nós* - eagrán 10
description
Transcript of nós* - eagrán 10
YEE HAA! TÁ SÍ AR AIS!Filleadh an Chailín sa Chathair
éAlú cHun nA SEIRbIAAmharc ar fhéile Exit na bliana seo
“bÍoMÁIl SuAS Mé, A MHAc”Scannán úrnua Star Trek
iris ghaeilge don nua-aois nós*
www.nosmag.com &3.90 £3.50
bealtaine 09 eag. 10
fórsa
Daithí Ó DrónaífUaIME
3 Ainmniúchán i nGradaimchumarsáide an oireachtais!
www.nosmag.com 3
fáilteCulaith a dhéanann deich n-uaire níos láidre tú. Clár ríomhaireachta a chuireann ar do chumas ceol proifisiúnta a chumadh gan stró. Ruaille buaille an tsamhraidh ag Féile Exit sa tSeirbia. Filleadh Spock agus Kirk. Leabhrán nua faoi ghairmeacha le Gaeilge. Réamhamharc ar Windows 7, sea 7. Stíl nua na hIbéire. Grianghraif ó Sonas...
Sin díreach sampla beag den ábhar atá le fáil ar nós* na míosa seo, agus gheobhaidh sibh go leor eile idir seo agus an leathanach cúil. Ar an leathanach tosaigh tá pic de cheoltóir cumasach agus Gael óg atá tar éis aird an phobail a tharraingt air féin le tamall anuas agus a léiríonn an tallann úr cheoil atá amuigh ansin i láthair na huaire. Is féidir agallamh le Daithí Ó Drónaí a léamh istigh.
Tá a fhios agaibh faoin am seo go bhfuil an iris atá i do lámha agat - nó atá á léamh agat ar líne - beo ar an ghannchuid (leis an bhéim ar an ‘gann’!) ach mar sin féin d’éirigh linn 3 ainmniúchán a fháil i nGradaim Chumarsáide an Oireachtais 2009. Maith sinn! Bronnfar na gradaim ar 22 Bealtaine i mBÁC - coinneoidh muid ar an eolas sibh!
Tomaí Ó conghaileEagarthóir nós*
*****
** *** * ** *
éagsúlacht an tsaoil
4 www.nosmag.com
nós*Po boX 188An tIúrbT35 5bA
EAGARTHÓIRTomaí Ó Conghaile
FÓGRAÍOCHTSeanán Ó Coistín
RANNPHÁIRTITHEFélim Borland, Diarmuid Ó Muirgheasa, Micheál Johnny Ó Meachair, Seoirse Mac Giolla
an Chloig, Tim Armstrong, An Seanduine Liath, Sorcha de Grás, Colin Ryan, An Cailín sa Chathair, Ciarán Ó Meachair, Scott de Buitléir GRIANGHRAIFKiritia Images - www.kiritia.com
foireann
*
Tá nós* ar fáil anois ar líne agus i gcló mar sin níl leithscéal fágtha ag aon duine gan síntiús a ghlacadh amach ;-)
Má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu.
Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£36 ar shíntius bliana - margadh iontach dar linn féin.
Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 66 agus ar www.nosmag.com
subscribe!
fáilte
go on, you know you want to :-)
www.nosmag.com 5
istigh
tcEol7 Léirmheas albaim8 Daithí Ó DrónaíAgallamh leis an gceoltóir óg10 Gig-Ghraif14 Féile ExitCeol-ócáid mhór na Seirbia16 Todhchaí an Raidió Ghaeilge?18 Déan ceol le AbletonAlt Gàidhlig le Tim Armstrong
EIlE
bEatha
scáIlEán
ar taIspEáInt
tEIcnEolaíocht33 Empire: Total WarLéirmheas cluiche36 Windows 7
37 Teic-NuachtPirate Bay, HAL, gluaisteáin leictreacha
41 The Token42 Sean-nós*Spéirmhná TG4 ag cur baic ar fhoghlaim?44 Cailín sa ChathairAr ais, agus fear aici!
t
t
t
faIsEan47 Oiriúintí, Seó MhaidridAn stíl is déanaí ón mhór-roinn
25 LéirmheasannaAdventureland, Star Trek
t
55 Ursula BurkeLéirmheas ar thaispeáint nua ealaíne58 Linda White
t
t
39 I gClóLeabhrán nua ‘Do Ghairm le Gaeilge’61 LéargasLá ANZAC sna Fritíortha65 Liosta Imeachtaí
taIstEalt51 ¡Buen Camino!An chéad chuid de thuras ar Bhealach Naomh Seán
ceol
www.nosmag.com 7
bob dylanTogether Through Life
Chuir an tUasal Dylan, an seanfhondúir ceoil sin nach bhfuil aon réamhrá
de dhíth air, an t-albam is úire seo le chéile le linn dó bheith ar an bhóthar ar na mallaibh, agus tá a lorg sin le cluinstin air go dtí pointe.
Níos éadroime agus gealgháirí ná an t-albam a tháinig amach roimhe seo, Modern Times, níl aon amhras go bhfuil Together Through life píosa beag scaoilte ach tá sé fuinniúil go leor ag an am céanna, cáilíocht nach raibh ag gach eisiúint dá chuid thar na blianta.
10 n-amhrán san iomlán, tá na traiceanna ar fad scríofa go cumasach mar is gnáth - le cabhair ó Robert Hunter, a d’oibrigh le Dylan roimhe cheana - agus curtha i láthair ar bhealach simplí ach measartha éifeachtach.
Tagann an ceol le chéile gan stró, rud a léiríonn cumas agus compord bhanna Dylan, agus tá macallaí na ngormacha measctha isteach le rock & roll agus fiú bailéid mhóra an ghrá.
D’fhéadfá a rá go bhfuil an grá mar théama tríd an albam síos ach tá an greann le mothú ann chomh maith - go háirithe san amhrán My Wife’s Home Town - agus cuireann bosca ceoil David Hidalgo de chuid Los Lobos leis an atmaisféar
réchúiseach siamsúil atá ag an saothar iomlán.
Is léir fosta go bhfuil an ceoltóir laochúil - a bheas 68 an mhí seo - go fóill ag baint taitnimh as an ‘obair’, é ag ceol leis le sórt paisean ar Jolene agus le fuinneamh de shaghas éigin eile ar This Dream Of You.
Tá blas éigin Francach fiú ar Life Is Hard agus cé go bhfuil mórchuid na n-amhrán suite nó bunaithe ar an am a chuaigh thart, is fíor fosta go bhfuil brí agus spriorad an albaim sa lá atá inniu ann.
Agus níl aon sampla níos fearr de sin le fáil ná sna línte sách comhaimseartha san
amhrán deiridh, ina ndeir Dylan “it’s all good” go minic tríd.
Cé nach sárshaothar é seo atá curtha amach aige, ná baol air, d’fhéadfá an ráiteas sin thuas a úsáid faoin albam ar fad.
RG cuAn
hhhhh
8 www.nosmag.com
ceol
fórsa fuaime
www.nosmag.com 9
Bhain ceol leithleach Dhaithí Uí Dhrónaí geit as go leor daoine nuair a chualathas é ar The All-Ireland
Talent Show ar RTÉ 1 ní ba luaithe i mbliana agus, ar an dea-uair, tá tuilleadh le teacht ón cheoltóir óg as an Chlár.
Chuaigh an fhuaim bheoga nua-aoiseach a bhain Ó Drónaí as an fhidil go mór i bhfeidhm ar na moltóirí agus ar an phobal araon le linn na sraithe, agus is toradh é ar na blianta de sheinm agus ar thionchair éagsúla ceoil.
“Thosaigh mé ag seinm na fidle nuair a bhí mé an-óg, ocht nó naoi mbliana d’aois, agus is ag ceol le mo chlann a bhí mé ag an am sin,” arsa Daithí le nós*.
“Nuair a bhí mé timpeall 13 áfach d’fhág mé an fhidil ar feadh tamaill agus thóg mé suas an dordghiotár.
“Bhí mé páirteach i gcúpla banna difiriúil - banna miotail fiú! - ach de réir a chéile chuir mé suim sa cheol indie agus tá mé ag éisteacht leis ó shin.
“Éistim le ceol damhsa chomh maith mar sin faighim inspioráid agus spreagadh ó cheol difiriúil.
“Cé gur thosaigh mé amach le ceol traidisiúnta, ní dóigh liom go mbím ag smaoineamh ar an gceol traidisiúnta agus mé ag cumadh is ag scríobh ceoil ach toisc gur fhoghlaim mé an fhidil mar uirlis traidisiúnta, tagann an fhuaim trad amach as.”
Ar an gnéithe is iontaí faoi cheol Dhaithí tá an dóigh a seinneann sé na píosaí ar fad atá le cloisteáil ar a rianta agus ansin buailtear an fhuaim amach arís a bhuí le stáisiún lúb.
“Bhí mé in ann tús a chur leis an gceol atá á sheinm agam anois mar go raibh an-chuid treallaimh agam don ghiotár, agus ansin fuair mé glacaire don fhidil leictreach.
“Cruthaím an fhuaim iomlán le loop station a phiocann suas na píosaí a sheinnim, a dhéanann iad a thaifeadadh agus a sheinneann ar ais iad i ‘lúb’.
“Is féidir liom mo cheol ar fad a chur le chéile sa tslí seo.
“Tá mé ag iarraidh rud an-difiriúil a dhéanamh, rud bríomhar agus cuireann an córas seo ar mo chumas é sin a dhéanamh.”
Ag caint ar an tsraith a chuir faoin spotsolas náisiúnta é, deir Daithí gur taithí iontach a bhí ann ach nach raibh sé i gceist aige cur isteach ar an Talent Show ag an tús.
“Chuaigh mé chuig an éisteacht i nGaillimh mar bhí mé ag lorg amhránaithe le haghaidh banna ceoil,” arsa seisean.
“Ach thóg mé mo threallamh liom, chuala siad mé ag seinm agus go tobann bhí mé sa chúigear deireanach.
“Bhí rudaí saghas craiceáilte nuair a bhí mé ar an teilifís agus bhain mé an-taitneamh as.
“Deis iontach a bhí ann.”D’éirigh leis an Drónach - ar mac
léinn cumarsáide é in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an Cheathrú Rua - d’éirigh leis babhta ceannais an chomórtais a bhaint amach agus tá lucht leanúna nach beag aige anois dá bharr.
“Nuair a bhí mé sa chomórtas bhí mé ag déanamh a lán ceolchoirmeacha sna scoileanna mar sin tá leantóirí óga agam anois atá ag éisteacht leis an gceol saghas difiriúil a chuirim ar fáil, rud atá maith.”
Ní i scoileanna amháin a bhíonn Daithí le cloisteáil áfach mar le cúpla mí anuas tá gigeanna déanta aige in áiteanna éagsúla ar fud na tíre - Gaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath san áireamh - agus beidh sé ar ais sa phríomhchathair ar 10 Meitheamh nuair a bheas SONAS an tSamhraidh ar siúl sa Button Factory i mBarra an Teampaill.
Agus le rianta ar nós ‘Embrace’ agus ‘Say This’, ní ionadh ar bith é go bhfuil tóir air, ar a fhidil agus ar a stáisiún lúb.
Dar le Daithí go mbeidh sé ag díriú isteach ar cheol nua a scríobh thar an samhradh agus go leanfaidh sé ar aghaidh ag déanamh fórbartha ar a stíl neamhspleách féin.
“Iontach” a deir muidne anseo ag nos*. Bí ag súil le tuilleadh uaidh amach anseo.
Labhair Tomaí Ó Conghaile leis an cheoltóir nua-aoiseach agus Gael óg, Daithí Ó Drónaí, faoina chuid cheoil agus faoi cad é atá i ndán dó amach anseo.
“Bhí mé páirteach i gcúpla banna difiriúil - banna miotail fiú! - ach de réir a chéile chuir mé suim sa cheol indie agus tá mé ag éisteacht leis ó shin.”
