(Rinneadh an nuashonrú is déanaí in...

61
An Treoir maidir le hÍdiú DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN! Comhshaol (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)

Transcript of (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in...

Page 1: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

An Treoir maidir le hÍdiú

DÉANANN DO ROGHANNA

DIFEAR AN DOMHAIN!

Comhshaol

(Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)

Page 2: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

2

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Clár na n-ábhar (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)

An feachtas 3

Éifeachtúlacht Acmhainne 4

Céard é féin? 4Cén fáth a bhfuil gá againn leis? 4Dramhaíl a athrú ina hacmhainn 5Uisce: acmhainn ríthábhachtach 6

Geilleagar an AE a ghlasú 8

Cad é an geilleagar glas? 8An Eoraip a iompú ina geilleagar glas 9Acmhainní nádúrtha a chaomhnaítear le beartais 9An geilleagar glas agus poist 12

Leideanna 13

Aer 14Uisce 17Ithir 25Mianraí 27Adhmad/fiodh 29Bithéagsúlacht 31Dramhaíl 37Athúsáid 46Athchúrsáil 48Iompar/taisteal 51Éifeachtúlacht fhuinnimh 53Ró-úsáid 57Geilleagar glas 60

Page 3: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

3

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

An feachtasDéanann do roghanna difear an domhain!

An dteastaíonn uait taitneamh a bhaint as an saol agus meas agat ar an dúlra ag an am céanna? Má theastaíonn oirfidh Generation Awake duitse. Is é atá i gceist leis ná na roghanna a dhéanaimid mar thom-haltóirí a thuiscint chomh maith leis na torthaí a bhíonn acu ar acmhainní nádúrtha an Domhain. Nuair a ghlacann tú páirt i Generation Awake, tuigeann tú nach amháin go n-athraíonn do chuid roghanna an saol, ach go n-athraíonn siad an pláinéad freisin.

Cén fáth? Toisc nach mór roghanna a dhéanamh i gcónaí mar chuid den saol, má dhéanann tú cinntí cliste ó lá go chéile a choimeádann an comhshaol i gcuimhne, beidh tionchar mór acu ar do shaol féin agus ar shaol do theaghlaigh agus do chairde. Ar an gcéad dul síos, cabhróidh sé leat airgead a spáráil agus feabhas a chur ar do stíl mhaireachtála – agus cabhróidh tú leis an ngeilleagar freisin. Chomh maith leis sin, má dhéanann tomhaltóirí roghanna níos cliste, beidh do thír, an Eoraip agus an pláinéad níos inbhuanaithe anois agus le haghaidh na nglúnta atá le teacht.

Is féidir linn a bheith ag obair as lámha a chéile i dtreo sochaí ina mbeidh sé ar eolas againn conas torthaí níos mó a fháil ó acmhainní níos lú, áit a mbeidh an cultúr aon uaire ina iarsma den am atá caite, áit a mbeidh dramhaíl ar bith á táirgeadh, agus áit a mbeidh a luach ag gach rud agus ar féidir iad a athúsáid nó a ath-phróiseáil mar rud nua.

Feachtas a chruthaigh an Coimisiún Eorpach is ea Generation Awake chun béim a leagan ar an méid is féidir le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus acmhainní nádúrtha eile a shábháil, agus dramhaíl a laghdú. Má thaitníonn an méid a fheiceann tú leat, roinn an teachtaireacht le do theaghlach agus le cairde leat agus bí linn ar Facebook freisin. Go raibh maith agat – is breá an rud go bhfuil tú ar bord.

Page 4: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

4

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Éifeachtúlacht AcmhainneCéard é féin?

Tá acmhainní nádúrtha amhail miotail, mianraí, foraoisí, talamh, bia, aer agus uisce de dhíth orainn ar son ár ratha agus ár bhfolláine, ach táimid á n-ídiú níos tapa ná mar is féidir iad a ionadú. Nuair a scriosaimid ainmhithe agus plandaí a chothabhálann cothromaíocht ár n-éiceachóras, cruthaímid fadhbanna don todhchaí.

Chun a chinntiú gur féidir linne – agus lenár bpáistí – bheith ag súil le caighdeán maith maireachtála, comhshaol sláintiúil agus geilleagar bríomhar, ní mór dúinn an bealach ina n-úsáidimid acmhainní a athrú, mar dhaoine aonair agus mar shochaí araon. Baineann éifeachtúlacht acmhainne le níos mó a dhéanamh le níos lú, le hacmhainní a úsáid go hinbhuanaithe agus lenár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

Cén fáth a bhfuil gá againn leis?

Faoi 2050, má leanaimid ar an mbóthar céanna, beidh a chúig oiread acmhainní á eastóscadh againn agus atá inniu. Is dócha nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh. Tá ró-úsáid á baint as níos mó ná 60 % dár n-éiceachórais cheana féin, tá bagairtí tromchúiseacha roimh stoic éisc ar fud an domhain, agus tá caighdeán ár n-uisce agus ár n-aeir á chur i mbaol againn mar tá an iomarca crann á leagan.

Agus daonra an domhain ag dul i dtreo 9 billiún duine, ní mór dúinn mar shochaí acmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla – ní mór dúinn mar shochaí saothrú chun feabhas a chur ar an gcomhshaol sea-chas dochar a dhéanamh dó.

Is é sin an fáth a bhfuil AE ag cur brú orainn dul i dtreo na héifeachtúlachta acmhainne, rud a chiallaíonn úsáid a bhaint as acmhainní ar bhealach níos inbhuanaithe. Ní mór amhábhair amhail uisce, mianraí agus adhmad a bhainistiú ar bhonn níos éifeachtúla ar feadh a saolré, ón uair a n-eastósctar iad go dtí go ndéantar iad a dhiúscairt faoi dheireadh.

Baineann na tionchair thomhaltais is mó atá againn ar an gcomhshaol le bia, foirgnimh agus cúrsaí iom-pair, agus mar sin is sna limistéir sin atá an t-athrú is mó de dhíth. Mar thomhaltóirí, is féidir linn cuidiú trí mhachnamh a dhéanamh ar shaolré agus ar thionchar na dtáirgí a cheannaímid, agus ar an gcaoi a n-úsáidimid fuinneamh agus uisce sa bhaile, agus trí labhairt le cairde agus le daoine muinteartha faoi na cinntí ceannaigh a dhéanaimid.

Page 5: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

5

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Dramhaíl a athrú ina hacmhainn

Go traidisiúnta, feictear dramhaíl mar fhoinse truaillithe. Ach is féidir le dramhaíl dhea-bhainistithe a bheith ina foinse luachmhar ábhar, go háirithe nuair atá amhábhair go leor ag éirí gann.

Is é an rogha is fearr ná gan dramhaíl a chruthú. Nuair nach bhfuil sé sin indéanta, is roghanna maithe eile iad athúsáid agus athchúrsáil.

Laghdú

Smaoinigh faoin tionchar ar an gcomhshaol atá ag na rudaí a cheannaíonn tú, lena n-áirítear an phacáistíocht. Bain úsáid i gcónaí as málaí in-athchúrsáilte le haghaidh siopadóireachta, laghdaigh an cur amú bia, roghnaigh athlíonadh de tháirge, más féidir leat, agus seachain coimeádáin aonúsáide. Céard faoi ghreamán ‘cosc ar dhramhphost’ a chur ar do bhosca litreach agus díliostáil ó liostaí seachadta páipéir chun nuachtlitreacha, bróisiúir agus catalóga saoire a fháil ar líne nó ar r-phost? D'fhéadfá billeáil ar líne a roghnú le haghaidh do bhillí agus ráitis bhainc, nó múirín baile a dhéanamh le dramhaíl torthaí agus glasraí? Nuair a thugann tú bronntanais do dhaoine a bhfuil tú ceanúil orthu, smaoinigh ar sheirb-hís a thairiscint, seachas rud ábhartha, amhail ticéid d'ócáid, nó cúrsa i gcaitheamh aimsire is breá leo. Agus má tá táirge uait nach mbainfidh tú úsáid as ach aon uair amháin – amhail leabhar nó uirlis – smao-inigh ar iasacht seachas ceannach. Má tá leanbh agat, smaoinigh ar infheistiú i gclúidíní ath-inúsáidte. Faoin am a bheidh an leanbh dhá bhliain go leith d'aois, beidh úsáid bainte as thart ar 6 500 clúidín, cothrom le 1.5 tonna dramhaíola, ag leanbh a úsáideann clúidíní aon uaire.

Athúsáid

Baineann go leor buntáistí le rudaí a athúsáid. Laghdaíonn sé an t-éileamh ar acmhainní nádúrtha, sáb-hálann fuinneamh, laghdaíonn dramhaíl, agus sábhálann airgead ort.

B'fhéidir nach bhfuil aon ghá agat le do sheanéadaí, leabhair, málaí, troscán ná fón póca, ach go mbeadh gá ag duine éigin eile leo. An smaoinigh tú faoi earraí nach dteastaíonn uait a dhíol nó a thabhairt uait trí shiopaí ar líne nó trí shiopaí carthanachta, nó faoi na hearraí sin a bhabhtáil le cairde leat? Is féidir leatsa cuidiú freisin, trí éadaí agus earraí eile ar athláimh a cheannach.

Smaoinigh ar earraí ath-inúsáidte a cheannach seachas earraí aon uaire nuair a bhíonn an rogha sin agat – amhail ceallraí in-athluchtaithe – agus bain athúsáid as earraí chun críche eile más féidir leat. Tá coimeádáin bia phlaisteacha sár-oiriúnach chun bia a stóráil sa reoiteoir, prócaí suibhe chun spíosraí a stóráil, agus seanchártaí beannachta chun clibeanna bronntanais nó colláisí a chruthú.

Page 6: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

6

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Faigh amach an féidir earraí briste nó caite a dheisiú sula dumpálann tú iad, agus smaoinigh ar acmhain-neacht deisithe nuair a bhíonn tú ag ceannach táirgí nua.

Tá na suíomhanna gréasáin áitiúla chun earraí a thabhairt amach in aisce go maith chun daoine ag a bhfuil earraí nach dteastaíonn uathu a mheaitseáil leo siúd atá ag lorg earra saor in aisce, ó éadaí linbh go seanteilifíseáin go brablach tógála. Tá go leor dearthóirí agus fiontraithe ag dul le huaschúrsáil, ag casadh sean-earraí nach bhfuil ag teastáil ina n-earraí inmhianaithe uathúla is féidir a dhíol. Soláthairtí maithe d'intinn chruthaitheach iad seodra briste, dramhfhabraic agus dramhthroscán – go háirithe ear-raí seanré. Céard faoi bhreathnú ar shuíomhanna gréasáin ceardaíochta chun smaointe agus spreagadh a fháil agus triail a bhaint as tú féin?

Athchúrsáil

Tá athchúrsáil ar an gcéad rogha is fearr eile i ndiaidh athúsáide. Athraíonn sé earraí úsáidte ina dtáirgí nua, rud a chuidíonn le hacmhainní críochta a shábháil agus gnáthóga nádúrtha a chosaint. Seachnaíonn athchúrsáil an truailliú uisce agus aeir a chruthaítear le mianadóireacht, cairéalú agus lománaíocht le haghaidh amhábhar, agus éilíonn níos lú fuinnimh, i gcomparáid le hamhábhair, chun táirgí nua a dhéan-amh. Laghdaíonn sé freisin an méid dramhaíola a dhéantar a loscadh nó a chur go dtí láithreáin líonta talún, ar astaírí móra d'astaíochtaí meatáin iad, gás ceaptha teasa ag a bhfuil tionchar ar an athrú aeráide atá 20 uair níos mó ná mar atá ag dé-ocsaíd charbóin.

Tá méadú suntasach tagtha ar rátaí athchúrsála na dramhaíola cathrach in AE – ó 23 % i 2001 go 35 % i 2010 – ach fós d'fhéadfadh an scéal a bheith níos fearr, mar faoi láthair níl ag éirí ach le 4 thír as 28 dtír an sprioc reachtach a bhaint amach i dtaca le 50 % de dhramhaíl tí agus dá leithéid a athchúrsáil faoi 2020. Is féidir tromlach mór ár ndramhaíola tí a athchúrsáil: dramhaíl orgánach lena n-áirítear bia amh agus cócaráilte, páipéar agus cairtchlár, teicstílí, miotal, gloine agus plaistigh áirithe. Cuireann go leor bar-das bailiúchán ó theach go teach ar fáil do roinnt de na cineálacha dramhaíola in-athchúrsáilte seo nó dóibh uile. Mura gcuireann do bhardas-sa an tseirbhís sin ar fáil, b'fhéidir go bhfuil ionad athchúrsála áitiúil gar duit, áit ar féidir leat na hearraí a thabhairt go díreach.

Uisce: acmhainn ríthábhachtach

Tá raidhse uisce in áiteanna áirithe san Eoraip agus ganntanas in áiteanna eile, ach pé áit a gcónaíonn tú, is fiú a bheith ar an eolas faoin dóigh a n-úsáideann tú uisce agus gan é a chur amú más féidir. Is acm-hainn chríochta é uisce. Caithfear é a chóireáil chun é a dhéanamh sábháilte le hól, agus ní mór fuíollu-isce a phróiseáil sula gcuirtear ar ais sa chomhshaol é: ídíonn an dá ghníomhaíocht sin fuinneamh agus acmhainní eile. Ag féachaint do ghanntanas níos mó uisce, d'imeachtaí aimsire níos neamh-intuartha, agus d'éileamh méadaithe domhanda ar úruisce sa todhchaí, tá sé tábhachtach go mbainfimis go léir úsáid níos éifeachtaí as uisce, go díreach agus go hindíreach.

Page 7: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

7

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Tá sé furasta na cásanna a fheiceáil ina bhfuil uisce á chur amú go díreach, agus céimeanna a ghlacadh chun d'iompraíocht a athrú. Glac cithfholcadh seachas folcadh, cuir isteach ceann cithfholctha atá tíosach ar uisce, déan leithris agus fearais tí eile atá tíosach ar uisce a shuiteáil, déan sconnaí agus leithris a bhfuil ligean iontu a dheisiú gan mhoill, múch sconnaí agus tú ag scuabadh d'fhiacla agus bailigh uisce báistí chun an gairdín a uisciú. Agus is soiléir go bhfuil rudaí nach ceart a dhéanamh ann freisin: ná húsáid do leithreas mar araid fhliuch, agus ná doirt péint nó substaintí eile atá díobhálach ó thaobh an chom-hshaoil de síos an draein.

Tá tomhaltas indíreach uisce dofheicthe den chuid is mó, agus ciallaíonn sé sin gur dócha go n-úsáideann tú i bhfad níos mó uisce ná mar a cheapann tú. Is é is cúis leis sin ná go n-úsáidtear uisce chun beagnach gach rud a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn tú mála prátaí ó do shiopa áitiúil, mar shampla, is ionann úsáid dhíreach an uisce agus an t-uisce a úsáideann tú chun na prátaí a ullmhú, a ní agus a fhiuchadh. Ach is ionann úsáid indíreach an uisce agus an t-uisce go léir a úsáidtear ar fud shlabhra an tsoláthair chun an práta a tháirgeadh sa chéad áit: uisciúchán ar feadh míonna, iompar, breoslaí le haghaidh an innealra agus mar sin de. Tá go leor cuideachtaí anois ag tosú ar lorg uisce a gcuid táirgí a ríomh agus a phoibliú, agus má roghnaíonn tú táirgí a bhfuil lorg uisce níos lú acu, is dócha go bhfuil tú ag cuidiú leis an gcomhshaol. Faigh tuilleadh eolais faoi úsáid dhíreach agus indíreach uisce inár dTreoir Uisce (http://www.imagineallthewater.eu).

Page 8: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

8

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Geilleagar an AE a ghlasúCad é an geilleagar glas?

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn sa lá atá inniu ann, ní mór dúinn an tslí a dtáir-gimid agus a dtomhlaímid earraí a athrú. Caithfimid luach breise a chruthú fad is a bhainimid úsáid as níos lú ionchur, mar aon le costais a laghdú agus an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Caithfimid níos mó a dhéanamh le níos lú.

Is féidir truailliú agus dramhaíl a laghdú go mór, chomh maith le huisce agus acmhainní eile a shábháil, le próisis táirgeachta níos éifeachtaí agus córais bainistíochta comhshaoil níos fearr. Is maith an rud é sin don ghnó chomh maith, toisc go laghdaíonn sé costais oibriúcháin chomh maith le spleáchas ar amhábhair.

Is é sin an smaointeoireacht taobh thiar den gheilleagar glas (nó geilleagar ciorclach), córas a optama-íonn sruth na n-earraí agus na seirbhísí ionas an leas is mó a bhaint as amhábhair agus ionas dramhaíl a ghearradh siar a mhéid is féidir.

Sa gheilleagar glas, rangaítear ábhair de réir saghais. Tomhlaítear ábhair bitheolaíochta – bia, dramhaíl chothaitheach, adhmad agus snáithíní teicstíle – agus ansin cuirtear ar ais sa timpeallacht iad mar mhúirín nó mar leasachán chun cothaithigh a chur ar ais san ithir, nó/agus próiseáiltear iad chun fuinne-amh inathnuaite a ghiniúint. Caomhnaítear, athúsáidtear, athchóirítear nó athchúrsáiltear ábhair theic-niúla arís agus arís eile i gcóras lúbiata. Bíonn an córas tíosach ar fhuinneamh, agus baineann sé úsáid as fuinneamh inathnuaite a mhéid agus is féidir, rud a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Leis an ngeilleagar glas, beidh orainn an cur chuige déantúsaíochta ‘tóg-déan-diúscair’ a chur ar leataobh.

Cruthóidh sé dinimic nua i ngach earnáil. Beidh éileamh ar an nuálaíocht i ndearadh táirgí agus sa déantúsaíocht fad is a bheimid sa tóir ar ghlúin nua táirgí a mbeidh saolré níos faide acu agus ar féidir iad a athúsáid, a dheisiú, a bhaint as a chéile agus a gcuid comhpháirteanna a athúsáid nó a athchúrsáil.

Beidh ar rialtais agus ar ghnóthaí cabhrú leis an bpobal oibre chun scileanna nua a fhorbairt le freastal ar riachtanais an gheilleagair ghlais.

Page 9: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

9

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

An Eoraip a iompú ina geilleagar glas

Tá cáilíocht mhaith beatha ag formhór na nEorpach, agus tá rochtain éasca acu ar réimse ollmhór táirgí agus earraí tomhaltais. Déanann a lán daoine talamh slán den staid sin go minic ach, déanta na fírinne, tá acmhainní nádúrtha á n-ídiú againn anois níos gasta ná mar is féidir linn iad a athsholáthar. De réir mar a leathnaíonn an rachmas ar fud an domhain, is réasúnta an rud é go mbíonn daoine i réigiúin eile ag súil le caighdeán beatha díreach chomh maith linne.

Is é sin an fáth a bhfuil geilleagar glas ag teastáil ón Eoraip. Ina theannta sin, is féidir níos mó a dhéan-amh agus níos lú amhábhar á n-úsáid, agus ár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú trí nuálaíocht bhreise, trí mhúnlaí gnó atá tíosach ar acmhainní, agus trí bhainistíocht optamach ar dhramhaíl mar acm-hainn. Ba cheart an t-eolas ó rath éicithionscail na hEorpa (i réimsí amhail cóireáil agus athchúrsáil dram-haíola, cóireáil agus soláthar uisce, agus fuinnimh in-athnuaite) a úsáid agus muid ag dul i dtreo an gheilleagair ghlais, agus ba cheart tógáil ar an eolas sin. Tá na réimsí sin ar na hearnálacha is athléimní agus is tapa ag fás le blianta beaga anuas agus i rith na géarchéime geilleagraí.

Cabhróidh an ghluaiseacht i dtreo an gheilleagair ghlais le ceannaireacht a thabhairt don gheilleagar domhanda a bhfuil géarghá aige le réitigh ar na dúshláin atá os a chomhair, mar shampla daonra atá ag fás, acmhainní atá gann agus comhshaol nádúrtha díghrádaithe.

Acmhainní nádúrtha a chaomhnaítear le beartais

Is é an dea-scéal ná go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Is glaine go mór ár n-uisce agus ár n-aer ná na deichbhlianta ó shin, agus tá níos mó de dhúlra na hEorpa faoi chosaint ná riamh cheana. Tá aird an AE á dhíriú ar gheilleagar na hEorpa a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, agus beartais nua ann chun gnó, tionscadal agus tomhaltóirí aonair a shlógadh.

Is féidir teacht ar mhórchuid na smaointe sa Treochlár um an Eoraip atá tíosach ar acmhainní. Leagtar béim sa treochlár ar na céimeanna is gá don lucht déanta beartas a ghlacadh chun ár ndomhan a dhéan-amh níos éifeachtaí ó thaobh acmhainní de, agus cuirtear romhainn na clocha míle lena léireofar ár ndul chun cinn dúinn.

