Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí...

25

Transcript of Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí...

Page 1: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann
Page 2: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

1

IntreoirIs clár litrithe é seo a mhíníonn cód scríofa na Gaeilge. Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh. Sa chlár seo tá trí rannóg i gCéim 6; na gutaí fada, na gutaí gairide agus na consain. Níl sna rannóga seo ach dóigh leis na fuaimeanna a eagrú, níl sé sin déanta in ord tábhachta. Ní gá na leabhair ná na fuaimeanna a dhéanamh in ord áirithe. Is féidir bogadh ó leabhar go leabhar agus fuaimeanna a chlúdach de réir mar a fheiceann an múinteoir go bhfuil gá leo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha.

Baineann an leabhar seo le píosaí coitianta a bhíonn i bhfocail na Gaeilge. Tarlaíonn sé go bhfuil rialtacht éigin ag baint leis na píosaí seo agus fágtar ag an dalta iad a aimsiú ar dhóigh neamhspleách. Tá samplaí sa leabhar seo de chuid de na píosaí coitianta agus tugtar spás don dalta ag an deireadh a c(h)uid féin a rangú. Faoin am seo ba chóir go dtuigfeadh an dalta an tionchar a imríonn na gutaí ar fhocail sa Ghaeilge agus, ar an dóigh seo, imreoidh na gutaí tionchar ar na píosa coitianta seo. Go minic tá leagan caol agus leagan leathan ann ag brath ar an ghuta is cóngaraí. Ní gá do gach dalta gach leathanach a dhéanamh ar gach píosa coitianta. Beidh tacaíocht bhreise de dhíth ar dhaltaí áirithe agus beidh daltaí eile ann a thógfaidh an cód go gasta.

Cód na Gaeilge Rang 6Ag Fiosrú Focal

Na Píosaí Coitianta

Page 3: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

2

Is féidir an leabhar seo a dhéanamh go comhthreomhar leis na leabhair ina bhfuil na liostaí focal nó é a úsáid go díreach mar cheachtanna ar an dóigh a bhfuil focail áirithe na Gaeilge litrithe. Is féidir na focail atá liostaithe anseo a úsáid ar an dóigh chéanna leis na liostaí focal sna leabhair eile i gCéim 6, nó is féidir go díreach an leabhar seo a úsáid mar leabhar gníomhaíochtaí ina bhfuil eolas breise.

StraitéisíÚsáidtear straitéisí éagsúla sna leabhair seo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht do gach cineál foghlaimeora. Tá cleasanna éagsúla molta chomh maith agus oibreoidh na páistí amach cé acu straitéis is fearr leo. Is ionann breacscríbhneoireacht agus focal a scríobh arís is arís eile, é ceangailte nó i bpatrún éigin. Is ionann focal a scríobh i mbolgán cainte agus carachtar a dhéanamh le bolgán cainte agus an focal áirithe a chleachtadh sa bholgán sin. Moltar cearnóga fuaime a úsáid in amanna. Is é sin cearnóga páipéir réamhghearrtha a dtig leis na páistí na focail a chleachtadh orthu. Moltar chomh maith clár bán a bheith ag na páistí le rudaí a thriail agus a chleachtadh gan mothú gur rud buan é. Sa leabhar seo, tá focail briste ina bpíosaí agus tá focail curtha le chéile agus an píosa áirithe iontu uilig. Níl liostaí focal ar bith le sórtáil nó níl ann ach an t-aon bhealach amháin ann leis an phíosa seo a scríobh. Is teaghlaigh focal iad seachas fuaimeanna atá le sórtáil, mar atá amhlaidh sna leabhair eile.

le Jacqueline de Brún

Gach íomhá agus léaráid © thinkstock.com

Page 4: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

3

Clárua/uai

Ceacht 1: An scuab crua 4

Ceacht 2: Buataisí 5

ia/iai

Ceacht 1: Pian ón ghrian 6

Ceacht 2: An ghrian 7

(e)ach(t)

Ceacht 1: Clúiteach! 8

Ceacht 2: Cosúlachtaí agus éagsúlachtaí 9

Ceacht 3: Aidiachtaí 10

aith

Ceacht 1: Maitheas aitheanta 11

Ceacht 2: Aithne mhaith 12

Ceacht 3: Caith isteach é! 13

eoir

Ceacht 1: Lean an treoir! 14

Ceacht 2: Ag aisteoireacht 15

(e)ann

Ceacht 1: Léann tú go maith 16

Ceacht 2: Greann le ann agus eann 17

mhar

Ceacht 1: Tá sé seo greannmhar! 18

Ceacht 2: Tá sé seo pianmhar! 19

tar

Ceacht 1: Seachtar nó ochtar 20

Ceacht 2: Moltar na focail a bhriseadh 21

an/án

Ceacht 1: Torbán nó dragan? 22

Píosaí coitianta eile 23

Page 5: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

4

Ceacht 1: An scuab crua ua/uai

Abair amach an abairt seo arís agus arís eile. Deacair?