*
10 www.nosmag.com
ceolSonAS - SRÁID VIcAR, bÁcChomh maith le Daithí Ó Drónaí, bhí roinnt ceoltóirí eile den chéad scoth ar an ardán ag Sráid an Bhiocáire do ghig mór Sonas i mí an Mhárta. Oíche iontach a bhí ann agus táthar ag súil go mór leis an chéad cheann eile. Thíos tá an slua ag éisteacht leis na laochra Kíla, ar dheis tá an fearr grinn Paddy Courtney i mbun ceoil agus thíos ar dheis tá amhránaí ón ghrúpa Afracach Ojemba. Ar leathanach 12 tá ball eile Ojemba agus Colm Ó Snodaigh de chuid Kíla.
www.nosmag.com 11
12 www.nosmag.com
ceol
www.nosmag.com 13
GACH EOLAS AR FÁIL ÓN CHLÁR RÓNANBEO@3 AR RNAG AGUS WWW.CRAICEAILTE.COM
CEOLTÓIRÍ, AMHRÁNAITHE AGUS AÍONNA EILE LE FÓGAIRT
Teach Hiúdaí Beag
Dé Sathairn 9i.n.30 BEALTAINE 2009AG TEACHT AMACH ANSEO:
Foinn nua-aimseartha i nGaeilge as Anagaire le blaiseadh de cheol tíre, indie agus rac. “Áit inteacht idir Nick Drake agus na Breeders”.
Rapcheol agus ceol R&B i nGaeilge le Bubba agus a chairde as Tiobrad Árainn
AG TEACHT CHUIG CABARET NA BEALTAINE:
Cabaret Bealtaine No?s 2009:Layout 1 30/04/2009 23:10 Page 1
14 www.nosmag.com
Ar 9 Iúil beidh na mílte ag imeacht go Novi Sad na Seirbia, cén fáth?
Exit.Beidh an fhéile mhór cheoil ar siúl
agus na sluaite bailithe le chéile ag caisléan a tógadh san 19ú aois i lár na Danóibe.
Is féile trí lá í a bhunaigh triúr mac léinn de chuid na Seirbia sa bhliain 2000. Bojan Boskovic, Dusan Kovacevic, agus Ivan Milivojev is ainm don triúr leis an mbrionglóid fadradharcach a thosaigh amach mar agóid i gcoinne Slobodan Milosevic.
Bhí fadhbanna maoinithe acu ar feadh cúpla bliain ach tá an féile thar mholadh 50,000 duine cheanna féin in 2009. Agus deir lucht eagraithe Exit go bhfuil os cionn milliún duine i ndiaidh teacht ann ónar bunaíodh 9 mbliain ó shin í.
Dar leis na heagraithe go bhfuil daoine as tíortha mórthimpeall na
cruinne ag teacht ann gach bliain, ón Nua-Shéalainn go hÉirinn agus gach áit eatarthu!
Bíonn 30 ardán ag an bhféile, ach is iad na príomhchinn ann ná, dár ndóigh, an príomh-stáitse, áit a bhfuil spás 35,000 duine ann, agus an stáitse Dance ag a mbíonn thart ar 25,000 duine.
Seachas na hardáin seo is iad na príomhionaid eile ann ná Metal-Hammer, Latino, Fusion agus Reggae, rud a léiríonn éagsúlacht an cheoil ann.
Ar an bpríomhstáitse i mbliana is iad na mórcheoltóirí atá á bhfógairt ag Exit ná Moby, Patti Smith, Madness, Lily Allen, The Prodigy, Arctic Monkeys, The Manic Street Preachers, Kraftwerk agus Korn.
Ar an stáitse Dance i mbliana tá an-chuid DJanna ag seinm i gcoinne a chéile, ina measc Carl Cox i gcoinne Green Velvet, Sasha i gcoinne John Digweed, Richie Hawtin i gcoinne
Dubfire agus Sander Kleinenberg agus Darren Emerson.
Is léir leis an dream seo uilig i láthair go mbeidh an-phocléimt agus rogha is togha na craice in Novi Sad i mbliana.
Is cosúil go mbeidh an fhéile ag fágáil Novi Sad ar an mbliain seo chugainn, áfach, cé go mbeidh sé ag fanacht in oirdheisceart na hEorpa.
Tá lucht eagraithe Exit ag rá go bhfuileadar chun triall ar leithéidí Skopje, Zagreb, Ljubljana agus Banja Luka.
Is é a bheas mar aidhm acu agus iad ag bogadh na féile timpeall oirdheisceart na hEorpa ná go bhfanfadh an fhéile mar “Ceann de na háiteanna is tábhachtaí le daoine óga a bhailiú le chéile san Eoraip”.
Más rud é go bhfuil suim agat dul go Novi Sad na Seirbia, agus is fiú dul ann, téigí go www.exitfest.org agus leanaigí na nascanna chun ticéidí a
ceol
Bealach éalaithe!
www.nosmag.com 15
cheannach (láithreach!).Ba chóir go mbeadh cúpla míle
fágtha go fóilleach, agus níl ach €80 an ceann orthu don trí lá, agus €16 ar phas campála.
Tá an suíomh atá acu lán le heolas fíorchabhrach, agus nasc ann dár teideal “Tourist info”, áit a bhfuil eolas ar fáil faoi chúrsaí taistil, lóistín, gutháin is idirlín, iompair áitiúil... leanann an liosta ar aghaidh agus nodanna cultúrtha agus léarscáileanna áitiúla curtha ar fáil acu fiú.
Más rud é go bhfuil tú leisciúil agus nach maith leat an léitheoireacht uilig a dhéanamh tá nod nó dhó agam
díobh.Is fearr eitilt go Beograd (Béalgrád),
nó go Budapest (Búdaipeist), agus bus a fháil go Novi Sad féin.
Tá sé an-saor teach a fháil ar cíos sa cheantar más rud é go bhfuil slua maith ag dul ann leat, agus toisc na aeráide te is dócha gur fearr é seo a dhéanamh chun an phóit is measa de do shaol a sheachaint i ndiaidh duit fanacht thar oíche i bpuball bogthais!
Chomh maith leis seo, is dócha go mbeidh tú ag iarraidh ceamara nó guthán a thógáil leat agus is fearr i gcónaí gan a leithéid a fhágáil i bpuball.
É seo uilig ráite bíonn an chraic is fearr istoíche san ionad campála ag na féilte seo, dá bhrí seo is dócha gur fiú an pas campála a cheannach ar €16 chun go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh!
Más rud é nach bhfuil sé ar bhur gcumas eitilt go dtí an tSeirbia, ná déanaigí dearmad go bhfuil Oxygen ar siúl sa Sráidbhaile i gcontae Laoise, ach ná déanaigí dearmad ach an oiread, níl ach €96 ar thicéidí Exit le pas campála agus tá €244.50 ar thicéidí Oxygen le pas campála.
Agus muid uilig gann ar airgid, caithifimid luach ár n-airgid a fháil!
FOCAIL MIcHEÁl joHnnY Ó MEAcHAIR
*
“Ar phríomhardán Exit i mbliana beidh Moby, Patti Smith, Madness, Lily Allen, The Prodigy, Arctic Monkeys, The Manic Street Preachers, Kraftwerk agus Korn.”
16 www.nosmag.com
ceol
I rith mhí na Márta,
chonacthas (nó
chualathas!) an chéad
staisiún raidió Gaeilge don
aos óg á chraoladh ar fud na
gceithre chathair is mó sna 26
contae, i. Áth Cliath, Corcaigh,
Gaillimh agus Luimneach.
Seoladh Raidió Rí-Rá –
comhthionscadal idir Conradh
na Gaeilge agus an comhlacht,
Digital Audio Productions – ar
an aer ag tús mhí Márta, ach
bhí sé á chraoladh ar feadh
bliana thar an idirlíon roimhe
sin.
Le haghaidh Sheachtain
na Gaeilge, áfach, fuair
an tionscadal ceadúnas
sealadach ón gCCÉ (Coimisiún
Chraolacháin Éireann) le
dul ar na haerthonnta FM i
gcathracha móra na hÉireann.
Ba é stíl an stáisiúin,
munar chuala tú é, ná pop
agus cairtcheol as Béarla
agus Gaeilge a mheascadh,
le láithreoirí beomhara le
Gaeilge.
Mar sin, ní raibh mórán
difríochta idir Raidió Rí-Rá
agus na mórstáisiúin raidió
ar nós TodayFM, Spin nó RTÉ
2fm, ach nach raibh Béarla á
úsáid ag láithreoirí/DJanna
Rí-Rá.
Is cúis áthais domsa a rá
go raibh páirt agamsa ann,
mar chomhláithreoir le hAoife
Ní Ghlaicín-Riain do “Nocht
ag a hOcht”, ar mhaidineacha
an deireadh seachtaine. Craic
iontach a bhí ann, agus ba
bhreá linn é a dhéanamh arís,
am éigin sa todhchaí.
Ach anois agus Rí-Rá
imithe ó FM, céard atá i ndán
do Ghaeilgeoirí óga?
Caithfear smaoineamh go
bhfuil an-chuid daoine óga in
ann nascadh go héasca leis an
idirlíon. Mar sin, bheadh aon
stáisiún raidió ar líne in ann
bheith éifeachtach.
Tá an-chuid
teachtaireachtaí faighte
ag an stáisiún agus a gcuid
láithreoirí ó éisteóirí a bhfuil
cónaí orthu lasmuigh d’Éirinn,
ar nós na Stát Aontaithe,
Sasana agus na hAstráile.
Is í an t-aon fhadhb atá
ann, áfach, ná nach bhfuil
raidió idirlín chomh cáiliúil in
Éirinn ná mar atá sé i dtíortha
eile, ar nós SAM, mar shampla.
Féidirtheacht amháin atá
ann ná DAB, nó FCD – Fuaim-
Chraolachán Digiteach – chun
Gaeilge a chur air.
Go simplí, is raidió
digiteach atá ann, agus is
meán cumarsáide é atá an-
nua go fóill sa tír seo.
Tá sé stáisiún digiteach
seolta ag RTÉ ó thús na Nollag
seo caite, ach is annamh
Gaeilge a chloisteáil ar na
stáisiúin sin, faraor.
Le roinnt mhaith pleanála,
bheadh Raidió Rí-Rá in ann cur
faoi i saol an raidió dhigitigh.
Faoi láthair, níl ceadúnas
DAB ach ag RTÉ, ach beidh a
leithéid de Spin103.8, Dublin’s
98 agus TodayFM ag teacht
ar an gcóras ard-chaighdeáin
digiteach go luath.
Bheadh stáisiún raidió
óige ar nós Raidió Rí-Rá in ann
áit a thógáil leis na staisiúin
fhadbhunaithe siúd, má
thapann siad an deis atá os a
gcomhair.
Má éiríonn chomh maith
le cúrsaí anseo is a d’éirigh leo
sa Bhreatain, tá neart an raidió
dhigitigh anseo chun dul i
méid i gceann cúpla bliain.
Todhchaí an Raidió Ghaeilge?Breathnaíonn Scott de buitléir ar na forbairtí atá tar éis theacht ar an raidió Gaeilge, agus ar na féidearthachtaí atá ar fáil dó san am amach romhainn.
tiúineáil isteach
www.nosmag.com 17
Fiú agus mise á scríobh
seo, bíonn DJ ar Spin ag rá go
bhfuil siad ar fáil ar líne, ag
iarraidh aire a thabhairt do
ghlúin nua an raidió.
Tá siad ann, is dócha,
a chuirfeadh an cheist “ar
cheart stáisiún Gaeilge bheith
ann don aos óg?”
Ba cheart, i mo thuairimse,
ach ní soiléir na cúiseanna.
Tugann leithéidí Raidió Rí-
Rá seans do dhaoine óga – idir
Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí
araon – Gaeilge a chloisteáil
mar ghnáth-theanga ar
mheán cumarsáide chomh-
aimseartha.
Mar sin, briseann sé sean-
íomhá na Gaeilge (atá fós
ag formhór na nÉireannach)
nach labhraítear Gaeilge a
thuilleadh ach ag seanfhir i
dtigín iargúlta éigin ar chósta
Chonamara.