Ar an tslí chéanna, i gClár Gníomhaíochta Comhshaoil an AE – Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrian ár bpláinéid – leagtar amach fís den gheilleagar glas cuimsitheach atá le baint amach faoi lár na haoise seo. Sa todhchaí inbhuanaithe seo, toradh is ea comhshaol rachmasach sláintiúil ar gheilleagar ciorclach nuálach ina gcuirtear gach ní chun leasa agus mar a ndéantar bainistíocht ar acmhainní nádúrtha ar shlí a chuire-ann le hathléimneacht na sochaí seo againn.http://ec.europa.eu/environment/newprg/index.htm

Page 10: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

10

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Is príomhchuid de Eoraip 2020 í éifeachtúlacht acmhainne, straitéis an AE le bheith ina gheilleagar cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Tá roinnt tionscnamh ar leibhéal an AE seolta anois a chuireann leis an gcus-póir beartais seo, lena n-áirítear réimsí amhail cúrsaí iompair agus fuinneamh, feasacht a ardú maidir leis an riachtanas le hacmhainní tearca a úsáid ar bhonn níos éifeachtaí agus iad a ídiú ar bhonn níos inbhuanaithe. http://ec.europa.eu/resource-efficient-europe/

I measc na n-iarrachtaí chun glasú an mhargaidh aonair a spreagadh, lainseáladh modhanna ar fud an AE chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí a thomhas, agus chun muinín idir táirgeoirí agus tomhaltóirí a neartú. Ba cheart go gcabhródh na modheolaíochtaí beartaithe chun go mbeifear in ann na táirgí is éifeachtaí ó thaobh acmhainní de agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol a aithint go furasta ar an margadh.http://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/index.htm

Leanfaidh an AE de chóras táirgeachta agus d’earraí atá éifeachtach ó thaobh acmhainní de a chur chun cinn agus a spreagadh. Sampla amháin is ea Tionscnamh Eorpach an Chairr Ghlais. Faoi láthair is ar mhaithe le hiompar a úsáidtear 73 % den ola ar fad a ídítear san Eoraip agus, de réir meastacháin rea-tha, beidh méadú faoi dhó ar líon na ngluaisteán paisinéirí sa 20 bliain amach romhainn. Féachann tion-scnamh an Chairr Ghlais le borradh a chur faoi thaighde agus faoi nuáil i réimse na bhfeithiclí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.http://www.green-cars-initiative.eu/funding/open-fp7-calls/2013-call-texts/FP7-2013-MATERIALS_FOR_GREEN_CARS.pdf/viewhttp://ec.europa.eu/research/transport/road/green_cars/index_en.htm

Tá faisnéis le fáil chomh maith i dTreochlár an Choimisiúin um Gheilleagar Ísealcharbóin roimh 2050 ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil go ndéanfadh na hearnálacha atá freagrach as na hastaíochtaí gás ceaptha teasa is mó san Eoraip – giniúint cumhachta, tionsclaíocht, iompar, foirgnimh, tógáil agus talmhaíocht – an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin sna blianta amach romhainn.http://ec.europa.eu/clima/policies/roadmap/index_en.htm

Ag leanúint ón Treochlár um Gheilleagar Ísealcharbóin, féach conas a chabhraíonn Treochlár Fuinnimh 2050 le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú san Aontas, le laghdú 80-95 % ar astaíochtaí san AE faoi 2050 mar sprioc aige.http://ec.europa.eu/energy/index_en.htm

Ar thug tú mórán airde ar ríthábhacht na bithéagsúlachta dár maireachtáil? Agus ar an dóigh a bhfuil sé á cailleadh? Tá an Straitéis Bhithéagsúlachta ag iarraidh an treocht seo a aisiompú. Faoi 2050 ba cheart go mbeadh bithéagsúlacht an AE agus na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn sé – a caipiteal nádúrtha – cosanta, luacháilte agus athchóirithe go cuí.http://ec.europa.eu/environment/nature/index_en.htm

Cothaíonn an Treoir maidir le hÉin líon na n-éan fiáin sa Eoraip agus tugann sí cosaint do bhogaigh a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo.http://ec.europa.eu/environment/nature/legislation/birdsdirective/index_en.htm

Page 11: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

11

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Bunaíodh gréasán Natura 2000 de limistéir caomhnaithe dúlra chun fadmharthain na speiceas agus na ngnáthóg is luachmhaire agus is mó faoi bhaol san Eoraip a chinntiú. http://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/index_en.htm

Faoin Treoir maidir le Gnáthóga, athbhunaítear gnáthóga agus speicis atá faoi chosaint agus tugtar cab-hair chun gréasán éiceolaíoch comhleanúnach Eorpach de shuíomhanna faoi chosaint a chruthú.http://ec.europa.eu/environment/nature/legislation/habitatsdirective/index_en.htm

Cabhraíonn an Chreat-treoir Uisce (CTU) agus an Córas Eorpach um Fhaisnéis Uisce (WISE) le córais uisce a chosaint ó dhamáiste don chomhshaol. Is é WISE an tairseach chuig faisnéis ar chúrsaí uisce san Eoraip.http://ec.europa.eu/environment/water/water-framework/index_en.htmlhttp://www.water.europa.eu/

I dTreoirphlean Uisce 2012, leagtar amach slí chun an reachtaíocht reatha maidir le huisce a chur i bhfeidhm níos fearr chomh maith le comhtháthú breise beartas.http://ec.europa.eu/environment/water/blueprint/index_en.htm

Chuaigh dlí nua maidir le margaíocht adhmaid i bhfeidhm in 2013 chun cur i gcoinne na trádála in iompórtálacha mídhleathacha adhmaid isteach san AE.http://ec.europa.eu/environment/forests/timber_regulation.htm

Tá reachtaíocht an AE maidir le bainistíocht dramhaíola á hathbhreithniú faoi láthair, agus tá sé mar spr-ioc ag an athbhreithniú go gcinnteofar go caithfear mar acmhainn le dramhaíl nach féidir í a sheachaint. I measc na mbeart a bhfuil súil leo, tá laghdú ar ghiniúint dramhaíola, méadú ar na rátaí athúsáide agus athchúrsála, deireadh a chur le líonadh talún agus athshaothrú fuinnimh a shrianadh go daingean don dramhaíl nach féidir a athchúrsáil, laghdú a chur ar dhramhaíl phlaisteach (lena n-áirítear líon na málaí plaisteacha in úsáid san AE a laghdú), laghdú a chur ar bhruscar mara, agus feabhas a chur ar fhorfheidh-miú na reachtaíochta dramhaíola. http://ec.europa.eu/environment/waste/index.htm

Bíonn an Eoraip ag brath go mór ar amhábhair agus ar fhuinneamh iompórtáilte. Foghlaim conas mar a mholtar sa Treochlár um an Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní táirgiúlacht acmhainní a mhéadú agus fás geil-leagrach a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní chun cur le cumas iomaíochta na hEorpa agus chun ár spleáchas ar iompórtálacha a laghdú, agus cosaint níos fearr a thabhairt dár gcaipiteal nádúrtha ag an am céanna.http://ec.europa.eu/environment/resource_efficiency/

Céim thábhachtach a glacadh ag tús na bliana 2012 ná an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach um Amhábhair a lainseáil. Faoi Chomhpháirtíochtaí Nuálaíochta, tugtar le chéile páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha thar theorainneacha agus earnálacha chun dlús a chur le glacadh na nuálaíochta trína gcabhraítear le spleáchas an AE ar amhábhair a laghdú agus trína spreagtar éifeachtúlacht in úsáid ábhar agus i laghdú dramhaíola faoi 2020.http://ec.europa.eu/enterprise/policies/raw-materials/innovation-partnership/index_en.htm

Page 12: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

12

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

An raibh a fhios agat go bhfuil údaráis phoiblí san Eoraip ina mórthomhaltóirí? Gach bliain caitheann siad timpeall EUR 2 thrilliún (is ionann sin agus 17 % d’Olltáirgeacht Intíre an AE). Trína gcumhacht cheann-aigh a úsáid le hearraí agus seirbhísí a bhfuil tionchar níos lú ar an gcomhshaol acu a roghnú, is féidir leo cur go mór le hídiú agus táirgeadh inbhuanaithe. Faigh amach faoi Sholáthar Glas Poiblí (GPP): http://ec.europa.eu/environment/gpp/what_en.htm

An geilleagar glas agus poist

Tá deiseanna sa gheilleagar glas d’fhás agus do chruthú post amach anseo san Eoraip. In earnálacha amhail athchúrsáil, cóireáil uisce, bainistiú acmhainní nádúrtha, foraoiseacht agus talmhaíocht inbhua-naithe, agus táirgí agus seirbhísí éiceabhácha – aithnítear iad le chéile mar éicithionscail – cuimsítear tim-peall 2.5 % de OTI an AE agus tá sé léirithe ag na hearnálacha sin go bhfuil siad athléimneach in aghaidh na géarchéime geilleagraí: tháinig fás timpeall 8 % orthu in aghaidh na bliana le 10 mbliana anuas.

Tá sciar láidir den mhargadh domhanda ag an Eoraip i roinnt de na hearnálacha sin, mar shampla meas-tar go bhfuil sciar 50 % den mhargadh domhanda aici sna tionscail athchúrsála. Is earnáil fáis eile í an fheirmeoireacht orgánach.

Tháinig méadú beagnach faoi thrí ar easpórtálacha earraí agus seirbhísí comhshaoil idir 1999 agus 2010, agus is fiú os cionn EUR 24 billiún na heaspórtálacha sin anois. Cheana féin, tá níos mó daoine fostaithe in éicithionscail ná mar atá sna hearnálacha cruach, cógaisíochta nó gluaisteáin.

I staidéar le déanaí a rinne Harvard Business Review, léiríodh gur fearr a éiríonn ó thaobh airgeadais de leis na cuideachtaí a dhéanann infheistíocht san inbhuanaitheacht. Léiríodh chomh maith i gcás cuide-achtaí atá tíosach ar acmhainní, a ídíonn níos lú fuinnimh agus uisce, agus a dhéanann níos lú dramhaíola in aghaidh gach aonad ioncaim a ghineann siad, gur gnáth dóibh torthaí níos fearr a dhéanamh ar a gcuid infheistíochtaí ná mar a dhéanann a gcuid iomaitheoirí. Féach:http://blogs.hbr.org/2012/09/sustainable-investing-time-to/

Tá deis shuntasach ann poist nua a chruthú chomh maith le hacmhainní nádúrtha a shábháil trí réitigh nua a fhorbairt do dhramhaíl, má chaitear léi mar acmhainn in ionad ualaigh. Forbrófar tionscnaimh nua de chuid an AE sna blianta beaga amach romhainn chun feabhas a chur ar an gcaoi a láimhseálaimid cineálacha éagsúla dramhaíola agus ar an gcaoi a gcaithimid leis an dramhaíl sin. De réir staidéir a rinneadh in 2012, dá ndéanfaí an reachtaíocht ar fad ón AE maidir le dramhaíl a chur i bhfeidhm ina hiomláine, shábhálfadh an Eoraip EUR 72 billiún in aghaidh na bliana, thiocfadh ardú EUR 42 billiún ar láimhdeachas na hearnála bainistíochta dramhaíola agus athchúrsála, agus chruthófaí 400 000 post nua faoi 2020.

Page 13: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

13

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

LeideannaTá bailithe le chéile againn anseo na leideanna ar fad atá le fáil ar ár suíomh gréasáin – agus a thu-illeadh nach iad.

Tá an chomhairle grúpáilte le chéile de réir téamaí – an t-aer, an t-uisce, an ithir, mianraí, an cur amú, agus mar sin de – d'fhonn cabhrú leat tuiscint níos fearr a fháil ar na hiarmhairtí a bhíonn ag na rudaí éagsúla agus ag nósanna laethúla ar acmhainní nádúrtha agus ar an gcomhshaol, agus d'fhonn roghanna malartacha oiriúnacha a chur ar do shúile duit ionas go bhféadfaidh tú cinntí ídithe eolasacha a dhéanamh gach lá – ar mhaithe leatsa agus ar mhaithe leis an domhan.

Tá treoir ar leith againn maidir leis an uisce freisin [nasc chuig PDF], ina nochtar roinnt fíricí a chu-irfidh iontas ort faoin méid uisce a úsáidimid go hindíreach gach uile lá i ngan fhios.

Bain sult as, agus ná déan dearmad gurb iad na roghanna a dhéanann tusa a dhéanfaidh difear an domhain!

Page 14: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

14

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Aer

Tá rochtain ar aer úr ar na riachtanais is bunúsaí atá againn. Ach tá caighdeán ár n-aeir á cur i gcontúirt i go leor bealaí. Ina measc seo tá sé soiléir go bhfuil astuithe ó chairr, breoslaí iontaise a dhó, ach déanann stocbheathú fiú gáis cheaptha teasa, mar dhé-ocsaíd charbóin agus meatán, a chur amach. Is féidir linn cuidiú trí níos mó siúil agus rothaíochta a dhéanamh agus foinsí fuinnimh inbhuanaithe a úsáid, agus b’fhéidir níos lú feola a ithe.

Péint

An bhfuil do chuid péinte glas?

Tá na mílte daoine san Eoraip a bhfuil an-spéis acu i déan féin é (DFÉ). Gach bliain, caitheann úinéirí tí na billiúin euro ar adhmad, phéinteanna, vearnaisí agus ábhair eile le haghaidh tionscadail DFÉ. Ach is féidir leat do thionchar ar an gcomhshaol a laghdú trí hábhair a athúsáid, trí sheiceáil go bhfuil do chuid adh-maid inbhuanaithe agus trí phéinteanna níos glaise a cheannach. Maidir le péint ach go háirithe, cabhraítear go mór leis an gcomhshaol nuair a leantar roinnt rialacha simplí. Nuair a bhíonn péint, bailchríoch adhmaid nó leasaitheach á roghnú agat cuardaigh an ceann is lú a bhfuil tionchar aige ar an gcomhshaol. Oibrigh amach cé mhéid a bheidh ag teastáil uait agus déan iarracht gan an iomarca a cheannach – is minic nach n-úsáideann daoine cuid mhór den phéint a cheannaíonn siad agus go mbíonn sé deacair é a dhiúscairt gan dochar a dhéanamh don chomhshaol. Má tá an rogha agat, roghn-aigh táirge gan rabhadh guaise ar an lipéad (sa chuid is mó de thíortha, is é a bhíonn i gceist leis sin ná siombail dhubh ar chearnóg oráiste nó bhuí agus cur síos ar an nguais air). Is minic a bhíonn substaintí i bpéinteanna 'nádúrtha' nó 'nádúrtha go hiomlán', i bpéinteanna bunaithe ar bhainne, agus in aoldath nach mbíonn chomh díobhálach leis na substaintí a bhíonn i ngnáthphéint. Is deise iad le bheith ag obair leo, agus tá siad níos folláine ó thaobh chaighdeán an aeir laistigh de freisin. Tá roinnt déantúsóirí ann a thairgeann péint athchúrsáilte. Sa deireadh, cuardaigh Éicilipéad na hEorpa le haghaidh péinteanna lais-tigh. Ciallaíonn sé go bhfuil tionchar níos lú acu ar an gcomhshaol.

Page 15: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

15

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

An rothar

Cé mhéid astaíochtaí CO₂ a shábhálann tú nuair a úsáideann tú an rothar?

Dá dtosódh dóthain daoine ag taisteal ar dhá roth seachas ceithre roth, thiocfadh laghdú mór ar astaíochtaí CO₂. Agus is cosúil go bhfuil cúrsaí ag athrú. Seans gur thug tú faoi deara go bhfuil níos mó daoine i do bhaile nó do chathair ag rothaíocht. Bhí 1.3 milliún duine breise ag rothaíocht sa Ríocht Aontaithe anuraidh, rud a fhágann go mbíonn 13 mhilliún duine sa tír sin ag rothaíocht (is ionann é sin agus 27 % den daonra). Baine-ann 500 000 de na rothaithe nua sin úsáid as a gcuid rothar go minic nó go rialta.

Is má théann tú ar an rothar chun dul chuig an ionad oibre nó le haghaidh spraoi, tá go leor buntáistí ag baint leis. Ar an gcéad dul síos, bealach maith é chun coimeád aclaí. Ag an am céanna cuireann tú le comhshaol níos folláine níos glaine a bhfuil níos lú truailliú aeir ann agus le feabhas a chur ar bhóithre cúnga. Bealach i bhfad níos saoire agus níos éasca é le taisteal freisin mar seachnaíonn tú plódú tráchta agus costais bhreosla. Níl aon amhras ach go bhfuil rothaíocht an-éifeachtúil ó thaobh acmhainní. An dteastaíonn uait bheith níos éiceafhai-seanta? Mura bhfuil rothar ceannaithe agat féin, cén fáth nach gceannaíonn tú rothar dara láimhe? Cé go bhfuil laghdú tagtha ar astuithe carbóin agus go bhfuil sochaí níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol á cruthú mar thoradh ar an tóir ar rothaíocht, tá ardú tagtha ar an méid rothar gan iarraidh mar thoradh ar an méadú mór ar rothair. Is minic go gcuirtear seanrothair chuig líonadh talún, ach tá siad déanta as go leor ábhar in-athchúrsáilte, mar alúmanam agus rubar agus mar sin tá siad fós luachmhar mar dhramhaíl. Má tá rothar nua á cheannach agat, déan cinnte go gceannaíonn tú ceann atá deartha le haghaidh saoil fhada – agus tabhair aire dó. Cean-naítear go leor rothar agus é ar intinn ag daoine go rachaidh siad chuig an ionad oibre ar an rothar, agus ansin fágtar ag bailiú meirge iad. Níl úsáid mhaith á baint as acmhainní sa bhealach sin. Smaoineamh amháin ná rothar a thógáil ar iasacht ar feadh cúpla seachtaine agus féach conas a éireoidh leat. Nuair a bheidh tú gafa, féadfaidh tú dul ar aghaidh agus rothar athláimhe nó rothar nua a cheannach.

An ríomhaire

Ar cheart do do bhainisteoir moladh duit oibriú ón mbaile níos minice?

Mar tá sé níos fearr don chomhshaol… Is eol dúinn go leor go gcuireann comaitéireacht le truailliú ach úsáid-tear acmhainní dá barr freisin – smaoinigh mar shampla ar chaitheamh agus chuimilt ar na bóithre agus ar na hábhair agus na hacmhainní nua a theastaíonn chun iad a dheisiú. Ar ndóigh, tá ar roinnt daoine tiomáint chuig an ionad oibre, ach cé mhéid dínn nach gá dúinn déanamh amhlaidh? Agus ar ndóigh ba mhaith linn go léir an buaicthráth tráchta a sheachaint ar maidin nó um thráthnóna. An raibh a fhios agat go ndéantar an méid breosla a úsáideann tú a dhúbailt nuair a bhíonn tú ag snámhaíocht sa tranglam tráchta? Gan trácht ar na hastaíochtaí breise go léir atá á gcruthú agat. Bealach iontach le níos lú acmhainní a úsáid ná dul ar an rothar nó siúl chuig an ionad oibre, agus beidh tú níos aclaí dá bharr. Cén fáth nach mbainfeá úsáid as córas iompair phoiblí, nó carr a roinnt le comhghleacaí nó le duine éigin eile a bhfuil an ceann scríbe céanna acu? Laghdóidh sé sin do chostais agus d’astaíochtaí carbóin araon. D'fhéadfá fáil réidh leis an ngluaisteán fiú agus dul isteach i gclub gluaisteán áit a bhfuil rochtain ar fheithicil ag baill ar bhonn uaire, laethúil nó seach-tainiúil. Ach cén fáth nach bhfiafraíonn tú de do bhainisteoir an bhféadann tú oibriú ón mbaile?

Page 16: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

16

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Eochracha gluaisteáin

Níl sé éasca do shaol a chaitheamh gan do ghluaisteán, ach an gciallaíonn sé sin nach fiú triail a bhaint as?

Ní mór dúinn iarracht mhór a dhéanamh le cuid de na rudaí is féidir linn a dhéanamh chun saol 'níos glaise' a chaitheamh. Tá rudaí eile ann atá fíor-éasca. Mar shampla smaoinigh ar shiúil in áit tiomána – is rud sim-plí é agus is léir go gcabhraíonn sé go mór leis an gcomhshaol: níos lú truailliú aeir agus torainn dá bharr, úsáidtear níos lú de na hacmhainní a theastaíonn chun gluaisteán a thógáil, a chumhachtú agus a chothab-háil, gan trácht ar na tairbhí don tsláinte a bhaineann le haclaíocht a dhéanamh go rialta. Ar ndóigh, tá sé riachtanach an gluaisteán a úsáid uaireanta ach le haghaidh turas gearr, mar thurais chuig na siopaí áitiúla nó chun bualadh le cara le haghaidh caife, smaoinigh an gá duit i ndáiríre an gluaisteán a úsáid chun turas a dhéanamh nó an mbeadh sé chomh héasca duit siúl. An mbaineann aon duine taitneamh as siopadóireacht le haghaidh earraí grósaeireachta? Is féidir na scuainí, na sluaite, an iarracht mhór éalú ón gcarrchlós cur isteach go mór ar dhuine. Mar sin an chéad uair eile a bhíonn tú ag an gcuntar amach iarr ort féin an raibh sé riachtanach duit i ndáiríre an turas a dhéanamh? An bhféadfá cur faoi deara do chuid earraí grósaeireachta a sheachadadh ina áit? Bealach níos éifeachtaí le bia a thógáil chuig do theach é siopadóireacht ar líne. Cuimhnigh ar aon leide amháin áfach: déan cinnte go seiceálann tú na dátaí ar an mbia nuair a thagann sé ionas go mbeidh a fhios agat cad nach mór duit a ithe toisc go gcuirtear acmhainní amú nuair a chuirtear bia amú. Más fearr duit dul chuig an siopa smaoinigh an féidir leat an bia a bhfuil gá agat air a cheannach sa cheantar áitiúil agus déan iarracht siúil nó dul ar rothar chun é a fháil. Agus ná déan dearmad ar do liosta siopadóireachta.

Page 17: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

17

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Folcadán

Cad chuige nach mbeadh cithfholcadh agat in ionad folcadh?

Tá orainn cur inár gcuimhne i gcónaí gur acmhainn theoranta is ea an t-uisce. Go domhanda, tá beagnach cúigiú de dhaonra an domhain ina gcónaí in áiteanna nach bhfuil go leor uisce ann, agus mar bharr ar an donas tá an-easpa uisce in aghaidh leathbhilliúin eile. Tá go leor uisce úr ar an bpláinéid le soláthar do líon an daonra atá ann faoi láthair, seacht mbilliún – cé go bhfuil sé cinnte go méadófar an líon sin – ach tá an soláthar mícho-throm agus diomlaítear an iomarca de ar fad. San Eoraip, tá méadú i líon na n-áiteanna a bhfuil easpa uisce agus triomach ann. Is orainn an fhreagracht úsáid níos cnuaisciúnaí a bhaint as uisce. Is féidir linn é seo a dhéanamh trí athruithe simplí a dhéanamh ar ár ngnáthamh laethúil, amhail cithfholcadh a dhéanamh in ionad folcadh. Baintear úsáid as i bhfad níos mó uisce le folcadán a líonadh ná le cithfholcadh gasta a dhéan-amh. Coiglítear 400 lítear uisce gach seachtain trí chithfholcadh cúig nóiméad a dhéanamh gach lá – agus ídítear i bhfad níos lú fuinnimh leis. Ach má tá folcadh de dhíth ort, ná líon an folcadán rómhór – agus má tá sé chomh te sin go bhfuil uisce fuar de dhíth ort, tá tú ag diomailt fuinnimh chomh maith le huisce!

