Ráiteas Straitéise 2016 - 2019 · Nollag 2016 gur tháinig ardú ar líon na gcuairteoirí...
Transcript of Ráiteas Straitéise 2016 - 2019 · Nollag 2016 gur tháinig ardú ar líon na gcuairteoirí...
1
Ráiteas Straitéise
2016 - 2019 An Roinn Iompair, Turasóireachta agus
Spóirt
2
Réamhrá an Aire
Is iomaí cor dúshlánach a thit amach i rith na sé mhí tosaigh agam i m'Aire sa Roinn Iompair,
Turasóireachta agus Spóirt agus is iomaí ábhar sásaimh a bhain leis an tréimhse sin freisin ag
breathnú siar air dom. Chomh maith leis an gcúram ollmhór a ghabhann leis, is rímhór an phribhléid
freisin fónamh a dhéanamh mar Aire Rialtais. Tá na gnéithe ar fad den rialtas nua ag obair go maith
as lámha a chéile agus cé gur iomaí dúshlán eile atá amach romhainn, táthar ullamh chun tabhairt
fúthu agus iad a shárú.
Tá tábhacht lárnach le cúrsaí Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ó thaobh maitheas shóisialta agus
eacnamaíochta an Stáit. Is gné bhuntábhachtach an córas iompair maidir leis an eacnamaíocht a
chothú agus a spreagadh chomh maith lena bheith ar cheann de na tosca móra maidir le
héagothromaíocht eacnamaíochta a mhaolú i réimsí éagsúla den tír. Tá an Roinn seo tugtha do
bhainistíocht den rath a dhéanamh maidir leis an iliomad ábhar a thagann chun cinn ó lá go lá i ndáil
leis an gcraobhchóras iompair agus lena chinntiú go mbíonn aisling á cur romhainn againn maidir leis
an am atá le teacht agus gur féidir pleananna fadtéarmacha a thabhairt i gcrích a bhfuil gá géar leo
agus trína ndéanfar forbairt agus leathnú ar an gcóras iompair ar dhroim na talún, ar dhroim na
farraige agus san aer.
Tá réimse na turasóireachta ar an gceann a bhfuil dea-scéal ag baint leis le blianta beag anuas agus
tarraingíodh níos mó cuairteoirí go hÉirinn i rith na bliana 2016 ná mar a tháinig in aon bhliain
roimhe sin. Tá ag éirí thar cuimse le tionscnaimh de leithéid Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá beartaithe
borradh agus biseach breise a thabhairt ar an earnáil seo trí thalamh slán a dhéanamh de na margaí
a bhfuiltear ag freastal orthu cheana féin an tráth céanna a thugtar faoi mhargaí nua. Beidh
tábhacht faoi leith leis seo i gcomhthéacs fhágáil an Aontais Eorpaigh ag an Ríocht Aontaithe.
Tá cuid mhór á cur romhainn maidir le réimse an Spóirt chomh maith agus táthar ag dul i gcomhairle
faoi láthair leis na geallsealbhóirí i dtaobh plean staidéarach ardaidhmeach maidir lena mbeadh i
ndán do chúrsaí spóirt in Éirinn. I rith na mblianta atá amach romhainn, déanfar freastal sa tír seo do
Chorn an Domhain maidir le Rugbaí na mBan sa bhliain 2017 agus do cheithre cinn de chluichí i
gCorn na hEorpa 2020 agus, más mar sin a tharlaíonn, do Chorn an Domhain i Rugbaí na bhFear sa
bhliain 2023. Tá clú ag teacht ar an tír mar gheall ar fheabhas an lucht spóirt agus mar gheall ar
dhea-thréithe lucht leanúna fhoirne na hÉireann. Go deimhin, tá an Turasóireacht Spóirt faoin tráth
seo ag teacht chun cinn mar réimse bisiúil d'eacnamaíocht na tíre agus is breá liom gur féidir an dá
ghné a thabhairt le chéile leis na cúraimí a leagtar orm i m'Aire dom.
Ciallaíonn an réimse forleitheadach a ghabhann le hobair na Roinne seo gur iomaí geallsealbhóir
agus gníomhaireacht a n-oibrítear i gcomhar leo. Táim ag tnúth, in éineacht leosan agus le foireann
dhíograiseach na Roinne, le maith a dhéanamh de na geallúintí a leagtar amach sa Ráiteas Straitéise
seo chomh maith leis an gClár don Rialtas Comhpháirtíochta de réir mar a chuirimid chuig gach
dúshlán a chuirtear romhainn ina leith sin a shárú.
Shane Ross TD
An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
3
Réamhrá an Aire Stáit
Fáiltím, i m'Aire Stáit dom maidir le cúrsaí Turasóireachta agus Spóirt, roimh Ráiteas Straitéise seo na
Roinne i leith na mblianta 2016 – 2019. Leagtar amach sa Straitéis na bearta príomhthábhachta atá
le tabhairt i gcrích agus na réimsí dúshláin a bheidh le sárú i ndáil le hearnáil na turasóireachta agus
earnáil an spóirt.
Tá cion mór tairbhe á dhéanamh i réimse na turasóireachta maidir le forás breise ar chúrsaí
eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta. Is léir ó fhigiúirí a chuir an Lár-Oifig Staidrimh ar fáil i mí na
Nollag 2016 gur tháinig ardú ar líon na gcuairteoirí idirnáisiúnta go hÉirinn agus ar an ioncam a
gnóthaíodh ón turasóireacht. Meastar go bhfuil 220,000 duine fostaithe faoin tráth seo in earnáil na
Turasóireachta agus na Lónadóireachta agus tá an fhostaíocht á cruthú i gceantair tuaithe chomh
maith le ceantair uirbeacha ar fud na tíre. Is den bhuntábhacht go gcothaítear an forás inbhuanaithe
seo ar earnáil na turasóireachta in Éirinn, go háirithe i bhfianaise na héiginnteachta atá ag teacht i
gceist le gairid maidir le himeacht na Breataine as an AE.
Tá tábhacht rímhór le spórt maidir le saol níos folláine a chruthú do phobal na tíre. Déantar maith
don duine aonair agus don phobal i gcoitinne trí pháirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí spóirt
agus in aclaíocht. Ar cheann de phríomhchuspóirí na Straitéise seo, tá Polasaí Náisiúnta Spóirt a
leagan amach trína dtugtar chun suntais an ról atá le spórt agus trína gcuirtear an pháirt ghníomhach
i gcúrsaí spóirt agus aclaíochta chun cinn ar gach leibhéal. Cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí
ar bun i mí na Samhna 2016 faoina n-iarrtar ar gheallsealbhóirí lón tuairimíochta agus eolais a chur
ar fáil maidir le ceapadh an bheartais. Táim ag tnúth le tuairimí agus dearcadh an uile dhuine a bhfuil
baint aige le cúrsaí spóirt a fháil agus le beartas a leagan amach trína dtabharfar an toradh is fearr is
féidir maidir le spórt in Éirinn i gcrích.
Táim ag tnúth le hoibriú in éineacht leis an Roinn, leis na gníomhaireachtaí agus leis na
geallsealbhóirí chun an t-ábhar dúshláin a thugtar chun suntais sa Ráiteas Straitéise seo a shárú.
Patrick O’Donovan TD
An tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt
4
Réamhrá an Ard-Rúnaí
Is é an Ráiteas Straitéise seo príomhphlean straitéiseach na Roinne agus leagtar amach ann ár
bpríomhthosaíochtaí don tréimhse 2016-2019. Ar mhaithe leis an bhfoireann, tugtar ann ár
spriocanna agus ár gcuspóirí ardleibhéil agus cuirtear creat ar fáil do phleanáil níos mionsonraithe
agus do bhainistíocht fheidhmíochta aonair.
Cé go bhfuil róil ríthábhachtacha ag na hearnálacha iompair, turasóireachta agus spóirt i bhfolláine
gheilleagrach agus shóisialta na hÉireann, níl aon dabht ann ach go bhfuil a lorg fágtha ag an
tréimhse chomhdhlúthaithe fioscaigh a tháinig i ndiaidh an chúlaithe eacnamaíochta ó thaobh bonn
caipitil, leibhéil seirbhíse agus ar ár n-acmhainní daonna araon. Cé go bhfuilimid ag tabhairt aghaidh
ar bhonn leanúnach ar dhúshláin ó thaobh acmhainní a chur ar fáil ar fud na Roinne, táimid fós
tiomanta spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach lena n-áirítear ár dtiomantais don Chlár do
Rialtas Comhpháirtíochta.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta monatóireacht agus athbhreithniú ar fheidhmiú fhoriomlán na
straitéisí atá sa Ráiteas seo agus cuirfidh siad tuarascáil faoi bhráid an Aire ar bhonn ráithiúil.
Tabharfaimid tuairisc maidir leis an dul chun cinn inár dTuarascálacha Bliantúla agus trí
rannpháirtíocht le Coistí Oireachtais ábhartha eile. Beidh straitéisí nua a fhorbairt nó straitéisí a chur
in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn mar chuid
thábhachtach d’athbhreithniú leanúnach an Bhoird Bainistíochta.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na geallsealbhóirí, leis an bhfoireann agus leo sin a chuir
freagra faoi bhráid i ndáil leis an gcomhairliúchán poiblí as an obair a fad a rinne siad chun an Ráiteas
Straitéise seo a ullmhú agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair libh leis an Ráiteas seo a chur i
bhfeidhm.
Graham Doyle
Ard-Rúnaí
5
Ár Misean
Is é ár misean mar Roinn Rialtais Lárnach, a thugann seirbhís don Rialtas agus do mhuintir na
hÉireann, forbairt shábháilte agus inbhuanaithe i gcúrsaí iompair, turasóireachta agus spóirt a
mhúnlú ar mhaithe le fás eacnamaíochta agus dul chun cinn sóisialta
Ár Spriocanna Ardleibhéil
Iompar ar Tír: freastal chomh maith is féidir ar riachtanais na sochaí agus an gheilleagair trí
líonraí agus seirbhísí iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus iomaíoch.
Eitlíocht: cur a mhéid is féidir le nascacht iompair aeir, le hearnáil eitlíochta atá sábháilte,
iomaíoch, éifeachtach ó thaobh costais agus inbhuanaithe.
