithe ag Rialtóir 1. Tá sé tábhachtach a mheabhrú nach bhfuil an
tríú híocaíocht bunaithe ar phrionsabal na réamhíocaíochta ach ar phrionsabal aisíocaíochta
costas a tabhaíodh agus a íocadh. Mar sin de, ní mór do chomhpháirtithe tionscadail réamh-
mhaoiniú a dhéanamh ar a gcaiteachas le linn na céime deiridh de chur chun feidhme an
tionscadail.
Déantar íocaíocht deiridh leis an bPríomh-Údarás Uirbeach tar éis an tuarascáil cháilíochtúil
deiridh a fhormheas (le cur isteach tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dáta deiridh an
tionscadail). Is fiú, ar a mhéad, EUR 12 000 CFRE agus clúdaíonn sé céim chlabhsúir an tionscadail
agus aistriú eolais.
5 Giniúint agus forbairt tionscadail
5.1 Comhpháirtíocht le haghaidh GníomhaíochtaI Nuálacha Uirbeacha
Údaráis incháilithe uirbeacha amháin mar a shainítear in Airteagal 2 den Ghníomh Tarmligthe UIA, is
féidir Foirm Iarratais a chur isteach ar Ghlao ar Thograí UIA.
8Mar atá luaite sa Chomhaontú Tarmligthe sínithe ag Coimisiún na hEorpa agus Réigiún Hauts-de-France (ex-Réigiún Nord-Pas-de-Calais) sa bhliain 2015 9Idem
25
Táthar ag súil, áfach, i gcreat an Tionscnaimh UIA, go mbunóidh Údaráis Uirbeacha comhpháirtíochtaí
láidre áitiúla ina mbeidh an meascán ceart de chomhpháirtithe comhlántacha. Is gá do gach
comhpháirtí bheith lonnaithe san AE. Is féidir le comhpháirtíocht do thionscadal UIA a bheith
comhdhéanta de MUA, AUAs agus comhpháirtithe seachadta. Ní cuid de chomhpháirtíocht an
tionscadail é an grúpa leathan geallsealbhóirí ach ba cheart baint a bheith acu sa tionscadal.
Príomh-Údarás Uirbeach (MUA): feidhmníonn an Tionscnamh UIA ar bhonn Údaráis Uirbigh,
atá freagrach as cur chun feidhme foriomlán agus bainistíocht fhoriomlán an tionscadail ar
fad. Síníonn an MUA an Conradh Fóirdheontais leis an Eintiteas a gCuirfear Cúram Air agus
faigheann sé sin an CFRE le dáileadh ar na comhpháirithe eile AUAs agus/nó comhpháirtithe
Soláthair) de réir na sainrólanna agus sainfhreagrachtaí (agus an bhuiséid lena mbaineann). I
gcás comhlachas agus grúpaí a aithnítear mar cheirteáin eagraithe, measfar an institiúid, lena
n-áirítear gach ceann de na húdaráis uirbeacha eile lena mbaineann, a bheith ar an Údarás
Uirbeach faoi chuimsiú an tionscadail UIA.
Údaráis Uirbeacha Ghaolmhara (AUAs): I gcás comhlachas d’údaráis uirbeacha
(náisiúnta/réigiúnacha nó údaráis uirbeacha, comhaontuithe nó comhlachais críche, ceantair
fhorbartha, etc.) le nó gan stádas dlíthiúil mar cheirtleán eagraithe acu, chomh maith le
húdaráis áitiúla aonair gan comhaontú foirmiúil comhoibrithe acu ach atá toilteanach
comhiarratas a chur isteach i gcreat an UIA, cuireadh sé siúd san Fhoirm Iarratais LAU amháin
mar MUA agus na LAUs eile mar AUAs. Beidh na AUAs freagrach as gníomhaíochtaí sonracha
a sholáthar agus as spriocanna inghnóthaithe gaolmhara/aschuir ghaolmhara a thairiscint. Is
ag AUAs a bheidh sciar de bhuiséad an tionscadail agus tabharfaidh siad tuairisc ar na costais
arna dtabhú chun na gníomhaíochtaí a soláthar. Cuirfear faisnéis mhionsonraithe faoi na AUAs
ar fáil (lena n-áirítear stádas dlíthiúil, taithí agus inniúlachtaí, daoine le teagmháil a dhéanamh
leo, etc.) san Fhoirm Iarratais.