Is trua go bhfuil an scuab sin crua.

Léigh an sliocht seo os ard. Cuir líne faoi gach ua atá ann.

Is nós é anois ag daoine nuacht a léamh ar líne in áit páipéar nuachtáin a léamh. Léigh mé tuairisc ansin faoin uachtarán agus an cuairt a thug sé ar an scoil le duais a bhronnadh.

Amharc i do leabhair agus aimsigh focail eile ina bhfuil an fhuaim ua. Scríobh sa bhosca thíos iad agus cuir ciorcal thart ar an ua.

Léigh na focail seo. Cuir béim ar an ua i ngach focal.

duais tuairisc uachtarán

cuardaigh buataisí buamaí

luachmhar suarach scuaine

fuaimeanna gualainn gruaig

Page 6: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

5

Ceacht 2: Buataisíua/uai

Scríobh focail le ua sna buataisí. Scríobh focail ón leabhar seo agus ó leabhair eile.

Roghnaigh … focal le ua agus cuir in abairtí iad. Sin nó scríobh abairt amháin agus úsáid oiread focal le ua agus a thig leat.

Page 7: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

6

Ceacht 1: Pian ón ghrian ia/iai

Léigh an sliocht seo os ard. Cuir ciorcal thart ar gach ia atá ann. Léigh arís é agus abair amach gach ia go soiléir.

Is féidir bheith dóite go holc ag an ghrian. Tá an rialtas ag déanamh iarrachta daoine a chur ar an eolas faoin ghrian le go mbeidh siad ciallmhar. Tá go leor fianaise ann anois maidir leis an dochar a dhéanann an ghrian agus is cinnte go mbíonn sé pianmhar bheith dóite go holc.

Scríobh na focail leis an fhuaim ia sa bhosca thíos. Ansin, aimsigh samplaí eile i do leabhair.

ia

Léigh na focail thíos. Cuir dath eile ar an ia i ngach focal.

ciallmhar grianmhar iarracht

fianaise ciarsúr mianta

pianmhar rialtas dian

briathra ag iarraidh fial

Page 8: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

7

Ceacht 2: An ghriania/iai

Scríobh focail le ia sna grianta. Is féidir focail a fháil ón leabhar seo agus ó leabhair eile.

Roghnaigh … focal le ia agus cuir in abairtí iad. Sin nó scríobh abairt amháin agus úsáid oiread focal le ia agus a thig leat.

Page 9: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

8

(e)ach(t)Ceacht 1: Clúiteach!

Léigh an sliocht thíos. Cuir béim ar an ach agus tú ag léamh.

Ba mhaith liom bheith i mo cheoltóir clúiteach lá éigin. Ní bhaineann m’ábaltacht le clisteacht ach le cleachtadh agus iarracht an-mhór. Bím ag cleachtadh go minic agus sílim go bhfuil sin iontach tábhachtach. Níl deacracht ar bith agam leis sin mar tá mé iomlán cleachta leis.

Scríobh na focail a bhfuil (e)ach(t) iontu sa bhosca thíos. Aimsigh focail eile i do leabhair.

(e)ach(t)

In amanna bíonn ach ann agus amanna eile bíonn each ann.

Scríobh samplaí.

…………………… ……………………

Scríobh an riail faoi ghutaí na Gaeilge.

……………………………………………………………………………………

……………………………………………………………………………………

Page 10: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

9

Ceacht 2: Cosúltachtaí agus éagsúlachtaí(e)ach(t)

Léigh na focail seo. Tá ach i ngach ceann acu.