Uisce an fholcadáin

An dtig leat uisce an fholcadáin a chomhroinnt?

Má shocraíonn tú folcadh, is féidir gur maith leat do shuaimhneas a ghlacadh chomh mór le gur mian leat tú féin a ní. Cad chuige nach bhfágfaidh tú an t-uisce le húsáid ag duine eile nuair a bheas tú críochnaithe leis? Líon d'fholcadán leathbhealach suas in ionad lomlíonadh agus coinnigh ag seiceáil teocht an uisce ionas nach foláir duit uisce fuar ná te a chur leis ina dhiaidh.

Uisce

Daoine a chónaíonn san Eoraip, is furasta acu dearmad a dhéanamh gur acmhainn chríochta é uisce, rud nach bhfuil ar fáil go rialta do mhórán daoine ar an taobh eile den domhan. An bealach a bhain-imid úsáid as uisce, bíonn tionchar aige ar dhaoine eile. Dá bhrí sin, tá dualgas orainn é a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí inár n-úsáid díreach – mar shampla trí chithfholcadh in ionad fholctha a úsáid – agus gan a bheith ag cur táirgí amú a d'úsáid uisce sa táirgeadh. Le héifeachtaí an ath-raithe aeráide, is dócha go mbeidh ganntanas uisce agus rochtain theoranta ar uisce óil ardchaigh-deáin ann i gcodanna níos mó den Eoraip – agus níl sé seo i bhfad uainn.

Page 18: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

18

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Seampú

Ar smaoinigh tú riamh ar sheampú ‘glas’ a cheannach?

Ní foláir roinnt seampúnna agus feabhsaitheoirí a fhágáil i do chuid gruaige ar feadh cúpla nóiméad le go mbeidh siad éifeachtach – agus imíonn an t-uisce síos poll an dalláin. Bain triail as táirgí gruaige nach gá duit a fhágáil i do chuid gruaige chomh fada sin. Nó cén fáth nach gceannófá seampúnna agus feabhsaitheoirí orgánacha? Tá siad déanta as ábhair nádúrtha agus atá i bhfad níos cineálta d'éiceachórais uisce ina mbeidh siad faoi dheireadh.

An sconna

Ar éirigh ligean i do sconna?

Sconna a bhfuil ligean ann, is féidir leis breis agus 100 lítear uisce a dhiomailt gach mí. Uaireanta níl le déan-amh ach a chinntiú go bhfuil an sconna casta as i gceart, ach má tá ligean buan ann, déan é a dheisiú chomh luath agus is féidir.

Toirt sreafa an sconna

An bhfuil tú ag cur barraíocht brú ar an uisce?

Tá éagsúlachtaí ollmhóra i dtort sreafa na sconnaí, idir 2 suas le 25 lítear gach nóiméad, ach ní minic a bhíonn níos mó ná 10 lítear gach nóiméad de dhíth ort. Is féidir leat é a rialú ach an sconna a chur ar siúl 'níos lú' nó gan é a fhágáil ar siúl chomh fada sin. Chun an sreabhráta a laghdú is féidir leat sconna agus feistis cithf-holcadáin ísealsreafa a fheistiú, sriantáin sreafa a fheistiú le sconna agus le cithfholcadáin, nó comhla teo-rannaithe brú a fheistiú leis an sreabhadh a laghdú ar fud an chórais uisce. Smaoinigh air nuair a chasann tú an sconna air: glacann sé cuid mhór fuinnimh le fuíolluisce a chóireáil chuig caighdeán an uisce óil, is fearr an méid amháin atá de dhíth ort a úsáid dá bharr.

Teocht an uisce

An bhfuil d'uisce róthe le láimhseáil?

Má tá d'uisce ró-the beidh ort uisce fuar a chur isteach leis an teocht cheart a fháil. Ach ba cheart duit bheith in ann an teocht a laghdú tríd an teirmeastat a choigeartú ar do chóras téimh. Agus má bhíonn ort fanacht leis an uisce a théamh, bailigh an t-uisce fuar neamhúsáidte i gcrúiscín agus bain úsáid as mar uisce óil nó tabhair do na plandaí é. Fiú má tá teocht an uisce ceart go leor is maith an rud uisce te a úsáid chomh coigil-teach agus is féidir le fuinneamh a choigilt chun an t-uisce a théamh.

Page 19: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

19

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Éadaí!

Ar mhiste le do chuid éadaí i ndáiríre dá gcuirfeá ort athuair iad?

Ar mhaithe le sláinteachas, is maith an rud éadaí amhail fo-éadaí agus stocaí a ní gach uair i ndiaidh iad a chaitheamh. Ach is féidir éadaí eile, amhail geansaithe agus briste, a chaitheamh cúpla uair sula mbíonn ort iad a ní arís. Dá mhéad uaireanta a chaitheann tú éadaí idir níocháin is amhlaidh is mó uisce a choigleoidh tú.

Púdar níocháin

Cad é a shíleann na haibhneacha faoi do phúdar níocháin?

An púdar a úsáideann tú le héadaí a ní, imíonn sé faoi dheireadh isteach sna haibhneacha agus sna farraigí. Tá cothaithigh neamhorgánacha i roinnt glantach amhail fosfáití, ar féidir leo a bheith mar chúis le mearfhás algaí, as a n-éiríonn truailliú uisce. Má bhaineann tú úsáid as níos lú glantach, is féidir leat líon na bhfosfáití a n-imíonn síos an draein isteach san éiceachóras a laghdú. Rud eile, smaoinigh faoi ghlantaigh orgánacha a úsáid; tá a gcuid bunábhair nádúrtha i bhfad níos cineálta do na héiceachórais uisce, áit a mbeidh siad ann faoi dheireadh.

Sconna cistine

Cén fáth nach dtugann tú gloine uisce do do chuid plandaí?

Má dhoirteann tú gloine uisce duit féin agus mura gcríochnaíonn tú é, ná caith síos an draein é. Úsáid é le haghaidh do chuid plandaí tí. Beidh siad buíoch díot as.

Cupán caife

An gcaithfidh tú do chiteal a líonadh arís i ndáiríre?

Ná folmhaigh agus athlíon do chiteal gach uair a dhéanann tú deoch the. Tá sé ceart go leor an t-uisce atá ann cheana féin a úsáid. Mura gcuireann tú ach an t-uisce a theastaíonn uait i do chiteal agus do chuid sáspan déanfaidh tú níos lú uisce a bhruith agus sábhálfaidh tú fuinneamh.

Page 20: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

20

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Doirteal

Coimeád glan agus glas iad!

Is iad na rudaí beaga a chabhróidh leat agus tú ag iarraidh gan uisce a dhiomailt. Mar shampla, ná nigh na miasa faoi uisce reatha. Agus cuimhnigh go mbíonn an méid uisce a thagann ó sconna cistine an-éagsúil – idir 2 agus 25 lítear in aghaidh an nóiméid – agus mar sin bíonn tionchar ag a mhéid is a scaoileann tú an sconna agus an méid ama a fhágann tú ar siúl é ar an méid uisce a úsáidfidh tú.

Úsáid babhla níocháin nó cuir pluga sa doirteal agus déan diomailt uisce a laghdú faoi 50 % nó níos mó. Agus ar ndóigh, úsáidtear níos mó ná díreach uisce nuair a chastar air an sconna uisce the – chuirfeadh costas an fhuinnimh a theastaíonn chun an t-uisce a théamh iontas ort. Má do d'uisce ró-the, seiceáil an teirmeastat ar do choire. B'fhéidir nach gá ach é a athrú.

Miasniteoir

An bhfuil do mhiasniteoir chomh cnuaisciúnach is a d'fhéadfadh sé a bheith?

Má roghnaíonn tú miasniteoir a úsáid seachas miasa a ní de lámh, ceannaigh meaisín a bhfuil rátáil ard éifeachtúlachta fuinnimh aige agus úsáid an timthriall eacnamaíoch áit ar féidir. Úsáidfidh é sin i bhfad níos lú uisce ná an timthriall rialta. Déan aon bhia breise a scrábadh isteach i mbabhla (agus déan é a athchúrsáil nó a mhuiríniú!) ach ná sruthlaigh miasa faoin sconna sula gcuireann tú sa mhiasniteoir iad. Bíonn an chuid is mó de mhiasniteoirí cumhachtach go leor chun smáil a ghlanadh gan iad a ní roimh ré. Agus ná déan dear-mad: ná cas miasniteoir air má tá sé leathfholamh. Fan go mbeidh sé lán – agus ná téigh thar fóir leis an bpú-dar ná na táibléid níocháin. Smaoinigh ar an éifeacht uafásach a bhíonn ag fosfáití agus bláis algacha ar an bhfarraige agus na haibhneacha.

Eochracha gluaisteáin

An bhfuil tú ag iarraidh a fháil amach conas níos lú uisce a úsáid?

B'fhéidir go gceapann tú go bhfuil sé níos cnuaisciúnaí ar uisce do ghluaisteán a ní sa bhaile seachas dul chuig niteoir gluaisteán – ach a mhalairt atá fíor. Is gnách go n-úsáideann niteoir gluaisteán uathoibrithe níos lú uisce in aghaidh na feithicle i gcomparáid leis an méid a d'úsáidfeá dá nífeá an gluaisteán céanna sa bhaile. Más fearr leat do ghluaisteán a ní sa bhaile, seachain píobán solúbtha a úsáid toisc go mbeidh sé ag stealladh amach thart ar 18 lítear d'uisce in aghaidh an nóiméid. Seachas sin, úsáid uisce báistí a bhailigh tú i mbuicéad. Oibríonn sé thar barr ar ghluaisteán ar bith. Agus cuimhnigh, ní gá gluaisteáin a ní uair amháin in aghaidh na seachtaine; mar a tharlaíonn sé tá roinnt gluaisteán ann nach nitear ach uair amháin in aghaidh na bliana!

Page 21: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

21

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Torthaí

An bhfuil torthaí agus glasraí orgánacha i bhfad níos glaise?

Fástar glasraí agus torthaí orgánacha go hinbhuanaithe agus ní bhíonn siad báite i bhfeithidicídí ná ceimiceáin eile. Fástar iad in ithir nach mbíonn lotnaidicídí ná múiríní de dhéantús an duine inti. D'fhéadfadh go bhfaighfeá drúchtín i do leitís, ach cruthóidh sé sin go bhfuil sé níos nádúrtha. Freisin déantar uisce a choigilt nuair a úsáidtear torthaí agus glasraí orgánacha, toisc nach mbeidh ort iad a ní chomh críochnúil agus a nífeá iad siúd ar tugadh déileáil cheimiceach dóibh. Agus ní bheidh aon chéir san fhorchraiceann líomóide sin a ghrátáil tú go cúramach.

Fuinneog

Bain tairbhe as na laethanta báistí!

Déantar uisce a dhiomailt nuair a úsáidtear uisce sconna ar phlandaí toisc go bhfaighimid uisce báistí saor in aisce gach lá den bhliain. Ina ionad sin, fág do phlandaí áit ina mbeidh siad in ann an bháisteach a fháil nó fág buicéid in áiteanna ina mbeidh siad in ann an t-uisce a shileann le díonta nó le draeinphíobáin a fháil. Níos fearr fós, cén fáth nach bhfeisteofá buta uisce le do dhraeinphíobán chun a dhóthain uisce a bhailiú leis an ngarraí a uisciú agus an paitió a ní chomh maith? Is fearr le do phlandaí uisce báistí a ól agus is tusa a bhain-fidh an tairbhe as nuair a thiocfaidh siad faoi bhláth!

Lampa

Cad é an nasc idir uisce agus fuinneamh?

Chun fuinneamh a tháirgeadh teastaíonn an t-uafás uisce, le haghaidh stáisiúin cumhachta fuaraithe ach go háirithe. Cé gur minic go gcuirtear an t-uisce ar ais in aibhneacha tar éis é a úsáid, is féidir difríochtaí idir teochtaí agus méideanna dul i bhfeidhm go diúltach ar an éiceachóras. Fiú má fhaightear leictrea-chas ó hidreachumhacht, déanann dambaí leanúnachas aibhneacha a bhriseadh, agus coimeádann siad iasc óna gcuid láithreacha sceathraí a bhaint amach. Le himeacht ama, féadann abhainn fáil báis de bharr na mbacainní sin.

Page 22: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

22

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Cithfholcadh

An maireann do chith níos faide ná an t-amhrán is ansa leat?

Bainimid úsáid as a lán uisce sa bhaile gach lá ach cé mhéad dó atá riachtanach i ndáiríre? Is acmhainn fhinideach é an t-uisce agus tá go leor áiteanna ar fud an domhain, áiteanna áirithe san Eoraip fiú amháin, a mbíonn gannsoláthar uisce ag cur as dóibh. Is féidir leat cuidiú leis an acmhainn luachmhar seo a chaomhnú. Is iad cithfholcthaí ar maidin is cúis le mórúsáid uisce san Eoraip – ach ní cnuaisciúnach iad uile Baineann cithfholcthaí cumhachta úsáid as níos mó uisce i gceann cúig nóiméad ná atá i bhfolcadán lán. Tá bealaí éagsúla ann le cithfholcadh níos cnuaisciúnaí a fháil. Is féidir leat an sconna a chasadh as le linn seampú nó glóthach chithfholctha a chur ort. Nó is féidir leat an t-am a ghearradh siar sa chithfholcadh. Déan machnamh ar uaineadóir ceatha a fháil agus ar chithfholcadán a bhfuil sreabhráta níos ísle aige a chur isteach in ionad do chithfholcadáin chumhachta.

Leithreas

An bhfuil do leithreas níos cliste ná a shíleann tú?

Leis na córais déshruthlaithe, is féidir leat leachtanna agus páipéar a dhiúscairt le mearshruthlú a úsáideann 70 % níos lú d'uisce ná gnáthshruthlú. Mura bhfuil córas den sórt sin ag do leithreas, is éasca an rud é ceann a fheistiú ar bheagnach gach gnáthleithreas agus ní chosnóidh sé a lán airgid ortsa.

Báisín níocháin

An ionann rith an sconna agus uisce síos an draein?

Ní thógann sé ach dhá nóiméad chun do chuid fiacla a scuabadh, ach cuirfidh tú uisce amú má fhágann tú an sconna ag rith agus tú dá scuabadh. Ná cur an sconna air ach nuair atá ort do scuab fiacla a shruthlú. Is amhlaidh is ionann le bearradh. Leathlíon an doirteal le huisce nuair a thosaíonn tú air ach ná fág an sconna ag rith an t-am ar fad.

Meaisín Níocháin

Nigh ag tríocha, ach amháin má tá sé lofa

Ídíonn meaisíní níocháin a lán uisce sa bhaile ach tá bealaí níos cnuaisciúnaí ann le héadaí a ní. Tá éiceashocrú ann sa chuid is mó de mheaisíní sa lá atá inniu ann a ídíonn níos lú uisce ná gnáthníochán. Leis an fhírinne a rá, ídíonn cuid mhór de na meaisíní is cnuaisciúnaí níos lú ná 50 lítear uisce gach ní. Is maith an rud freisin éadaí a ní ar shocruithe íseal-teochta mar ídíonn siad i bhfad níos lú leictreachais ná socruithe ard-teochta (50°C agus níos airde). Ach má úsáideann tú an socrú ísealteochta i gcónaí, ná déan dearmad an socrú te a úsáid anois is arís chun an meaisín agus na píobáin a choinneáil glan.

Page 23: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

23

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Níochán salach

An dtig leat tuilleadh éadaí a chur isteach i do lód?

Tá sé soiléir go leor ach má leath-líonann tú do mheaisín níocháin do dhá níochán, bainfidh tú úsáid as líon uisce faoi dhó ná a bhainfidh tríd an méid céanna éadaí a chur isteach í níochán amháin. Má smaoiníonn tú roimh ré faoi éadaí ar leith a bheas de dhíth ort, ní bheidh tú ag ní éadaí nuair nach mbíonn éadaí salacha eile le ní agat.

Cupaird cógas

Cá rachaidh na cógais seo go léir sa deireadh?

Tá cógais ríthábhachtach, ach is minic a bhaintear ró-úsáid astu sa lá atá inniu ann. Is é an fhadhb ná go bhféadfaidís an t-uisce ina gcríochnóidís ar deireadh a thruailliú tar éis dóibh dul trí do chorp. Mar sin, déan gach iarracht gan an iomarca a úsáid. Chun cógais gan úsáid a chur de láimh ar bhealach freagrach, tabhair ar ais chuig an gcógaslann i ngach cás iad. Ná cuir síos an leithreas iad agus ná caith san araid iad toisc go rachaidh siad ar ais chuig an timthriall uisce.

Tuáille

Cé chomh glan is atá do thuáille?

Úsáidtear tuáille chun tú a thriomú agus tú glan, mar sin éiríonn sé fliuch, seachas salach. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat tuáillí a úsáid go leor uaireanta sula mbeidh ort iad a chur sa chiseán níocháin. Na laethanta seo, tugann go leor óstán an rogha duit do chuid seantuáillí a úsáid arís, mar sin ná fág ar urlár an tseomra folctha iad toisc go dtugann an gníomh sin le tuiscint gur mhaith leat tuáillí nua a fháil.

An gluaisteán maide

An bhfuil tú ag iarraidh a fháil amach conas níos lú uisce a úsáid?

Is éasca gluaisteán maide a ní, ach céard atá ar eolas agat faoin mbealach is fearr dá bhfuil ann chun do ghl-uaisteán mór a ní? B'fhéidir go gceapann tú go bhfuil sé níos cnuaisciúnaí ar uisce do ghluaisteán a ní sa bhaile seachas dul chuig niteoir gluaisteán – ach a mhalairt atá fíor. Is gnách go n-úsáideann niteoir glu-aisteán uathoibrithe níos lú uisce in aghaidh na feithicle i gcomparáid leis an méid a d'úsáidfeá dá nífeá an gluaisteán céanna sa bhaile. Más fearr leat do ghluaisteán a ní sa bhaile, seachain píobán solúbtha a úsáid toisc go mbeidh sé ag stealladh amach thart ar 18 lítear d'uisce in aghaidh an nóiméid. Seachas sin, úsáid uisce báistí a bhailigh tú i mbuicéad. Oibríonn sé thar barr ar ghluaisteán ar bith. Agus cuimhnigh, ní gá glu-aisteáin a ní uair amháin in aghaidh na seachtaine; mar a tharlaíonn sé tá roinnt gluaisteán ann nach nitear ach uair amháin in aghaidh na bliana!

Page 24: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

24

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Leacht níocháin

Cén fáth nach féidir le glantóirí coinneáil leis an ngréisc agus leis an smúr a bhaint, agus é sin amháin a dhéanamh?

Déanann gach púdar níocháin, earra glantacháin, díghalrán agus glantach a mbealach trí na séaraigh agus amach in aibhneacha, i lochanna agus san aigéan. Bíonn cothaithigh neamhorgánacha i gcuid acu a dhéanann dobharlaigh uisce a shaibhriú agus a chuireann le rófhorbairt algaí. Nuair a dhianscaoileann siad sa deireadh, baineann siad ocsaigin den uisce, agus faigheann go leor speiceas bás ar ghrinneall na farraige dá bharr sin. Déan iarracht gan cur leis an bhfadhb agus úsáid glantaigh orgánacha. Agus téigh sa tóir ar leideanna glasa glantacháin eile – d'fhéadfadh seandaoine rud nó dhó a insint duit faoina bheith tíosach AGUS éiceolaíoch. Seasfaidh an chóireáil bhog seo do dhromchlaí oibre, d'fhabraicí agus d'urláir de do chuid, agus má éiríonn leithreas, doirteal nó draein blocáilte, bain triail as suncaire a úsáid. Beidh sé sin chomh maith le glantóir loiscneach, agus ní bheidh an baol céanna ann go ndéanfá dochar duit féin – agus don chomhshaol.

Page 25: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

25

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Urlár

An bhfuil an-tart ar an ithir faoi do theach?

Gach bliain san Eoraip, tá níos mó spásanna glasa á gcailleadh agus tuilleadh limistéir chónaithe, bóithre, foirgneamh agus infreastruchtúir á dtógáil againn. Ar ndóigh, tá an fhorbairt seo riachtanach go minic le tithe, naisc iompair agus poist a sholáthar do dhaoine áitiúla, ach nuair a chlúdaítear an talamh, cailltear príomhfheidhmeanna na hithreach. Ach, tá bealaí inar féidir le húinéirí tí cúnamh leis an nasc idir an ithir churtha seo a chaomhnú, agus dá bhrí sin cailleadh d'fheidhm ríthábhachtach draenála agus toilleadh stórála uisce a laghdú, rud a ligfeadh do shaol íosta ithreach maireachtáil. Mar shampla, más ag athlea-gan amach cabhsáin nó do ghairdín atá tú, smaoinigh ar ábhar scagach a úsáid, amhail asfalt scagach, scraith gairbhéil nó féar, rudaí a choinníonn an ithir i dteagmháil leis an atmaisféar agus a ligeann d'uisce a scagadh tríd. Mura leathann an t-uisce an ithir go nádúrtha, tá baol tuile ann. Mar sin de, déan iarracht é a ghabháil agus úsáid mhaith a bhaint as. Is féidir buta uisce a úsáid leis an uisce a ritheann as an díon a bhailiú agus é a úsáid sa ghairdín in ionad uisce ón sconna. Agus má mhothaíonn tú an-ghuasach, déan díon glas de do dhíon! De ghnáth, is féidir 'gairdíní' dín a chruthú ar shraith chaol ithreach. Ionsúnn siad uisce báistí, tacaíonn siad bithéagsúlacht agus soláthraíonn siad insliú. D'fhéadfá baile nua d'fhiadhúlra áitiúil a chruthú!

Ithir

Tá sé deacair a thuiscint an tábhacht leis an ithir. Tá sé ríthábhachtach don fhiadhúlra agus soláthraíonn sí na cothaithigh atá riachtanach chun an bia a chothaíonn muid a fhás, agus mar sin tá bainistíocht mhaith ithreach ríthábhachtach dár rathúnas sa todhchaí. Tá bainistíocht mhaith ar an ithir fíorthábhachtach mar sin, i dtaca lenár rath sa todhchaí, ach bíonn tionchar ag díghrádú na hithreach trí ró-innilt, dífhoraoisiú agus droch-chleachtais talmhaíochta ar na milliúin duine, go háirithe trí mhíchothú. Tá bealaí simplí inar féidir linn cuidiú, mar shampla, níos lú feola a ithe, adh-mad a roghnú ó fhoraoisí atá bainistithe go hinbhuanaithe agus bia orgánach a cheannach.