I bhfocail eile, nach bhfuil
sí beo sna cathracha móra,
nó nach bhfuil sí á labhairt i
measc daoine óga.
Is maith an stáisiún
é RTÉ Raidió na Gaeltachta,
má tá spéis agat i gceol
traidisiúnta, amhráin sean-
nóis, nó má tá spéis faoi leith
agat i gcúrsaí Gaeltachta.
D’éinne eile, áfach (cosúil liom
féin), is beag an nasc atá ann
idir Gaeil óga na tíre agus an
príomhstáisiún raidió Gaeilge,
seachas cúpla uair a’chloig de
AnochtFM ar ndóigh.
Feicfear amach anseo
má éiríonn le Raidió Rí-Rá áit
a bhaint amach i ndomhan
an raidió Éireannaigh, agus
bheadh spéis agam fáil
amach dá mbeadh suim ag
an ngnáthGhaeilgeoir óg
éisteacht leis.
Ní fiú leanúint leis an
bpróiseas muna bhfuil spéis
ag an bpobal ann, mar sin,
tá súil agam go mbeidh
aischothú, agus tacaíocht, ann
ón éisteoir.
Neosfaidh an aimsir.
tiúineáil isteach*
18 www.nosmag.com
ceol
Beagan bhliadhnaichean air ais, chaidh an còmhlan agamsa air turas le còmhlan teicneo/hip-hop à
Èirinn, Grá Gránna. Ged nach robh ach dithis ann an Grá
Gránna, Ruairí agus Dan, abair thusa gun tug iad crathadh dha na ballachan, gach cuirm a rinn sinn.
Bha Ruairí air a’ mhic ‘as Gaeilge’ agus Dan a’ leigeil nam buillean troma, agus b’ e seo a’ chiad turas a thachair mi ris a’ phrògram-chiuil, Ableton Live, an gnìomh.
Cha robh innealan-ciùil thradaiseanta no clàran-tionndaidh aig Grá Gránna idir. Fhad ‘s a bha Ruairí a’ dèanamh a’ ghnothach, mic na làimh, bha Dan air chùl coimpiutair-glùin, agus esan a’ cruthachadh bhuillean ‘beò’ an làrach nam bonn le Ableton live.
‘S e prògram iongantach a th’ ann an Ableton Live, nach gabh seòrsachadh gu furasda.
Air an darna làimh, tha e gu math coltach ri prògraman-clàrachaidh eile mar Pro Tools, Logic, Cubase agus eile.
‘S urrainnear ceòl a chlàrachadh leis, agus òrain ùra a chruthachadh leis, uile ann an dòigh a tha dearbh choltach ris an dòigh a nithear ceòl ùr leis na prògraman eile ud.
Ach air an làimh eile, ‘s e seòrsa inneal-ciùil a th’ ann, a leigeas leis a’ cheòladair na h-òrain aige a chluich ‘beò’ air an àrd-ùrlar, agus ‘s e sin an rud a tha a’ fàgail Ableton Live ann am buidheann leis fhèin, agus ‘s e sin an rud a tha a’ toirt oirnn faighneachd, dè th’ ann an ceòl beò
ceol beo le ableton live
www.nosmag.com 19
co-dhiù, agus dè th’ ann an inneal-ciùil anns an t-saoghal iar-nuadh theicneolach far a bheil sinn beò?
Mar eisimpleir, tha caraid agam, Boreta, agus tha esan na bhall dhen chòmhlan mhòr theicneo air taobh an Iar nan Stàitean, Glitch Mob.
Ròcaidh na ceathrar aca tallachan làn nam mìltean mar ‘chòmhlan-ciùil’ ach chan eil inneal-ciùil ròc air an àrd-ùrlar idir, ach ceathrar ghillean agus ceithir coimpiutairean-glùin, agus iad uile a’ ruith Ableton Live.
Dh’fhaighnich mi air Boreta, ciamar a chleachdas e am prògram seo gus ceòl a chruthachadh,
“Ableton has completely changed the game - it’s turned the computer from a jukebox to an instrument. It can do almost anything I can imagine. It allows me to take songs I have made, chop them up into pieces and perform them live in new ways.”
Air chùl an inneil-chiùil ùir seo, tha cleas ùr seòlta.
Ann an Ableton Live, ‘s urrainnear coimhead air òran sam bith ann an dà dhòigh eadar-dhealaichte.
Ann an “Arrangement View,” chì thu an t-òran agad anns an dòigh àbhaistich, mar a chì thu òran ann an Pro Tools mar eisimpleir, mar sreath de fhuaimean ann an loidhne, toiseach gu deireadh.
Ach ann an “Session View,” chì thu an t-aon òran ann an seòrsa de chliath, le gach eileamaid dhen òran ann am bucas eadar-dhealaichte.
‘S e an sealladh seo, an t-òran mar chliath seach sreath, a tha a’ toirt sùbailteachd dhan phrògram agus a leigeas leis a’ cheòladair an t-òran ùrachadh beò air an àrd-ùrlar.
‘S urrainnear na h-eileamaidean a ghluasad mun chuairt mar a thogras aig an àm, agus le inneal midi, ‘s urrainnear na h-eileamaidean atharrachadh beò agus ceòl ùr a chruthachadh mar a dhèanadh ceòladair Jazz riof ùr air an trompaid.
Tha fhios agam - coimpiutair mar
inneal-ciùil ceart – tha e doirbh creidinn.Ach nam faiceadh tu talla-
coimhearsnachd Ros Mhic Thriúin agus e glan às a rian fa chomhair an t-seata aig Grá Gránna, no ma chì thu na balaich anns a’ Glitch Mob agus iad a’ murt an t-sluaigh leis an t-seata acasan, creididh tu.
Cuiridh mi geall ort.
www.myspace.com/theglitchmobwww.ableton.com
FOCAIL TIM ARMSTRonG
GluAISGHAELACHà Èirinn as Éirinnged cé, gidhseòrsa cineál, sórttoirt tabhairtfar a bheil ina bhfuilciamar conaschì thu feiceann tú, tchí túdoirbh deacair
www.nosmag.com 21
FéIlE An cHEoIl ÁRSA - GAIllIMHBhí Maighdean Mhara i láthair nuair a seoladh Féile Cheol Ársa na Gaillimhe le déanaí. ‘Oileáin agus an tUisce eatarthu’ an téarma leis an fhéile i mbliana ina mbeidh ceolchoirmeacha éagsúla agus turais ar siúl sa chathair idir 15-17 Bealtaine. Breis eolais ag galwayearlymusic.com
ceolagat?
TÁ nós* AG IARRAIDH CLOISTEÁIL Ó BHANNAÍ 7 CEOLTÓIRÍ
A CHEOLANN - NÓ ATÁ IN ANN CEOL - AS GAEIlGE
Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoil a
chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmháil
linn anois ar [email protected]
Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós*
ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh
maith! bÍGÍ AG cEol, bÍGÍ I DTEAGMHÁIl!
fógra nós*
do theanga,do thodhchaíóga
gaeilna
t-léinte, póstaeir agus eolas le fail anois ag www.nagaeiloga.com
scáileán
www.nosmag.com 25
Is iomaí scannán amuigh ansin leis an fhoirmle sheanchaite sin de chúpla déagóir Meiriceánach ag titim i ngrá le chéile le linn an tsamhraidh is fearr dá saolta.
Tá cuid acu greannmhar, cuid acu maoithneach agus téann cuid acu thar fóir ar fad.
Ach níl an mhórchuid acu leath chomh maith le Adventureland.
Bunaithe ar an taithí a bhí ag an stiúrthóir/scríbhneoir Greg Mottola an bhliain sula ndeachaigh sé ar ollscoil,
leanann an scéal James (Jesse Eisenberg) atá ag iarraidh airgead a shábháil le dul ar choláiste iarchéime.
Níl mórán de rogha aige agus sa deireadh glacann sé post ag sean-pháirc siamsaíochta, nach bhfuil ar an tarraingt is stílmhara sa bhaile, d’fhéadfá a rá.
De réir a chéile áfach cuireann sé aithne ar a chomhoibrí Emily (Kristen Stewart) agus ag deireadh lá amháin oibre – 4 Iúil le bheith beacht – tosaíonn na tinte ealaíne agus, más mian leat, an cheimic eatarthu.
In ainneoin go bhfuil cuma an chlísé air sin ar fad, tá an scannán úr: éadrom agus greanmhar ar thaobh amháin ach téann sé i bhfeidhm ort ar an taobh eile.
Oibríonn na haisteoirí go maith le chéile agus is é an toradh ar a dtaispeántais ná saothar an-phearsanta agus sultmhar.
Cé go bhfuil sé suite sna 80í, tá an plota an-oiriúnach don lá atá inniu ann, go háirithe agus cúrsaí airgid níos teannta ná mar a bhí le roinnt blianta anuas, ach briseann an solas agus an dóchas tríd i gcónaí.
Is fiú go mór amharc ar an scannán iontach, as an ghnáth seo, faoi bheirt ag teacht in aibíocht.
advEntUrEland hhhhhGreg Mottola , 16
FOCAIL ToMAÍ Ó conGHAIlE
26 www.nosmag.com
scáileán
Ba mhór an díomá a bhí ar lucht leanúna Star Trek nuair a tháinig an scannán deireanach sa tsraith chlúiteach, Nemesis, amach sa bhliain 2002, mar sin bhí go leor amhrais ar dhaoine faoin eisiúint is déanaí seo.
Ní bheadh an fhoireann aisteoirí in ann ag an dúshlán, dúirt cuid acu.
Tá an stiúrthóir, JJ Abrams, níos fearr ag cláracha teilifíse ná príomhscannáin, dúirt cuid eile.
Ach tá an fhoireann agus an stiúrthóir i ndiaidh a chruthú nár cheart do na Trekkies bheith buartha in aon chor mar is éacht atá déanta acu leis an cheann seo.
Téann Star Trek ar ais go
fréamhacha 60í na sraithe, ag díriú isteach ar chúlra na laochra Kirk (Chris Pine) agus Spock (Zachary Quinto, ar clé) in éineacht le baill eile an Enterprise, Scotty (Simon Pegg), san áireamh.
Ní mór a rá nach bhfuil na naimhde sa scannán ró-iontach, agus nach bhfuil an bhuaic ar na radhairc is spleodraí dá raibh ann riamh, ach ar an iomlán éiríonn go hiontach le hiarrachtaí Abrams atmaisféar na sean-scannán a thabhairt isteach sa 21ú aois.
Scannán spraíúil le héifeachtaí den chéad scoth, bainfidh idir lucht leanúna Star Trek agus gnáthlucht leanúna na pictiúrlainne sult go leor as.
star trEk hhhhhJJ Abrams, 12A
www.nosmag.com 27
28 www.nosmag.com
scáileán
www.nosmag.com 29
uPÍomhá réamhamhairc de
scannán nua Disney-Pixar, Up, a eiseofar san Fómhar
30 www.nosmag.com
ardán
DRÁMA GAEIlGE ucDBhí Gradaim Bhord na Gaeilge ar siúl le déanaí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ar an oíche léirigh Cumann Dramaíochta an choláiste dráma gairid. Thuas tá na haisteoirí Brigid Ní Uallacháin (t-léine buí), Sadhbh Ní Fhinneadha (t-léine dearg) agus Aisling Ní Bhrádaigh (t-léine corcra).
Tabharfaidh Foinse cúnamh duit!
An Bhéaltr ia i l ádéanamh agat?
Tá áthas ar Foinse cúrsa teagaisc ar líne ar Bhéaltriai l na hArdteiste a fhógairt. Beidh sibh in
ann suí isteach le scrúdaitheoir agus scoláire iseomra na Béaltrialach féachaint cad a tharlaíonn.Is é Nicholas Clancy, Scrúdaitheoir Comhairleach
agus Monatóir Sinsearach ag Béaltrialacha Gaeilgena hArdteistiméireachta do Choimisiún na Scrúduithe
Stái t a chuir an beart 25 ceacht le chéile.