éagsúlacht aisteach

tábhachtach clúiteach

caointeach fiosrach

Gearmánach ciontach

cleachta deacracht

uafásach cosúlacht

ag cleachtadh uaigneach

Éireannach beannacht

Scríobh na focail seo agus focail eile ó do leabhair sna boscaí.

ach each acht eacht

Page 11: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

10

(e)ach(t)Ceacht 3: Aidiachtaí

Is aidiachtaí iad cuid de na focail seo le ach. Scríobh na focail ar aidiachtaí iad sa bhosca thíos.

Anois léigh na focail seo. Cuir dath gorm ar na boscaí ina bhfuil focail le ach agus dath oráiste ar na boscaí ina bhfuil focail le each.

ag cleachtadh millteanach cleachta bealach

tábhachtach uafásach deacracht isteach

clúiteach trodach aisteach amaideach

beannacht deacracht smaointeach neirbhíseach

Cuir an deireadh ceart ar na focail thíos. Amharc go cúramach ar na gutaí.

Page 12: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

11

aith Ceacht 1: Maitheas aitheanta

Léigh an sliocht seo. Cad é an fhuaim a chluineann tú go minic? Bíonn an fhuaim seo ag tús, i lár agus ag deireadh focal.

Is duine aitheanta é an fear sin. An bhfuil aithne agat féin air? Caitheann sé a chuid ama uilig ag déanamh rudaí maithe. Is duine fial flaithiúil é agus ba chóir do dhaoine eile aithris a dhéanamh air. Tá aithne mhaith agam féin air. Chaith mé cuid mhór ama leis agus ba mhaith liom maitheas a dhéanamh mar atá déanta aigesean.

Scríobh na focail leis an fhuaim aith sa bhosca thíos. Ansin, faigh focail eile leis an fhuaim seo i do leabhair.

-aith-

Page 13: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

12

aithCeacht 2: Aithne mhaith

Léigh na focail seo. Tá an fhuaim aith i ngach ceann acu. Cuir dath eile ar an fhuaim seo.

aithne maith maithiúnas

caith aithris maitheas

ag caitheamh d’aithin aitheanta

flaithiúil sraith caithfidh

Roghnaigh focail le aith agus scríobh mar bhreacscríbhneoireacht iad sa bhosca thíos.

Scríobh na focail le aith ar an leathanach seo in ord aibítre.

1. 7.

2. 8.

3. 9.

4. 10.

5. 11.

6. 12.

Page 14: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

13

aith Ceacht 3: Caith isteach é!

Aimsigh focail ina bhfuil an fhuaim aith agus scríobh sna boscaí ar an ghréasán thíos iad.

Roghnaigh …. de na focail ón ghréasán thuas agus scríobh abairtí leo. Sin nó scríobh abairt amháin agus úsáid oiread focal le aith agus a thig leat.

aith

Page 15: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

14

eoirCeacht 1: Lean an treoir!

Cuir an deireadh eoir le gach focal ar chlé. Ansin scríobh an focal iomlán sna boscaí ar dheis.

tr________

feirm_______

imr________

caint________

Gaeilg______

aist________

múint_______

it________

léith________

Page 16: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

15

eoir Ceacht 2: Ag aisteoireacht

Tá roinnt mhaith focal ann sa Ghaeilge a chríochnaíonn ar eoir. Léigh an sliocht seo thíos agus cuir líne faoi na focail sin.

Ba mhaith liom bheith i m’aisteoir. Is foghlaimeoir ag an bhomaite mé. Tá múinteoir maith agam agus bíonn scríbhneoirí maithe ag scríobh scripteanna dom. Tugann mo mhúinteoir treoir dom agus is léitheoir agus is cainteoir an-mhaith é.

Scríobh focail sna spásanna thíos. Beidh eoir ag deireadh gach ceann acu.

1. Is duine é nó í seo a fhásann glasraí ar fheirm. ………………

2. Nuair nach mbíonn a fhios agat do bhealach iarrann tú seo ó dhuine. ………………

3. Bíonn an duine seo ag léamh cuid mhór. ……………………

4. Bíonn an duine seo ag teagasc daltaí ar scoil. ……………

5. Bíonn an duine seo ag imirt cluichí. …………………

6. Bíonn an duine seo i scannáin nó i ndrámaí. …………………

Scríobh na focail mar bhreacscríbhneoireacht thíos.

Page 17: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

16

Scríobh an riail faoi ghutaí na Gaeilge.