Muirí: iompar muirí atá sábháilte agus inbhuanaithe a éascú agus seirbhísí bainistíochta
éigeandála a chur ar fáil.
Turasóireacht: tacú le tionscal na turasóireachta chun forbairt ar bhealach inbhuanaithe.
Spórt: cur le sochaí atá níos folláine agus níos gníomhaí trí rannpháirtíocht sa spórt a chur
chun cinn agus trí thacú le hardfheidhmíocht agus saoráidí spóirt a sholáthar.
Tá ár gcuid seirbhísí tacaíochta corparáideacha lárnach ó thaobh ar ár gcuid spriocanna a bhaint
amach agus tá cur síos níos mionsonraithe orthu i Tiomantas i leith Feidhmíochta, ar leathanach 25.
6
Lánpháirtiú le beartas Rialtais níos leithne
Bíonn impleachtaí fadtéarmacha ag go leor dár gcinntí caiteachais agus infheistíochta d’fhorbairt
shochaíoch agus gheilleagrach na hÉireann. Tá ceangal láidir freisin le réimsí tábhachtacha eile de
bheartas an Rialtais agus rinneadh comhairle, le linn an Ráiteas Straitéise seo a ullmhú, leis an
Oireachtas agus leis na geallsealbhóirí1.
Tá sé ríthábhachtach go nglacfadh ár gcuid cinntí san áireamh forbairtí, deiseanna, dúshláin agus
naisc a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Chun sin a dhéanamh ní mór dúinn cur chuige
comhtháite seachtrach a ghlacadh i leith anailís agus taighde straitéiseach.
Is minic go mbíonn ár gcuspóirí ceangailte go dlúth le réimsí tábhachtacha beartais eile Rialtais.
Tagann san áireamh leis seo na geallúintí faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais maidir le Poist, an
Plean Gníomhaíochta atá á ullmhú maidir le Forbairt na Tuaithe agus Athchóiriú na hEarnála Poiblí.
Leanfaimid orainn ag comhoibriú go dlúth le Ranna Rialtais eile. Mar shampla, leanfaimid orainn ag
obair leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le tosaíochtaí Rialtais do leanaí, do theaghlaigh
agus murtall agus leis an Roinn Cosanta sa réimse pleanála éigeandála.
Leanfaimid orainn ag obair go dlúth le Roinn an Taoisigh, le Ranna Rialtais eile, le gníomhaireachtaí
poiblí agus le geallsealbhóirí príobháideacha, chun ullmhú d’imeacht beartaithe na Ríochta
Aontaithe as an AE. Mar Oileán, táimid ag brath go mór ó thaobh na trádála agus na turasóireachta
ar chomh héifeachtach agus chomh simplí is atá na naisc iompair idir an tír seo, Tuaisceart Éireann,
an Bhreatain Mhór agus cinn scríbe atá níos faide ó bhaile. D'fhéadfadh aon bhac fisiciúil nó rialála
costais bhreise, moill agus castacht ó thaobh riaracháin a chruthú maidir leis na naisc rochtana atá
ann i láthair na huaire i ndáil le gnó agus d'fhéadfadh sé bac a chur ar chuairteoirí a bheadh ag teacht
chun na tíre seo.
Maidir le hathrú aeráide, tá sprioc fadtéarmach leagtha síos ag an AE dó féin, is é sin, astuithe gáis
cheaptha teasa a laghdú 80-95% faoin mbliain 2050, i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990. Mar go
bhfuil an earnáil iompair ar cheann de na hearnálacha is mó lena mbaineann astuithe, ní mór
laghduithe móra astuithe a bhaint amach laistigh den earnáil leis an sprioc seo a bheith indéanta. Tá
líon spriocanna eile athrú aeráide a bhaineann le hiompar leagtha síos ag an AE freisin do bhliain
2020 agus don bhliain 2030, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as foinsí fuinnimh in-athnuaite.
Tá sé ríthábhachtach beartas aeráide a thabhairt san áireamh ar fud gach earnáil iompair.
Cinnteoidh beartas dá leithéid an cur chuige foriomlán is éifeachtaí ó thaobh costais le hathrú
aeráide agus a thionchar ar sheirbhísí agus ar infreastruchtúr iompair a mhaolú. Táimid tiomanta
freisin, teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí amach anseo a fhiosrú le feabhas a chur ar an
líonra iompair náisiúnta agus ar na hearnálacha turasóireachta agus spóirt.
Leagtar amach sa tábla seo a leanas ár gcuspóirí maidir leis na réimsí beartais sin, ina mbeidh gá le
dlúth-chomhoibriú, go hinmheánach agus go seachtrach le Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí agus
geallsealbhóirí eile.
1Tá aigneachtaí a cuireadh faoi bhráid mar gheall ar an bpróiseas comhairliúcháin seachtrach ar fáil ar an láithreán gréasáin www.dttas.ie
7
Lánpháirtiú le Beartais Rialtais níos leithne
Cuspóirí Gníomhartha
A chinntiú go bhfuil forbairt
beartas agus clár agus cinntí
infheistíochta agus caiteachais
ag teacht leis an gcomhthéacs
straitéise níos leithne agus leis
na treochtaí a bhfuiltear ag súil
leo amach anseo
Acmhainn straitéiseach, anailíse agus taighde ar
ardchaighdeán a sholáthar chun tacú le cinnteoireacht
agus moltaí beartais atá bunaithe ar fhianaise a chur ar
fáil
Caighdeáin níos fearr a fhorbairt do shonraí agus
d’fhaisnéis, lena chinntiú go bhfuil caighdeáin arda ann ó
taobh infhaighteacht, bainistíocht agus úsáid sonraí
Comhairle agus tacaíocht anailíseach a chur ar fáil chun
measúnú a dhéanamh ar ghnéithe airgeadais phleananna
straitéiseacha gníomhaireachtaí
Astuithe a laghdú agus cur le
hearnáil iompair ísealcharbóin
faoin mbliain 2050 a bhfuil
teacht aniar inti ó thaobh
aeráide
Bearta maolaithe atá éifeachtach ó thaobh costais agus
atá inmharthana ar bhonn eacnamaíoch a aithint d’fhonn
tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bPlean Náisiúnta
Maolaithe/Treochlár Ísealcharbóin , éascú a dhéanamh
orthu agus tacaíocht a thabhairt dóibh
Gníomhartha chun infreastruchtúr agus infheistíocht
iompair a bheidh seasmhach amach anseo i gcoinne athrú
aeráide a aithint agus tacú leo
Creat náisiúnta beartas a bhunú chun tacú leis an gcóras
iompair a athrú go córas atá níos glaine, malairtí
ísealcharbóin ar bhreoslaí iontaise
Straitéisí agus beartais a
fhorbairt, le forbairtí san earnáil
iompair amach anseo a
thabhairt san áireamh, lena n-
áirítear, Córais Chliste Iompair
Forbairtí teicneolaíochta reatha agus amach anseo i
gcúrsaí iompair a aithint
Forbairtí a lánpháirtiú sa bheartas agus sa straitéis
iompair
Réimis rialála atá dírithe ar na coinníollacha margaidh is
fearr is féidir a dhearadh agus a chruthú d'fheithiclí íseal-
astuithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh
Freagra straitéiseach ar leibhéal
náisiúnta i leith éigeandálaí dá
bhfuilimid ainmnithe mar
phríomhRoinn Rialtais a
chomhordú agus a bhainistiú go
héifeachtach
Nósanna imeachta agus treoir a chur i bhfeidhm ag teacht
le creat bainistíochta mór-éigeandála a nglacann an Oifig
Pleanála Éigeandála leis
Obair i gcomhar le Ranna Rialtais eile agus le
príomhghníomhaireachtaí freagartha chun prótacail
náisiúnta a bhunú d’éigeandálaí atá ag teacht faoinár
dtéarmaí tagartha
Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn leis na táscairí seo a leanas:
Straitéis Sonraí 2016-2018 a fhoilsiú faoin mbliain 2017
Plean um Oiriúnú d’Athrú Aeráide don Earnáil Iompair a fhoilsiú (le foilsiú sa chéad
ráithe de 2017)
Na gnéithe iompair den Treochlár Náisiúnta Ísealcharbóin a chur i bhfeidhm (le foilsiú
sa dara ráithe de 2017)
An Creatbheartas Náisiúnta maidir le húsáid breoslaí eile san iompar a chur i bhfeidhm
8
(le foilsiú sa cheathrú ráithe de 2016)
Nósanna imeachta inmheánacha i gcás éigeandála a bhunú faoi dheireadh na bliana
2017
9
Iompar ar Tír
Sprioc Ardleibhéil Freastal chomh maith is féidir ar riachtanais na sochaí agus an gheilleagair
trí líonraí agus seirbhísí iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus iomaíoch.
Tá tábhacht bhunúsach ó thaobh fholláine na sochaí agus na heacnamaíochta araon le córas iompair
ar tír na hÉireann – idir an líonra bóithre agus iarnróid, chomh maith le seirbhísí bus, iarnróid agus
tacsaí.
Tá fás geilleagrach agus margadh saothair ar a bhfuil cor chun feabhais le déanaí ag cur leis an mbrú
atá arís ar an líonra iompar ar thalamh; bhí méadú thart ar 30%, mar shampla sa bhliain 2015, ar an
líon bliantúil feithiclí nua a ceadaíodh agus méadú 4% ar úsáid iompar poiblí ar bhonn bliantúil,2 agus
léirigh treochtaí sa bhliain 2016 tuilleadh méadú ar líon na bpaisinéirí ar bhonn seasmhach ar líonraí
iompair phoiblí. Cé gur comharthaí iad na brúnna ar éileamh seo ar gheilleagar atá folláin, agus
comharthaí a bhfuil fáilte mhór rompu, tá dúshláin ag gabháil leo ó thaobh a chinntiú go leanfaimid
orainn leis an acmhainneacht a bheith againn le gluaiseacht thráthúil agus éifeachtúil daoine agus
earraí a chinntiú agus é a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe. Beidh dúshláin mhóra ag baint le
Brexit freisin, ní amháin ó thaobh gluaiseacht earraí agus daoine chun na Ríochta Aontaithe agus ar
ais, ach ó thaobh iompar fadseasmhach daoine agus earraí na hÉireann tríd an Ríocht Aontaithe.