� Buntáiste mhór ná gur féidir ledaltaí féachaint ar
an gcúrsa in am scoile nó sa bhaile, de ló nó d’oíche, ar a
suaimhneas féin �
www.foinse.ie
BTNós_0109:Layout 1 21/01/2009 13:21 Page 1
teicneolaíocht
Tá plean ann le tamaillín anois chun an roinn teicneolaíochta a leathnú amach chun cluichí a chlúdach,
agus ceann des na rudaí a bhí uainn ná cluiche iontach chun tús a chur leis an bhforbairt nua seo.
Ó tharla gur iontach ar fad a bhí nach mór chuile rud ar fhoilsigh an Creative Assembly le deich mbliana anuas, agus ó tharla go raibh an Total War is úire, Empire, ag druidim go luath, chinneamar fanacht air chun an rannóg bhreise a sheoladh.
Ón tús bhíomar ag súil le rudaí iontacha ón gcluiche seo. 90% nó níos fearr, b’fhéidir, agus ní linn féin a bhíomar.
Bhí mórán baothchainte ar siúl ag lucht PR an Creative Assembly le cúpla mí sular seoladh an cluiche, agus ba chosúil dúinne go rabhadar dáiríre.
Cluiche den scoth a bhí ag druidim linn, é chomh críochnúil le haon rud a chonaic lucht spraoi an Domhain riamh.
Dúradar fiú go raibh na cogaí ar an bhfarraige chomh maith go bhféadfaidís iad a eisiúint mar chluiche iontu féin!
Faraor, mar a fheiceann tú thuas, níor éirigh le hEmpire an 90% úd a bhaint amach, agus tá díomá orainn faoi sin.
Ní hé go bhfuil díomá orainn faoin gcluiche atá os ár gcomhair, ach tá díomá orainn faoin gcluiche a d’fhéadfadh bheith os ár gcomhair agus nach bhfuil.
Ó tharla go bhfuil an oiread sin sa chluiche atá ar leibhéal amuigh leis féin, i bhfad amach os cionn aon chluiche eile atá amuigh ansin, is ollmhór an trua na laigí a bhaineann leis.
FEAbHAS éIGInTógann Empire mórán a bhí iontach faoin tsraith go dtí seo agus cuireann sé air.
Tóg an tslí a ngabhtar talamh, mar shampla. Rinneadh léim mhór ó Shogun go Medieval, áit ar athraíodh ó chóras réigiún go córas cathrach. Anois bhí tú ábalta arm a mháirseáil trí réigiún naimhdeach agus cinneadh a dhéanamh ionsaí a dhéanamh ar an gcathair nó gan.
In Empire, tá cathracha ann, agus bailte chomh maith.
Ciallaíonn sé seo gur féidir ionsaí a dhéanamh ar réigiún gan dul in aice leis an gcathair leis na ballaí móra mórthimpeall air.
Ciallaíonn sé freisin go bhfuil ort bheith i bhfad níos cúramaí faoi conas a chosnaíonn tú do chuid talaimh chrua-bhuaite.
Nuair is féidir leis an namhaid feirmeacha agus mianacha a scriosadh gan dul in aice leis an arm atá fágtha sa chathair agat, is gá duit bheith iontach buartha faoi chuile arm a sheolann an namhaid i do threo, cuma cé chomh beag is atá siad.
Tá clisteacht iontach ag baint leis an athrú seo, agus cuireann sé gan dabht leis an bpleanáil straitéiseach ar gá a dhéanamh.
clISTEAcHT?Tá fadhb leis seo, áfach, agus fadhb í a ritheann tríd an gcluiche uilig – an intleacht shaorga (AI).
Anois, níl mórán cluichí amuigh ansin atá cliste, tríd ‘s tríd. Den chuid is mó, ní féidir le cluichí beartaíochta dul in iomaíocht leis an imreoir ach trí chaimiléireacht, agus tá an rud céanna - nó rud iontach cosúil leis - fíor faoi beagnach gach cluiche.
Ag labhairt faoi ionsaí feirmeacha, is ró-mhinic ar fad a théann fórsa mór i gcoinne do chuid feirmeacha agus tugann neamh-aird iomlán ar na cathracha.
Anois, nílimid ag rá nach féidir gur beart maith é dul ag ionsaí ferimeacha, ach don chuid is mó is fearr cos ar bolg a dhéanamh ar na cathracha nuair atá deis ann.
Faraor, is cosúil nach dtuigeann an AI an coincheap áirithe seo. Cé go bhfuil sásamh éigin ag baint le bua ar bith, is lú i bhfad an sásamh nuair is leath-amadán atá cloíte agat.
I mbun TRoDAÓ thaobh an chatha de, tá tuairisc mheasartha tuillte ag Empire chomh maith.
Cinnte go bhfuil na grafaicí iontach deas, chomh fada agus go gcoimeádann do ríomhaire suas.
Cinnte go bhfuil scála mór ag baint leo, agus cinnte freisin go bhfuil fírinne stairiúil ag baint lena bhfuil os do chomhair.
Ach an maith an rud é sin ar fad?An fhírinne ná nach raibh an troid
iontach suimiúil san 18ú céad.Sheas dhá líne fear os comhair a
chéile ag scaoileadh gunnaí, maraíodh cúpla duine, agus ansin ritheadar le chéile chun an jab a chríochnú.
EMpIrE: total War 85%¤39.99 ó GAME
FOCAIL DIARMuID Ó MuIRGHEASA
www.nosmag.com 33
o
34 www.nosmag.com
Tá cúpla capall agus gunna mór chun suim éigin sa bhreis a chur leis ach, le bheith ionraic faoi, níl an draíocht chéanna ag baint leis an tréimhse seo sa stair is atá le tréimhse na Róimhe, nó am an Reifirméisin.
Sin ráite, tá sásamh le baint astu, agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar an gcéad uair a mbaineann tú úsáid cheart as “canister shot” chun marcshlua a mharú.
Tá fadhbanna leis an AI anseo chomh maith, áfach, mar ní annamh a sheasann an namhaid gan bogadh in ainneoin an ionsaí atá á dhéanamh orthu.
Tá an fhadhb seo ann go háirithe ar leibhéal deacrachta níos éasca, ach fiú agus tú ag imirt ar an gceann is deacra tá sé ann anseo is ansiúd. Ní gá cur síos mion a dhéanamh ar an tslí a mbaineann sé seo den gcluiche.
Tá na téatair troda deas a dhóthain, don chuid is mó, cé nach bhfuil mórán éagsúlachta iontu i gcónaí. Tá fadhb leo áfach, áit a dtagann fórsaí treise isteach sa troid ar an taobh mícheart den léarscáil.
Tá sé seo mar fhadhb ach go háirithe i dtrodanna ina bhfuil dhá fhórsa ar chomh-láidreacht, agus déanann an áit as a dtagann na fórsaí sa bhreis an-difríocht ar fad.
Arís, tá sásamh nó míshásamh le baint as aon bhua nó cailliúnt, ach baintear go mór uaidh seo nuair a chuireann botúin de chuid an ríomhaire isteach ar an toradh.
coIS FARRAIGE?Bhíodar ag maíomh roimh an seoladh faoin gcuid seo den chluiche, ach déarfaidh mé go cinnte go mbeinn iontach míshásta dá mbeinn i ndiaidh praghas iomlán a íoc bunaithe air seo amháin.
Ní hé go bhfuil sé go dona, go díreach. Admhaím nach bhfuil aon rud ar leith ann lena bhfuil fadhb agam, seachas fabht nó dhó a dtagróimid dóibh níos déanaí, ach... Is dócha gurb í an fhadhb anseo, díreach mar atá le troid ar talamh, ná nach bhfuil an oiread sin ar féidir a dhéanamh ó thaobh beartaíochta sna trodanna seo.
Taobh amuigh d’iarracht éigin a dhéanamh an ghaoth a thuiscint, is éard a thiteann amach go ginearálta na slogáil dian, áit a bhfuil dream mór suite isteach ar a chéile ag scaoileadh gunnaí móra, agus pé foireann ag a bhfuil an líon is mó de na gunnaí is mó a bhuann.
Fiú nuair a theipeann ar an loighic seo, agus buann an t-imreoir i gcoinne fórsa níos mó ná é, den chuid is mó is ar bhotún áiféiseach de chuid an ríomhaire a thiteann an míniú.
An léARScÁIl MHÓRTá mórán den léirmheas seo i ndiaidh díriú isteach ar laigí an chluiche, agus tá breis le teacht, ná bí buartha.
Díreoimid anois, áfach, ar an láidreacht is mó atá sa chluiche – an léarscáil Domhanda. Agus sa chluiche seo
teicocH Ó,
TÁ cAPAIll Acu!:Radharc catha
ón chluiche nua ríomhaireachta
Empire:Total War
“Cinnte go bhfuil na grafaicí iontach deas, chomh fada agus go gcoimeádann do ríomhaire suas. Cinnte go bhfuil scála mór ag baint leo, agus cinnte freisin go bhfuil fírinne stairiúil ag baint lena bhfuil os do chomhair.Ach an maith an rud é sin ar fad?”
www.nosmag.com 35
cluIcHEis léarscáil Domhanda é.
Áit ar theorannaigh Rome agus Medieval iad féin chuig Mór-roinn na hEorpa le beagán den Afraic agus píosa beag d’oirthear na hÁise, tá Meiriceá Thuaidh agus an India mar chuid den cheann seo chomh maith.
Ní sin amháin, ach is féidir longa a sheoladh chuig ionaid trádála ar fud an domhain chun ioncam sa bhreis a bhaint amach, agus longa troda leo chun an t-ioncam breise sin a bhaint ó na hiomaitheoirí eile.
Rud iomlán nua é seo, agus cuireann sé go mór leis an doimhneacht a bhaineann leis an gcluiche.
Bheadh sé deas cinnte dá bhféadfá trúpaí talún a chur i dtír sna codanna sin den Domhan, ach go stairiúil níor tharla seo, agus ní dócha go mbeadh sé practiciúil an domhan iomlán a chur isteach sa chluiche.
Luamar cheana an córas ionsaí talún atá ann anois, agus cuireann sé go mór leis an gcluiche.
Tá athruithe eile déanta ó na sean-chluichí Total War chomh maith.
Mar shampla, tá deireadh leis na saighdiúirí tuarastail anois, ach rud nua ar
féidir a dhéanamh ná trúpaí a thraenáil ó phainéal ginearál.
Chomh luath agus atá traenáilte ag an gcathair is cóngraí, déanann siad a slí chuig arm an ghinearáil. Ní rud iontach mór é, ach tá sé deas mar sin féin.
In ainneoin na laigí, ní féidir neamhaird a dhéanamh den oiread sin rudaí beaga mar sin a chuireann go mór leis an gcluiche.
D’fhéadfá iontach éasca neamhaird a thabhairt orthu, ach nuair a thugtar faoi ndeara iad is deas go mór iad a bheith ann.
nA FAbHTAnnATá mórán ráite anois, maith agus dona, ach faraor is gá críochnú ar dhrochnóta.
Is é Empire: Total War an cluiche is measa a d’imríomar le fada fada an lá, nó b’fhéidir fiú riamh, ó thaobh tuairteanna agus fabhtanna ginearálta.
I mbun troda ar uisce nó talamh, nó ar an léarscáil mhór, ní féidir éalú uaidh. Níos minice ná a mhalairt, críochnaíonn seisiún imeartha go tobann leis an trácht “This program has performed an illegal operation”, nó cosúil, agus ní féidir é sin a mhaitheamh d’aon chluiche.
Má tá cluiche ann a bhfuil muid sásta na peacaí sin a mhaitheamh dó, áfach, Empire atá ann.
In ainneoin an AI atá fuar níos minice ná te, agus in ainneoin na bhfabhtanna uilig, glacfaidh sé seilbh iomlán ar do shaol má ligeann tú dó.
Ní fada ó thosaíonn tú á imirt go gcaithfidh tú do chuid ama ar scoil nó san ionad oibre ag léamh faoi thaicticí míleata ón 18ú haois, nó faoi na pearsantachtaí stairiúla a fheicfidh tú sa chluiche, leithéidí Isaac Newton agus George Washington.
