Slí na nOileán¡n-19...Slí na nOileán 3 2017 LEADER 2014-2020 Faoi láthair, tá Comhar na...
Transcript of Slí na nOileán¡n-19...Slí na nOileán 3 2017 LEADER 2014-2020 Faoi láthair, tá Comhar na...
Slí na nOileán
2017
Eagrán / Issue 19
Féile Ghabhla
Gola Festival
© Máirín Uí Fhearraigh
Slí na nOileán 2 2017
San Eagrán Seo Contents
3 LEADER 2014-2020 4 Clár Nuálaíochta Eorpach - Scéim Áitiúil Talmhaíochta Comhshaoil
European Innovation Programme - Locally-led Agri-Environment Scheme 5 Moil Dhigiteach – Céard iad agus céard a chiallódh siad do na hOileáin?
Digital Hubs – What are they and what would mean they mean to the Islands?
6 Aighneacht chuig an gComhchoiste um Oideachas agus Scileanna 7 Submission to the Committee on Education and Skills 8 Comharchumann Forbartha agus Fostaíocht Árainn Mhór - Clann Credo 10 CCB Comhdháil Oileáin na hÉireann ar Inis Bó Finne Comhdháil Oileáin na hÉireann AGM on Inishbofin
We would like to welcome Dáithí Ó Briain & Conor MacThaidhg to the team, who will be working from the Office in Inis Oírr as Administrative and Project Support and wish Máirín Ní Chonghaile all the best on her upcoming
maternity leave. Fáilte Mhór Conor & Daithí & Ádh Mór Máirín.
Maoinithe ag Rialtas na hÉireann faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, 2014 - 2020
Céilí le scoláirí ag freastal ar Coláiste Árainn Mhóir an samhradh seo.
Céilí with students attending Coláiste Árainn Mhóir this summer.
© Coláiste Árainn Mhóir
Slí na nOileán 3 2017
LEADER 2014-2020
Faoi láthair, tá Comhar na nOileán ag obair le 107 togra atá ag obair ar iarrataisí
iomlán trasna réigiúin Dhún na nGall, Maigh Eó & Corcaigh. Tá obair tosnaithe le
GRD le ceantair Oirthear na Gaillimhe.
Tá Jude Gilbert ceapaithe ina post le Comhar na nOileán ón 8ú Bealtaine. De bharr an
ceantar fairsing atá muid a chlúdú in Iarthar Chorcaigh, tá an 3 Oifigeach Tograí ag roinnt
suas an cheantair agus na hOileáin. Beidh an chéad chruinniú den Choiste Meastóireachta
d’Oileáin is Iarthar Chorcaigh, thart ar mí M’Fómhair.
Tá muid ag obair go dian leis na h-iarrthóirí ar fad faoi láthair. Féach thíos sonraí
teagmhála don Oifigeach a bhaineann le do cheantar:
Mary Lavelle 095 45016
Joe Ó Curraoin 091 505708
Jude Gilbert
LEADER Oileáin Mhaigh Eó LEADER Oileáin Dhún na nGall LEADER Beanntraí, Rinn
Mhuintir Bháire & Carn Uí
Néid
LEADER Oileáin Chorcaigh LEADER Leathinis Bhéara
SICAP Cork Islands LEADER Oirthear na Gaillimhe
Comhar na nOileán are currently working with 107 projects which are progressing
to full application across the regions of Donegal, Mayo and Cork. Work has
commenced in East Galway in conjunction with GRD.
Jude Gilbert commenced her employment with Comhar na nOileán on the 8th May as one
of our Project Officers. Due to the workload and the large interest from the Cork Area, the
3 project officers split up the workload in the West Cork and the Islands area. The first
meeting of West Cork Evaluation Committee is planned for September.