Mar sin, is iad na cuspóirí atá againn don earnáil sna 3 bliana atá amach romhainn, aghaidh a
thabhairt ar na dúshláin atá againn inniu agus pleanáil a dhéanamh dóibh agus forbairt a dhéanamh
ar líonraí agus ar sheirbhísí iompar ar tír agus iad a chumasú amach anseo, le béim ar shábháilteacht,
feabhas a chur ar sheirbhísí, agus bealaí iompair atá níos inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-
áirítear, rothaíocht, siúl, luach ar airgead a bhaint amach agus rialachas stuama a chur chun cinn.
Aithnítear sa Chreat Straitéiseach don Infheistiú in Iompar ar Tír (SIFLT), a foilsíodh sa bhliain 2015,
10 dtosaíocht agus gníomh ó thaobh a gcur i bhfeidhm san earnáil iompair ar thalamh. Tá roinnt de
na bearta a mbaineann ré níos fadtéarmaí leo ach beidh roinnt acu ina ndlúthchuid den bheartas
maidir le cúrsaí iompair ar dhroim talún, den phleanáil ina leith sin agus dá thabhairt i bhfeidhm, le
linn ré feidhme an Ráiteas Straitéise féin; go háirithe an tábhacht a bhaineann le cothabháil a
dhéanamh ar na sócmhainní luachmhara atá sa líonra iompair cheana féin, forbairt beartas nua
iarnróid, lánpháirtiú níos fearr a dhéanamh ar iompar i bpleanáil spásúlachta agus an fhéidearthacht
atá ag anailís SIFLT le faisnéis a chur ar fáil do bhearta oiriúnaithe aeráide san earnáil iompair.
Cuireann an Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre 2013-2020 creat ar fáil maidir le gníomh ar
mhaithe le sábháilteacht ar na bóithre ina bhfuil raon gníomhartha ann ar féidir leis na
geallsealbhóirí go léir a ghlacadh. Rachaidh an Straitéis seo faoi athbhreithniú meántéarmach le linn
tréimhse an Ráitis Straitéisigh seo. Tá laghdú go 25 nó níos lú ar eachtraí a mbeidh an bás mar
thoradh orthu in aghaidh an mhilliúin den daonra faoi mbliain 2010 mar phríomhthosaíocht.
Tá roinnt tiomantas tábhachtach maidir le hiompar ar tír sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta
freisin. Ina measc sin, tá:
2 Áirítear ar thagairt d'úsáid iompar poiblí, Dualgais Seirbhísí Poiblí agus seirbhísí bus, Dualgais Seirbhísí Poiblí
agus seirbhísí iarnróid, seirbhísí bus faoi cheadúnas tráchtála agus seirbhísí iarnróid éadrom LUAS.
10
tosaíocht a thabhairt do phríomhbhealaí gathacha lena chinntiú go mbeidh rochtain
dhíreach ag pobail atá scoite amach, mar thoradh ar phríomhbhóithre náisiúnta nach bhfuil
leordhóthanach, ar chalafoirt agus ar aerfoirt;
maoiniú breise do scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla agus do Scéimeanna Rannpháirtíochta
Pobail agus infheistíocht nua i bhfeabhsúcháin agus i gcothabháil bóithre réigiúnacha agus
bóithre áitiúla;
athbhreithniú iomlán ar an mbeartas iompair phoiblí;
tionscadal Luas Traschathrach a thabhairt chun críche agus an Meitreo Thuaidh nua a chur
chun cinn; lánpháirtiú níos fearr a dhéanamh ar sheirbhísí iompair tuaithe le seirbhísí
iompair eile; athbhreithniú ar an gcreat don fhlít náisiúnta earraí;
agus tuilleadh tionscadal bóithre a phleanáil ag teacht leis an bPlean Náisiúnta
Gníomhaíochta le haghaidh Poist.
Tá ról scairshealbhóra againn maidir leis na príomhsholáthróirí seirbhíse sa réimse iompair phoiblí.
Tá líon gníomhaireachtaí san earnáil iompair ar thalamh freisin: an Coimisiún um Rialáil Iarnróid, an
tÚdarás Náisiúnta Iompair, an tÚdarás um Shábháilteacht agus Bonneagar Iompair Éireann. Tá
feidhmeanna reachtúla agus freagrachtaí atá tábhachtach ar gach aon cheann de na
gníomhaireachtaí seo, ó thaobh gnéithe éagsúla rialála, pleanála, maoinithe agus iompar ar tír a chur
ar fáil. Leanfaimid ag obair go dlúth sna 3 bliana atá romhainn leis na soláthróirí seirbhíse agus leis
na gníomhaireachtaí seo, ó thaobh beartas agus ceannaireacht reachtúil, maoiniú comhiomlán agus
maoirseacht rialachais a sholáthar.
Déanann an Roinn í féin seirbhísí a thacaíonn le cur i bhfeidhm an dlí agus le rialachán ceart a chur ar
fáil chomh maith le cur le hioncam Rialtas trínár Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta Tiomána agus
Feithiclí agus lenár n-oifigí Ceadúnaithe Iompar Bóthair.
11
Sprioc maidir le hiompar ar thalamh: freastal chomh maith is féidir ar riachtanais na sochaí
agus an gheilleagair trí líonraí agus seirbhísí iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus
iomaíoch.
Cuspóirí Gníomhartha
Feabhas a chur ar sheirbhísí agus ar infheistíocht in iompar ar thalamh
Athbhreithniú a dhéanamh ar chreata beartas agus ar chreata reachtúla maidir le bóithre, iompar poiblí agus iompar inbhuanaithe, iad a athnuachan agus a chur i bhfeidhm i ndáil le paisinéirí agus le lastas
Plean a chur ar fáil do chaiteachas poiblí agus infheistíocht oiriúnach i líonraí agus i seirbhísí iompair ar thalamh atá éifeachtúil, inbhuanaithe, lánpháirtithe agus inrochtana
Treoir beartais, maoiniú Státchiste agus maoirseacht oiriúnach a chur ar fáil do chomhlachtaí Stáit a bhfuil sé mar dhualgas orthu seirbhísí agus líonraí iompar ar tír na hÉireann a rialú, a mhaoiniú agus seachadadh a dhéanamh orthu
Sábháilteacht ar ár líonraí iompair a chur chun cinn
An Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre 2013-2020 a chur i bhfeidhm agus a bhfuil fágtha de na gníomhartha sábháilteachta a bhí sa Chreat Náisiúnta Rothaíochta 2009-2020
Taifid feithicle agus tiománaí a chomhcheangal ar mhaithe leis an méid pointí pionóis is féidir a bhaint amach a fhormhuiniú
Forbairt a dhéanamh ar chreata beartas agus rialála agus tacú leo chun taca a chur faoi oibriú sábháilte gach cineál iompair phoiblí (iarnród, bus, tacsaí agus cineálacha eile san áireamh)
Inbhuanaitheacht fheabhsaithe san iompar ar tír a chur chun cinn
Cur le forbairt agus le feidhmiú an Chreata Náisiúnta Pleanála chun lánpháirtiú idir iompar agus úsáid talún a fheabhsú
Forbairt na ngnéithe iompair den Bheartas Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide a stiúradh agus feidhmiú na ngnéithe sin a chur chun cinn
Straitéis a cheapadh amach maidir leis an bhforbairt a thabharfar san am atá romhainn ar Ghlasbhealaí
Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn leis na táscairí seo a leanas:
Cláir chothabhála agus feabhsúchán bóithre a thabhairt chun críche
Ráiteas Beartais nua maidir le hIompar Poiblí a fhoilsiú
Straitéis iarnróid a fhorbairt
Líon na ndaoine a fhaigheann bás agus líon na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann a laghdú ag teacht leis na spriocanna atá leagtha síos sa Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre 2013-2020
A chinntiú go gcuirtear pointí pionóis i bhfeidhm go hiomlán ar cheadúnais tiomána
Cur le líon feithiclí ísealcharbóin sa Fhlít Iompair Phoiblí
Líon na bhfeithiclí le haon duine amháin iontu a laghdú agus cur le líon na ndaoine atá ag siúl nó ag rothaíocht chun na hoibre
Beidh na torthaí dearfacha seo a leanas ann mar thoradh ar ár spriocanna a bhaint amach:
Earnáil iompair atá níos éifeachtúla, níos iontaofa agus níos sábháilte
12
Córas iompair phoiblí lánpháirtithe agus inrochtana atá ag oibriú ar fud cheantair uirbeacha, réigiúnacha agus thuaithe
Glacadh níos leithne le modhanna eile taistil inbhuanaithe: siúl, rothaíocht agus iompar poiblí
Maolú ar athrú aeráide trí mhodhanna taistil atá íseal ó thaobh carbóin agus flíteanna ar bheagán truaillithe a úsáid
An úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní poiblí agus príobháideacha
13
Eitlíocht
Sprioc ardleibhéil cur a mhéid is féidir le nascacht iompair aeir, le hearnáil eitlíochta atá sábháilte,
iomaíoch, éifeachtach ó thaobh costais agus inbhuanaithe
Tá eitlíocht ríthábhachtach leis an tír seo a cheangal leis an gcuid eile den domhan. Táimid ag brath i
bhfad níos mó ar an eitlíocht, mar oileán, seachas ná mar atá ár gcomharsana agus ár
gcomhpháirtithe trádála ar an mór-roinn. Eitlíocht an bonn ar an bhfuil tionscal na turasóireachta
bunaithe agus cuireann sí naisc ar fáil atá ríthábhachtach do phríomhchaidrimh thrádála. Cinntíonn
eitlíocht go bhfuilimid nasctha leis na líonraí gnó idirnáisiúnta, atá de réir nádúir, ag fáil níos
domhanda.
I dtéarmaí eacnamaíochta, cuireann an earnáil €4.1bn leis an OTI: €1.9bn go díreach ón eitlíocht,
€1.3bn tríd an slabhra soláthair agus €0.9bn ó chaiteachas gaolmhar na ndaoine atá fostaithe san
eitlíocht. Tacaíonn an eitlíocht go díreach le 26,000 post agus le 16,000 post eile sa slabhra soláthair.