Comhpháirtithe Soláthair (DPs): institiúidí, gníomhaireachtaí, eagraíochtaí, comhpháirtithe
earnála príobháidí agus comhlachais a mbeidh ról gníomhach acu i gcur chun feidhme an
tionscadail. Ba cheart go roghnódh Údaráis Uirbeacha a gComhpháirtithe Soláthair i ndáil le
prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne. Beidh siad freagrach as
gníomhaíochtaí sonracha a sholáthar agus as spriocanna inghnóthaithe gaolmhara/aschuir
ghaolmhara a thairiscint. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil ach eagraíochtaí a bhfuil
26
pearsantacht dhlítheanach acu i dteideal páirt a ghlacadh sa tionscadal mar chomhpháirtithe
foirmiúla. Gnólachtaí comhairleachta a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu tionscadail
Eorpacha a fhorbairt agus a bhainistiú, níl siad i dteideal páirt a ghlacadh i dtionscadal mar
chomhpháirtithe foirmiúla. Gnólachtaí comhairleachta, a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu
tionscadail Eorpacha a fhorbairt agus a bhainistiú, níl siad i dteideal páirt a ghlacadh i
dtionscadal mar Chomhpháirtithe Soláthair.
Ba cheart do ghrúpa níos leithne geallsealbhóirí baint a bheith acu freisin le dearadh agus cur
chun feidhme an tionscadail. D’fhéadfaí institiúidí, gníomhaireachtaí, eagraíochtaí agus
comhlachais a chuimsiú leis an ngrúpa sin. Ní bheidh ról díreach ag na geallsealbhóirí sin (agus
mar sin de níl buiséad tiomnaithe acu le cur chun feidhme) ach measfar iad a bheith ábhartha
ar mhaithe le cur chun feidhme réidh éifeachtach agus úinéireacht roinnte an tionscadail a
chinntiú.
Tá faisnéis mhionsonraithe faoi róil agus fhreagrachtaí na nÚdarás Uirbeach (agus na AUAs, más
ábhartha) agus na gComhpháirtithe Soláthair le fáil i gcuid 2.1 de Threoir an Tionscnaimh UIA.
5.2 Gníomhaíochtaí Tionscadail
Déanfar gníomhaíochtaí faoi chuimsiú chreat na dtionscadal UIA a eagrú de réir Pacáistí Oibre agus
tacóidh siad le ceann amháin nó roinnt Cuspóirí Téamacha agus Tosaíochtaí Infheistíochta gaolmhara
de chuid CFRE, mar atá leagtha amach sa chéad mhír d’Airteagal 910 de Rialachán na bhForálacha
Coiteanna (RFC) le haghaidh CSIE agus in Airteagal 5 le haghaidh CFRE.
Chuige sin, ba cheart Pácaistí Oibre éagsúla bheith in úsáid mar atá liostaithe thíos:
Pacáiste Oibre Ullmhúcháin
Pacáiste Oibre ar Bhainistíocht Tionscadail
Pacáiste Oibre ar Chumarsáid
Pacáiste Oibre ar Chur Chun Feidhme
Pacáiste Oibre ar Infheistíocht
Tá gach Pacáiste Oibre, seachas an Pacáiste Oibre ar Infheistíocht, sainordaitheach in iarratais
tionscadail UIA.
10 Rialachán na bhForálacha Coiteanna (AE) Uimh. 1303/2013:http://eurlex.europa.eu/legalcontent/EN/TXT/?uri=celex:32013R1303.
27
Ina theannta sin, beidh Saineolaí UIA i bhfeidhm ag gach tionscadal:
chun comhairle agus treoir a thabhairt go leanúnach faoi bhunús na gníomhaíochta, go
háirithe maidir leis an ábhar nuálach
chun cúnamh a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar dhoiciméid agus ar aschuir a
dhéanfaidh na ceachtanna arna bhfoghlaim agus na dea-chleachtais etc. a ghabháil agus a
scaipeadh ar an lucht spéise leathan
lena chinntiú go bhfanann an ghníomhaíocht ar an mbóthar ceart agus go bhfuil sí ag teacht
leis an togra comhaontaithe
Clúdóidh an Tionscnamh UIA costais Saineolaithe UIA (lena n-áirítear taisteal agus cóiríocht) agus dá
bhrí sin ní áireofar iad i mbuiséid tionscadail.
