nós* - eagrán 8

64
imeachtaí go leor Craic & spraoi SnaG ag Dul chun na gaeltachta? Comórtas dearbhán Ghael Linn rath hunger Tuairisc ar bhuanna an mhórscannáin iris ghaeilge don nua-aois nós* www.nosmag.com &3.90 £3.50 márta 09 eag. 8 speisialta Diuc agus tuilleadh ar Ceol ‘09

description

Réamhbhlaiseadh CEOL 09, Van Morrison, The Prodigy, Imeachtaí SnaG, Hunger, Flight of the Conchords, Ubuntu, Lá Twitter, Tinte san Astráil agus go leor eile!

Transcript of nós* - eagrán 8

Page 1: nós* - eagrán 8

imeachtaí go leorCraic & spraoi SnaG

ag Dul chun na gaeltachta?Comórtas dearbhán Ghael Linn

rath hungerTuairisc ar bhuanna an mhórscannáin

iris ghaeilge don nua-aois nós*

www.nosmag.com &3.90 £3.50

márta 09 eag. 8

speisialtaDiuc agus tuilleadh ar Ceol ‘09

Page 2: nós* - eagrán 8

2 www.nosmag.com

*

Page 3: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 3

fáilteTá ár gcéad bhreithlá ann an mhí seo :-) agus shíl muid nach raibh aon bhealach níos fearr chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid ná eagrán eile spraíúil a chur os bhur gcomhair.

Tá neart istigh ann mar is gnáth ach tá bronntanas eile againn dóibh, is é sin ár suíomh nua idirlín atá á sheoladh againn chomh maith.

Cuirfidh na seirbhísí breise atá anois le fáil ar nosmag.com go mór leis an eagrán míosúil clóite - ina mbeidh ábhar éagsúil le léamh ann i gcónaí - agus tá súil againn go mbeidh sé ina chroí-ionad ar líne ag Gaeil bheoga an domhain.

Agus ó tharla dom bheith ag caint ar cheiliúradh, tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís eile agus tá go leor deiseanna spraoi ann do chách, in Éirinn agus thar lear. Gheofar eolas faoi imeachtaí SnaG sna leathanaigh seo agus ar snag.ie

Beannachtaí,

tomaí Ó conghaileEagarthóir nós*

*****

** *** * ** *

Bliain ar an bhfód

Page 4: nós* - eagrán 8

4 www.nosmag.com

nós*Po BoX 188an tiúrBt35 5Ba

[email protected]

EAGARTHÓIRTomaí Ó Conghaile

MARGAÍOCHTFélim Borland

RANNPHÁIRTITHESeoirse Mac Giolla an Chloig, Ciarán Ó Meachair, Ciarán Dunbar, Sinéad Ní Churnáin, Diarmuid

Ó Muirgheasa, Cillian de Búrca, An Seanduine Liath, Roibeárd Ó Conchúir, Micheál Johnny Ó Meachair, RG Cuan

GRIANGHRAIFKiritia Images - www.kiritia.com

foireann

*

Anois go bhfuil nós* ar fáil ar líne agus i gcló, níl leithscéal fágtha ag aon duine gan síntiús a ghlacadh amach ;-)

Mar sin, má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu.

Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£36 ar shíntius bliana - margadh iontach, nach é?

Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 61 agus ar www.nosmag.com

subscribe!

fáilte

Page 5: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 5

istigh

tceol9 Léirmheasanna Albaim10 Seachtain na Gaeilge13 CEOL ‘09Blaisín d’albam mór SnaG14 Gig-ghraif

eile

beatha

scáileán

i gcló

teicneolaíocht29 Ubuntu v Vista 31 ArdghléineCad is HD ann?

33 Twitter na nGaelLá Twitter na Gaeilge ar 17 Márta

35 The Token36 Sean-nós*Tuilleadh saíochta ón Seanduine Liath

t

t

t

lÉaRGas55 Tine IfrinnTuairisc ar thinte marfacha na hAstráile

19 Léirmheasanna ScannáinRole Models, Watchmen22 Rath an OcraisBliain mhaith Hunger24 Flight of the ConchordsLéimheas ar an tsraith nua

t

39 Buaiteoir ComórtaisCé a bhuaigh leabhar Mhancháin?

t

t

41 StílTreochtaí an earraigh58 Liosta ImeachtaíÓcáidí móra SnaG

taistealt45 Barraigh 2An dara cuid ó chuairt Sheoirse ar Bharraigh

Page 6: nós* - eagrán 8

6 www.nosmag.com

comórtas

Tá dhá dhearbhán de luach €400 le buachan do chúrsa Gael Linn i mBun an Inbhir an samhradh seo chugainn.

Eagraíonn Gael Linn cúrsaí samhraidh Gaeilge gach bliain i mBun an Inbhir, Gaoth Dobhair. Tá na cúrsaí seo oscailte do gach duine idir 11 agus 18 bliain d’aois.

Is féidir leis na buaiteoirí a gcuid dearbhán a úsáid le costais aon cheann de na cúrsaí seo a chlúdach:

• Cúrsa A: 01/06/09 – 23/06/09• Cúrsa B: 28/06/09 – 19/07/09• Cúrsa C: 19/07/09 – 09/08/09

Is é costas iomlán na 3 seachtaine ná €800 agus is feidir sainchúrsa spóirt uisce a dhéanamh ar chostas breise €30.

Le ceann de na dearbháin €400 seo a bhuachan, díreach freagair an cheist seo a leanas:

Cuir an freagra, le d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir theagmhála chuig:Comórtas Gael Linn, Oifig Ard Mhacha, Áisionad Bhóthar na hArdeaglaise,20 Bóthar na hArdeaglaise, Ard Mhacha BT61 7QX

Má chuireann tú isteach ar an gcomórtas seo aontaíonn tú gur féidir le Gael Linn teagmháil a dhéanamh leat maidir lena gcoláiste samhraidh Gaeilge.

dhá dhéarbhán GaeLtaChta Le buaChan!

Fíor nó bréagach?: tá Gaoth dobhair i gContae bhaile átha Cliath.

Page 7: nós* - eagrán 8

ba maith le nÓS* bUÍOChaS Ó ChROÍ a GhabhÁil le GaCh Gael a ChabhRaiGh linn le bliain anUaS tRÍ ShÍntiúS a CheannaCh, CÓipeanna a fhÁil, fÓGRaÍ a GhlaCaDh amaCh nÓ an Dea-SCéal a SCaipeaDh.aG Súil GO mÓR le bliain eile lÁn SpRaOi amaCh ROmhainn... Yee haa!

1

Page 8: nós* - eagrán 8

ceol

Page 9: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 9

Nuair atá albam agat a aithnítear

i measc sárshaothar dhomhan

an cheoil, ní smaoineodh mórán

ceoltóirí ar an albam a chur amach arís le

blas nua air.

Ach ní gnáthcheoltóir é Van morrison.

Sular tháinig astral Weeks amach in

1968 bhí clú ar an bhFeirsteach as rac

maith a chumadh, agus bhí an-rath ar

fad ar a amhán, Brown eyed girl, a bhuail

aerthonnta na cruinne an bhliain roimhe.

B’albam éagsúil é astral Weeks áfach

a léirigh go raibh buanna sa bhreis ag

Morrison agus níorbh fhada go raibh áit

bainte amach ag leithéidí Sweet thing

agus Ballerina i stair an cheoil.

Chuir an fhuaim fhionnuair éisteoirí

faoi gheasa agus ag an am céanna

baineadh siar astu ag cóirithe eile.

Guth cumhachtach smaointeach atá

ag Morrison sa bhunalbam agus éiríonn

leis sin a thabhairt leis ar an taifeadadh

beo seo a rinneadh in Los Angeles.

Cuireann sé píosaí breise de na

gormacha leis agus athraíonn sé deireadh

an amhráin madame george le dul i

bhfeidhm níos mó ar an lucht éisteachta a

d’fhreastail ar an gceolchoirm speisialta.

Tá ábhar iontais ann chomh maith ag

críoch Slim Slow Slider a bhfuil groove

níos tapa aige ná dord réidhchúiseach na

‘60í.

Breis agus 40 bliain ar aghaidh agus is

réalta é astral Weeks go fóill.

van moRRisonAstral Weeks: Live at the Hollywood Bowl

hhhhh

the pRodiGyInvaders Must Die

Tá fathaigh an cheoil leictreonaigh

ar ais le splanc arís eile agus tá an

lucht leanúna s’acu ag tacú leo go

trean arís chomh maith – dhíol a dturas is

déanaí amach taobh istigh d’uair a chloig

agus is cinnte go mbeidh na mílte i láthair

chun bogadh leis na buillí nuair a bheas

said ag Caisleán Bhaile Shláine i mí an

Mheithimh.

Is díol suntais ar mórán bealaí é an

fuinneamh atá go fóill ag liam howlett agus a chairde sa Prodigy, go háirithe

nuair nach mbíonn formhór na mbannaí

nua damhsa ar an saol ach bliain nó dhó

sula gcailltear an faobhar.

Le roinnt blianta anuas, bhí an

spotsolas á bhaint den Prodigy ag an

ghlúin úr ach is léir nár chuir sé sin isteach

ar na seanfhondúirí.

Tugann na macallaí rac atá le cloisteáil

ar invaders must Die – a gcúigiú albam –

le fios go raibh Howlett & co. ag éisteacht

le leithéidí na Klaxons agus Pendulum

ach tá a rian leithleach féin le mothú ann

chomh maith.

Tá tionchar na seantiúineanna tríd

an albam síos – is féidir an tsingil out of Space ó 1992 a chloisteáil ar an traic

nua thunder mar shampla – agus tagann

Dave grohl isteach ar na drumaí in run With the Wolves le cur in iúl go bhfuil an

chumhacht acu go fóill.

Seans go ndearfadh roinnt daoine go

bhfuil cuid den albam ag amharc siar ar

laethanta órga rave trí spleaclaí rósdaite

ach is fearr i bhfad an cruachór áthais seo

ná an saothar bog a bhí á chruthú ag an

Prodigy le tamall anuas.

Taitneoidh láidreacht ghlórach an

ghrúpa go mór le daoine a thosaigh ag

éisteacht leo sna 1990í ach, cé gur albam

maith é, is dócha nach mbeidh siad in ann

an chéad gheit sin a bhain siad as an saol

nuair a tháinig siad amach ar dtús, nach

mbeidh siad in ann sin a athchruthú arís

go deo.

hhhhh

2 márta u2 - No Line On The Horizon

9 márta Kelly clarkson - All I Ever Wanted; Starsailor - All The Plans;

mary coughlan- House Of Ill Repute

16 márta Pete Doherty - Grace /Wastelands; marianne Faithfull - Easy Come Easy Go: 2cd

23 márta Pet Shop Boys - Yes; 50 cent - Before I Self Destruct

30 márta Diana Krall - Quiet Nights; PJ harvey & John Parish - A Woman A Man Walked By

alBaim le heiSiúint an mhí Seo...

Page 10: nós* - eagrán 8

10 www.nosmag.com

ceol

Page 11: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 11

Is é an t-am sin den bhliain arís nuair a chuirtear splanc le

saol na Gaeilge in Éirinn agus mealltar na mílte duine amach chun freastal ar imeachtaí agus ócáidí teanga ó cheann ceann na tíre.

Titeann Seachtain na Gaeilge 2009 amach idir 2-17 Márta (is fada an tseachtain í! - Eag.) agus bhí na céadta i láthair sa Button Factory, Barra an Teampaill, BÁC, ar 25 Feabhra chun an fhéile a sheoladh go hoifigiúil agus blaiseadh

beag a fháil ar a bhfuil beartaithe i mbliana.

An láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh agus fear an bhricfeasta é féin Ian Dempsey a sheol SnaG agus bhí pearsantacht mhór RnaG Rónán Mac Aodha Bhuí, mar aon le hAoibhinn Ní Shuilleabháin, ar an ardán le spraoi breise a chur os comhair an tslua a bhí i láthair.