Page 26: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

26

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Plandaí

Cén chaoi ar féidir le fás plandaí a bheith ina údar do dhearóiliú an phláinéid?

Má thaitníonn an gairdín leat agus más ábhar imní duit sláinte an phláinéid, bí cúramach agus múirín á chean-nach agat. Tá an chuma ar thailte portaigh gur achair mhóra talún murtallaí báite iad, ach baineann an-táb-hacht lena n-ithreacha. Bíonn fiadhúlra neamhchoitianta ag maireachtáil ann, cabhraíonn siad leis an mbithéagsúlacht, táirgeann siad bia agus tá ról tábhachtach acu ó thaobh thimthriall an uisce de. Freisin stórálann siad carbón, a scaoiltear ar ais san atmaisféar nuair a dhéantar ithreacha móna a thochailt. Go deimhin, meastar go n-astaítear leathmhilliún tona de dhé-ocsaíd charbóin in aghaidh na bliana mar thoradh ar thochailt móna ó láithreáin sa RA amháin lena húsáid sa ghairneoireacht. Tá roinnt tíortha ag smaoineamh ar cháin a ghearradh ar mhúiríní atá bunaithe ar mhóin. Idir an dá linn, is smaoineamh maith é múirín a cheannach a bhfuil an lipéad 'saor ó mhóin' air nuair is féidir toisc go bhféadfadh idir 70 % agus 100 % de mhóin a bheith i múirín a bhfuil an lipéad 'ilchuspóireach' air. Tá sé níos fearr fós do mhúirín féin a dhéanamh. Níl aon bhealach níos fearr ann le cinntiú go bhfuil do chuid acmhainní á n-úsáid go tíosach agat ná do chuid dramhaíola bia nó gairdín a mhúiríniú agus é a úsáid chun níos mó plandaí a fhás.

Ispíní

Cé chomh minic is a itheann tú feoil?

Má itheann tú níos lú feola, laghdóidh sé an tionchar atá ag d'aiste bia ar an gcomhshaol – ach an bhfuil a fhios agat cén fáth? Ní amháin go mbíonn talamh ag teastáil chun beostoc a thógáil air, ach bíonn talamh breise ag teastáil chun na barra a fhás chun an beostoc sin a bheathú. Ceann de na barraí sin ná soighe a bhfuil an méid de a tháirgtear tar éis méadú faoi dhó le 15 bliana anuas, mar thoradh den chuid is mó ar úsáid mhéadaithe an bhairr i mbeatha ainmhithe. Is minic a dhéantar dochar dá bharr sin do ghnáthóga nádúrtha ar nós Cerrado na Brasaíle, ar sabhána ollmhór trópaiceach é, ina bhfuil 5 % de bhithéagsúlacht an domhain ag maireachtáil. Freisin cuireann beostoc go mór le hastuithe gáis ceaptha teasa, go háirithe trí mheatán a tháirgeadh, agus meastar go bhfuil sé freagrach as 8 % d'úsáid uisce ar fud an domhain. Éireoidh na brúnna sin go léir níos measa de réir mar a rachaidh an daonra i méid agus mar a fhásfaidh an t-éileamh ar fheoil, sna geilleagair éiritheacha ach go háirithe. Mar sin cad is féidir linn a dhéanamh faoi? Ar ndóigh, ní hé go mbeidh orainn a bheith inár veigeatóirí; mar sin féin, d’fhéadfaimis machnamh a dhéanamh ar níos lú feola a ithe, trí bhéilí a athrú beagán ó am go chéile sa chaoi is nach dteastaíonn feoil uathu. Mar shampla, cén fáth nach gcuireann tú roinnt trátaí amha agus roinnt muisiriún in anlann spaigití seachas paca feola mionaithe? Agus an rud is tábhachtaí, ná cuir feoil amú. Má chaitear feoil amach, ciallóidh sé gur cuireadh amú an fuinneamh agus an t-uisce luachmhar go léir a úsáideadh chun í a tháirgeadh.

Page 27: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

27

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Fón póca

An raibh a fhios agat gur rud luachmhar é do sheanfhón póca?

Bíonn athruithe tapa ar theicneolaíocht an fhóin póca na laethanta seo. Faigheann tú fón póca nua ag an Nollaig agus tá sé as dáta faoin samhradh. Is mór an cathú é d'fhón a uasghrádú gach cúpla bliain mar tá an oiread sin fón ar an margadh. Creid é nó ná creid, déanann go leor daoine amhlaidh: athraíonn trí cheathrú billiún síntiúsóirí fón póca san Eoraip a gcuid fón póca gach 18 mí ar an meán. Ciallaíonn sin go bhfuil fóin phóca uathúil: níl ráta athsholáthair chomh hard sin ag aon chatagóir eile de ghléas leictreonach. Cén fáth an ráta ard athraithe agus an bhfuil sé inbhuanaithe? Uaireanta tá fón nua de dhíth orainn má tá an seancheann damáistithe nó as feidhm, ach go minic táimid ag iarraidh an teicneolaíocht is déanaí a cheannach. Sula ritheann tú amach chun an múnla is déanaí a fháil, smaoinigh ar na hacmhainní a úsáide-adh sa táirgeadh agus cuir ceist ort féin an féidir leat d'fhón reatha a úsáid go ceann bliana eile. Bíonn mio-tail luachmhara i bhfóin nua, lena n-áirítear ór, copar, airgead agus platanam, chomh maith le go leor mianraí tearcithreach. Má shocraíonn tú ar uasghrádú a fháil, bí cinnte go ndéanann tú do sheanfhón a dhiúscairt go freagrach – tabhair do chara é, díol é nó athchúrsáil é. Ná fág i dtarraiceán é.

Mianraí

Tá mianraí i ngach áit. Tá siad in ár bhfearais tí, san fhón póca a iompraímid agus sa seodra a chaithimid. Ach, tagann baint na mianraí ag costas do dhaoine – trí dhúshaothrú saothraithe – agus don chomhshaol – trí thruailliú de na soláthair uisce mar shampla. Tá ról le himirt againn chun tionchar na bainte mianraí a laghdú trí shiopadóireacht go heiticiúil agus gan táirgí a cheannach ach amháin más gá sin a dhéanamh.

Page 28: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

28

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Clog aláraim

An bhfuil tú buartha faoi líon na gceallraí a úsáideann tú?

Gné riachtanach den saol nua-aimseartha atá againn iad ceallraí. Ach cuireann a dtáirgeadh, a n-úsáid agus a ndiúscairt isteach ar an gcomhshaol agus ní mór dúinn, mar sin, bealach a aimsiú chun iad a úsáid níos éifeachtúla. D'fhéadfadh an mearcair, an luaidhe agus an caidmiam atá le fáil i gceallraí dul isteach san ithir má chuirtear chuig láithreáin líonta talún iad, agus cuireann loscadh le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Is féidir gach ceallra a athchúrsáil – na cinn chaighdeánacha i do chlog aláraim agus na cinn speisialta i d'fhón póca, ceamara nó uaireadóir. Is féidir na mílte tonna miotal a aisghabhadh sa phróiseas a chur isteach arís i dtáirgeadh na gceallraí nua. Tugadh treoir Eorpach isteach ar na mallaibh le tuilleadh athchúrsála de che-allraí a spreagadh. Mar sin de, ba cheart go mbeifeá ábalta boscaí speisialta a aimsiú a cuireadh in áiteanna mar d'ollmhargadh áitiúil le seancheallraí a dhiúscairt go sábháilte agus go freagrach. Agus trí cheallraí in-athluchtaithe a cheannach, beidh tú ag sábháil airgid san fhadtéarma.

Cannaí sa chuisneoir

Cá dtéann an t-alúmanam ar fad?

Tá cúis mhaith d'alúmanam a bheith le fáil san oiread sin de ghnáthrudaí sa lá atá inniu ann, mar shampla cannaí dí, dlúthdhioscaí, frámaí rothair, agus uaireadóirí. Ní amháin gurb é alúmanam an miotal is fairsinge ar Domhan, ach tá sé ar cheann de na miotail is éifeachtúla freisin. Tá sé éadrom, láidir, frithbheartach agus in-athchúrsáilte go héasca. Leoga, trí tháirge a dhéanamh ó dhramhalúmanam, úsáidtear 95 % níos lú fuin-nimh ná trína dhéanamh ó bhunábhair. Tá alúmanam ar na hábhair is mó athchúrsáil san Eoraip. Mar sin de, bí cinnte go ndéanann tú gach is féidir leat a athchúrsáil – ní amháin na gnáthrudaí, amhail cannaí bia agus deochanna, ach ríomhairí, meaisíní níocháin agus fóin phóca, ina mbeidh roinnt alúmanaim gan amhras.

Page 29: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

29

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

An tolg

An mbíonn tionchar ar chaighdeán na cathaoireach is fearr leat ar an bpláinéad?

Bíonn. I gcás an chuid is mó de tháirgí, is cosúil go bhfuil siad saor – mar sin ceannaímid iad agus ní bhímid buartha faoi iad a chaitheamh amach cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a bhriseann siad nó nuair a éirímid bréan díobh. Níl úsáid mhaith á baint as acmhainní sa bhealach sin. Tá roinnt acmhainní ann atá saor leis an oiread sin ama go ndéanaimid talamh slán de go bhfuil siad flúirseach, nó ar a laghad nach bhfuil siad i mbaol. Ach ní léiríonn a bpraghas an fíorluach atá orthu nó cé chomh gann is a bheidh siad amach anseo. Úsáidtear a lán acmhainní chun troscán a dhéanamh. Mar sin, nuair a cheannaíonn tú rud éigin nua smaoinigh cé chomh fada is a mhairfidh sé. Smaoinigh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an chathaoir déanta go maith agus cibé acu a bheidh nó nach mbeidh tú fós tógtha léi i gceann dhá bhliain tráth a thiocfaidh athrú ar an bhfaisean. B'fhearr an deis nach mbeadh fonn ort fáil réidh le táirgí dá mbeidís deartha le maireachtáil i bhfad. Agus má bhriseann rud éigin, cén fáth nach gcuirfeá caoi orthu in ionad earraí ionaid a cheannach? Is de bharr gur múineadh dúinn earraí a chaitheamh le teann cleach-taidh sular tháinig acmhainní agus éiceachórais i mbaol. D'fhéadfadh go mbeadh sé níos éasca ná mar a cheapfá troscán briste a dheisiú. Agus déan machnamh ar na bealaí éagsúla a d'fhéadfaí na hábhair a athúsáid agus a athchúrsáil. Is féidir adhmad soladach a athúsáid, a athchúrsáil nó a dhó, agus tá sé fós go hiomlán in-bhithmhillte fiú má dhéantar é a dhumpáil.

Ciarsúir

Cad a tharlóidh dá n-imeodh foraoisí as chomh tapa is a imíonn do chiarsúir as?

Cé gur féidir táirgí páipéir aon uaire a dhéanamh ó pháipéar athchúrsáilte, táirgtear cuid mhór acu fós ó shnáithín nár briseadh riamh, i.e. adhmad a ghearrtar le haghaidh táirge páipéir. Nuair is féidir, déan iar-racht táirgí atá déanta as snáithíní athchúrsáilte a úsáid de bharr go n-úsáidtear níos lú fuinnimh chun iad a dhéanamh – agus sábháiltear crainn. Mura bhfuil táirgí a bhí go hiomlán athchúrsáilte ar fáil, féa-dann tú na lógónna FSC (An Chomhairle um Maoirseacht Foraoisí) nó PEFC (An Clár um Fhormhuiniú de Dheimhniú Foraoisí [Programme for the Endorsement of Forest Certification]) a chuardach, rudaí a thu-gann ráthaíocht go dtagann céatadán áirithe den snáithín nár briseadh riamh as foraoisí atá faoi bhai-nistíocht mhaith. Is ráthaíocht iontaofa eile é go bhfuil an táirge ceart á cheannach agat an tÉicilipéad Eorpach, rud atá inaitheanta ón lógó blátha.

Adhmad/fiodh

Idir leapacha, leabhair agus binsí páirce, tá an t-adhmad mar bhunús do go leor de na táirgí a ndéa-naimid talamh slán de go mbeidh siad ar fáil. Ach bíonn torthaí tromchúiseacha ag dífhoraoisiú ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí agus ní féidir linn coinsias glan a choimeád agus muid ag siopadóireacht ach má cheannaímid adhmad ó fhoinsí inbhuanaithe.

Page 30: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

30

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

An leaba

Caitheann tú trian de do shaol sa leaba, ach an bhfuil a fhios agat cá háit as ar tháinig an t-adhmad?

Níl gach leaba déanta as adhmad, ar ndóigh. Bíonn siad déanta as miotal nó ábhar sintéiseach chomh maith (coin-nigh súil in airde do chruach athchúrsáilte, mar shampla). Tá dhá bhuntáiste mór ag baint le hadhmad, áfach: Is acmhainn in-athnuaite, in-bhithmhillte é, agus bíonn a tháirgeadh ina chúis le níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le hábhair eile. Ní chiallaíonn sé sin go mbíonn leabaí adhmaid inbhuanaithe i ngach uile chás áfach. Tosaíonn na táirgí adhmaid agus páipéir uile a cheannaímid amach i bhforaois. Agus cé go dtagann cuid mhaith den adhmad a úsáidimid ó fhoraoisí dea-bhainistithe, tagann cuid den adhmad ó fhoinsí eile. Is fadhb mhór í an logáil neamhdhleathach a chuireann go mór le hastaíochtaí carbóin, leis an easáitiú pobail, agus leis an scrios gnáthóg nádúrtha. Mar sin conas is féidir leat a bheith cinnte gur táirgeadh rud éigin a roghnaíonn tú go hinbhua-naithe gan dochar a dhéanamh do dhaoine ná d'ainmhithe? Nuair a cheannaíonn tú táirgí adhmaid, coinnigh súil in airde do lógó FSC (An Chomhairle um Maoirseacht Foraoisí) nó PEFC (An Clár um Fhormhuiniú de Dheimhniú Foraoisí [Programme for the Endorsement of Forest Certification]), rudaí a dheimhníonn gur as foraoisí dea-bhai-nistithe a tháinig an t-adhmad sin. Nó d'fhéadfá troscán athláimhe a cheannach Ar an mbealach sin is féidir leat airgead a shábháil freisin – agus seachnófar na fadhbanna móra comhshaoil sin!

Páipéar (rolla) cistine

An gcaithfidh tú páipéar cistine a úsáid i gcónaí chun glanadh?

Is táirge fóinteach, ilúsáideach é an páipéar cistine, ach déan iarracht é a úsáid go héifeachtúil. D'fhéadfadh go mbeadh páipéar cistine níos láidre beagáinín níos costasaí ach úsáidfidh tú níos lú de. Smaoinigh conas a rinneadh an táirge. Tá Éicilipéad an AE ar roinnt táirgí anois agus ciallaíonn sé go ndearnadh an táirge gan dul i bhfeidhm go mór ar an gcomhshaol. Agus nuair a chuireann tú de láimh é, ná déan dearmad gur féidir é a chur leis an múirín ar chuntar nach bhfuil aon cheimiceán díobhálach air.

Page 31: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

31

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Luibheanna

Conas is féidir luibheanna a fhás gan ghairdín agat?

Tríd an luibh cheart a chur leis is féidir difear a dhéanamh idir béile maith agus béile den scoth. Ach, bíonn luibheanna réamhphacáistithe costasach agus ní bhainimid úsáid go minic ach as píosa beag in oideas agus caithimid an chuid eile sa bhosca bruscair. Má tá sé sin déanta agat cén fáth nach gcuirfeá tús le do ghairdín luibheanna féin? Trí do luibheanna féin a fhás, déanann tú acmhainní a choigilt ar bhealach iontach. Smao-inigh ar an bhfuinneamh go léir a chuirtear isteach i dtriomú, pacáistiú agus iompar na luibheanna – fuinn-eamh is féidir leat a choigilt trí do luibheanna féin a fhás. Ní gá gairdín a bheith agat le tús a chur le luibheanna a fhás. Tá leaca fuinneog grianmhara foirfe le síobhais, miontas, basal, peirsil, sáiste agus tím a fhás (gan phiobair, miontrátaí agus cillí a lua). Cuimhnigh aire a thabhairt do do phlandaí. Gearr agus úsáid iad go minic le fás cochallach a spreagadh agus nuair is féidir iad a chur i múirín saor ó mhóin. Sula mbeidh a fhios agat beidh tú ábalta do luibheanna féin a chur le d'anlann 'tráta brúite' a rinneadh sa bhaile!

Bithéagsúlacht

Is é atá i gceist le bithéagsúlacht éagsúlacht shaibhir na bhfoirmeacha beatha ar ár bpláinéad. Dá mhéad bithéagsúlachta atá in éiceachóras, is ea is sláintiúla atá sé agus is airde an seans atá ag na speicis atá ann teacht slán. Táimid ag brath ar bhithéagsúlacht le haghaidh go leor earraí agus seir-bhísí – bia, uisce, ithirthorthúlacht agus stóráil carbóin. Tá saibhreas na bithéagsúlachta ina fhoinse phléisiúir – agus fhóillíochta Ach, nuair a shaothraímid an dúlra le haghaidh ár leasa sa ghear-rthéarma, trí fhoraoisí a leagan nó trí ró-iascaireacht ar an bhfarraige, is daor ar an tsochaí é san fhadtéarma. Chun cabhrú le bithéagsúlacht a chothabháil ba cheart dúinn an nádúr a chosaint agus na táirgí agus seirbhísí a roghnú is lú a dhéanann damáiste agus truailliú.

Page 32: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

32

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Scéim na mboscaí glasraí

An féidir liom bia sláinte inbhuanaithe a fháil díreach chun an tí?

Má bhíonn siopadóireacht le haghaidh glasraí deacair ort, beidh áthas ort a fháil amach gur bealach i bhfad 'níos glaise' é do chuisneoir a líonadh do chuid earraí a bheith seachadta. Ní amháin go dtairgeann ollmhar-gaí seirbhísí seachadta, ach oibríonn méid gnóthas áitiúil atá ag fás scéimeanna boscaí glasraí nuair a sheachadtar torthaí agus glasraí díreach chun an tí. Tá go leor buntáistí leis na scéimeanna seo. Tabharfaidh tú tacaíocht d'fheirmeoirí áitiúla agus mílte bia á laghdú chomh maith; ní gá a bheith ag tiomáint, rud a dhéanfaidh astuithe carbóin a laghdú agus beidh ráth ann go mbeidh an bia úr. Le scéim éiceabhách a chinntiú déan seiceáil go soláthraíonn sí toradh áitiúil agus go n-úsáideann sí torthaí agus glasraí séasúra-cha, agus cuardaigh scéimeanna ionraice a thugann eolas ar na táirgí atá le teacht agus cá huair a bheidh siad agat. Déan iarracht scéimeanna a aimsiú a sholáthraíonn glasraí orgánacha mar úsáideann modhanna táirgthe orgánacha níos lú ceimiceán agus níos lú leasacháin. Tabharfaidh scéimeanna boscaí smaointe oidis duit le haghaidh na dtáirgí a sholáthraíonn siad, agus trí níos mó glasraí agus níos lú feola a ithe beidh buntáistí ann i dtaca le héifeachtúlacht acmhainne agus do shláinte féin. Sa deireadh, má bhaineann tú triail as scéim na mboscaí glasraí don chéad uair, tosaigh le bosca níos lú ionas nach gcuirtear bia amú.

Plandaí

An féidir le plandaí drochbholaithe a bhaint?

Bealach den scoth chun an dúlra a thabhairt isteach i do theach is ea iad plandaí tí, ach an raibh a fhios agat go bhfeidhmíonn siad mar scagairí nádúrtha aeir agus go gcuireann siad bac ar shlaghdáin freisin? Baineann plandaí suas le 87 % d’ábhair orgánacha so-ghalaithe – ábhair atá le fáil i snáithíní saorga, málaí plaistea-cha, péint, dúigh agus deatach toitíní – den aer taobh istigh de 24 uair, de réir taighde atá déanta ag NASA. Tarraingíonn na plandaí na toscainí isteach san ithreach, áit a dtiontaíonn orgánaigh iad ina mbia don phlanda. Roghnaigh plandaí tí a ghlanann an t-aer mar sin in áit do theach a thruailliú trí úraitheoirí aeir ceimiceacha a úsáid nach ndéanann ach drochbholaithe a mhascadh in áit iad a ruaigeadh. Ina theannta sin, súnn plandaí tí dé-oscaíd charbóin isteach agus scaoileann siad oscaigin i rith an lae, a mhalairt ar fad den rud a dhéa-naimidne agus muid ag análú. Ciallaíonn sé sin go n-ardaíonn siad na leibhéil ocsaigine sa seomra. Anuas air sin, toisc go scaoileann siad don aer an chuid is mó den uisce a shúnn siad isteach, cruthaíonn siad bogthaise agus cabhraíonn sin le casachtaí, slaghdáin, scornacha tinne agus craiceann tirim a laghdú sa timpeallacht laistigh. Agus tú ag roghnú planda tí, déan do rogha bunaithe ar an solas agus ar na dálaí eile fáis. Ná cuir uisce ar phlandaí ach amháin nuair atá an ithir ar an dromchla tirim, agus cuir uisce orthu go dtí go bhfuil na poill draenála tais.

Page 33: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

33

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Bláthanna

Cé chomh fada is a thaistil na bláthanna seo leis an áit seo a bhaint amach?