Full applications are progressing with an intense animation period taking place. Below is a
quick guide to which project officer to contact for which area:
Mary Lavelle 095 45016
Joe Ó Curraoin 091 505708
Jude Gilbert
LEADER Mayo Islands LEADER Donegal Islands LEADER Bantry Area, Sheep’s
Head & Mizen Head
Peninsulas
LEADER Cork Islands LEADER Beara Peninsula
SICAP Cork Islands LEADER East Galway
Slí na nOileán 4 2017
Clár Nuálaíochta Eorpach - Scéim Áitiúil Talmhaíochta Comhshaoil
European Innovation Programme - Locally Led Agri Environment
Scheme
Níor éirigh leis an gcéad tairiscint a rinne Comhar na nOileán maidir leis an gClár
Nuálaíochta Eorpach – Scéim Áitiúil Talmhaíochta Comhshaoil. Ach fuarthas aiseolas an-
dearfach agus bhí an- suim ag an Roinn sa togra agus ba mhaith leo dá bhfeicfeadh siad
muid ag cur isteach ar arís ag deireadh Mí D’Fómhair 2017. Bhí 22 iarratas rathúil agus 8
n-iarratas a scóráil go maith os cionn an mheáin agus bhí muid ar cheann dóibh siúd. Seo
thíos an t-aiseolas maidir leis an iarratas:
Tá muid anois ag ullmhú don dara glaoch agus beidh muid i dteagmhail leis na feirmeoirí
ar na hOileáin i rith na míosa. Is é an spriocdáta chun iarratas nua ná 31ú Deireadh
Fómhair 2017
Comhar na nOileán were not successful in our first bid for the European Innovation
Programme-Locally Led Agri Environment Scheme. However very positive feedback was
received and the Department were very interested in the proposal and would like us to
submit again at the end of October 2017. There were 22 successful initial applications and 8
applications who also scored well above the average and we were one of the 8. .
We are now preparing for the 2nd call and we will be contacting farmers on the Islands
over the course of the Month. The closing date for applications is the 31st October 2017.
Slí na nOileán 5 2017
Moil Dhigiteach – Céard iad agus céard a chiallódh siad do na
hOileáin?
Digital Hubs – What they would mean to the Islands?
Tá Comhar na nOileán ag obair i gcomhpháirtíochta le Údarás na Gaeltachta agus na
Comhairlí Contae chun an riachtanais & na deiseanna atá ag na hoileáin a fhíosrú faoi
láithir chun féachaint chuige go bhforbrófaí Moile Dhigiteacha ar na hOileáin. D’osclódh
sé seo suas go leor leor deiseanna d’oileánaí agus do chomhlachtaí ar na hoileáin san ré nua
amach romhainn.
Is éard atá ‘sna Moil Dhigiteacha ná spás oibre do réimse comhlachtaí, lena n-áirítear
gnólachtaí tráchtála, san earnáil phoiblí nó eagraíochtaí pobail. Bheadh áiseanna & seirbhísí
teicneolaíochta ard-luais agus nua-aoiseach ar fáil chomh maith le seomraí cruinnithe,
imeachtaí & spásanna oiliúina, dírithe ar dhaoine a thabhairt le chéile. Bheadh deis ann do
dhaoine aonaracha, fiontraithe agus gnólachtaí beaga spás oibre roinnte a úsáid chomh
maith le gnóanna nua ardfháis a mhealladh chuig na hoileáin. I gcomparáid leis na spásanna
oifige thraidisiúnta, spreagann na Moil Dhigiteacha seo nasc láidir idir dhaoine, faisnéis
nua agus smaointeoireacht chun torthaí sonracha a bhaint amach. Cruthaítear atmaisféar
cruthaítheach agus spreagúil agus tugann daoine cúnamh dhá chéile chun deileáil le
fadhbanna agus constaicí. Cuid de na samplaí don chineál obair a bheadh ar siúl nó
gorlanna gnó, cláir oiliúina nó spásanna dearthóireachta &rl. Aithnítear gurbh iad na Moil
Dhigiteacha, an chéad ghlúin eile de spásanna oibre ‘sna réigiúin agus tá sé rí-thábhachtach
nach bhfágtar amach na hOileáin amach
Comhar na nOileán are currently working with Údarás na Gaeltachta and the County
Councils to look at the needs and the opportunities on the Islands towards developing
Digital Hubs. This would open up a whole range of new opportunities for enterprises on
the Islands.