Cé nach gcuireann an tionchar náisiúnta geilleagrach níos leithne cainníochtú cruinn foriomlán ar
fáil, is ionann an méid a chuireann tionscal na turasóireachta as féin leis an OTI agus €5.7bn agus
220,000 post.
Bhí tionchar diúltach thar na bearta ag an gcúlú eacnamaíochta domhanda ar an eitlíocht ar fud an
domhain agus ní aon eisceacht a bhí in Éirinn, mar go raibh orainn déileáil le timpeallacht gnó a bhí
thar a bheith dúshlánach. Tá cor chun feabhais ag teacht ar an earnáil anois agus na dúshláin sin
curtha taobh thiar dínn. Ní hiad na torthaí céanna a bhíonn ar an bpróiseas téarnaimh i gcónaí. Tá
Aerfort Bhaile Cliath ag dul trí thréimhse fáis eisceachtúil; tháinig méadú 15% ar thrácht as féin sa
bhliain 2015 go dtí os cionn 25 milliún. Bhí Aerfort Bhaile Cliath ar an dara haerfort is mó ar tháinig
fás air san AE an bhliain sin agus b’ionann é sin agus trí huaire meán an AE. Thaifead Aerfort na
Sionainne fás den tríú bliain as a chéile sa bhliain 2015 tráth a raibh ardú 5% ar líon na bpaisinéirí. Is
sa bhliain 2016 a rinneadh fás a thaifeadadh arís ar líon na bpaisinéirí in Aerfort Chorcaí áfach. Tá
an trácht foriomlán sna ceithre aerfort réigiúnacha réasúnta seasmhach, díreach os cionn aon
mhilliún le linn gach aon bhliain den cheithre bliana seo caite.
Aithnítear láidreachtaí thionscal eitlíochta na hÉireann sa Bheartas Náisiúnta Eitlíochta (NAP), a
foilsíodh sa bhliain 2015, agus leagtar amach sraith gníomhartha chun fás agus forbairt amach anseo
a chur chun cinn. Is iad spriocanna an Bheartais seo go sonrach:
feabhas a chur ar nascacht na hÉireann trí rochtain atá sábháilte, slán agus iomaíoch a chinntiú agus a fhreagraíonn do riachtanais ghnó, turasóireachta agus tomhaltóirí;
fás fiontar eitlíochta in Éirinn a chothú chun tacaíocht a thabhairt do chruthú post agus do sheasamh na hÉireann mar cheannaire domhanda san eitlíocht; agus
cur an méid is féidir le cion earnáil eitlíochta na hÉireann le fás agus forbairt gheilleagrach na hÉireann
Go stairiúil, is gnó timthriallach atá san eitlíocht atá siocrach go háirithe ó thaobh an gheilleagair
agus i leith suaitheadh geopholaitiúil. D’fhéadfadh impleachtaí fadréimseach a bheith ag imeacht na
Ríochta Aontaithe as an AE, atá ar na bacáin, d’eitlíocht na hÉireann agus do nascacht na hÉireann.
Chomh fada agus a bhaineann sé le creat reachtúil don eitlíocht, beimid ag díriú ar na tionchair
dhiúltacha ar thionscal na heitlíochta agus ar an ngeilleagar níos leithne a choinneáil chomh híseal
agus is féidir.
14
Sprioc eitlíochta : cur a mhéid is féidir le nascacht iompair aeir, le hearnáil eitlíochta atá sábháilte, iomaíoch, éifeachtach ó thaobh costais agus inbhuanaithe.
Cuspóirí Gníomhartha
A chinntiú go bhfreastalaíonn
eitlíocht na hÉireann ar na
caighdeáin is airde
sábháilteachta agus slándála
Rannpháirtíocht i bhforbairt beartais agus caighdeáin
sábháilteachta agus slándála eitlíochta ag leibhéal
Chomhairle Idirnáisiúnta Eitlíocht Shibhialta (ICAO) agus
AE
Maoirseacht a dhéanamh ar obair Údarás Eitlíochta na
hÉireann (IAA) maidir le rialachán sábháilteachta agus
maoirseacht slándála agus tacú leis
A chinntiú go ndéanann an Clár Náisiúnta um Shlándáil
san Eitlíocht Shibhialta (NCASP) soláthar do bhearta le
freastal ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus AE infheidhme
Timpistí aeir laistigh den Stát nó lena bhfuil baint ag
aerárthach de chuid na hÉireann i bhfarraigí idirnáisiúnta
a imscrúdú, de réir mar is gá, ó thaobh stiúrtha nó ról
tacaíochta i dtíortha eile
Forbairt inbhuanaithe,
iomaíochas agus fás earnáil
Eitlíochta na hÉireann laistigh
d’Éirinn agus ar bhonn
domhanda a chur chun cinn
Bearta rialála iltaobhacha agus déthaobhacha a
chuireann an méid is féidir le hiomaíochas agus le
nascacht a leanúint (lena n-áirítear saincheisteanna a
eascraíonn as imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE)
Forbairt tráchtála an IAA a chur chun cinn mar
phríomhsholáthróir seirbhíse i ndáil le seirbhísí
aerloingseoireachta
Tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Aerfort Bhaile Átha
Cliath mar mhol idirnáisiúnta agus d’fhorbairt Aerfort na
Sionainne agus Aerfort Chorcaí mar thairseacha
réigiúnacha do chuspóirí gnó agus turasóireachta
Féachaint leis an bhforbairt ar rúidbhealach
comhthreomhar agus an túr aerthráchta a ghabhfadh leis
ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a chinntiú faoin mbliain
2020 agus brostú leis an bpleanáil maidir le hacmhainn
bhreise críochfoirt a thabhairt i gcrích, an cheist maidir le
hoibriú neamhspleách a thabhairt faoi mheas san
áireamh
Clár na nAerfort Réigiúnach (RAP) 2015-2019 a chur i
bhfeidhm faoi réir ag maoiniú Státchiste a bheith ar fáil
Maoirseacht agus tacaíocht a thabhairt d’obair an
Choimisiúin um Rialú Eitlíochta
Na bearta atá leagtha amach sa Bheartas Náisiúnta
Eitlíochta (NAP) a chur i bhfeidhm i gcomhar le Fóram
Náisiúnta um Fhorbairt na hEitlíochta Sibhialta
Forbairt leanúnach ar léasú eitleán a chur chun cinn, ag
cur leis an rathúlacht atá ann faoi láthair ó thaobh cur le
15
cnuasach tionscal
Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn leis na táscairí seo a leanas:
Cothabháil a dhéanamh ar bhaint amach na n-ardchaighdeán atá ann i láthair na huaire ó
thaobh ICAO, an Chomhdháil Eorpach um Eitlíocht Shibhialta agus binsemharc CE ar
shábháilteacht agus ar shlándáil eitlíochta ag teacht le tráthchláir atá leagtha amach ag na
heagraíochtaí seo agus más féidir na caighdeáin sin a shárú
Gníomhartha curtha i bhfeidhm ag teacht le tráthchláir atá leagtha amach i NAP agus iad a
thabhairt cothrom le dáta nuair is cuí
Beidh na torthaí dearfacha seo a leanas ann mar thoradh ar ár spriocanna a bhaint amach:
Tionscal eitlíochta a fhreastalaíonn ar na caighdeáin sábháilteachta agus slándála
idirnáisiúnta is airde
Acmhainneacht mhéadaithe agus rogha tomhaltóra feabhsaithe i measc aerlínte agus na
seirbhíse atá á gcur ar fáil
Forás ar líon foriomlán na bpaisinéirí sna haerfoirt go dtí ar a laghad 34m faoin mbliain
2019Ardú curtha ar chion na hearnála eitlíochta i leith forbairt gheilleagrach
16
Muirí
Sprioc ardleibhéil iompar muirí atá sábháilte agus inbhuanaithe a éascú agus seirbhísí
bainistíochta éigeandála a chur ar fáil.
Ag tabhairt stádas na hÉireann mar gheilleagar beag oscailte san áireamh, is tairseach
ríthábhachtach earnáil na mara ó thaobh gluaiseacht earraí idir an tír seo agus a comhpháirtithe
trádála. Léiríonn treochtaí le déanaí fás seasta i dtonnáiste lastais ag teacht le feidhmíocht níos
leithne an gheilleagair. Meastar gur ionann lastas ar muir i láthair na huaire agus 84% de thrádáil
iomlán na hÉireann de réir méid agus 62% i dtéarmaí luacha. Tá ról tábhachtach ag an earnáil freisin
i ngluaiseacht daoine chuig agus ó Éirinn agus tá sí lárnach, dá bhrí sin, d'fhorbairt earnáil na
turasóireachta.
Cuimsíonn ár ról maidir le hiompar muirí, ní hamháin éascú a dhéanamh ar fhorbairt iompar muirí
ach caighdeáin agus nósanna imeachta sábháilteachta, teicniúla, saothair agus forfheidhmithe a chur
i bhfeidhm agus a dhearbhú freisin, caighdeáin a thugann muinín dóibh siúd go léir atá ag brath ar an
bhfarraige.
Is é cuspóir lárnach an Bheartais Náisiúnta um Chalafoirt éascú a dhéanamh ar mhargadh atá
iomaíoch agus éifeachtach do sheirbhísí iompair muirí. Tá earnáil calafoirt iomaíoch atá éifeachtúil
agus éifeachtach ábalta cothú a dhéanamh ar chruthú post trí éascú a dhéanamh ar thrádáil
ghinearálta, infreastruchtúr caipitil a chur ar fáil agus deiseanna a chur chun cinn i réimsí eile ar nós
fuinneamh amach ón gcósta, caitheamh aimsire agus áineas mara agus turais mhara. Leanann cur i
bhfeidhm an bheartais seo de bheith mar chuspóir lárnach don earnáil iompair muirí.
Tá an earnáil iompair muirí idirnáisiúnta ag dul trí athrú suntasach agus béim níos mó á chur ar
astuithe loinge a laghdú mar chuid den chion i leith inbhuanaitheacht comhshaoil.