Tá bláthanna ina bhealach nádúrtha den scoth do theach a ghealadh agus a úrú, ach d'fhéadfadh tionchar sun-tasach a bheith acu ar an gcomhshaol freisin. Iompórtáladh cuid mhór de na bláthanna a cheannaítear san Eoraip gach bliain ó thíortha ina bhfuil easpa uisce. Mar sin, fástar iad ag úsáid na hacmhainne lómhaire seo. Ar ndóigh, is féidir le tionscadal na mbláthanna ioncam tábhachtach a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha, ach tá díospóireacht ann fós ar cheart dúinn a bheith ag fás bláthanna in ionad bia in áiteanna sa domhan ina bhfuil easpa uisce. Chomh maith leis sin, iompraíodh bláthanna agus plandaí a iompórtáladh ón Afraic faid fhada san aer agus is minic a fásadh iad trí leasacháin agus lotnaidicídí dochracha a úsáid. Tríd is tríd, déan iarracht bláthanna orgánacha nó bláthanna a fásadh go háitiúil a cheannach nuair is féidir. Má tá tú ag ceannach bláthanna a iompórtáladh, roghnaigh bláthanna a bhí deimhnithe ag Fairtrade, rud a chiallaíonn go bhfuair na hoibrithe cóir chothrom ón soláthróir agus go ndearna an soláthróir infheistíocht i dtionscadail sóisialta nó com-hshaoil. Ceannaigh bláthanna atá i séasúr – sa dóigh sin beidh tú cinnte nár fásadh iad i gcoinníollacha bréaga-cha i dtithe gloine ag úsáid a lán fuinnimh agus uisce. Níos fearr arís, fás do bhláthanna féin? Ní amháin go ndéanfaidh siad do ghairdín a mhaisiú, ach tarraingeoidh siad beacha agus féileacáin.

Éadaí leapa

Ar bhain siad úsáid as lotnaidicídí le do bhraillíní cadáis a dhéanamh?

Is gnó mór é cadás. Tá 30 milliún feirmeoir cadáis ar fud an domhain agus clúdaíonn cadás 2.4 % de thalamh feirme an domhain. Ach, an raibh a fhios agat freisin go dtagann thart faoi 50 % de na lotnaidicídí in úsáid i bhfeirmeoireacht as saothrú an chadáis? Tá riachtanas againn go léir le haghaidh éadaí leapa, ach tá bealaí ann chun cinntiú go bhfuil tionchar beag ar an gcomhshaol ag an éadaí leapa a cheannaíonn tú. Coinníonn, nó fiú feabhsaíonn, táirgeacht orgánach torthúlacht na hithreach agus coinníonn sé an screamhuisce agus na haibhneacha saor ó cheimiceáin sintéiseacha. Baintear úsáid as a lán uisce freisin le cadás a dhéanamh. Má ghlacann sé 2 700 lítear le t-léine amháin a dhéanamh, smaoinigh ar an méid a ghlacann sé le d'éadaí leapa a dhéanamh! Úsáid d'éadaí leapa chomh fada agus is féidir, agus nuair a bheidh tú réidh leis athchúrsáil é. Nuair is gá é a athsholáthar, bí cinnte go mairfidh an éadaí nua – is minic a mheathlaíonn teicstílí saora go tapa agus caitear amach iad gan mhoill. Smaoinigh ar an tionchar sóisialta ag an gcadás a cheannaíonn tú. Tugann lipéid Fair-trade ráthaíocht gur fásadh an cadás ag ardchaighdeáin eiticiúla agus comhshaoil.

Page 34: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

34

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Lóis choirp

Cén bharúil a bheadh ag órang-útan ar do lóis choirp?

Ní hiad na ceimiceáin amháin atá i do ghallúnach agus do tháirgí cithfholctha a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol. An raibh a fhios agat, mar shampla, gurbh fhéidir le do rogha de ghlóthach cithfholctha nó lóis choirp éifeacht díreach a bheith aige ar dhífhoraoisiú ar an taobh eile den domhan? Úsáidtear ola phailme i dtáirgí éagsúla – ó chosmaidí go bia – lena ndéanamh níos uachtarúla, ach ní fhásann pailmeacha ach sna Trópaicí, mar shampla sa Mhalaeisia agus san Indinéis.

Mar gheall ar an éileamh ar phailme atá ag fás, gearrtar mórcheantair sna foraoisí báistí agus draenáiltear píosaí ollmhóra de thalamh portaigh le fáschoillte ola phailme a chur. Ní amháin go gcuireann sé seo le hathrú aeráide, ach deifríonn sé scrios na gnáthóige nádúrtha de na speicis atá i mbaol, mar atá an t-órang-útan agus an tíogar Sumatrach, agus deifríonn sé díláithriúchán na ndaoine áitiúla atá ag brath ar an bhforaois le haghaidh bia agus foscaidh. Ligeann na dlíthe lipéadaithe reatha do dhéantúsóirí ola phailme a liostú mar ola phlandúil gan méid na hola pailme atá ann a leagan amach ar an bpacáiste. Nuair a cheannaíonn tú táirgí, cuardaigh ola phailme atá deimhnithe mar inbhuanaithe. Tríd é seo a dhéanamh, is féidir leat an nasc idir ola phailme agus dífhoraoisiú a bhriseadh agus brú a chur ar chomhlachtaí gealltanas a thabhairt maidir le táirgeadh d'ola phailme inbhuanaithe.

Caife

An bhfuil fonn ort 140 lítear uisce a ól le do bhricfeasta?

Don chuid is mó daoine, tá cupa caife ná tae na maidine mar chuid dár ngnáthamh laethúil, ach tá an bheirt tháirge seo ag brath go mór ar acmhainní. Tá fuinneamh agus uisce riachtanach ag gach céim den slabhra soláthair, ó tháirgeadh agus iompar tríd go dtí próiseáil agus úsáid. Ina dhiaidh sin d'fhéadfaí bainne agus siúcra a chur leis an gceist. Tuigeann soláthróirí caife agus tae gur gá a chinntiú go mbeidh siad ábalta leanúint ar aghaidh le táirgeadh caife agus tae go ceann blianta fada agus iad ag amharc i dtreo scéimeanna inbhuanaitheachta (mar atá Rainforest Alliance, Fairtrade agus Utz Certified) le fianaise a thairiscint do thom-haltóirí go bhfuil dea-chleachtas ar bun acu. Tá na scéimeanna seo uile éagsúil ach bunaithe ar na prionsa-bail chéanna: caighdeáin inbhuanaitheachta sóisialta, comhshaoil agus geilleagair a leagan amach i dtaca le táirgeadh caife agus tae. Nuair is féidir, roghnaigh táirgí ar a bhfuil a lógónna; sa dóigh sin beidh tú cinnte gur rinneadh an táirge chuig na caighdeáin seo. Ó, rud amháin eile: má cheannaíonn tú caife le hiompar amach go rialta, tóg do chupa féin leat.

Page 35: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

35

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Táirgí glantacháin

Cé chomh glan is atá do tháirgí glantacháin?

Is príomhtháscaire é ar inbhuanaitheacht an táirge cé chomh minic is a athsholáthraíonn tú é. Is samplaí maithe iad táirgí glantacháin ar an dóigh le húsáid acmhainní a bharrfheabhsú. Tagann a lán cineálacha táirgí glantacháin, ó ghlantaigh go glantóir fuinneoige, i bhformáidí tiubhaithe, rud a chiallaíonn go bhfuil méid níos lú den táirge riachtanach leis an toradh céanna a bhaint amach, i gcomparáid le táirge malartach nach bhfuil tiubhaithe. Úsáidtear níos lú plaistigh le buidéil níos lú, rud a chiallaíonn go bhfuil níos lú breosla riachtanach leis na táirgí a iompar agus tá níos lú pacáistithe agatsa le hathchúrsáil tar éis úsáide. Is tábhachtach le táirgí tiubhaithe an méid ceart a úsáid. Bí cinnte go léann tú an lipéad go cúramach. Seachas sin tá an obair a rinne an déantúsóir le héifeachtúlacht acmhainne an táirge a fheabhsú scriosta agat.

Iasc

Trí iascaigh inbhuanaithe an féidir leat iasc a ithe ar feadh do shaoil?

Tá an sean-nath cainte a deir go bhfuil cuid mhór iasc eile san fharraige faoi dhíospóireacht i láthair na huaire. Is é, is acmhainní coitianta iad na héisc, ach is acmhainn iad nach ndéanaimid bainistíocht orthu ar bhealach inbhuanaithe. Tá ró-iascaireacht ag dul ar aghaidh i dtaca le 70 % de stoic aitheanta in a lán d’uiscí na hEorpa. Rinne an tAontas Eorpach athchóiriú le gairid ar a bheartas iascaireachta chun stoic a thabhairt ar ais chuig leibhéil atá inbhuanaithe. Is féidir linne mar thomhaltóirí ár gcuid a dhéanamh san idirthréimhse chun cabhrú le haisghabháil na stoc. Agus iasc á cheannach agat, cuardaigh lipéad amhail MSC (Marine Stew-ardship Council) a léiríonn gur glacadh na héisc ó cheantar iascaireachta inbhuanaithe. Chomh maith leis sin, bain triail as cineál éagsúil ó am go ham. Tá na speicis mhór-éilimh, mar atá trosc, cadóg, cloicheáin agus tuinnín (tuinnín gorm ach go háirithe) i measc na speiceas ró-iascaireachta agus glacann sé am na stoic a aisghabháil. Bíonn blas ar iasc geal malartach amhail mangach agus glasán atá chomh maith leis an mblas ar throsc agus ar chadóg, agus iad níos saoire de ghnáth. Nó bain triail as iasc orgánach ó fheirmeacha éisc deimhnithe: faoi láthair níl ach bradán agus breac a ndéantar feirmeoireacht orgánach orthu ar fáil, ach ba chóir go mbeadh speicis eile ar fáil gan mhoill, mar atá trosc, haileabó agus doingean mara.

Page 36: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

36

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Mil

An raibh a fhios agat go bhfuil ár saolta i lámha (cosa) na mbeach?

Glacann sé cuid mhór iarrachta, fuinnimh agus ama chun an bia a chuirimid inár gciseáin siopadóireachta gach seachtain a tháirgeadh. Caithfimid buíochas a ghabháil leis na beacha mar gheall ar chuid mhór den iarracht sin. Déanann na beacha níos mó ná mil a tháirgeadh: níos tábhachtaí arís feidhmíonn siad mar phail-neoirí. Go deimhin, tá 80 % dár mbairr bhia ag brath ar fheithidí le haghaidh pailnithe. Ach, tá beacha ag dul i laghad i mórán tíortha mar gheall ar chomhcheangal de thruailliú comhshaoil, lotnaidí talmhaíochta, galair agus gnáthóga atá ag athrú. Is féidir leat tacú leis na beacha trí chomhshaol atá báúil do phailneoirí a chruthú i do ghairdín féin. Tá formhór na bplandaí sna finte róis, mismín, pise agus astair feiliúnach chuige seo. Agus más mian leat difear dáiríre a dhéanamh, bí i do bheachaire. Níl mórán deacrachta ag baint leis an obair agus níl trealamh costasach de dhíth ort – is féidir leat an chuid is mó den trealamh a dhéanamh tú féin.

Page 37: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

37

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Deochanna

Más drochrud é bia a chur amú, céard faoi dheochanna?

Ní hé bia amháin a chaithimid amach – smaoinigh ar an deoch a dhoirtear síos an doirteal gach lá. Gach uair a chaitheann tú deoch amháin ní hamháin go bhfuil an leacht é féin á chur amú: cuirtear amú an t-uisce agus an fuinneamh a úsáideadh chun na barra a fhás, chun an deoch a phróiseáil, chun an mho-narcha a ghlanadh agus chun an deoch a caitheadh amach a chóireáil sna hoibreacha séarachais. Mar is amhlaidh don bhia tá roinnt bealaí simplí ann le laghdú a dhéanamh ar an méid dí a chuirimid amú. Ná déan ach an méid ar cosúil go n-ólfaidh tú é, go háirithe i gcás deochanna mar thae agus chaife a úsáid-tear go leor acmhainní chun iad a dhéanamh; ceannaigh deochanna comhdhlúite, a úsáideann an méid céanna pacáistiú ach a mhaireann níos faide ná deochanna neamh-chomhdhlúite; agus déan iarracht táirgí nach bhfuil go hiomlán úr a úsáid – mar shampla, d'fhéadfá fíon bhreise a chur le trátaí boga agus le luibheanna a d'fhás tú féin chun anlann a dhéanamh.

An ciseán torthaí

Cé chomh fada a thaisteal an t-anann sin chun do chiseán torthaí a bhaint amach?

Moltar dúinn cúig cuid de thorthaí agus de ghlasraí a ithe gach lá, ach tá deacrachtaí eiticiúla ag baint le torthaí a roghnú. Tá go leor eagraíochtaí ann fós nach bhfuil cinnte cén chomhairle ar cheart dóibh a thab-hairt. I ndeireadh na dála, níl fad an turais a dhéanann an toradh chomh tábhachtach agus a cheapaimid. Is minic a cheaptar go gcuireann mílte bia go mór leis an tionchar ar an gcomhshaol. Ar ndóigh má she-oltar torthaí agus glasraí ar an eitleán, cuireann a dturas le hastuithe carbóin. Ach le linn séasúr áirithe, bíonn tionchar níos lú ag torthaí allmhairithe ná torthaí a fhástar sa bhaile (i dtithe gloine, mar shampla). Ach is í an fhírinne ná gur gá dúinn go léir níos mó torthaí agus glasraí a ithe – agus gur gnách go mbíonn tionchar níos lú ag torthaí ar an gcomhshaol i gcomparáid le bianna eile mar tháirgí déiríochta, pasta agus feoil. Mar sin ná bí ró-bhuartha faoi thorthaí, ach nuair is féidir, roghnaigh bia áitiúil atá ina shéasúr féin, agus orgánach, go hidéalach. Freisin cuardaigh le haghaidh lipéid Fairtrade nó Rainforest Alliance a thab-harfaidh ráthaíocht go bhfástar táirgí de réir caighdeán ard eiticiúil agus comhshaoil.

Dramhaíl

Nuair a chuirimid táirge amú cuirimid gach acmhainn a úsáidtear ina shaolré amú – ón táirgeadh go dtí an diúscairt. Bí ag smaoineamh faoin gcomhthionchar comhshaoil de na hacmhainní caillte sin agus déan athchomhairle an chéad uair eile a chaitheann tú rud sa bhosca bruscair.

Page 38: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

38

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Trátaí lofa

An gcaithfidh tú sean-trátaí a chur sa bhosca bruscair?

Níl sé inbhuanaithe bia a chur sa bhosca bruscair. Smaoinigh ar na hacmhainní a úsáidtear chun an bia i do chuisneoir a fhás, a phacáil, a iompar agus a stóráil; smaoinigh ar an bhfuinneamh agus an uisce a chuirtear amú nuair a chaitheann tú amach é. Gach bliain, caitheann na hEorpaigh amach na mílte tonna de bhia, agus bíonn an chuid is mó den bhia sin maith go leor le hithe. Meastar sna staidéir a dhéantar sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe go gcaitheann teaghlaigh amach thart ar cheathrú den bhia a cheannaíonn siad – agus i bhfad níos mó b'fhéidir. Bíonn cuid mhór den bhia sin fós ceart go leor le hithe. Dá n-íosfaí é shábhálfaí an oiread sin carbóin go mbeadh sé riachtanach aon ghluaisteán amháin as ceithre ghluaisteán a thógáil den bhóthar chun an méid céanna a shábháil. Tá sé éasca cabhrú le cosc a chur ar chur amú bia. Má tá trátaí ró-bhog le hithe mar atá siad d'fhéadfá iad a úsáid in anlann nó in anraith. Ansin ní bheidh ort crúsca d'an-lann próiseáilte réamhdhéanta a cheannach; mar sin sábhálfaidh tú airgead agus cabhróidh tú leis an gcom-hshaol. Ní hamháin sin: Beidh blas níos fearr uirthi agus tá sí níos sláintiúla.

Scamhacháin/blaoscanna uibhe

Cár féidir do chuid scamhachán glasraí a chur?

Go hidéalach, is féidir scamhacháin agus blaoscanna uibhe a chur i ngabhdán múirínithe agus a úsáid mar mhúirín chun feabhas a chur ar chaighdeán na hithreach i do ghairdín. Bealach 'glas' eile le dramhaíl chistine dhosheachanta a úsáid ná piastlann. Féadann tú do phiastlann féin a dhéanamh agus úsáid á baint as sean-bhosca bruscair nó bosca cairtchláir. I roinnt ceantar bailíonn na húdaráis áitiúla dramhaíl chistine agus baine-ann siad úsáid aisti chun múirín a dhéanamh ar scála mór, nó seolann siad le haghaidh díleá anaeróbaigh í áit a mbriseann frídí síos an bia chun bithghás a dhéanamh ar féidir a úsáid le haghaidh teasa agus leictreachais. Déan cinnte nach gcuireann tú ach an dramhaíl cheart sa bhosca bruscair, mura ndéanann tú amhlaidh d'fhéadfá do bhosca bruscair a thruailliú le dramhaíl pacáistithe.

Tá biachlár na seachtaine ar an gcuisneoir

An bhfuil a fhios agat conas airgead a shábháil nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht?

Gach bliain, caithimid amach cuid mhór den bhia a cheannaímid, agus go leor de fós ceart go leor le hithe. Is é an bealach is fearr leis an méid bia a chaitheann tú amach a laghdú ná pleanáil cad a íosfaidh tú. Ar dtús, seiceáil chun a fháil amach cén bia atá agat cheana féin sula dtéann tú chuig na siopaí; ar an mbealach sin ní cheannóidh tú rudaí atá agat sa bhaile. Ansin, déan liosta de na béilí a bhfuil sé ar intinn agat a ullmhú le linn na seachtaine agus na comhábhair a bheidh uait chun gach béile a chócaráil; ar an mbealach sin cinnte-oidh tú nach gceannóidh tú ach an bia a theastaíonn uait. Má tá tú ag cócaráil le haghaidh teaghlaigh, d'fhéadfá iarraidh ar dhuine amháin acu cabhrú leis an liosta. Ar an mbealach sin gheobhaidh siad a rogha béile féin, agus freisin smaoineoidh an teaghlach ar dhramhaíl bia ar ábhar tábhachtach é.

Page 39: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

39

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Úlla pacáistithe

Cé mhéad pacáistithe a theastaíonn le haghaidh úll?

Bíonn a bpacáistiú nádúrtha féin ag an gcuid is mó de thorthaí agus mar sin is annamh a bhfuil gá níos mó pacáistithe a chur leo. Má thugtar rogha duit idir paca úll agus úlla scaoilte a cheannach, smaoinigh ar na hacmhainní breise nach bhfuil riachtanach a úsáidtear chun an pacáistiú a dhéanamh, a iompar agus a dhiús-cairt. I gcás torthaí réamh-phacáistithe seans go bhfaighfeá go gceannófá níos mó torthaí ná mar a bheadh ag teastáil uait agus go gcuirfeá an chuid eile sa bhosca bruscair, agus go mbeadh tionchar an úill ar an gcomhshaol i bhfad níos mó dá bharr sin. Is iontach an smaoineamh é níos mó torthaí a ithe, áfach: ní ham-háin go bhfuil sé sláintiúil, ach is gnách nach mbíonn an tionchar céanna acu ar an gcomhshaol agus a bhíonn ag bianna eile mar earraí déirí agus fheoil.

Gabhdán múirín

Déan ór dubh as dramhaíl bia

Tá sé léirithe ag staidéir go gcuireann an Eoraip 90 milliún tonna bia amú gach bliain, agus ní áirítear na hearnálacha talmhaíochta agus iascaireachta leis an bhfigiúr sin. Déan machnamh ar na himpleachtaí – an fuinneamh agus na hacmhainní sin ar fad a bhí ag teastáil chun bia a fhás, a stóráil, a iompar agus a dhiús-cairt, agus is é an deireadh atá leis an mbia sin ar fad ná a bheith caite sa bhosca bruscair. Tá tú in ann an díobháil sin a mhaolú má dhéanann tú múirín as do dhramhaíl bia.

Díscaoiltear dramhaíl bia le haer agus déantar múirín saibhir as, rud a chabhraíonn le plandaí fás go maith agus a laghdaíonn an gá le huisce, leasacháin agus lotnaidicídí. Feabhsaíonn múirín struchtúr agus cion cothaitheach na hithreach, rud a chuireann ar a cumas níos mó uisce a choinneáil. Tá ithir mhéith in ann lot-naidí agus galair a threascairt mar gheall ar an mbia-eangach casta a dtacaíonn sí léi. Ach ní bhíonn soláthar aeir ag an dramhaíl bia a chuirtear chuig líonadh talún agus astaíonn sé meatán, ar gás ceaptha teasa láidir é. Is ar éigean go dtairgtear aon mheatán ar chor ar bith má dhéantar an dramhaíl chéanna a mhúiríniú.

Má dhéanann tú múirín sa bhaile, beidh soláthar leanúnach ábhair agat chun ithir a fheabhsú le haghaidh do ghairdín agus do phlandaí tí. Bíonn bailiúcháin cathartha dramhaíola bia in ann dramhaíl bia a láimhseáil go sábháilte le haghaidh córais athchúrsála lárnacha, leithéid múiríniú nó díleá anaeróbach.

Page 40: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

40

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Buidéil agus crúscaí gloine

Ag iarraidh fáil amach cén fáth a bhfuil gloine ina hábhar den scoth?

Cé go bhfuil sí 5 000 bliain d'aois, níl an chuma ar an scéal go mbeidh gloine as faisean gan mhoill – agus cúis mhaith leis. Is féidir í a athúsáid go hiomlán agus a athchúrsáil arís agus arís. Ceannaigh deochanna i mbuidéil in-athúsáidte más féidir: is féidir buidéil ghloine a athúsáid go sábháilte an oiread sin uaireanta gan teorann, mar ní chailleann siad a gcuid gnéithe agus tá siad furasta a ní. Má tá scéimeanna ann i do cheantar chun aisíocaíocht bheag a fháil má thugann tú buidéil fholmha áirithe ar ais chun go dtabharfaí ar ais don mhiondíoltóir iad, bain úsáid as na scéimeanna sin. Ina dhiaidh sin, cuirtear buidéil ar ais chuig an táirgeoir, áit a mbaintear úsáid astu arís agus arís eile, agus ní íocann tú ach as an deoch – ní an pacáistiú. Mar rogha air sin, úsáid mar ghabhdáin dí iad, nó chun coinnle nó pinn luaidhe a choinneáil le chéile. Má tá claonadh agat i dtreo na cruthaíochta, déan iad a uaschúrsáil mar raca cótaí, mar lampa nó mar chrann solais déanta as gloine. Mar rogha air sin, tabhair do sheanchrúscaí agus do sheanbhuidéil do dhuine éigin eile a bheidh in ann iad a úsáid. Nuair a thugann tú gloine chuig an ionad ath-chúrsála, déan machnamh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuil tú ag cabhrú lena laghdú: d'fhéadfadh an fuinneamh a shábháiltear ó athchúrsáil buidéil amháin cumhacht a sholáthar do theilifís ar feadh 20 nóiméad.