Agus b’fhéidir go bhfeabhsóidh cúrsaí de réir ama.
Tá paistí eisithe ar bhonn seachtainiúil ó foilsíodh an cluiche, agus is dócha go sroichfidh sé stad críochnaithe uair éigin. Agus muid ag dul i gcló tá caint ar phaiste mór bheith linn taobh istigh de chúpla lá, agus gach seans go mbeidh sé eisithe faoin am a léann tú seo.
Faoi láthair, má chaitheann tú do chuid airgid chrua-thuillte ar Empire, bí réidh don fhearg a rachaidh leis an deichiú uair a theipeann ar an gcluiche díreach i ndiaidh duit bua stairiúil a bhaint amach.
“Ní fada ó thosaíonn tú á imirt go gcaithfidh tú do chuid ama ar scoil nó san ionad oibre ag léamh faoi bheartaíocht mhíleata ón 18ú haois.”
*
36 www.nosmag.com
teic
7? IS cuIMHIn lIoM 3.1, AcH nAcH bHFuIl nÍoS MÓ nÁ 3 cInn IMITHE Ó SHIn?
Cinnte tá. Táimid beagnach cinnte go bhfuileadar mícheart faoi seo ach tá míniú éigin ann, cé go bhfuil sé aisteach go maith.
1.0, 2.0 agus 3.0, níl aon mhór fhadhb. Mar an gcéanna 3.1, an ceann deireanach chun uimhir a bheith aige. Ansin tá 95, 98, 98SE agus ME ar fad mar 4, ar chúis éigin. Tá 2000 agus XP mar 5.0 agus 5.1, in ainneoin na ndifríochtaí ollmhóra eadarthu, agus Vista mar uimhir 6.
In ainneoin go bhfuil 7 beagnach mar an gcéanna le Vista, tá uimhir iomlán nua tuillte aige.
oH RIGHT... Bhuel táimid uilig ar aon fhocal gurb
é an táirge féin atá tábhachtach, seachas an t-ainm.
Bunaithe ar an leagan Beta, tá an chosúlacht ann go bhfuil OS againn ar deireadh ar féidir leis XP a leanúint. Mothaíonn sé níos sciobtha, agus níl aon dabht ach go ndéanfaidh Microsoft sár-iarracht go bhfuil sé gan na fadhbanna uilig a bhí ag Vista ag an tús.
cATHAIn A FHEIcIMID é?Gach seans go mbeidh sé linn roimh
dheireadh na bliana, ach cinnte go luath in 2010 má theipeann air sin.
Aon RuD EIlE?Seachas go bhfuil an comhéadan
úsáideora níos fearr, an rud iomlán níos sciobtha, agus é gan aon cheann de na mórfhadhbanna a bhí ag Vista?
Cad faoi go bhfuil Microsoft ag éisteacht le chuile rud a deir daoine faoin leagan Beta agus é a fheabhsú?
Sea, táimid ag súil leis...
WIndoWs 7 Córas Oibriúcháin
www.nosmag.com 37
PIRATE bAYAdmhaímid go raibh iontas orainn faoin toradh i gcás PirateBay.
Dúramar sna leathnaigh seo cheana go raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh an cás ina gcoinne ag titim as a chéile, agus ansin bhuail an nuacht go raibh bliain sa phríosún agus fíneáil os cionn $1 milliún faighte acu ceathrar.
Bhuel, ná bí buartha, mar go bhfuil go leor castaí agus lúb fágtha sa scéal seo.
Díreach i ndiaidh do lucht an Pirate Bay cailleadh, tuairiscíodh go raibh an Breitheamh sa chás mar bhall d’eagraíocht a thaobhaigh le cás na gcomhlachtaí ceoil.
Ní haon ionadh go raibh fearg éigin ar na leaids bochta atá ag dul go príosún, agus tá
siad siúd ag lorg atrialach.Agus fad is a leanann sé
seo ar aghaidh tá na billiúin comhad fós á n-íoslódáil le cabhair PirateBay.
Bua don earnáil cheoil? Ní mar sin a fhéachann sé uaidh seo...
An RÁS nuABhaineamar uilig taitneamh as rás na Meigeahertz - muidne a bhí ag tabhairt aire ar aon nós.
Tá rás nua ag druidim anois, agus gach cosúlacht air go mbeidh sé chomh fíochmhar leis an gceann deireanach.
Rás na gcór (core) atá ann, agus don ghnáth-thomhaltóir tá na torthaí le feiscint cheana i bhfoirm ríomhairí 2, 3 agus 4 cór.
Go luath ar an mbliain seo chugainn, áfach, is cosúil go
n-éireoidh rudaí níos fearr fós.Tá fógraithe ag AMD go
mbeidh táirgí ní hamháin 8 ach 12 cór ar fáil sa chéad cheathrú den bhliain seo chugainn. Tá Intel ag rá gur
féidir leo dul srón le srón gan ach 6 cór in úsáid, ach ní fheicfear an fíor sin go ceann tamaill eile. Coimeád súil air seo, tá sé ag éirí suimiúil.
HAl - An ToDHcHAÍ AG DRuIDIMFaoi dheireadh na bliana beidh 400 cultacha mar seo mórthimpeall na cruinne.
Culaith an Cyberdyne Corporation atá ann, agus má thugann an t-ainm cúis bhuartha duit níl tú i d’aonar.
Deir siad gur féidir leis duine a dhéanamh deich n-uaire níos láidre, ach fiú muna bhfuil sé sin iomlán fíor, is meabhrú eile é dúinn gur sa todhchaí a mhairimid anois.
Níl an costas iontach ard ach oiread - $4,200 ar láidreacht sárlaoich.
Ní féidir argóint leis sin.
nuAcHT
“Deir siad gur féidir le culaith an Cyberdyne Corporation duine a dhéanamh 10 n-uaire níos láidre.”
cAIGHDEÁn lEIcTREAcHBuartha faoi conas a luchtóidh tú an gluaisteán leictreach nua sin?
Bhuel, más fadhbanna airgid atá ann níl mórán de chabhair ag teacht i do threo, ach ó thaobh fadhbanna teicniúla de tá na daoine deasa i dtionscal na gcarr ag obair ar réiteach.
Fógraíodh i mblog “GM fastlane” go bhfuil caighdeán le bheith réidh roimh dheireadh an tsamhraidh, agus níl le sortáil anois ach na gluaisteáin féin...
FOCAIL DIARMuID Ó MuIRGHEASA
i gcló
www.nosmag.com 39
Is é an freagra is minice a fhaighim nuair a cheistítear mé faoin gcéim Fiontraíocht le Gaeilge Fheidhmeach
atá idir lámha agam ná, “Oh right, so cad a dhéanfá leis sin?”
Is beag atá ar eolas acu is cosúil; mar is buntáiste fíorláidir í an Ghaeilge bheith agam agus mé ag tosú amach i saol na hoibre.
Mar chainteoir Gaeilge, tá níos mó deiseanna oibre ann anois ná a bhí riamh.
Tá sé seo léirithe sa treoirleabhar a seoladh ag deireadh mhí Aibreáin, a bhí curtha le chéile ag an gCoiste Gairmeacha le Gaeilge, a bhfuil an Dr. Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar DCU, agus Muireann Ní Dhuigneáin, Seirbhís Gairmeacha DCU, mar chomhchathaoirligh air.
Is togra é de chuid GCI – Graduate Careers Ireland – cumann na ngairmthreoraithe tríú leibhéal uile-Éireann.
Is éard atá i gceist leis an treoirleabhar seo ná na deiseanna sin uilig a léiriú, bídís ina ndeiseanna oideachais nó ina ndeiseanna gairme.
Agus mé ag teacht chuig deireadh mo chéime, tá neart cinntí le déanamh agam:
An bhfuil mé ag iarraidh post a thosú? Más ea, cén sort poist?
Nó an dteastaíonn uaim tuilleadh oideachais a fháil? Cá háit? Cinnte, ní chabhraíonn sé gur niúdar neádar mé!
Ach cinneadh amháin atá déanta, agus soiléir i m’aigne, ná go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach de mo shaol, agus de mo shlí bheatha, más féidir.
Dá bhrí sin agus mé beagnach i mo chéimí (le cúnamh Dé!), tá an treoirleabhar seo thar a bheith úsáideach.
Beidh sé ar nós Bíobla domsa, mar aon le haon chéimí eile a bhfuil suim sa Ghaeilge acu.
Tugtar forbhreathnú ann ar na hearnálacha éagsúla ina bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge, ar na poist ina mbeadh an Ghaeilge mar bhuntáiste láidir, mar aon le réimse leathan cúrsaí tríú leibhéal atá á n-ofráil thart timpeall na tíre.
Ní amháin go gcuireann líofacht sa Ghaeilge leis an ábaltacht atá ag céimí gairm shuimiúil a fhorbairt sna réimsí traidisiúnta ar nós múinteoireachta, aistriúcháin nó sna meáin, ach freisin san earnáil phoiblí agus sa mhargaíocht, mar aon le hearnáil na n-ealaíon agus an chultúir.
Cibé slí bheatha le Gaeilge atá á meas ag céimí, tá an t-eolas riachtanach curtha ar fáil sa treoirleabhar seo.
Chomh maith leis an eolas seo ar fad, cuirtear acmhainní, leideanna, agus comhairle os comhair an léitheora, maidir le conas post oiriúnach a aimsiú, CV trí Ghaeilge a chur le chéile agus scileanna ginearálta a fhorbairt.
Léiríonn próifílí na gcéimithe, agus iad uilig thar a bheith éagsúil óna chéile, na bealaí inar féidir an Ghaeilge a ionchorprú sa tslí bheatha.
Maidir le hoiliúint and cúrsaí iarchéime, caithfidh mé a rá gur cuireadh ionadh orm an oiread cúrsaí iarchéime atá ar fáil a fheiceáil.
Fiú agus mé sáite i saol na Gaeilge ar an ollscoil, ní dóigh liom gur thuig mé go díreach an rogha leathan atá ar fáil.
Níl seans ar bith nach n-aimseodh an léitheoir cúrsa éigin a spreagfadh suim ann.
Is uirlis riachtanach é an treoirleabhar seo d’éinne atá ag smaoineamh ar dhul i dtreo Gairm le Gaeilge.
Faigh do chóip, agus feicfidh tú na deiseanna ar fad atá ann duit!
Tá cóip leictreonach le fáil ag: www.gradireland.com/languages/
ar mhaith leat
gairm le gaeilge?POIST DO CHÉIMITHE INA N-ÚSÁIDTEAR GAEILGE
Do Ghairm le Gaeilgean earnáil phoiblí • gnó • cultúr • na meáin • aistriúchán
deiseanna in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas • teagmhálacha úsáideacha • próifílí céimithe • post a fháilArna thacú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta agus ag an Údarás um Ard-Oideachas.
gradireland – á chur i do láthair ag do Sheirbhís Gairmeacha agus á fhoilsiú agagus
FOCAIL SoRcHA de GRÁS
beatha
www.nosmag.com 41
beatha
english
The Government has announced that it is to cut back on the amount of public services and facilities currently being provided for the country’s English-speaking population.
Citing the global economic downturn as well as the state’s dire financial situation as reasons for the decision, a Government spokesperson said that English speakers would just have to do without a number of services, including doctor appointments in their own language, “just like everybody else in the country”.
“We can no longer afford to employ monoglots and are looking at bringing in a more physical system of communication until the current financial climate improves.”
When asked about what the new system would entail, the spokesperson said English-speakers would use their heads and other body parts to gesture at what they want, thus saving on language costs and resting their tongues.
The TokenTHE paGE of THE EnGlisH lanGuaGE CommuniTy in irEland
ENGLISH SERVICES HIT BYRECESSION
a laser harp is an electronic musical instrument consisting
of several laser beams to be blocked, in analogy with the plucking of the strings of a harp, in order to produce sounds.
it was popularized by a french fella called Jean michel Jarre who used to play it in his concerts.