‘Croí na Teanga - It’s You’ mana na féile i gcónaí agus is éasca páirt a ghlacadh ann agus do chuid féin a dhéanamh de chlár na bliana

seo.Tá Lá Fhéile Pádraig féin

san áireamh arís chomh maith agus tá imeachtaí den scoth eagraithe mar chuid de Gaelspraoi, turas Gaeilge timpeall an Guinness Storehouse agus an Cabaret Craiceáilte ar cuairt sa phríomhchathair ina measc.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.stpatricksfestival.ie agus tá liosta iomlán imeachtaí SnaG ar fáil ó shuíomh idirlín na féile, www.snag.ie.

Is iomaí ócáid eile a bheas ar siúl le linn na míosa

chomh maith mar sin bí cinnte go mbreathnaíonn tú ar lch. 58 le fáil amach cad atá ag dul ar aghaidh i do cheantar féin.

Beannachtaí na féile ort!

Deiseal ón chlé: Declan O’Rourke, a bhí ar Ceol ‘08; An Ruareach i mbun ceoil le Fiach sa Button Factory; agus ag seoladh SnaG, Rónán Mac Aodha Bhuí, Bláthnaid Ní Chofaigh, Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Aoibhinn Ní Shuilleabháin agus Ian Dempsey.

SnaG faoi lán seoil

Page 12: nós* - eagrán 8

12 www.nosmag.com

ceol

...ar FM!Tá an chéad chairt-stáisiúin raidió

Gaeilge don aos óg ag dul beo ar an aer le linn Sheachtain na Gaeilge

2009. An bhfuil sibh réidh le haghaidh Raidió Rí-Rá?

Bliain ó shin sheas 100 duine i bhfoirm X ollmhór ar fhaiche i gColáiste na Tríonóide chun cairt-stáisiún raidió lánGhaeilge don aos óg a sheoladh.

An coincheap bunúsach a bhí ag an stáisiún idirlín seo ná go mbeadh na hamhráin phopcheoil is mó ó na cairteacha á seinm 24/7 agus Gaeilge le cloisteáil fite fuaite tríd. An mana? Na cnaga ar fad, an t-am ar fad!

Bliain níos déanaí, tá an stáisiún céanna ag feidhmiú faoin ainm Raidió Rí-Rá anois agus ag craoladh ar líne ag www.raidiorira.ie

Ní hamháin sin ach d’éirigh leis an ógstáisiún ceadúnas sealadach ilchathrach a fháil ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann le dul beo ar an aer ar 100.3 FM i mBaile Átha Cliath, 106.7 FM i gCorcaigh, 99.1 FM i nGaillimh agus 105.5 FM Luimneach idir 1 agus 22 Márta.

Is le tacaíocht ón chomhlacht Samsung agus Conradh na Gaeilge a tháinig an t-éacht chun cinn agus tá an grúpa oibre taobh thiar den togra ag tnúth go mór leis an deis iontach seo don stáisiún.

“Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus fógraíonn an stáisiún óg úr seo ré nua don teanga,” arsa Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha le Conradh na Gaeilge agus comhrúnaí ar ghrúpa oibre Raidió Rí-Rá.

Beidh an tseirbhís sealadach FM á seoladh Dé Máirt 3 Márta idir 12.00 – 1.00in ag ógfhoireann Rí-Rá i dteannta aíonna speisialta ag ceithre phreasócáid éagsúla ar fud na tíre.

Dar le Dusty Rhodes - DJ clúiteach agus úinéir Digital Audio Productions a sholáthraíonn seirbhísí teicniúla don stáisiún - gurb é craoladh sealadach Raidió Rí-Rá an chéad chéim chun stáisiún Gaeilge lánaimseartha don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM.

“Tá éileamh ar stáisiún raidió náisiúnta a dhíríonn go hiomlán ar

Ghaeilgeoirí óga na tíre seo agus ar an gcineál ceoil go n-éisteann siad leis, agus tá ríméad orm go bhfuil Raidió Rí-Rá tagtha chun cinn chun an bhearna sin a líonadh.”

Beidh teacht ag milliún go leith duine ar an gcnag-stáisiún ar an raidió nuair a théann sé beo ar an aer i mBÁC, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach, agus na mílte eile ag éisteacht leis ar líne ag raidiorira.ie

Beidh deis ag éisteoirí iarratais a chur isteach ar shuíomh an stáisiúin, dul i dteagmháil le láithreoirí ag [email protected], agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh isteach chuig 085 1328000 le linn an chraolacháin bheo.

Chomh maith leis na cláracha PopNuacht, GigNuacht agus Top40 Oifigiúil na hÉireann atá cheana féin ar fáil ar líne, beidh seónna beo á gcraoladh i mí an Mhárta le neart cainte agus comhrá agus roinnt aíonna speisialta ag bualadh isteach freisin.

Tá cúpla seachtain den scoth geallta ar na haerthonnta ag Raidió Rí-Rá, tiúineáil isteach!

Page 13: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 13

Níl aon amhras ann gurb í buaic Sheachtain na Gaeilge do chuid mhór

Gael amuigh ansin ná an t-albam a eisítear gach bliain ar a mbíonn ceoltoírí clúiteacha Éireannacha agus idirnáisiúnta i mbun aicsin as Gaeilge.

Tá a nideog féin bainte amach le blianta beaga anuas ag an tsraith CEOL agus tá albam ‘09 réidh le seoladh ag tús na míosa seo.

Cé atá air mar sin?Bhuel mar aon lenár

seanchairde iontacha Paddy Casey, John Spillane agus Fiach, tagann Glen Hansard ar ais chomh maith ach le caipín an Swell Season air, é in éineacht le Markéta Irglová le leagan draíochta den amhrán a bhuaigh

an Oscar dóibh anuraidh, Falling Slowly.

Tá an Feirsteach Duke Special, atá tar éis clú mór a tharraingt air féin le tamall anuas, le cloisteáil ann freisin, mar aon le hamhránaithe eile a bhí ar na haerthonnta go minic le déanaí mar atá Mick Flannery, Noelie McDonnell, Ray Heffernan, Cathy Davey agus Camille O’Sullivan.

Tá blas Albannach agus Meiriceánach ann le Eddie Reader agus Nell Bryden faoi seach agus tá an fhuaim mhór á soláthar ag na bannaí Saccade, Earthquake Hair, Ham Sandwich agus Caruso.

An leor sin le sceitimíní a chur ort?

Léirmheas iomlán ar eagrán mhí Aibreáin agus ar www.nosmag.com

chugainnceol ‘09

Page 14: nós* - eagrán 8

14 www.nosmag.com

ceol

Page 15: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 15

FÉile an earraighGach bliain tá borradh ag teacht ar Fhéile an Earraigh i mBéal Feirste agus i mí Feabhra bhí an ceann is leithne agus is spleodraí ann go dtí seo.

Cearnóg an Bhainc i lár na cathrach atá mar chroí na n-imeachtaí agus ina measc sin a bhí ar ardán ann bhí Lúnasa (ar clé) a las an marquee lena gcuid cheoil.

Tá blas an-láidir Gaelach ar an Fhéile chomh maith agus bhí ról lárnach ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich in ócáidí na bliana seo, le Mairéad Ní Mhaonaigh (thuas), a nia Ciarán (ar dheis) agus eile ag seinm ann thar an deireadh seachtaine.

Page 16: nós* - eagrán 8

ceolagat?

TÁ nós* AG IARRAIDH CLOISTEÁIL Ó BHANNAÍ 7 CEOLTÓIRÍ

A CHEOLANN - NÓ ATÁ IN ANN CEOL - AS gaeilge

Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoil a

chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá gaeilge agat, déan teagmháil

linn anois ar [email protected]

Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós*

ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh

maith! Bígí ag ceol, Bígí i Dteagmháil!

fógra nós*

Page 17: nós* - eagrán 8
Page 18: nós* - eagrán 8

scáileán

Page 19: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 19

Chonaic mé réamhbhlaiseadh an scannáin seo agus mé ag féachaint ar Zack and miri make a Porno agus d’fhéach sé greannmhar go leor.

Bhí jócanna anseo agus ansiúd a chuir ag gáire mé mar gheall ar an ngairsiúlacht ainspianta a bhain leo agus rith sé liom nach bhféadfá scannán tubaisteach a dhéanamh le Paul Rudd ann ar aon nós.

Ach le bheith féaráilte, ní raibh clú agam cé chomh greannmhar, tarraingteach, rómánsúl ná gníomhach a bheadh an scannán. Tá chuile shórt ann, do chuile dhuine.

In ainneoin na droch-theanga agus na gairsiúlachta, d’fhéadfá do dhéarthair óg agus do mháthair a thógáil chuig an scannán seo.

Is ionadaí margaíochta é Danny

(Rudd) a théann ó scoil go scoil ag déanamh fógraíochta don deoch fuinnimh ‘Minotaur’ lena chomhghleacaí díograiseach, Wheeler (Seann William Scott leis an páirt a bhíonn aige i ngach scannán a mbíonn sé ann).

Is fuath le Danny an post agus tá droch-dhearcadh aige ar an saol i gcoitinne.

Lá amháin, i ndiaidh dá chailín briseadh suas leis, éiríonn sé chomh feargach go milleann sé a ghluaisteán oibre i dtimpiste carr (le bheith fírinneach is deacair cur síos éifeachtach a dhéanamh ar an ngreann sa phíosa seo).

Mar phíonós, seachas dul go príosún ar feadh tréimhse 30 lá, bíonn air siúd agus Wheeler aire a thabhairt agus am a chaitheamh le pleidhce do pháiste agus

déagóir an-aisteach ar fad.Tríd síos an scannán, tagann an

ceathrar le céile i scéal éadrom, ach amannta a théann do chroí go hiomlán. Ait is atá sé mar scéal, críochnaíonn sé leis an troid claímh is fearr dá bhfaca mé ó bhí Antonio Banderas ag léim timpeall mar Zorro roinnt blianta ó shin.

Ar an iomlán, tá an scannán seo le moladh go hard.

Is fada ó bhí scannán grinn Meiriceánach le haon mhaitheas ag baint leis sa phictiúrlann gan ainm Judd Apatow nó Seth Rogen bheith luaite leis.

Is deas chomh maith scannán de chuid léiritheoirí eile a fheiscint agus tá súil agam go gcloisfear níos mó fós faoi Paul Rudd agus Seann William Scott amach anseo, mar is iontach an jab atá déanta acu beirt anseo.

Tá Role Models amuigh arDVD/Blu-ray 10 Márta.

Role models hhhhhDavid Wain, 15a

FOCAIL roiBeárD Ó conchúir

Page 20: nós* - eagrán 8

20 www.nosmag.com

scáileán

Page 21: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 21

Ní minic a dhéantar scannán greannáin do dhaoine fasta ach sin díreach an rud atá i gceist le Watchmen.

Le heachtraí foréigeanacha agus go leor radharc nochta ó thus deireadh, pléann an scannán le carachtair a bhfuil cumhachtaí speisialta acu agus iad ag déileáil le domhan ailtéarnach.

Bunaithe ar ghreannáin Alan Moore agus Dave Gibbons, cuirtear turas spleodrach os comhair an lucht féachana agus cé go bhfuil an baol ann go mbeidh daoine nár léigh

na bunleabhair píosa beag caillte, is féidir suí siar agus sult a bhaint as an aicsean iomlán.

B’fhéidir fosta go mbeadh cuid den atmaisféar díreach ró-sci fi do roinnt breathnóirí – na radhairc de Dr. Manhattan ach go háirithe - ach dá mba mhian leat sárlaochra a fheiceáil i mbun fíorghnímh agus drochspionn orthu ag an am céanna, ní bheifeá ag iarraidh Watchmen a chailliúint.