Tá sábháilteacht ar an bhfarraige ina saincheist thábhachtach do náisiúin oileánda, agus cé go bhfuil
bonn láidir ann, tá forbairt agus nuachóiriú leanúnach riachtanach le freastal ar oibleagáidí
idirnáisiúnta agus ar spriocanna náisiúnta. Tá meascán d’fhorbairt beartas, rialachán reachtúil, cur
chun cinn agus forfheidhmiú feachtas sábháilteachta i gceist leis an gcur chuige i leith sábháilteacht
mhuirí. Áirítear raon gníomhartha leis an Straitéis Sábháilteachta Mara atá le cur i bhfeidhm nó a
bhfuil tús le cur leo faoin mbliain 2019. Féachann an Straitéis le laghdú a dhéanamh ar an mbaol atá
ann do shábháilteacht mhuirí, ag laghdú ar an mbealach sin líon na n-eachtraí a tharlaíonn agus
deireadh le timpistí marfacha san earnáil.
Déanann Riarachán Mara na hÉireann (IMA) comhtháthú, laistigh den Roinn, ar phleanáil agus ar
sheachadadh ár gcuid seirbhísí muirí go léir faoi aon oifig náisiúnta amháin. Tá an IMA lárnach ó
thaobh treallús a chur faoi sheirbhísí mara atá níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a chur ar fáil.
17
Sprioc maidir le cúrsaí mara: iompar muirí atá sábháilte agus inbhuanaithe a éascú agus seirbhísí
bainistíochta éigeandála a chur ar fáil.
Cuspóirí Gníomhartha
Margadh atá iomaíoch agus éifeachtach a éascú do sheirbhísí iompair muirí chun freastal ar riachtanais ár ngeilleagar trádála
Beartas Náisiúnta na gCalafort a chur i bhfeidhm: o calafoirt a aistriú faoi úinéireacht Údarás Áitiúil o córas tomhais feidhmíochta calafort a fhorbairt o réamh-mheastachán rialta acmhainneachta a thabhairt
isteach
Creat a sholáthar chun tacú le cuideachtaí calafoirt Stáit ó thaobh freastal ar a gcuid ceanglas rialachais corparáidigh
Coinníollacha a chothú a thacaíonn le húinéireacht loinge in Éirinn agus bainistiú
Reachtaíocht agus gníomhaíochtaí gaolmhara maidir le sábháilteacht, slándáil, coinníollacha maireachtála agus oibre agus truailliú ó longa, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt
Rannpháirtíocht ghníomhach i dtionscnaimh reachtaíochta AE agus i dtionscnamh ábhartha na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) agus na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO)
Reachtaíocht thánaisteach agus reachtaíocht phríomha a fhorbairt ar bhonn céimnithe
Sábháilteacht, feasacht agus inrochtaineacht mhuirí a chur chun cinn
Tabhairt faoi choinníollacha sábháilteachta, slándála, maireachtála agus coinníollacha rialacháin comhshaoil agus forfheidhmithe a bhaineann le hárthaí, mairnéalaigh agus calafoirt
Réimis éifeachtacha stát an chalafoirt agus stát na brataí a chur i bhfeidhm le hiompar muirí atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe a éascú
Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe (STCW) an IMO a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear Leasuithe Mhainile 2010 agus córas gaolmhar IT mairnéalach
Sábháilteacht muirí a sheachadadh, freagra éigeandála agus bearta um chosc ar thruailliú a bhainistiú
Raon príomhsheirbhísí a sholáthar don tionscal agus don phobal o Seachadadh a dhéanamh ar fhreagra éigeandála muirí
24/7 agus ar sheirbhís bainistíochta trí chomhordú a dhéanamh ar an bhfreagra i leith eachtraí Cuardaigh agus Tarrthála agus freagairt d'eachtraí muirí ar bagairt iad ó thaobh truaillithe
o Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhainistíocht agus ar mhaoirseacht saoráidí Aonaid an Gharda Cósta (IRCG) agus aonaid dheonacha
o Díscaoileadh a dhéanamh ar raon freagrachtaí (úinéirí, oibrithe, mairnéalaigh) na hOifige Tráchtála Muirí
Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn leis na táscairí seo a leanas:
Cúig Chalafort lena mbaineann Tábhacht Réigiúnach le haistriú chuig rialú an Údaráis Áitiúil faoi dheireadh na bliana 2018
Córas chun Feidhmíocht Calafoirt a thomhas le bheith i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana 2017
Réamh-mheastachán neamhspleách maidir le hacmhainn calafoirt le tabhairt isteach faoi dheireadh na bliana 2018
Dréacht den Bhille um Choinbhinsiúin Muirí Idirnáisiúnta réidh le ceadú faoi lár 2017
Deimhniú ISO maidir le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta rialála muirí bainte amach faoi dheireadh na bliana 2016
Cothabháil déanta ar sheasamh na hÉireann ar an Liosta Bán do Chaighdeáin Deimhnithe Oiliúna
18
do Mharaithe an IMO agus cothabháil déanta ar Liosta Bán Meabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt
Córas tairsí gréasáin SafeSeas Éireann a fhorbairt agus a thabhairt chun críche faoi lár na bliana 2017
An íosmhéid 90% infhaighteachta ar fhoirne cuardaigh bád, aille agus cladaigh an Aonaid IRCG coinnithe
Tabharfar isteach idir-inoibritheacht iomlán Chomhordú Tarrthála Muirí faoi gheimhreadh na mblianta 2017/2018 le héascú a dhéanamh ar oiliúint bhreise le tabhairt faoi chleachtadh oiliúna amháin in aghaidh an duine in aghaidh na bliana
Beidh na torthaí dearfacha seo a leanas mar thoradh ar ár gcuid spriocanna a bhaint amach:
Forbairt leanúnach ar acmhainn calafoirt agus loingseoireachta
Ardleibhéal sábháilteachta sa loingseoireacht/treochtaí dearfacha leanúnacha sna staitisticí maidir le timpistí ar muir
Acmhainneacht láidir freagra éigeandála agus ardacmhainneacht cuardaigh agus tarrthála
Ionadaíocht á dhéanamh ag leibhéal idirnáisiúnta ar sheasamh na hÉireann maidir le saincheisteanna muirí
19
Turasóireacht
Sprioc ardleibhéil Tacú le tionscal na turasóireachta chun forbairt a dhéanamh ar
bhealach inbhuanaithe.
Leagan Ráiteas Beartais Turasóireachta an Rialtais “Daoine, Áit agus Beartas – Fás na Turasóireachta
go 2025”, a seoladh i mí Márta 2015, amach trí mhórsprioc atá le baint amach faoin mbliain 2025;
• Ioncam de €5 billiún in aghaidh na bliana ón turasóireacht thar lear, glan ó bhoilsciú agus
gan táillí eitilte ná muirir bháid farantóireachta a áireamh;
• Líon daoine de 250,000 a bheith fostaithe i gcúrsaí turasóireachta; agus
• Deich milliún cuairt ó thar lear chun na hÉireann in aghaidh na bliana
Tá 23 gníomh sa Phlean Gníomhaíochta Turasóireachta don tréimhse 2016-2018, a seoladh i mí
Eanáir 2016, a dtabharfar fúthu ar mhaithe le cúnamh a thabhairt le na cuspóirí beartais foriomlána
atá i Ráiteas Beartais Turasóireachta an Rialtais a bhaint amach.
Tá an turasóireacht ar cheann de na hearnálacha eacnamaíochta is tábhachtaí atá sa tír agus tá
príomhról aici i gcónaí i dtéarnamh geilleagrach na hÉireann. Chuir bearta, ar nós CBL a laghdú ar
sheirbhísí turasóireachta go 9%, an Cháin ar Aerthaisteal a laghdú go 0% agus athrú ó bhonn a chur
ar ár gcur chuige i leith an chórais víosa a bhaineann le cuairteoirí ó mhargaí atá i mbéal forbartha,
go mór leis an iomaíochas sa tionscal. Tá infheistíochtaí príomha poiblí, ar nós Slí an Atlantaigh
Fhiáin, ag cuidiú le hiomaíochas freisin trí thaithí thurasóireachta níos fearr a chur ar fáil do
chuairteoirí. Chomh maith le bearta móra infheistíochta, mar shampla Slí an Atlantaigh Fhiáin agus
Sean-Oirthear na hÉireann, tá an dáileadh ar fud na réigiún ar chuairteoirí thar farraige isteach go
hÉirinn á spreagadh trí chistíocht faoi fhálú maidir le margaíocht chomharoibre le haerlínte agus le
comhlachtaí farantóireachta, chun taisteal go hÉirinn ar an aer agus ar farraige a chur chun cinn trí
chalafoirt agus aerfoirt taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
Tá bonn d’fheidhmíocht thar na bearta i dtéarmaí cuairteanna ó thar lear chun na hÉireann curtha ar
fáil ag an tacaíocht láidir a chuireann an Rialtas ar fáil don turasóireacht. B’ionann caiteachas iomlán
cuairteoirí ó thar lear go hÉirinn (gan táillí eitilte san áireamh) agus €3,647 milliún sa chéad naoi mí
de 2016, ardú 9.4% i gcomparáid leis an mbliain 2015.
Is údar mór imní don turasóireacht in Éirinn cinneadh na Ríochta Aontaithe an AE a fhágáil. Beidh
tionchar ag nithe nach bhfuil ar eolas againn ar an turasóireacht, mar shampla impleachtaí ó thaobh
na teorann, an Comhlimistéar Taistil, trádáil agus iomaíochas agus próiseas na síochána.
Baol suntasach atá ann d’earnáil na turasóireachta an tionchar atá ag titim luach an Steirling ar
iomaíochas turasóireachta na hÉireann sa ghearrthéarma agus beidh tionchar san fhadtéarma ag
saincheisteanna ar nós stádas an Chomhlimistéir Taistil amach anseo agus tionchar foriomlán Brexit
ar thurasóireacht ón mBreatain Mhór.