Tá tuilleadh faisnéise faoi struchtúr an phlean oibre do thionscadal UIA chomh maith le faisnéis ar
ról agus chúraimí na Saineolaithe UIA le fáil i dTreoir an Tionscnaimh UIA.
5.3 Línte buiséid agus costais incháilithe
De réir Threoir an Tionscnaimh UIA (féach rannán 4.2), is incháilithe a bheidh an caiteachas ar fad a
bhaineann le cur chun feidhme na dtionscadal UIA agus is sna línte cuí buiséid a bhuiséadófar dóibh:
Foireann
Oifig agus riarachán
Taisteal agus cóiríocht
Saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha
Trealamh
Bonneagar agus oibreacha tógála
5.4 Breithnithe breise: soláthar poiblí, iniúchadh agus Státchabhair
Comhpháirtithe tionscadail a chomhlíonann an sainmhíniú atá ar údarás conarthach de réir na
reachtaíochta náisiúnta ábhartha um sholáthar, is gá dóibh cloí leis na rialacha soláthair phoiblí is
infheidhme.
Ní mór caiteachas arna dhearbhú ag an tionscadal a bheith iniúchta ag Rialtóir Céadleibhéil (FLC). Ní
mór an méid seo a leanas a chlúdach sa tuairim ón iniúchóir neamhspleách: dlíthiúlacht agus rialtacht
an chaiteachais arna dhearbhú, soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí, fóntacht an chaiteachais arna
28
dhearbhú, agus an dóigh a bhfuil an caiteachas agus na hoibríochtaí ag comhlíonadh rialacha an
Chomhphobail agus rialacha náisiúnta. Ós rud é go gceaptar agus go maoinítear an t-iniúchóir
neamhspleách go díreach ag tionscadal an UIA, níor cheart costais iniúchta bheith á dtuar ag
comhpháirtíocht an tionscadail le linn do bhuiséad an tionscadail a bheith á leagan amach.
Chun cothroime iomaíochta a choimeád do gach gnóthas atá gníomhach sa mhargadh inmheánach, ní
mór tionscadail fhaofa a bheith i gcomhréir le rialacha Státchabhrach chun éifeachtacht caiteachais
phoiblí a áirithiú agus chun saobhadh ar an margadh a chosc amhail cistiú príobháideach a bhrú
amach, struchtúir neamhéifeachtacha margaidh a chruthú agus gnólachtaí neamhéifeachtúla a
chaomhnú. 11Maidir le cistiú Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha, ba cheart aire a thabhairt chun a
áirithiú nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh leo agus nach gcuirfear isteach ar an margadh léi
gan chúis leormhaith.
Go sonrach, is ionstraim AE arna bainistiú go lárnach í UIA, a chuirtear chun feidhme trí bhainistíocht
indíreach trí Eintiteas a gCuirfear Cúram Air, an Région Hauts-de-France. Maoiníonn an Coimisiún
Eorpach an Gníomh Nuálaíoch Uirbeach trí CFRE (suas le 80% de chostais an tionscadail), nach meastar
a bheith mar acmhainní faoi rialú na mBallstát agus nach dtagann faoi chomhthéacs dhlí na
Státchabhrach. Féadfaidh an chuid eile (ar a laghad 20% de chostas an tionscadail bheith clúdaithe ag
ranníocaíochtaí príobháideacha nó poiblí. Nuair a thagann ranníocaíochtaí den chineál sin ó fhoinsí
príobháideacha, titeann siad taobh amuigh de chomhthéacs dhlíthe Státchabhrach. Nuair a thagann
ranníocaíochtaí ó fhoinsí poiblí agus sa mhéid nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad gníomhaíochtaí
an tionscadail, ní bheidh maoiniú do ghníomhaíochtaí den sórt sin ina Státchabhair. Nuair a bhíonn
ranníocaíochtaí ann ó acmhainní poiblí Ballstáit ar thionscadail a mbaineann le “gníomhaíochtaí
eacnamaíochta” áfach, .i. earraí agus seirbhísí a thairiscint ar an margadh, ansin ba cheart na
tionscadail sin a bheith deartha sa dóigh is go gcomhlíonann aon ranníocaíocht poiblí rialacha
Státchabhrach ag gach leibhéal, is é sin ag leibhéal úinéara, cruthaitheora agus/nó oibritheora an
tionscadail nó na saoráide. I gcásanna den chineál sin, ba cheart go mbeadh an maoiniú poiblí a
chuirtear ar fáil ag teacht le ceanglais an Rialacháin De Minimus, nó le coinníollacha mar a leagtar
amach iad i Rialachán an General Block Exemption Regulation (GBER) nó sa SGEI Decision for Services
of General Economic interest.
11 Le haghaidh tuilleadh treorach ar choincheap Státchabhrach, féach Fógra an Choimisiúin maidir le coincheap Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) CFAE (‘NOA’), arna fhoilsiú ag: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52016XC0719(05)&from=EN.
29
Tá faisnéis mhionsonraithe faoi sholáthar poiblí agus faoi Státchabhair le fáil i dTreoir an Tionscnaimh
UIA.
6 An próiseas iarratais
Cuimsíonn an pacáiste iarratais don gcúigiú Glao ar Thograí le haghaidh an Tionscnaimh UIA na nithe
seo:
Na Téarmaí Tagartha seo ar fáil i dteangacha uile an AE. Mar sin féin, i gcás neamhréireachtaí,
tabhair faoi deara go bhfuil an leagan Béarla i réim.
Treoir theicniúil ar an Electronic Exchange Platform (EEP)
Treoracha mionsonraithe chun cabhrú leis an bhFoirm Iarratais a chomhlánú ar fáil ar líne i
ngach teanga de chuid an AE laistigh den chóras EEP. Mar sin féin, i gcás neamhréireachtaí,
tabhair faoi deara go bhfuil an leagan Béarla i réim.
Cuimsítear ann freisin leagan oibre den Fhoirm Iarratais agus den Bhileog Deimhniúcháin mar threoir
chun cúnamh a thabhairt i bpróiseas dréachtaithe an iarratais (doiciméad word ar fáil i mBéarla
amháin).
Ina theannta sin, is gá Treoir an Tionscnaimh UIA (atá ar fáil i mBéarla amháin) a léamh go cúramach
maidir le rialacha uileghabhálacha an Tionscnaimh.
Is féidir an doiciméadú go léir a fháil ar shuíomh gréasáin UIA, áit a mbailíonn leathanach amháin an
fhaisnéis ábhartha go léir.
Tá an próiseas iarratais 100% gan pháipéar tríd úsáid a bhaint as Electronic Exchange Platform (EEP).an
Tionscnamh UIA. Cuimsíonn an t-iarratas Foirm Iarratais agus leagan scanta agus sínithe den Bhileog
Deimhniúcháin. Féadfaidh iarscríbhinn a uaslódáil agus a chur leis an bhFoirm Iarratais. D’fhéadfadh
seo bheith ina léarscáil a léiríonn an réimse idirghabhálacha, graf, grafaic faisnéise etc. Tá cur síos ar
chineál agus ar mhéid an chomhaid ar féidir a chur mar iarscríbhinn sainithe i dtreoir an EEP.
Moltar go mór d’iarratasóirí an Fhoirm Iarratais a chomhlánú i mBéarla soiléir, cé go bhféadfaí í a chur
isteach i gceann ar bith de theangacha oifigiúla an AE freisin.
Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb ar an leagan Béarla a bhunófar na measúnachtaí Straitéiseacha
agus na mheasúnachtaí Oibríochtúla ar na Foirmeacha Iarratais (sa chás go gcuirfear an Fhoirm
30
Iarratais isteach i dteanga eile, déanfaidh soláthraí seachtrach seirbhíse atá faoi chonradh ag an
Rúnaíocht Bhuan an Fhoirm Iarratais a aistriú go Béarla). Ní féidir leis an Rúnaíocht Bhuan cáilíocht an
aistriúcháin a ráthú agus mar sin de is faoi phriacal an iarratasóra atá sé sin. Thairis sin, is i mBéarla a
chaithfear an Conradh Fóirdheontais, bainistíocht an tionscadail, tuairisciú foirmiúil, bunspriocanna
inghnóthaithe agus gach cumarsáid a dhéantar leis an Eintiteas a gCuirfear Cúram Air agus leis an
Rúnaíocht Bhuan a dhéanamh.
Is é an spriocdháta le haghaidh chur isteach na Foirme Iarratais agus na Bileoige Deimhniúcháin ná
12/12/2019 14h00 CET.
7 An próiseas roghnúcháin
Tar éis iad a chur isteach, beidh gach iarratas faoi réir próiseas roghnúcháin a eagrófar de réir na
gcéimeanna seo a leanas:
1. Seiceáil Incháilitheachta
2. Measúnacht straitéiseach
3. Measúnacht oibríochtúil
7.1 Seiceáil Incháilitheachta
Ar dhúnadh an Ghlao, déanfaidh an PS measúnacht ar an dóigh a gcomhlíontar na critéir
incháilitheachta sna hiarratais tionscadal ar fad a cuireadh isteach. Is é an cuspóir a bhaineann leis an
seiceáil incháilitheachta ná:
Deimhniú a dhéanamh de go gcomhlíonann na Foirmeacha Iarratais a fuarthas, agus na
hiarscríbhinní a ghabhann leo, na critéir fhoirmiúla incháilitheachta
Go seachnaítear breis measúnaithe ar iarratais neamh-incháilithe
Go n-áirithítear go gcuirtear an chóir chomhionann ar gach togra a roghnaítear le
haghaidh maoinithe
Seo a leanas critéir incháilitheacha UIA:
1. Tá an Fhoirm Iarratais curtha isteach go leictreonach tríd an EEP roimh an spriocdháta atá
luaite i dTéarmaí Tagartha an Ghlao ar Thograí
2. Tá an Fhoirm Iarratais comhlánaithe go hiomlán (lena n-áirítear gach WP éigeantach)
3. Tá an t-iarratasóir ina údarás uirbeach de chuid aonad riaracháin áitiúil atá sainmhínithe,
de réir an mhéid uirbithe atá ann, mar chathair, mar bhaile nó mar bhruachbhaile agus
ina gcónaíonn 50 000 áitritheoir ar a laghad
NÓ
31
Tá an t-iarratasóir ina chomhlachas nó ina ghrúpa d’údaráis uirbeacha a bhfuil stádas
dlíthiúil ceirtleáin eagraithe aige déanta suas d’aonaid riaracháin áitiúil, a bhfuil tromlach
(níos mó ná 51%) na n-áitritheoirí ina gcónaí in LAUs atá sainmíthe de réir an mhéid
uirbithe atá iontu mar chathracha, mar bhailte nó mar bhruachbhailte agus a bhfuil 50
000 áitritheoir ar a laghad mar dhaonra iomlán acu
NÓ
Tá an t-iarratasóir ina chomhlachas nó ina ghrúpa d’údaráis uirbeacha nach bhfuil stádas
dlíthiúil mar cheirtleán eagraithe aige, agus a bhfuil na húdaráis uirbeacha ar fad atá i
gceist (an Príomhúdarás Uirbeach agus na hÚdaráis Uirbheacha Ghaolmhara) ina n-aonaid
riaracháin áitiúil atá sainmhínithe de réir an mhéid uirbithe atá iontu, mar chathair, mar
bhaile nó mar bhruachbhaile agus a bhfuil ar a laghad 50 000 áitritheoir mar dhaonra
iomlán ar fad acu le chéile Ian príomh-údarás uirbeach chomh maith le húdaráis uirbeacha
a bhaineann leis
4. I gcás comhlachas nó grúpa nach bhfuil stádas dlíthiúil mar cheirtleán eagraithe aige, tá
Príomhúdarás Uibreach agus na hÚdaráis Uirbheacha Ghaolmhara curtha i láthair ar an
bhFoirm Iarratais
5. Is le haghaidh an Ghlao ar Thograí atá ann faoi láthair amháin agus le haghaidh tograí a
thugann aghaidh ar an ábhar “Athrú déimeagrafach”, tá LAUs tuaithe, más ann dóibh,
liostaithe mar Údaráis Uirbeacha Ghaolmhara.
Sa chás seo, sroicheann na LAUs go léir (Príomh-Údaráis Uirbeacha agus na hÚdaráis
Uirbeacha Ghaolmhara) atá rangaithe mar chathracha, bailte agus/nó bruachbhailte an
tairseach íosta de 50 000 áitritheoir.
6. Tá na teorainneacha ama comhlíonta: tá riachtanais an Ghlao agus an Tionscnaimh
comhlíonta i ndáta deiridh an tionscadail
7. Tá na huasriachtanais bhuiséid agus an prionsabal cómhaoiniúcháin comhlíonta
8. Is ó Bhallstáit an AE gach comhpháirtí atá i gceist (an Príomhúdarás Uirbeach, na hÚdaráis
Uirbeacha Ghaolmhara agus Comhpháirtithe Soláthair)
9. I dtogra tionscadail amháin atá na húdaráis uirbeacha atá ag cur iarratas isteach
(Príomhúdaráis Uirbeacha agus/nó Údaráis Uirbeacha Ghaolmhara) i gcreat an Ghlao
chéanna ar Thograí.
10. Níor roghnaíodh agus níor maoiníodh ar an ábhar céanna na húdaráis uirbeacha
(Príomhúdaráis Uirbeacha agus/nó Údaráis Uirbeacha Ghaolmhara) atá ag cur iarratas
isteach i nGlao ar Thograí UIA roimhe seo
32
11. Tá an bhileog dheimhniúcháin agus í sínithe go cuí ag ionadaí dlíthiúil an (Phríomh)-
Údaráis Uirbigh uaslódáilte isteach sa chóras EEP.
Mura bhfuil gach ceann de na riachtanais thuas comhlíonta, ní bhreithneofar an t-iarratas a thuilleadh
sa phróiseas measúnachta. Tabharfar fógra d’iarratasóirí ag deireadh na seiceála Incháilitheachta
faoin gcinneadh maidir lena n-iarratas (má bhíonn sé le dul ar aghaidh nó mura mbíonn).
7.2 Measúnacht straitéiseach
I gcás iarratas a dhearbhófar a bheith incháilithe beidh siad faoi réir measúnacht Straitéiseach a
dhéanfaidh painéal Saineolaithe Seachtracha. Tá an Mheasúnacht Straitéiseach freagrach as 80% den
ualú a thabharfar don mheasúnacht fhoriomlán ar an tionscadal agus cuimsíonn sí na critéir seo a
leanas:
Nuálaíocht (40% den ualú) – A mhéid atá an t-iarratasóir in ann a léiriú gur rud nua é an togra
tionscadail (nach ndearnadh tástáil air nó nár cuireadh chun feidhme roimhe seo ar an talamh
sa cheantar uirbeach atá i gceist agus in aon áit eile san AE) agus go bhfuil acmhainneacht
shoiléir aige luach breise a sholáthar
Comhpháirtíocht (15% den ualú) – Cé chomh hábhartha agus atá rannpháirtíocht príomh-
gheallsealbhóirí (údaráis uirbeacha ábhartha, más ann dóibh, comhpháirtithe agus grúpa níos
leithne geallsealbhóirí) maidir le cur chun feidhme an tionscadail?
Intomhaisteacht (15% den ualú) – A mhéid a sholáthróidh an tionscadal torthaí intomhaiste
Inaistritheacht agus méadú ó scálú (10% den ualú) - Cé chomh hinaistrithe agus a bheidh an
tionscadal chuig limistéir uirbeacha eile san Eoraip? Cé chomh mór agus a chuireann an
tionscadal míniú soiléir ar fáil maidir le conas a dhéanfar an gníomh a mhéadú ó scálú, má
éiríonn leis?
Tá ceisteanna táscacha measúnachta do na critéir uile curtha i láthair i gcuid 3.2.2 de Threoir an
Tionscnaimh UIA.
Déanfaidh painéal na Saineolaithe Seachtracha fíorú ar na tionsadail a chuireann leis na cuspóirí
téamacha do Chistí SIE agus don Chomhchreat Straitéiseach arna sainiú sa chéad mhír d’ Airteagal 9
RFC agus go molann siad freagraí comhtháite ar na dúshláin a aithnítear iontu agus go mbeidh siad ag
teacht le prionsabail na forbartha inbhuanaithe uirbí. Féadfaidh go ndéanfadh EC agus an EE cinneadh
gan tionscadal a roghnú mar gheall ar easpa ranníocaíochta mura gcomhlíontar iad seo.
33
Tar éis na Measúnachta Straitéisí, déanfaidh an painéal Saineolaithe Seachtracha mionléiriú ar an
measúnacht ar na hiarratais agus rangóidh sé iad. I gcomhaontú le Coimisiún na hEorpa (CE), déanfar
iarratais ina mbainfear scór os cionn tairseach ar leith amach a chur ar aghaidh le haghaidh
measúnachta Oibríochtúla. Tabharfar fógra d’iarratasóirí faoin gcinneadh ag deireadh phróiseas na
measúnachta Straitéisí (má bhíonn sé le dul ar aghaidh nó mura mbíonn).
