ÊÌ Ã> >` ? ÃÌiÊ ÃV iÊ > Ê Õ Ài à >à i >ÃJ> Ã> >`° À} Pac iste Taca … · 2008. 9....
Transcript of ÊÌ Ã> >` ? ÃÌiÊ ÃV iÊ > Ê Õ Ài à >à i >ÃJ> Ã> >`° À} Pac iste Taca … · 2008. 9....
Tá an samhradh thart agus anois tá rang nua le hullmhú agus le tosú. Tús maith leath na hoibre agus, mar sin, má tá
na háiseanna uilig agat anois agus tú réidh le tabhairt fúthu beidh leat.
Ba mhaith liomsa a mhíniú anois faoi Céim ar Chéim. Scéim dhaite tharraingteach shultmhar
phléisiúrtha shuimiúil éagsúil spreagúil agus go
leor leor aidiachtaí dearfacha eile nach iad. Le
roinnt míonna anuas tá mé féin agus meitheal
múinteoirí ag obair linn go dian ar ábhair
thacaíochta le húsáid Céim ar Chéim a éascú. I
ndiaidh labhairt le múinteoirí ar na cúrsaí oiliúna
tugadh le fios dom nach bhfuil Céim ar Chéim in
úsáid mar scéim léitheoireachta sna scoileanna mar
gheall ar easpa ábhar tacaíochta. Leis an cheist
seo a réiteach cuireadh tús le plean a bhaineann
le húsáid éifeachtach Céim ar Chéim. Scéim
léitheoireachta atá ann go príomha ach dóibh
siúd atá ag iarraidh í a úsáid le tacú le teagasc na
litearthachta go ginearálta tá gnéithe éagsúla den
litearthacht sa phlean ar dhóigh struchtúrtha agus
chéimithe. Sa phlean seo tá straitéisí ar shealbhú
na Gaeilge, chomhréir na Gaeilge, theagasc
na poncaíochta agus stíl léitheoireachta agus
scríbhneoireachta. Chomh maith leis sin, tá plean
ar theagasc na gramadaí agus ar an dóigh leis an
fhónaic a úsáid i gcomhar leis na leabhair seo.
Agus an plean seo deartha chuaigh muid i mbun
oibre ar leathanaigh thacaíochta le húsáid le gach
céim agus táimid ag dúil go mbeidh siad seo réidh
le húsáid sa chéad téarma.
Ba mhaith liom buíochas a ghábháil ar bhur son
le Deirdre Nic Suibhne, Fiadhna Nic Aoidh agus
le Dolores Barnes a chaith uaireanta fada an chloig
ag pleanáil, ag ullmhú agus ag iarraidh teacht ar
straitéisí sultmhara le gnéithe den litearthacht a
theagasc ar dhóigh phléisiúrtha. Beidh toradh na
hoibre le feiceáil gan mhoill.
Beidh na leathanaigh seo ar fáil le híoslódáil
ar shuíomh an Áisaonaid. Táimid ag moladh go
n-úsáidfear mar leathanaigh scartha iad seachas
mar leabhair oibre. Rinneadh na leathanaigh agus
muid ag cuimhneamh ar fhoghlaimeoirí éagsúla
agus ar pháistí a bhíonn réidh do ghníomhaíochtaí
éagsúla ag amanna éagsúla. Mar sin beidh sé faoin
mhúinteoir a mheas cé acu leathanach a fhóireann
do pháistí éagsúla. Fáilte go curaclam Thuaisceart
Éireann!
Leabhair Chainte Céim ar ChéimDea-scéala eile d’úsáideoirí Céim ar Chéim é
na leabhair chainte. Beidh DVD de 100 leabhar ar
fáil ar ball le húsáid ar ríomhairí na scoile nó sa
bhaile. Tá an téacs agus na pictiúir ar scáileán agus
na leabhair á léamh ag cainteoirí Gaeilge as Tír
Chonaill agus na fiacla uilig ag gach duine acu.