20
Sprioc turasóireachta: tacú le tionscal na turasóireachta chun forbairt ar bhealach inbhuanaithe
Cuspóirí Gníomhartha
A chinntiú go bhfuil creat
beartas i bhfeidhm le tacaíocht
bhríomhar a thabhairt d’earnáil
na turasóireachta agus le
tionchar a bheith ar
gheallsealbhóirí ábhartha eile
Ráiteas Beartais Turasóireachta an Rialtais “Daoine,
Áit agus Beartas – Fás na Turasóireachta go 2025” a
chur i bhfeidhm
A chinntiú go bhfuil táirge
turasóireachta ag Éirinn, atá
tarraingteach, iomaíoch agus
inbhuanaithe
Tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht Chaipitil sa
Turasóireacht
Imeachtaí ollmhóra idirnáisiúnta a mhealladh chun
na tíre, cur le himeachtaí dúchasacha agus an gnó
turasóireachta a fhás
Tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna,
nuálaíocht agus iomaíochas i dtionscal na
turasóireachta
A chinntiú go bhfuil margaíocht
éifeachtach a dhéanamh ar an
tír mar cheann scríbe
turasóireachta sna margaí thar
lear agus sna margaí intíre
‘Share of Voice’ na hÉireann a chur ar ais sna
príomhmhargaí turasóireachta thar lear
Tacaíocht a thabhairt chun margaíocht a dhéanamh ar
rochtain dhíreach chuig réigiúin na hÉireann
Tabhairt faoi mheastóireacht neamhspleách ar an
gcaiteachas margaíochta don turasóireacht ó thar lear
Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn leis na táscairí seo a leanas:
Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2016-2018, a thabhairt chun críche faoin mbliain
2018
Leithdháiltí déanta faoi na Scéimeanna Beaga agus Móra Deontais Caipitil
Turasóireachta atá a reáchtáil ag Fáilte Éireann
Comhaontuithe Comhpháirtíochta le comhlachtaí poiblí eile maidir le forbairt a
dhéanamh ar thionscadail turasóireachta ar thug Fáilte Éireann fúthu
Athbhreithniú de chuid Fháilte Éireann ar an gcistíocht d'fhéilte, Lá Fhéile Pádraig san
áireamh, agus ar na critéir maidir le cistí a chur ar fail
Maoiniú féilte agus critéar gradam athbhreithnithe ag Fáilte Éireann
Tacaíochtaí d’oiliúint agus do ghnó curtha ar fáil ag Fáilte Éireann, lena n-áirítear
tacaíocht dhigiteach agus tacaíocht ar líne, tá athrú curtha orthu agus iad spriocdhírithe
leis an tionchar agus an feabhas is fearr is féidir a chur ar acmhainneacht an tionscail
Athbhreithniú ar infheistíocht Fáilte Éireann san oideachas a thabhairt chun críche le
linn na bliana 2017
Clár Cócaireachta Printíseachta, deimhnithe de réir Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí
Éireann (QQI), i bhfeidhm
Beidh straitéis turasóireachta leagtha amach ag gach Údarás Áitiúil, ina sonraítear na
bearta a dhéanfar chun na haidhmeanna turasóireachta i bPlean Áitiúil Eacnamaíochta
agus Pobail (LECP) an Údaráis a thabhairt i gcrích
21
Beidh na torthaí dearfacha seo a leanas mar thoradh ar ár gcuid spriocanna a bhaint amach:
Tiocfaidh fás, faoi dheireadh na bliana 2019 ar thionscal turasóireachta na hÉireann ó thaobh
méadú ar ioncam ó chuairteoirí ó thar lear agus méadú ar chuairteanna ó thar lear, agus
cruthófar fostaíocht bhreise inbhuanaithe ar an mbealach sin.
22
Spórt
Sprioc ardleibhéil Cur le sochaí atá níos folláine agus níos gníomhaí trí
rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn agus trí thacú le
hardfheidhmíocht agus saoráidí spóirt a sholáthar.
Tá fás tagtha ón mbliain 2008, ar rannpháirtíocht mhuintir na hÉireann i ngníomhaíochtaí spóirt agus
i ngníomhaíochtaí fisiciúla agus tá an t-ardú sin ar an rannpháirtíocht imithe chun leasa do shláinte
agus do shaol sóisialta an daonra mar aon leis an leas eacnamaíochta atá á chur ar fáil. Is féidir
buntáistí móra sláinte a bhaint as an rannpháirtíocht sa spórt, ní amháin do shláinte fhisiciúil agus do
mheabhairshláinte an duine, ach don chóras sláinte freisin mar gheall ar an laghdú a thagann ar an
éileamh ar sheirbhísí sláinte. Tá rannpháirtíocht sa spórt in ann scileanna saoil a chur ar fáil, ar nós a
bheith i mbun oibre mar fhoireann, mar aon le disciplín agus ceannaireacht agus tá ról tábhachtach
ag an rannpháirtíocht sa spórt freisin ó thaobh dul i ngleic leis na dúshláin shóisialta atá i ndán don
tsochaí, lena n-áirítear eisiamh sóisialta agus iompar frithshóisialta. Cuireann an earnáil spóirt €1.8
billiún le geilleagar na hÉireann freisin, sin 1.4% den OTI foriomlán.
Tá sé tábhachtach oibriú ar chur le rannpháirtíocht sa spórt mar gheall ar na cúiseanna seo, agus is
iontach an spreagadh an treocht maidir le hardú ar rannpháirtíocht mhuintir na hÉireann sa spórt
agus i ngníomhaíocht fhisiciúil ón mbliain 2008 i leith. Léiríonn figiúirí ó Thuairisc Bhliantúil
Mhonatóir Spóirt na hÉireann laghdú beag áfach ó 47.2% go 45%, mar sin tá dúshláin i ndán dúinn i
gcónaí. Tá sé mar aidhm againn cur le sprioc foriomlán an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht
Fhisiciúil – ardú 1% in aghaidh na bliana go dtí an bhliain 2020 a chur ar rannpháirtíocht i
ngníomhaíocht fhisiciúil – agus cabhróidh an maoiniú caipitil faoi láthair leis an sprioc sin a bhaint
amach.
Tá forbairt spórt ardfheidhmíochta in Éirinn mar phríomhghné dár straitéis spóirt fhoriomlán.
Cuireann rathúlacht náisiúnta agus idirnáisiúnta lúthchleasaithe den scoth na hÉireann leis an
mothúchán dearfach náisiúnta maidir leis an méid atá bainte amach againn agus le híomhá na
hÉireann thar lear, agus is eiseamláir iad na lúthchleasaithe féin a thugann spreagadh do dhaoine
óga agus do dhaoine atá níos sine a bheith gníomhach sa spórt. Gné fhíorthábhachtach den
bheartas creat soiléir frithdhópála a chur ar fáil trí Spórt Éireann ar mhaithe le creidiúnacht spórt na
hÉireann a chinntiú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.
Ar mhaithe leis na cuspóirí a bhaint amach chun cur le rannpháirtíocht sa spórt don duine aonair
agus ár rathúlacht sa spórt ardfheidhmíochta araon, ní mór infreastruchtúr oiriúnach a bheith i
bhfeidhm. Táimid tiomanta, tríd an gClár Caipitil Spóirt, Clár Linn Snámha an Údaráis Áitiúil agus
forbairt Campas Náisiúnta Spóirt, saoráidí spóirt a sholáthar ar fud na tíre, ionas go mbeidh rochtain
ag gach ceantar agus ag gach pobal ar infreastruchtúr spóirt atá ar ardchaighdeán.
23
Sprioc don Spórt: Cur le sochaí atá níos folláine agus níos gníomhaí trí rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn agus trí thacú le hardfheidhmíocht agus saoráidí spóirt a sholáthar.
Cuspóirí Gníomhartha
A chinntiú go bhfuil creat beartais i bhfeidhm a aithníonn ról geilleagrach, sláinte agus sóisialta atá ag spórt agus a chuireann rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíochtaí fisiciúla araon ag gach leibhéal chun cinn agus a thugann deiseanna le sármhaitheas a bhaint amach ag leibhéal den scoth spóirt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Beartas Náisiúnta Spóirt a fhorbairt le creat beartais a sholáthar do Spórt Éireann agus éascú a dhéanamh ar chomhordú agus ar chomhoibriú feabhsaithe trasearnála ó thaobh gníomhaíocht spóirt agus gníomhaíocht fhisiciúil.
Comhaontú Seachadta Feidhmíochta a fhorbairt agus a chomhaontú le Spórt Éireann agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht i gcoinne spriocanna comhaontaithe ardleibhéil.
Ceannaireacht a sholáthar i leith saincheisteanna spóirt trasearnála agus saincheisteanna san earnáil spóirt, lena n-áirítear caighdeáin rialachais den scoth sna Comhlachtaí Náisiúnta Rialaithe Spórt agus beartas a fhorbairt don spórt in Éirinn.
An Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil (NPAP) a chur i bhfeidhm.
Forbairt saoráidí spórt a éascú ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ag cinntiú ar an mbealach sin go bhfuil tacaíochtaí á soláthar ar bhealach atá cothrom go réigiúnach agus go bhfuiltear ag díriú ar cheantair atá faoi mhíbhuntáiste
Babhta nua Clár Caipitil Spóirt a sheoladh agus a sheachadadh go rathúil, ag leanúint ag an am céanna le cláir atá ann cheana a thabhairt chun críche.