Eiseofar Watchmen 6 Márta.

watchmenZack Snyder, 16

Page 22: nós* - eagrán 8

22 www.nosmag.com

scáileán

RATH AN OCRAISThóg hunger, scannán faoi laethanta deiridh Bobby Sands, an príomhghradam leis ag na hIFTAs le déanaí. Amharcann cillian de búrca ar an saothar rathúil seo.

Ó Cannes go Baile Átha Cliath, bhain saothar Steve McQueen an anáil den lucht feachána fud fad na

cruinne.Ón chéad radharc, tarraingtear an

bréathnóir go hiomlán isteach i scánnan atá in amanna chomh mealltach agus atá sé scáfar, ach gan amhras a théann i bhfeidhm go láidir mar sin féin.

Agus ba chosúil nach raibh aon easaontas i measc criticeoirí ar an phointe sin; d’éirigh leis duais i ndiaidh duaise a bhuachan ar na mallaibh ag gradaim IFTA, gan trácht ar fhéile scannánaíochta Cannes, ar a raibh an

première aige i mí na Bealtaine anuraidh.Insíonn hunger scéal Bobby Sands,

óglach de chuid an IRA a fuair bás ar stailc ocrais 28 bliain ó shin i bpríosún na Ceise Fada, gar do Lios na gCearrbhach.

Bunaithe ar laethanta deireanacha a shaoil, leanann an scannán Sands (michael Fassbender) agus a chuid comrádaithe mar a throideann siad ar son stádais pholaitiúil, i gcoinne na gcoinníollacha taobh istigh de na H-blocanna, na buailtí laethúla a thugtar dóibh agus ar aghaidh go dtí cinneadh an phríomhcharachtair le dul ar stailc ocrais.

Léirítear dúinn na cúiseanna a raibh

an oiread paisin ag na príosúnaithe is a bhí, agus ag an am céanna tugann sé léargas ó thaobh na n-oifigeach príosúin, mar a throid siad leis na mothúcháin a bhí ag cuid acu féin, agus an gníomh gránna a bhí ar bun acu.

Rud amháin nach ndéanann an scannán seo ná dul isteach go domhain sa pholaitíocht.

Ní plé é ar cé acu trodaire saoirse nó sceimhlitheoir a bhí i Sands, ní insítear dúinn cén fáth ar cuireadh i bpríosún é fiú, ach cuirtear fírinne gharbh shearbh an dá thaobh i láthair; brúidiúlacht agus comrádaíocht mar aon, agus fágtar an

Page 23: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 23

*

breithúnas ag an bhreathnóir, go dtí nach bhfuil fágtha ach scéal nach mór é a fheiceáil.

I radharc amháin tochtmhar, amharcann muid ar na hiarrachtaí a dhéanann sagart óg cinneadh Sands le dul ar stailc a athrú.

Ar feadh 10 bomaite gan aon bhriseadh sa radharc, labhraíonn an bheirt fhear ar a n-óige, na slite difriúla a thóg siad, agus faoi dheireadh, ar an chinneadh atá Sands i ndiaidh a dhéanamh.

Is comhrá é a théann i bhfeidhm go mór ort, mar is as sin amach a bhíonn Sands ar meathlú, an chéad chéim dó ar shlí na fírinne.

Ar feadh cuid mhaith den scannán, níl caint nó comhrá ar bith ann fiú, ach in amanna níl gá leis; is leor an salachar, an foréigean agus an tragóid le tionchar a imirt ar an lucht féachana.

Ní mór an t-iontas é mar sin gur bronnadh an duais Camera d’Or, ceann de na duaiseanna is airde sa tionscáil ar Hunger ag féile scannánaíochta Cannes.

Tugtar an duais go speisialta do dhaoine a rinne scannán den chéad uair, ach ní raibh gach duine sásta leis an rogha.

Lochtaíodh McQueen faoin bheith ag glóiriú chúis na stailceoirí ach chosain na

moltóirí an cinneadh, ag rá gur scannán é “faoi na rudaí a dhéanann daoine nuair atá siad faoi bhrú géar”.

Thug an stiúrthóir féin freagra ar an cheist, ag rá go raibh coinníollacha sna H-blocanna san am sin chomh holc le Bá Ghuantánamo nó príosún Abu Ghraib sa lá atá inniu ann.

Go deimhin, ní hé hunger an chéad scannán Éireannach a raibh conspóid bainte leis ag Cannes. Nuair a taispeánadh Some mother’s Son in 1996, dúradh nár cheart “clú a tharraingt ar sceimhlitheoirí” ach anois cuimhnítear é mar cheann de na scannáin is cumhachtaí le teacht amach as an tír.

Bhí tuilleadh ratha ag hunger ar Lá Fhéile Vailintín i mbliana nuair a bhain sé 6 dhuais ag na gradaim IFTA (Irish Film & Television Awards), ‘An Scannán Is Fearr’ agus ‘An tAisteoir Is Fearr’ do Fassbender san áireamh.

Táthar ag súil nach é seo an duais dheireanach don aisteoir óg, ar as Ciarraí ó dhúchas é, mar sin is cinnte go gcluinfidh tú an t-ainm i bhfad níos minice i ndomhan Hollywood san am atá le teacht.

Is léir fosta go bhfuil todhchaí gheal á cruthú di féin ag earnáil scannánaíochta na hÉireann trí chéile.

Is é Hunger an tríú scánnán le bua a bhreith ag Cannes le cúpla bliain anuas; anuraidh bhí bua ag the Wind that Shakes the Barley agus roimhe sin bhí ag an scannán garage.

Má bhí scannán Éireannach ann ariamh a léiríonn stair an phoblachtánachas ar dhóigh ealaíonta neamhchlaonta, is é hunger an scannán.

Ní chuireann sé barúil nó dearcadh áirithe amháin in iúl don bréathnóir, ach ina áit sin tugann sé tuairisc ar cad é a tharlaíonn nuair a bhuaileann dhá thaobh le chéile i gcoimhlint nach bhfuil ceachtar acu réidh a ghéilleadh.

Ar thaobh amháin tá grúpa a bhfuil creideamh chomh neartmhar acu go bhfaighfidh siad bás ar a shon, agus ar thaobh eile tá dream ann a bhfuil dualgas acu dlí agus ord a chur i bhfeidhm agus é a choinneáil thar dhaoine a bhfuil fíor-ghráin acu orthu.

Saothar cumhachtach atá ann, grafach b’fhéidir, ach go dtí go n-amharcann tú féin ar an scannán ollrathúil seo, ní fheicfidh tú go díreach cén fáth ar bronnadh na duaiseanna ar fad air.

Fagtar mé féin, agus chuirfinn geall go leor eile, ag smaointiú cén fáth nach bhfuair sé trácht ag na hOscars.

Page 24: nós* - eagrán 8

24 www.nosmag.com

Tá an dara sraith den chlár grinn Flight of the conchords á léiriú ar

HBO arís ar deireadh, agus ar fáil don chuid eile againn trí shuíomhanna éagsúla idirlín éagsúla ónar bhféidir an clár a shruthú.

In 2007 léirigh HBO an chéad sraith, a bhí iontach greanmhar le beirt phríomhaisteoir an-cheanúil mar charachtair.

Déanann Brett McKenzie agus Jemaine Clement ón Nua-Shéalainn iad féin a léiriú, agus is é ceol grinn a gceolchoirmeacha beo bunús téama gach cláir.

Tá an beirt ó Aotearoa i ndiaidh teacht go Meiriceá agus a bpasanna a cháilúint, is é seo an tslí ina mbuaileann siad le bainisteoir a mbanna ceoil, Murray Hewitt (Rhys Darby), atá ina oibrí in Ambasáid na Nua-Shéalainne.

Tá an greann sna cláracha éagsúil óna gcéile ó thaobh téama agus scéal grinn de, ach an-chosúil lena chéile ó thaobh foirme de.

Gealltar go mbeidh cruinniú ag an mbanna áit a léireofaí saineolas samhalta na Nua-Shéalannach dúinn i leith an domhain mórthimpeall orthu i slí iontach greanmhar a thuigfidh muintir na hÉireann go maith.

Úsáidtear aoir le spochadh as na carachtair uilig go bunúsach, agus le biorra a chur faoin ghreann.

De ghnáth, is é an bealach a dhéileálann an bheirt le tréithe chultúr SAM a bhíonn mar théama an amhráin a sheinnfidh siad sa chlár.

Tagann na hamhráin ón seó beo a dhéanann an bheirt, agus atá iontach greanmhar iontu féin, ach atá thar bheith éifeachtach mar pháirt den chlár freisin.

Roinnt samplaí iontacha de seo ná amhráin Bowie, áit a ndéantar spochadh as David Bowie trí imeartas focal a dhéanamh as focla a amhrán,

agus Hiphopapotamous vs Rhymenoceros, áit a n-úsáidtear rapcheol le labhairt faoi na carachtair rapcheoil atá cumtha acu, agus leis sin, spocadh as steiréitíopaí rap go ginearálta.

Tá láithreacht iontach grinn ag Jemaine, agus cabhraíonn sé seo go mór leis an ról atá aige ag déanamh

jócanna aonsiolacha i ngan fhios dó fhéin.

I leith Brett, déanann siad imeartas ar easpa muiníne samhalta an charachtair go hiondúil, agus na slite áiféasacha ina ndéanann sé iad seo a sharú.

Cé nach bhfuil ach an chéad cheithre chlár den dara sraith feicthe agam, is

scáileán

conchords ar eitilt

greann ceolmhar: Jemaine Clement agus brett mcKenzie

Page 25: nós* - eagrán 8

oth liom a rá, go bhfuil an chuma ar an gclár go bhfuil an iomarca ama caite acu i Meiriceá.

Is cosúil go bhfuil siad ag breathnú ar chultúr Mheiriceá ón taobh istigh anois seachas mar Nua-Shéalannaigh mar a raibh siad i sraith a haon.

Níor éirigh leo an greann céanna a aimsiú lena n-amhráin nua ach an oiread go dtí an ceathrú clár, áit ar tháinig feabhas mór ar an gclár ina iomlán. Dá bharr seo ceapfainn nach bhfuil an bheirt charachtair, seachas an bheirt san fhíorshaol, chomh mór lena chéile agus a bhí siad.

Cé go bhfuil ag éirí go geal leis an gclár i SAM, ní mholfainn do dhaoine breathnú air mar a mhol mé breathnú ar an gcéad sraith go fóill. Táim ag súil go mbeidh smaoineamh nua ag stiúrtheoir an chláir, James Bobin a stiúir Da Ali G Show roimhe seo, mar a bhí aige le carachtar Ali G a athrú go Borat.

Tá ábhar gáire ann go fóill áfach agus cé nach bhfuil an moladh céanna le dul do shrath a dó, ní hé sin le rá gurb ionann an clár agus an t-eitleán den ainm céanna ó thaobh deireadh ré de!

Tá an clár thar mholadh ceathrar i gcónaí.

“tá siad ag breathnú ar chultúr SAM ón taobh istigh anois seachas mar Nua-Shéalannaigh”

FOCAILmicheál Johnny Ó meachair

advertiseanseo

[email protected]

Page 26: nós* - eagrán 8

26 www.nosmag.com

scáileán

na Bailítheoirí ceoilIs sraith trí chlár í Na Bailítheoirí Ceoil a dhíríonn isteach ar scéaltaí na bhfear sin a chuaigh amach i measc na ndaoine ón 18ú go dtí an 20ú céad chun ceol na hÉireann a bhailiú.

Curtha i láthair ag an cheoltóir Seán

Corcoran, thuas, cuireann an tsraith meascán de cheol, cuntais stairiúla agus athchruthuithe i láthair agus I measc na mbailítheoirí a thiocfaidh faoin spotsolas tá Edward Bunting, George Petrie agus Francis O’Neill.

Mar aon le scéal agus cúlra na

mbailítheoirí féin, déanfaidh leithéidí Tríona Ní Dhomhnaill, Róisín Elsafty, Ronan Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Conor Byrne an ceol a bhailigh siad a chur ina bheocht arís.