Ríomhaire briste

Maoin i bhfolach sa bhaile

An raibh a fhios agat go mbíonn miotail luachmhara ar chláir chiorcaid ríomhairí agus i bhfóin phóca, lena n-áirítear ór agus airgead? Nó go bhfuil ar chuideachtaí mianadóireachta tonna méine a eastóscadh chun gram óir a fháil? D’fhéadfaí an méid céanna óir a bhailiú ó 41 seanfhón póca? Agus baintear úsáid as 7 500 tonna airgid gach bli-ain chun ríomhairí pearsanta, fóin phóca agus gléasanna leictreonacha eile a dhéanamh. Is féidir miotail eile a bhíonn in earraí leictreonacha a athchúrsáil go héasca. Is féidir alúmanam a leá agus a ateilgean ach níl ag teastáil chuige sin ach díreach 5 % den fhuinneamh a bhí ag teastáil chun é a tháirgeadh ón amhábhar, báicsít. Agus is féidir cruach a athchúrsáil agus a athfhoirmiú chun droichid, ráillí traenach, gluaisteáin agus rothair a dhéanamh, chomh maith le fáiscíní páipéir agus cannaí bia. Tá miotail luachmhara gann agus déanann mianadóireacht díobháil don chomhshaol, ach mar sin féin caithimid giuirléidí amach go fánach. Tugtar dramhaíl leictreach agus leictreonach ar a leithéid de dhramhaíl, agus tá sé ar cheann de na sruthanna dramhaíola is mó a bhfuil fás ag teacht air san Eoraip agus méadú idir 3-5 % air in aghaidh na bliana. Má tá seanteilifíseán, nó sean-fhón nó seanríomhaire agat atá ag feidhmiú i gcónaí, cén fáth nach dtugann tú do dhuine eile é, nó cén fáth nach ndíolann tú é chun fad a chur lena shaol úsáideach? Cabhróidh sé sin an t-éileamh ar mhianadóireacht amhábhar a laghdú, rud a chaomhnófaí acmhainní nádúrtha. Mura bhfuil sé ag obair a thuilleadh, aimsigh cuideachta áitiúil a dhéanann athchóiriú ar sheanghléasanna. Cabhróidh sé sin le fostaíocht sa gheilleagar ciorclach agus cinnteoidh sé go mbeidh fáil níos mó ar ghiuirléidí inacmhainne. D’ainneoin na hiarrachtaí atá déanta ag an AE chun na rátaí bailiúcháin agus athchúrsála a fheabhsú, tá cainníochtaí móra dramhaíl leictreonach á seoladh thar lear (go mídh-leathach) chuig an Afraic agus an Áise, áit a ndéanann daoine áitiúla, leanaí san áireamh, na comhpháirteanna a dhíchóimeáil de láimh chun an dramh-mhiotal a aisghabháil, agus dónn siad an chuid eile, rud a scaoileann múch tocsaineach don aer agus a éillíonn bia, ithir agus uisce dromchla. An chéad uair eile a mbeidh dramhaíl leictre-onach agat le caitheamh amach, bí cinnte go dtéann tú go dtí an pointe bailiúcháin cuí leis – agus d’fhéadfá fáil amach ó d’údarás áitiúil an chaoi a gcaitheann siad leis an dramhaíl leictreonach a bhailíonn siad.

Page 41: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

41

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Stán péinte nach bhfuil oscailte

Ní hé seo an bealach chun an baile mór a phéinteáil dearg

Tá seanphéint, vearnais, ceallraí agus go leor dramhaíola a bhaineann le deisiúcháin tí guaiseach, agus ní mór iad a dhiúscairt go cúramach chun nach mbeidh siad ina n-údar truaillithe. Agus tú ag ceannach péinteanna agus vearnaisí, cuardaigh éicilipéad na hEorpa agus seachain aon táirge a bhfuil rabhadh guaise ar an lipéad (sa chuid is mó de thíortha, is é a bhíonn i gceist leis sin ná siombail dhubh ar chearnóg oráiste nó bhuí agus cur síos ar an nguais air). Anuas air sin, ná ceannaigh an iomarca – is minic nach n-úsáideann daoine cuid mhór den phéint a cheannaíonn siad agus is minic a bhíonn sé deacair é a dhiúscairt gan dochar a dhéanamh don chom-hshaol. Is minic a bhíonn substaintí i bpéinteanna ‘nádúrtha’ nó ‘nádúrtha go hiomlán’, i bpéinteanna bunaithe ar bhainne, agus in aoldath nach mbíonn chomh díobhálach leis na substaintí a bhíonn i ngnáthphéint agus tá roinnt déantúsóirí ann a tháirgeann péint athchúrsáilte. Má tá péint fágtha agat tar éis an phéinteáil a chríochnú, tabhair leat chuig an ionad athchúrsála áitiúil í. I gcás ceallraí, tá siad sin ar fad in-athchúrsáilte. Is féidir na mílte tonna miotal a aisghabhadh sa phróiseas a chur isteach arís i dtáirgeadh na gceallraí nua. Mura ndéanfaí é sin, is í an ithir an ceann scríbe a bheidh ag an luaidhe agus an caidmiam a bhíonn i gceallraí. Tá treoir Eorpach ann a spreagann tuilleadh ceallraí a athchúrsáil, agus ba cheart mar sin go mbeifeá ábalta araidí speisialta a aim-siú in áiteanna cosúil le d'ollmhargadh áitiúil chun seancheallraí a dhiúscairt go sábháilte agus go freagrach. Agus trí cheallraí in-athluchtaithe a cheannach beidh tú ag coigilt airgid san fhadtéarma.

Iarann briste

Ná caith amach é, cuir caoi air!

D’fhéadfadh sé a bheith níos éasca caoi a chur ar rud atá briste nó a bhfuil damáiste déanta dó ná mar a cheapfá. Tá an t-uafás eolais agus físeán ar fhóraim agus seisiúin teagaisc ar an Idirlíon faoi gcaoi rudaí a dheisiú. B’fhéidir go mbeadh do chairde nó do mhuintir in ann cabhrú leat freisin. Nó bí ar an airdeall do chaiféanna agus siopaí áitiúla a dheisíonn rudaí: is ann dóibh; díreach ní bhíonn siad ar na sráideanna gnóth-acha ná sna hionaid siopadóireachta. D’fhéadfadh sé gur tionscadail shóisialta iad a chuireann fostaíocht agus oiliúint ar fáil don phobal. Nach fearr i bhfad é tacú le fiontar áitiúil agus cabhrú le caomhnú an chom-hshaoil ná rud atá beagnach nua a chaitheamh amach?

Má tá ort táirge nua a cheannach, fiafraigh den mhiondíoltóir céard atá siad in ann a dhéanamh chun an t-earra a dheisiú má chliseann air. Agus léigh na léirmheasanna táirge le bheith cinnte go bhfuil múnla á roghnú agat a bhfuil an seans is airde aige a bheith marthanach.

Murar féidir táirge a úsáid don chríoch a bhí aige nuair a ceannaíodh é, d’fhéadfá a bheith in ann é a úsáid arís chun riachtanas eile a chomhlíonadh. Déan teach bábóige as seanchás; gearr suas seanslata bambú sa ghairdín agus ceangail le chéile iad chun lóistín a chur ar fáil do bheacha: agus bain úsáid as cúisíní, piliúir agus duivéanna a bhfuil tú réidh leo chun pouffe nó ottoman atá clúdaithe le seanchairpéad a phulcadh. Bí glic agus cruthaitheach – agus má tá luí agat leis, cén fáth nach n-osclófá siopa ar líne?

Page 42: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

42

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Sean-éadaí

Níl sé faiseanta acmhainní a chur amú!

Ar tharla sé riamh gur cheannaigh tú culaith d'agallamh le haghaidh poist agus go bhfuair tú amach agus tú ag iarraidh í a chaitheamh den dara huair nár fheil sí duit a thuilleadh? Nó ar cheannaigh tú gúna le haghaidh ócáid speisialta nár chaith tú arís ina dhiaidh sin? Baineadh úsáid as go leor amhábhar agus acmhainní fuin-nimh chun na héadaí ar chúl do chófra a dhéanamh. Mar sin nuair a théann tú ag siopadóireacht le haghaidh éadaí nua arís smaoinigh ar a ndeachaigh isteach iontu – an fuinneamh agus an t-uisce go léir a úsáideadh, truailliú a d'fhéadfadh tarlú, srl. – agus fiafraigh díot féin an dteastaíonn sé uait i ndáiríre. Agus smaoinigh ar an méid airgid a d'fhéadfá a shábháil trí níos mó úsáide a bhaint as na héadaí atá agat cheana féin seachas éadaí nua a cheannach go rialta.

Nó éadaí a cheannach ar athláimh? Ba cheart go mbeifeá in ann go leor rudaí atá beagnach nua a aimsiú i siopaí athláimhe i do cheantar nó ar shuíomhanna ceantála ar an idirlíon. Má tá rudaí agat nach bhfuil uait, eagraigh cóisir babhtála le do chairde nó do chomhghleacaithe agus bíodh spraoi agaibh ag malartú éadaí. Nó tabhair do chuid rudaí do dhuine éigin eile trí úsáid a bhaint as suíomhanna chuige sin ar an idirlíon, nó tabhair do charthanas iad. Nochtadh i staidéir a rinneadh sa RA go deireanach go bhféadfaimis 10 % den airgead a chaithimid ar éadaí nua a cheannach ar earraí ardchaighdeáin, mar chultacha agus ghúnaí, a fháil ar cíos, agus 1.7 milliún tonna de dhé-ocsaíd carbóin a shábháil gach bliain dá bharr. Cén fáth nach ndéanfá machnamh ar an rogha seo an chéad uair eile a gheobhaidh tú cuireadh chuig ócáid speisialta?

Bosca bruscair (dramhaíl iarmharach)

Cé chomh héadrom is atá d'ualach?

Ní dhéantar ach 40 % de dhramhaíl tí san Eoraip a athúsáid nó a athchúrsáil, ar an meán, agus tá níos mó ná 80 % ag dul chuig láithreán líonta talún i roinnt tíortha. Díth céille é sin: tá ár ngabhdáin bruscair á líonadh againn le hábhair atá luachmhar i gcónaí; is cur amú airgid, fuinnimh agus acmhainní nádúrtha é – uisce, mio-tail, mianraí, ithir agus plandaí – acmhainní ar baineadh úsáid astu chun na rudaí a tháirgeadh an chéad uair. Tá gach duine san Eoraip freagrach faoi láthair as leath tonna dramhaíola tí, ar an meán, agus is mór an lear ábhar é sin atá á chaitheamh amach. Is é fealsúnacht an gheilleagar ghlais acmhainní a dhéanamh as dram-haíl. Is féidir gach rud a athúsáid, a athchúrsáil nó a mhúiríniú – níl ann ach go gcaithfí eagar maith a chur air agus dramhaíl a bhainistiú go cuí. Is féidir leat tús a chur leis seo sa bhaile tríd an méid a chuireann tú sa ghabhdán seo a laghdú a mhéid agus is féidir, agus do chéad chéim a thógáil mar sin i dtreo sochaí nach dtairgeann dramhaíl. Ar ndóigh, teastaíonn nuálaíocht ó thaobh dearadh táirgí, déantúsaíochta, agus bai-nistíocht dramhaíola de chun an sprioc sin a bhaint amach. Ach is féidir linn ar fad an méid seo a dhéanamh: ná ceannaigh ach an méid atá de dhíth ort; ceannaigh táirgí ar féidir iad a úsáid arís; deisigh rudaí nuair a bhriseann siad; úsáid fuílleach bia in am; seachain pacáistiú nach bhfuil gá leis, agus díol nó tabhair uait rudaí nach dteastaíonn uait, agus bí gníomhach sa bhaile agus ag an obair chun an bruscar a shórtáil agus trí chomhairle a chur ar do theaghlach agus ar do chairde.

Page 43: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

43

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Bosca bruscair (dramhaíl páipéir agus cairtchlár)

An bhfuil an leas is fearr á bhaint agat as na crainn?

Laghdaigh an méid dramhaíola páipéir a bhfuil tú freagrach as trí iarraidh ar na miondíoltóirí agus na com-hlachtaí taistil is mó a úsáideann tú nuachtlitreacha agus tuairiscí chun dáta a sheoladh trí ríomhphost sea-chas catalóga agus bróisiúir throma a sheoladh tríd an bpost. Roghnaigh sonrascú leictreonach seachas billí páipéir. In áit leabhar nua a cheannach nach léifidh tú ach aon uair amháin, babhtáil leabhair le cairde nó téigh chuig ‘siopa babhtála’ áitiúil (bíonn seilfeanna leabhar i roinnt caiféanna chun na críche sin). Ná déan dearmad ach an oiread comhartha a chur ar do bhosca litreach ag tabhairt le fios d’fhear an phoist gan aon dramhphost a thabhairt duit.

Ná caith páipéar amach go deo. Is féidir páipéar a athchúrsáil sé nó seacht n-uaire de réir na teoirice, ach ní éiríonn linn san Eoraip – atá chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan ó thaobh athchúrsáil páipéar de – ach é a athchúrsáil idir trí agus ceithre huaire. Ina dhiaidh sin féin, baineann tionscal páipéir na hEorpa úsáid anois as níos mó páipéar aisghafa ná laíon adhmaid mar amhábhar agus déantar snáithíní athchúrsáilte agus snáithíní nua nár úsáideadh riamh a chumasc i gcomhréir chomh hard agus is féidir chun acmhainní nádúr-tha agus fuinneamh a shábháil: úsáidtear 70 % níos lú fuinnimh chun páipéar a athchúrsáil ná chun é a dhéanamh as amhábhair nua. Is féidir páipéar atá smálaithe le bia féin a athchúrsáil, ach ní féidir é a chur sa ghabhdán seo. Cuir leis an múirín é nó úsáid mar mhála é má tá bailiúcháin dramhaíola bia agat.

Bosca bruscair (dramhaíl phlaisteach)

Nach deas an t-éadach atá ort, a bhí ina phota iógairt tráth den saol!

Tá plaisteach saor, éadrom agus righin. Ní haon ionadh é mar sin gur tháinig méadú ar an méid plaisteach a tháirgtear ó 1.5 milliún tonna (Mt) in aghaidh na bliana in 1950 go 288 Mt in 2012, a raibh 57 Mt de sin san Eoraip léi féin. Is í an fhadhb atá againn anois ná go bhfuil dramhaíl phlaisteach i ngach áit, agus tá sé in ann suas le 500 bliain a thógáil sula ndianscaoilfear í. Is féidir dramhaíl phlaisteach a athchúrsáil, ach is ar éigean a athchúrsáiltear an ceathrú cuid den mhéid a bhailítear san Eoraip. Is féidir plaistigh a leá agus a athmhúnlú chun táirgí nua a dhéanamh cosúil le buidéil, pinn, troscán don ghairdín nó butaí uisce, nó a stialladh agus poileistear a dhéanamh astu d'éadaí: tógann sé 25 buidéal phlaisteacha 2 lítear chun seaicéad lomra amháin do dhuine fásta a dhéanamh. Ach tá beagnach leath de dramhaíl phlaisteach na hEorpa á dhiúscairt i lái-threáin líonta talún, nach athchúrsáil ná aisghabháil é. Bí cinnte gur ríthábhachtach é dramhaíl phlaisteach a scagadh le haghaidh a bailithe, ach ba cheart go mbeadh laghdú ar an méid bruscair ar an gcéad chloch ar do phaidrín i gcónaí.

Page 44: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

44

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Buidéal plaisteach

Cé mhéad ola a thógann sé buidéal uisce plaisteach a dhéanamh?

An raibh a fhios agat go n-úsáidtear méid ollmhór breoslaí iontaise chun plaistigh a tháirgeadh – isteach is amach le 8 % de tháirgeadh ola an domhain, de réir an chuid is mó de na meastacháin? Smaoinigh mar seo air: teastaíonn ceathrú lítear ola chun buidéal uisce aon lítear a tháirgeadh. Ní beag an méid acmhainní nádúr-tha é sin do rud a chaithfear sa bhruscar, agus ní chuireann sé san áireamh fiú an fuinneamh a bhíonn ag teastáil chun an buidéal a iompar, a chur ar an margadh agus a dhiúscairt. Is í an fhírinne go bhfuil sé go hiomlán sábháilte beagnach gach áit san Eoraip – gan trácht ar a bheith níos saoire – uisce ón mbuacaire a ól, agus mura dtaitníonn an blas leat, faigh scagaire uisce duit féin. Má bhíonn ort buidéil phlaisteacha a cheannach, faigh ceann mór amháin seachas pacáiste buidéal níos lú. Agus bí cinnte go n-athchúrsálann tú iad: bailíonn an chuid is mó de na húdaráis chathartha buidéil phlaisteacha anois, agus mura bhfuil siad á dhéanamh anois, beidh dualgas orthu é a dhéanamh faoin mbliain 2015.

Snorcal agus masc

An bhfuil tú ag iarraidh a bheith ag snámh in anraith plaisteach?

Tá níos mó i gceist le páirt a ghlacadh i lá glantacháin ar thrá nó abhainn ná díreach bruscar mímhaiseach a phiocadh suas. D’fhéadfadh sé saoil a shábháil. Is í an fharraige an ceann scríbe atá ag na milliúin tonna bruscair gach bliain. Fadhb ar leith é plaisteach: tá ribíní balúin, fáinní ó phacaí beorach agus eangacha ias-caireachta díofa in ann rónta, míolta mara agus turtair mhara a sháinniú, agus itheann go leor éin mhara rudaí plaisteacha go haineolach mar go gceapann siad gur bia atá ann. Ar deireadh, briseann dramhaíl phlaisteach san fharraige síos go ‘dusta plaisteach’ micreascópach, a bhfuil bonn ola aige a tharraingíonn ceimiceáin dhíobhálacha eile san fharraige chuige. Tiubhaíonn siad ar na blúirí sin ag leibhéil atá suas le milliún uair níos airde ná áiteanna eile san uisce sáile agus déantar piollairí bídeacha nimhe astu. Ionghab-hann éisc agus éin mhara na cáithníní sin agus téann siad isteach sa bhiashlabhra mar sin agus uaidh sin chomh fada lenár bplátaí. Chomh maith le bheith páirteach i lá glantacháin na hEorpa (www.letscleanupeu-rope.eu), is féidir linn cabhrú an méid bruscair san fharraige a laghdú trínár mbruscar a dhiúscairt go cuí nuair atáimid ag dul ó áit go háit, agus trí mhálaí plaisteacha nach n-úsáidtear ach aon uair amháin a sheachaint, chomh maith le pacáistiú plaisteach eile nach bhfuil gá leis.

Page 45: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

45

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Ciarsúir

Smaoinigh sula gcaitheann tú

Nuair a chaitear rudaí sa leithreas agus nuair a shruthlaítear iad, tá siad in ann dul chomh fada le haibhnea-cha, lochanna, farraigí agus isteach san ithir féin, áit a bhféadfadh siad díobháil a dhéanamh don chomhshaol. Tá ionaid chóireála fuíolluisce in ann déileáil go héasca le camras agus le páipéar, ach tá sé níos deacra glan-taigh agus ábhar salaithe eile a bhaint as, agus blocálann ciarsúir agus rudaí soladacha eile na scagairí agus tá sé costasach iad a bhaint as. Nuair a scaoiltear chuig an domhan nádúrtha iad, neartaíonn ábhair shalaithe agus bagraíonn siad ar ghnáthóga agus ar fhiadhúlra. An raibh a fhios agat go bhfaightear rianta d’earraí cógaisíochta, cosúil le hantaibheathaigh agus iobúpróifein, go minic in uisce óil freisin? Is féidir leat cabhrú trí chinntiú nach dtéann rud ar bith síos an leithreas seachas camras agus páipéar leithris. Ba cheart earraí cógaisíochta, baitíní cadáis agus pillíní sláintíocha a chur sa bhruscar nó iad a dhiúscairt go cuí (is féidir leat cógais leighis atá as dáta nó nár úsáideadh a thabhairt do phoitigéirí, mar shampla).

Pláta

An bhfuil do chuid súl níos mó ná do bholg?

Déan iarracht díreach an méid bia atá tú in ann a ithe a ullmhú nó ullmhaigh sciartha bia níos lú chun an méid bia a chaitheann tú amach a laghdú. Tá acmhainní de dhíth chun an bia ar fad a cheannaíonn tú a fhás, a phacáil, a iompar agus a stóráil; smaoinigh ar an bhfuinneamh agus an uisce a chuirtear amú nuair a chaitheann tú amach é. Gach bliain, caitheann na hEorpaigh amach na mílte tonna de bhia, agus bíonn an chuid is mó den bhia sin maith go leor le hithe. Tá sé éasca cabhrú le cosc a chur ar chur amú bia. Ná ceann-aigh ach an méid atá de dhíth ort agus úsáid bia úr trí anraith nó anlainn a dhéanamh. Beidh níos mó airgid i do phóca agat agus cabhróidh sé leis an gcomhshaol. Ní hamháin sin: beidh blas níos fearr uirthi agus tá sí níos sláintiúla. Bailíonn go leor údarás áitiúil dramhaíl bia anois le haghaidh a hathchúrsála, ach mura bhfuil an tseirbhís sin ar fáil duitse, tosaigh ag múiríniú. Mura bhfuil mórán spáis agat, smaoinigh ar phiastlann, arbh fhéidir é a lonnú ar bhalcóin nó taobh istigh, agus tá sé in ann déileáil fiú le bia agus feoil chócaráilte.

Page 46: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

46

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Leabhar

Is FÉIDIR breithiúnas a dhéanamh ar leabhar ar fhianaise a chlúdaigh!