Na babhtaí reatha de Chlár Linnte Snámha na nÚdarás Áitiúil a thabhairt chun críche
Éascú agus maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt Campas Náisiúnta Spóirt
Saoráidí a fhorbairt ag an gCampas Náisiúnta Spóirt, lena n-áirítear, Céim 1 den Láthair Náisiúnta Laistigh
Faoi réir ag cistí caipitil a bheith ar fáil chuige, moltaí
maidir le forbairt bhreise ar an gCampas a thabhairt faoi
mheas, ina measc Céim 2 den obair maidir leis an Láthair
Náisiúnta Faoi Dhíon agus an Veileadróm Náisiúnta
Freagrachtaí na hÉireann maidir le saincheisteanna spóirt ag leibhéal AE agus ag leibhéal idirnáisiúnta a chomhlíonadh
Rannpháirtíocht i bhforbairt beartas agus i saincheisteanna spóirt ag leibhéal AE agus ag leibhéal idirnáisiúnta
Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn leis na táscairí seo a leanas:
Foilseofar Creat Náisiúnta Beartais maidir le Spórt sa bhliain 2017
Clár Oibre curtha i bhfeidhm le seachadadh agus monatóireachta a dhéanamh ar na gníomhartha atá sa NPAP
Leibhéil bhreise rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí spóirt agus i ngníomhaíochtaí fisiciúla arna dtomhas ag Monatóir Spóirt na hÉireann (rannpháirtíocht bunlíne de 47.2% sa bhliain 2013)
Ardú 1% in aghaidh na bliana a chur ar leibhéil rannpháirtíochta i ngníomhaíocht fhisiciúil ag céimeanna éagsúla saoil thar shaolré an NPAP
Céim 1 den Láthair Náisiúnta Laistigh tugtha chun críche agus beidh úsáid á bhaint as an tsaoráid faoi mhí Eanáir 2017
24
Beidh na torthaí dearfacha seo a leanas mar thoradh ar ár spriocanna a bhaint amach:
Seachadadh éifeachtach agus éifeachtúil ar chláir spóirt agus spriocanna ardleibhéil Spórt Éireann don spórt a bhaint amach
Ceannaireacht éifeachtach curtha ar fáil maidir le saincheisteanna spóirt agus forbairt déanta ar bheartais oiriúnacha
Curtha go héifeachtach ag an tír le forbairt spóirt ag leibhéal AE agus ag leibhéal idirnáisiúnta
Líon breise saoráidí spóirt inrochtana nua-aimseartha
Tá saoráidí oiliúna den scoth laistigh ar fáil agus tá lúthchleasaithe na hÉireann á n-úsáid
25
Tiomantas i leith Feidhmíochta
Táimid tiomanta an tacaíocht is fearr is féidir a chur ar fáil dár nAirí agus dár bhfoireann. Déanfaimid
é sin trí ardchaighdeán gairmiúlachta agus feidhmíochta eagraíochta a bhaint amach.
Tá ár seirbhísí tacaíochta corparáideacha lárnach ó thaobh ár misean agus ár spriocanna ardleibhéil a
sheachadadh go rathúil. Tugann siad faoi róil ilghnéitheacha agus is féidir catagóiriú leathan (ach ní
catagóiriú uileghabhálach) a dhéanamh orthu mar a leanas:
seirbhís d’Airí, don Bhord Bainistíochta agus don Oireachtas - tacaíocht riaracháin atá
éifeachtach a sholáthar d’Airí agus don Bhord Bainistíochta agus a chinntiú go bhfuil
rannpháirtíocht chuí leis an bpróiseas daonlathach;
róil straitéiseacha- tacaíocht a thabhairt don Bhord Bainistíochta ó thaobh pleanáil
straitéiseach d’acmhainní daonna agus airgeadais agus do chórais fhaisnéise agus
chumarsáide;
comhordú a dhéanamh ar róil - seasamh comhordaithe Roinne iomlán ar shaincheisteanna
sa chás go gclúdaíonn an freagra corparáideach cuí feidhmeanna agus rannpháirtíocht i
gcomhoibriú tras-Rannach a sholáthar;
seirbhís inmheánach a sholáthar– seirbhísí a sholáthar chun tacú le hobair Ranna a
bhaineann le hanailís eacnamaíoch agus airgeadais, comhairle dlí, srl., chomh maith le
tacaíochtaí bainistíochta agus foirne a sholáthar i réimsí ar nós iniúchadh inmheánach,
acmhainní daonna, córais teicneolaíochta faisnéise agus bainistíocht airgeadais;
maoirseacht maidir le comhlíonadh – a chinntiú go gcloímid le rialacha agus le caighdeáin
éagsúla na seirbhíse poiblí (m.sh. cód caiteachais phoiblí, rialachas corparáideach
gníomhaireachtaí Stáit, srl.,); agus
róil seirbhíse do chustaiméirí - maoirseacht a dhéanamh ar chaighdeáin agus ar ghearáin
maidir le seirbhísí do chustaiméirí, maoirsiú a dhéanamh ar ár láithreán gréasáin,
bainistíocht a dhéanamh ar éilimh ar eolas ó na meáin agus ón bpobal.
De bharr an chúlaithe eacnamaíochta tháinig laghdú ar an líon foirne agus ar acmhainní airgeadais
ach ina dhiaidh sin féin tá an próiseas maidir le cur le hacmhainneacht faoi bhealach arís. Déanann
Plean Athnuachana na Státseirbhíse soláthar don Chlár um Athbhreithniú ar Acmhainn Eagraíochtúil
na Ranna Rialtais, agus táimid ar an gcéad Roinn atá ag dul faoi athbhreithniú faoin gclár seo. Tá tús
curtha le hobair ar an athbhreithniú seo cheana féin agus é mar aidhm leis measúnú a dhéanamh ar
ár n-ábaltacht ár gcuspóirí a bhaint amach agus plean a leagan amach le haon bhearnaí atá ann a
dhúnadh.
Tugann ár ngníomhaireachtaí faoi an-chuid oibre. Oibrímid go dlúth le gach gníomhaireacht agus leis
an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le beartas rialachais foriomlán dár
gComhlachtaí Stáit. Soláthraíonn an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú creat le
sárchleachtas rialachas corparáideach a fheidhmiú i gcomhlachtaí Stáit tráchtála agus i gcomhlachtaí
Stáit neamhthráchtála.
26
Oibreoimid freisin le freastal ar ár dtiomantais faoin Acht um Chearta an Duine agus Comhionannas
2014, lena n-áirítear measúnú tosaigh a stiúradh ar shaincheisteanna cearta daonna agus
comhionannais a bhaineann lenár bhfeidhmeanna, seirbhísí agus beartais fostaíochta.
27
Tiomantas i leith Feidhmíochta
Cuspóirí Gníomhartha
Tacaíocht a thabhairt dár nAirí agus iad i mbun a gcuid dualgas
Tacaíocht riaracháin, córais agus comhairle éifeachtach a chur ar fáil do na hAirí agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna reachtúla agus Rialtais níos leithne
Bainistíocht, struchtúr, agus acmhainní a chur ar fáil don Roinn agus dá cuid córas le cuidiú lenár spriocanna a sheachadadh
Ceannaireacht a chur ar fáil don fhoireann, trí acmhainní cuí, treoir atá soiléir agus cumarsáid atá éifeachtach a chur ar fáil
Straitéis Acmhainní Daonna a chur i bhfeidhm maidir le himlonnú agus le bainistíocht acmhainní
Gníomhartha a eascraíonn as Plean Athnuachana na Státseirbhíse a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear cinn a eascraíonn as an Athbhreithniú ar Acmhainn na hEagraíochta )
Creat tréan agus freagrach bainistíochta airgeadais (FMS)a sholáthar a thacaíonn le seachadadh seirbhísí gnó agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an Oireachtais i ndáil leis an bpróiseas buiséadach
Réitigh ICT a fhorbairt, a sheachadadh agus cothabháil a dhéanamh orthu chun freastal ar riachtanais ghnó
Forbairt a dhéanamh agus oiliúint a chur ar an fhoireann le cur ar a gcumas a gcuid freagrachtaí a sheachadadh go héifeachtach
Beartais Acmhainní Daonna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thugann tacaíocht don fhoireann go léir lena lánacmhainneacht a bhaint amach
Maoirseacht a dhéanamh ar rialachas corparáideach ár ngníomhaireachtaí
Cothabháil a dhéanamh ar mhaoirseacht dhlúth oibríochtaí agus rialachas ár ngníomhaireachtaí ag teacht lenár gCreat Rialachais Chorparáidigh
Comhlíonadh an Chóid Cleachtais leasaithe maidir le Comhlachtaí Stáit a chur i bhfeidhm agus tuarascáil a thabhairt ina leith
Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn leis na táscairí seo a leanas:
Na 25 gníomh atá aitheanta i bPlean Gníomhaíochta Athnuachana na Státseirbhíse a chur i bhfeidhm
Forbairt a dhéanamh ar Bheartas maidir le Dul Chun Cinn Ghairme sa bhliain 2017
Cuntas Leithreasa Bliantúil deimhnithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Athbhreithniú ar chomhlíonadh Cód Cleachtais na gComhlachtaí Stáit comhlánaithe ar bhonn bliantúil
28
AGUISÍNÍ
Aguisín 1 Is féidir teacht ar an struchtúr eagraíochta seo againn ar ár láithreán gréasáin
Aguisín 2 Is féidir gníomhaireachtaí atá faoinár gcoimirce a fheiceáil ar ár láithreán gréasáin
Aguisín 3
Tiomantais don Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta as a bhfuil an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt freagrach
Seolfaidh an Rialtas nua, le linn na chéad trí mhí, iarratas chuig an Aontas Eorpach le leasú a dhéanamh ar Líonra an TEN-T CORE, lena n-áirítear iarratas a dhéanamh leis an Western Arc trasteorann a chur ar ais.
Tabharfar tosaíocht do phríomhbhealaí gathacha ón líonra mótarbhealaí atá ann cheana, lena chinntiú go mbeidh rochtain dhíreach ag pobail atá scoite amach, mar gheall ar phríomhbhóithre náisiúnta nach bhfuil leordhóthanach, ar chalafoirt agus ar aerfoirt; ba chóir Bonneagar Iompar Éireann a spreagadh freisin chun tús a chur le tionscadail eile bóithre a phleanáil chun comhlánú/meaitseáil a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Poist.
Cuirfimid an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil a bheidh maoinithe go hiomlán ar ais le tacaíocht a thabhairt le cothabháil agus deisiú a dhéanamh ar bhóithre nach bóithre údaráis áitiúla iad.
Tá cruthú Slí an Atlantaigh Fhiáin ar cheann de na príomhéachtaí ó thaobh athbheochan a dhéanamh ar an turasóireacht. Déanfaimid iarracht €100milliún i maoiniú caipitil bhreise a chur go leataobh le Slí an Atlantaigh Fhiáin a thabhairt chomh fada leis an gcéad chéim eile, lena n-áirítear Gormbhealach an Atlantaigh agus Slí na hÉireann agus le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun líonra Glasbhealaí ar fud na tíre a fhorbairt.
