NUACHTLITIR - Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
-
Upload
pol-o-frighil -
Category
Documents
-
view
237 -
download
5
description
Transcript of NUACHTLITIR - Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
www.derrycityandstrabanedistrict.com/gaeilge
...scáthán Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
Eagrán 25, Aibreán-Meitheamh 2015
Grianghraf: Deane McDermott
Pleanáil Phobail - I measc na gcumhachtaí nua atá ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
tá Pleanáil Phobail agus is éard atá ann ná cur chuige nua le cinntiú go bhfuil polasaithe na Comhairle ag
freastal go díreach ar riachtanais an phobail. Tugann an próiseas nua deis don phobal tionchar níos láidre a
bheith aige ar an dóigh a phleanálann agus a sholáthraíonn an Chomhairle a cuid seirbhísí. Tá deis ag pobal
na Gaeilge bheith lárnach sa phróiseas seo mar go mbeidh an próiseas ag plé le cúrsaí cultúir, teanga,
oideachais, turasóireachta, oidhreachta agus cúrsaí pleanála pobail. Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh sa
phróiseas ar réimse dóigheanna. Tá tuilleadh eolais maidir leis an phróiseas ar fáil san eagrán seo nó más
fearr leat is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag T: 028 71 253 253, nó ríomhphost a chur chuig
[email protected] www.derrycityandstrabanedistrict.com/communityplanning
………………………………………………………………………………….
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
@foramphobal @dcsdcouncil
Eagrán Speisialta - Do Chomhairle Nua
Lch 2
Do Chomhairle Nua An Príomheolas
Comhairleoirí Tá 40 comhairleoir sa cheantar ag ionadú seacht dtoghcheantar mar atá: Baile Arnóid
(Ballarnett), An Dearg (Derg), An Fhochaine (Faughan), Cois Feabhail (Foyleside), Speirín (Sperrin), An
Móinteach (The Moor) agus Doire Trasna (The Waterside). Seo mar atá briseadh síos na bpáirtithe polaitiúla:
Sinn Féin (16), Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (10), An Páirtí Aontachtach Daonlathach (8),
Páirtí Aontachtach Uladh (2). Neamhspleách (4). Tuilleadh Eolais: meetings.derrycityandstrabanedistrict.com
Pleanáil Ón 1ú Aibreán ar aghaidh tá Pleanáil faoi chúram na Comhairle le cinntí faoi chúrsaí pleanála a
dhéanamh ag coiste pleanála a bhfuil 14 comhairleoirí mar bhall de. Tá Comhairle Chathair Dhoire agus
Cheantar an tSratha Báin freagrach as dlíthe pleanála a chur i bhfeidhm agus as forfheidhmiúchán. Is féidir
tuilleadh eolais a fháil ar an chóras nua trí chuairt a thabhairt ar www.planningni.gov.uk nó más mian leat
freastal ar chruinniú coiste ag a mbeidh iarratas áirithe pleanála á phlé cuir ríomhphost chuig:
Cruinnithe Comhairle Más mian leat eolas a fháil ar an dóigh a dhéanann Comhairle Chathair Dhoire &
Cheantar an tSratha Bán cinneadh maidir le hábhair éagsúla is féidir cláir chruinnithe, miontuairiscí agus
tuairiscí a fheiceáil ar líne ag: meetings.derrycityandstrabanedistrict.com áit a fheicfidh tú féilire cruinnithe mar
aon le heolas faoi na coistí éagsúla atá freagrach as cinntí a dhéanamh. Más mian leat nuashonrúcháin a fháil
go rialta maidir le gnó na gcoistí cinnteoireachta is féidir aip dar teideal Modern.Gov a íoslódáil chuig iPad nó
chuig gléas Android.
Fógraí Poiblí agus Nuacht Is féidir leat fanacht cothrom chun dáta leis an nuacht is déanaí ón Chomhairle trí
chuairt a thabhairt ar ár seirbhís nuachta www.derrycityandstrabanedistrict.com/council/news
Seirbhísí Tá eolas faoi sheirbhísí éagsúla na Comhairle ar fáil ón suíomh idirlín faoin liostáil A-Z, is anseo a
gheobhaidh tú gach eolas maidir le: Seirbhísí Gaeilge, Dramhaíl agus Athchúrsáil, Clárú Breitheanna Básanna
agus Póstaí, Reiligí, Sláinte Chomhshaoil, Tacaíocht Ghnó, Tacaíocht Fostaíochta, Spórt agus Fóillíocht,
Páirceanna, Bithéagsúlacht agus Fiadhúlra, Cuibhrinn, Ceadúnais, Leas Ainmhithe, Pleanáil srl
www.derrycityandstrabanedistrict.com/services
Oifigí na Comhairle Tá dhá phríomhoifig ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin anois:
Oifig Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN agus Oifig an tSratha Báin, 47 Bóthar Dhoire, BT82 8DY
www.derrycityandstrabanedistrict.com/gaeilge
‘Let the Dance Begin’, Bóthar Leifir, Baile an tSratha Báin
Lch 3
Pleanáil Phobail An tEolas
Cad é atá ann? Cur chuige páirtíochta idir Comhairlí áitiúla agus an pobal a leagann béim ar thuairimí an
phobail. Tugann sé deis don phobal tionchar a bheith aige ar mhúnlú seirbhísí. Aithnítear ocht dtéama éagsúil
mar thosaíochtaí sa chóras: Pleanáil Chomhphobail, Sláinte agus Folláine, Luathidirghabháil, Gnó agus
Fiontraíocht, Oideachas agus Scileanna, Turasóireacht Ealaín agus Cultúr, Pleanáil agus Athfhorás,
Infrastruchtúr agus Iompar. Cuirfear plean nua ceantair le chéile bunaithe ar riachtanais an phobail agus ar
thosaíochtaí atá comhaontaithe idir an pobal, an Chomhairle agus páirithe leasmhara eile.