7.3 Measúnacht oibríochtúil
Is í an Rúnaíocht Bhuan a dhéanfaidh an mheasúnacht Oibríochtúil agus beidh sí freagrach as 20% den
ualú a thabharfar don mheasúnacht fhoriomlán ar an tionscadal. Is é príomhchuspóir na measúnachta
Oibríochtúla ná cáilíocht an togra a mheas (lena n-áirítear an t-údar leis an tionscadal; indéantacht,
comhsheasmhacht agus comhleanúnachas an phlean oibre; cáilíocht na struchtúr bainistíochta a
bheartaítear; comhleanúnachas agus comhréireacht an bhuiséid; cáilíocht na ngníomhaíochtaí
cumarsáide a bheartaítear).
Tá ceisteanna táscacha measúnachta don chritéar “Cáilíocht” curtha i láthair i gcuid 3.2.3 de Threoir
an Tionscnaimh UIA.
Tar éis na measúnachta Oibríochtúla, tiocfaidh Coiste Roghnúcháin a chomhdhéanfar den EE agus den
CE le chéile chun an roghnú deiridh a dhéanamh. Is é an CE a dhéanfaidh an cinneadh deiridh maidir
le cé na tionscadail a roghnófar. Tabharfar fógra d’iarratasóirí faoin gcinneadh ag deireadh phróiseas
na measúnachta Oibríochtúla.
7.4 An córas scórála don mheasúnacht
Tabharfar scór idir 1 agus 5 i leith gach critéir ualaithe as a dtiocfaidh meánscór do gach tionscadal.
Tá faisnéis mhionsonraithe faoin gcóras scórála don mheasúnacht le fáil i gcuid 3.2.4 de Threoir an
Tionscnaimh UIA.
Cuirfeadh an córas scórála i bhfeidhm agus sainfhiúntas gach togra tionscadail á chur san áireamh
chomh maith le próiseas na hiomaíochta a chur i bhfeidhm sa dóigh is go ndéanfar measúnú
comparáideach ar gach togra tionscadal eile a cuireadh isteach i gcreat an Ghlao chéanna ar Thograí.
Ar an ábhar sin ní chuirfeadh scóranna ar fáil do iarratasóirí tograí tionscadail nár cuireadh ar an
34
ngearrliosta iad do Mheasúnú Oibriúcháin nó nár ceadaíodh iad ar deireadj ach tabharfar tuairisc
mhionsonraithe do na hiarratasóirí seo ar gach critéir a ndearnadh measúnú air. 8.
8 Conas cúnamh a fháil
Beidh foireann na Rúnaíochta Buaine sásta cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí maidir le haon cheist
theicniúil a bhíonn acu le linn an Ghlao ar Thograí. Féadfaidh sonraí teagmhála a fháil ar shuíomh
gréasáin an Tionscnaimh UIA.
Eagróidh an Rúnaíocht Bhuan roinnt Seimineár d’Iarratasóirí i gcathracha éagsúla ar fud na
hEorpa. Féadfaidh dátaí agus ionaid na Seimineár d’Iarratasóirí a fháil sa rannán “Imeachtaí”
de shuíomh Gréasáin an Tionscnaimh UIA. Le linn na seimineár seo, beidh an deis ag
rannpháirtithe cruinnithe déthaobhacha a chur in áirithe le baill an PS agus/nó le hionadaithe
ón EC chun a dtogra tionscadail a phlé.
Foilsíodh webinars ar shuíomh gréasáin an UIA maidir le gnéithe sonracha d'fhorbairt
taisceadh an tionscadail.
Reáchtálfar ar líne seisiúin ceisteanna agus freagraí agus comhairliúcháin dhéthaobhacha.
Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin UIA.
9 Dátaí tábhachtacha
• 16/09/2019 – Seoladh an Chúigiú Glao ar Thograí
• 10/2019 – 12/2019 – Seimineáir iarratasóirí agus comhairliúcháin ar líne
• 12/12/2019 – Spriocdháta le haghaidh chur isteach na bhFoirmeacha Iarratais
• 06/2020 – Dáta táscach le haghaidh an chinnidh dheiridh ar fhormheas na dtionscadal
• 01/07/2020 – Dáta tosaithe oifigiúil do gach tionscadal faofa
Táimid ag súil le bhur dtograí tionscadal a léamh go luath!