Infheistíocht bhreise a dhéanamh maidir le craobhchóras náisiúnta de Shlite Glasa a thabhairt i
gcrích (cúram i gcomhar idir an Roinn seo agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí
Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta)
Tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun líonra Glasbhealaí a fhorbairt ar fud na tíre.
Déanfaidh an tAire Iompair, chun cuidiú le forbairt Glasbhealaí, forbairt ar threoirlínte náisiúnta do chomhairliúchán poiblí, do phleanáil agus do thógáil Glasbhealaí, chun cabhrú le treoir a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus do ghníomhaireachtaí.
Tabharfaimid treoir do Fáilte Éireann freisin forbairt a dhéanamh ar bhranda ‘Ireland’s Lakelands’ mar thairiscint as féin chun a bheith taobh le Slí an Atlantaigh Fhiáin agus le Sean-Neasoirthear na hÉireann. Tabharfar isteach scéim tacaíochta do ghnólachtaí atá ag feidhmiú feadh na mbealaí seo chun cuidiú le hinbhuanaitheacht cóiríochta turasóireachta agus le fiontair bheaga turasóireachta.
Oibreoimid chun na spriocanna uaillmhianacha atá sa bheartas turasóireachta don bhliain 2025 a bhaint amach. Áirítear orthu sin ardú go €5 billiún a chur ar an ioncam ó chuairteoirí thar lear, ardú go 250,000 post a chur ar fhostaíocht san earnáil turasóireachta (ó 200,000 post i láthair na huaire) agus líon na gcuairteanna chun na hÉireann a ardú go 10 milliún. Bainfimid amach é sin trína bearta náisiúnta turasóireachta agus trí bhearta sonracha ar nós cothabháil a dhéanamh ar an gCáin ar Thaisteal in Aerfoirt de 0% an ráta CBL 9% ar sheirbhísí a bhaineann leis an turasóireacht ar éirigh thar barr leis a choinneáil, ar an gcoinníoll go bhfanann praghsanna iomaíoch.
Déanfaimid iarracht, trí chur leis an rannpháirtíocht idir an Rialtas agus bainistíocht aerfoirt réigiúnacha, €10 milliún breise a infheistiú chun iarrachtaí a threisiú leis na haerfoirt réigiúnacha a ullmhú i gceart don am atá amach romhainn ionas go mbeidh ar a gcumas feidhmiú astu féin ar bhonn tráchtála. Beidh an infheistíocht nua sa bhreis ar an €28 milliún atá tiomanta cheana féin.
Déanfaidh an Rialtas nua soláthar do chostáil agus d’athbhreithniú neamhspleách ar Chéim a Dó de Chonair Iarnróid an Iarthair idir Baile Átha an Rí agus Clár Chlainne Mhuiris lena úsáid ag paisinéirí agus i gcomhair lastais. Ní thógfar aon bhearta le cosc a chur athghníomhachtú an chonair seo ar mhaithe le húsáid iarnróid amach anseo, mar atá leagtha amach i dTuarascáil McCann.
29
De réir mar a thagann an geilleagar chuige féin, cuirfimid maoiniú breise chun cinn ar bhonn bliantúil do Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla agus do Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail. Beidh sé mar mhórchuspóir iompair ag an Rialtas nua tosaíocht a thabhairt d’ infheistíocht nua i gcothabháil agus i bhfeabhsú bóithre áitiúla agus réigiúnacha, agus beidh ról lárnach ag na Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla agus na Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail ó thaobh freastal ar an gcuspóir seo. Mar chuid dár dtiomantas d'athchóiriú an rialtais áitiúil, tabharfaimid rogha níos fearr freisin do chomhairlí maidir leis an mbealach a gcaitheann siad a gcuid airgid ar bhóithre áitiúla agus réigiúnacha. Déanfaimid leathnú ar an scéim le bóithre nach bóithre comhairle chontae iad a ghlacadh ar láimh a thabhairt san áireamh agus táthar ag súil go mbeidh an scéim seo ag feidhmiú faoi dheireadh na bliana 2017.
Déanfaimid scrúdú ar an mbealach is fearr le feabhas a chur ar lánpháirtiú seirbhísí líonra busanna tuaithe laistigh de na réigiúin, lena n-áirítear busanna poiblí, iompar scoile agus líonraí iompair an HSE. Cuirfear tuarascáil ar fáil do Choiste Oireachtais ábhartha laistigh de shé mhí a dhéanann scrúdú le bealaí atá ann cheana a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos inrochtana don phobal, an fhéidearthacht atá ann do bhealaí nua, agus le sárchleachtas idirnáisiúnta a léiriú.
Tugtar san áireamh go bhfuil gá le scéim deontais i ndáil le cuardach agus aisghabháil faoi uisce a
thiocfadh leis an gcúnamh stáit atá ar fáil faoi láthair maidir le cuardach agus tarrtháil ar na sléibhte.
Tabharfaimid tacaíocht d'fheidhmiú an phlean náisiúnta gníomhaíochta fisiciúil don uile aois.
Tabharfaimid tacaíocht d’eagraíochtaí spóirt ina gcuid iarrachtaí ardú a chur ar rannpháirtíocht sa spórt ar fud na tíre agus aird á thabhairt againn ar na buntáistí suntasacha sóisialta agus sláinte atá ar chumas an rannpháirtíocht sa spórt a chur ar fáil. Go sonrach, beidh sé mar aidhm againn deontais chaipitil spóirt a leithdháileadh ar bhonn bliantúil, ag cur leis an infheistíocht €130 milliún i dtionscadail chaipitil spóirt ón mbliain 2011, agus beidh sé mar aidhm againn freisin dul chun cinn leanúnach a dhéanamh ar an gCampas Náisiúnta Spórt
Cuirfimid an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil i bhfeidhm freisin.
Déanfaimid Beartas Náisiúnta Spórt a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm tar éis comhairliúcháin
Aithnímid freisin an luach agus an buntáiste a ghabhann le hiompar tuaithe don iliomad pobal, go háirithe daoine scothaosta atá goilliúnach ó thaobh aonrú sóisialta. Déanfaimid scrúdú ar an mbealach is fearr le seirbhísí a lánpháirtiú sa líonra bus tuaithe, lena n-áirítear busanna poiblí, iompar scoile agus líonraí iompair an HSE. Cuirfear tuarascáil ar fáil don Choiste Oireachtais ábhartha laistigh de shé mhí ina ndéanfar scrúdú ar bhealaí chun bealaí atá ann cheana a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos inrochtana don phobal, an fhéidearthacht atá ann do bhealaí nua, agus le sárchleachtas idirnáisiúnta a léiriú
Cuirfimid ardú ar an srian maidir le hiompar eallaí gan tacagraf ó 50 ciliméadar go 100 ciliméadar i gcomhairle leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus leis an gComhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann.
Déanfaimid infheistíocht €3.6 billiún ar feadh shaolré an chéad Phlean Caipitil eile le go mbeidh ar chumas roinnt tionscadal mór iompair phoiblí dul ar aghaidh agus le maoiniú a dhéanamh ar acmhainneacht bhreise le freastal ar riachtanas lucht taistil atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Áireofar an Meitreo Thuaidh nua agus tabhairt chun críche LUAS Traschathrach orthu seo.
Tionscnóimid, ag teacht leis na tiomantais seo, athbhreithniú iomlán ar an mbeartas iompair phoiblí ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh seirbhísí inbhuanaithe amach anseo agus go mbeidh siad ag freastal ar riachtanais an gheilleagair nua-aimseartha.
Tabharfaimid tacaíocht do leathnú a chur ar na scéimeanna poiblí rothar atá ann cheana agus cuirfimid treallús freisin faoi leathadh amach scéimeanna breise i gceantair uirbeacha eile. Tá an buntáiste ag na scéimeanna poiblí rothar ceangal isteach le hinfreastruchtúr atá ann cheana agus tá siad neamhdhíobhálach don chomhshaol freisin.
Déanfaidh an tAire Iompair nua, agus é ag obair leis an gCoiste Oireachtais ábhartha, athbhreithniú ar chreat an fhlít náisiúnta earraí, agus más gá, déanfaidh sé moladh maidir le bearta nua chun
30
spreagadh a dhéanamh ar uasghrádú nó ar athsholáthar sean-fheithiclí.
Cuirfimid rogha níos fearr ar fáil do chomhairlí, agus maoiniú leordhóthanach á sholáthar againn do na Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla, maidir leis an mbealach a gcaitheann siad a gcuid airgid ar thionscadail áitiúla, lena n-áirítear glanadh agus réiteach díoga.
Oibreoidh an Roinn Comhshaoil i gcomhar leis na húdaráis áitiúla le scéim feabhsúcháin áitiúil a bhunú chun cuidiú le glanadh díoga a fhiosrú.
Déanfaimid infheistíocht €3.6 billiún ar feadh saolré an chéad Phlean Caipitil eile le go mbeidh ar chumas roinnt tionscadal mór iompair phoiblí dul ar aghaidh agus le maoiniú a dhéanamh ar acmhainneacht bhreise le freastal ar riachtanas lucht taistil atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Áireofar an Meitreo Thuaidh nua agus tabhairt chun críche LUAS Traschathrach orthu seo.
Tionscnóimid, ag teacht leis na tiomantais seo, athbhreithniú iomlán ar an mbeartas iompair phoiblí ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh seirbhísí inbhuanaithe amach anseo agus go mbeidh siad ag freastal ar riachtanais an gheilleagair nua-aimseartha.
Déanfaimid infheistíocht le seirbhísí iompair phoiblí a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Áirítear ar shamplaí maidir le hinfheistíocht den sórt sin, rochtain níos fearr do chathaoir rothaí chuig stáisiúin busanna agus stáisiúin traenach, feabhas ar an fhlít busanna agus closfhógraí ar sheirbhísí bus agus traenach, chun cuidiú le lucht lagamhairc.
Tabharfaimid foráil isteach freisin lena mbeidh ar chuideachtaí tacsaí, ar mian leo tairiscint a chur faoi bhráid do chonarthaí soláthair stáit, a chinntiú go mbeidh ar a laghad 10% dá bhflít inrochtana ó thaobh cathaoireacha rothaí.