Cá bhfuil an próiseas faoi láthair? Tugadh cuireadh don phobal clárú le páirt a ghlacadh sna meithleacha
éagsúla atá ag plé leis na téamaí thuasluaite. Seoladh an próiseas go hoifigiúil ag Príomhfheidhmeannach na
Comhairle, John Kelpie, ar an 4ú Meitheamh agus ó shin tá na meithleacha éagsúla oibre ag teacht le chéile
le tabhairt faoin obair. Fiú muna bhfuil tú cláraithe leis na meithleacha oibre, is féidir tuairimí a nochtadh ar
fhóram Phleanáil Pobail agus tríd an seoladh ríomhphoist. (Gach eolas thíos).
Cén ceantar atá i gceist? Clúdoidh an Plean Pobail an ceantar Comhairle ar fad: Cathair Dhoire, Baile an
tSratha Báin, an Fhochaine, Gleann na Deirge agus Gleann Aichle, an Mhagh (Eglinton), Clóidigh, an Pháirc,
Newtownstewart, Caisleán na Deirge agus Coill Íochtair.
Cad é an sprioc? Cruthóidh Pleanáil Phobail deis do pháirtithe leasmhara áitiúla agus réigiúnacha oibriú le
chéile le fís chomónta a aontú maidir leis an dóigh a gcuirtear seirbhísí ar fáil. Cuirifdh an Plean Pobail, daoine
sa lár agus leagfar béim áirithe ar thorthaí thar phróiseas. Táthar ag súil le go gcuirfidh an plean le sláinte,
folláine agus sástacht an phobail ar fad atá ina chónaí sa cheantar Comhairle. Cinnteoidh sé go mbainfear an
úsáid is fearr as acmhainní na Comhairle le freastal cuí a dhéanamh ar riachtanais an phobail.
Tuilleadh eolais
www.derrycityandstrabanedistrict.com/community-planning
T: 02871253253 nó seol ríomhphost chuig [email protected]
Íom
há: A
tkin
s G
lob
al
Na T
inn
ies
ag
us
Dro
ichead
na S
íoch
án
a
Lch 4
Seirbhísí Gaeilge curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó
Fhoras na Gaeilge:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Chathair Dhoire &
Cheantar an tSratha Báin
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís
uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait
i nGaeilge téigh chuig www.derrycityandstrabanedistrict.com/gaeilge Má tá eolas
uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle déan teagmháil linn. Má tá aon fhormáid
eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn. GAEILGE & FÁILTE
………………………………………………………………………………….
Oifigeach Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge Gaeilge & Fáilte
Déan do ghnó linn i nGaeilge - An bhfuil a fhios agat gur féidir leat do ghnó a dhéanamh i nGaeilge le
Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin? Is féidir leat: scríobh chugainn i nGaeilge agus freagra
a fháil ar ais i nGaeilge; scairt ghutháin a chur orainn (tá líne ghutháin ar leith cruthaithe don Ghaeilge -
uimhir dhíreach le teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge nó le teachtaireacht a fhágáil ar an
tseirbhís ghlórhphoist; is féidir leat cruinniú a iarraidh leis an Chomhairle agus cuirfear seirbhís
ateangaireachta ar fáil; is féidir leat leagan Gaeilge de cháipéisí agus fhoilseacháin a iarraidh; is féidir leat
leagan Gaeilge den tsráid nó bhóthar ar a bhfuil tú i do chónaí a iarraidh orainn; nó, má tá seirbhís uait nach
bhfuil againn faoi láthair, cuir do riachtanais in iúl dúinn agus déanfaidh muid ár seacht ndícheall le freastal
ort. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an
tSratha Báin, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN, T: 028 71 376 579, [email protected]
Nó tabhair cuairt ar ár leathanach Gaeilge ar an suíomh idirlín www.derrycityandstrabanedistrict.com/gaeilge.
www.derrycityandstrabanedistrict.com/gaeilge
Bígí linn ar líne
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Tá muid ar líne - Is féidir leat fanacht cothrom chun
dáta lena bhfuil ag tarlú sa cheantar Comhairle ó
thaobh na Gaeilge de trí ‘like’ a thabhairt dár
leathanach pobail ar Faceboook faoin ainm ‘Fóram
Phobal na Gaeilge’ áit a fhéicfidh tú blúiríní eolais
agus scéilíní agus faoi imeachtaí, tionscnaimh agus
gníomhaíochtaí Gaeilge sa phobal mar aon le
heolas faoi sheirbhísí Gaeilge na Comhairle.
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
@foramphobal