Sraith 19
description
Transcript of Sraith 19
Sraith 19
Sláinte na nÓg: Seachtain na Sláinte
Pic 1
1. Tá an sraith seo bunaithe ar sláinte na n-óg, seachtain na sláínte.
2. Feictear príomhoide na scoile ag labhairt ar an idirchum.
3. Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad phictiúr leis an bpríomhoide ag fógraíocht Seachtain na Sláinte don scoil.
4. Is léir go bhfuil sí ina hoifig agus go bhfuil sé leathuair tar éis a deich ar maidin.
5. Tá sí gléasta go proifisiúnta. Caitheann sí spéaclaí agus tá gruaig dubh uirthi.
Pic 2
• Forbraítear an scéal sa dara phictiúr le cluiche sacar idir na múinteoirí agus na daltaí faoi lánsheoil.
• Is dócha go bhfuil lá spórt ar siúl sa scoil.• Tá na daltaí ar mhuin na muice tar éis an bua thar na
múinteoirí.• Sa dara leath, feicimid daltaí ag déanamh cleachtadh
coirp sa halla spóirt.• Is léir go bhfuil béim an-mhór curtha ar aclaíocht an
tseachtain seo.• Gan amhras tá lá iontach idir lámha acu sa phictiúr
seo.
Pic 3
1. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh sa phictiúr seo.
2. Feicimid scuaine daltaí ag fanacht don chuntar bia sa cheád leath den phictiúr.
3. Tá bia sláintiúil ar fáil sa siopa cosúil le úlla, íogart agus arán donn tí.
4. Tá cailín óg ag obair sa siopa.
5. Sa dara leath feicimid buachaill scoile ag ithe bia míshláintiúil.
6. Itheann sé burgaire, sceallóga agus deoch súilíneach/cóc.
7. Suíonn sé ina aonar sa bhialann gasta.
Pic 4
1. Forbraítear an scéal nuair a fheictear na daltaí ar shiúlóid urrauthe chun trealamh spóirt a cheannach don scoil.
2. Níl aon dabht ach go bhfuil fonn áthasach ar na daltaí.
3. Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch anuas orthu agus tá an aimsir go hálainn do lá, buíochas le Dia.
4. Tá sláinte an bhradáin ag na daltaí.
5. Tugann an siúlóid seo deis do na daltaí aer úr a fháil agus am a chaitheamh lena chairde.
Pic 5
• Leathnaítear an scéal nuair a thagann eolaí sláinte agus bia chun na scoile.
• Labhraíonn sí le na daltaí faoi cúrsaí sláinte agus bia.• Pléann sí fadhbanna sláinte déagóirí.• Molann sí dóibh labhairt le tuismitheoirí, dochtúirí
agus cairde ina thaobh.• Luann siad cleachtadh coirp agus calraí.• Feictear go bhfuil sí gléasta go proifisiúnta agus go
bhfuil aird na ndaltaí aici.
Pic 6
1. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach.
2. Labhraíonn an príomhoide leis an scoil arís ar an idirchum ina hoifig.
3. Gabhann sí buíochas leis na múinteoirí agus na daltaí as an obair iontach I rith na seachtaine.
4. Tá sí ar fónamh tar éis rath na seachtaine.
5. Tá clog sa chúlra agus tá sé ceathrú tar éis a dó.
6. Is cinnte gur fhoghlaim na daltaí ceacht tábhachtach faoi sláinte.
Ceisteanna
1. Cén t-am é I bpic 1/6.2. Cén spórt a imrítear I bpic 2?3. Cad a itheann an buachaill I bpic 3?4. Cén sórt aimsire atá le feiceáil I bpic 4?5. Cad a labhair siad faoi, I bpic 5?6. Cad atá ar siúl acu I bpic 4?7. Cé mhéad duine atá I bpic 4?8. Cén fáth a déanann siad an siúlóid I bpic 4?9. Cé atá ag imirt in aghaidh na daltaí I bpic 2?10. Cé atá ag labhairt I bpic 1?