Cuirfear tús le Na Bailítheoirí Ceoil ar TG4 Dé Céadaoin 4 Márta ar 9.30in.

Page 27: nós* - eagrán 8
Page 28: nós* - eagrán 8

teicneolaíocht

Page 29: nós* - eagrán 8

Níl aon dabht ach go bhfuil na milliúin duine amuigh ansin a úsáideann bogearraí Microsoft

gan smaoineamh faoi. Tá muidne anseo ag nós* ag déanamh

gach iarracht an meon seo a ruaigeadh, agus chuige sin tá orlaigh cholúin tugtha againn le cúpla mí anuas chuig leithidí Openoffice, Firefox agus Chrome.

Ní shaoraíonn siad sin ó ghreim Microsoft tú, áfach, ó go bhfuil Windows féin fós ag déanamh a choda faoin dromchla.

Anois, nílimid i gcoinne comhlachtaí ar nós Microsoft – tá mórán a dhéanann siad atá iontach dearfach, 1200 post in Áth an Ghainimh ina measc sin.

Sin ráite, áfach, nach bhfuil cursaí níos fearr i gcónaí nuair atá rogha agat?

Táimid i gcónaí ag lorg deiseanna rudaí nua a thriail chun gur féidir linn iad a roinnt libhse, ár léitheoirí, agus mar sin cuirimd os bhur gcomhair, ubuntu.

Sula dtéimid níos faide, ba chóir dúinn míniú a thabhairt ar cad go díreach é Ubuntu.

‘S éard atá ann (agus ná lig dó seo tú a scanrú anois) ná córas oibriúcháin

bunaithe ar Debian GNU/Linux, atá féin bunaithe go daingin ar Unix.

Smaoinigh Windows ach saor in aisce agus níl tú ró-fhada ón fhírinne.

Anois, cén fáth go mbacfá le Ubuntu? Nach bhfuil Windows ceart go leor, go raibh míle maith agat, agus ná bac anois leis an stuiff saor in aisce sin?

Bhuel, tá agus níl. An rud faoi Ubuntu ná go bhfuil sé rud

beag deacair dul i dtaithí air d’éinne nár úsáid mórán ach Windows riamh cheana.

Munar féidir liom nascadh leis an idirlíon agus Windows in úsáid agam, tá leath dhosaen rud ar féidir liom seiceáil láithreach bonn.

Táim ar mo chompord nuair atá Windows in úsáid agam, ach Ubuntu?

Gan taithí, n’fheadar cad ar féidir déanamh faoi aon fhadhb a bhíonn agat?

Bhuel, mar a tharlaíonn sé, tá mórán cúnaimh ar fáil má lorgaíonn tú é, ar shuíomhanna ar nós www.help.ubuntu.com agus www.ubuntuforums.org

Fiú leis an gcabhair úd, áfach, ní rud éasca é athrú go córas oibriúcháin nua, agus d’fhéadfá go héasca comparáid a dhéanamh idir sin agus bogadh go tír éigin san Aifric nó i lár na hÁise, áit nach mbeadh cliú agat cad atá ar siúl.

Níl a fhios agat nach bhfuil cead ag mná tiomáint, nó cén chaoi ar chóir do chuid ríse a ithe, nó cén áit a bhfuil

leictreachas ar fáil. Ní bhíonn a fhios agat, agus is mar

sin go díreach a bhíonn an saol i gcóras oibriúcháin nua.

Ná lig dó sin tú a chur ón smaoineamh, áfach, ó go bhfuil mórán iontach sásúil faoin athrú úd a dhéanamh, díreach mar a bheadh mórán sásúil faoi thréimhse a chaitheamh i dtír atá chomh héagsúil le hÉirinn is atá cailc ó cháis.

Sa chúpla mí atá amach romhainn tá iliomad cúiseanna ar son agus in aghaidh an athraithe le cur os bhur gcomhair, agus ag deireadh beidh moladh le déanamh.

An bhfuilimid ag iarraidh dul go lár na hAifrice, agus neamhaird a thabhairt ar na compoird bhaile atá ag fanacht dúinn i Windows?

Féachaimid san eagrán seo ar an dá rogha faoi chúpla rannóg éagsúil, agus críochnóimid an scagadh sa dá eagrán atá amach romhainn.

UbUntUCóras Oibriúcháin, saor in aisce

www.nosmag.com 29

BraBhSálaí iDirlínConas é seo a mheas? In ár dtuairim tá

Firefox ar an mbrabhsálaí is fearr atá

ann, agus is sin díreach cad a thagann

le Ubuntu.

Ar an lámh eile de, cé go dtagann

an bodach úd, Internet Explorer, le

Vista, fágtar tú le rogha aon cheann de

na mór brabhsálaithe eile. Cad an fiú

an rogha idir Chrome, Firefox, Opera,

Safari agus eile, áfach, nuair atá an

rogha is fearr ag Ubuntu cheana?

Breith: comhscór

ceolIn ainneoin nach bhfuilimid ró-thógtha

le Windows Media Player, caithfear

admháil go bhfuil sé, ar an iomlán,

caoiseach maith.

Rhythmbox a thagann le Ubuntu,

agus níl sé go dona ach oiread.

Cé acu is fearr?

Ar an dromchla, Media Player,

agus i ndáiríre é sin atá níos fearr faoin

dromchla chomh maith. Níl mórán

eadarthu, áfach – más ceol amháin atá

uait, tá neart rogha ag an dá cheann

chun tú a choimead sásta.

Breith: Windows

Bogearra oiFigeArís, tá an réimse rogha is fearr

ag Windows, ach tá costas le sin.

Cosnaíonn an leagan is bunúsaí do

Microsoft Office airgead mór, agus

san aeráid eacnamaíochta seo tá an té

ciallmhar ag fanacht le bogearraí saor-

in-aisce.

Ní sin amháin, ach tá Openoffice ar

chomh-chaighdeán le Microsoft Office

i mbeagnach gach aon slí.

Mar a tharlaíonn, tá an alt seo á

scríobh in Openoffice, agus gan locht

ar bith air dá bharr.

Mar aon le mórán rudaí eile, tagann

Openoffice mar chuid de Ubuntu ón

tús, agus dá bhrí sin chaithfeá rá go

bhfuil an buntáiste don ghnáth-dhuine

ag Ubuntu.

Breith: ubuntu

uBuntu V WinDoWS ViSta

FOCAIL DiarmuiD Ó muirgheaSa

Page 30: nós* - eagrán 8

30 www.nosmag.com

teic

Rinneamar trácht cheana sna leathanaigh seo do chás cúirte PirateBay,

agus an meon do-mhaiteach úd a bhí acu i gcónaí riamh.

Fós fíor? Bhuel, d’ullmhaíodar don

chás trí chóisir a reáchtáil agus dul ar thuras bus mórthimpeall na hEorpa.

Ar shlí, thuigfeá dóibh – tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil cliú ag dlíodóirí an RIAA cad go díreach atá ar siúl ag PirateBay.

Tá cuid den chás athraithe acu cheana féin, ó tharla nár thuigeadar conas go díreach a oibríonn Pirate Bay, agus tá fianaise tagtha chun cinn anois go bhfuil suas le 80% den ábhar atá ar Pirate Bay iomlán dleathach.

Tá an chosúlacht ann mar sin go bhfuil an t-ionchúiseamh ag titim as a chéile, ach feicimid.

Tá daoine eile mórthimpeall na cruinne ag tabhairt airde ar PirateBay chomh maith.

Agus muid ar tí dul ag na clódóirí, tuairiscíodh sna nuachtáin náisiúnta go bhfuil Eircom i ndiaidh an doras a oscailt a ligeadh do leithidí an IRMA (Irish Recorded Music Association) iachall a chur orthu PirateBay a bhlocáil.

Cén fhadhb leis seo, a deir tú, ag ceapadh nach bhfuil ar PirateBay ach físeáin mhídleathacha?

Bhuel, mar atá thuasluaite, tá 80% den ábhar ar PirateBay iomlán dleathach.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil Eircom ar tí na mílte comhad atá go hiomlán dleathach a bhaint ón tseirbhis idirlín atá ar fáil dá gcustaiméirí.

Níos tábhachtaí i bhfad ná an cúpla comhad sin, áfach, ná an sampla atá á leagadh síos.

Anois, nílimid ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir údaráis na Síne agus Eircom ó thaobh chinsireacht na meán de, ach má oireann an caipín...

Beimid anseo ag nós* ag coimead súil an-ghéar ar fad ar an scéal seo agus é ag titim amach, ach ní deas an rud a cheapadh go bhfuil cinsireacht díreach timpeall an chúinne uainn.

Leanann an triail sa tSualainn ar aghaidh.

Cinsireacht ar leac an dorais?FOCAIL DiarmuiD Ó muirgheaSa

*

“Ciallaíonn sé sin go bhfuil Eircom ar tí na mílte comhad atá go hiomlán dleathach a bhaint ón tseirbhis idirlín atá ar fáil dá gcustaiméirí.”

Page 31: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 31

ach anoiS, tá’S againn caD É hD. leiS an bhFÓgraíocht ar FaD conaS nach mBeaDh?

Ah, ach an bhfuil tuiscint cheart agat ar na saghasanna éagsúla HD, agus conas is féidir teacht orthu?

Agus cad faoi Blu-ray, an dtuigeann tú sin i gceart?

Bhuel...Sin go díreach a cheapamar. Faoi

láthair tá trí chaighdeán ann: 720p, 1080i agus 1080p.

Ar chúis a bhaineann leis an bpróiseas

déantúsaíochta, áfach, ní féidir teilifís 720p a cheannach – tá siad uilig beagán os cionn 720p.

níoS Fearr mar Sin?Níl. N’fheadar an bhfuil siad níos

measa, ós rud é go mbraitheann sé ar an té a cheistíonn tú, ach déantar dochar éigin nuair a athraítear an pictiúr mar sin.

Ach má tá suim agat i gcaighdeán físe ceannóidh tú teilifís le caighdeán 1080p air, ó tharla go bhfuil sé sin níos fearr ná 1080i. Ach bhí sé sin ar eolas agat, nach raibh?

Sea... aguS leiS an Scáileán 1080P tá chuile ruD togha?

Faraor, níl. Cé go bhfuil beagnach gach BD (Blu-ray Disc) a cheannaíonn tú

anois ar chaighdeán 1080p, níl an oiread sin dúinn ag féachaint ar Blu-ray amháin.

Ceannaigh SkyHD agus tá tú ar ais i ndomhan atá bunaithe ar 720p, agus ní sin amháin ach caithfidh tú smaoineamh go bhfuil formhór den stuiff a bhféachann tú air bunaithe ar ghnáth SD, seachas HD, agus ní dhéanfaidh an scáileán is fearr aon difríocht chuige sin.

Uaireanta is fearr i bhfad teilifís nach bhfuil chomh maith ag HD más ar SD atá tú ag breathnú don chuid is mó.

So conaS Sa DiaBhal a BhFuil a FhioS agam cÉn teiliFíS ar chÓir Dom a cheannach mar Sin?

Bhíos ag fanacht ar an gceist úd. Ceannaigh nós* mí Aibreán agus feicfidh tú...

hdTeilifís Ardghléine

ARD... CAD É?

Page 32: nós* - eagrán 8

32 www.nosmag.com

DeireaDh le haitheantaS aghaiDheCloisimid an t-am uilig faoi chosaint bhithmhéadrach ar féidir úsáid chun chuile rud ó ríomhairí agus fóin go diúracháin núicléacha a choimeád slán.

Tá an t-am ann ar gá dúinn slán a fhágáil le ceann de na modhanna úda áfach – tá sé cruthaithe ag ollamh in Ollscoil Hanoi gur féidir córais aitheantas aghaidhe ó Lenovo, ASUS agus Toshiba a bhriseadh go héasca.