A Digital Hub is a shared workspace for a range of complementary activities, including
commercial businesses, public sector and community organisations. It offers high-speed
and cutting-edge technical facilities and services, as well as meeting rooms, event and
training spaces, with a focus on bringing people together. Freelancers, entrepreneurs and
small businesses can work from this flexible, shared workspace for a monthly fee, together
with established high-growth businesses located in longer-term office spaces. Unlike a
traditional office environment, a Digital Hub is highly coordinated and focused on
connecting people, information and ideas to deliver specific results. Successful digital
hubs offer an infectious and inspiring atmosphere, one where members receive support
and help in tackling problems. These include: access to high-speed broadband; video
conferencing; technologically-enabled event and training room space; meeting space; 3D
printing; digital library and digital literacy programs. Digital hubs are the next generation
of co-working spaces linking regions into global networks and opportunities and it is
important that the islands are not left behind.
Slí na nOileán 6 2017
Aighneacht chuig an gComhchoiste um Oideachas agus Scileanna
Le deirneas fuair Comhar na nOileán cuireadh aighneacht a sheoladh isteach chuig an
gComhchoiste um Oideachas & Scileanna maidir le Iar-bhunscoileanna ar na hoileáin.
Seo leanas gearr-chuntas ar an aighneacht a seoladh.
Tá scoileanna ina gcroílár ag pobal ar bith agus níos bunúsaí fós i gcás mion-phobail
oileánda. Is léir nach n-aithnítear na dúshláin agus na constaicí ata ar scoileanna oileánda
agus go bhfuil na bunscoileanna agus na h-iarbhunscoileanna ar cheann de na h-institiúidí
is tábhachtaí atá againn. Aríst agus aríst eile, tá muid ag rá, ní fheileann rialacha na mór-
phobail leis na mion-phobail ar na hOileáin. Ní féidir na slait tomhais céanna a úsáid i gcás
oileáin is atá á úsáid le scoileanna tuaithe eile.
Leithroinnt Mhúintoireachta
Níor chóir, go mbeadh leithroinnt mhúinteoirí mar an gcéanna agus tomhaiste in aghaidh
uimhreachta mar a bhíonn chuile áit eile sa tír. Tá muid ag iarradh go n-ardófaí an dáileadh
múinteoirí ex-cuota gach scoil oileánda ó 1.0 go 2.5 WTE.
Rochtain ar Fhoireann Mhúinteoireachta & Foireann a choinneáil
Iarraimid an Liúntais Teagaisc ar oileán de €1658 a ath-thosú.
Buiséid
Tá trí oiread costas ar aon rud ar na hoileáin seachas aon áit eile agus tá margaí a
fhreastalaíonn ar oileáin teoranta. Ní sé seo ceart agus iarrtar árdú i liúntais na scoile.
Scoláireachtaí
Tá thimpeall is 30 scoláireachtaí cónaithe do scoláirí ó cheantair taobh amuigh don
Ghaeltacht ar fáil sa gcóras iar-bhunoideachais ar na hOileáin faoi láthair. Molann muid an
Roinn Ealaíona, Oidreachta, Gaeltachta, Gnóthaí Réigiúnacha agus Tuaithe as an scéim
nuálach seo. Seachas go gcothaíonn an scéim líofacht na Gaeilge ‘sna scoláirí, ta iliomad
buntáiste eile ag baint leis. Cinntíonn an scéim go bhfuil leithroinnt múinteoirí níos airde
ag an scoil agus tá buntáistí sóisialta ann dár scoláirí féin. Cuireann sé le bunús
eacnamaíochta na nOileán freisin i rith an Gheimhridh. Faigheann na scólairí sár-bhliain
oideachais agus tá tairbhe ollmhór ann do thodhchaí na Gaeilge, todhchaí na nOileáin
Ghaeltachta, agus todhchaí na scoileanna. Moltar é seo a leathnú amach.
DEIS
Tá córas an-tairbheach anois faighte ag na scoileanna a roghnaíodh don Chlár DEIS ina
bhfuil breis maoiniú & breis múinteoirí. Ach is é an sean scéal céanna é ag scoileanna na
nOileán. Is léir nár thit siad isteach faoi shlat tomhais a bhí á úsáid ag an Roinn Oideachais
agus nach bhfuil in oiriúint do scoileanna oileánda. Iarrtar anois ath-bhreithniú a dhéanamh
ar na critéir seo agus a chinntiú go bhfuil siad promhadh i bhfábhar oileáin amach ón
gcósta.