Má smaoiníonn tú ar an méid páipéir a n-úsáidimid, cuirtear mearbhall ort. Cé nach gcuimsíonn táirgeadh leabhar ach 2 % d'úsáid pháipéir, ní ionann sin is a rá nach ndéanann sé aon difear don chomhshaol. Cad faoi na crainn go léir a leagtar le páipéar a dhéanamh le haghaidh leabhar? Mar sin, nuair a cheannaíonn tú leabhar, féach laistigh den chlúdach. Tá páipéar athchúrsáilte nó páipéar a bhí creidiúnaithe ag córais dheimhnithe fhoraoise á úsáid faoi láthair ag a lán táirgeoirí móra leabhar. Má tá sé priontáilte ar pháipéar athchúrsáilte, nó más ó fhoinsí inbhuanaithe atá sé déanta, beidh sé marcáilte amhlaidh. Nuair a bhíonn leabhar léite agat, ná caith sa bhosca bruscair é: tabhair do chara leat é, tabhair chuig siopa lea-bhar athláimhe é, nó mar rogha deireanach, déan cinnte go ndéanfar é a athchúrsáil. Agus má rinne tú do chuid leabhar páipéir a mhalartú ar r-leabhair, ná fág é i mbun luchtaithe má tá sé luchtaithe go hiom-lán cheana féin, agus bí cinnte go ndéanann tú é a mhúchadh mura bhfuil sé in úsáid agat.

Cluiche

Cluiche thart? Níl, má imríonn tú mar is ceart é.

Is féidir le cluichí ríomhaire uaireanta an chloig de shiamsaíocht a sholáthar, ach tá saol nádúrtha seilfe ag an gcuid is mó de chluichí. Agus an leibhéal is airde bainte amach agat, níl áit ar bith fágtha le dul agat. Bhuel, is é an rud is tábhachtaí ná an cluiche a dhiúscairt go freagrach. Ná cuir an cluiche sa bhosca bruscair. Tá go leor ábhar a úsáidtear i gcluichí físeáin, CDanna agus DVDanna tocsaineach agus tá próiseáil speisialta riachtanach. Agus tú réidh le cluiche, tabhair chuig cara é, tóg chuig siopa cart-hanachta é, nó déan malartú le haghaidh cluiche eile. Tairgeann a lán siopaí seirbhísí malairte agus tab-harfaidh siad lascaine duit ar chluiche eile nó ceannóidh siad do sheanleagan.

Athúsáid

Ciallaíonn éifeachtúlacht acmhainne uas-úsáid a fháil ó na rudaí atá againn cheana féin. Agus nuair nach mbíonn siad uainn a thuilleadh, ciallaíonn sé iad a thairiscint do dhaoine eile ionas gur féidir leo úsáid éigin a fháil astu. Mar shampla, is féidir leat éadaí, bróga agus leabhair a thabhairt do charthanas, rud a chuireann lena ré.

Page 47: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

47

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Ceirteacha

Cén fáth nach n-úsáideann tú ceirt in áit páipéir?

Is dócha gur chuir tú an cheist an bhfuil sé níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de tuáillí páipéir nó triomadóir láimhe a úsáid tar éis do lámha a ní in áiteanna poiblí. Céard faoi thart faoin teach? Tá tuáillí páipéir iontach chun leachtanna doirte a ghlanadh suas ach ní fhéadfá a rá go bhfuil siad báúil don chomhshaol. Cén fáth nach n-úsáideann tú ceirt in áit páipéir? Ní mór tuáillí páipéir a chaitheamh amach tar éis úsáide amháin, ach is féidir ceirt a ní agus a athúsáid arís agus arís eile. Is fearr fiú ceirt nua a cheannach in ionad a lán rollaí cis-tine a cheannach.

Page 48: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

48

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Ceirteacha

An bhfuil sé in am duit do cheirt a úsáid?

Is dócha gur chuala tú an díospóireacht maidir le cibé acu an bhfuil sé níos éifeachtúla ó thaobh acm-hainní tuáillí páipéir nó triomadóir láimhe a úsáid agus tú ag ní do chuid lámh in áiteanna poiblí. Ach céard faoi thuáillí páipéir a úsáid sa teach? Cinnte, tá siad iontach chun rudaí doirte agus salachar a ghlanadh ach ní fhéadfaí a rá go bhfuil siad éiceabhách. Má úsáideann tú iad chun do chistin a ghlanadh cén fáth nach n-úsáideann tú seancheirt ina n-áit? Cé nach mór an tuáille páipéir a chaitheamh amach tar éis é a úsáid aon uair amháin, tá an tseancheirt difriúil sa mhéid is gur féidir í a ní agus a úsáid arís is arís eile. Fiú má cheannaítear éadach nua is fearr í sin ná go leor rolla cistine a cheannach, ach déan iarracht cinntiú go bhfuil an t-éadach orgánach nó go ndearnadh as cadás Fairtrade é.

Bosca Bruscair

An bhféadfá líon na mboscaí bruscair atá agat a mhéadú?

De réir mar a éiríonn sochaí na hEorpa níos saibhre cruthaímid níos mó bruscair. San AE amháin caithimid amach 3 bhilliún tonna de dhramhaíl gach bliain – is ionann é sin agus thart ar 6 thonna de dhramhaíl sholadach in aghaidh an duine. Ar ndóigh is é an rud is fearr is féidir linn a dhéanamh ó thaobh éifeachtúlacht acmhainne ná gan an dramhaíl sin a chruthú ar an gcéad dul síos, ach áit a dtagann dram-haíl chun cinn caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun í a athúsáid nó a athchúrsáil. Is bealach iontach é athchúrsáil chun fuinneamh a shábháil agus an comhshaol a chaomhnú: dá mhó a dhéanaimid a ath-chúrsáil, is ea is lú ábhar nua a bheidh orainn a úsáid. Mar shampla, an raibh a fhios agat go n-úsáidtear 70 % níos lú d'fhuinneamh chun páipéar a athchúrsáil ná chun é a dhéanamh as amh-ábhair nua? Déan cinnte seiceáil cad is féidir a athchúrsáil i do cheantar féin – is cosúil go mbeifear in ann thart ar 60 %-80 % de do chuid dramhaíola go léir a athchúrsáil. Má tá roinnt ábhar ann nach ndéanann do chom-hairle áitiúil bailiúchán ar leithligh lena n-aghaidh, d'fhéadfá roinnt boscaí bruscair breise a cheannach ionas go bhféadfá iad a shábháil agus a thógáil chuig an láithreán bailiúcháin is gaire duit?

Athchúrsáil

Níl sé inbhuanaithe táirgí a sheoladh chuig líonadh talún. Déanann sé dochar don chomhshaol agus cuirtear amú acmhainní luachmhara a d'fhéadfaí a úsáid arís. Bealach simplí le tionchar ár gcuid gníomhaíochtaí laethúla ar an gcomhshaol a laghdú ná ábhar mar pháipéar agus phlaisteach a athchúrsáil.

Page 49: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

49

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Buidéal plaisteach

Cá mhéad uisce a ghlacann buidéal uisce plaisteach?

Táimid go léir buartha faoin mhéid de dhramhaíl phlaisteach atá ann, rud atá ag dul in olcas, ach is féidir linn mórán a dhéanamh leis an dramhaíl sin a chosc sula mbíonn sí ann sa chéad dul síos. Tá buidéil phlaisteacha in-athchúrsáilte go furasta, ach níos fearr ná sin, is féidir iad a athúsáid go sábháilte go minic, fad is a leanann tú roinnt rialacha simplí. Nuair a athúsáideann tú buidéal, déan é a ní in uisce gallúnaí alathe agus é a thriomú go hiomlán mar chosaint i gcoinne baictéar. Ina dhiaidh sin, nuair a théann staid an bhuidéil in olcas, déan é a athchúrsáil. Baileoidh an chuid is mó de bhardais buidéil phlaisteacha, ach mura ndéantar é sin, tóg chuig láithreán áitiúil bailithe iad. Sa chuid is mó d'áiteanna san Eoraip, tá sé sábháilte uisce sconna a ól, ach más gá uisce a cheannach, ceannaigh buidéal mór amháin in ionad roinnt buidéal beag. Tá sé níos saoire, agus beidh acmhainní á n-úsáid agat ar bhealach níos cliste!

Coimeádán plaisteach beir leat

An féidir coimeádán plaisteach a úsáid arís?

Rud a mbaineann go leor againn taitneamh rúnda as é bia beir leat ach féadann sé bealaí a thabhairt le do chuid éifeachtúlacht acmhainne a fheabhsú. Nuair a cheannaítear coimeádáin phlaisteacha nua chun bia a stóráil iontu baintear úsáid as acmhainní nua ach tá na coimeádáin a dtagann do bhia Síneach beir leat nó do churaí iontu go hidéalach chun bia breise mar anlainn nó shailéid a stóráil sa chuisneoir nó sa reoite-oir. Chun cinntiú go maireann na coimeádáin, déan cinnte an bia a atéamh ar phláta ar leithligh. Ní hamháin go mairfidh do choimeádán níos faide ach tá sé níos sábháilte déanamh amhlaidh toisc go dtar-laíonn sé uaireanta go scaoiltear ceimiceán phlaisteacha isteach sa bhia agus é á théamh.

Málaí plaisteacha

An féidir leat do chuid málaí aon-turais a úsáid arís?

Siombail shoiléir iad málaí plaisteacha de shochaí dhiomailteach an lae inniu. Úsáidimid na mílte díobh ar feadh cúpla nóiméad gach lá agus ansin caithimid sa bhosca bruscair iad. Gach bliain, úsáideann an gnáthshaoránach san AE beagnach 250 mála plaisteach agus ní úsáidtear an chuid is mó acu ach aon uair amháin. Bíonn cuid acu chomh héadrom nach ndéantar iad a athchúrsáil agus seachas sin téann siad chuig an bhfarraige nó chuig líon-adh talún, áit a dtógann siad na céadta bliain le lobhadh. Is é an smaoineamh is fearr ná mála a thabhairt leat ón teach; tá málaí cadáis nó éadaigh éadrom agus éasca le hiompar leat – is iad na cinn is fearr ná málaí orgánacha a bhfuil éicilipéid orthu. Nó d'fhéadfá an ciseán siopadóireachta traidisiúnta a úsáid.

Page 50: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

50

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Buidéal gloine

Ag iarraidh fáil amach cén fáth a bhfuil gloine ina hábhar den scoth?

Cé go bhfuil sí 5 000 bliain d'aois, níl an chuma ar an scéal go mbeidh gloine as faisean gan mhoill – agus cúis mhaith leis. Tá sí 100 % in-athchúrsáilte arís agus arís eile. Sula dtógfaidh tú do bhuidéil agus crúscaí gloine chuig an ionad athchúrsála, áfach, ar smaoinigh tú riamh an féidir iad a athúsáid? Tá athúsáid táirgí níos tíosaí ó thaobh acmhainní de ná iad a athchúrsáil, de thairbhe nach bhfuil an fuinneamh breise, uisce breise agus acmhainní eile de dhíth le táirgí nua a dhéanamh ó ábhair athchúrsáilte. Is féidir buidéil ghloine a athúsáid go sábháilte an oiread sin uaireanta gan teorann, mar ní chailleann siad a gcuid gnéithe agus tá siad furasta a ní. Úsáid mar ghabhdáin dí iad, nó chun coinnle nó pinn luaidhe a choinneáil le chéile. Má tá claonadh agat i dtreo na cruthaíochta, déan iad a uaschúrsáil mar raca cótaí, mar lampa nó mar chrann solais déanta as gloine. Mar rogha air sin, tabhair do sheanchrúscaí agus do sheanbhuidéil do dhuine éigin eile a bheidh in ann iad a úsáid. Tá córas taisce buidéal ag mórán siopaí, ina bhfaigheann tú méid beag airgid mar mhalartú i dtaca le gach buidéal a thugtar isteach. Ina dhiaidh sin, cuirtear buidéil ar ais chuig an táirgeoir, áit a mbaintear úsáid astu arís agus arís eile, agus ní íocann tú ach as an deoch – ní an pacáistiú.

Page 51: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

51

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Grianghraif saoire

Cén tionchar a bhíonn ag do shaoire teaghlaigh ar athrú aeráide.

Braitheann tionchar do shaoire den chuid is mó ar fhad an turais a dhéanann tú agus ar an gcaoi a dtaistealaíonn tú. Bíonn tionchar níos airde ag eitilt ná tiomáint nó dul ar an traein. Ar ndóigh, ní chial-laíonn sé sin nár cheart duit dul ar saoire! Ach smaoinigh maidir le cibé acu an gá duit eitilt. Déanann eitleáin méideanna móra breosla a dhó agus scaoileann siad go leor CO2. Tá eitlíocht freagrach go díreach as thart ar 3 % d'astuithe gáis cheaptha teasa an AE – agus má thógtar san áireamh éifeachtaí indírea-cha na heitlíochta d'fhéadfadh go mbeadh an tionchar iomlán ar an aeráid idir dhá uair agus ceithre huaire níos airde. Cén fáth nach dtógfá an traen? Bheadh tionchar níos lú ann chomh maith dá roinnfeá carr le duine. Má eitlíonn tú, bain leas as; téigh ar feadh tréimhse níos faide agus níos annaimhe b'fhéidir. Cé go dtaitníonn sé linn i gcónaí dul ar saoire, is fiú smaoineamh faoi na hacmhainní a úsáideann tú nuair a dhéanann tú amhlaidh. Agus ar ndóigh cabhraíonn scéimeanna cúitimh carbóin le laghdú a dhéanamh ar thionchar diúltach na heitlíochta agus na ngníomhaíochtaí eile a thruaillíonn. Tá go leor láithreán gréasán ann inar féidir leat íocaíocht a thabhairt chun astuithe a chúiteamh trí hinfheistíocht a dhéanamh i mbearta glasa, mar chrainn a chur nó painéil ghréine a shuiteáil ar fhoirgnimh phobail. Agus nuair a bhaineann tú do cheann scríbe saoire amach roghnaigh lóistín a bhfuil meas aige ar an timpeallacht áitiúil, ith bia áitiúil, agus déan iarracht gan gluaisteán a úsáid.

Iompar/taisteal

I dteannta tithíochta agus táirgthe bia, tá iompar ar na hábhair bhrú ar acmhainní nádúrtha. Úsáid-tear fuinneamh le rudaí a aistriú ó a go b agus úsáideann fuinneamh acmhainní. Trí smaointeoire-acht níos cúramaí ar an dóigh a ngluaisimid thart, is féidir linn tionchar ár saolta laethúil ar an gcomhshaol a laghdú go suntasach.

Page 52: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

52

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Eochracha gluaisteáin

Níl sé éasca do shaol a chaitheamh gan do ghluaisteán, ach an gciallaíonn sé sin nach fiú triail a bhaint as?

Ní mór dúinn iarracht mhór a dhéanamh le cuid de na rudaí is féidir linn a dhéanamh chun saol 'níos glaise' a chaitheamh. Tá rudaí eile ann atá fíor-éasca. Mar shampla smaoinigh ar shiúil in áit tiomána. Is rud simplí é agus is léir go gcabhraíonn sé go mór leis an gcomhshaol: níos lú truailliú aeir agus torainn dá bharr, úsáid-tear níos lú de na hacmhainní a theastaíonn chun gluaisteán a thógáil, a chumhachtú agus a chothabháil, gan trácht ar na tairbhí don tsláinte a bhaineann le haclaíocht a dhéanamh go rialta. Ar ndóigh, tá sé riachtanach an gluaisteán a úsáid uaireanta ach le haghaidh turas gearr, mar thurais chuig na siopaí áitiúla nó chun bualadh le cara le haghaidh caife, smaoinigh an gá duit i ndáiríre an gluaisteán a úsáid chun turas a dhéan-amh nó an mbeadh sé chomh héasca duit siúl. An mbaineann aon duine taitneamh as siopadóireacht le haghaidh earraí grósaeireachta? Is féidir na scuainí, na sluaite, an iarracht mhór éalú ón gcarrchlós cur isteach go mór ar dhuine. Mar sin an chéad uair eile a bhíonn tú ag an gcuntar amach iarr ort féin an raibh sé riachtanach duit i ndáiríre an turas a dhéanamh? An bhféadfá cur faoi deara do chuid earraí grósaeireachta a sheachadadh ina áit? Bealach níos éifeachtaí le bia a thógáil chuig do theach é siopadóireacht ar líne.

Cuimhnigh ar aon leide amháin áfach: déan cinnte go seiceálann tú na dátaí ar an mbia nuair a thagann sé ionas go mbeidh a fhios agat cad nach mór duit a ithe toisc go gcuirtear acmhainní amú nuair a chuirtear bia amú. Más fearr duit dul chuig an siopa smaoinigh an féidir leat an bia a bhfuil gá agat air a cheannach sa cheantar áitiúil agus déan iarracht siúil nó dul ar rothar chun é a fháil. Agus ná déan dearmad ar do liosta siopadóireachta.

Page 53: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

53

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Níochán éadaí

An ndéanann do mheaisín níocháin dochar don chomhshaol?

Sa lá atá inniu ann tá meaisíní níocháin níos éifeachtúla, ach is féidir linn rud a dhéanamh le héi-feachtúlacht acmhainne a uasmhéadú. Tá roinnt rialacha simplí le leanúint chun an tairbhe is mó a fháil ón uisce agus ón bhfuinneamh a úsáideann tú. Úsáid an clár atá de dhíth ort leis na éadaí a ní, ach ní gá é seo a bheith ag teocht an-ard i gcónaí. Déan iarracht do mheaisín a líonadh, mar tá níochán cadáis ag 40°C deartha le lándruma níocháin a ghlacadh. Mura bhfuil tú ábalta é a líonadh go minic, seans gurbh fhiú ceann a bhfuil druma níos lú a aige a cheannach an chéad uair eile. Cuardaigh éiceachúrsa ar mheaisíní – beidh siad ar a lán meaisíní nua agus úsáideann siad níos lú uisce agus fuinnimh. Seiceáil na lipéid ar éadaí freisin: beidh 'tirimghlanadh' amháin luaite ar chuid mhór acu, ach is féidir iad a ní de láimh chomh maith. Sa deireadh, bain úsáid as táirge níocháin nach ndéanann dochar don chomhshaol – cuar-daigh an t-éiceabhláth (an bláth ar an éicilipéad).

Fráma fuinneoige (seomra suí)

An bhfuil tú cinnte nach ag caitheamh airgid amach an bhfuinneog atá tú?

Cuimhnigh go bhfuil 30 % de chaillteanas teasa sa teach tríd na fuinneoga – déanfaidh fuinneoga atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de cuid mhór le stop a chur le caillteanas teasa. Gheobhaidh tú an costas tosaigh ar ais gan mhoill in airgead coigilte ar bhillí teasa. Oibríonn fuinneog dhéghloinithe nó thrígh-loinithe trí thriathgháis a ghaistiú idir dhá nó trí phána gloine le bac inslithe a chruthú. Is é an tairbhe is mó ná go gcoinnítear teas istigh agus soláthraítear cosaint den scoth ón aimsir. Cabhróidh comhlaí agus cuirtíní troma freisin le hinsliú teasa agus fuaime a fheabhsú. Más dúshlán é do theach a choinneáil fion-nuar nuair a bhíonn an aimsir níos teo, cabhróidh comhlaí agus dallóga gréine leat airgead a shábháil ar ghaothráin nó ar aerchóiriú. Ach má tá tú ag athrú do chuid fuinneog, cén fáth nach ndéanfá seiceáil ar insliú an fhoirgnimh iomláin (doirse, ballaí, díon, siléar, agus araile)? Is féidir leat saineolaí a fháil chun an foirgneamh a sheiceáil agus inseoidh sé duit faoi na feabhsúcháin arbh fhiú iad a dhéanamh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

Éifeachtúlacht fhuinnimh

Mar shochaí táimid ag brath barraíocht ar fhoinsí fuinnimh neamh-in-athnuaite mar atá ola agus gás. Ní mór dúinn bealaí a aimsiú le foinsí in-athnuaite a ionchorprú inár saolta laethúla, mar sham-pla cumhacht ghréine agus ghaoithe. Ach, baineann éifeachtúlacht freisin leis an bhfuinneamh a úsáidimid cheana féin a bharrfheabhsú – agus gan é a chur amú. Trí rudaí simplí a dhéanamh, mar sholais a mhúchadh nuair a fhágaimid seomraí, agus an téamh a ísliú, is féidir linn cuidiú leis an gcomhshaol a shábháil agus airgead a choigilt.

Page 54: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

54

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Bolgán solais

An féidir todhchaí níos gile a dhéanamh do do gharchlann trí do bholgáin solais a athrú

Is féidir – agus dá mhéad duine a dhéanann é is amhlaidh is fearr é. Trí bholgáin solais ísealfhuinnimh a chur isteach, úsáidtear suas le cúig oiread níos lú leictreachais ná na bolgáin thraidisiúnta, rud a laghdóidh astaíochtaí carbóin. Tá siad ar fáil go forleathan sa lá inniu ar phraghsanna ísle, fiú sna hollmhargaí. Is féidir bolgáin ísealfhuinnimh a cheannach a bhfuil an chuma chéanna orthu leis na bolgáin seanstíle a sholáthraíonn an cháilíocht chéanna solais. Le bolgán ísealfhuinnimh 20 vata a mhaireann 12,000 uair an chloig, spárálfar thart faoi €70 i rith a shaolré, i gcomparáid leis an mbolgán gealbhruthach 100 vata a bhí ann roimhe. Tá deireadh curtha ag an AE de réir a chéile le díol na seanbholgán le haghaidh úsáid tí sna Ball-stáit trí chéile. Sábhálfar an oiread fuinnimh chun cumhacht a sholáthar do 11 mhilliún teach in aghaidh na bliana faoi 2020 mar gheall ar na hiarrachtaí sin. Tá déantúsóirí bolgán solais ag gníomhú go scafánta san idirthréimhse chun bolgáin tharraingteacha atá tíosach ar fhuinneamh a fhorbairt, amhail LEDanna, agus tá an praghas ag ísliú de réir a chéile. Ach tá roinnt bolgán ar an margadh fós nach bhfuil chomh héifeachtúil sin. Mar sin bí cinnte go seiceálann tú lipéid agus go roghnaíonn túna bolgáin is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Agus fiú má tá bolgán éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, ní chiallaíonn sin gur cheart duit é a fhágáil lasc-tha air mura bhfuil sé in úsáid.