Conas? Tóg buile faoi thuairim.Ar smaoinigh tú ar phictiúr don té

atá ceadaithe a úsáid? Is cosúil gur féidir pictiúr a chur os comhair an cheamara agus dallamullóg a chur ar an gcóras. An t-aon cheist againne ná conas nár smaoinigh dearthóirí an chórais ar an mion-fhadhb seo. Shílfeá go mbeadh sé réasúnta lárnach mar choincheap...

Fo-mhuireáinTá aithne againn uilig ar an mothúcháin

úd, “Cén fáth nach n-oibríonn tú?! Sin an méid atá uaim!!”.

Uaireanta ní oibríonn teicneolaíocht, ar chúis amháin nó ar chúis eile, cuma cén iarracht a dhéanann tú.

Uaireanta eile, ansin, b’fhearr i bhfad munar oibrigh sé. B’amhlaidh an scéal i lár an Atlantaigh le déanaí, nuair a bhí, deirimid, “timpiste bheag” ag fo-mhuireáin de chuid Sasana agus Poblacht na Fraince.

Ar shlí, tréaslaímid leo, ach ag an am céanna, cad a thabharfá ar phíosa teicneolaíochta a d’oibrigh chomh maith leis an gcóras frith-sónár ar an dá long sin?

tuarthÉacS VoDaFoneGheallamar san eagrán deireanach go mbeadh breis le rá againn an mhí seo faoi sheirbhís thuarthéacs Vodafone agus Foras na Gaeilge, agus tá.

Tá an tseirbhís féin go maith, ach

nuair nach n-oibríonn sé ar aon cheann den Samsung Tocco, LG Viewty nó iPhone, tá rud éigin as áit.

Tá tuilleadh eolais faoi TÉACS ar www.nosmag.com agus más rud é go bhfuil an pacáiste tuarthéacs in úsáid agat, conas atá ag éirí leat?

Bí i dteagmháil.

SolaS na grÉine? in Éirinn?Tá sé ait, agus admhaímid sin, ach is cosúil go bhfuil comhlacht Éireannach i ndiaidh an córas grian-fhuinnimh is fearr ar domhan a dhearadh.

Surface Power an comhlacht, iad bunaithe sa sun-trap úd, Co. Mhaigh Eo.

131% níos éifeachtaí luath ar maidin a mhaíonn siad, agus 76% níos éifeachtaí ag meán lae. N’fheadar an gciallaíonn sé seo go bhfuil ré nua ag teacht, ina soláthraítear ár bhfuinneamh uilig ó fhoinsí inathnuaite, ach pé slí é ní féidir gur droch rud é.

teic

nuachtTUILLEADH TEIC LE LÉAMH AR ÁR

SUÍOMH ÚRNUA AG www.nosmaG.com

Page 33: nós* - eagrán 8

Ar Lá ‘le Padraig na bliana seo beidh Gaeilgeoirí ar fud na

cruinne ag freagairt na ceiste “cad atá á dhéanamh agat?” ar an láithreán líonraithe sóisialta, Twitter.

Seolfar grianghrafanna, ‘tbhaoitfear’ cúpla focal agus roinnfear an chraic. Seo agat #lnag :: lá twitter na gaeilge le haghaidh Seachtain na gaeilge.

Ach céard is Twitter ann? Go lom, séard atá ann ná uirlis ar líne a chuireann ar chumas úsáideóirí nótaí beaga 140 carachtar ar fhad a sheoladh, agus a ligeann do dhaoine eile na nótaí sin a leanúint.

“Uafásach!” a chloisim. Agus ní mór dhom a admháil nach raibh aon ró-fhonn orm bacadh leis nuair a chuala trácht air an chéad lá riamh - gléas eile social notworking a ghoideas dríodar m’ama, agus fuílleach m’anama.

Síor-ghiolcaireacht, síor-nuashonrú: torann bán do-éalaithe. Tá’s agat féin: táim ag ithe mo lóin; táim ag freagairt m’fhóin; bhí an rud suimiúil seo agam do mo

bhricfeasta ... Agus tá sé sin ann, dar

ndóigh - ní haon mhaith é a shéanadh - ach tá sé furasta go leor é a scagadh amach.

Tá rud eile ann, chomh maith, áfach: I mo ghnáthshaol oibrím le ceol, ealaíon, agus ríomhairí, agus ní chreidfeá an oiread eolais a fhaighim anois ar chuile cheann acu siúd tré giolcairí cuí a leanúint.

Gan trácht ar na seoda a sheolann mo dhlúth-chara @stephenfry go pearsanta chugam féin agus 200,000 leantóir nach mé.

BuntáiSte Don ghaeilgeAnois, agus é á rá ag daoine cheana féin go bhfuil Twitter, like, choooomh 2008, feictear dhomsa go bhfuil fiúntas ann do lucht labhartha na Gaeilge.

Tá sé thar a bheith éasca comhluadar idirnáisiúnta neamhfhoirmealta Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt.

Go deimhin tá a leithéid ar an saol agus ina mhion-óige cheana againn; ‘An Ghioltacht’ baistithe go cliste ag @eamonj agus @ocuile air.

Tá na liostaí ríomhphoist ann cinnte (Gaeilge-a, Gaeilge-b, fóram 7rl), agus buíochas le Berners-Lee go bhfuilid – bainim féin an-úsáid astu agus bíonn a mbaill iontach cabhrach.

Ach níl áit orthu sin ach don Ghaeilge mar ábhar. Ar na liostaí, pléitear an Ghaeilge, ach sa Ghioltacht, pléitear as Gaeilge, cuma faoin gcaighdeán. Cuma faoin gCaighdeán, fiú.

Tá Facebook ann chomh maith, dar ndóigh, agus i bhfad níos mó Gaeilge air na laethannta seo.

An clár féin fiú ar fáil anois as Gaeilge - rud a úsáidim anois, agus atá ar fheabhas. Nó ag feabhasú ar a laghad

Ar Twitter bheartaíos dhá chomhartha aitheantais - ceann Gaeilge agus ceann Béarla - agus áthas go ndearnadh, mar go bhfuil sé ag oibriú amach go breá.

Tá se éasca léimt ó ainm ríomhchléite go hainm ríomhchleite eile. Agus feicim go bhfuil daoine eile anois a dhéanann amhlaidh.

Réamh-réabhlóidín idirlín.

Idir sinn.

FáS na gioltachtaMar thoradh air sin go léir, mothaím go bhfuil aithne phearsanta á cur agam ar mhuintir na Gioltachta - gaol nár bhraitheas riamh, i bhfírinne, ar na liostaí r-phoist.

Sin ráite, tá rud álainn ag titm amach de réir a chéile: tá ball nó dhó de na liostaí sin ag teacht chun na Gioltachta, agus faoi dheireadh, thig liom bualadh leis an duine fíorúil go fíor.

Lig Scíth, más ea. Fág síos Gramadach na mBráithre agus Réchúrsa Gramadaí (m’aois á nochtadh agam ansin), agus bí linn do #lnag.

Tar isteach. Tá’n fionn uisce go hálainn. Céard atá á dhéanamh agat, a chara?

ciarán Ó meachair

TAR CHUN NAGIOLTACHTA...

CEIST: CONAS A THOSNAÍM?

1. Téir go twitter.com agus cláraigh. Ansin beidh do leatha-nach Twitter féin agat ag http://twitter.com/do_ainm_twitter

2. [roghnach] Téir go http://twitter.com/antsiogghlas (sin mé féin), agus gliogáil ar ‘follow.’ Feicfidh tú ansin mo thbhao-iteanna agus coimeádfad ar an eolas thú maidir le gach ní a bhaineanns le #lnag Lá Twitter na Gaeilge.

3. Freagair an cheist, ‘what are you doing?’ agus gliogáil ar ‘update.’ Sin é. Sin do chéad tbhaoit déanta agat agus feicfidh chuile dhuine de do leantóirí é.

4. Ar #lnag Lá Twitter na Gaeilge (17.03.09), cuir #lnag i ngach tbhaoit.

CEIST: CAD É AN RUD AIT SEO A THOSNAÍONN LE ‘#’ (#LNAG NÓ #GAEL, MAR SHAMPLA)?

Sin hashtag. Clíbeann sin do ghiolc ionas gur féidir le cách ábhar de do chuid a leanúint. Úsáid #gael do chuile tbhaoit a dhéanann tú as Gaeilge agus #lnag do Lá Twitter na Gaeilge

CEIST: CAD IAD NA RUDAÍ SIN A THOSNAÍONN LE ‘@’ (M.SH @GAEILGE)?

Tosnaíonn chuile chomhartha aitheantais (CA) Twitter le ‘@’: mise @antsiogghlas. Más mian leat scríobh go díreach go h-aoinne, ní gá ach a CA a chur sa tbhaoit.

CEIST: CÉ hIAD NA GIOLCAIRÍ IS GIOLCAIRÍ SA GHIOLTACHT?

Féach: @enormous @fearfeasog @eamonj @gaeilge @Triona @antsiogghlas @ocuile

Sin é. Lá Twitter na Gaeilge shona dhaoibh go léir.Blag #lnag: http://lnag.wordpress.com

r-phost: [email protected]

Page 34: nós* - eagrán 8

beatha

Page 35: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 35

beatha

english

The English Language Year (TELY), Ireland’s continuous English language festival, is still on, it was confirmed this month.

Launched in the mid 19th century, TELY celebrates the country’s English language heritage and affords non-Irish speakers the opportunity to say whatever they want about a range of various interesting topics.

Speaking at this year’s relaunch, TELY spokesperson Will De Fore said that their persuasive pchycological campaigns had paid off over the last 150 years and he also thanked the state broadcaster RTÉ, for ensuring English was the primary language seen and heard on the nation’s airwaves.

“We were very grateful that RTÉ chose to focus all its new digital radio stations on the English-speaking population, though we have recently hit a bit of a snag.

“It appears that signifcants areas in Ireland are not actually participating in TELY, particulary in the west and in certain parts of Dublin and Belfast.”

The TokenTHE pagE oF THE EngLISH LanguagE communITY In IRELanD

TELY is ON

père Lachaise is one of the most famous cemeteries in the

world. Located in Paris’ 20th

arrondissement, it is reputed to be the world’s most-visited cemetery, attracting hundreds of thousands of visitors annually to the graves of those who have enhanced French life over the past 200 years.

It is also the site of three World War I memorials.

Situated on Boulevard de Ménilmontant, it can be easily reached by Métro: philippe auguste station on line 2 is next to the main entrance, while the station called père Lachaise, on line 3, is 500 metres away near a side entrance.

Many tourists prefer the Gambetta station on line 3 as it allows them to enter near the tomb of Oscar Wilde and then walk downhill to visit the rest of the cemetery.

The cemetery takes its name from Père François de la Chaise (1624-1709), confessor to Louis XIV, who lived in the Jesuit house rebuilt in 1682 on the site of the chapel.

The property, situated on the hillside from which the king, during the Fronde, watched skirmishing between the condé and Turenne, was bought by the city, laid out by Alexandre-Théodore Brongniart and then later extended.

Cemeteries had been banned inside Paris in 1786,

after the closure of the Cimetière des Innocents on the fringe of Les Halles food market, on the grounds that it presented a health hazard.

(This same health hazard also led to the creation of the famous Parisian catacombs in the south of the city.)

Several new cemeteries replaced the parisian ones, outside the precincts of the capital: Montmartre Cemetery in the north, père Lachaise in the east, and montparnasse Cemetery in the south.

Sure you might as well have a wee look around them the next time you’re in Paris ‘cause they’re interesting spots to spend a few hours in.

Tá leagan iomlán den alt seo le léamh ar Wikipedia

Reilig Père Lachaise

Page 36: nós* - eagrán 8

36 www.nosmag.com

beatha

Ar na buntáistí atá le saol carachtair in úrscéal tá:

a) nach gcaithfidh tú do chuid éadaí féin a cheannach;

b) nach n-íocann tú cáin ioncaim – amanna, ní léir go mbíonn ioncam agat fiú, ach tugtar airgead duit má tá sé de dhíth;

c) ní bhíonn ort dul chuig teach an asail (ag brath ar an úrscéal ar ndóigh), gníomhaíocht a chuireann cuid mhór de mo chuid ama amú ó d’éalaigh mé ó m’úrscéal féin.