Pacáiste Tacaíochta Céim ar Chéim
Tá 12 leabhar chaibidle atá dírithe go
príomha ar Rang 6 i ndiaidh teacht chugainn
ar eitleán ón tSin! Is ea, is ansin atá na
leabhair á gcló arís agus tá sampla de gach
teideal curtha chuig gach scoil. Táimid ag
ullmhú leabhair oibre le dul le gach ceann
acu chomh maith. Dála na leabhar atá
déanta againn go dtí seo, tá idir fhicsean
agus neamhfhicsean i gceist leis an tsraith
seo chomh maith. Tá siad lándaite, iontach
tarraingteach agus réimse leathan ábhar agus
téamaí iontu.
Seo achoimre ghairid ar a bhfuil i gceist i
ngach leabhar acu:
Ficsean:• Is Gaisteoir í Mo Mhúinteoir: Scéal
faoi mhúinteoir as Florida a chaitheann a
cuid ama sa tóir ar ailigéadair nuair nach
mbíonn sí ag teagasc.
• Tóraíocht Taisce: Úrscéal faoi ghasúr
darb ainm Nic a bhfuil cara iontach aige
darb ainm Draoi. An dtiocfaidh siad ar
na leideanna uilig leis an duais mhór a
bhaint?
• Aintín Áine is a hArracht: Tá Aintín
Áine sa tóir ar arracht speisialta agus tá
gasúr darb ainm Tarlach ag cuidiú léi.
• An Baile Gandath: Scéal faoi chailín
darb ainm Aoibhinn Ní Fheirge agus mar
a rinne sí baile gealgháireach de bhaile
dúr gruama.
• Scéalta Slítheánta: Gearrscéalta béaloidis
domhanda faoi chlisteacht agus faoi
ghliceas ainmhithe agus daoine.
• A Chara ón Todhchaí: Tá tionscadal
iontach ar bun i scoil Anna - taisceadán
todhchaí. Léigh faoin dialann a scríobh
Anna dá cara sa todhchaí.
• Daidí Áine: Scéal faoi Áine agus a
cairde agus na poist shuimiúla atá ag a
dtuismitheoirí.
Neamhfhicsean• Amelia Earhart: Léigh faoi eachtraí
iontacha Amelia agus a turas eitleáin ó
Mheiriceá go Doire!
• An Fhoraois Bháistí: Tugann daoine
‘scamhóga an domhain’ ar na coillte
iontacha seo. Tabhair cuairt ar na plandaí,
ar na hainmhithe agus ar na daoine a
mhaireann iontu.
• Ní Mar a Shíltear a Bhítear: An bhfuil
sibh ag smaoineamh ar dhráma scoile
a léiriú? Seo leabhar a chuideoidh libh
dráma den scoth a chur ar ardán.
• Taismí Tairbheacha: An raibh a fhios
agat gur de thaisme a rinneadh an chéad
x-gha agus an chéad taoschnó? Tá cur
síos ar ‘thaismí’ eile sa leabhar seo a
raibh deireadh iontach sona leo.
• Fuar!: Cur síos daite tarraingteach
faoin Artach agus Antartaice, faoi na
hainmhithe a mhaireann in aice leis an dá
Phol agus faoi eachtraí na ndaoine cróga
a chuaigh ar turas chucu i bhfad ó shin.
Is leabhair iad seo a roghnaigh baill Fócas-Ghrúpa Eochairchéim 2 agus iad dírithe ar rang 6. Beidh dosaen eile ar an bhealach an
bhliain seo chugainn a bheidh níos fóirsteanaí
do Rang 7 agus don chéad bhliain ar an
Mheánscoil.
Praghsanna:
£3/€4.50 an teideal
£11/€16 ar 4 theideal
£20/€28 ar 8 dteideal
£25/€35 ar 12 theideal
Ábhar tacaíochta do Rang 6Tá tús curtha chomh maith le leabhair oibre
le teacht leis na leabhair chaibidle seo a
bhuíochas le Risteard Mac Daibhéid, Andrea
Nic Oscair, Seán Fennell agus Julie Ní
Ghallchóir.
Leabhair mhóra na BonnchéimeTá cúig leabhar mhóra ag na clódóirí faoi
láthair agus iad le bheith réidh do na ranganna
san Fhómhar.
Eolas a bailíodh don phleanBa mhaith liom buíochas a ghábháil le gach
duine a líon isteach foirm faoi áiseanna ar
na cúrsaí oiliúna nó ar r-phost chugam. Mar
eolas daoibh bhailigh mé na smaointe uilig
faoi na riachtanais a luaigh daoine agus chuir
in ord tosaíochta iad.