The term “laser harp” and the first working laser harp were invented and made by Bernard szajner in 1981.
it has subsequently been used in a number of different designs, including a midi version invented by philippe Guerre, and a recent one created by yan Terrien.
They have also been used in public art installations such as those created by Jen lewin on display at lincoln Center, new york, in 2000 and Burning man, nevada, usa in 2005.
it’s not as easy to play it as you might think all the same because in order to produce laser beams visible in normal air, a relatively powerful laser is needed; at least about 20 mW of power, depending on the type of laser and the design of the instrument, is required in order to produce a visible array of beams.
However, a considerably more powerful laser is needed to yield spectacular results, generally 500 mW or
more.in any case, class iiib
or iV lasers will usually be necessary, introducing a significant risk of skin and eye damage unless precautions (gloves and protective glasses) are taken.
so you need to watch yourself if you want to take up this yoke, which is pretty expensive too in comparison to your aul tin whistle you got in primary school.
it’s unlikely then that we’re going to see any laser harps at any sessions in the near future, but keep and eye out for them just in case.
Tá leagan iomlán den alt iontach seo ar Wikipedia
Laser harping on
42 www.nosmag.com
beatha
Mo nuar, ach chuir
sé na seanlaethe i
gCorcha Dorcha i
gcuimhne dom.
Bhí mé i mo sheasamh
taobh amuigh de shiopa díolta
teilifíseán, ag ól cappuccino
frappé to go, cibé cén rud
é sin (tae a d’iarr mé ar an
fhreastalaí), nuair a tháinig
an clár fíorspéisiúil seo ar na
scáileáin.
Britain’s Got Talent an
teideal a bhí air, mar chlár,
agus ba é Susan Boyle, duine
de na hiomaitheoirí, a thug ar
ais go laethe mo sheanaoise
mé, má thuigeann sibh mé.
Murar léir daoibh an
ceangal idir an Ghaeltacht
agus sraoill mná, nead éin
mar ghruaig aici, iarracht
de chroméal faoina srón, í
beagnach chomh leathan
céanna is atá sí ar airde, mar
a bheadh dhá phéist chapaill
ag lúbarnáil ar a headán san
áit ar chóir dá malaí a bheith
agus cúpla smig sa bhreis aici,
murar léir daoibh an ceangal,
ní in aon Ghaeltacht liomsa a
tógadh sibh.
B’amhlaidh a cuireadh
leis an chosúlacht agus leis
an cheangal nuair a d’oscail
Iníon Boyle a béal (bhí doras
an tsiopa oscailte; féach ailt
roimhe seo don fháth nach
bhfuil sé d’acmhainn agam
teilifíseán de mo chuid féin a
cheannach).
Tháinig guth neamhaí,
álainn aníos óna scornach go
díreach mar a thagadh Gaeilge
bhinn (you guessed it) bhlasta
trí bheolaibh na seanbhan i
gCorcha Dorcha.
Mura bhfuil an comórtas
sin bainte ag Susan Boyle
faoin am a léifidh sibh seo,
caithigí vóta di, ar son na
Gaeilge agus ar son talamh-
mhná na Gaeltachta.
Ach tá an ré sin thart agus
feicim anois ó TG4 (an bhfuil
a fhios agaibh go dtugann
Bearlóirí aineolacha ‘TG Four’
ar an chainéal sin?) go mbíonn
ainnireacha dea-chumtha ag
labhairt as Gaeilge.
Tá dhá cheist agam faoin
fhorás nua seo: cá raibh siad
nuair a bhí mise in inmhe fir,
agus an bhfuilimid cinnte gur
ar leas na teanga atá sé?
Níl aon dabht go raibh
togha na Gaeilge ag na
seanmhná sin i mo cheantar
dúchais, ach an ndearnadh
staidéar ar bith riamh ar
chaighdeán na teanga a
thagann amach ó liopaí
inphógtha spéirmhná TG4?
Fiú mura bhfuil caill air
mar chanúint, tá an dara
dainséar ann, tá nach ar
chaoithiúlacht na comhréire
ná ar fhiúntas na foghraíochta
a bheidh aird na n-éisteoirí,
ach ar áilleacht is ar
tharraingteacht an chainteora.
Ní amhlaidh a bhíodh i
seanbhotháin Chorca Dorcha,
muid ag amharc treo ar bith
ach i dtreo lár na gránnachta
as a raibh an Ghaeilge bhinn
(agus má deirim féin é)
bhlasta ag eisiúnt, sa dóigh go
ndeachaigh togha na Gaeilge
isteach inár gcluasa gan
seachrán.
Seans nach ar chastacht
an tuisil ghinidigh a bheidh fir
óga na tíre ag smaoineamh
ar chor ar bith agus iad ag
amharc ar na cailíní seo, ach ar
rud is bunúsaí ar fad.
Ar son na Gaeilge, tá
athrú de dhíth, agus, mar a
tharlaíonn, tá an réiteach
aimsithe agamsa.
In ionad na bhfotheidil
leis an seanduine liathsean-nós*
AG cuR cHun cInn nA GAEIlGE?:Simon Cowell
www.nosmag.com 43
sin a chur ag bun an scáileáin,
ba cheart iad a shuí sa dóigh
go gclúdóidh siad aghaidh
spéirmhná TG4, agus baill eile
dá gcoirp amanna, ag brath
ar scaoilteacht an ghúna atá á
chaitheamh acu.
Mar thoradh air seo, ní
bheidh rud ar bith ag cur
isteach ar aird na bhfear óg ar
an Ghaeilge féin.
Éist, nach aisteach ar fad
an saol? Cé a shílfeadh go
mbeadh cailíní áille ag caint as
Gaeilge agus cé a shílfeadh go
mbeadh lámh ag Simon Cowell
i gcur chun cinn na teaga?
Ach tháinig mé ar rud
níos aistí ar shráideanna na
príomhchathrach le déanaí.
Thug mé faoi deara go
mbíonn fir ina seasamh taobh
amuigh de thithe tábhairne
agus an post atá acu ná cosc a
chur ar dhaoine atá ag iarraidh
dul isteach agus airgead a
chaitheamh iontu. Ag an am
céanna, bíonn tábhairneoirí ar
na cláir raidió go measartha
minic ag gearán faoi easpa
custaiméirí sna tithe céanna.
An bhfuil a fhios acu
go mbíonn na fir seo taobh
amuigh dá dteach ag cur
ábhair chustaiméara ó dhoras?
Nach mbeadh sé inmholta
na fir seo a chur taobh amuigh
de thairseacha áirithe a
mbíonn leisce ar an phobal dul
tharstu, oifig na cánach, abair,
nó teach an phobail?
Ní thuigim ach oiread
an chaint seo uile ar na
hÉireannaigh Leon.
Cár imigh an Tíogar úd,
agus cad chuige nach raibh
glacadh forleathan le mo cur
síos dúchasach nádúrtha ar
eacnamaíocht na tíre, mar atá
an Broc Ceilteach?
“Éist, nach aisteach ar fad an saol? Cé a shílfeadh go mbeadh cailíní áille ag caint as Gaeilge agus cé a shílfeadh go mbeadh lámh ag Simon Cowell i gcur chun cinn na teaga?”
*
cÁIlÍn ÁlAInn:Síle Ní Bhraonáin,
duine de spéirmhná TG4
44 www.nosmag.com
Gabh mo leithscéal, a chairde, as a bheith ró-leisciúil peann a chur le méarchlár le tamaillín
anuas.Bhí mé gafa! Agus táim fós... ag
stumpa breá d’fhear.I know! Cé a cheap riamh go
n-éireodh liom teacht ar a leithéid! Bhí mo mháthair in amhras, cinnte.
“Cár aimsigh tú é?” a deir sibh, nóta dóchais in bhur nguthanna go bhfuil pub lán d’fhir bhreátha aimsithe agam i gcúinne éigin den chathair.
Níl, nó bheinn ann go fóill.Mar a tharlaíonn, chasamar ar a
chéile ar líne.Ní ríomhsheirbhís déanta coinní
a bhí i gceist, áfach (an féidir linn téarma níos fearr ná “ríomhsheirbhís déanta coinní” a chumadh? Fuaimíonn “Ríomhsheirbhís déanta coinní” cosúil le rud éigin a dhéanfadh Microsoft Outlook duit).
Is éard a tharla ná go rabhamar ag léamh blaganna a chéile, agus gur thaitin mo phrós leis.
Meallta ag mo bhriathra Béarla!Thaitin a phrós liomsa chomh
maith, ar ndóigh, agus ní dhearna an grianghraf dó aon dochar ach oiread.
Sheolamar cúpla ríomhphost dá chéile (“tá do bhlag go hiontach!” “no, tá do bhlag go hiontach!” - is breá le bleadairí-blagadóirí an plámás) agus chuir sé caint orm agus muid ag comhrá ar líne (“tá do bhlag go hiontach!” “no, tá do bhlag go hiontach!” ... tuigeann sibh féin) agus faoi dheireadh, cheannaigh mé pionta dó.
Is cineál de dhialann ar líne a bhíonn i gceist le blag; i mo chás féin, dialann phearsanta ach poiblí.
Bímse ag déanamh cur síos ann ar imeachtaí an lae mar a bhaineann siad
liomsa (is é sin, cad a bhí agam don bhricfeasta agus cén chuma atá ar mo chuid gruaige inniu).
Níl saol thar a bheith suimiúil agam, thar shaol éinne eile.
An difríocht ná go mbím ag scríobh mar gheall air, ag coinneáil cuntas spraíúil, croíúil ar mo bheatha.
Scríobhann daoine eile mar gheall ar cúrsaí ceoil, cúrsaí reatha, cúrsaí polaitíochta, cúrsaí collaíochta.
Bíonn an chuid is fearr acu thar a bheith spéisiúil cuma cén t-ábhar atá acu, mar go mbíonn na húdair chomh hoscailte agus ionraic ina gcuid scríbhneoireachta.
Tá gréasán iontach ann i measc na mblagadóirí toisc an ionracais seo, agus ceann de na buntáistí is mó atá leis seo ná go dtugann sé deis duit aithne a chur ar dhaoine nach gcasfá leo i gcaitheamh do ghnáthshaoil.
‘Stalking’ a thugann siad air i
Gafa ag stumpa, ar líne...beatha
“Ach an fhadhb atá le ríomhsheirbhís déanta coinní ná nach mbíonn daoine leath chomh hionraic céanna. Tá sé mar sprioc agat daoine a mhealladh agus tú ag cruthú próifíl duit féin ar www.pleasewontsomeoneloveme.com agus mar sin, insíonn tú bréaga.”
mcailín sa
chathair
FAOI DHEIREADH THIAR, AGUS TAR ÉIS DI NA CÉADTA TEACHTAIREACHT A FHÁIL ÓNA LUCHT LEANúNA, TÁ AN CAILÍN GAELACH IS CLúITÍ AR DOMHAN AR AIS... AGUS TÁ FEAR AICI!
mBéarla.Tá an focal stalcaireacht ann
sa Ghaeilge, ach fuaimíonn sin cosúil le rud éigin a dhéanfadh stáitseirbhísigh i ndiaidh buiséad éigeandála.
Ar aon nós, ar ais ag mo Phrionsa Charming.
Bhí sé meallta ag an íomhá a chruthaigh mé dom féin ar mo bhlag agus, buíochas le control pants, bhí sé chomh meallta céanna liom agus mé beo beathach sa phub an oíche sin.
Bhí chur chuige Ronseal agam leis an mblag - déanaimse mar a deir sé ar mo stáin - agus sheas sé sin leis an nóisean a bhí aige dom.
Ach an fhadhb atá le ríomhsheirbhís déanta coinní ná nach mbíonn daoine leath chomh hionraic céanna.
Tá sé mar sprioc agat daoine a mhealladh agus tú ag cruthú
próifíl duit féin ar www.pleasewontsomeoneloveme.
com agus mar sin, insíonn tú bréaga.