Slí na nOileán 7 2017
Submission to the Committee on Education and Skills
Recently Comhar na nOileán were invited to make a submission to the Joint Committee on
Education & Skills regarding Secondary Schools on the islands.
The following is a brief account of the submission.
Schools are the heart of any community and when it comes to small island communities, even more
fundamental. It is clear that the challenges and obstacles faced by island schools is not recognised
in light of the fact that the schools are one of the most important institutions we have. Again and
again, we are saying, the policies that govern schools are more suited to the mainland schools
rather than the micro-communities on the Islands. We reiterate that it is unfair to use the same
criteria for measurement in the case of Island based schools as is used in other rural areas of the
mainland.
Allocation of Teaching Staff.
We maintain that teachers should not be allocated based on numbers as is the case everywhere
else in the country. We are seeking to increase the allocation of ex-quota teachers all island schools
from 1.0 to 2.5 WTE. We can never compete with the numbers game in any form and most
decisions regarding teaching allocations and resources are based on numbers.
Access & Retention of Teaching staff
We call on the Island Teaching Allowance of € 1658 to be reinstated. The absence of financial
incentives for island teachers is making teaching on an island an uphill struggle thus we call for the
reintroduction of island allowances for newly qualified teachers.
Budgets
Supplies, trips or services are three times higher than the mainland cost and the services available
to Islands are limited. A simple repair job on an island that costs €500 ends up costing our schools
€1500 due to travel and time constraints. This is unfair and therefore we ask that a higher per capita
payment is available to Island Schools.
Scholarships
Currently, there are approximately 30 residential scholarships for students from areas outside the
Gaeltacht available in the second level schools on the Islands. We commend the Department of
Arts, Heritage, Gaeltacht and Rural Regional Affairs for this innovative scheme. Apart from the
fact that the scheme promotes the Irish language fluency 'in the students, there are numerous other
benefits associated with the scheme. The scheme ensures a higher allocation of teachers and social
benefits for our students. It contributes to the economic base of the Islands particularly during the
Winter. Students receive an excellent education, and it contributes to the future of the Irish
language, Gaeltacht islands future, and the future of the schools. We recommend that this scheme
be extended and more scholarships to be made available to participating schools.
DEIS
This highly beneficial designation is now benefiting the schools selected for the DEIS Program
with additional resources and additional teachers. But it is the same old story for Island based
schools with most of them not meeting the criteria. Obviously they did not comply with the
yardstick being used by the Department of Education & Skills. We now ask for a re-consideration
of the criteria being used to ensure that Island schools are not left out of this beneficial programme
which after all is based on delivering equality of opportunity.
Slí na nOileán 8 2017
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhór - Clann Credo
Tá Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór ag croí-lár shóisialta agus
chultúrtha pobal Árainn Mhór. Ó bunaíodh é i 2001, tá sé mar lár-ionad do réimse
seirbhísí do dhaoine áitiúla idir cúram leanaí, cláir oiliúna, gníomhaíochtaí spóirt,
dramaíocht agus ceolchoirmeacha.
Ón tús, cuireadh béim láidir ar shláinte agus ar dheá-chleachtas saoil, ar aclaíocht agus ar
ghníomhaíochtaí spóirt. Cuireadh cúrsaí ar fáil i seoltóireacht, kayakadóireachta agus
spóirt eile uisce-bhunaithe. Cuireadh leis seo de réir a chéile le giomnáisiam, bunaíodh
grúpaí siúil, grúpa garraíodóireachta agus imeachtaí éagsúla eile faoin aer.
Bhí caidreamh fada agus torthúil ag Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn
Mhór le Clann Credo, anuas na mblianta. Baineadh úsáid as Maoiniú Iasachta Pobail go
rathúil agus thar roinnt blianta chun na seirbhísí a sholáthraíonn sé a leathnú agus a
fheabhsú.
Le déanaí, d'iarr an Comharchumann tacaíocht ar Clann Credo chun na saoráidí a
uasghrádú san Ionad Pobail. Mar chuid den obair seo déanadh athchóiriú ar an Ionad
chun é a chur in oiriúint do dhaoine le míchumas agus athchóiriú ar an halla spóirt. Is
buachaint é seo don phobail agus do chuairteoirí, lena n-áirítear daltaí Gaeltachta le linn
míonna an tSamhraidh.
Mar gheall ar ról lárnach an Chomharchumainn i saol Árainn Mhór, ní raibh aon leisce ar
Clann Credo an tacaíocht sin a sholáthar.
Maoiniú Iasachta Pobail Clann Credo-Tacaíochtaí do
Phobail
I s é Clann Credo an príomhsholáthraí airgeadais pobail in Éirinn agus tá níos mó ná
€82 milliún ar iasacht acu le breis agus 800 tionscadail pobail ar fud na tíre.
Is eagraíocht neamhbhrabúsúil é a chuireann maoiniú pobail inacmhainne ar fáil do
ghrúpaí pobail agus deonacha, carthanachtaí, fiontair shóisialta agus clubanna spóirt
amaitéaracha. Murab ionann agus iasachtóirí traidisiúnta, tugann Clann Credo tús áite
don tionchar a bheidh ag an tionscadal ar an bpobal chomh maith leis an gcumas an t-
iasacht a aisíoc.
Tá níos mó ná fiche bliain ag foireann Clann Credo ag tacú le forbairt phobail agus le
fiontair shóisialta thar réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear: spóirt agus cultúr;
turasóireacht; agus seirbhísí sóisialta ríthábhachtacha eile. Ina measc tá: ionaid phobail;
tithíocht shóisialta; áiseanna spóirt; tacaíocht teaghlaigh agus comhairleoireacht;
oideachas agus oiliúint.
Is iomaí sochair agus tacaíochtaí eile a chuireann Clann Credo ar fáil dá gcustaiméirí.
Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin: www.clanncredo.ie
Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór
Slí na nOileán 9 2017
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhór - Clann Credo
Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór sits at the social and cultural
heart of the Árainn Mhór community. Since its inception in 2001, the Co-op has become a
hub of island life, the focal point for a truly remarkable array of services to the local
population. These range from childcare to training progammes, sporting activities, drama
and concerts.
From the outset, a strong emphasis was placed on health and well-being, exercise and
sporting activity, with courses available in sailing, kayaking and other water-based sports.
This was later augmented with the addition of a gym and activities were extended to include
walking groups, healthy gardening and other outdoor pursuits.
Comharchumann Forbartha agus Fostaiocht Árainn Mhór has had a long and fruitful
relationship with Clann Credo, successfully utilising Community Loan Finance and support
over several years to extend and enhance the services it provides.
Most recently, the Co-op sought Clann Credo’s support in order to upgrade facilities in their
centre. This included provision of disabled access and refurbishment of the sports hall. This
was a win-win for the islanders and visitors, who include Gaeltacht students during the
summer months.
Given the pivotal role of the Co-op in the life of Arranmore, Clann Credo had no hesitation
in providing that support.
Clann Credo Community Loan Finance-Supporting
Communities
C lann Credo is Ireland’s leading community finance provider and has loaned more than
€82m to over 800 community projects nationwide.
The organisation is a not-for profit which offers affordable community finance to
community and voluntary groups, charities, social enterprises and amateur sports clubs.
Unlike traditional lenders, Clann Credo prioritises the impact the project will have on the
community as well as the capacity to repay the loan.
Clann Credo’s staff have more than two decades experience in supporting community
development and social enterprise across a wide range of sectors, including: sports and
culture; tourism; and vital social services. Projects include: community centres; social
housing; sports facilities; family supports and counselling; education and training.
There are many other benefits and supports offered by Clann Credo to their customers.
To find out more, visit the website: www.clanncredo.ie
Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór
Slí na nOileán 10 2017
Tionóladh Cruinniú Cinn Bhliana do Chomhdháil Oileáin na hÉireann ar Inis Bó Finne ar an 27ú
Aibreán. Tarlaíonn an cruinniú ar cheann d’oileáin na hÉireann chuile bhliain agus i mbliana
cuireadh fáilte na féile roimh na toscairí go hInis Bó Finne. Bíonn daoine ag súil leis an ocáid go mór
mar gur deis é, plé a dhéanamh, ceisteanna a ardú agus imní éagsúla a phlé eatarthu féin agus le
gníomhaireachtaí Reachtúla ábhartha.