Miasniteoir

Le níos lú fuinnimh a úsáid, an gá duit díreach miasniteoir níos éifeachtaí a cheannach?

Más mian liom a bheith níos éifeachtúla maidir le hacmhainní, ar cheart dom miasniteoir a úsáid nó soithí a ní de láimh? Tá sé ag brath ar an dóigh a n-úsáideann tú an miasniteoir, an cineál miasniteora atá agat agus cé chomh héifeachtúil is atá tú ag ní na soithí. Níl rud ar bith mícheart faoi mhiasniteoir a úsáid – úsáideann sé níos lú uisce idir faoi thrí agus faoi cheathair i gcomparáid le ní de láimh – ach ní mór an miasniteoir ceart a roghnú. Aimsigh miasniteoir a bhfuil ardrátáil fhuinnimh air, úsáid an cúrsa eacnamaíoch nuair is féidir agus úsáid é agus é lán. Ba cheart é a úsáid san oíche más féidir: tá sé níos saoire agus beidh tú á úsáid nuair nach mbeidh na stáisiúin cumhachta is ísle maidir le héifeachtúlacht ag rith. Mar sin beidh lorg carbóin rud beag níos lú ag gach aonad cumhachta. Má níonn tú soithí de láimh bí cinnte leacht níocháin éiceolaíoch a chean-nach, ná fág an t-uisce ag rith agus ná ró-théigh an t-uisce.

Page 55: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

55

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Bille gáis/leictreachais

Nach bhfuil sé níos fearr do bhillí a bheith agat i do ríomhaire in ionad ar do thábla?

Ní féidir diúltú go mbeidh orainn níos mó fuinnimh in-athnuaite agus níos mó fuinnimh glas a úsáid sa todh-chaí. Beidh orainn a bheith ag smaoineamh ar na hard-astuithe carbóin atá bainteach le foinsí fuinnimh traid-isiúnta, mar atá gual agus ola. Is féidir linn go léir úsáid d'fhuinneamh in-athnuaite a spreagadh tríd é a éileamh. Má bhaineann níos mó daoine úsáid as foinsí glasa fuinnimh, beidh siad níos saoire. Ar ndóigh, is é an choigilt is mó is féidir a dhéanamh ná níos lú fuinnimh a úsáid sa chéad dul síos, ach is féidir an-tairbhe a bhaint as bealaí a aimsiú le do theach a théamh le fuinneamh in-athnuaite. Mar shampla, trí phainéil ghréine a chur isteach, rudaí atá costasach ar dtús, gheobhaidh tú fuinneamh saor in aisce go ceann blianta gan aon imní ort faoi phraghsanna fuinnimh ag luainiú. Ach, don chuid is mó de dhaoine is é an bealach is tapa agus is fusa le húsáid fhuinnimh a laghdú ná a bheith níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de. Go minic is é suiteáil de mhéadar cliste an chéad chéim le húsáid níos fearr d'fhuinneamh a dhéanamh, a ligfidh leat d'úsáid fhuinnimh a mhonatóiriú agus a fháil amach mar a bhfuil sé á chur amú. Tá siad á soláthar cheana féin ag roinnt soláthróirí fuinnimh. Is é sprioc an AE go mbeidh méadair chliste suiteáilte in 80 % de thithe faoi 2020.

Seinnteoir meán

Cá mhéad ceirnín is féidir a cheannach leis an airgead a chuireann tú amú trí luchtú thar oíche?

Cén fáth a bhfágann cuid mhór againn rudaí amhail fóin phóca agus seinnteoirí meán agus ceoil plugáilte isteach agus iad luchtaithe go hiomlán? Glacann a lán daoine leis go mícheart go mbíonn na giuirléidí leictre-onacha seo ag obair mar is ceart trína luchtú go leanúnach. Go deimhin, is é a mhalairt atá fíor: laghdaíonn athluchtú leanúnach saol na gceallraí san fhadtéarma, rud a chiallaíonn go mbeidh ort an ceallra nó an ghi-uirléid a athsholáthar níos luaithe, rud atá dochrach don chomhshaol agus costasach duit. Bainfear an fheidhmíocht is fearr as ceallraí ian litiam (amhail na ceallraí a bhíonn in úsáid i bhfóin chliste) mura bhfág-far iad go dtí go mbeidh siad folamh agus mura luchtófar go hiomlán iad gach uair. Is é an cleachtas is fearr iad a athluchtú nuair atá isteach is amach le 40 % den lucht fágtha agus éirí as an luchtú nuair atá siad thart ar 80 % lán. Tá an réiteach simplí: faigh amach cén fhad a thógann sé do ghléas a luchtú agus bí cinnte go ndínascann tú in am é.

Page 56: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

56

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Fráma fuinneoige (seomra leapa)

Aeistéitiúil? Eacnamaíoch? Éiceolaíoch? Cén fáth nach roghnófá an triúr?

Is é trí stop a chur le himeacht an fhuinnimh ón teach an bealach is fearr le do theach a dhéanamh chomh héifeachtúil agus is féidir ó thaobh fuinnimh de. Éalóidh téamh tríd aon bhearna agus an deis sin aige, agus dá bhrí sin tá ciall airgeadais agus comhshaoil é a choinneáil gafa laistigh. Is é tríd na fuinneoga príomhb-healach le téamh a éalú ó thithe. Go deimhin, cailltear 30 % den teas sa teach trí fhrámaí fuinneoige nach bhfuil inslithe go maith nó trí fhuinneoga a bhfuil gloiniú aonair orthu. Smaoinigh ar dhéghloiniú nó fiú gloiniú triarach ar d'fhuinneoga? Ar ndóigh, beidh rud le híoc agat ar dtús, ach go fadtéarmach beidh do theach níos teo agus bainfidh tú úsáid as níos lú fuinnimh é a théamh, rud atá maith don chomhshaol agus do phóca fre-isin. Nuair atá fráma fuinneoige á roghnú agat, déan roinnt machnaimh ar airíonna teirmeacha na n-ábhar chomh maith lena n-inbhuanaitheacht: tá foinse in-athnuaite ag frámaí adhmaid mar shampla, agus tá siad in-bithmhillte. Ar deireadh, ná cuir insliú isteach gan foráil a dhéanamh do dhóthain aeraithe: bíonn fadh-banna le caighdeán an aeir laistigh in go leor tithe nua nó tithe ar cuireadh insliú nua iontu le gairid, mar ghe-all ar mhéadú bogthaise agus truailleán (amhail radón agus formaildéad), rudaí atá in ann a bheith ina n-údar fadhbanna sláinte do dhaoine fásta agus do leanaí.

Cuisneoir

An bhfuil sé faiseanta do chuisneoir a líonadh?

Tuigtear go mícheart gur cuisneoir éifeachtúil é cuisneoir lán – is é an cuisneoir is éifeachtaí cuisneoir atá trí cheathrú lán, agus is é a shábhálann an méid is mó fuinnimh. Agus ná déan dearmad go bhfuil bealaí eile ann chun difear a dhéanamh don chomhshaol. Dí-reoigh do reoiteoir go rialta chun go rithfidh sé ag an éifeachtúlacht is airde; ná bíodh na doirse oscailte rófhada mar go ligeann sé sin don aer fuar éalú; agus ná cuir bia alathe sa chuisneoir ná sa réiteoir – lig don bhia sin fuarú ar dtús. Seiceáil bia go rialta freisin – ní fiú bia a choinneáil fionnuar agus ansin ligean dó imeacht ó mhaith. Agus muid ag bogadh i dtreo an gheilleagair chiorclaigh, ba cheart go mbeadh tuilleadh deiseanna ann fearais mhóra cosúil le réiteoirí agus cuisneoirí a fháil ar léas. Beidh an fhreagracht ar na déantúsóirí i gcónaí as seirbhísiú, as athnuachan agus as páirte-anna a athúsáid ag deireadh saoil an táirge, rud a shábhálfaidh fuinneamh agus acmhainní. Bí ar an airdeall le haghaidh roghanna léasa atá éifeachtúil ó thaobh costas de agus tú ag ceannach trealaimh don teach.

Page 57: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

57

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Bróga

An mbeidh siad ag teastáil uait fós nuair nach mbeidh tú i ngrá leo a thuilleadh?

Nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht le haghaidh bróg déan iarracht gan péire a cheannach nach gcaith-fidh tú ach uair amháin nó cúpla uair. Is fiú níos mó airgid a chaitheamh ar phéire maith a mhairfidh níos faide. Nuair a chinneann tú fáil réidh le péire, ná caith sa bhosca bruscair é. Smaoinigh ar iad a athchúrsáil nó a thógáil chuig siopa carthanais áitiúil.

Pláta le bia breise

An bhfuil do chuid súl níos mó ná do bholg?

Fadhb mhór í dramhaíl bhia. Nuair a chaithimid amach bia ní hamháin go cruthaímid dramhaíl nach mór a dhiúscairt, cuirimid amú freisin an fuinneamh agus na hacmhainní a úsáideadh chun an bia a fhás, a iompar, a phróiseáil agus a thógáil chuig ár gcistin. Ceann de na bealaí ar féidir linn dramhaíl bhia a laghdú ná gan ach an méid ar cosúil go n-íosfaimid é a chócaráil. Mar sin má tá bia fós fágtha sa phanna nó ar an bpláta cuir i leataobh é chun é a ithe an chéad lá eile. Má tá tú i mbialann cén fáth nach n-iarrann tú ar an gcócaire ábhar a bhfuil a fhios agat nach n-íosfaidh tú é a fhágáil amach nó cén fáth nach ndéanann tú mála bia a lorg chun do bhia breise a thógáil abhaile leat? Má tharlaíonn go bhfuil bia breise agat nach féidir a athúsáid déan cinnte go gcuirtear sa bhosca bruscair ceart é. Mura mbailíonn d'údarás áitiúil dramhaíl cén fáth nach ndéanann tú infheistíocht i bpiastlann nó i múiríneoir gairdín? Féa-dann tú cinn a fháil ar féidir a stóráil i gcófra cistine agus nach mbíonn boladh orthu. Mar a tharlaíonn sé, fiú mura bhfuil bailiúchán ar leithligh agat le haghaidh dramhaíola bia is maith an smaoineamh dramhaíl a mhúiríniú mar sábháiltear airgead ar chostais iompair nuair a dhéanann tú amhlaidh agus ciallaíonn sé nach gcaithfidh ithir a cheannach le haghaidh do chuid plandaí féin. Ach is é an bealach is fearr le bheith éifeachtúil ó thaobh acmhainní ná gan dramhaíl a chruthú ar an gcéad dul síos.

Ró-úsáid

Sa domhan Thiar, tá úsáid ceangailte go dearfach go minic le cáilíocht bheatha. Ach, tá acmhainní mar mhianraí agus bia críochta, agus nuair a úsáidimid barraíocht, ní mór do dhuine éigin in áit eile níos lú a úsáid. De réir mar a mhéadaíonn daonra an domhain, beidh ar acmhainní an domhain síneadh rud beag níos faide, agus mar thomhaltóirí ní mór dúinn a bheith ag smaoineamh níos lú faoin rud ar mian leo agus níos mó ar an rud atá de dhíth orainn.

Page 58: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

58

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Bronntanais

An mbeidh Daidí na Nollag glas i mbliana?

Taitníonn sé le gach duine bronntanais a thabhairt agus a fháil ach ar smaoinigh tú riamh ar éifeachtúlacht acmhainne a choimeád i gcuimhne agus tú ag tabhairt bronntanas? Beidh duine i bhfad níos sásta do chuid ama a fháil seachas bronntanas nach dteastaíonn uathu a bheidh caite i gcófra – nó sa bhosca bruscair. Déan tairiscint iad a thabhairt ar shiúlóid nó ar thuras timpeall do bhaile, aire a thabhairt dá leanaí, nó ceachtanna teanga i dteanga atá agatsa ach nach bhfuil acu a thabhairt dóibh. Nó déan bronntanas sa bhaile dóibh – subh, brioscaí, stocaí cniotáilte nó seodra. Nó céard faoi thicéid don amharclann nó do cheolchoirm? Tá ag éirí go hiontach le siopaí ceirde ar líne le blianta beaga anuas, agus is an-fhoinse iad chun rudaí lámhdhéanta nó rudaí atá uaschúrsáilte a aimsiú. Cén fáth nach gceannaíonn tú crann dá chuid féin i bhforais bháistí na hAmasóine do dhuine éigin, nó dearbhán le haghaidh éicishiopa, nó cén fáth nach n-íocann tú as cúrsa ina bhfoghlaimeoidh sé conas glasraí a fhás? Is smaoineamh úrnua iad a leithéid d'éiceabhronntanais sin, agus mar bhuntáiste breise cabhraíonn siad le feasacht a mhúscailt maidir le saincheisteanna amhail an dífhorao-isiú agus éifeachtúlacht acmhainne. Ar deireadh, ná déan dearmad ar na mionsonraí – úsáid páipéar beartán arís nó déan do chárta féin le hábhar athchúrsáilte.

Éadaí!

Níl sé faiseanta acmhainní a chur amú!

Ar tharla sé riamh gur cheannaigh tú culaith d'agallamh le haghaidh poist agus go bhfuair tú amach agus tú ag iarraidh í a chaitheamh den dara huair nár fheil sí duit a thuilleadh? Nó ar cheannaigh tú gúna le haghaidh ócáid speisialta nár chaith tú arís ina dhiaidh sin? Baineadh úsáid as go leor amhábhar chun na héadaí ar chúl do chó-fra a dhéanamh. Mar sin nuair a théann tú ag siopadóireacht le haghaidh éadaí nua arís smaoinigh ar a ndeachaigh isteach iontu – an fuinneamh agus an t-uisce go léir a úsáideadh, truailliú a d'fhéadfadh tarlú, srl. – agus fiafraigh díot féin an dteastaíonn sé uait i ndáiríre. Agus smaoinigh ar an méid airgid a d'fhéadfá a sháb-háil trí níos mó úsáide a bhaint as na héadaí atá agat cheana féin seachas éadaí nua a cheannach go rialta.

Nó éadaí a cheannach ar athláimh? Tá go leor rudaí atá beagnach nua ar fáil ar phraghsanna ísle ar shuíom-hanna ceantála ar an Idirlíon. Má tá rudaí agat nach bhfuil uait, eagraigh cóisir babhtála le do chairde agus bíodh spraoi agaibh ag malartú éadaí. Nó déan bronntanas de do chuid rudaí trí iad a athchúrsáil nó a thab-hairt do charthanas. Nochtadh i staidéir a rinneadh sa RA go deireanach go bhféadfaimis 10 % den airgead a chaithimid ar éadaí nua a cheannach ar earraí ardchaighdeáin, mar chultacha agus ghúnaí, a fháil ar cíos, agus 1.7 milliún tonna de dhé-ocsaíd carbóin a shábháil gach bliain dá bharr. Cén fáth nach ndéanfá machnamh ar an rogha seo an chéad uair eile a gheobhaidh tú cuireadh chuig ócáid speisialta?

Page 59: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

59

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Seodra

An bhfuil a fhios agat an scéal taobh thiar den ghlioscarnach?

Nuair a bhíonn seodra á cheannach agat, tá sé éasca dearmad a dhéanamh go mb’fhéidir gur fhulaing daoine agus an pláinéad agus an seodra sin á dhéanamh. Le blianta beaga anuas tá cuid mhór déanta ag an tionscal ar fud an domhain chun dul i ngleic leis an imní go ndéantar dochar don chomhshaol agus go ndéan-tar cos ar bholg ar fhórsaí saothair áitiúla agus ar dhaoine dúchasacha agus miotail lómhara á n-eastóscadh. Ach bíonn tionchar mór fós ag an tionscal ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí. Áirítear ciainíd, mearcair agus aigéad sulfarach i measc na gceimiceán a úsáidtear chun miotail lómhara a eastóscadh ón talamh, agus fág-tar achair mhóra talún agus uisce truaillithe go dona dá mbarr. Agus teastaíonn an-chuid uisce chun ór, mar shampla, a eastóscadh. De réir mar a thiocfaidh méadú ar an éileamh ar mhiotail lómhara tiocfaidh méadú dá bharr ar acmhainní agus ar éiceachórais. Déantar roinnt seodra i gcónaí ó speicis atá faoi bhagairt. Cén chaoi a bhféadfá cabhrú? Seachain rudaí a bhfuil coiréal, eabhar, blaosc toirtíse, nó rósadhmad Brasaíleach iontu. Agus má cheannaíonn tú earraí a rinneadh as táirgí ainmhithe, amhail málaí de chraiceann crogaill, déan cinnte go bhfuil cead CITES acu lena léiriú nach ndearnadh aon dochar don bhithéagsúlacht. Cén fáth nach gceannófá seodra ar athláimh nó athchúrsáilte? Tá stíl álainn faoi leith ag seodra ón tseanré atá uaschúrsáilte.

Page 60: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

60

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Muicín taisce

Má shábhálann tú acmhainní, beidh sé níos éasca an muicín a bheathú

Is gearr go dtosóidh tú ag coigilt nuair a stopfaidh tú d’earraí tomhaltais aonúsáide a cheannach agus d’éadaí faiseanta nach gcoimeádfaidh tú a cheannach, agus nuair a thosóidh tú ag athúsáid agus ag ath-chúrsáil, ag siopadóireacht go feasach, agus ag laghdú an uisce agus leictreachais a úsáideann tú. Cén fáth nach gceannófá rudaí maithe ar ardchaighdeán leis an airgead a shábhálann tú, rudaí a bheidh agat ar feadh na mblianta?

Scálaí seomra folctha

An ndéanann tú measúnú ar an tionchar comhshaoil atá ag na táirgí a cheannaíonn tú?

Mura bhfuil tú á dhéanamh cheana féin, tosaigh ag machnamh ar inmharthanacht na gcinntí a dhéanann tú agus rudaí á gceannach agat. An é go gcaithfidh tú rudaí nua a cheannach, nó an bhféadfá rudaí a cheannach ar athláimh? An é go gcaithfidh tú do tháirge féin a bheith agat, nó an bhféadfá é a fháil ar cíos nó é a roinnt, rud a shábhálfadh costais chothabhála agus reatha ort? Tá sé níos inbhuanaithe glu-aisteáin a roinnt, uirlisí agus trealamh a fhruiliú, earraí tí a fháil ar cíos agus feisteas foirmiúil a fhruiliú ná do cheann féin a cheannach. Chomh maith leis sin, má tá leanbh sa teach agat, ar rith sé leat clúidíní agus ciarsúir in-nite a úsáid? Sábhálfaidh siad airgead ort san fhadtéarma, bíonn dearaí gleoite orthu, agus beidh tú in ann iad a dhíol amach anseo freisin. Mar rogha air sin, faigh amach an bhfuil comhlachtaí i do cheantar a ghlanann, a bhailíonn agus a sheachadann earraí ath-inúsáidte. Braitheann sé ar an áit a bhfuil tú i do chónaí ach má tá tú in ann earraí a bhíonn le diúscairt a sheachaint, d’fhéadfá cabhrú le stop a chur leis na tonnaí dramhaíola a bheith ag dul go láithreáin líonta talún gan aon chall leis agus a bheith ina n-údar astaíochtaí díobhálacha meatáin. Bí ar an eolas faoin ngeilleagar ciorclach agus lab-hair le do chairde agus le do theaghlach faoi.

Geilleagar glas

Baineann an geilleagar 'glas’ (nó an geilleagar 'ciorclach’) leis an gcaoi a dtairgimid, a gceannaímid agus a n-ídímid. Is é an aidhm atá leis deireadh a chur le dramhaíl agus an tairbhe is mó a bhaint as na hamhábhair luachmhara a bhíonn á n-eastóscadh againn. In áit rudaí a bhfuil saol gearr acu a úsáid, rudaí a chaitear sa bhruscar nuair nach bhfuil siad uainn a thuilleadh nó nuair a bhriseann siad, beidh an geilleagar glas báúil do tháirgí ar féidir iad a dheisiú go héasca, a úsáid arís, a dhíchóimeáil nó a mhúiríniú, rud a fhágfaidh go mbeidh an méid is lú dramhaíola ann agus go gcaithfear le hacmhainní nádúrtha teoranta le meas.

Page 61: (Rinneadh an nuashonrú is déanaí in 2014)ec.europa.eu/environment/generationawake/pdf/generation...le gach duine againn a dhéanamh inár saol laethúil chun uisce, fuinneamh agus

RINNEA

DH AN NUASH

ONRÚ IS

DÉA

NAÍ IN 2014

61

DÉANANN DO ROGHANNA DIFEAR AN DOMHAIN!

AN TREOIR MAIDIR LE HÍDIÚ

Vallait

An bhfuil tú ag cur amú airgid?

Má dhéanann tú iarracht gan bhia, fuinneamh ná uisce a chur amú, beidh níos mó airgid agat le caitheamh ar na rudaí is ansa leat. Má ghlacaimid leis na céimeanna sin, cabhróidh sé linn freisin ár dtimpeallachtaí nádúrtha áille a chaomhnú agus na costais a bhaineann le dramhaíl agus le héiceachórais a bhfuil díobháil déanta dóibh a sheachaint.

Bréagán dineasáir

An mbeidh tomhaltas ‘aon uaire’ díofa go deo?

Sa gheilleagar glas – nó ciorclach – úsáideoirí a bheidh ionainn in áit tomhaltóirí, déanfar táirgí a mhairfidh níos faide agus ina dhiaidh sin féadfar iad a athúsáid agus a athdhéanamh, agus úsáidfear ábhair bhitheo-laíocha ar féidir iad a chur ar ais sa dúlra go sábháilte agus fuinneamh in-athnuaite. Ní chaillfear rud ar bith, déanfar gach rud a chlaochlú, agus ní bheidh aon dramhaíl ann. Bí ar an eolas faoin ngeilleagar ciorclach. Is múnla spreagúil agus dinimiciúil é a léiríonn meas ar na srianta atá ar acmhainní nádúrtha ár bpláinéid. Éileoidh sé freisin go bhforbrófaí scileanna agus smaointe nua i ngach earnáil thionsclaíoch. Bí páirteach sa todhchaí, fág an t-am a caitheadh i do dhiaidh.