Ar na míbhuntáistí atá le bheith beo in úrscéal tá:

d) nach bhfaigheann tú deis amharc ar an teilifís; agus

e) go mbíonn tú ag brath ar an údar maidir le cothú.

Agus, mo nuar, nach dearmadach a bhíonn na diabhail chéanna maidir leis an fhear istigh? Bíonn sé amuigh ar na fir chéanna fosta go mbíonn bua na samhlaíochta acu, ach is beag fianaise atá agamsa air sin: níor ith mise ach prátaí idir na leathanaigh s’agamsa, ba chuma cén t-am den lá a bhí ann.

Ach éist, maidir le a) thuas, chuala mé ceann maith ó sheanfhondúir

eile agus muid beirt cuachta istigh sa Leabharlann Náisiúnta le déanaí ag iarraidh éalú ón sneachta, agus ó phraghas ró-ard an chaife sna caiféanna mallaithe sin.

Bhí an seanleaid seo ag iarraidh éalú óna theaghlach fosta, a bhí ag cur brú air cóta nua a cheannach.

Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí siad ag iarraidh cóta nua a cheannach dó; mar sin, níorbh é an sprionlaitheacht cúis a dhrogaill.

Níorbh é, muise, ach dearcadh i bhfad is críonna.

Mar a mhínigh sé dom: “Ag cur san áireamh an iliomad fadhbanna sláinte atá agam, mé isteach agus amach ón ospidéal le mí anuas, níl aon chinnteacht ann go bhfaighinn caitheamh ar bith as cóta nua.”

A leithéid de dhuairceas fíor-Ghaelach níor chuala mé le fada an lá!

Ní raibh mé in ann an seanfhondúir a cheistiú faoi cé chomh forleathan is a bhí an dearcadh seo ina shaol – bhí mé ag gáire chomh tréan sin gur dheacair dom análú fiú – ach chaith mé an chuid eile den lá ag

leis an seanduine liathsean-nós*

cÉ leiS Sin?: Fo-éadaí de chuid the mighty boosh

Page 37: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 37

meabhrú faoi.Agus é ag an fhiaclóir,

ar dhiúltaigh sé coinne a dhéanamh don chéad chuairt eile ar mhaithe le dúch i bpeann an rúnaí a spáráil?

An raibh sé de nós aige iarracht a dhéanamh leathbhuilín aráin a cheannach ar eagla go mbeadh sé féin ar shlí na fírinne agus arán gan múscán gorm air fágtha díomhaoin ina dhiaidh aige?

Agus an éireodh sé lá breá éigin le fógairt dá bhean chéile nárbh fhiú an babhla bracháin a dhoirteadh amach dó mar go raibh tuairim láidir aige nach sroichfeadh an brachán an ceann eile dó?

Beidh an seanfhear sin ina laoch agam amach anseo, agus é ina mhalairt ghlan oraibhse, a mhuintir óg, a chaitheann bhur gcuid éadaí ar shiúl beag beann ar cé acu an bhfuil siad úr nua nó

seanchaite.Is beag stad bus a shiúlaim

thairis (féach b) thuas don fháth nach bhfanaim ann le dul ar an bhus) nach mbíonn mála scoile agus bléasar fágtha ar an talamh taobh leis.

Agus, go moch ar maidin, bíonn flúirse fó-éadaí ban ar fáil ar na sráideanna.

Balún beag ar ligeadh an t-aer as in aice leo de ghnáth, ar fháth éigin.

Agus ní éadaí amháin a chaitheann sibh uaibh le linn na hoíche.

Tá seanfhear eile ar m’aithne a éiríonn go moch gach maidin agus a théann amach leis an nuachtán a cheannach.

Níl rud ar bith as an gnáth leis sin, dar libh, ach éistigí.

Tá sé ina riail dhaingean ag an fhear seo gan airgead ar bith a thabhairt leis ag fágáil an tí dó: muna n-aimsíonn

sé go leor bonn ar an talamh a cheannóidh nuachtán dó, téann sé abhaile gan é.

An gá dom a lua nár chaill sé ceannlíne le daichead bliain anuas?

Agus maidir leis na héadaí a chaitheann sibh…

Bhuel, bhí mé ag ceolchoirn de chuid The Mighty Boosh le déanaí agus, ar feadh tamaill, shíl mé go raibh suas le 500 duine le bheith thuas ar an ardán an oíche sin mar gheall ar an fheisteas uafásach, gránna, greannmhar, iomarcach a bhí á chaitheamh agaibh.

An ligeann bhur gcuid mamaithe amach mar sin sibh?

Nuair a deirim go raibh mé ag ceolchoirm de chuid The Mighty Boosh, taobh amuigh den halla a bhí mé ag iarraidh na déirce.

Féach a), b) agus e) thuas.

“agus, go moch ar maidin, bíonn flúirse fó-éadaí ban ar fáil ar na sráideanna.balún beag ar ligeadh an t-aer as in aice leo de ghnáth, ar fháth éigin.agus ní éadaí amháin a chaitheann sibh uaibh le linn na hoíche...”

*

A coastal town… an infected water

supply… a local election looming…

In a small coastal town the local doctor uncoversa secret that jeopardises the town’s economy. Itcould also threaten his own brother’s plans forre-election as Mayor. Truth versus profit, idealsversus practice, and brother versus brother inthis modern, explosive interpretation of a classic

European play.

An Irish language production with English subtitles

GA I L L IMH5-8 Márta, 8 pmAn Dubhlann/ The Black BoxTicéidí: €17 / €12Áirithintí / booking: 091-569777, www.tht.ieRéamhfheiscint / Preview 4 Márta: €10

ÁTH CLIATH11-12 Márta, 8 pmAmharclann Axis / Axis Theatre, BallymunTicéidí: €15 / €12Áirithintí / booking: 0818 205 205www.axis-ballymun.ie

Galway

Dublin

““Comh-léiriúchán idir

Tá nimh san uisce sin! Táimid ag maireachtáilanseo ar díolacháin salachair agus bréantais...

Moonfish Theatre&

Page 38: nós* - eagrán 8

i gcló

Page 39: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 39

lÉirmheaSannaIs féidir léirmheasanna nua ar canary Wharf, cnuasach gearrscéaltaí le hOrna Ní Choileáin, agus ar Dar liom, bailiúchán colún ón uachtán Lá Nua leis an scríbhneoir Philip Cummings, a léamh ar www.nosmag.com

Má tá spéis agat i léirmheasanna leabhair a scríobh do nós*, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar [email protected]

DAR LIOM

Philip Cummings

“An leabhar greannmhar is fearr a scríobh duine de mo chlann mhac,an tseachtain seo, i nGaeilge.”– ei cummings (máthair an údair)

“Ní léir dom gur féidir sraith theilifíse a bhunú ar an saothar seo.”– moltóir Oireachtais

“Tá an iomarca haiku ann.”– Gabriel Rosenstock, file, aistritheoir agus iarfhear capall

Nuair a ceapadh Philip Cummings ina Eagarthóir Ealaíon ar Lá Nua,dúradh leis go raibh dualgas air colún seachtainiúil a scríobh. Ar an dea-uair don léitheoir, níor dúradh leis cén t-ábhar ar cheart dó scríobhfaoi. Is beag ábhar, mar sin, nach bhfuil pléite aige sa leabhar seo ina stílsholéite, shainiúil féin, idir amaidí ár bpolaiteoirí, chastacht an tsaoilphósta, an dóigh cheart le poipín a chaitheamh agus a choimhlintleanúnach le fir bhainne agus le fir bhruscair. Is beag leabhar, fosta, achuireann sos leathama ar fáil don léitheoir, mar atá déanta go fial agan údar anseo. Tugann an t-údar le fios go raibh seisean greannmhar saGhaeilge sular fhoghlaim Des Bishop an teanga, agus tá teist air sin idirna clúdaigh seo.

Bhí Philip Cummings ina Eagarthóir Ealaíon ar Lá Nua ó 2003 go 2008.Bhain a chnuasach filíochta Néalta duais Ghaeilge Glen Dimplex 2006don leabhar is fearr ó údar nua. D’éalaigh sé le déanaí ó Bhéal Feirste,agus tá sé i ndiaidh éalú ó Lá Nua. Ní fios go beacht cá bhfuil sé anois.

DAR

LIOM

Philip Cumm

ingsCOISCÉIM

Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, B.Á.C. 13.www.coisceim.ie

€10Coiscéim2008-61

COMÓRTASLEABHAIRSan eagrán deiridh cuireadh an cheist cad is

ainm don tsraith teilifíse

a dhírigh isteach ar cheist na Gaeilge in Éirinn agus ar a raibh

Manchán Magan ina

láithreoir?

no Béarla an freagra

ar ndóigh agus is é buaiteoir úrscéal úrnua

Mhancháin ná:

Garaidh Ó ReachtairAn RinnBÁC 4

Comhghairdeas leis!

Page 40: nós* - eagrán 8

faiseanagus scéimh

Page 41: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 41

Beidh an ‘Designer Mart’ in Cow’s Lane, BÁC, ag athoscailt 14 Márta.

Bí ag súil le hearraí ó dhearthóirí nua Éireannacha agus dearthóirí bunaithe.

Beidh meascán d’eadach, earraí tí agus ealaíon le fáil ann, mar sin má tá

sibh sa chathair buailigí isteach

Má tá’n sibh ag iarraidh an vardrús a ghlanadh amach agus an earraigh sa mhuallach orainn, tá siopa san ardchathair a bheidh in ann cabhrú libh

Tá an siopa ‘Wear it Again’ suite ar 147 Sráid Baggot Íochtarach.

Ní gá ach pé éadach, bróga nó seodra nach gcaitheann tú níos mó

nó a bhfuil tu ag éirí braon dóibh, a thabhairt isteach agus díolfaidh an siopa ar do shon iad.

Chomh luath agus a bheidh an t-earra díolta geobhfaidh tú seic ar luach 50% agus gheobhfaidh an siopa an leath eile.

Ta said tuillteanach teacht chomh fada le do theach agus na hearraí a bhailiú- anois sin seirbhís!

nuacht stíle

1. Tá go leor síoda le feicáil ar na runways i mbliana agus is maith linn seo mar tá se chomh compórdach le pjs a chaitheamh.

Ní gá an iomarca seodra a chur leis, b’fhéidir scairf ar do cheann agus smidiú simplí le súile dorcha. Ní maith lnn an táille titimghlanta a théann leis seo áfach!

Bhí éadaí áille síoda le feicail ag Donna Karan agus Dries Van Noten.

2. Ta treocht safari ar ais arís i mbliana leis.

Ní théann sé seo as faisean i ndáirire toisc gur dathanna neodracha a bhíonn i gceist, glas & donn!

Ta gach éinne in ann an treocht seo a chaitheamh ach ní ar an gcorp iomlán!

B’fhéidir cóta safarí a chaitheamh le gnáthpheire díons nó combats a chaitheamh le léine bhán.

Bíonn na dathanna seo go deas agus dath na gréine ort ach bí cuaramach agus tú ag luí fé!

Bhí an stíl seo le feiceáil ag Ralph Lauren agus ag Missoni.

Beidh an stíl chéanna le fáil

sna siopaí go luath.

3. Bhí éadaí galánta le feiceáil ag duine de na dearthóirí a chuireann gliondar ar mo chroí ag NY Fashion Week, sin í Luella Bartley.

Bhí go leor sciortaí agus gúnaí gleoite ar dhathanna geala le posies sár-álainn orthu.

Bhí corcra agus oráiste agus gorm sa spadalán (palette). Bróga áille leis!

Da mbeimís saibhir!