……………………………………………………………………………………

……………………………………………………………………………………

Cuir an deireadh ceart leis na focail ar chlé. Ansin, scríobh an focal iomlán sna boscaí ar dheis. Beidh ann nó eann ann.

lé________

cum_______

anl________

craic________

bain______

taf________

bial_______

foir________

déan________

(e)annCeacht 1: Léann tú go maith

Page 18: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

17

(e)ann Ceacht 2: Greann le ann agus eann

Aimsigh focail i do leabhair a chríochnaíonn ar ann nó ar eann agus scríobh ar an tábla thíos iad.

Scríobh an riail atá agat faoi ghutaí na Gaeilge.

Cuir na focail seo in ord aibítre.

léann anlann craiceann baineann déanann tafann cumann bialann foireann cuireann ólann tógann

1. 7.

2. 8.

3. 9.

4. 10.

5. 11.

6. 12.

Page 19: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

18

mharCeacht 1: Tá sé seo greannmhar!

Léigh an sliocht seo os ard. Cad é an fhuaim a chluineann tú go minic? Cuir dath eile ar an fhuaim seo.

Is duine iontach greannmhar é an fear ard glórmhar sin. Chonaic mé é lá grianmhar san fhómhar agus bhí sé an-sultmhar ar fad. Is duine bríomhar é fosta ach tá sé ciallmhar agus slachtmhar go leor.

Cuir mhar leis na focail ar chlé. Ansin cuir le chéile iad agus scríobh an focal iomlán sa bhosca ar dheis.

ceol + =

sult + =

fó + =

glór + =

ciall + =

slacht + =

Page 20: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

19

mhar Ceacht 2: Tá sé seo pianmhar!

Aimsigh focail ina bhfuil mhar agus scríobh ar an tábla thíos iad.

Nuair a chuirtear mhar le focal déantar aidiacht de. Déan aidiachtaí de na focail seo. Ansin, aimsigh aidiachtaí eile a chríochnaíonn le mhar.

ceol …………. pian …………. glór ………….

sult …………. ciall …………. ………….

…………. …………. …………. ………….

Scríobh abairtí le cuid de na haidiachtaí seo.

Page 21: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

20

tarCeacht 1: Seachtar nó ochtar

Léigh an sliocht seo os ard. Tá tar ar iarraidh i gcuid de na focail. Scríobh isteach é agus léigh an sliocht arís.

Bhí seach… nó och… ar fad ann. Mol… och… le fírinne. Déan… cuntas go minic ach ní raibh muid cinnte. Bhí scú… ag beirt acu agus camán agus slio… ag triúr. Fuair seach… acu uach… reoite.

Scríobh na focail le tar thíos.

Cuir tar leis na focail ar chlé. Ansin, cuir le chéile iad agus scríobh an focal iomlán sa bhosca ar dheis.

uach + =

slio + =

scú + =

déan + =

cean + =

Page 22: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

21

tar Ceacht 2: Moltar na focail a bhriseadh

In amanna bíonn sé níos fusa focail a litriú má bhristear ina bpíosaí iad. Bris na focail seo ina bpíosaí agus scríobh sna boscaí iad. Ansin scríobh an focal iomlán ar an líne.

seachtar ochtar ceantar

. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

déantar turtar sliotar

. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

moltar ceachtar

. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

Page 23: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

22

an/ánCeacht 1: Torbán nó dragan?

Léigh an sliocht thíos. Ansin, léigh arís é agus cuir líne faoi gach focal a chríochnaíonn ar án nó an.

Bhí mé ag siúl thíos ag an lochán inné. Mhothaigh mé torbán ag snámh leis san uisce. Chuir mé mo chamán isteach sa lochán leis an torbán a fháil ach thit mo sparán isteach. Go tobann chonaic mé bradán ag imeacht le mo sparán.

“Bí cúramach ansin,” arsa mo chara liom, “tá dragan sa lochán sin!”

“Ní dragan atá ann,” arsa mise. “Níl ann ach bradán!”

Cláraigh na focail ar an tábla thíos agus aimsigh samplaí eile i do leabhar. Cad é an deireadh is coitianta?

-an -án

Page 24: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann

23

Píosaí coitianta eile

Tá píosaí coitianta eile i bhfocail sa Ghaeilge. Amharc i do leabhar agus aimsigh focail ina bhfuil píosaí coitianta eile. Cláraigh na focail ar an tábla thíos nuair a thagann tú orthu.

Page 25: Rang 6 Céim 6 · 2019-06-26 · Is leabhar breise é seo do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha. Baineann