Airde? 5’6 (bíonn fir, ar a mheán, ar chomh-airde liomsa - 5’8 - bheinn níos mealltaí dóibh mar petite).
Tomhais? Size 12! (ag aois 12, b’fhéidir, ach ní ag aois 28...)
Caitheamh aimsire? Oh, scannáin, litríocht, dul go dtí an gym (nó “teilifís, seacláid, brioscaí agus
vodka”).Ní bhíonn de thoradh ar an
mbréagadóireacht seo, deirtear liom, ach coinní lán strus agus díomá.
“Deirtear liom” mar nach raibh sé riamh de mhuinín agam bualadh le héinne de na fir bhreátha a d’aimsigh mé ar www.imnotlonelyjustreallybusy.ie
Tá aistriúchán deas ag muintir na Fraince ar siopadóireacht fuinneoige - faire du lèche-vitrine. B’shin a bhí ar bun agam, dáiríre, ag lí na fuinneoige.
Dúirt mé liom féin nach raibh ann ach fiosracht ach níl rud ar bith níos dáinséirí ná fiosracht ar líne. Fiosracht mar gheall ar chúrsaí collaíochta ar aon nós - ní dóigh liom go ndéanfadh roinnt fiosrachta maidir le cúrsaí gramadaí mórán dochar dom.
Ach bhí baol ann go gcaillfinn mo shoineantacht ar na suíomhanna úd, nó níos measa fós, go gcaillfinn pé dóchas a bhí agam sna fir.
Mar sin, d’éirigh mé as agus d’iompaigh mé ar impí ar mo chairde fear a aimsiú dom.
Chaith mé roinnt ama liom féin ag machnamh ar an saol agus ag plobaireacht liom ar mo bhlag, go dtí go bhfuair mé ríomhphost greannmhar ó dhialainní eile le poncaíocht phointeáilte agus dearcadh breá dearfach.
Cheannaigh mé pionta dó.
Gafa ag stumpa, ar líne...
faiseanagus scéimh
www.nosmag.com 47
Le teacht an tsamhraidh tá oiriúintí úra deasa le feiceáil sna siopaí agus ar chuid de na celebs chomh maith. Bí ag faire amach le haghaidh neart bráisléidí agus fáinní bláthúla, mar a bhí á thaispeáint ag an aisteoir Demi Moore ag comóradh 100 bliain an bhranda Cartier in Nua-Eabhrac ag deireadh mhí Aibreáin.
oiriúintí
48 www.nosmag.com
faisean
Puerta de Europa 2009Bhí seó mór faisin ar siúl i Madrid na Spáinne ar na mallaibh agus bhí an t-ádh ar nós* amharc ar chuid den dearadh is úire ar na hardáin taispeána.Ina measc sin a bhí le feiceáil ag an Puerta de Europa bhí an bailiúchán is nua ó Matilde Cano (thuas) agus na gúnaí is déanaí ó Rafael Urquizar (thuas ar dheis).Ar dheis tá cúpla mainicín ag ullmhú ar chúl an ardáin.
www.nosmag.com 49
taisteal
Cé nach bhfuil sé ar an duine is cráifí ar domhan, chuaigh Seoirse Mac Giolla an Chloig agus cúpla cara dá chuid ar an bhealach clúiteach oilithreachta, El Camino De Santiago, le déanaí. Bealach stairiúil é El Camino a shíneann amach thar an Fhrainc, Tír na mBascach agus an Spáinn, go dtí go scroicheann sé cathair Naomh Seán, Santiago de Compostela, sa Ghailís. Ar éirigh an bóthar leo? Faigh amach sa chéad chuid dá thuairisc...
52 www.nosmag.com
taisteal
Anuraidh, chuaigh mé féin, Eochaidh Binneach agus an seanduine amach go tuaisceart
na Spáinne leis an tsiúlóid oilithreachta chailiúil, Bealach Naomh Seán a shiúl.
Roimhe seo, bhí measarthacht siúil déanta againn, idir chnocadóireacht sna Beanna Boirfe agus eile, ach ní raibh siúlóid chomh mór seo déanta ag duine ar bith againn aroimhe.
Go teoiriciúil, is féidir tús a chur leis an turas áit ar bith – ar leac do dhorais féin, is cuma cár bith áit a bhfuil sin.
Mar sin féin, tosaíonn an mhórchuid de na hoilithrigh ag Orreaga/Roncevalles nó ag Donibane Garazi/St. Jean Pied de Port i dTír na mBascach.
Is turas thart faoi 780 ciliméadar é ó seo go Santiago de Compostela.
Ó tharla nach raibh ach coicís againn, d’aithin muid nach mbeadh muid ábalta an tsiúlóid iomlán a dhéanamh.
Mar sin, shocraigh muid tús a chur leis i León agus an bealach a shiúl isteach go Santiago de Compostela ón
áit sin.Turas thart faoi 300 ciliméadar a
bhí ann, agus ó tharla nach raibh ach 13 lá againn le bheith ag siúil, bhí a fhios againn go raibh againn thart ar 23 ciliméadar a shiúl in aghaidh an lae.
Dar linn go raibh muid inchurtha leis an dúshlán.
TúS MAITH...?Thosaigh muid maidin bhréa ghréine in León, agus bhí sé beartaithe againn sráidbhaile darbh ainm Hospital de Orbigo a bhaint amach an lá sin. Turas 31 ciliméadar a bhí ann.
D’éirigh linn an áit seo a bhaint amach ar thart faoin a seacht a chlog san oíche, i ndiaidh naoi n-uaire de shiúl.
Chuaigh muid go dtí Albergue (cineál brú na n-oilthreach) le lóistín na hoíche a fháil, rud a fuair gan stró.
Agus muid ann, bhí comhrá againn le scaifte Francach a bhí ag stopadh ann fosta.
Dúirt muid leo go raibh muid i
“Leapacha buinc uilig a bhí sa tseomra a raibh muid le codladh ann. Bhí breis agus tríocha oilithreach bailithe isteach ann. An únfairt a bhí ar siúl ag an chuid eile, an boladh bréan a bhí orthu, agus an tsrannfach a bhí siad a tharraingt, ba leor sin le codladh a chur uainn.”
SIúlÓID FHADA:Tírdhreach El Camino i gceantar León
www.nosmag.com 53
ndiaidh an chéad lá a chaitheamh ar an tsiúlóid agus gur chuir muid 31 ciliméadar dínn an lá sin.
D’amharc siad orainn go hamhrasach.Bhí na fir seo i ndiaidh an Camino a
shiúl trí hiarraidh le deich mbliana anuas, agus bhí siad fial lena gcuid comhairle.
Dar leo go raibh sé céillí tús a chur leis an Camino go mall, é a ghlacadh go réidh don chéad seachtain nó mar sin go dtí go mbíonn na cosa crua agus briste isteach agus go n-éiríonn an cholainn cleachtaithe leis an teas.
Bhí na fir seo ag maíomh nárbh ionann 31 ciliméadar sa lá agus é a ghlacadh go réidh.
Mura ndéanfadh oilithreach amhlaidh, dar leo, bheadh sé scriosta roimh i bhfad.
Lagracháin Fhracacha, dar linn! Cad é a bheadh ar eolas ag na Francaigh faoi dhua fhisiciúil?
Cad é a thug siadsan don tsaol mór seachas an t-eiseachas agus an phancóg
suzette?Thóg na hÉireannaigh cathracha móra
Mheiriceá, agus nárbh é Naomh Breandán s’againne féin an taiscéalaí ba chumasaí dá raibh ann ariamh in iarthar na hEorpa. Ba é an chéad Eorpach le triall ar Mhór Roinn Mheiriceá.
Bhí spiorad na taiscéalaíochta agus neart coirp ag an Éireannach nach raibh ag an dara dream.
Shíl muid gur chaint bhaoth gan chéill a bhí ag na Francaigh. D’fhág muid iad lena gcuid ológ agus chuaigh muid a luí.
oÍcHE GAn SuAnIs cianach corrach a chaith muid an oíche sin.
Leapacha buinc uilig a bhí sa tseomra a raibh muid le codladh ann. Bhí breis agus tríocha oilithreach bailithe isteach ann.
An únfairt a bhí ar siúl ag an chuid eile, an boladh bréan a bhí orthu, agus an
tsrannfach a bhí siad a tharraingt, ba leor sin le codladh a chur uainn.
Chuaigh mé féin agus Eochaidh síos an staighre la cúpla canna a ól, i ndúil is go gcuirfeadh sin a chodladh muid.
Agus muid thíos, bhuail muid le lanúin óg Spáinneach a bhí ag ól buidéal fíona ag ceiliúradh breithlá duine acu.
Thosaigh muid a dhéanamh comhrá, agus bhí craic mhaith againn, ach níorbh amhlaidh a bhí do mhaor an bhrú, agus tháinig sé anuas chugainn le gearán a dhéanamh linn faoin trup a bhí muid a thógáil.
Ba bheag leis an Spáinneach óg an gearán, áfach, agus thosaigh sé a thógáil trup níos mó mar gheall air, agus ag cur mallachtaí ar an mhaor ó ard a chinn.
Ní raibh muidne ach ar bogmheisce, agus ní raibh fonn spóirt mar seo orainn.
Chuaigh muid ar ais a luí, ach is beag codladh a fuair muid idir sin agus an mhaidin dár gcionn. *
AR An bHEAlAcH:Comhartha coitianta ar Bhealach Naomh Seán
ar taispeáint
www.nosmag.com 55
Hoddie Árann, hijab CLG agus súgán cláirsigh.
Bhíodar seo ar na seoda sóite a d’aimsíos nuair a bhualas isteach ar ‘State of Grace’, an seó ealaíon is déanaí le hUrsula Burke a bhí ar siúl i Catalyst Arts Bhéal Feirste le dhá mhí anuas.
Ach do thóg sé tamall orm na coimhthígh sin a aithint, mar ba thaispeántas cliste caolchúiseach é seo.
Trí mheán na grianghrafadóireachta, na dealbhóireachta, agus na bróidnéireachta, cuirtear cruthúcháin faoinár mbráid agus cuma rí-choitianta chomónta orthu. Mar bháisteach i gCorca Dhorcha.
AR IMEAll AIREAcHTÁlAAch ní mar a shíltear. Táimid ar imeall aireachtála anseo.
Óir is ag dul i ngleic le hÉireannachas na 21ú aois atá Burke san obair seo: lena hionannas féin mar bhean Éireannach, agus mar dheisceartach ina cónaí ó thuaidh; le tionchair na dtreochtaí
domhandaithe ar an Éireannachas féin agus le tráchtálú an chultúir Éireannaigh.
Trína bog-chlaochú coitiantachta, dúiseacht cumha agus neas-suí réaltachta agus seifte, is ag súgradh lenár gcinnteachtaí atá Burke.
Ar an gcéad bhalla nuair a shiúlas isteach sa spás, bhí canbhásanna ollmhóra de ghrianghrafanna ón gcnuasach eapainmneach, ‘State of Grace.’
Os comhair fhíor-chúlra Halla na Cathrach i mBéal Feirste (thuas), mar shampla, nó an Cheathrú Titanic – bhí bréag-chúlra stiúideó grianghrafadóireachta ar crochadh, soilse stiúideó agus uile; agus lonnaithe sa seit sin, pórtráid fhíor-staidiúraithe, corr-fhearas leagtha anseo agus ansiúd mar scáil-leid leath-inste.
Comhléiriú de dhá ré, de dhá shaol – limistéir comhéadain idir Éire a bhí, agus Éire atá.
HIbRIDÍThángas ansin ar bhaill éadaí i bhfrámaí
pictiúir, iad fillte go néata sa stíl chaighdeánach sin ina dtaispeántar geansaí urraithe spóirt, geansaí sínithe, b’fhéidir.
Ach táid athraithe. Éabhlódaithe. Hibridithe.
Ar gheansaí Árann tá cochall anois, agus sip. Agus tá bróidnéireacht nach mór dofheicthe – snáth bándearg ar olann bhán – ach casta, cúramach, mionsonraithe. Tá na maoine seo sínithe, fosta.