4. Tá stíl claisiceach an Mac ar ais aris.

Tá an stíl seo le fáil sna siopaí ar fad agus ní gá an iomarca airgid a chaitheamh air ach oiread.

Tá siad le fáil i ndathanna éagsúla agus stíleanna éagsúla ar an bpríomhdhráid.

Tá an chasóg/cóta seo an-áisiúil don tráth seo don bhliain, éadrom go leor le caitheamh nuair a bhíonn sé brea ach coimeádfaidh sé amach an ghaoth agus an bhaisteach. Tá said go deas le díons agus gúnaí leis.

Ar dheis, cuid den stíl ó Sheachtain Faisin NYC

FOCAIL SinÉaD ní churnáin

treochtaí an earraigh

Page 42: nós* - eagrán 8

do theanga,do thodhchaí óga

gaeil

na

t-léinte, póstaeir agus eolas le fail anois ag www.nagaeiloga.com

Page 43: nós* - eagrán 8

ógaTabharfaidh Foinse cúnamh duit!

An Bhéaltr ia i l ádéanamh agat?

Tá áthas ar Foinse cúrsa teagaisc ar líne ar Bhéaltriai l na hArdteiste a fhógairt. Beidh sibh in

ann suí isteach le scrúdaitheoir agus scoláire iseomra na Béaltrialach féachaint cad a tharlaíonn.Is é Nicholas Clancy, Scrúdaitheoir Comhairleach

agus Monatóir Sinsearach ag Béaltrialacha Gaeilgena hArdteistiméireachta do Choimisiún na Scrúduithe

Stái t a chuir an beart 25 ceacht le chéile.

� Buntáiste mhór ná gur féidir ledaltaí féachaint ar

an gcúrsa in am scoile nó sa bhaile, de ló nó d’oíche, ar a

suaimhneas féin �

www.foinse.ie

BTNós_0109:Layout 1 21/01/2009 13:21 Page 1

Page 44: nós* - eagrán 8

taisteal

Page 45: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 45

Thar Barraigh 2Sa dara cuid dá chuntas ar Oileán Bharraigh, socraíonn Seoirse Mac Giolla an Chloig agus a chairde ar phlean gníomh a chur le chéile...

o

Bhí muid ag déanamh ar an

lóistín s’againne amach i dtreo

Bhatarsaigh nuair a bhuail talann

an tiománaí gur cheart dúinn uilig dul

ar ais chuig an ché, áit a raibh aos óg

an oileáin cruinn le chéile ag ól agus ag

coinneáil comhluadair le chéile.

Is ánasta agus is ocrach a bhí an

chuid eile den oíche le fírinne, agus

muid gan iompar amach ar bith linn.

B’éigean dúinn gabháil i muinín na

déirce, agus tugadh sin dúinn go

forbháilteach, ach mhothaigh muid mar

a bheadh triúr stocairí ionainn.

Lena chois seo, cé gur lár an

tsamhraidh a bhí ann, bhí sé fuar

feannta agus bhí roisteacha móra

gaoithe ag teacht isteach i dtír ón

Atlantach thuaidh.

Ní raibh na mná chomh doicheallach

céanna leis an aimsir, áfach, agus

maraim gur éirigh linn triúr dul i gcion

ar chúpla gustóg de chuid bhunadh an

oileáin.

Mar sin féin, níor éirigh le fear

againn beart ar bith a chur i gcrích an

oíche áirithe sin.

An lá dár gcionn, chuaigh muid

amach chuig caisleán Mhic Néill

Bhárraigh, atá suite ar oileán beag dá

chuid féin dhá chéad slat amach san

fharraige ó Bhàgh a’ Chaisteil, agus bhí

béile breá againn i gCafé beag Iodálach.

Page 46: nós* - eagrán 8

46 www.nosmag.com

taistealIna dhiaidh sin ghlac muid ár scíste

agus rinne muid réidh don oíche mhór a

bhí romhainn, mar sin go díreach an rud a

raibh muid ag súil leis.

Seachtain roimhe sin bhí comhrá

againn le tábhairneoir i dteach tábhairne

an Chlachain i Mállaig, agus bhí an fear

seo ag déanamh amach go raibh na hInse

Siar uilig gafa go mór le grúpa ceoil dárb

ainm na Vatersay Boys.

Ní bréag ar bith a bhí a rá aige, nó bhí

ceol na Vatersay Boys le cluinstin i chóir a

bheith achan teach tábhairne agus siopa

a raibh muid ann ó Steornabhagh go Bàgh

a’ Chaisteil.

Ba as Bhatarsaigh an buíon ceoil seo,

oileán atá ceangailte le hOileán Bhárraigh

le droichead.

Mar sin bhí muintir Bhárraigh iontach

tógtha faoi na Vatersay Boys.

Lena chois sin bhí cúpla cailín

clócheart caomhchruthach meallacach ó

Eirisgaidh, a raibh, dár linn, nóisean acu

dúinn, i ndiaidh theacht isteach chun an

oileáin ar mhaithe le gabháil chuig gig na

Vatersay Boys.

Bhí muid ag súil go mór le hoíche

mhór mhaith a bheith againn, agus is go

héadromchroíoch a ghluais muid amach

chuig Ostán na Carraige Airde le fliuchadh

ár mbéal a fháil agus le plean gnímh a

chur i gceann a chéile don oíche.

Is fíor gur fearadh fáilte den scoith

romhainn ar Bharraigh, ach níorbh

amhlaidh a bhí an scéal in Óstán na

Carraige Airde.

Bíonn madaidh ann a bhíonn teann

ar a dtáirseach féin in achan bhaile ar

an domhan, is cosúil, agus tharla cuid

madadh Bharraigh a bheith istigh in Óstán

na Carraige Airde an oíche áirithe seo.

Mar sin, bhí cúpla pionta againn ann,

ach níor éirigh linn plean gnímh ar bith a

chéile i dtaca le breágnú na mban óg de.

Chinn muid ar dhul i muinín an

tseanphlean a bhí ag cuid mhaith d’fhir na

hÉireann ariamh anall: éirí caochólta agus

gabháil sa tseans air go bhfuil bean ann

atá chomh ólta sin go bhfuil a hacmhainn

chéill as feidhm an oiread sin go mbeadh

sí ábalta cur ina luí uirthí féin do chuid

scéalta bréagacha a chreidmheáil.

lÉigh an chuiD Dheireanachar nÓS* mhí aiBreáin

Ceol ComhaimsearthaCaint ChomhaimsearthaCuisle na Cathrach

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag

www.rnl106.com

Page 47: nós* - eagrán 8

• tabhaiR CUaiRt aR ÁR SUÍOmh úRnUa• bReathnaiGh aR na RannÓGa• léiGh na SCéalta• Déan nÓtaÍ tRÁChta• faiGh fOtha RSS• SCaip an SCéal• bain Súp aS!

www.nosmag.com

Page 48: nós* - eagrán 8

ar taispeáint

Page 49: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 49

*AN EALAÍONTÓIR NÓ DEARTHÓIR THÚ? NÓ DÍREACH AN BHFUIL SUIM

AGAT I LÉARÁIDÍ? CUIR DO SHAOTHAR CHUGAINN AGUS TABHARFAR ARDÁN DÓ!

[email protected]

Page 50: nós* - eagrán 8

50 www.nosmag.com

gnéfhógra

Ó 2012 rachaidh scéim mharcála nua i bhfeidhm don scrúdú

Ardteiste sa Ghaeilge. Bronnfar 40% de mharc

iomlán an scrúdaithe ar an scrúdú béil, a chiallaíonn go bhfuil béim mhéadaithe ar chumas cainte an scoláire.

De réir taighde a rinneadh maidir leis an tionchar atá ag cuairt Ghaeltachta ar shuim agus ar líofacht an scoláire sa Ghaeilge, is fiú go mór cuairt ar an nGaeltacht.

Ní amháin gur “léir go raibh líofacht níos airde acu siúd a chuaigh chuig coláiste samhraidh” ach ina theannta sin tugadh faoi deara “...freisin go raibh níos mó sásaimh á bhaint ag na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí

sa Ghaeltacht as an ábhar Gaeilge sa scoil.

Bhí níos mó muiníne acu freisin as an nGaeilge a bhí acu” .

Is mór an chúis iontais í mar sin go bhfuil an Roinn Oideachais ag cur deireadh le deontas caipitíochta do scoláirí a fhreastalaíonn ar choláiste samhraidh, rud a chiallóidh go réalaíoch go mbeidh costas níos airde ar chúrsa Gaeltacht amach anseo.

I gcomhthéacs an chúlaithe gheilleagraigh seo, ardófar costas seirbhíse a bhfuil fiúntas cruthaithe ag gabháil léi agus marcanna do scrúdú béil na hArdteiste á méadú go 40% ag an am gcéanna!

Mar sin, más rud é go bhfuil fonn ar dhuine tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus a bheith cinnte dearfach de go bhfuil luach sármhaith airgid á fháil i dtéarmaí sábháilteachta an scoláire, sealbhú maraon le líofacht na teanga agus scileanna spórt agus saoil, is fiú súil a chaitheamh ar a bhfuil á thairiscint ag Coláiste UISCE.

Léiríonn cúrsaí UISCE gur féidir an Ghaeilge a mhúineadh agus a fhoghlaim go rathúil ar bhealach nuálach, spraíúil agus samhlaíoch.

Bhí an cur chuige cumarsaideach á chur i bhfeidhm againn riamh agus tugtar tús áite do dheiseanna cumarsáide an scoláire i bpleanáil an ranga.

Is trí Ghaeilge a mhúintear clársheoladh, seoltóireacht, marcaíocht toinne, dreapadóireacht, boghdóireacht, treodóireacht agus neart eile leis. Is dreasach bhreise anuas ar an líofacht sa Ghaeilge í cinnte go mbaineann scoláirí amach cáilíochtaí náisiúnta i gcuid de na heachtraí sin.

Agus iad ag foghlaim spórt trí Ghaeilge, cabhróidh na múinteoirí agus na teagascóirí leis na scoláirí smacht a fháil ar fhoghraíocht na bhfocal “ach”rannacha sin. Sea, gan dabht, tá an Ghaeilge beo i gContae Mhaigh Eo!

Tá aitheantas iomlán ag cúrsaí Choláiste UISCE ón Roinn Oideachais agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le blianta beaga anuas maraon le haitheantas ó na cumainn náisiúnta eachtraíochta, ina measc

Cumann Seoltóireachta na hÉireann, an Comhlachas Snámha agus Tarrthála, IAAA (boghdóireacht), Cumann Marcaíocht Toinne na hÉireann agus Cumann Clársheoltóireachta na hÉireann.

Tá saoráidí agus lóistín den chéad scoth ar an suíomh agus neart gradam bainte amach againn ó Fáilte Ireland agus ó Údarás.

Ar eagla go raibh éinne den tuairim go bhféadfaí an iomarca craice a bheith ag an bhfoghlaimeoir Gaeilge, forbraíodh modúl dianstraithe ar an gcúrsa Cásca a dhíríonn go dlúth ar ábhar na hArdteiste chun scoláirí na 6ú bliana a ullmhú don scrúdú mór sin.

Gan dabht, bíonn deis acu dul siar a dhéanamh ar ábhair eile leis ag an tréimhse staidéar stiúrtha.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do scoláirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sna heachtraí iarratas a chur isteach ar dhuais scoláireachta linn ar an gCúrsa Cásca nó ar Chúrsa F.

Ní gá ach aiste nó píosa filíochta a chumadh a léiríonn tuiscint ar shaol na tuaithe nó meas ar an gcomhshaol. Bronnfar marcanna ar chaighdeán Gaeilge an iarratais ar bhonn idirdhealaitheach maraon le cur i láthair agus tuairimí úra.

Foilseofar na hiarratais is fearr ar an suíomh idirlín agus beidh áit saor in aisce mar dhuais ag ceathrar.