Go traidisiúnta, freastalaíonn Aire an lae, a bhfuil freagracht ar as na hOileáin chuig an gcruinniú.
Mar a bhí súil leis, tháinig an tAire Stáit Sean Kyne T.D., an oíche roimh réidh, agus d’fhreastal ar an
gCruinniú Chinn Bhliana an lá dar gcionn. I láthair, bhí Príomh Oifigeach nua-cheaptha Rannóg na
nOileán, Sorcha de Brúch. Tagann Sorcha in áit Bheirtí Ó hAinmhire atá ag éirí as go gairid.
Fáiltíonn muid roimh Shorcha chuig an gceapachán nua agus tá muid ag tnúth le caidrimh fada
tairbheach. Gúínn muid chuile rath ar ár sean-chara Beirtí tar éis a fhreastal fada poiblí. Bhí an Dr.
Aodán Mac Cormaic ón Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gaeltachta, Gnóthaí Tuaithe & Réigiúnacha i
láthair freisin. Tá aithne mhór ar Aodán ar fud na noileán agus guíonn muid chuile ádh ar ina
cheapachán nua mar Cheannaire ar Sheirbhísí na Gaeilge sa Roinn.
Bhí an-áthas orainn ár gcara leanúnach Éamon Ó Cuív T.D. a bheith ann agus is cinnte nach mbeifeá
ag súil le rud ar bith eile uaidh! Thaisteal Catherine Connolly T.D. go Inis Bó Finne freisin. Míle
buíochas dóibh go léir. B’iad na gnáthcheisteanna is cúis imní a bhí ina gcnáimh spairne arís i
mbliana;
Bonneagar, céibheanna, aerstrácaí, báid farantóireachta agus seirbhísí aeir
Oideachas, tá cás na scoileanna dara leibhéil ar na hoileáin Ghaeltachta ina údar imní faoi
láthair
Sláinte, Altraí Sláinte Poiblí ar na hOileáin
Maoiniú riarachána, ag diriú áird ar laghdú buiséid na gCuideachtaí Forbartha Pobail agus na
gComharchumainn le cúpla bliain anuas.
Tar éis an Chruinniú Chinn Bhliana, bhí Seimineár Turasóireachta ar siúl. Labhair roinnt aoi
chainteoirí faoi shamplaí éagsúla de dheá-chleachtas a d’fhéadfaí a chruthú i gceantracha eile. Ba iad
seo a leanas na haoi chainteoirí:
Mary Mulvey, POF ÉicThurasóireachta Éirinn: Ag forbairt ÉicThurasóireacht ar na hOileáin.
Rosaleen Ní Shúilleabháin, Oifigeach Áineasa Tuaithe, Forum: Ag Forbairt an Ghormbhealaigh.
Jim O’Sullivan, Coiste Bhealach Bhreifne: Ag Forbairt Bealaigh Siúlóide & an Scéim Siúlóide.
Fiona Monaghan, Ceannaire Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann: Tábhacht na nOileán do
Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Ar ndóigh, mar is gnách, bhí gné shóisialta ann don CCB agus idir an bheatha ghleoite a chuir
Murrays ar fáil, na soláistí don tae a chuir Mary Day Lavelle ar fáil agus an ceol iontach, céard is
féidir le duine a rá ach .... ar fheabhas. Ar ndóigh, bhí an spraoi a bhí againn ar an oích!
Is ionad iontach álainn é Inis Bó Finne d'aon ócáid agus go mairfidh sé mar cheann d’oileáin
bhríomhara na hÉireann
Go mbeirimid beo ar an am seo aríst ... .ag ocáid na bliana seo chugainn.
The Annual General Meeting of Comhdháil Oileáin na hÉireann took place on Inishbofin on the 27th
April. The AGM rotates between the Irish Islands every year and this year the delegates got a
wonderful Inishbofin welcome. It is a much anticipated gathering, whereby Islanders can, raise,
discuss and debate issues and concerns between themselves and with relevant Statutory agencies.