Tá bróidnéireacht freisin ar ghúna Comaoineach, lúbanna donn-dearga, bándearga, duaithnithe. Tá ‘thong’ déanta as tuáille tábhairne agus crosanna Naomh Bríd air. Tá ‘teddy’ (sin fo-éadach, seachas béar) - a ndearnadh as tae-thuáillí do thursasóirí – Éire an Mháthair le sonrú go trom anseo.
Agus, ar deireadh, seo againn an geansaí urraithe úd: geansaí CLG Thiobraid Árann (is as Tiobraid Árann do Burke), ach é atógtha ina hijab. Burka Burke.
statE of GracEUrsula Burke Catalyst Arts, Béal Feirste
o
56 www.nosmag.com
taispeáint
cAolcHúISEAcHAr urlár an tseomra bhí dhá phíosa dealbhóireachta: camáin lámhshnoite ina dtótaim Cheilteacha, agus cathaoir ghlas – rattan, shíleas.
Ach ba é seo an píosa ‘Súgán, Pictiúrlann, Cláirseach, Cathaoir Pharlúis.’
Bhí Burke tar éis seanchathaoir pharlúis a chlúdach le féar, mar a bheadh súgán ann – feathal de throscán traidisúinta lámhdhéanta na hÉireann, dár léi. Bhí cosa tíogair práis faoi bhun na cathaoireach, gabhdáin deochanna
uirthi fresin, agus dhá chláirseach in áit a droma. “Tá cluasa asail ar an rí.”
Crochta i líne fhada ar bhalla eile bhí sraith de bhróidnéirí mínínteacha, 6” ar 6”, ar a raibh feathail, deilbhíní, lógónna, agus tairgí na hÉireann.
Ach tá cluiche caolchúiseach thuaidh/theas ar siúl.
Féach na málaí Tayto ar dhá thaobh na sraithe (ceann ón tuaisceart agus ceann ón deisceart). Féach na málaí siopadóireachta (tá Penney’s agus Primark ann). Féach na seic-leabhair (AIB/
First Trust).Deis a bhí sa taispeántas seo le
hathmhachnamh as an úr a dhéanamh ar an gceist shíor-thábhachtach sin: cé muid féin?
Agus tá moladh agus buíochas ag dul do Burke dá bharr.
ar dheis tá camán lámhshnoite agus thíos tá éadaí ‘éabhlódaithe’ i bhfrámaí
agus cuid den bhróidnéireachtthuaidh/theas.
FOCAIL cIARÁn Ó MEAcHAIR
www.nosmag.com 57
58 www.nosmag.com
taispeáint
Is ealaíontóir agus grianghrafadóir óg í Linda White as an Mhaigh i gcontae Ard Mhacha.úsáideann sí réimse modhanna ealaíne agus anseo tá dhá shampla dá saothar daite comhaimseartha, Fashion Victim ar clé agus Angel.
lInDA WHITEEALAíoNTÓIR
léargas
www.nosmag.com 61
lá anzacTugann colin Ryan léargas ar lá mórcuimhneacháin na hAstráile agusna Nua-Shéalainne.
62 www.nosmag.com
léargas
Nugget ba leasainm dó:
seansaighdiúir de chuid an Chéad
Chogadh Domhanda. É ag obair
dúinn fadó ar ár bhfeirm i Victoria na
hAstráile. Dornán bonn aige.
Nuair a thagadh fonn air dul ar na
cannaí thugadh sé na boinn úd do mo
mháthair lena gcoinneáil i dtaisce.
ATHRúBa lá mór óil ag a leithéidí riamh Lá
ANZAC (Australian and New Zealand
Army Corps) ar 25 Mí Aibreáin.
Iad ag cruinniú le chéile sna
tithe tábhairne, ag insint scéalta, ag
cuimhneamh ar na cogaí agus ar na
mairbh.
Iadsan a tháinig slán: ba é ba lú ba
ghann dóibh an ócáid a cheiliúradh.
Tá deireadh le ragairne na
seanfhondúirí, mórán.
Ócáid mheasúil anois í.
Le blianta beaga anuas tá suim mhór
ag teacht ag an aos óg inti, agus slua
cruinnithe sna cathracha agus sna bailte
beaga le héirí na gréine, iad ag éisteacht
le ceol uaigneach an Last Post agus le
focail an mharbhna: ‘Le luí na gréine agus
ar maidin beidh cuimhne againn orthu…’.
Agus tú ag gabháil tri na bailte beaga
tuaithe feicfidh na cuimhneacháin.
Leacht, liosta ainmneacha.
Minic go leor is é Cogadh na mBórach
an comhrac is luaithe a luaitear; ansin
an Chéad Chogadh Domhanda, an Dara
Cogadh Domhanda.
Agus bhí comhraic eile ann - Cogadh
na Cóiré, Vítneam.
Chuaigh ár saighdiúirí chun na
hIaráice, agus san Afganastáin atá siad
anois.
lÁ nÁISIúnTAIs é Lá Anzac an fíorlá náisiúnta (cé go
bhfuil an Melbourne Cup ag coimhlint
leis).
Tá ‘Lá na hAstráile’ ann, ach tá smúit
an oifigiúlachais air.
Ní fada an stair atá againn mar
náisiún, agus níor thángamar ar an saol
le réabhlóid; sin é an fáth, b’fhéidir, gur
tharraingíomar cuimhní cogaíochta
chugainn mar chomhartha ar an
bhféiniúlacht.
“In am an ghatair sheas muintir na hÉireann leis na Palaistínigh agus is mór an moladh dóibh é.”
“Nugget ba leasainm dó: seansaighdiúir de chuid an Chéad Chogadh Domhanda. É ag obair dúinn fadó ar ár bhfeirm i Victoria. Dornán bonn aige. Nuair a thagadh fonn air dul ar na cannaí thugadh sé na boinn úd do mo mháthair lena gcoinneáil i dtaisce.”
www.nosmag.com 63
AnAIM cHAIllTE: Gallipoli na Tuirce
Admhaítear anois gur cóir
cuimhneamh freisin ar obair na mban - na
banaltraí ar mhinic i gcontúirt iad.
Tá maoithneachas éigin ag baint leis
an ngnó, gan amhras, ach tá dáiríreacht
ann freisin.
Deir an lá seo linn go bhfuil rud againn
is fiú a chosaint, cé nach bhfuilimid ar aon
aigne i gcónaí faoin rud atá i gceist.
GAllIPolI
Bhí a lán seansaighdiúirí fós ann agus mé
óg - fir a bhfaca cuid acu Gallipoli agus
Flóndras.
Chuaigh uncail liom ag troid i bpluda
agus i ndufair na Nua-Ghuine, cé nach
ndúirt sé faic faoi ina dhiaidh sin.
Bhí mo mháthair i Melbourne nuair a
fógraíodh deireadh an chogaidh sa bhliain
1945; bhí sciatháin faoi chroí an tslua ach
bhí sí féin agus scata eile ina dtost, iad ar
meabhrú ar ar cailleadh.
Dúirt sí riamh gur mhaith sí a gcuid
ólacháin do na fir úd, mar nach raibh
a fhios ag an gcuid eile dínn cad a
d’fhulaing siad.
Ar 25 Aibreán 1915 bhí saighdiúirí ón
Astráil agus ón Nua-Shéalainn ar na fórsaí
a tháinig i dtír ag Gallipoli.
Ba ghearr gur maraíodh na mílte agus
tá finnscéal déanta againn de, cé gurb
annamh a chuimhnímid ar a raibh de
Bhriotanaigh agus d’Indiaigh ann. Is é ár lá
féin anois é.
Déanaimid dearmad dá bhfuil de
mheisce, de ráscántacht, de bhrúidiúlacht
agus de mheatacht ag baint le scéal fada
na saighdiúireachta.
Ní raibh saighdiúirí na hAstráile gan
smál riamh, ach tugtar onóir dóibh, nó
don chuid is fearr dá ngaisce.
Is eagarthóir é Colin Ryan ar an
nuachtlitir choicísiúil, An Lúibín
“Chuaigh uncail liom ag troid i bpluda agus i ndufair na Nua-Ghuine, cé
nach ndúirt sé faic faoi ina dhiaidh sin.
Bhí mo mháthair i Melbourne nuair a
fógraíodh deireadh an chogaidh; bhí
sciatháin faoi chroí an tslua ach bhí sí féin
agus scata eile ina dtost, iad ar meabhrú
ar ar cailleadh.”
liostaimeachtaí
Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear.
Cuir d’imeacht féin sa liosta!Seol rphost chuig [email protected]
CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR
www.nosmag.com 65
CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR
STUIFF TRAD Club ChronáinRanganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10inCeol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in, €[email protected]
Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceistCumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí
Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha TheasAoine dheireannach den mhí
BlastaCeol beo agus craic den scoth, Tigh Madden, Béal Feirste, le Casadh agus eile. Féach nosmag.com le haghaidh tuilleadh eolais.
CEOL NUARasta RuaidhCóras Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Teach Uí Cheallaigh, Béal Feirste
Club DhaonphoblachtFéach www.peoplesrepublicofcork.com le haghaidh an eolais is déanaí ó Chontae na gCeannairceach. Eagraítear an club go rialta i lár na cathrach.
Sonas10 Meitheamh, Button Factory, Baile Átha Cliath. Daithí Ó Drónaí agus go leor eile le haghaidh Sonas an tsamhraidh. www.clubsonas.com
EILE Club Chonradh na GaeilgeSpraoi Gaelach ag Oíche na Mac Léinn, gach oíche Mháirt
ag Club an Chonartha, Sráid Fhearchair, BÁC.
Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaíwww.cnocadoiri.com
Céilí Mór31 Bealtaine, Gaillimh, féach fógra thíos.
Iarracht ar Churiarracht Dhomhandadon ‘Rince Gaelach is mó’
Le ceiliúradh a dhéanamh ar chuairt Rás Aigéin Volvo chun na Gaillimhe, tá Aer Árann, an InstitiúidNáisiúnta um Thaighde ar Ailse Cíche (NBCRI), agus Cancer Care West i gcomhar le Let’s Do It
Galway, ag iarraidh Curiarracht Dhomhanda Guinness® a shárú leis an “Rince Gaelach is mó”.
Tabharfar faoin gcuriarracht a shárú ar phromanád Bhóthar na Trá, Dé Domhnaigh an 31 Bealtaine 2009, idir 4pm agus 6pm.
Beidh Gráinne Seoige agus Hector Ó hEochagáin i láthair agus cuirfidh Muintir Fahy ó Bhaile na Cillean ceol ar fáil. Beidh ardlá siamsaíochta ann cinnte agus Gaillimh ag iarraidh breis is 10,036 duine a
bhfuil spéis acu sa rince a thabhairt le chéile chun jig cúig nóiméad a dhéanamh!
Iarrtar ar dhaoine ar mian leo páirt a ghlacadh san iarracht seo ar Churiarracht DhomhandaGuinness® a shárú bheith ann luath. Fáiltítear roimh oibrithe deonacha agus fiosruithe.
Déan teagmháil le Helen Boles ar 0876492159 nó le Conor O’ Kane ar 0863688047 chun tuilleadh sonraí a fháil.
66 www.nosmag.com
lE SÍnTIúS blIAnA:• Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí• Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise• Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*
Íoc:• Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com• Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bocsa) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go:
nós*Po boX 188An tIúr/newrybT35 5bA
AInM / NAME: ........................................................................
SEolADH / ADDRESS: ...................................................................................................................
.............................................................................................................................................................
.............................................................................................................................................................
RPHoST / EMAIL: ..................................................................
glac síntiús linn
éire ¤40 / £36Sasana, Alba, cymru £40An Eoraip ¤70cuid eile den Domhan ¤80
subscribe nowand put nós*in your hands!
Ceol ComhaimsearthaCaint ChomhaimsearthaCuisle na Cathrach
Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag
www.raidionalife.com
Siopa idirlín le haghaidh t-léinte & éadaí GhaeilgeRéimse leathan d’earraí tarraingteacha ar fáil
www.gaelshirt.com
*