Tuilleadh eolais ag www.uisce.ie nó glaoch a chur ar UISCE 09782111

Foghlaim go spraíúil ag Coláiste UISCE

Page 51: nós* - eagrán 8
Page 52: nós* - eagrán 8

collaíocht

Page 53: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 53

TÁ GACH BABHTA DE CHUID ÁR gCAILÍN LE FÁIL ANOIS AR LÍNE AG

WWW.NOSMAG.COMDÁ mBA MHIAN LIBH EACHTRAÍ

S’AICI A LÉAMH I gCLÓ, FÁG NÓTA TRÁCHTA AR ÁR SUÍOMH ÚRNUA!

mcailín sa

chathair

Page 54: nós* - eagrán 8

léargas

Page 55: nós* - eagrán 8

tineifrinn

Page 56: nós* - eagrán 8

56 www.nosmag.com

léargas

An luaith ar dtús agus í ag titim go tiubh ó spéir dhorcha; an ghrian ina caor fhlannbhuí sa deatach,

agus na lasracha arda ag léim ó dhroim go droim, iad á ruaigeadh roimh an ngála.

An choill trí thine, agus an féar.Na haibhleoga ag teacht anois ina

gcith, ag lasadh tinte nua, agus na héin ag titim marbh ón speir.

Torann na lasracha do do bhodhrú, agus tithe na gcomharsan ag pléascadh. Tá eochracha an ghluaisteáin caillte, agus ba bheag an tairbhe iad ar aon chuma, ó tá an gluaisteán féin trí thine…

Tagann na tinte gach samhradh, go háirithe i Mí Eanáir agus i Mí na Feabhra, na míonna is teo.

I mbliana ba thirime an tuath ná riamh de dheasca triomaigh fhada. Bíonn muintir na tuaithe ullamh – uisce faoina lámh, na gaitéir glanta, gort an bhaile réitithe.

Bíonn daoine ag faire bhun na spéire. Nuair a fheictear tine téann leoraithe

dearga an CFA (an Country Fire Authority) amach ina coinne, ag iarraidh í a mhúchadh nó a bhacadh.

Saorálaithe go léir is ea lucht dóiteáin na tuaithe, idir fhir agus mhná, agus iad oilte ar an obair.

Agus tá ‘sky cranes’ ann – heileaptair ar féidir leo 9,000 lítear d’uisce a scaoileadh uathu san iarraidh.

lá Dearg te Dé Sathairn, 7 Feabhra. Tine nó dhó ar lasadh le tamall cheana in oirdheisceart na tíre, go háirithe i stát Victoria.

An lá féin dearg te - 46° - agus gaoth ann a leagfadh thú.

Bhí a fhios ag daoine gur drochlá a bhí rompu sna ceantair ba mhó a bhí i mbaol, ach is beag duine a raibh súil aige leis an loscadh a bhí le teacht.

Tá na ceantair chéanna lán de chnoic agus de choillte agus bailte beaga deasa ann, áiteanna a dtaitníonn le daoine ó Mhelbourne de bharr na dtithe saora agus toisc gur breá leo cónaí i measc na gcrann.

Bhí ullmhú déanta ag daoine de réir chomhairle na n-údarás, agus a fhios acu, dá dtiocfadh an tine, go mbeadh orthu

an ghnáthrogha a dhéanamh – teitheadh nó a dteach a chosaint, iad ag fliuchadh na mballaí gan stad agus ag múchadh na n-aibhleog a d’fhéadfadh tinte nua a adhaint.

Bhí gála loiscneach ann agus é ag géarú, ag tiomáint na lasracha roimhe ar fud an stáit.

Seo leo de ruathar, ag dul i gcoinne na gcnoc de luas uafásach.

Is í deifir mhire na dtinte is mó is cuimhin leis na daoine a tháinig slán, í sin agus torann a bhí ó thuiscint.

Ní fhaca an CFA a leithéid de dhóiteán riamh.

Dá fheabhas é an t-ullmhú a bhí déanta agat, ba shaothar in aisce é: tháinig na tinte anuas sa mhullach ar na bailte beaga – Kinglake, Marysville agus eile – agus scrios ar fad iad.

Bhí daoine ag rith ó theach go teach ag iarraidh dídine agus an tine sa tóir orthu; ar éigean a d’éirigh le cuid acu imeacht lena mbeo, agus bhí na scórtha eile ann a cailleadh, iad á ndó beo beathach nó á múchadh, idir fhir, mhná agus pháistí.

Na daoine a theith ina ngluaisteáin agus an domhan ar bharr lasrach ina dtimpeall chuaigh siad ar seachrán sa

Tá cónaí ar Colin Ryan i stát Victoria, an ceantar a bhí ag lár na dtinte marfacha a bhuail an Astráil go tobann míthrócaireach an mhí seo caite. Tugann sé léargas anseo ar an eachtra uafásach.

Page 57: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 57

*

DÓchaS úr: barack Obama

smúit, rud ba thrúig bháis dóibh. Nuair a tháinig an fionnuartas amach

sa lá níor lagaigh an ghaoth ná na tinte.Tháinig na tinte chomh fada le

bruachbhailte imeallacha Mhelbourne féin ach tháinig an lucht dóiteáin rompu. Thosaigh na póilíní ag comhaireamh na gcorp; bhí an t-arm ag déanamh stráicí cosanta sna coillte.

Síltear gur dóiteánaithe a d’adhain cuid de na tinte agus gur líne chumhachta ba chúis le tine mhór amháin.

Na daoine a tháinig slán níl acu ach a mbeo; tá luaith déanta de gach rud eile.

iarmhairtíAnois tá an díospóireacht ar siúl. Tá daoine éigin i bhfeirg leis na húdaráis agus barúil acu gur chóir i bhfad níos mó scrobarnaí a dhó roimh ré – ‘back-burning’ (réamhdhóiteán) mar a thugtar air.

Deir eolaithe éigin gur baoth an rud é na bailte scriosta a atógáil.

Tá an rialtas chun iallach a chur ar dhaoine ábhar doloiscthe a úsáid agus iad ag tógáil tithe sa choill. Is fada na bruachbhailte féin ag brú amach faoin tuath agus iad i mbaol dá bharr.

Deir na heolaithe go méadóidh ar an

teas agus ar an triomacht san am atá le teacht agus gur minic a bheidh an tír ar scoite lasrach arís.

I ndeireadh na dála is cuid dhílis den Astráil í an tine.

Bhaineadh na Bundúchasaigh feidhm aisti mar áis sheilge; cothaíonn sí na crainn eoclaipe fós agus iad ag brath uirthi chun a gcuid síolta a chur ag fás.

Is féidir linn fíoch na lasracha a mhaolú, ach téann dínn é a shárú ar fad. Tiocfaidh na tinte arís mar a tháinig riamh, agus ní deacair an t-uafás a thuar arís.

Page 58: nós* - eagrán 8

liostaimeachtaí

Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear.

Cuir d’imeacht féin sa liosta!Seol rphost chuig [email protected]

CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR

Page 59: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 59

STUIFF TRAD At First Light17 Márta, 8inCustom House SquareBéal Feirste28 M árta, 8inAn Droichead, Béal Feirste£10(048) 90 288818R-phost: [email protected]

Club ChronáinRanganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10inCeol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in, €[email protected]

Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceistCumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí

Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha TheasAoine dheireannach den mhí

BlastaCeol beo agus craic den scoth, Tigh Madden, Béal Feirste, Déardaoin 26 Márta. Féach lch 51 le haghaidh tuilleadh eolais.

CEOL NUARasta RuaidhCóras Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Teach Uí Cheallaigh, Béal Feirste

Club DhaonphoblachtFéach www.peoplesrepublicofcork.com le haghaidh an eolais is déanaí ó Chontae na gCeannairceach.

SonasOiche cheoil, shiamsaíocht agus ragairneacht le Kila agus aíonna speisialta – an fear grinn Paddy Courtney ina measc.Deardaoin 12 Márta, 8inVicar Street, BÁC, €25www.ticketmaster.ie

EILE Cupán Tae ar son SnaGDé Sathairn, 14 Márta,11rn go 2in.Maidin caife in Ionad Pobail Droim, Co. Rós Comain. Fáilte roimh chách theacht isteacht agus sult a bhaint as an lá.www.drum.ie

Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaíwww.cnocadoiri.com

CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR

2-17 Márta 2009

Éire agus Idirnáisiúnta

Is iomaí imeacht iontach atá ar siúl ar fud na tíre le

linn Seachtain na Gaeilge i mbliana - cuid acu thuas

luaite - agus i measc na mbuaicphointí eile tá:

Téada Oíche spleodrach cheoil ag Club an Chonartha, BÁC.

Aoine 13 Márta, 8.30in, €20, ticéid ar fail ón gClub

01 4751480, www.anclub.ie

GaelzoneGreann, sorcas, lámhchleasaíocht, pupadóireacht

ó na Fanzini Brothers, Johnny Juggler agus Púca

Puppets. Domhnach 15 Márta ó 12in go 6in ag

Cearnóg Mhuirfean, BÁC. Saor in aisce.

An Cabaret Craiceáilte

Ócáid chlúiteach Ghaoth Dobhair ar cuairt

sa phríomhchathair le MC Muipéad, Bubba

Shakespeare, Máire Aine Ní Iarnáin, Doiminic Mac

Giolla Bhríde, Bríd Ní hIcí agus eile.

Dé Luain 16 Márta, 8in go mall san Odeon Bar, Sráid

Fhearchair, BÁC

Ticéid €10

Ceiliúradh Ceiltí

Oíche mhór i gClub Árus na nGael, Gaillimh roimh

Lá Fhéile Pádraig

Dé Luain 16 Márta, 9in.

091567824, [email protected]

SEACHTAIN NA GAEILGE ‘09

Page 60: nós* - eagrán 8

60 www.nosmag.com

fógra nós*

EUOSASNB

EUOSASNB

an PoSt:

an áit:

an cúram:

an Pá:

na critÉir:

Díoltóir Fógraíochta (Páirt/lánaimseartha)

Baile Átha Cliath

Fógróirí a aimsiú agus fógraí a dhíol ar nós* agus ar nosmag.com

Coimisiún amháin, % le socrú

• Taithí chuimsitheach díolacháin nó céim tríú leibhéal• Gaeilge agus Béarla líofa, idir labhartha agus scríofa• Ard-scileanna cumarsáide agus taighde• Duine éirimiúil atá in ann oibriú de réir spriocanna agus as a stuaim féin• Modh féin taistil úsáideach

an PoSt:

an áit:

an cúram:

na critÉir:

Baill arm nós*

Náisiúnta agus idirnáisiúnta

nós* a chur chun cinn agus a phoibliú trí phóstaeir/greamaitheoirí a chur in airde agus scéal na hirise a scaipeadh

Daoine cairdiúla spraíúla a chreideanna i gcur chun cinn naGaeilge mar theanga shnasta chomhaimseartha

chun cur isteach ar na poist seo thuas, nó le breis eolais a fháil, seol rphost chuig [email protected]

Page 61: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 61

le SíntiúS Bliana:• Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí• Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise• Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*

íoc:• Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com• Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bosca) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go:

nós*Po BoX 188an tiúr/newryBt35 5Ba

ainm / NAME: ........................................................................

SeolaDh / ADDRESS: ...................................................................................................................

.............................................................................................................................................................

.............................................................................................................................................................

rPhoSt / EMAIL: ..................................................................

glac síntiús linn

Éire ¤40 / £36Sasana, alba, cymru £40an eoraip ¤70cuid eile den Domhan ¤80

subscribe nowand put nós*in your hands!

Page 62: nós* - eagrán 8

*GO RAIBH MAITH AGAT AS SULT A BHAINT AS AN EAGRÁN SEO.

BEIDH MUID AR AIS I MÍ AIBREÁIN.WWW.NOSMAG.COM

Page 63: nós* - eagrán 8

www.nosmag.com 63

*

Page 64: nós* - eagrán 8

64 www.nosmag.com

*