Traditionally the Minister of the day with responsibility for the Islands will attend and true to form,
we had the honour of Minister Of State Sean Kyne T.D., arriving the night before, meeting with
Islanders and addressing the AGM the next day. Attending with the Minister was the newly
CCB Comhdháil Oileáin na hÉireann ar Inis Bó Finne
Comhdháil Oileáin na hÉireann AGM on Inishbofin
Slí na nOileán 11 2017
An tAire Seán Kyne ag seoladh leabhrán Polasaithe na nOileáin ag CCB Chomhdháil Oileáin na hÉireann
The Minister Seán Kyne launching the Island Policies booklet at the Comhdháil Oileáin na hEireann AGM
© Comhdháil Oileáin na hÉireann
appointed Chief Officer of the Island Division, Sorcha de Brúch. Sorcha replaces Beirtí Ó
hAinmhire, who will be leaving shortly. We welcome Sorcha to her new position and look forward to
a long, fruitful, and mutually beneficial relationship, as we wish our old friend Beirtí the very best
after a long distinguished career. Dr. Aodán Mac Cormaic, Dept of Arts, Heritage, Gaeltacht, Rural
and Regional Affairs was also in attendance. Aodán has long been a friend of the Islands and we
wish him well in his new position as Head of Irish Language Services in the Department.
We were also delighted to see our constant ally Éamon Ó Cuív T.D. in attendance and sure we
wouldn’t expect anything less! Catherine Connolly T.D. also traveled to Inishbofin. Míle buíochas to
them all. The usual matters of highest concern were brought up again this year;
Infrastructure, piers, airstrips, ferries and air services
Education, the current concerns of the 2nd level schools on the Gaeltacht Islands
Health, Public Health Nurses on the Islands
Administration funding, addressing the massive cuts to Development Companies and
Cooperatives over the last few years.
After the AGM, A Tourism Seminar took place. A number of guest speakers talked about various
examples of good practice which have the ability to be emulated in other regions. The guest speakers
were as follows:
Mary Mulvey, CEO, EcoTourism Ireland: Developing EcoTourism on the Islands.
Rosaleen Ní Shúilleabháin, Rural Recreational Officer, Forum: Developing the Blueway.
Jim O’Sullivan, Beara-Breifne Way Committee: Developing Walks and the Walk Scheme.
Fiona Monaghan, Head of Wild Atlantic Way, Fáilte Ireland: Importance of Islands on the Wild
Atlantic Way.
Of course, as is usual, there was a social aspect to the AGM and between the most fabulous food
provided by Murrays, the delicious scones and buns provided by Mary Day Lavelle and the
wonderful music, what can one say but…. sublime. And dare I say we had a great night! The food at
the Beach Bar was also highly commended, particularly the fish dishes.
Inishbofin is truly such a beautiful venue for any event and long may it last as a thriving Irish Island.
Go mbeirimid beo ar an am seo aríst….till we meet on another Irish Island for next year’s AGM.
Slí na nOileán 12 2017
Comhar na nOileán CTR
Foilsithe ag / Published by Comhar na nOileán CTR Inis Oírr, Oileáin Árainn, Co. na Gaillimhe, 099 75096
Sonraí Teagmhála / Contact Details
Máire Uí Mhaoláin
POF / CEO, Inis Oírr 099-75096 [email protected]
Marian Uí Chonghaile
Riarthóir Airgeadais / Financial Administrator, Inis Oírr 099-75096 [email protected]
Máirín Ní Chonghaile
Rúnaí & Riarthóir SST / Secretary & RSS Administrator, Inis Oírr 099-75096 [email protected]
Mary Lavelle
Oifigeach Forbartha / Development Officer, Inishbofin 095-45016 [email protected]
Joe Ó Curraoin
Oifigeach Forbartha / Development Officer, Inis Oírr/Indreabhán 091-505708 [email protected]
Jude Gilbert
Oifigeach Forbartha / Development Officer, Iarthar Chorcaí 099-75096 [email protected]
Dáithí Ó Briain,
Administration & Project Development Officer 099 75096 [email protected]
Conor Mac Thaidhg
Administration & Project Development Officer 099 75096 [email protected]
Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe.
Inishbofin, Co. Galway
© Máirín Ní Chonghaile