An Bhonnchéim: • Scéim struchtúrtha don léitheoireacht
• Tuilleadh leabhar mór
• Ábhair ar an fhónaic
EC1:
• Scéim struchtúrtha léitheoireachta
• Leabhair mhóra
• Ábhair ar an fhónaic
EC2:
• Leabhair mhóra
• Úrscéalta
Nuair a tháinig muid le chéile bhí cuspóir
iontach soiléir simplí againn:
‘Leabhair léitheoireachta a phiocadh le haistriú ó Bhéarla go Gaeilge a spreagfadh suim sa léitheoireacht Ghaeilge i measc pháistí Eochairchéim 2 san earnáil’.
B’i dtólamh a shíl múinteoirí
Gaelscoile go raibh bearna shuntasach
sa ghné léitheoireacht Ghaeilge den
churaclam. Bhíodh sé i gcónaí deacair
suim sa léitheoireacht Ghaeilge a chruthú
agus neamhspleáchas sa phróiséas
léitheoireachta a fhorbairt. Cinnte, bhí
leabhair mhaithe Ghaeilge ar fáil agus
in úsáid sna seomraí ranga ach ní raibh
go leor acu ann. Bhí i bhfad níos mó
leabhar de dhíth chun an tsuim agus
an neamhspleáchas sa léitheoireacht
Ghaeilge a fhorbairt, a chur chun cinn
agus a chur ag leibhéal na léitheoireachta
Béarla.
Sna Leibhéil Dhul Chun Cinn
scríobhtar go dtig le daltaí ‘straitéisí léitheoireachta a úsáid go neamhspleách’
(Leibhéal 3) agus go dtig le daltaí ‘bheith ag léamh go neamhspleách’ (Leibhéal 4).
Ba dhoiligh é i dtólamh, na gnéithe
tábhachtacha seo den Chumarsáid a
chomhlíonadh as siocair nach raibh
réimse maith leabhar ar fáil i nGaeilge.
Ach anois, le hobair mhór an Áisaonaid,
tá faill againn seo a athrú.
Agus muid ag roghnú na leabhar le
haistrú, phioc muid meascán maith de
leabhair chun an oiread páistí agus is féidir
a mhealladh i dtreo neamhspleáchais
sa léitheoireacht Ghaeilge. Roghnaigh
muid úrscéalta, leabhair ficsin, leabhair
neamhfhicsin srl.
Nuair a bhí na profaí réidh le húsáid
sna scoileanna thriail mé féin iad leis an
rang a bhí agam féin, Rang 5/6. Caithfidh
mé a rá go raibh iontas agus gliondar orm
go raibh an oiread sin dúile acu iontu – go
háirithe i measc na meánléitheoirí. Ba léir
gur mheall na leabhair iad.
Tá na leabhair soléite, sothuigthe,
tarraingteach agus scríofa ag leibhéal
fóirsteanach do pháistí Eochairchéim 2.
Dúirt Róise Nic an Bheatha, duine de
na daltaí s’agam:
‘Bhain mé sult mór ar fad as na leabhair úra seo mar tá siad daite agus tá a lán grianghrafanna iontu. Tá na scéalta fein iontach suimiúil ar fad. Tá mé ag dúil go mór le hiad uilig a leamh!’
Cuireann Risteard Mac Daibhéid, Gaelscoil Éadain Mhóir, síos ar a chuid eispéireas ag cuidiú le Fócas-Ghrúpa Eochairchéim 2 leabhair chaibidle a roghnú agus a thriail.
Leabhair mhóra – Praghsanna beaga!
Tá cuid mhaith
d’ábhar an
Áisaonaid ar
fáil saor in
aisce ón suíomh
idirlín againn
www.aisaonad.org
Is i bhfoirm ‘pdf’
atá an chuid is mó
de na rudaí agus tá
cead iad a íoslódáil
agus a úsáid sa
seomra ranga.
Céim 11: Bó sa ChrannCéim 12: Déan Tuar CeathaCéim 13: Pióg MhamóCéim 14: Bia BlastaCéim 15: Luchóga agus Scéalta Eile
A r a n B h e a l a c h
5 leagan mhóra eile de leabhair bheaga Céim ar Chéim le foilsiú i bhFómhar 2008Is iad na teidil atá i gceist: