Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta,...

62

Transcript of Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta,...

Page 1: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf
Page 2: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf
Page 3: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf
Page 4: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

MACHNAMH 1991

EAGARTHÓIRÍ ÉILÍS NÍ THIARNAIGH

agus DIARMUID Ó LAOGHAIRE S.J .

. FOn..SEACHÁIN ÁBHAIR SPIORADÁLTA . (FÁS)

Baile Átha· Cliath 1991

Page 5: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

An Chéad ChIá 199 1

Rinneadh fásach den dúiche ar fad, "-'

agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí

(Irimia 12: 11)

CLÓDÓIRÍ MARTONE : LEAMHCAN

Page 6: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

AN CLÁR

Réamhrá o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o • 07

An Scnbhneoir agus an Bheatha Spioradálta Críostóir 6 Ploinn o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o 8

Cumarsáid agus Cinsireacht SeánMaé Réamoinn o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o 014

Máirtín Ó Direáin agus an Fhírinne Liam Prút o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o • o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o 21

Gairm Spioradálta an Iriseora Risteárd 6 Glaisne o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o 35

An tlriseoir i gCóras na Mórmheán in Éirinn lnniu Nollaig 6 Gadhra o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o • o o 41

lrimia, Fáidh na Tubaiste . Mícheá16 Meachair o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o 48

An Bíobla agus Aontacht na hEaglaise ÉilísNíThiarnaigh o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o o 057

(� )

Page 7: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

RÉAMHRÁ

Aistí atá sa leabhar seo a tugadh mar léaehtaí in Institiúid Diagaehta agus

Fealsúnaehta Bhaíle an Mhuilínn i mBaíle Átha Clíath (dála Machnamh - 1988). Mar sin, ní leabhar éadrom é, aeh ní tbágann sin (tá súil agam!) gur leabhar tur é. Is

dóigh liom go bhfuil sásamh le baint astu agus má spreagann siad ehun maehnaimh

(nó fiú amháin in aon tslí ehun feirge) is maith ann iad. Tréith amháín a bhaineann

leo uile, dar liom, an dáiríreaeht, an mhaeántacht agus an fhírinneacht nó in aon fhoea! amháin mar thréithe, an t-ionraeas.

Tráehtann Críostóir Ó Floinn ar bheatha spioradálta an senbhneora agus ar a

heasnamh, agus pléann tuiseint agus míthuisint don scríbhneoir. Tugann Seán Mae

Réamoinn aghaídh go misniúil ar eheist bhriogadánaeh na einsireaehta (mar a

dhéanann Críostóir, leis, go deimhín), agus noehtann a thuaírimí féin gan ehlaon.

Ní furasta an bhreith dheiridh a thabhaírt ar rud nuaír a bhíonn ina stoirm thart ort,

aeh nímór a bheith ionraic foighneaeh ar lorg ead is toil le Dia féin. Déanann Liam

Prút dianscrúdú ar fhilíoeht Mhairtín Uí Dhireáín, file na fírinne, agus seaípeann a

líon go faírsing ag iarraídh Máirtín a shocrú ína ionad eeart féin mar fhile. Uasal

eeird agus gaírm an iriseora, deir Risteárd Ó Glaísne. Ní eheileann sé aeh an oiread

leis na húdaír eile, an laige dhaonna sna eÚfsaí seo, aeh taispeánann sé mar ba ehóir,

dar leis, an fhírinne·a bheith ag sileadh ó pheann an iriseora nó ag siúl a ríomhaíre.

Tá ard-taithí ag Nollaig Ó Gadhra ar an iriseoireaeht, agus go háirithe sa

Ghaeltacht, rud atá ceilte ar fhormhór iriseoirí na tire, agus mar sin, dá ndéarfaínn

é, tá doimhneas breise lena shaothar mar Ghael (nó Éireannaeh) ag tráeht ar ehúrsaí

na hÉireann agus na hiasaehta.

Tá dhá aiste anseo a bhaíneann linn go léir faoi mar a bhaineann briathar Dé. Is

breá mar a ríomhann Micheál ó Meaehair dúinn an fáidh fíordhaonna, Irimia, fáídh

ní hãmháín an éadóehaís, aeh an dóehais, leis, a n-ardaíonn a theaehtaíreaeht ár geroí

fós. Ar deireadh, taíspeánann Éilís Ní Thiamaigh go bhfuil an tnúth le haontaeht

agus síocháín á ehur in iúl ó thosaeh deireadh an tSoiseéil agus an Tiomna Nua. Ní

fhéadfadh an Dara Pearsa den Tríonóid sháraontaithe a tháínig inár mease, ní

fhéadfadh sé a mhalairt a mholadh.

Page 8: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

AN SCRÍBHNEOIR AGUS AN BHEATHA SPIORADÁLTA

Críostóir Ó Floinn

Is léir Ó shaol ár dTiama Íosa Críost féin, moladh go deo leis, nach ionano an dá ní sin, an bheatha spioradálta agus an reiligiún, cé go bhfuil an gaol eatarthu is gur chóir go mbeidís ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Cuid de na daoine a bhí ina bhfeidhmeannaigh ag an reiligiún oifigiúil lena linn, ba iad a chuir déistin ar Íosa de bharr a Iaghad den bheatha spioradálta a bhí á c1eachtadh acu, agus ba iadsan freisin a chuir an diamhasla ina leith agus a chuir chun báis é go fíor. Sampla is ea an file Sasanach, John Milton, de scríbhneoir a bhfuil tionchar an reiligiúin seachas tionchar na beatha spioradálta le sonrú ar a shaothar, agus ní féidir a shéanadh ná go ndeama lucht tacaíochta an reiligiúin sa tír seo lenár linn féin dochar do chleachtadh na litríochta, agus éagóir ar na daoine ar chuir an Cruthaitheoir an tallann sin de chúram orthu, leis an gcinsireacht thar fóir a d'imir siad ar gach ní a bhain leis an ngné bhunúsach sin den bheatha dhaonna, an gnéas.

Bhí sé ina mhiotas ag na Gréagaigh gurbh iad na déithe a chuir anáil na healaíne ina hinspioráid in anam an duine. Ach mar ba nós leo, ní raibh siad sásta gan dó daonna a chur ar an smaoineamh diaga sin, gur shocraigh siad suíomh na mBéithe ealaíne ar shliabh Pharnassus. D' fhan iarsma den mhothú is den mhiotas ón seansaol sa bhéaloideas i ngach teanga, "déad feasa Fhinn" agus "féith na filíochta" inár gcás féin, agus níor leasc le filí móra ar nós Dante agus Milton aithris a dhéanamh ar fhilí na Róimhe is na Gréige, ag iarraidh inspioráide is grásta agus iad ag duI i mbun na cumadóireachta.

Tá beatha an duine ag feidhmiú ar leibhéil éagsúla, ar scála feabhais iad ón ábhar go dtí an spiorid. Is léir gur ábhar atá sa cholainn daonna, agus ansin go bhfuil céim bheatha thairis sin ann, mar atá sa phlanda nó sa chrann - "fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, srl." - agus ní ag fanacht le Darwin a bhíomar lena thuiscint gur ainmhithe sinn, ach go bhfuil sé de chumas ionainn a bheith níos contúirtí agus níos brúidiúla go mór ná aon chréatúr eile dá bhfuil ag bogadh thart ar chlár na cruinne; is í beatha an réasúin agus na hintleachta a thugann an cumas sin dúinn, agus a fhágann ar chéim níos airde sinn ná na hainmhithe eile sin a chuirimid ar taispeáint sa sú. Ach ó tharla gur ina íomhá dhiaga féin a chruthaigh Dia anam an duine, is é an spiorad atá mar bhuaiç agus ardchéim na beatha ionainn. Agus is í an bheatha spioradálta atá ina tobar Helicon go fíor, ina foinse don mhothú cruthaitheach is don inspioráid as a ngintear an litríocht agus gach ealaín eile.

Agus an saol mar atá lenár linn féin, nuair atá an phágántacht nua ag creimirt ar spiorad an duine agus á scaipeadh ina tuile thréan trí na meáin chumarsáide, tá go leor scnôhneoirí a shéanann idir Dhia agus anam; is feiniméan dothuigthe liomsa a éasca a chaitheann go leor de scríbhneoirí na tíre seo díobh an creideamh inar tógadh iad féin agus a sinsir leis na danta, amhail is dá mba sheanchóta caite é. An smacht ródhian a bhí ag an reiligiún ar shaol an chomhluadair (sa tír seo) is cúis leis an tréig�an seo, b'fhéidir, smacht a neartódh thar fóir ar an miat.l chun leithleachais atá

8

Page 9: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

ina chuid de ghríosadh anama an ealaíontóra. Agus tharlódh frei sin gur le ró-ómós do James J oyce a leanann scríbhneoirí óga a dhrochshampla, de bhrí gur mó a gc1eachtadh ar a shaothar siúd ná ar na Soiscéil.

An scnôhneoir cruthaitheach a bhfuil saol agus nádúr an duine mar ábhar aige agus é ag iarraidh litríocht a chumadh, ba dhóigh leat gur tionchar dearfa bláfar a bheadh ar a dhíograis ach glacadh go fáilteach is go buíoch lena bheatha spioradálta féin; foinse eile ábhair dó é, abhras eile ar a choigeal mar a deirtí fadó; an scnôhneoir a shéanann an bheatha sin, feictear dom go bhfuil sé ag diúltú don ghné is tábhachtaí de bheatha an duine. Ba dheacair a thuiscint don phéintéir ar mhian leis cúngú seachas fairsingiú ar arogha dathanna. Ina dhiaidh sin is uile, ní ionann fairsingeacht agus doimhneas ábhair agus cumas cruthaitheachta nó feabhas ealaíne; gan amhras, thiocfadh le Picasso pictiúr níos fiúntaí a dhéanamh le eipín agus dath nó dhó ná mar a dhéanfadh útamálaí le dhá scór de scuaibíní daora agus a bhfuil de dhathanna faoi thaitneamh na gréine. Ach don scnôhneoir a bhfuil an cumas aige, is saibhriú thar cuimse ar idir fhoinse agus ábhar na litríochta an bheatha spioradálta, díreach mar atá grásta diaga na sacraiminte ar fáil don lánúin phósta a thuigeann go bhfuil an fairsingiú sin ar a bpósadh nádúrtha ceaptha ina bhronntanas dóibh ag Críost ár Slánaitheoir.

An té a dhéanfadh staidéar ar shaothar Samuel Beckett, ós é atá i mbéal an léirmheasa ar na saolta seo, thuigfeadh sé an folús agus an t-easnamh a fhágtar in anam an duine nuair a thugann sé a dhroim le Dia agus leis an mbeatha spioradálta; ní ceacht nua é, gan amhras, óir tá sé le foghlaim i ngach leabhar den Bhíobla, le c10isiilt go dubhach i ngach salm dar chan Dáibhí Rí agus a chomhchantairí aithríocha. Go leor de intleachtóirí ár linne, nílid sásta glacadh le Dia ach tá siad thar a bheith sásta fanacht le GOOot nach dtagann; séanann siad Críost agus glacann siad le Freud (dóbair dom Barabbas a rá!) . Ach tá Freud bocht féin faoi scamall anois agus slánaitheoir eile de dhíth, eolaí solabhartha éigin nach dtiocfaidh anuas ó bharr sléibhe agus rialacha na beatha greanta ar chloch aige ó Dhia chugainn. Is é toradh atá ar an gcóras aindiach seo againn ná go bhfuil na leabhair, na scannáin, na drámaí, na dánta, a chumtar sa lá atá inniu ann díreach cosúil leis na nithe a chumfadh na hainmhithe úd sa sú ach go dtabharfaí go dtí an chéad chéim eile den bheatha iad, céim an réasúin is na hintleachta.

Seachrán tuisceana idir an reiligiún agus an bheatha spioradálta a thug ar George Orwell a rá in aiste dá chuid nach bhféadfadh Caitliceach bheith ina úrscéalaí maith / toisc go bhfuil laincis an chreidimh ar a intleacht. B 'fhacthas don fhear bocht, ní foláir, go mbíonn an Pápa ag faire ar na Caitlieigh faoi mar a bhí "Big Brother" ar an gcoitiantacht ina úrscéal féin, 1984. Agus ghlac sé féin is go leor dá chomhintleachtóirí i Sasana leis an gcumannachas mar reiligiún, agus Stalin ina phápa acu, go dtí go bhfaca sé sa Rúis toradh an chórais sin a mhaíonn nach bhfuil anam ná beatha spioradálta ag an duine; dá maireadh sé bea leis an gc1aochló polaitiúil seo in oirthear na hEorpa a fheiceáil, agus Taoiseach na Rúise ag dul ar cuairt chuig Pápa na Róimhe, bheadh ábhar aige dá pheann nár shamhlaigh sé riamh. Mar a leanas a labhair sé féin, le húdarás pápúil, san aiste, Inside the Whale: "The atmosphere of orthodoxy is always damaging to prose, and above all it is completely

9

Page 10: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

ruinous to the novel, the most anarchicaI of aII forms of Iiterature. How many Roman Catholics have been good novelists? Even the handful one could name have usuaIIy been bad Catholics .. The novel is practically a Protestant form of art; it is a product of the free mind, of the autonomous individual," ar seisean.

Is cosúil nár léigh Orwell saothar Mauriac riamh. Ní lú ná mar a chuaIa sé a . ndúirt Newman: "If literature is to be made a study of human nature, you cannot have a Christian literature. It is a contradiction in terms to attempt a sinless literature of sinful man." Is é an dul amú céanna a bhí ar lucht na cinsireachta sa tír seo. Aithníonn gach duine ionraic go bhfuil gá le cinsireacht d'fhonn an comhluadar a chosaint ar nimh na graostachta, ach ba chóir a aithint freisin nach ionann an leigheas a thugann an poitigéir dúinn agus na drugaí marfacha atá ar díol ag bithiúnaigh ar chuma leo ach airgead a chamadh dóibh féin ar ais nó ar éigean. Tá a bhfuil de chumas oilc i nádúr an duine léirithe go cruinn sa Bhíobla dúinn, leabhar a cumadh faoi anáil an Spioraid Naoimh féin. Is fiú c1uas a thabhairt do Newman athuair: "Such is man: put him aside, keep him before you; but, whatever you do, do not take him for what he is not, for something more divine and sacred, for man regenerate. Nay, beware of showing God's grace and its work at such disadvantage as to make the few whom it has thoroughly influenced compete in intellect with the vast multitude who either have it not, or use it ill ... Not till the whole human race is made new, will its literature be pure and true ... if you would in fact have a literature of saints, first of all have a nation of them." ("Duties of the Church towards Knowledge", an naoú léacht sa tsraith a thug sé faoin teideaI, The idea of a University).

Mar fhocal scoir ar thuairim Orwell- agus mar rabhadh d'aon duine a thugann aird ar ráiteas ar ábhar ar bith díreach toisc go bhfuil aitheantas bainte amach ar chúis eile ag an té a dúirt - seo iad na focail a chuir an t-úrscéalaí Gearmánach, Thomas Mann, i mbéal an scéalaí ina úrscéal, Doctor Faustus: "As for my Catholic origin, it did of course mould and influence my inner man. Yet that lifelong impress never resulted in any conflict with my humanistic attitude in general, my love of the 'liberal arts' as one used to call them. Between these two elements of my personality, there reigned an unbroken harmony, such as is easily preserved if, like me, one has grown up within the frame of 'old-world' surroundings whose memories and monuments reach back into pre-schismatic times, back into a world of unity in Christ."

Níorbh é Nietzsche an chéad fhealsamh a d 'fhógair go bhfuil Dia marbh, gur leor don duine a chumas is a éirim féin. Mhúin fealsamh glic eile ceacht ar an dul céanna don lánúin neamhurchóideach sa chéad scéal de chuid an Bhíobla, agus chan an salmóir go dólásach é: "Is é a dúirt an t-amadán ina chroí istigh: Ní ann do Dhia." Braithfimid uaireanta gur le céad bliain anuas atá an t-aindiachas ina ghalar go forleathan, ach sin ceacht eile dúinn i Leabhar Dé, conas mar a bheartaigh an Cruthaitheoir féin an cine daonna fallsa peacúil a dhíthiú de chlár na cruinne ó am go chéile. Tá na comharthaí ann athuair go mb'fhéidir go bhfuil Dia tagtha ar an intinn . sin arís, mura dtagann an duine ar a chiall agus aithrí a dhéanamh ina dhiamhasla agus éirí as a thimpeallacht a thruailliú le nimh nó a bhánú trí neatt na sainte.

10

Page 11: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Aisteach an scéal é, cé go bhfuil droim tugtha le Dia ag go leor den chine daonna, fanann dúil dhoshásta ag an bpobal go coitianta i leabhair agus i scannáin mar ghe�l ar an diabhal, nó cumhacht osnádúrtha an oilc. Éiríonn thar barr ag an "box-office" le scannáin ar nós The Omen agus The Exorcist, ach ní ghlacfaidh an pobal le scannáin atá bunaithe ar an soiscéal ná ar bheatha na naomh mura bhfuil an diamhasla agus an ghraostacht ina siúcra diabhlaí thart ar na piollaí slánaithe sin. B 'fhacthas don fhealsamh Francach, Jacques Maritain, go raibh tionchar seachas an t-ábhar siamsa sin ag Sátan ar litríocht an Iae inniu: "The unconcealed and palpable influence of the devil on an important part of contemporary literature is one of the significant phenomena of the history of our time," ar seisean. Agus é ag tagairt don ráiteas sin ina leabhar, The Use of Poetry and the Use of Criticism, deir an file, T.S.Eliot: "I can hardly expect most of my readers to take this remark seriously." Aon duine a léigh na leabhair a scríobh C.S. Lewis, The Screwtape Letters agus cinn eile, cuimhneoidh sé gurb é an chéad chleas a mhúin an seandiabhal dá dhalta ná a chur ina luí ar an duine nach ann don diabhal ar chor ar bith. Agus sa chéad chuid dá mhórdhráma, Faust, a foilsíodh sa bhliain 1 808, is é an prionsabal bunaidh céanna a chuireann Goethe ina chuid de straitéis mheallta an diabhail. Agus in ainneoin gur thuig sé nach nglacfadh a phobal léitheoirí le tuairim an fhealsaimh Fhrancaigh, is cosúil gur ghéill T.S. Eliot ina anam istigh go raibh ciall agus dealramh leis, óir leanann sé air mar seo: "Another observation of Mr. Maritain's may be less unacceptable: 'By showing us where moral truth and the genuine supematural are situated, religion saves poetry from the absurdity of believing itself destined to transform ethics and life, saves it from overweening arrogance.

,,,

Dúras i dtús na haiste seo gur ghá idirdhealú idir an reiligiún agus an bheatha spioradálta. Tugann an reiligiún córas agus eagar don'bheatha spioradálta, agus tá gá leis do bheatha spioradálta an chomhluadair; sin an fáth ar bhunaigh Íosa Críost an Eaglais , seachas ligean do gach duine againn bheith ag iarraidh a threoir a leanacht ar ár .gconlán féin. Ach dúras cheana freisin gur chuir reiligiún an chomhluadair seo againne as go mór do fhorbairt na litríochta, áit ina bhféadfadh an bheatha spioradálta, san údar agus ina phobal léitheoirí, an ealaín sin a fhorbairt "dochum glóire Dé agus onóra na hÉireann." Má chuireann sé brón agus díomá ormsa mar Éireànnach duine de mo chomhscnbhneoirí a chloisint ag fógairt nach gcreideann sé in Eaglais ná i nDia anois , ach go léann sé na Soiscéil mar gheall ar a bhfiúntas liteartha, ní lú an brón ná an díomá a chuireann sé orm féachaint siar ar na tubaistí a chuir as do mo shaol scríbhneora féin nuair a cuireadh leabhair agus drámaí de mo chuid faoi chois ar an ábhar, mar a dúradh, go raibh siad mímhorálta is go ndéanfaidís dochar do bheatha spioradálta an chomhluadair. Is ar an ábhar sin a dhiúltaigh stiúrthóirí Amharc1ann na Mainistreach do dhá dhráma de mo chuid, The Order of Melchizedek agus Romance of an ¡diot. An leagan Gaeilge den chéad cheann acusan, CótaBárt,Chríost, bhronn WalterMacken duais an Oireachtais air, dúirt gur sárshaothar liteartha is drámaíochta é, agus ba mhian leis féinpáirt an tsagairt a ghlacadh ann san Mhainistir mar a m beadh tairaingt an phobail ar an dráma, dar leis! Nuair a d'fhoilsigh Sáirséal agus DilI ina leabhar é, bronnadh Duais an Chraoibhín air, agus ba é Tomás Ó Fiaich a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste moltóirí, fear a

11

Page 12: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

thuigfeadh, ní foláir, níos cruinne ná Stiúrthóirí Amharclann na Mainisteach, cad is moráltacht ann. Nuair a chuireas an dráma sin chuig gníomhairí arnharclainne i Londain agus i Nua-Eabhrac, Giúdaigh sa dhá chás, glacadh leis go fonnmhar mar shárdhráma, ach níor éirígh le ceachtar acu a thabhairt ar na "impresarios" an dráma a léiriú - bhí faitíos orthusan go raibh an iomarca cainte faoi Dhia sa dráma le go . n-éireodh leis san West End ná ar Broadway! Ós rud é gurbh éigean domsa, mar is cor do fhormhór an aos dána i ngach tir, an t-arán laethúíl a thuíllearnh dom féin is do mo mhuirear le sclábhaíocht eile seachas an ealaín, tharla gur i mo mhúinteoir a bhíos á thuílleamh de ghnáth, seachas roinnt tréimhsí anseo is ansiúd san iriseoireacht srI. Agus ag múineadh scoile dom sa tír seo, bhíos faoi smacht dhá "Big Brother", mar atá, an Roinn Oideachais agus bainisteoir na scoile, agus é de chead is de chumhacht ag ceachtar acu bata is bóthar a thabhairt dom dá mbeadh a chúís acu. Níor mheas cígirí na Roinne riarnh go raibh locht ar bith orm, ach chuir na húdaráis eaglasta amach ar thaobh an bhóthair mé faoi dhó. Tharla an tubaiste sin tar éis léiriú an dá dhráma sin thuasluaite, na cinn ar dhiúltaigh an Abbey dóibh, ní ar bhonn ealaíne, ach ar bhonn moráltachta, dar leo. Léifear tuamsc chruinn fhírínneach na gcur amach sin - bhí ceithre bliana de shaol corrach eatarthu - ar ball i scéal mo bheatha scnbhneora, ach ag Dia atá a fhios conas a réiteodh ardeaspag ina choinsias, fear agus a chlann a chur ag allagar na déirce gan labhairt leis an bhfear sin ná gan é féin an dráma "graosta mímhorálta", mar dhea, a fheiceáil ná a léarnh. Mar chéasadh breise do anam an údair, mura do choinsias Ardeaspaig, is cosúíl go raibh marc Shátain ar m 'éadan tar éis mo chur arnach easpagúil, óir ní raibh bainisteoír eaglasta ar bíth eíle in Éirínn sásta glacadh liom, agus tar éis dom trí ráithe a thabhairt "ag breathnú ar lilí an bháin" agus ag féachaint le hanraith a dhéanarnh astu do mo chlann, b' éigean dom bealach na himirce a ghabháil soir go Sasana, mar ar chuir údaráis an oideachais fáilte romham.

Ní beag sin mar shampla den tubaiste is féidir a theacht ina buílle cinniúna ar an scnbhneoir a fhanann dílís don bheatha spioradálta agus don reiligiún in éineacht, ina shaol féin agus mar ábhar ealaíne. Is trua, mar sin féin, nár thug an Eaglais tacaíocht agus misniú do scríbhneoirí na tíre seo seachas dris chosáin a chur sa bhealach rompu agus laincísí an chaolaigeantais a bhagairt lena gceangal. Rinne an tAthair Peadar Ó Laoghaire féin gearán in aghaidh leabhair Phádraic Dí Chonaire a bheith ar chúrsaí staidéir sna meánscoíleanna agus san ollscoil; dar leis go raibh síad mímhorálta, cad eile! Is furasta a thuiscínt conas mar a chuirfeadh foilsitheoirí Londan agus líobrálaigh fhritheaglasta na tíre seo féin fáilte roimh na scríbhneoirí sin a thréigeann an creideamh agus a dhéanann ceap magaidh ina gcuíd leabhar nó drámaí nó dánta den reiligiún is den bheatha spioradálta inar oíleadh iad. Ach is idir andá thine Bhealtaine, dar liom agus mé ag féachaint siar ar an dá scór blíain atá tugtha agarn féin i mo scríbhneoir sa tír seo, atá an t-údar Caitliceach in Éirinn agus é ag iarraidh an tallann a bhronn Dia air a úsáid, feiniméan is deacair a thuiscint nuair a chuimhnítear go bhfuíl an tírín seo againne ar na tíortha is Caitlicí san Eoraip. Ach aiste eile ba ghá le stair na litríoctha agus an oideachais sa tír seo a iniúchadh, féachaint conas a tharla gur Phrotastúnaigh iad, ag fás suas dóibh pér domhan é, an tríúr Éireannach ar bronnadh duais Nobel sa litríocht orthu (cuirímis i gcuimhne do

12

Page 13: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

thaibhse Orwell nár Phrotastúnaigh ole ná maith iad faoin am gur thuill siad ardghradam sin na litríochta).

Bíodh sin mar atá, is iad an liobrálachas bréige agus an fhritheaglaiseacht atá ina mbeatha spioradálta i bplás an mhargaidh mar a bhfuil Mámon ina dhia, agus an t-údar a bhfuil sé de theist amuigh air go bhfuil sé dílis, ina shaol agus ina shaothar, don sean-Dia is don bheatha spioradálta a cheap seisean don chine daonna ní féidir leis bheith ag súil go mbeadh fáilte roimhe ná aitheantas le fáil aige ansiúd. Agus ar an taobh eile den scéal, an áit inar chóir go mbeadh tacaíocht agus pobal léitheoirí le fáil aige, ní fheíceann sé ach an choitiantacht nach dtuigeann an litríocht ar chor ar bith, agus níl le fáil aige ar leibhéal níos airde ach easpa tuisceana agus diúltú aitheantais - agus éagóir níos measa fós ar uairibh, mar atá inste.

I ndeireadh thiar, áfach, níor ordaigh Dia ach ár ndícheall, agus gheall cúnamh le go bhféadfaimis an dícheall sin a dhéanamh. Agus is é Briathar Dé féin a chuir ina luí ar an scríbhneoir chomh maith le cách nach féidir bheith dílis do dhá mháistir, do Dhia is do Mhámon. Agus má tá constaicí is bacainní sa bhealach roimh an scríbhneoir a chreideann i nDia is a ghlacann leis an mbeatha spioradálta mar ghné de shaol an duine, is deimhin go bhfuil a ualach féin cráiteachta le hiompar ag an scríbhneoir a dhiúltaíonn go coinsiasach don chreideamh sin agus a chaitheann treabhadh leis tríd an saol suaite corrach seo, ag tuilleamh a choda is .ag cleachtadh na healaíne atá ina lasair anama is inspioráide aige gan aon tuiscint aige ar cad is bun ná brí lenár gcás, ach chomh beag is a bhí ag an mbeirt bhacach úd i ndráma Beckett a bhí ag fanacht go cráite dóchasach leis an té nár tháinig riamh is nach dtiocfaidh choíche.

13

Page 14: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

CUMARSÁID AGUS CINSIREACHT

Seán Mac Réamoinn

lo Ceist thráthúil is ea ceist seo na cinsireachta agus an rírá atá ar bun faoi chás Salman Rushdie. Ní tráthúil amháin atá sí áfach, ach bunúsach. Ceist mhorálta sách casta, agus más linn aon adhmad a bhaint aisti ní foláir dúinn í a scrúdú mar le prionsabal agus le feidhmiú araon.

Prionsabal 'dúbailte' atá i gceist, mar a mheasaimse. Sa chéad áit, gur ole ann féin an chinsireacht. Sa dara háit, gurb í uaireanta is lú de dhá ole í, ole riachtanach, nó rogha an dá dhíogha ... Agus, dá thoradh sin, is gá dúinn a fhiafraí: cathain agus conas a bhíonn an riachtanas nó an leithscéal riachtanach ann? Sin é atá i gceist agam le feidhmiú.

2. I dtosach báire, féachaimis ar an gcéad 'phrionsabal' úd nó an chéad leath de. Cén fáth a ndeirim gur 'ole ann féin' atá sa chinsireacht? Mar go dtuigtear dom gur cÚTsaí fírinne agus éithigh atá i gceist.

Sa mhéid go gcuireann cinsireacht bac nó teorainn le cumarsáid, sa mhéid go mbaineann sí den fhírinne, nó go gcuireann casadh nó camadh uirthi, nó go gceileann sí í (suppressio ven) tá sí ag cothú éithigh. Ole atá inti, dá bhrí sin. Nílim á rá go m bíonn ciontáil ag baint leis mar ole i gcónaí riamh: is iomaí drochbheart nach d' aon ghnó a dhéantar. Ach ní lúide sin an urchóid.

Tuigim go bhfuil an méid atá ráite agam iontach simplí - róshimplí, b'fhéidir, nó saonta - 'simpliste' a déarfadh an Francach. Ach ml san aiste seo ach creatlach an scéil: gheofaí a lán lán eile a rá faoi mo 'phrionsabal', idir thaca agus agóid. A leithéid seo mar shampla: tá ráite gur bac le fírinne agus cothú éithigh an chinsireacht. Ach abair nach fírinne ach bréag atá á chosc, nach maith sin?

Mo fhreagra féin nach leigheas ar bith ar bhréag an chinsireacht, ní stopfaidh sí an t-éitheach - ná an fhírinne, i ndeireadh báire.

Tá sin feicthe againn le gairid, agus a bhfuil ag teacht chun solais den charn mór fírinní a bhí ceilte le cinsireacht stáit i dtíortha oirthear Eorpa, faoi na réimis atá tite anois. Magoo est veritas - et prevaluit. Ach ar an ngearrthéarma - téarma nach raibh chomh gearr san uilig, daichead bliain agus níos mó - rinneadh dochar mór don fhírinne chéanna. D'éirigh glúin agus dhá ghlúin suas faoi scáth an éithigh, agus chuaigh an t-éitheach i bhfeidhm ar chách. Lagaigh agus loit sé an acmhainn mhórálta sa ghnáthdhuine go dtí go dtáinig nach bhféadfadh sé fíor a aithint thar bhréagach! Fiú na daoine a bhí ag iarraidh seasamh in aghaidh an truaillithe choitianta, tarraingíodh isteach sa líon iad, má shíl siad réimeas na mbréag a throid le bréaga. B' annamh an té a tháinig slán. Agus anois féin, tá créachtaí na mblianta bréige go domhain in anam na muintire, agus is fada a bheas siad ag cneasú.

14

Page 15: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Ar ndóigh, is cinnte go raibh níos mó ná cinsireacht (mar a thuigimidne í) ar bun ag lucht na réimeas úd. Bailíonn bréag dhiúltach bréag dhearfach, agus chuirtí finscéalta ar fáil chun dul in ionad na fírinne a cheiltí. Dá chomhartha sin dhéantaí athinsint éithigh ar thréimhsí iomlána staire, rud a d'fhág na glúnta faoi scamall aineolais agus mífhaisnéise.

3 . Ó tharla cúrsaí fírinne agus éithigh chomh dlúth sin i gceist inti, ba róchuibhe go mba chás le Críostaithe ceist seo na cinsireachta. Is é a déarfainn, go deimhin, nach gá dúinn ach na soiscéil a léamh chun teacht ar mheon Chríost ina taobh. Ar ndóigh, níl an focal 'cinsireacht' ag duine ar bith den cheathrar scéalaí, ná fiú tagairt d'aon saghas cosc institiúideach dá leithéid. Ach tá dóthain ann faoi inseacht agus cheilt na fírinne, faoi mheon an dorchadais agus na gníomhartha is dual dó, agus, os a choinne sin, an t-iompar is dual do chlann na fírinne.

Ach, a deir tú, nach minic a bhí agus atá an Eaglais ag taobhú le cinsireacht, á cur i bhfeidhm go hinmheánach, á háiteamh ar an 'gcumhacht shaolta' agus ag tacú léi coitianta - ach amháin nuair ba chun leas soiléir na hEaglaise féin cur ina coinne? Agus, go deimhin féin is fíor duit. Rachainn féin chomh fada lena rá go mba thuigthe don té a cheapfadh go mba chuid de chóiriú disiplíneach na hInstitiúide eaglasta í mar chinsireacht - nó, dá n-abrainn é, airteagal creidimh fein.

Maidir le mo bharúil féin ní chuirfidh mé fiacail ann: is é a mheasaim gur earráid agus drochearráid ag an Eaglais polas aí na cinsireachta i gcoitinne - agus, thairis sin, go mb'fhéidir go mba pheaca é, dá mbeadh ciontáil i gceist. Ina dhiaidh sin, ar ndóigh, géillim go mb'fhéidir uaireanta go mba é 'rogha an dá dhíogha' é, ag an Eaglais chomh maith le cách. Ach is rómhithid dúinn féachaint níos grinne ar an gcineál riachtanais nó leithscéil a cheadódh a leithéid, ag an Stát, ag an Eaglais, nó ag institiúid ar bith eile.

4. Is gnách go mbíonn trí chás á lua lena leíthéid: leas an duine aonraic; leas aicme ar leith

-den phobal; agus leas an phobail, coitianta. Más féidir a chruthú nó a áiteamh

gur cinsireacht ar mhaithe le haon cheann acu sin, tá do leithscéal agat.

Tríd is tríd, is é an chéad chás is fearr dealramh. Sa saol atá anois ann bíonn cearta an duine aonraic á síorchreimeadh ag lucht údaráis, lucht tráchtála, lucht gairme agus eile, agus is maith go mbeifí cáiréiseach ina dtaobh. Sampla maith is ea an duine óg, nó an duine lag, soghonta, leochaileach. Tá cineálacha foilseacháin ann, idir leabhair agus irisí, agus cineálacha ábhair i bhfoilseacháin choitianta nach n-oirfeadh go mbeadh fáil ag an duine óg lag orthu; mar an gcéanna le téipeanna video - agus, go deimhin féin, níor mhiste a mhaíomh go bhfuil cuid acusan gur fearr nach mbeidis ar fáil ar aon choro Ar aon chuma, aontaítear coitianta gur ceart an óige a chosaint: géilltear don phrionsabal sin, cuirim i gcás, sa rannú a dhéantar anois ar scannáin a thaispeántar sna pictiúrlanna. An cóir go ndéanfaí a leithéid chéanna le teilifís?

15

Page 16: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Sampla eile den chinsireacht ar mhaithe le leas an duine aonraic is ea cosc a chur le foilsiú scéala nó ábhair éigin a sháródh príobháid an duine. Is ar nuachtáin 'bhuí' Shasana IS mó a chuimhnímid leis seo, ach ní miste a rá nach mbímid féin saor ó locht i gcónaí. Agus mo bharúil féin go bhfuil substaint nach beag leis an saghas seo cinsireachta ach í a chur i bhfeidhm go tuisceanach, agus gan leithscéal a . dhéanamh de chun gobán a shá i mbéal lucht iriseoireachta coitianta. Ní cóir ach oiread í a úsáid chun 'maithe agus móruaisle' a choinneáil slán ó fhiosracht an phobail, sa mhéid a bhaineann le cúrsaí poiblí - cúrsaí pr'íobháideacha amháin is ceart a bheith i gceist, idir uasal agus íseal. Is féidir a éileamh uaireanta go mbíonn taobh poiblí le saol príobháideach an duine phoiblí, ach is ceart a leithéid a mheá go fíorchúramach.

Iompaímis anois ar leas aicme ar leith mar chúis chinsireachta. Ní gá a rá, tá súil agam, nach aicmí pribhléide atá i gceist - ar nós teaghlach an rí nó, fós, an nomenklatura. Mionaicmí gan mórán cumhachta is ceart a cho saint ar mhaslaí, agus ar thuairimí nó ar thuairiscí déistineacha a dhéanann beag díobh mar aicmí.

Giúdaigh, homaighnéasaigh, traibhiléirí nó gíofóga, na haicmí is túisce a gcuimhneoimis orthu. Ach bíonn a leithéidí eile ann: Caitlicigh nó Protastúnaigh nó Ioslamaigh i mbaill áirithe, mionacimí cine nó cultúir, agus dreamanna eile nach ngéilleann do nósanna an fhormhóir. Tá de cheart acusan go bhféadfaidis dul ar scoil nó ag obair, isteach i dteach tábhaime nó i mbialann, nó ag siúl lena gc1ann in áit phoiblí gan maslaí a chloisteáil - ná a léamh ar bhallaí na sráide ... Ach céard faoi chúrsaí c1ó? Nó raidió, nó teilifís?

Is fearr dúinn a adhmháil nach bhfuil an scéal simplí ar fado Cinnte is ceart cosc a chur le 'tuairimí déistineacha', mar a dúras - le caint, c1ó nó amharc. Ach ní ceart go mba chosc gan teorainn é. Ní foláir líne a tharraingt idir iriseoireacht agus ealaín, mar a fheicfeas muid ar ball.

An trÍú leas a luaitear mar leithscéal don chinsireacht, is é leas an phobail féin é, más fíor. Is é seo an 'riachtanas' is minicí a éilítear, agus an ceann is lú dealramh dar liom féin.

An deacracht bhunúsach atá anseo gurb é a bhíonn i gceist le 'pobal' dáiríre ná institiúidí an stáit. Dá chomhartha sin, nuair a bhíonn lucht rialtais nó údaráis ag iarr.aidh scéala a cheilt orainn, nó cosc a chur le foilsiú nó faisnéis, nó, fós, úrscéal nó dráma a thoirmeasc, is é is minicí a luaitear lena cheadú 'an leas coitianta' (rud atá an-deacair a thomhas) nó 'slándáil náisiúnta' (atá ró-éasca a aithint! ). Maidir leis an dara ceann, cuimhním ar chartún san New Yorker a léirigh sagart nó minister i mbun seanmóire, fear snasta slíochtha, agus é ag rá: "But, of course, if national securityis involved, forget everything I've said up to now"!

Is ceart dúinn go léir a fhiafraí dínn féin an mbímid róghéilliúnach do dhia beag na 'slándála náisiúnta'. Ba é a d'agraíodh deachtóirí ar dheis agus ar chlé, agus é á agairt i gcónaí ag lucht rialtais dhaonlathaigh - i Meiriceá, i Sasana(cuimhnigh ar Stalker! ), agus níos gaire do bhaile. Is iontach úsáideach an doras éalaithe é ag an bpolaiteoir a bhfuil rud le ceilt aige, nó go mb'fhearr leis scéal a chur ar an méaIJ fhada. '

16

Page 17: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Sula ndéanaimid scrúdú éigin ar fheidhmiú na cinsireachta, agus ar mheon na gcinsirí - mar tá dlúthcheangal eatarthu sin - ba mhaith liom focal nó dhó a rá faoi ghnéithe áirithe den scéal a fhágann a rian ar an bprionsabal dúbailte úd - ole, agus rogha idir dhá olc.

5 . Baineann ceann acu go dlúth le cinsireacht ar chóis 'phoiblí' , agus a luaitear go minic sa chomhthéacs san. Dzscréid atá mé a rá. Abair go bhfuil idirchainteanna ar bun d'fhonn teacht ar fhadhb éigin nó aighneas éigin a réiteach, nó d'fhonn beartas nó togra mór nua a chur chun cinn. Táthar ar ti an cuspóir a aimsiú, ach, dá scéifí an scéal roimhré, bheadh an tine sa bharrach agus an obair ar fad curtha amú. Ina leithéid de chás nár chóir dul i muinín na cinsireachta?

Ceist chasta go leor í sin, agus ní furasta freagra a thabhairt uirthi. Mar ní féidir talamh slán a dhéanamh den 'chuspóir' (ar mhaith ann é, dáiríre?) ná den obair atá déanta chuige (cén saghas margaíochta a bhí ann, nó ar géilleadh an iomarca?) Cá bhfios nár chun 'leas an phobail' go fírinneach é, go bhfoilseofaí an scéal ar fad, sula mbeadh sé ródhéanach?

Dá mbeadh an saol lánfhoirfe, dob fhéidir agus dob fhearr an cúram a fhágáil faoi lucht cumarsáide le hiontaobh as a mbreithiúnas féin. Faraor gur fada ó bheith foirfe iad an saol agus an lucht cumarsáide araon, agus ba dheacair brath ar a mbreithiúnas siúd tríd síos. Ach ní fheadar nárbh fhearr a leithéid i ndeireadh na dála ná an cinneadh ciallmhar cúramach a dhéanfaí go rúnda, ar an gcúlráid.

Ós ag trácht ar bhreithiúntas lucht cumarsáide sinn, ní miste tagairt don sampla úd den ehinsireaeht ar a dtugtar (go míehruinn) Roinn a 31. Nil fúm an seéal ar fad a chíoradh anseo, ach amháin a rá gurb é a deir muintir R1É (agus is iad is mó atá thíos leis) go mba ehóra go bhfágfaí láimhseáil lueht paramileataehta (agus a lueht taeaíoehta) faoin dream is fearr a thuigeann an seéal, is é sin, iriseoirí oilte freagraeha. Déantar amhlaidh i geás iriseoirí c1ó; cén fáth nach ndéantar é i gcás raidió agus teilifíse?

6. Gné eile den ghnó naeh miste a lua is ea a mbaineann le 'bon gout, ' mar a deir na Franeaigh - 'good taste' sa Bhéarla. Meas sibh an ormsa an loeht, nó ar an dúehas seo againne, naeh dtig liom cuimhneamh ar leagan Gaeilge?

Bíodh sin mar atá, tá mé cinnte naeh mbeadh sé eiallmhar againn gan a leithéid a chur sa ehuntas agu�, go háirithe, idirdhea1ú a dhéanamh idir an mhoráltaeht agus é. ldirdhealú naeh ndéantar i geÓnaí. An difríoeht is mó le rá eatarthu is ea go mbíonn bunús agus buaine sa mhorálÍ:acht, ó thaobh prionsabail de ach go háirithe, ach go dtagann athrú ¡(� haimsir agus le.faisean sóisialta ar an 'bon gout' .

Is iomaí sin ábhar is féidir a phlé anois, sa ehomhluadar is mín� agus is múinte, a mbíodh tabú láidir air blianta beaga ó shin . . Mar an geéanna le eúrsaí cainte a,gus foc1óra. Bíonn glaeadh coitianta sa lá atá inniu ann le foeail áirithe Bhéarla naeh leomhfaí a fhoilsiú in Chamber' s Dictionary go dtí le gairid. Aeh fainie an ndéarfá

17

Page 18: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

'nigger' nó fiú 'darkie' le fear gorm, ainmneacha nár ghá go mbíodh aon mhasla ceaptha leo cheana.

An md atá mé a rá nach féidir cinsireacht a cheadú ná a thoirmeasc in vacuo: ní foláir tagairt don chomhthéacs sóisialta i gcónaí. Riail a oireann go maith don chinsire féin.

7. Dúras ó chianaibh go mbíonn dlúthcheangalde ghnáth idir meon an chinsire agus feidhrp.iú na cinsireachta. Ní nach ionadh le haon saothar daonna, ach go measaim go bhfuil tábhacht ar leith sa cheangal áirithe seo. Breathnaímis más ea ar dhá chineál cinsireachta mar a chuirtear i bhfeidhm iad.

An chéad chineál an cosc, nó an smacht, nó an srian a chuirtear le heolas, le faisnéis, le nochtadh agus scaipeadh tuairimí. Is féidir 'polaitiúil' a rá leis an gcineál seo: DÍ polaiteoirí i gcónaí is ciontach leis, ach is iad is gnáthaí.

Is leis an gcinsireacht pholaitiúil is mó a luaitear 'leas an phobaiI' nó 'slándáil náisiúnta' .. Bhíodh ciall agus dealramh éigin tena leithéid in am cogaidh, mura mbeadh ann ách an scrúdú a dhéantaí ar litreacha agus, gan amhras, an láimhseáil a dhéantaí ar fhaisnéis mhíleata. Ach, mar is róléir dúinn go léir, ní in am cogaidh amháin a chleach�tear í go fairsing forleatban sna Stáit 'údarásacha' , nó faoi réim deachtóiieachta, ach sa daonlathas chomh maith .. Seift choitianta chun a leithéid a cheadú in am síochána is ea a fhógairt go bhfull 'éigeandáil náisiúnta' ann - nó gan a fhógairt go bhfuil an éigeandáii tharl. Ách bíonnseifteanna eile i bhfeidhm chomh maith - rialacháin agus foláirirhh ag cur séala rúin ar imeachtaí áirithe. Sampla c1asaiceach is ea an riail a chuireann bac le foilsiú 'páipéir rialtais' go ceann achair áirithe blianta.

Lucht rialtais amháin (agus na searbhóntaí. poiblí - searbhóntaí an phobaiI, cuimhnígí) a fhéadann feidhm dlí a chur·le cinsireacht. Ach, mo dhearmad!, bíonn saoráid cosúíl go leor leis sin ag lucht údaráis eaglasta, agus níleasc leo í a úsáid ... agus píonós i bhfad níos measa ag bagairt ar rui fíréin mi aon phíonós Stáit. Agus tá dreamanna eile a fhéadann a gcuid cinsireachta féin a· chtit i gcion le dlithe inmheánacha - ar a gcuid ball ach go háirithe. Eagrais phroifisiúnta .atá mé a rá. Ná ní bhíonn lucht tráchtála saor óna leithéid: bíonn rúin cheirde ann, agus rúin mhargaíochta chomh maith. (Leas an phobail is cás leo go léir, ar ndóigh!)

Luas 'nochtadh agus scaipeadh tuairimí' a theacht faoi réim· na cinsireachta 'polaitiúla'. Is maith (agus is mithid) nach mbíonn cosc coítianta ar a leithéid anois mar a bhíodh, cé gur cinnte go mba bhreá le lúcht údaráis go minic go mbeadh. Agus, ar ndóigh, tá an cosc sin ann agus go láidir .i dúortha áirithe san Áisy agus san Afraic. An tSín an sampla is measa, agus is uafásaí píonós.

Tá eagras idirnáisiúnta amháin ann áfach mar a gcuirtear srian docht le tuairimíocht nach dtéann leis an 'líne oifigiúil'. An Eaglais atá mé a rá arís. Agus ní! aon chosúlacht ann go bhfuil cúrsaí ag feabhsú. Mar shampla, DÍ hamháin nach . gceadaítear mná a oirniú ina sagairt, ach níl cead an cheist a phlé . .. Ar ndóigh, dála gach riaiI amaideach dá leithéid beidh deireadh léi, luath nó mallo Ach; idir dhá linn, is sárú suarach é ar shaoirse an phobaiI Chríostaí, agus ní ceari géilleadh di mar riai!.

18

Page 19: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Anois, cad é 'meon' seo na gcinsirí a luas cheana? Cad í an intinn, an spreagadh a thiomáineann iad? Is cinnte go mbíonn éagsúlacht cúise ann ó chás go cás. Ach bíonn bunúdar coitianta ann i gcónaí. Cumhacht atá mé a á rá: aimsiú cumhachta, daingiú cumhachta, faitíos go gcaillfí í . . . Agus mar a deir an seanfhocal."cumhacht is ea an t-eo/as". Tá sé contúirteach dá bhrí sin, an t-eolas a roinnt. Ní rún é más scéal ag triúr é. Tá an scéal chomh simplí sin.

Contúirt don chumhacht is ea an tuairimíocht freisin. I ndeireadh báire, mar is léir dúinn ón stair, is éifeachtaí smaointe ná gunnaí mar ghléas réabhlóide. Is é is sábháilte, mar sin, iad a stathadh ó phréamh. Thuig náimhde Chríost an méid sin. Tá an tuiscint chéanna ag cuid dá ndeisceabail inniu, ach gur tuiscint bunoscionn atá inti!

8. Dúil sa chumhacht, agus faitíos go gcaillfí í, a bhí mar bhunúdar leis an dara saghas cinsireachta chomh maith: cinsireacht éigse agus ealaíne. Séard atá ann dáiríre faitíos roimh fáithe, sea, agus gráin orthu. Níl rud ar bith nua ansin, go deimhin; léirítear go beacht sa Bhíobia é sa dá Thiomna.

Ach an cÓÍr 'fáidh' a rá le scnbhneoir, nó péintéir, nó ceoltóir; le déantóir dráma nó scannáin nó elár midió nó teilifíse? Is léir nach mbíonn an teideal tuillte ag a leithéid i gcónaí. Ach bíonn ar uairibh - níos minicí, b'fhéidir, ná a cheapfaimis.

Agus an uair a mbíonn, fainic! Mar ní fios cén dochar a dhéanfaidh sé do struchtúr na cumhachta ... Is iad na scnbhneoirí is dainséaraí gan amhras - cé go bhfuil na léiritheoirí teilifíse ag teacht chun cinn le gairid. Ach littera scripta manet, bíonn buaine sa scríobh, agus ní fios cathain a mchadh an fháistine i bhfeidhm. Arís, is maith mar a thuig an Eaglais an méid sin riamh.

Ach nach maith ann í an chinsireacht, mar sin, chun sinn a cho saint ar na fáithe bréige? . B ' fhéidir gur maith, ach sinn a bheith cinnte go n-aithneoimis bréagach thar fírinneach. Agus níl ach slí amháin chuige sin againn, mar atá, éisteacht a thabhairt don té atá i gceist: éisteacht sách fada, sách cúramach, sách cothrom chun nach mbeadh aon amhras orainn ina thaobh. Chun nach mbeadh aon bhaol ann go mbeimis ag rá 'bréag' le fírinne faoi chulaith nua. Tharla a leithéid sin rómhinic le nach mbeimis san airdeall: cuimhnímis ar Pelagius, ar Fhearghal, ar Galileo ... gan trácht ar Congar agus Chénu.

Gabhann le ciall, le carthanacht, agus le cearta daonna, nach mbeimis rómhear i mbun breithiúnais. Arís tharla a leithéid rómhinic cheana, ní le cinsireacht amháin, ach le léirmheas 'údarásach' ar shaothar ealaíne. Gheobhainn na céadta samplaí a lua: b'fhéidir gur leor cás James Joyce a mheabhrú, idir chinsireacht agus bhreithiúnas.

Sampla fónta é chomh maith ar rud a luamar cheana, easpa idirdhealú idu sárú dea-bhéas (nó 'good taste' ) agus sárú moráltachta. Agus ní fheadar nach bhfuil a mhacsamhail i gceist le Salman Rushdie. NH a fhios agam an ardsaother litríochta atá sna Satariic Verses nó dramhfhuíoll cliste. Tá a fhios agam go gcuireann an leabhar déistin agus ole ar a lán de mhuintir loslaim (faoi mar a chuir Ulysses ar a lán dár muintir féin). Ach ní hionann sin agus ará go bhfuil diamhasla armo B 'fhearr

19

Page 20: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

fanacht go n-mmseofaí breithiúnas meáite tomhmste ar bhrí agus ar cháilíocht an leabhair - agus ní thar oíche a aimseofar sin.

9.

Mar bhuílle scoir, measaim gur gá rud éigin a rá faoin gceangal idir cinsireacht agus . údarás. Is léir óna bhfuil rrute cheana gur den lucht cumhachta iad na cinsirí de ghnáth, pé acu sa Stát nó san Eaglais nó eile dóibh. Údarás na cumhachta is minicí acu, mar sin, agus gan poinn thairis sin, ach go hannamh. Ach san am a mbíonn breis taca leis an údarás, cén cineál é? Tuiscint nó cleachtadh polaitíochta ag an gcinsire Stáit . .. tuiscint nó cleachtadh ar dhlí chanónda ag an eaglaiseach (corruair ar dhiagacht).

Ní hiad na tuiscintí nó an cleachtadh úd is fearr cúnamh don té atá ag iarraidh 'rogha an dá dhíogha' a aimsiú: cé acu is cirte, cosc nó gan cosc. Údarás de chineál diúltach is dóichí mar thoradh. Faraor gurb í an taobh dhiúltach is minicí a léiríonn lucht údarrus - agus san Eaglais chomh maith le cách. A mhalairt is córa: treoir agus cabhair chun frus, agus a mhúnlú. Rud annamh go leor.

Maidir le 'cinsireacht ealaíne' , is cinnte gur tuiscint agus taithí ar an ealaín féin is fearr a d'oirfeadh mar chúnamh chun breithiúnais. Ní leor polaitíocht ná dlí ná diagacht. Dá mba leor, ní bheadh aon locht againn ar bhreithiúnas an Ayatolla Khomeini (beannacht Dé lena anam).

20

Page 21: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

MÁIRTÍN Ó DIREÁIN AGUS AN FHÍRINNE

LiamPrút

Cad is fírinne ann i gcás an Direánaigh? An bhreis bheag sin a chuirimid lenár dtaithí de thairbhe léitheoireacht a dhéanamh ar shaothar an Direánaigh .. An méid a fhágtar de shaibhriú againn tar éis blaiseadh ar a shaothar; an Direánachas; an Direánú ar an téama an dul i gcion nó an éifeacht a bhí ag an bhfile ar dhomhan na teanga. Más mar phlanda nó mar chrann a shamhlaímid saothar an fhile, éifeacht nó maorgacht an chrainn sin i gcearnóg na litríochta. Na réimsí den teanga nach féidir casadh leo gan anáil nó tionchar an Direánaigh a bhrath. Is iad na focail féin atá i gceist: ní féidir na smaointe a fhágáil as an áireamh ach is iad na focail a bhfuil cló nó leagan Direánach oÍthu a dhéanann an difríocht. Tá go leor réimsí teanga gan saothrú in aon chor ach, má dhírímid ar na réimsí atá saothraithe, cé dhein an saothúr? Tá focail ann a shea1bhaigh filí eile - c1ó, ionchollú, catchollú, mothaolach, meirtneach - ach bheadh an liosta Direánach as cuimse níos toirtiúla, níos líonmhaire - sin é an tionchar buan, an mháistreacht, an fhírinne.

Tel qu'en lui-méme en fin l'étemité le change. 'Raghad ag ceilt na fírinne mar chách' a dúirt an Ríordánach ag deireadh a

mhórdháin, "Oileán agus Oileán Eile". Bhí sé tar éis a bheith i ngleic le fadhbanna an ionracais agus na fírinne. 'Ní! éinne bea nach bhfuair oileán' - is é sin, teorainneacha, cuirnse ionad dá chuid féin - agus soláthraíonn Sasanach a bhí ag iascaireacht sa loch peirspeictíocht nó fritheiseamláir ar tríthi a bhreithnítear oileán nó réaltacht gach aoli duine - oileán Bharra, oileán an éin, oileán an tSasanaigh agus an t-oileán tréigthe ag an duine. Is é atmaisféar oileán Bharra láthair an ca:tharsis nó an tsaorghlanta, atmaisféar dóiteach, crua, fireann, casta, coimhlintiúl. Fágann gach duine a oileán féin le dúil sa saol cé gur 'trua a chás má thréig'. Ní lúide iompar an tSasanaigh ar oileán Bharra naofa ionracas an tSasanaigh: dósan ní! ann ach áit iascaigh. Ár n-ionracas de réir ár dtuisceana. B ' ionann Gandhi agus leagan nua-aimseartha den rinnfheifeach a ghlacann go fulangach fáilteach lena réaltacht, lena oileán, arbh é Barra a chéad chruth. Creideann an Ríordánach, mar sin, nach ceist àrnú í ceist na fírinne san fhilíocht.

Is iomaí slí a thugtar aghaidh ar an bhfírinne: ní lia file ná tuairirn i dtaobh na fírinne agus go minic an tuairirn nó an insint sin (más ionann an insint agus an fheiceáil!) ag brath ar an bhfadhb is mó atá le réiteach. Má leanairn de chúrsaí an Ríordánaigh tamall eile, déanaim amhlaidh toisc gur ar chúlaibh a chéile is fearr a thuigfimid a bhfuil ar bun ag an Direánach agus ag an Ríordánach araon agus a dhéantar sainmhíniú ar oileán a chéite.

.

Dúirt Séamus Ó Néill mar a leanas i 1977 tar éis bháis do Sheán Ó Ríordáin i gCúirt an tSáirséalaigh:

Sén tábhacht atá ins na dánta go raibh Seán ag iarraidh a rnhíniú féin dó féin agus go raibh sé lena linn sin ag nochtadh gach duine dinn, gach duine meabhrach de chlanna Gaef a mhaireann idir dhá dtír, idir dúchas agus neamhdhúchas, idir mian agus ainmhian, idir creideamh agus díth creidimh, idir solas agus ceaI soIais. (Scéala Éireann, circa 22, 2, 77)

21

Page 22: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Níorbh ionann na nithe a spreag an bheirt fuile seo chun filíochta. Duine acu, an Direánach, nár chuir chun pinn go dtí go raibh naoi mbliana is fiche slánaithe aige. Bhí an Ríordánach i mbun pinn le ceithre bliana cheana féin agus é seacht mbliana níos óige ná an DÍreánach. Scríobhadh an dán "Ualach na Beatha" i 1935, an bhliain a chuaigh an Ríordánach isteach sa sanatóir de dheasca na heitinne agus a tosaíodh ar an dialann. Is beag ná go raibh glúin iomlán idir ré saothair na beirte file. Deir Seán á Coileáin:

"Na trí ní ba thábhachtaí a bhain dó ina shaol ab ea Baile Bhúirne a thágáil, an eitinn a theacht air, agus bás a rnháthar. Ba í an eitinn an tubaist ba rnheasa díobh go mór fada." (Seán Ó Ríordáin, Beatha agus Saothar, 1.4) Léiríonn a dhialann dúinn gurbh é cath na heitinne in aghaidh an Iae a spreag an

Ríordánach chun pinn agus is as comhthéacs na coimhlinte sláinte sin a eascraíonn a chuid filíochta. Ba mhaolú ar ghéire agus ar ghéarleanúint na heitinne obair na hoifige fiú má ba liosta leadránach aige an obair chéanna. Ea í fadhb phráinneach na fírinne a bhí le réiteach ag an Ríordánach conas an galar cloíteach náireach a bhí air a shárú sa chaoi go dtiocfadh an aigne slán. Dá mbeadh an galar céanna ar an Direánach, áfach agus é a bheith chomh hóg céanna leis an Ríordánach, ní! sé cinnte gur ar an mbealach céanna a throidfeadh sé é. Níor fuág seisean lnis Mór go raibh sé anonn go maith sna déaga, rud a d'fuág siúráil agus cinnteacht aige do leith thraídisiún an GhaeIachais agus na teanga. Níor bhain leis an cineál scitsifréine sin na teanga leath leis - ná an dá theanga leath leis - agus é i dtús na ndéaga. Bídís sin ina bhfíorchúiseanna go seasaíonn an Ríordánach don aois seo na héiginnteachta agus an amhrais seachas don traidisiún róbheannaithe, nó ná bídís, is amhlaidh a ghlactar leis. Dá chomhartha sin tugann cuid de na léirmheastóirí file anglo-irish ar an Ríordánach: is iadsan na léirmheastóirí a choinneodh siar an athbheochan litríochta i gcuingreacha dorchadais an réamhthraidisiúin agus nach gceadódh ga soIais na haoise chun an traidisiún fírinneach a leathnú agus a bheoú.

Níos socra, níos saoire ó athrú agus ó amhras a múnlaíodh Máirtín á Direáin. N íor ghá dó cath an tinnis agus na heasláinte i dtús gach Iae agus i bhfad gach oíche. Ní cosúil go mbíodh fadhbanna creidimh agus moráltachta ag cur as dó chomh práinneach céanna ó aois a naoi mbliana is fiche amach is a bheadh le línn na ndéaga agus na bhfichidí. Níl sa tuairimíocht sin agamsa ach iarracht chun a mhíniú cad ina thaobh nach cuid mhór d'fuírinne Dí Dhireáin an choinbhleacht phearsanta sin i gcúrsaí moráltachta agus creidimh ar ar thug Máire Mhac an tSaoi 'fireann ar an uaigneas,' téarma a fuair sé ón dán "Deireadh Oileáin" le Máirtín á Direáin, ina léirmheas, "Scnbhneoireacht sa Ghaeilge Inniu", a foilsíodh in Studies i 1955. Bheifí ag súil go bhfreagródh a leithéid de nath tarcaisniúil do réaltacht éigin i saol gach duine, fir agus mná, seachas an Ríordánach bocht amháin. Bheif( ag súil go léireofaí an t-uaigneas agus an choimhlint dá dtagraíonn sí ina cuid filíochta féin -agus léirítear cinnte, m.sh. in "Ceathrúintí Mháire Ní ágáin" - agus i saothar Dí Dhireáin, ach is beag de a léirítear go díreach. Is cinnte go bhfuilléiriú forásta ar an téarna sin sa dán "á Móma". Ach níl sé furasta saintréithíocht an ghnáthdhuine ná an fuile féin a shamhlú leis an ainrialtacht agus an eolchar dá seasaíonn á Mórna. An bhraistint lena gcuirtear cás Dí Mhóma in iúl, áfach, braistint phearsanta Uí Dhireáin is ea í. Ná níorbh fuada ón aigne fuuarchúiseach a chruthaigh "á Móma"

22

Page 23: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

agus dánta mar "Deireadh Oileáin" etc . , práinn agus géire na coimhlinte pearsanta

nó aincheist an fhireannaigh chéasta mar a fhaighimid in "Cnoc Mellerí" UíRíordáin

nó mar a fhaighimid i bpaidir-shoinéid Hopkins mar shampla eile:

Thou art indeed just, Lord, if I contend With thee; but, sir, so what I pIe ad is just. Why do sinners ' ways prosper? and why must Disappointment all I endeavour end? Wert thou my enemy, O thou my friend, How wouldst thou worse, I wonder, than thou dost Defeat, thwart me? Oh, the sots and thralls of lust Do in spare hours more thrive than I that spend, Sir, life upon thy cause. See, banks and brakes Now, leaved how thick! lacéd they are again With fretty chervil, look and fresh wind shakes Them; birds build - but I not build: no, but strain. Time' s eunuch, and not breed one work that wakes. Mine, O thou lord of life, send my roots rain. (Uimh.51) (Machnarn 199 1 ) (5 1 Gerard Manley Hopkins, l e W . H . Gardner, Penguin).

Ní ar leibhéal an chreidhimh ach ar leibhéal na céille atá na dánta "Agallamh" agus "Buíochas" leis an Direánach. Ach is fianaise iad gur cuid de réaltacht Dí Dhireáin leis an daonnacht agus an cathú: Adúirt an chian:

Bí ann i ngan fhios do na cíocha crochta, D ' airm na cluana, Do dhiamhair na suirí, Don chorp seang, Don fholt leabhair. A dúirt an croí: Cá bhfuil mo dheachú

Go héag na hola? A dúirt an chiall: Suigh ar an gclaí Is dearc ar an ainmhí is duine, Dearc ar an bhfiach Is ar chath na colla, Is meabhraigh an gníomh N ach bhfuil ina leith ach tuirse. A dúirt an croí: Is corrach do shuí Go héag na hola.

BUÍOCHAS

Mithid dom mo bhuíochas A ghabháil libh, a dhúile, An comhar a dhíol libh A chreaga loma, A fharraigí cáite,

23

Page 24: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

A chuireadh deocha Oo láeh faoi mo ghruanna

. Nuair nach mbíodh cara eáis agam A d'fhulaingeodh m'ualaeh, N á a d' osclódh doras an fheasa Sa dún diamhair do mo fhuaseailt, Is neart na tola dorcha Ag borradh ehugarnsa.

Cuireann Máirtín an greann leis an scéal nach bhfuil leigheas air agus diúltaíonn sé i gcoirinne dul chun fad scéil leis an bhfadhb. Foilsíodh an dáinín seo in "Ár Ré Dhearóil" i dtús na seascaidí agus ní bheifí ag súil lena thuilleadh ar an ábhar agus an chuma a ndéanann an file ábhar grinn agus fuarchúise agus déja vu den scéal. Bhí aigne i bhfad níos forásta ag plé le fadhbanna eolchair, gnéis nó nádúir dhaonna agus mheasfaí gur mó a d'éirigh a chuid filíochta as dúil san ealaín seachas as dianghá na scnbhneoireachta mar réiteach nó comharthaí catha chun an tsaoil. Ní theastaíonn uaim seanbhróga a dhéanamh den scéal seo mar, ní go dtí gur thosaigh mé ar bheagán machnaimh a dhéanamh ar ábhar na haiste seo a thuigeas nach amhlaidh a thug an Direánach a dhroim le fadhbanna, corraíl agus cíor thuathail na haoise inar mhair sé. Is amhlaidh a chuir sé roimhe leigheas a fháil go fadtréimhseach i múnlú an fhocail.

AN DÍNIT Braithimid cumhacht aontaithe nó gabháil a bheith ar iarraidh i saothar Dí Dhireáin agus is amhlaidh b'fhéidir a roinneadh an rine loiscneach aontaithe sin is bunspreagadh chun filíochta ar na dánta agus ar na hinspioráidí ar leithligh, faoi mar a mheasfáuaireanta a tharla i leith fhilíocht Yeats. Má thógaimid, de ghlanrogha ár láimhe, dán de chuid an Direánaigh chun a fháil amach cad é go díreach is Direánachas ann, ní érreoidh linn é a dhéanamh, dar liom. Aithneoimid séala nó stampa an Direánaigh ach ní déarfaimid, faoi mar a déarfaimis i gcás Hopkins, nó an Ríordánaigh, nó Blake nó Juvenal, gurbh é a leithéid seo de bhunspreagadh seachas i gcás file ar bith eile a bhí á ghriogadh. Arís, má thógaimid dánta deoraíochta nó stoiteachais Uí Dhireáin, agus na sailm a tharraingt chugainn san athuair, an féidir a rá go bpearsanaíonn file Árann fadhbanna as na doimhnibh úd na deoraíochta, nó achainíocha uafáis Hopkins, arís eile? Tá Hnte áirithe aige, áfach, a bhaineann amaéh an éifeacht chroí dhóite sin gur ar éigean a sháraíonn na sailm féin iad, mar shampla -

Ní don óige feasta an seeirdoileán cúng úd. (34)

Agraim thú a sheare na bhFiann Oan eeangal leo gan raidhse dollar. ( 1 1 1 )

M ar cá bhfios nach treise Duine ná daoine fós, Is é ar a mharana Oo eiúin sa ród? (100)

24

Page 25: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Dínit mhór an bhróin (21) An abhlann a thit as lámha na dtréan (96)

Coinnigh do thalamh a anam liom. (65)

Línte den chineál sin - agus tá tuilleadh díobh ann ! - is chucu sin agus chun a leithéidí a ceapadh an fhilíocht agus is ina leithéidí sin is fearr a ionchollaítear cáilíocht na fírinne nó na réaltachta sa Direánach. Dá ndéarfainn gurb é smaoineamh na dínite a chuireann na línte a phioc mé de réir mar a mhothaigh mé cruach nó foghairt ion tu, as glanmheabhair nach bhfuil chomh glan sin ar fad, agus nach de bharr téama a bheith roghnaithe agam, táim cinnte go gcreidfear mé. Is í an dínit thar cháilíocht ar bith eile a mheabhraigh an fear dúinn agus a mheabhróidh an file dúinn go deo. Ba bhealach í an fhilíocht chun dínit an duine agus a oiléain agus a thíre a chur i gcion.

Dúirt file mór tráth Oo mba oileán is grá mná Ábhar is fáth mo dháin; Is fíor a chan mo bhráthair.

Coinneod féin an t-oileán Seal eile i mo dhán, Toisc a iomaice atá Cloch, carraig is trá. C,Jonracas, 69)

AN CREIDEAMH Ní fada ón dínit nó ón ionracas seo an tógáil agus an múnlú a fuair an Direánach, tógáil agus múnlú daingean creidimh agus traidisiúin ar léir ar a chuid filíochta gur chuir a chuid léitheoireachta forásta fairsinge leis. Tabharfaidh mé dhá shampla d'fhilíocht chráifeach uaidh a phréamhaigh i gcleacht a mhuintire agus a foilsíodh . in 6 Mórna agus Dánta Eile sa bhliain 1957. Aithnímid dán Plunkett laistiar de .\ "Crainn Oíche Sheaca" .

CRAINN OÍCHE SHEACA

Oéag-uaigneach gach crann Scartha leis an uile, Íbirtchrot gach crann anocht I bhfianaise na cruinne Is é a dhínit a loime.

Samhail a bheirim do gach crann

Páischrann an chéasta, .

Fíor ar gach crann a chún, Oéagscartha clíréabtha Tréigthe ag an duine.

25

Page 26: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Is mó a thabharfaí gné shóisialta an chreidimh faoi deara sa dán eile a chuirim os bhur gcomhair, "Mí an Mheithimh"-

Mi AN MHEITIllMH

Ní tusa domsa mí an tséin Ach mí an léin is an duifin, Ní súilíní cuimhne a fhilleann Amhail bhrurnrreá an gl� De chomhad an chroí, Nó an leac de nead na gcuimhní Ar thréimhse úd an aoibhnis, Nuair ba tú i mo mheabhairse Tinte cnámh is laethe meala, Mí Fhéile Choilm is mí Eoin, Mí Fhéile Pheadair is mí Phóil, Mí an Phátrúin is an rince Nuair a bhí mo dhaoine sona, Nuair nach mbíodh ag curach uain Lobhadh ar dhuirling d'e�pa cuain. Nuair nach mbíodh an leic mhór Aon Domhnach gan a tionól. Cuir ar ais, a mhí, an leac, Is cuir ar an gcomhad an gl�.

Tá cuid mhór dánta sa chnuasach céanna sin Ó Mórna a chuireann síos ar na Pátrúin, ar na Turais, ar na stáisiúin nó na "Faoistiní" agus ar na séadchomharthaí beannaithe in Árainn. Dán sách fada é "Faoistiní" ach is fiú é a léamh ó tharla gné an chreidimh den fhírinne ann a bheith á plé againn anseo. D'fhéadfaí staidéar a dhéanamh ar an Direánach agus gan aird cheart a thabhairt ar an ngné sin dá chumadóireacht.

Cuimhneoidh gach aon duine ar an gclasaic bheag sin "Cuireadh do Mhuire" as Ro ghaDánta. Ach lasmuigh de na dánta ar théamaí creidimh nó reiligiúnda atá acu, tá lion mór dánta a sheasaíonn le suáilce éigin creidimh nó in aghaidh na luargachta agus an easpa urrama agus dea-thógála. Is de mhúineadh agus de mhéin an phobail thiar iad. Samplaí den chineál sin suáilcis is ea "Mac an Aitis" (90). "Tráthnóna Samhraidh" (69). - Sa dán "An Bás" ( 171) d'fhéadfaí a mheas gurb ionann aige an bás agus Dia an tAthair -

Tar a athair ag gairm do pháiste Abhaile ó chóisir go díonmhar.

AN EAGLA. Meabhraíonhn téama an bháis dúinn téama na spideoige in "Adhlacadh mo Mháthar" . Tabhair faoi deara nach aon ghluaiseacht spideoige i dtreo na meitifisice nó na mistice a dhéanann an Direánach in aghaidh dhorchacht agus rúndiamhracht an bháis ach freagairt chéilli staidéartha thalmhaí atá lán chomh bailí céanna. Mistéir

26

Page 27: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

rómhór, róchoscrach, ró-throm is ea an bás don Direánach agus téann de láthair ghuíodóireachta a dhéanamh de, mar a léiríonn "Leigheas na hEagla" (63) agus "Gáire na hEagla" (50) . Dar leis nach bhfuil leigheas ar an eagla "Ach scéal, is nath, is gáire". Meabhraítear sin dúinn sa dán faoi bhás a athar ina bhfeicimid rí-íogaireacht an pháiste seacht mbliana d'aois i bhfianaise bhás a athar. Tríocha bliain níos déanaí a cailleadh a dheartháir Seán -

LEIGHEAS NA hEAGLA

An euimhin libhse an rnalraeh A ghoin sibh go deaeraeh, Tráth ar ehuir sibh thart seéal Is nath ó dhuine go duine Is rn' athair ag fanaeht Lena eMma ehláir uaibh?

Murar euimhin fós, a theara, Ní thógaim oraibh feasta é, Is gur fadó a dáileadh Libh féin an ehré dhubh, Is go dtuigim le sealad N aeh bhfuil leigheas ar an eagla Aeh seéal, is nath, is gáire.

GÁIRE NA hEAGLA

(Do mo dheartháir Seán a d'éag Bealtaine 1946 R.I.P.) Chuaigh beirt thar ehlaí ar ehreig na leaeht Gur ehuir clóeh ar ehloeh eile trasna, Tráth ar stadadh an eróehar ala, Ag géilleadh do ghnás nárbh eol a thús do neaeh.

Ar tí filleadh don dís do thit na cloeha Is do gháir na daoine faoi ehoirn; Má thugais guth orthu ó do ehareair ehláir, A n-eagla féin faoi deara a ngáire.

Toise eagla ehráite gaeh aon againn Roimh an ród atá romhainn dá thad ár geairde, A dheartháirín rn' anama istigh Maith dhúinn go léir ár ngáire.

Tá namhaid tréan le bréagadh ar an gcuma chéanna in "Blianta an Chogaidh" (78), ceann de shraith dánta ina dtaispeántar míshuaimhneas, mothú meatachta agus coinsiasacht an fhile agus é ag cuimhneamh nár ghlac sé páirt in íobairt agus i bhfulaingt a chomhdhaoine. Tagann na cairde le chéile in áit ar leithligh

Is euirtear gach gáire suilt. Gaeh seéal os eionn seéil Idir sinn is an t-éag.

27

Page 28: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Ní ionann éalú ón mbás agus a éifeacht a sheachaint ná an fhulaingt a sheachaint mar a léirítear in "An Sméis" , dán ina labhraíonn sé ar ' An té a d'fhág bealach na páise' . D'ainneoin go bhfuil réiteach ar fhadhb an bháis sa dán "An Bás", níl ann ach réiteach sealadach, b'fhéidir. Pé ar domhan é. is beag má gurb ábhar magaidh aige an bás i 1950 sa dán

DO DHARACH Ó DIREÁIN (Seanchaí as Eoghanacht, Árainn, a d' éag Eanúir 1950)

Cén seéal, a Dharaigh, ón tír úd thall? Ar easadh Seáinín ort ná Séamus fós An bhfuil Mac Rí Éireann féin san áit? An raibh an Chailleaeh Bhéara rornhat sa ród? Seaoil ehugainn do seéal, a Dharaigh ehóir!

Chuireas do thuairise uair ar Cháit Aeh d'ihágais ise féin gan táse; Fóir orainn, . a Dharaigh, go beo, Is aithris dúinn gaeh eaehtra i geeart, Aeh b' áil liom a rá eén rnhaith bheith leat, Tá an fód, mo léan, i do bhéal go beaeht.

An réadúlacht an toradh atá ar cheisteanna iomadúla an dáin seo ar an seanchaí marbh agus is ar éigean a d'fhéadfaí an dán a thagairt dáiríre do chreideamh nó díth creidimh. Tá sé suimiúil gan a bheith eisceachtúil má chuimhnímid ar na dánta faoi eagla a léamar ar ball go bpléitear an bás sa dán seo gan Dia ná beith shíoraí a lua. Níl ann ach tionóisc ó neamh nó ó lár an fuacht a ghabhann leis amhail is go n-eascródh an dán as domhan na seanphágántachta, ar dó a sheasaíonn an seanchaí, ionadaí na Fiannaíochta agus na Rúraíochta fad ba bheo é.

Ceann de chluichí fadbhunaithe na bhfilí is ea féachaint leis an gceann is fearr a fháil ar nath sollúnta nó seanfhocal. Mothaímid sa dán "Eochair na Foghlama" go bhfuil a dhá chois go daingean ar an talamh ag an bhfile. Prionsabal bunúsach Críostaí na humhlaíochta a spreagann an dán, mar atá i gcaibidil 18 de shoiscéal Lúcás: 'Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é" (L18/14) -

EocIlAIR NA FOGHLAMA

Tú féin a dúirt a Dhia! Is eé déarfadh i Do Choinne. An té a d'isleodh é féin Go n-ardófaÍ é go cinnte: An té a íslíonn é féin abhus B ail óimnhide is túisee air Aeh ní folarnh é dá ehionn, Mar euireann an ehaoi a geaitear leis Eoehair na foghlama ina ghlaie.

Tugtar freagairt thalmhaí fíor-Dhireánach sa dá líne

28

Page 29: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

'An té a ísHonn é féin abhus B ail óinmhide is túisce air'

ach ansin déanann an Direánach athshealbhú fealsúnta thar a bheith Críostaí ar an tíriúlacht chéanna agus cuireann an prionsabal ina cheartseasamh arís -

'Ach ní folamh é dá chionn Mar cuireann an chaoi a gcaitear leis Eochair na fo ghlarna ina ghlaic ' .

Ar bhealach tá sé ag imeacht ón gcreideamh ansin ach ba cheart a mheabhrú go bhfuil an dán i gcomhthéacs paidre ón gcéad líne agus nach namhaid don chreideamh, ach treisiú leis, an fealsúnú trína gcuireann an Direánach focal Chríost in athréim. Samhlaoid na sagartachta a theidhmíonn an Direánach in "Gníomh Dóchais" (169) agus í ceangailte le feidhm faoistine an tsagairt. Cás an thile agus an bhreis éisteachta a thugtar dó go deireanach ina shaol atá faoi chaibidil dáirire aige. Sagart is ea an t-éisteoir an duine a thugann c1uas don thile, agus tagraíonn sé do 'Cluas bhodhar na sagart' ar feadh tamaill thada. Amach i ndeireadh a shaoil (agus tugann seo ábhar dóchais don fhile seo ! ) tá tóir níos mó ar shaothar an Direánaigh -

Ach feicim anois le seal Drearn ag glacadh gráimh N ach gcuirfidh ón mbosca mé Ach a éisteoidh Hom go sásta.

Ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine seachas Caitliceach áitithe traidisiúnta dán mar seo faoin bhfilíocht a scríobh -

GNíOMH DÓCHAlS

Ós faoistin gach dán B a mhór rn' eagla tamall Cluas bhodhar na sagart Go bhfágfadh mise balbh.

Daichead bliain is breis Atá teanga eile agam Ach mo pheacaí fós ba learnh I dteanga nach liom ó cheart.

Ach feicim anois le seal Dream ag glacadh gráimh N ach gcuirfidh ón mbosca rné Ack a éisteoidh liom go sásta.

1 gcead dom athair faoistine . Ní gníomh dóláis tar éis dáin, Ná breithiúnas aitbrí caillte, Ach gníomh dóchais is áil lirm.

29

Page 30: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Luíonn fmnne an chreidimh go domhain socair faoi shaothar fileata Dí Dhireáin agus tugann an creideamh traidisiúnta cothú agus gnéithiúlacht áirithe dó cé nach go fi:osach a tharlaíonn sé sin i gconaí. I bhfilíocht an stoiteachais is mó a mholann an Direánach meon, máithreach agus buntimpeallacht thréadach na seanmhuintire seachas an creideamh féin ar de dhlúth agus snáth na timpeallachta sin é. Mura . bhfuil caint ar chreideamh i ndán áirithe ar bith tá sin amhlaidh, ní toisc go raibh diúltaithe don chreideamh ag Liam Dall Ó hlfearnáin, mar shampla ón 18ú haois, ar comhartha bua agus caithréime aige an creideamh go minic, mar shampla ina theachtaireacht aislinge i véarsa deiridh "Clíodna na Carraige" :

Beidh Aifreann Ard de ghnáth ag eaglais cháidh an tseanchais ghrámhair gheanmnach Óró do leanbh na hóighe Is startha gan cháirn 'na dheáidh sin agaibhse Ar chlár an tábhairne ag trá gach baraille Óró le fairsinge ceoil Seinnidh go sámh gan scáth roirnh ghalla-phoic Le binib gach lá cidh tláth le sealad sibh . . .

AN SÓISIALACHAS Ghoill an bhochtaíneacht go géar ar Mháirtín ina óige agus ní aon iontas é gur shóisialaí é ar feadh a shaoil:

L.P. Céard é do rnheas ar an sóisialachas?

M.Ó.D. Maidir leis an Sóisialachas níl aon chóras gan locht. Caithfidh bun Críostúil a bheith le córas ar bith. Níor éirigh leis an sóisialachas ceart dul i bhfeidhm in aon tír fós, má théann go deo, mar gheall ar na nairnhde atá ag an gcóras sin; go mór mhór lucht an airgid. (Agallarnh le Liam Prut)

Léiríonn sé sa dán "Mo Mháthair" an chaoi ar luigh an t-anró ar a mhuintir agus an blas a d'fhág an bhochtaineacht ina diaidh níos déanaí sa chathair. Scríobh sé dán sách fada ar Shéamus Ó Conghaile sa bhliain 194 1 agus scríobh sé dán i dtacaíocht le dugairí na Gaillimhe a bhí ar staílc, lena ngabhann an loinneog 'ne'er a wing ne'er a wing', nuair a bhí scilling bhreise sa lá á iarraidh ag na dugairí. Scríobh sé dán "De dheasca an Úis" ar inspioráid ó EzraPound. Labhair sé go minic in aghaidh an bureaucracy nó in aghaidh na gcoillteán, in aghaidh an easpa urrama in "An Smaois" agus in Mothú Feirge". Sheas sé leis an bPiarsach agus le laochra an Éirí Amach. Gné den chuid is áille dá chuid filíochta is ea na dánta tírghrá ar foilsíodh a bhformhór i 1961 in "Ár Ré Dhearóil". Ach níor tháinig forb,airt chomh mór agus ba cheart, b 'fhéidir, ar an sóisialachas i bhfilíocht an Direánaigh. Léirigh mé sa staídéar a rinne mé ar shaothar Mháirtín gur file tréadach de réir an nuathréadachais é an Direánach. Ní amháin gurb ea ach is file tréadach é de réir an tseantréadachais i roinn shubstaintiúil dá shaothar. Dán bréagach ó thaobh an mhothúcháin de is ea "Ár Ré Dhearóil" mar nach bhfuil ann ach cáineadh ar an gcathair, gan locht ar bith a fháil ar an oileán atá i bhfritéis léi. Tá an stoiteachas

30

Page 31: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

inghlaetha mar fuírinne anall go dtí "Árainn 1947". Aeh ina dhiaidh sin éiríonn an moladh aontaobhaeh i ndánta mar "Ole Liom" (68) , "Gleic mo Dhaoine" (49) "Deireadh Ré" (51), "Bua na Mara" (51). Tagann na dánta slán toise an díeheall díreata a ehaitear leo agus toise sealbhú agus ionramháil mhórehumasaeh na teanga iontu; aeh tá an smaointeaehas iontu neamhfuorásta go dtí an pointe gurb ábhar leithseéil in "Ole Liom" , . . . nár thógas fós fál / Naeh ndearna mae ehun fónaimh' . Ní féidir a mheas go n-éalaíonn an Direánaeh saor go hiomlán ó eháineadh Dhomhnaill Mhic Amhlaigh, an file Gàidhlig, agus é ag eur síos ar fuilí stoite eile ar nós Ruaraidh Mhie Thômais agus lain Mhic a' Ghobhainn naeh raibh dall ar loehtanna an oileáin dhúehais:

A dh'aindeoin a' ghreim a tha aig an àite air, tha taobhan air a tha e a' CUT làidir 'nan aghaidh, 'Se aon diubh sin an dõigh anns a bheil am po bal a' fiachainn ris an duine aonair a chumail fo smachd.

Agus tugann sé samplaí de na eonstaicí sin óna shaothar féin agus ó na filí eile, m .sh "A' Dol Dhaehaidh" le Mae a' Ghobhainn agus an dán seo a leanas "Bum is Môine 's Coire" le Ruaraidh Mae Thômais -

UISCE IS MÓINTE IS COIRCE

"Uisce is móinte 's coirce" -focal i mbéal strainséara, i ndubh-shluaite an bhaile, i mbaile na strainséirí. Buile! an croí míchéillí. ag lapadaH tllart ar na seanchreaga arnhail is nach raibh slí farraige ann ach í. An croí le bacán, cor ar chor ag an rópa 's í ag éirí gairid, ' s an intinn saor. Is daor a cheannaigh mé a saoirse.

BURN IS MOINE'S COIRC'

"Búrn is mõine's co irc" facal am bial strainnseir, aim an dúmhlachd a' bhaiIe, ann am baile nan strainnsear. Boile! An cridhe gõrach a' faIpanaich mu na seann stalIachan ud mar nach robh slighe-cuain ann ach í. An cridhe ri bacan, car ma char aig an fheist 's i Ias goirid, 's an inntinn saor. Is daor a cheannaich mi a saorsa.

Theastódh breis fairsingeaehta le haghaidh sóisialaehais freisin: aeh deareadh róshimplíoeh a léiríonn dánta uí Dhireáin, deareadh nach dtugann na loehtanna ehun suntais. De réir mar a thugtar neamhaird ar na loehtanna sin is ea a shleamhnaíonn an fuilíocht i dtreo an oileáin mhíréadúil; rud a bhaineann an gus as an bhféith

3 1

. 1

Page 32: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

sóisialachais a bhí ag teacht thun tosaigh ina chuíd filíochta. Cúis eile b�fhéidir le fuineadh úd an tsóisialachais ann ab ea an tionchar mór a bhí ag Yeats ar fhorbairt fhilíocht an Direánaigh, rud a mhaígh an Direánach féin in agallamh seríofa liom féin agus rud a d'aithin Eoghan Ó Tuairisc ina aiste "Mhol Yeats go múinfí Gaeilge is Gréigis" (RP84) -

Má bhí daonnúlaehtealaíontanaGréigise le fáil áit ar bith sa Ghaeilge, basaNua-Ghaeilge a lonnaigh sí, i seéalta an Phiarsaigh, Shean-Phádr aie Dí Chonaire agus Mháire agus nuair a thángamar ehomh fada leo, i bhfilíocht Uí Dhireáin, i gcomhráití Dí Chadhain, i bprós-eipie Uí Chriomhthain.

. Jtií té a dhéanfadh a mhór d'inspioráid na habairte thuas agus í a thagairt don bireánach, is mó a d'fheicfeadh ábhar filíochta is gaire do Ronsard agus d'fhilíocht shaorga shaothraithe na cúirte ná filíocht a bheidh ag iarraidh a bheith ina cúltaca don chreideamh ná do chreideamh ar bith. Is le healaín na bhfocal a chuaigh Máirtín d'apres Ma1larmé - rendre un sens plus pur aux mots de la tribu - caint a thugtar sa réamhrá le 6 Mórna agus Dánta Eile. Ná níor ghá dó é féin a thagairt do chúis ar bith de chineáI a bheadh Máire Mhac an tSaoi a mholadh dó in Innti 8 -

Níl aeh an t-aon mháistirsenôhneoir amháin sa litríocht chomhaimseartha, sin Máirtín Ó

Cadhain. Tá scoil filíochta ann. Táimid go léir ann. Tá an scoil sin an-mhaith ar fad ach níor tháinig aon cheannasaí ar an scoil. Tá Máirtín Ó Direáin róshéimh, b'fuéidir. Is file an-bhreá é an Direánaeh, m1 aon amhras in aon ehor faoi sin. Tá údarás in easnamh air. Ní ehuireann sé é féin ina luí ar lucht a léite. Níl do dhóthain teannta le haithint sna dánta, táid ag imeacht go róréidh. D'fhéadfaidís a bheith i bhfad níos fearr. Tá siad neamhdhíobhálach agus ní leor é sin dó féin ná don nGaeilge .

. Ní fheadar an nglacann Máire Mhac an tSaoi a leithéid chéanna de fhreagracht chinni:t:e uirthi féin, ach chomh beag leis an Direánach?

Ag tagairt dó do bhreithiúnas Sheáin pí Thuama in Filí F aoi S ceimhle (42) agus ag tosú dó mar a leanas le caint Sheáin Dí Thuama,

file pobail é Máirtín Ó Direáin arb é is príomhábhar dá shaothar ná ' an t-oileán a bhí' ; is file príobháideach aonair é Seán Ó Ríordáin arb é is cás dó go bunúsachná 'an Ríordánaeh a bheidh' . . .

Deir Seán Ó Coileáin

Pé ní i dtaobh ehuid an Direánaigh den scéal, samhlaítear dom gur treise go mór d'ábhar ag an Ríordánach an fear atá. (SÓC6)

Má ghlacairnid lena leithéidí sin de bhreithiúnais ar an Direánach - Mac an tSaoi, Ó Tuairisc, Ó Tuama agus Ó Coileáin ag cur c1aonadh áirithe ar . ionad tábhachta an Direánaigh, · is deacair éalú ó cheist bhunúsach amháin: An é atá á rá ag na scríbhneoirí sin, seachas Ó Tuairisc, gur tábhachtaí i gcúrsaí scríobh na filíochta dhe an lá inniu agus an choinbhleacht Iaethúi1; poIaitiúil nó eile, ná an ealaín, ar rud í go minic a dhéanann dearmad ar fhadhbanna agus ar strus an Iae,

32

Page 33: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

agus ar tábhaçhtaí léi a bheith saor Ó cheangail an riachtanais, an bhochtanais" an uaignis etc7 · An .bhfuil cúiseanna seachas cúiseanna ealaíne á dtagairt don fhile? Nó an bhfuil sé á bhrath ag an lucht critice seo gur cuid den ní is dual don fhile é a bheith ina chrann taca don lag agus a bheith ar cheann na círéibe ag iarraidh a phobal a shaoradh ón éigeart? Más cuid de dhualgas an fhile a leithéid de sheasamh a dhéanamh thar ceann na ndaoine a labhraíonn ealaín an fhile ar a son, teipeann ar . an Direánach é sin a dhéanamh mar nach pobal beo a phobal ach pobal oileáin ar oileán de' chuid na samhlaíochta é le himeacht aimsire. Mar·gheall air sin, ní teanga phobail ach teanga phríobháideach teanga Dí Dhireáin. Ní mó is féidir file pobail a- thabhairt air, mar a thug Ó Tuama air, ach chomh beag, ach file príobháideach. Agus tabhair faoí deara, de réir na mórchriticeoirí seo, gurb é an file príobháiêIeach fulangach úd na teanga leath leis is fearr a thugann cinnireacht pobail mar go seasaíonn a chomhrac . laethúil in aghaidh an bháis agus na heasláinte agus ar son shláinte an duine agus an náisiúin; a intinn agus a fho-intinn á gcothú (Agus cuimhnigh nach nglacfadh Mac an tSaoi le ' tigín fo-intinneach bán' mar nach dtuigfí é gan eolas ar Bhéarla! ) ag striapach allúrach an tsaoil mhóir lasmuigh den traidisiún.

Ach is argóint thanaí an méid sin. B 'fhile é an Direánach ar tábhachtaí ná sin arís a shaothar. Is féidir a rá le fírinne ina thaobh an rud a dúradh faoi Alan Dukes, murarbh é féin a dúirt é, go raibh sé in it for the long haul! Gníomhú sóisialach i gceann de chialla leathana an fhocail a roghnaigh sé nuair a chloígh an Direánach leis an meán nó leis an bhfocal féin in áit a bheith ag freagairt d'fhadhbanna agus do ghéarchéimeanna a linne ar bhealach ad hoc. Cuspóir réabhlóideach a bhí aige nuair a chuir sé roimhe teanga na hinspioráide a athshealbhú, teanga a bhí á stoitheadh as béal an phobail, agus an teanga dhaonnaithe, nuaghafa sin a aisbhronnadh ar an bpobal. Dá réir sin, dhein sé dícheall an ealaíontóra i réimse na healaíne éifeacht chultúrtha na deoraíochta a chur ar neamhní. Mura raibh sé gan locht, ba é locht John McCormack a chasfaí leis: ní i gcónaí a bhí smaoineamh nó inspioráid a dhiongbhála ar fáil dó ó smaointeoirí an phobail. Ach níl aon saothar dá ndearna sé suarach agus tá áilleacht mhór i ngach dán leis. Más cothú easnamhach a fuair sé chuaigh sé lasmuigh den traidisiún, ónar ghair sé i leith an Haicéadach agus Céitinn agus filí na ndánta grá. chun go mbeadh Berkley is Swift is a leithéidi rannpháirteach sa tuisçint nua ar an traidisiún a bhí á cruthú aige thar ceann a phobail chomhaimseartha. Sa tslí seo bhí an Direánach tábhachtach as cuimse d'fhilí dáiríre ar nós an Ríordánaigh . .

Labhraíonn Erich Heller ar an 1 1 disinherited mind 1 1 a raibh mórscríbhneoirí nuaré na Gearmáinise i ngleic léi. Ní lú is fíor gur ar mhaithe le hathghabháil na haigne deoranta céanna a shaothraigh Máirtín Ó Direáin i gcanúint agus i gcleacht eile .. Ba bhráthair dó an Ríordánach i leathnú scóip na filíochta ó ansmacht an traidisiúin a d'ob gach nuasmaoineamh chun go n-aithneodh an traidisiún é féin i dtimpeallacht nua. Má bhí dhá chois an Direánaigh de réir cosúlachta sáite go daingean sa traidisiún go gnách ba mhinic é ag fágáil na cúngachta agus ag teacht os comhair an tsaoil réadúiL Bhronn an Direánach an seantraidisiún slán leathnaithe ar an Ríordánach a bhí an-toilteanach Gleann na nGealt

33

Page 34: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Is a bhfuil d'aois seo ár dTiarna i d'fhuil a fhágáil thoir chun teacht ar a intinn féin is a chló ceart, is é sin, chun an sean is an nua a chomhshnaidhmeadh sa traidisiún céanna a bhí á athnuachan ag na filí nua. Labhraíonn an Direánach go comhaimseartha le linn dó a shúll a choimeád ar an leanÚDachas cruthaitheach. Teipeann ar chuid mhaith dár 'mórfhilí' nua an leithne riachtanach scóipe sin a bhaint amach. Shaothraigh an Direánach acmhainní uile na teanga go rathúil fiú má theipeann ar a iarrachtaí uaireanta chun focai! a bhaint as

na cúinní, focail mar na cinn seo a leanas, b'fhéidir: cnis, inchis, sméis, mála an . tsnáith ghil. Ach ní bhaineann na focail aonaracha sin de shaothrú achmhainní ulle na teanga arb ionann é cuid mhór agus an séalú nó sealbhú a rinne sé ar an teanga sa tslí nach dtig linn comhrá atá gaolmhar leis an litríocht a bheith ar bon againn gan nathanna de chuid_Uí Dhireáin a theacht ar bharr ár dteanga.

Filí ai- aon tábhacht iad an Direánach agus an Ríordánach. Tá teanga phríobháideach níos fairsinge ag an Direánach ach éiríonn le glaoch práinneach géar an Ríordánaigh éisteacht a tháil dóibh araon. A thúisce a éistear leis an mbeirt acu le chéile is ea a thuigtear an tábhacht a ghabhann le hathnuachan an fhocail nó an bhriathair.

Agus is é an focal an fhírinne. Na tagairtí do dhánta Mháirtín in Máirtín Ó Direáin, Dánta 1939 - 1979.

34

Page 35: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

GAIRM SPIORADÁLT A AN IRISEORA

Risteárd Ó Glaisne . Obair í an iriseoireacht fearacht go leor saghsanna eile oibre.

An té atá faillíoch, DÍ oireann sé di. Caithfidh sé a bheith tapa agus cruinn ag . bailiú agus ag dáileadh eolais. Caithfidh sé a bheith ábalta cruth soléite a chor ar a scéal. Caithfidh an scéal a bheith réidh aige le cor i geló fad atá daoine fós ag cor spéise ina leithéid - más nuacht atá ann, DÍ mór é sin a bheith san oifig chomh luath ar bith agus is féidir.

Bheadh an méid sin fíor faoi iriseoir de chineál ar bith - iriseoir lánaimseartha atá ina thuairisceoir oilte, mar shampla, nó saoririseoir a bheadh ag cor síos ar eachtra a bhain dó féin nó do dhuine eile, a bheadh tar éis agallamh a chor ar dhuine nó a bheadh ag plé ceiste éigin, b'fhéidir.

Cheapfainn go bhfuil saol spioradálta ag an uile dhuine, ach ní chuireann an uile dhuine an t -aiceann céanna ar thábhacht an spioraid ná DÍ chreideann an uile dhuine gor Dia síoraí uilechumhachtach uilemhaith uileláithreach foinse agus ní an spioraid. Creideann an Críostaí é sin. Aon duine a chreideann sin go daiIigean ina chroí, beidh a ·rian ar an uile rud a dhéanann sé - fiú nuair a bhíonn sé ag dul in aghaidh spiorad Dé féin, nó ag "peacú," mar a déarfaimis.

Creideann an Críostaí go bhfuil neart ó Dhia féin istigh ann, go bhfuil gaol pearsanta aige le Dia, gor féidir leis labhairt le Dia agus éisteacht Leis agus go bhfuil d' acmhainn ann tabhairt faoina thoil a chur le toil uilemhaith Dé. Creideann an uile Chríostaí gur féidir leis Dia a chloisteáil ag glaoch air chun an obair seo nó an obair siúd a dhéanamh - agus go bhfuil A theachtaireachtaí le fáil le linn na hoibre freisin.

Sin bunús ghairm spioradálta an iriseora a chreideann i nDia den chineál atá luaite agam.

Gairm spioradálta? Is ea. Deir Críostaithe gurb É Dia Spiorad na háilleachta, na maitheasa agus na fírinne.

Tá sé tuigthe againn go bhfuil an áilleacht, an mhaitheas agus an fhírinne gaolmhar lena chéile agus aontaithe lena chéile fosta i ndeireadh na dála thiar. Agus sa mhéid gur ag freagairt do ghlaoch ón Neach Dhiaga seo atáimid agus sinn i mbun na ·hiriseoireachta, is follasach, is dócha, go mba chóir an áilleacht agus an mhaitheas agus an fhíirinne a bheith i dtorthaí ár saothair.

Mar neach atá teoranta agus ag obair i measc neacha teoranta, ní mar sin a bheidh saothar an iriseora i gcónaí, áfach.

Scrúdóidh mé cuid de na deacrachtaí. Is iomaí gné ar an áilleacht, don iriseoir féin. Léireofar é, b 'fhéidir, i ngrástúlacht

mheoin nó i stíl scríbhneoireachta. B 'fhéidir go gceapfá go mbeadh fáiIte rompusan san iriseoireacht ar fad, ach ní

móide go gceapann tú aon ní dá shórt. Tá an saol feicthe agat. Is maith is eol duit gur fearr le lucht riartha páipéar go minic an tua ná an troa. Agus maidir le háilleacht

35

. . "

Page 36: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

friotail, cé go bhfáiltítear íoimpi corruair, cinnte, ní ina diaidh sin a chíonn a lán d'eagarthóirí an Iae inniu, nó d'eagarthóirí Iae nó Iinne ar bith.

Bhíodh colún GaeiIge ag Desmond Fennell sa Sunday Press gach seachtain blianta fada ó shin. Domhnach amháin bhí píosa aige ar theacht an aingiI GaibriéiI chuig Muire i Nazarat timpeall trí ráithe roimh bhreith Íosa. As traidisiún crábhaidh seachas mo shaintraidisiún féin a fáisceadh an aiste sin, ach thaitin sí liom go seoigh. Bhí míneadas inti agus tuiscint, ciall don iontas, léargas ar bhuanna Mhuire agus ar ghlóir Dé agus caint a mheas mé a bheith as cuimse álainn. "Anois, cén fáth nach . iriseoireacht íogair éifeachtach mar sin a fhaighimid de ghnáth?" arsa mise liom féin.

Ba cheart dom nóta a chur chuig an eagarthóir á rá-san. 'Cheal ama, cheapfainn, ní dhearna mé é ach an chéad uair eile a bhuail mé le Desmond Fennell féin, luaigh mé an t-alt sin leis agus mhol mé go hard é. Mo léir, d'éist sé liom agus ansin rinne sé gáire nach mibh saor ón tseirbhe. "Rinne an tEagarthóir clamhsán liom faoin dréácht céanna," ar seisean. "Dúirt sé liom gan a thuilleadh mar sin a scríobh."

Cé uaidh a dteastaíonn áilleacht? Theastódh sí ó gach aon duine, dar liom, ach go gcothófaí uirthi é níos minice agus níos fearr ná mar is gnách faoi Iáthair. Ní thuigtear é sin go fairsing, faraor.

Ach Ieanaimis ar aghaidh le deacrachtaí. Ní álainn a bhíonn an fhírinne i gcónaí. "Bíonn an fhíirinne searbh" a deir an

seanfhocal. Éadóchasaí críochnaithe a chum é sin, ach is cinnte nach milis a bhíonn an fhírinne i dtólamh. Agus dual gas ar an iriseoir - ar aon saghas scnbhneora atá ag iarraidh a thoil a chur le toil Dé - an fhírinne a insint feadh a chumais.

D 'fhéadfadh sé seo sinn a choinneáil ag caint agus ag machnamh ar feadh i bhfad. Ní dhéanfaidh mise ach cuid de na deacrachtaí a thabhairt ar aird anseo.

Is pribhléid an-mhór ag duine ar bith a bheith ábalta a chuid eolais agus a chuid samhlaíochta a chur in iúl réasúnta maith. Bua é ar féidir é a fheabhsú agus a thabhairt in aibíocht leis an aimsir ach cur chuige. Ní bua é atá ag cách, ar ndóigh.

Pléisiúr ar leith ag iriseoir ar aoibhinn leis dea-thréithe a lucht aitheantais, caoi a fháil trácht go gIéineach orthusan. Ach ní le moladh ar fad atá aon duine againn. Ní deas, ach is riachtanach uaireanta, a bheith dian faoi dhaoine atá ar aithne againn agus a thaitníonn linn go pearsanta, gach uile sheans.

B 'fhéidir gur cuimhin leat rud a bhí á iarraidh ag Erskine Childers, an Teachta Dála a bhí i bpáirtí de Valéra agus ina Uachtarán ar Éirinn ina dhiaidh sín, blianta éigin ó shin gur mó a dhéanfaí foilsiú ar an dea-nuacht ná ar an drochnuacht feasta. Aire rialtais ab ea Childers san am, agus shíl a lán iriseoirí gur chúis mhór é sin lena iarratas - go deimhin, gurbh é sin a phríomhchúis. Is fearr a d'oirfeadh sé don rialtas atá i réim gur ar na nithe is fónta atá á ndéanamh aige a leagfaí an bhéim ná ar na nithe is ainnise atá á ndéanamh aige. Is fiú breis machnaimh a dhéanamh ar an mholadh úd, mar sin féin.

Nuair a thosaímid ag smaoineamh ar an mhaith, seo ceist: An bhfuil ábhair ann nár cheart don iriseoir Críostaí drannadh leo?

. Ní ar aon fhocal a bheadh gach Críostaí faoi sin. Tá Críostaithe ann a cheapann gur fearr gan baint ná páirt a bheith acu féin ná ag a gcomh-Chríostaithe le rud ar

36

Page 37: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

bith ach an scoth. Tá Críostaithe eile a aithníonn nach den scoth cuid mhór de na dIaoine ná cuid mhór den saol atá ina dtimpeall, ach a chreideann leis nach dual dóibh neamhshuim a dhéanamh de na daoine nó de na nithe sin - gur dualgas orainn iad a thuiscint agus a shlánú le cuidiú Dé. Creidim féin gur ar éigean atá aon ábhar ar domhan nach ceart don iriseoir Críostaí a bheith sásta é a phlé, nó plé leis. Ach tuigim na fadhbanna. Fágann an salachar nó an t-olc a lorg orainn. Agus fágann . siad a lorg ar dhaoine eile - ar ár gcuid léitheoirí, mar shampla. Cuimhnímid ar

fhocal Chríost: "Mura gcasa sibh arís chun a bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche . . . Má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige. Is mairg don domhan mar gheall ar na scannail. . Is éigean an scannal a theacht, ach is mairg don duine a dtagann an scannal tríd . . . " Ar mhéid áirithe, is leanaí os comhair Dé sinn ar fad, ach tá cuid dár muintir níos soleonta ná a chéile. Tuigimid go gcaithfimid cuid de na daoine ar a laghad a chosaint ar nithe docharacha - fiú murar dochar dúinne go pearsanta na nithe áirithe sin. Cuimhnímid ar fhocal Phóil Naofa - " . . . Cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap ná tuisle a chur ar bhealach ar bhráthair. Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é . . Má bhíonn an biá: a chaitheann tusa ag goilliúint ar bhráthair leat, nH tú ag maireachtáil feasta de réir an ghrá. An duine a bhfuair Críost bás ar a shon, ná mill é leis an mbia a chaitheann tú . . . " (Rómh. , 14: 13- 15). Ar an taobh eile den scéal tá focal againn a leagtar ar Íosa (Eoin 7:24): "Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear, ach tugaigí breith chóir." Mar dhaoine fásta a chaithfimid gníomhú go minic, cinnte. Mura bhfuil an saol ar fad faoinár súil, agus cur amach áirithe againn ar a bhfuil ann, ní bheimid in ann cuidiú lena shlánú faoi chumhacht Dé. Luaigh Críost féin arís mar atá - gur "amach as croí na ndaoine a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochta, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht" (Marcas 7:22). Caithfimid aghaidh a thabhairt orthuso, ach caithfimid gan iad a chothú. Deacair cothrom a bhaint amach air sin.

Tugann sin an chaoi a ndéanfar an scríbhneoireacht anuas. Más íriseoir in aon chor thú, caithfidh do scríbhinn a bheith soléite. Tá fiche cleas ann chun spéis an léitheora a mhúscailt agus a choinneáil dúisithe.

NH díobháil ar bith ina bhformhór. Ach, arís, tá modhanna ann is fearr agus is measa ná a chéile.

Tógaimis an greann. Is deas é an greann, agus uaireanta is fearr a dhéanann an greann scéala ar an

fhírinne ná a dhéanfadh rud ar bith eile. Ach tá greann agus greann ann. Tá greann bog carthanach ann agus tá greann géar goinideach, agus an greann a luíonn in áit éigin eatarthusan - an íoróin, mar a thugtar air go minic. Gléas loinnireach ag iriseoir a bhfuil lámh mhaith aige uirthi í an íoróin. Ach gléas fíneálta í. Dá ghéire í, caithfidh sí a bheith mín fosta. An té a cheapann gúr mar a chéile í agus bairseoireacht, tá an-bhreall air.

37

Page 38: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Is é an rud is dainséaraí faoin ghreann, nach dtuigfeadh an léitheoir gur greann atá ann agus go nglacfadh sé 10m dáiríre leis. Seachnaím féin é agus mé ag scríobh go han-mhinic - go rómhinic b'fhéidir ar an ábhar sin.

Arae tá sé iontach éasca daoine a ghortú, fiú uaireanta a gceapfá nach ngortófá aon duine.

Sainmhíniú a chuala mé ar uasal le déanaí, duine nach ngortódh aon neach. Ach an gá don té a bhfuil an uaisleacht ann daoine a ghortú uaireanta níos túisce ná ligean leis an bhréag agus leis an éagóir?

Ní ar aon tuairim a bheidh daoine i gcónaí faoi cad atá bréagach, ar ndóigh. Déantar tagairt sa Ghaeilge uaireanta - agus, is dócha, i ngach teanga - don "fhírinne ghlan. " Is minic a chuimhním ar dhráma leis an Éireannach truamhéalach traigéideach úd Oscar Wilde (mac "Speranza" an Nation) , The Importance of Being Ernest. Ag pointe amháin sa dráma chéanna tá beirt charachtar ag caint, agus déahann duine acu tagairt don "fhírinne ghlan shimplí." Is annamh an fhírinne glan, agus d'fhéadfá a rá gur beag má bhíonn an scéal an-mhinic againn, mar is feasach sinn.

Fiú mionseoraí praiticiúla ar rud, ní furasta ar fad iad a thabhairt chun cruinnis i gcónaí.

Cuimhním ar scnbhneoir agus iriseoir Gaeilge atá anois ar shlí na fírinne. Bhíodh a chuid tuairiscí siúd breac le botúin. Is cuimhin liom duine amháin ar chuir sin as dó arís agus arís eile a rá liom go ciúin neamh-mhallaithe: "Sin rud nach bhfuil leigheas aige air, creidim. Sin an cineál duine atá ann."

Bhí aithne agam ar an iriseoir úd, agus cheap mé go raibh mo chara beagán róchineálta faoi, mar bhí tuairim láidir agam go mbíodh an fear céanna ar nós cuma liom rómhinic faoi nithe áirithe a bhí á ndéanamh aige. Ach tá a fhios agam féin go dóite, tar éis dom a bheith ag dul don iriseoireacht le daichead bliain, chomh héasca agus atá sé agam meancóg a dhéanamh de gur cruinn an méid a scríobhaim, agus ina dhiaidh sin cuirtear ar mo shúile dom ó am go chéile go bhfuil dearmad anseo agam nó dearmad ansiúd. Uair amháin chuir mé agallamh ar thimpeall 's cáad scnbhneoir Gaeilge in imeacht dhá bhliain don seachtanán Inniu. Ba bhéas liom m ' alt a chur faoi bhráid an scnbhneora chomh minic ar bith agus ab fhéidir liom sula rachadh sé i gcló. Ar éigean a bhí aon duine nach raibh rud éigin agam faoi nach raibh beacht ar fad - ar ndóigh, mhaireadh gach agallamh ó uair an chloig go dtí (i gcás amháin) sé huaire an chloig, agus ní furasta gach uile shórt a bhreacadh chun do shástachta san fhad sin.

An lá atá inniu ann, ní ar pháipéir amháin a smaoinítear nuair a thráchtar ar iriseoirí. Luaitear le cláir raidió agus cláir teilifíse freisin iad. Tá neart iriseoirí againn anois atá ag obair do stáisiúin riadió nó teilifíse seachas d'irisí nó do nuachtáin.

Is coinsiasach agus is slachtmhar a dhéanann cuid acusan a gcuid oibre agus iad ag plé le cúrsaí reatha, ach ní mór dúinn a admháil gur iomaí rud a thagann ón iomarca acu nach mbíonn saor ó chlaonadh ar chúrsaí polaitíochta nó ar chúrsaí creidimh, mar shampla. Gan fhios dóibh, nó a leath gan fhios dóibh, a bhíonn an scéal sin go minic, creidim. Ar bhealach is iontach mar a théann lucht cumhachta i bhfeidhm ar

38

Page 39: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

intinn agus ar spiorad a lán iriseoirí, ach ar bhealach eile ní iontach sin ar chor ar bith, arae más é a gcúram anailís a dhéanamh ar a mbíonn ar siúl, ní foláir dóibh, chomh maith, comhbhá de shaghas áirithe a bheith acu le gluaiseachtaí a n-aimsire freisin. Diaidh ar ndiaidh tosaíonn barraíocht dár n-iriseoirí ag déanamh cinsireachta ar a smaointe féin ar chúiseanna nach bhfuil fiúntach ar fado

Ach tá rud eile ann is measa arís ná sin, dar liom, agus is oth liom a rá go bhfuil . ar a laghad duine amháin a raibh an-mheas agam air tráth sáite ann.

Is féidir cuid mhaith a fhoghlaim faoi ealaíona na cumarsáide, agus tá cúrsaí chun a leithéid a mhúineadh á gcur ar fáil sa tír seo le tamall anois. Spéisiúil go leor, chun cuidiú le Críostaithe a oiliúint chun an Soiscéal a chur i bhfios ar an raidió agus ar an teilifís chomh breá agus ab fhéidir is ea a cuireadh tús leis na cúrsaí sin, más cruinn mo chuimhne. Ach is féidir rud maith a thruailliú. Theastaigh ó lucht polaitiochta ealaíona na cumarsáide a fhoghlaim dóibh féin fearacht lucht creidimh. Agus ó bhí brabach le fáil as iad a mhúineadh, ba ghearr go raibh tionscal beag nua faoi 1án seoil.

Ar ndóigh, níor dhochar ar bith polaiteoir a chur ar an eolas faoin chaoi ab fhearr dó labhairt, nó fiú faoin chruth ab fhearr a bheith air agus é os comhair ceamaraí teilifíse, mar shampla. Ach tá cuid de na comhairleoirí seo ar chúrsaí cumarsáide ar a laghad tar éis dul i bhfad thairis sin agus iad ag oiliúint na bpolaiteoirí, agus tá a rian ar i bhfad barraíocht dá bhfaíghimid anois ó pholaiteoirí ar an raídió agus ar an teilifís. Is eagal liom gur mó an t-am a chaitear ag múineadh do pholaiteoirí conas cor a chur san fhírinne nó cad é an uair is fearr gan an fhírinne a insint agus conas í a cheilt ná a chaitear ag múineadh dóibh conas an fhírinne a insínt go híonraíc chun go ndéanfar leas na tire chomh luath agus chomh mór agus is féidir.

Ní ionann bua friotail a bheith ag duine agus sinn a bheith ábalta talamh slán a dhéanamh de gur chun an fhíriime a chur chun cinn amháin a bhaínfidh sé feidhm as.

Ar éigean atá aon duine i mbun scnbhneoireachta amháin do na hirisí nó do na páipéir i nGaeilge faoi láthair. Ag Lá i mBéal Feirste agus ag Anois i mBaile Átha " Clíath tá daoine áirithe a chaítheann cuid mhór ama ar an scríbhneoireacht dóibh. Mórbhunáite na n-iriseoirí Gaeilge, obair de shaghas eile a choinníonn an cár iontu: le linn dóibh a bheíth saor ón obair sin is ea a scríobhann siad a gcuid alt agus aístí.

Ní mór Hon na scnbhneoirí a bhíonn ag plé le cúrsaí crábhaídh i nGaeilge, ná ní líonmhar na gléasanna atá ann dóibh. Bíonn blas ar an bheagán féin, áfach. Tá leabhair de chineálacha éagsúla - ó leabhair de phaídreacha go dtí beathaísnéis, diagacht, stair agus eile ag teacht ó chomhlachtaí mar Fhoilseacháin Ábhair Spioradálta (F.Á.S.) , An Sagart agus le déanaí Preas Cholm Cille. Rinne M�H. Gill & Son agus Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, m.ar shamplaí, a gcion san am a caitheadh. Bhraith a lán i gcónaí ar an duine aonair a dhéanfadh obair ar leith í gcás comhlachtaí mar sin - Breandán Mac Giolla Choille agus Art Ó Riaín i gcás Foilseacháin Ábhair Spioradálta i dtús a réime, agus an tAthaír Seosamh Ó Muirthile, an tAthair Diarmuid Ó Laoghaíre agus an tAthair Seán Ó Duibhir ó shin; an tAthair Pádraíg Ó Fiannachta i gcásAn Sagart, Seán O'Boyle i gcásPreas Cholm Olle , agus Stiofán hAnnracháin í gcás An Clóchomhar, a bhfuil c.uid de léachtaí

39

Page 40: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

\ .,

L

Gaeilge Institiúid Fealsúnachta agus Diagachta Pháirc Bhaile an Mhuilinn foilsithe aige le blianta beaga anuas. Tá na hirisíAn Sagart agusAn Timire ann: ár mbuíochas as a n-eagarth6ireacht siúd ag dul arís don Athair Ó Fiannachta agus don Athair Ó Laoghaire le blianta anois. Tá daoine a scríobhann do na foinsí sin agus nach scríobhann d 'fhoinsí ar bith eile - is cosúil go nglacann siad leis gur cineál aspalachta acu é sin.

Mar atá ráite ag P61 Naàfa, baineann sin le tíolacthaí áirithe a bhronntar orainn. Tá Dia in innimh a gcuid buanna a úsáid, más toil linn dul Leis.

"Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn," dúirt P61 (R6mh. , 12:6,7). "Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh. An té a fuair bua freastail, déanadh sé freastal: bíodh an múinteoir ag múineadh agus an comhairleoir ag comhairliú . . . "

Fáistine, freastal, múinteoireacht agus comhairliú cuid nach beag d' obair an uile iriseora.

Gairm chun eachtraíochta gairm spioradálta na hiriseoireachta - cibé saghas iriseoireachta í - dar liom. Beidh taismí agus tubaistí agus teipeanna í gceist

, uaireanta: caithfimid teacht tríothusan. Ach gairm uasal í go bunúsach - agus ní mór dúinn glacadh leis nach gcruth6imid chomh maith agus ba mhaith linn i gc6naí i láthair na barruaisleachta atá intuigthe as nádúr Dé. Mar sin féin, pribhléid againn buaicaidhmeanna a bheith againn dár saothar.

40

Page 41: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

AN tIRISEOIR I gCÓRAS NA MÓRMHEÁN IN ÉIRINN INNIU

Nollaig Ó Gadhra Is coitianta go mór inniu Gaeilgeoirí a bheith ag eagrú imeachtaí trí Bhéarla ar

mhaithe leis an móramh, mar a deirtear, nó mar chuid den fhealsúnacht nár cheart ceisteanna tábhachtacha nó bunúsacha a phlé i nGaeilge ar eagla go gcuirfí ole ar dhuine éigin atá aineolach i dtaobh na teanga nó - níos miniee go mór fada le súil gur mó an aird a thabharfaidh lucht iriseoireachta ort má ghéilleann tú do na caighdeáin chaidrimh phoiblí is coitianta a bhfuil glacadh leo in Éirinn ár linne. Tá lucht na Gaeilge féin chomh mór sin faoi thionchar na luachanna caidrimh phoiblí ón iasacht, a bhfuil a n-áit féin acu i ndíol earraí áirithe ar an nua-nós Meirieeánach, gur minic a cheapfadh duine gur tábhachtaí le lucht na Gaeilge féin fiúntas an chaidrimh phoiblí i mBéarla a bhíonn ar intinn acu ná fiúntas cibé píosa oibre atá in ainm is a bheith ar bun acu féin.

Ní hiad lucht na Gaeilge féin amháin atá tugtha don ghalar seo in Éirinn faoi .

láthair. Tá an rud céanna fíor faoi lucht gnó, faoi lucht polaitíochta, faoi lucht na hEaglaise féin . . . daoine chomh buartha faoin méid a bheas le rá ag na mórmheáin ina dtaobh, thar lear, i Sasana ach go háirithe, agus ar mhórmheáin an Bhéarla in Éirinn féin, gur fearr leo a mbéal a choinneáil dúnta ar fad, má tá rud éigin le rá acli a thuigeann siad a tharraingeoidh raie nó cáineadh ón Cheathrú hEastát - an gléas tábhachtadh cumarsáide úd atá mar bhunchloch leis an saol daonlathach ina mairimid agus atá in ainm is a bheith ina scáthán cothrom d'fhíricí na beatha den saol thart orainn, chomh agus is féidir le córas daonna ar bith a bheith.

Scéal mór, cothrom é i ngach tír, gan amhras, cé chomh cruinn is a bhíonn an scáthán de shaol an phobail a chuireann na mórmheáin ar fáil, cén brú cinsireachta is mó atá ann, cé na beamaí, na réimsí tábhachtacha de scéalta is mó a fhágtar gan scagadh, cé na dreamanna is mó a imríonn tionchar ar an rud a léimid nó a chloisimid nó a fheicimid, ar nuachtáin, irisí, raidió is teilifís, agus cé nadreamanna nó na daoine is mó a bhrúitear faoi chois nó a fhágtar ar an taobhlíne nuair a bhíonn "díospóireacht náisiúnta" de chineál ar bith ar bun?

Ceisteanna móra casta ar fad is ea gach aon cheann de na ceisteanna seo, a bheadh thar acmhainn na haiste soo. Táim ag glacadh leis ar ndóigh go n-aontaíonn ár bhformhór mór leis an tuairim gur cheart an éagsúlacht tuairimíochta sin a bheith bunaithe ar eolas cruinn agus ar dheiseanna a bheith ag an duine aonair agus ag an iriseoir aonair duI ar thóir an bhuneolais agus na mbunfhíricí más spéis leis iad agus más gá iad chun tuairimíocht stuama a chur ar fáil. Is ceart na buntuiscintí seo a lua, i gcomhthéacs na hÉireann féin, mar cé go bhfuilimid go léir tugtha do ríomh na bprionsabal is uaisle maidir leis na CÚfSaí seo, agus go maslófá boc mór "ar bith in RTÉ nó ar bhoird na nuachtán dá gcuirfeá ina leith gur chinsire gairmiúil é, tá a fhios ag an saol gur mar sin atá. Mar a bhí agus mar a bheas, de réir cosúlachta, an fad is a bhíonn an cine daonna, nach bhfuil gan locht, i gceannas ar chÚfsaÍ.

41

Page 42: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

� Ní féidir le duine ar bith againn dar liom ach a bheith ag súil le bunú agus buanú córais a fhágann nach mbeidh an chumhacht mhór chinsireachta seo i lámha dreama mhóir nó dhó, agus go mbeidh seans ann i gcónaí ag an ngnáthdhuine aonair clúdach éagórach ar scéal ar bith a aisfhreagairt nó leagan eile de phort atá á cheol a chur i láthair leis an éifeacht chéanna. Tá sé cosúi1 le scéal na nGardaí ar bhealach. "Cé a dhéanfaidh póilínteacht ar na póilíní," mar a d'fhiafraigh an Puncán fadó. Agus is cuma cé hiad an dream a cheapfar lena dhéanamh, tá rud amháin soiléir don pháiste is óige a bhreathnaíonn ar na scannáin faoi na cúrsaí seo. Níor cheart do na Gardaí amháin, leo féin, a bheith ag gabháil den obair. Díreach mar nár cheart do lucht

·

ollscoile agus ardoideachais a bheith ina máistirí ar gach scrúdú agus gach caighdeán, gach marc agus gach clár léinn a bhfuil baint acu leo. Ní mór scrúdóir eachtrach, máistir de chineál éigin, ar a laghad an dara tuairim ghairmiúil neamhspléach a chur ar fáil i gcás rud ar bith den chineál sin. Agus i gcás na hiriseoireachta is riachtanas ar leith é, ó tharla an oiread sin tionchair a bheith ag na meáin agus ceangal chomh dlúth sin idir eolas, fíricí agus firinne, agus feidhmiú an daonlathais.

Ba cheart a rá freisin b 'fhéidir gur ceist leathan fealsúnachta agus cultúir í ceist seo na saoirse cainte chomh maith agus rud nach mbítear sásta a admháil rómhinic - gur oidhreacht, traidisiún Sasanach, is mó a mhúnlaigh ár dtuairimíocht agus ár gcóras luachála maidir leis na cúrsaí seo in Éirinn le fada an lá. Baineann gairm agus cleachtadh na hiriseoireachta in Éirinn, tríd is tríd, leis an gcóras caipitleach liobrálach daonlathach atá i réim in iarthar domhain agus a shíolraigh ach go háirithe ón tuiscint ar na cúrsaí seo a bhain leis an dream Angla-Shasanach ar an dá thaobh den Atlantach. Níor cheart ceann faoi a bheith orainn ina thaobh sin. Ná go deimhin níor cheart gan a bheith mórálach as an méid a chabhraigh Éireannaigh cháiliúla thal1, abhus agus in Éirinn féin le múnlú an traidisiúin sin, go háirithe i Meiriceá mar ar thuill Éireannaigh Chaitliceacha áirithe meas na mionlach eile tríd an seasamh a ghlac siad ar son chearta daonna, saoirse phearsanta agus comhdheis faoin dlí, siar thar na blianta. Tá a fhios agam gur mó an meas atá ar John Boyle O'Reilly, an Fínín, i Meiriceá, go dtí an lá atá inniu ann ná mar atá anseo sa bhaile b'fhéidir. Agus tá an t-ardú meanman agus an mórtas cine céanna ag fás aníos i measc na nGael i Sasana - den chéad uair riamh b 'fhéidir - faoi thionchar na dea-oibre atá déanta ag Breandán Mac Lua san Irish Post le scór bliain anuas. Ach ní d'iriseoireacht misinéireachta ná go deimhin craobhscaoileadh an chirt dár mionlach féin is mó atáimid ag tagairt anseo. Is mian liom díriú ina áit sin ar pháirt an iriseora aonair i ngnáth-mhórmheáin na hÉireann le 25 bliana anuas agus tagairt a dhéanamh do chuid de na hathruithe atá tagtha ar an saol ó thosaigh mise ag cur spéise sa cheird ag tús na seascaidí.

Sé mo thuairim nach i bhfeabhas atá an scéal ag duI. Agus ní de bharr an chineál ruda atá ag tarlú thall sa Bhreatain faoi réimeas Mrs. Thatcher a deirim sin. Is fíor go bhfuil ceist na saoirse sa Bhreatain féin imithe ar gcúl le scór bliain chomh maith, agus dála scéal an dlí is cirt, go bhfuil fadhb na Sé Chontae tar éis na Tóraithe a bhrú chun droim láimhe a thabhairt do chuid de na nithe ba bhunúsaí ina ndúchas agus ina n-oidhreacht saoirse faoin dlí sa Bhreatain féin. Dála scéal na nGiúdach sa

42

Page 43: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Ghearmáin sna tríochaidí, ní hiad cairde na nGiúdach amháin atá buartha a thuilleadh. Tá na Tóraithe nua ag díiriú ar dhaoine agus ar dhreamanna seachas na sceimhlitheoirí fiá go deimhin na hÉireannaigh féin. Sin é an fáth' a bhfuil an dream úd "Charter ' 88i' tagtha ar an saol agus é mar aidhm acu bunchearta dlí is iriseoireachta a chosaint trí bhun-éilimh áirithe a lorg sa Bhreatain féin. I measc na n-éileamh tá leasú ar an gcóras vótála, bunreacht scríofa agus cosaint sa dlí dóibh ' siúd a théann ag fiosrú scéalta achrannacha agus ceilt eolais ag an rialtas.

Níl mé ag maíomh go bhfuil scéal na Breataine chomh dona le scéal na Gearmáine sna fichidí agus sna tríochaidí nuair a bhí Adolf Hitler ag déanamh a bhealaigh go barr an dréimire cumhachta - trí leas nó aimhleas b'fhéidir, a bhaint as an gcóras daonlathach, as an mbosca ballóide féin, agus trí leas míchuí a bhaint as aicmí cumhachta ar nós na dtionsc1óirí móra a shíl go bhféadfaidis an diabhal a smachtú i ndeireadh na dála dá mbéadh sé ag dul thar fóir. Ach tá mé ag rá go bhfuil sé spéisiúil go bhfuil an bhuairt seo ag teacht chun eion sa Bhreatain a luaithe a thosaigh rialtas Londan ag iarraidh socruithe cinsireachta agus dlí a chur i bhfeidhm sa Bhreatain a nglacann gach éinne leis, nach mór, mar chuid den ghnáthshaol i sé chontae de chuid na tire seo. Ní mian liom dul siar ar scéal brónach na 65 bliana ó cuireadh an teorainn i bhfeidhm, agus trácht a dhéanamh ar na sáruithe cearta daonna go léir a bhain le réimeas Stormont gach lá a mhair sé. Ach is ceart an sampla a lua mar shampla an-mhaith den bhearna a bhíonn idir an rud a bhíonn ar pháipéar nó a , bhfuil glacadh ag an saol mór leis agus fírinne na beatha (agus an bháis, faraor) i gcásanna ar leith i gcúinne speisialta de chóras a raibh agus a bhfuil go dtí le gairid, cáil air ar fud an domhain mar cheann de na stáit is "liobrálaí" agus is "saoire" ar dhrompla na cruinne.

Tá a fhios ag gach éinne an bhearna chreidiúnachta a bhí idir an íomhá agus an fhírinne shearbh faoi shaol na Náisiúoach sna Sé Chontae idir 1920 agus 1969. Tá a fhios againn freisin cad a chuir athrú iomlán ar an scéal i 1969 agus sna blianta ina dhiaidh sin - ceamaraí teilifíse, tuairisciú misniúil ó chuid áirithe den cheathrú heastát, díreach mar a chuir na fórsaí céanna athrú ó bhonn ar scéal na ngormach sna Stáit Aontaithe ó thús ré na teilifíse ach go háirithe go dtí deireadh na seascaidí. Ba cheart a mheabhrú áfach gur mionlach d 'iriseoirí misniúla, Sasanaigh den chuid is mó, a chuir an t-athrú ar siúl sa tuaisceart. Thug roiont bheag go háirithe in R1É lámh chúnta ag an am ach is túisce a challl siad spéis sa scéal ná na Sasanaigh nuair oár léir dóibh go raibh aon réiteach simplí ann, agus go raibh "baol" sa ¿horraíl ar fad dár leas compordach féin ó dheas. B 'fhéidir gur túisce a thuig lucht rialtais agus lucht gnó agus go deimhin lucht foilsithe na bpáipear sa taobh seo tire an scéal ná na hiriseoirí ar an talamh. Ach faraor, ghlac tromlach mór na n-iriseoirí céanna, go háirithe in R1É, leis an gcosc, leis an gcur isteach, leis an gciosáid nua a chuir an Dr. Cruise Ó Briain ar bun le linn dó a bheith ina Aire Poist agus Teileagrafa. Dhún siad a mbéal. Dhírigh siad ar ar Aftaic Theas, agus ar scéalta i bhfad ó bhaile agus d'éirigh siad as dhá thaobh an scéil a thabhairt - fiú sa chás go raibh an dá thaobh ann, agus go raibh daoine tofa nár bhain le foréigean - leithéid Phroinsias Mhic Mhánais grásta ó Dhia air agus Phroinsias Mhig Uidhir, - sásta an dara cuid den scéal a sholáthar.

.

43

Page 44: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Ba ghearr go raibh an stair á lúbadh agus breabanna: le fáil don té a bhí sásta dearrnad a dhéanamh ar chúlra staire an dreama a bhí i réim, agus ní fada go raibh cuid den chuntas de facto a rinne na hiriseoirí féin blianta beaga roimhesin, le fágáil . an lár - ar mhaithe leis an " Síocháin" , idir shíocháin na tíre mar a maíodh, síocháin na bpolaiteoirí agus fiú amháin síocháin sa ghairm féin i gcás an té a raibh fonn an dul chun cinn air.

Éinne a chreideann go raibh tromlach na n-iriseoirí agus a gceardchumainn in aghaidh Ailt 3 1 dáiríre ón tús, níl le déanamh aige ach breathnú ar an taifead - agus ar an oiliúint ghairmiúil a chuir ball áirithe de Pháirtí na nOibrithe in RTÉ ar léiritheoirí óga - le fáil amach cén fáth ar thóg sé 15 bliana ar an N.UJ. chun imeachtaí dlí a thosú, imeachtaí a chríochnóidh b'fhéidir i gCúirt Chearta Daonna na hEorpa. Ní go dtí gur thosaigh tuairisceoirí san Afraic Theas ag rá roimh ré go rai�h a gcuid cuntais á n-ullmhú acu faoi na rialacha cinsireachta a tugadh isteach ansin anuraidh a thosaigh RTÉ ag rá linn mar ghnáthnós cén uair a chuir AIt 3 1 isteach ar chlúdach iomlán imeachtaí dlisteanacha ó thuaidh. Mura bhfuil siad éirithe as an nós sin arís? Agus níor bheartaigh an N.UJ. , ceardchumann iriseoireachta sa Bhreatain ina bhfuil tromlach na n-iriseoirí in Éirinn c1áraithe freisin, ar chúrsaí dlí a thógáil go dtí gur chuir rialtas Thatcher cinsireacht nach bhfuil aon ghaor chomh hiomlán le Alt 3 1 , i bhfeidhm thall. Tá sé suimiúil gur iriseoir Nuachta le Radio na Gaeltachta i gCasla atá leis an gcéad chás a thabhairt, ní duine de chuid RTÉ féin ná go deimhin duine atá lonnaithe i mBéal Feirste. Glacaim leis gur roghnaíodh R. na G. i gConamara, ní amháin toisc spéis a bheith ag an iriseoir S eosamh Ó Cuaig sa chineál seo oibre ach freisin ar ndóigh toisc gur stopadh Raidió na Gaeltachta ó Chathaoirleach Sinn Féineach na Comhairle Contae i nGaillimh a chraoladh ar Radió na Gaeltachta fiú amháin nuair a thug sé an chéad chruinniú riamh den Chomhairle amach go dtí an Cheathrú Rua agus nuair a tugadh Aire na Gae1tachta ag an am, Máire Geoghegan Dí Chuinn, amach chun labhairt leo faoi chomhfhadhbanna na Gaeltachta. Craoladh caint an Aire gan amhras, ach b' éigean a mhíniú don phobal nach raibh cead caint an Cathaoirligh, Proinsias Mag Fhloinn a chraoladh, nach bhféadfaí ach gearrthuairisc a scríobh ar a raibh le rá aige! Cén dochar ach rinne an tAire Cumarsáide Fianna Fáileach a bhí ann ag an am, Albert Mac Raghnaill, maolú ar an gcinsireacht thart faoin am céanna le go mbeadh cead ag RTÉ an tsraith bhreá staire le Robert Kee a rinneadh i gcomhar leis an BBC "Ireland a Television History" a chraoladh ina iomláine gan staicín áiféise a dhéanamh dínn ar fud na cruinne arís eile. Cén dochar freisin ach ba iad Fine Gael agus Michael D. Higgins ón Lucht Oibre a chuaigh i gcomhar le Sinn Féin, púirtí a raibh dhá ghuth acu ar an gComhairle ag an am, chun Mag Fhloinn a thoghadh mar Chathaoirleach ar an gComhairle. Bhí an gradam i lámhaFhianna Fáil, gan briseadh, ó 1934 i leith agus ní raibh aon rogha ag compánaigh an Chomhrialtais ag an am, má theastaigh uathu greim Fhianna Fáil a bhriseadh, ach vótáil don Sinn Féiní Poblachtach. D'fhéadfaí an cosc cinsireachta a choinneáil i bhfeidhm ina choinne i gcónaí ar ndóigh. Sin an cineál polaitíochta atá i réim in Éirinn - rud ar a dtugtar polaitíocht bhunreachtúil go minic, go háirithe nuair a bhítear ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir an c1uiche a bhíonn ar bun anseo ó dheas go minic agus an

44

Page 45: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

pholaitíocht shantach shuarach a bhíonn ar bun ag na hAontachtaithe, más fíor sna Sé Chontae ó thuaidh. B 'in deieh mbliana ó shin freisin .

. Ní hé sin an chéad ná an t-aon drochshampla a thug Stát na 26 chontae do na Sasanaigh maidir le sárú cearta daonna ach an oiread, mar is eol dúinn go léir. Ní hiad na Sasanaigh amháin ná go deimhin na hAontachtaithe a bhí ar son an imtheorannaithe gan triail, cúirteanna speisialta, agus mórán eile le fiche, daichead, . seasca bliain anuas. Dá mhéad a d'fhulaing cuid dár maithe poiblí faoi bhráca na gcóras mímhorálta seo is ea is mó an fonn a bhí orthu leas a bhaint astu nuair a tháinig siad féin i mbun cumhachta. Tá ceacht éigin ansin le foghlaim dar liom. Ábhar seanmóra ag sagart éigin amach anseo nuair atá sé ag labhairt le lucht riar is reacht? Níor cheart a dhearmad ach an oiread go raibh cuid dár gceannairí eaglasta ar son an imtheorannaithe gan triail freisin. An chuid is m6 de na daoine a labhair ina choinne is é an fáth is mó a thUg go leor acu le bheith ina choinne ná gur theip ar an iarracht in 197 1 - agus go raibh faitíos orthu go mbeadh sé ina raie fhola arís dá dtabharfaí ar ais é. Ar chuma ar bith luaigh cuid de na saineolatithe moráltachta go raibh an baol ann go gcuirfí daoine áirithe "neamhchiontacha" faoi ghlas! Ní féidir gur chreid siad nár ciontaíodh daoine "neamhchiontacha" faoi chóras Dip10ck a tháinig ina dhiaidh sin? Agus bhí an bao1 ann i gc6naí, dar leis an dream a raibh ttiiscint mhaith acu do stair Thuaisceart Éireann gur mó Hon na gCaitliceach a chuirfí faoi ghlas ná Hon na nDfiseoirí Protastúnacha a bhí páirteach go hoscailte in arm neamhoifigiúil paramhíleata an D.D.A. Nfi agus ní raibh an UDA "mídhleathach" , ar ndóigh. Nfi ann ach go raibh cosc eile fós i bhfeidhm ina gcoinne in RTÉ - ar eagla go gcuirfí as don phobal 6 dheas is dócha, dá dtuigfidis go raibh an dream seo ag bogadh thart i gcónaí. B 'fhearr féachaint ar Bugs Bunny !

NíDallas nó Dynasty nó ceann ar bith eile den iliomad sraithchlár Meirieeánach a threiseodh na luachanna i measc ár n-óige a bheas ag teastáil má tá rath le bheith ar ár n-imeachtaí gnó agus trádála tar éis 1992.

Ní mian liom dul rófhada leis an scéal sonrach seo. Ach mar dhuine a d'éirigh . as R TÉ tar éis tréimhsí a chaitheamh san áit mar iriseoir agus mar léiritheoir sna blianta 1968- ' 69 is minic mé ar buile faoina laghad géarscrudúcháin a dhéanann ár meáin phoiblí ar a bhfuil ag titim amach thart orainn. Tar éis a bhfuil d'fhorás ar lían na mbealach craolta agus méad agus cumas na n-áiseanna teicniúla atá ar fáil dúinn anois le hais an aon bhealach raidió ar an mheántonn, agus an aon bhealach teilifíse dubh is bán a bhí ag RTÉ siar i 1969. Is fada lucht m6rmheán den tuairim nach rogha agus caighdeáin agus fiúntas níos fearr a thagann de bharr na hiomaíochta ilbhealaí i gcúrsaí teilifíse ach go háirithe. Tuigeann gach aon Sasanach macánta nach é leas an BBC ach a mhalairt atá i gceist ag rialtas Thatcher le forbairt na mbealach teilifíse nua ar fado Agus is eagal liom go bhfuil an meon tráchtálach céanna - meon an ghaimbín go fírinneach tagtha i réim i gcumadh polasaí craoltóireachta sa stát seo, mar is léir 6n reachtaíocht is déanaí agus 6n .bport a cheolann tromlach na bpáirtithe móra aon uair a bhíonn cúrsaí raidió is teilifíse faoi dhíosp6ireacht acu. Tá an bhéim ar fad ar an teieneolaíocht, ar an rogha bealach -rogha a d'fhágfadh gach uile dhuine againn inár suí 24 uair in aghaidh an iae - ar an airgead agus ar an mbrabach ar ndóigh. Is beag caint a bhíonn ar scóp raon ná fiúntas

45

Page 46: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

na gelár atá nó a bheas againn nuair a bheas Cheers, Mork and Mindy agus Lucy ag ioma!ocht i gcoinne Today Tonight nó an Nuacht i ré órga na n-ilbhealach. Ní phléitear ach go háirithe Hon na nithe nach mbíonn le feiceáil ar an teilifís, teorainn na n-ábhar is féidir a phlé, na deacrachtaí páirtíochta atá ag daoine agus ag pobail in áiteanna éagsúla ar fad na tire lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Thar rud ar bith eile is beag ar fad seans atá ag an bpobal mór féachana/éisteachta a dtuairimí a chur in iúl, easaontú le eláir, iad a cháineadh nó cuid de na réimsí eolais nach rithfeadh leis an mbolscaire dathúil as Baile Átha Cliath 4 a ardú go deo, a chur go caol díreach chuig na seanphainéil chéanna. Nár bhreá an rud é dá bhféadfá treoir a chur chuig RTÉ ag ordú dóibh gach duine a bhí páirteach in níos mó ná dhá elár le bliain anuas a chur go bun an liosta agus dul amach ar thóir daoine eile ag a bhfuil an saineolas nó an cumas céanna ar fud na tire. Ag magadh atá mé ar ndóigh. Ach tá sé thar am go meabhródh duine éigin do mhuintir Mhontrose gur linne, an pobal, RTÉ agus go bhfuil muid tinn tuirseach den chóras leisciúil a fhágann an seandream céanna, agus na seantuairimí céanna á gcraoladh thíos faoin tir ó Bhaile Átha Cliath 4 le linn do mhuintir an Mhecca cumarsáide sin a bheith ag faire ar an BBC nó Channel Four sa bhaile. An rud is suntasaí ar fad ná a laghad léirmheasa a dhéanann RTÉ féin ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil do lucht íoctha na gceadúnas. Agus tá lucht na nuachtán féin tarráingthe isteach sa chiorcal compordach úd ar a dtugaimid "all right-thinking people" i gcás fhormhór mór na gceisteanna casta conspóideacha ba cheart a bheith á gcur trí chéile ag an tseirbhís phoiblí chraolacháin. Tá samplaí uaibh? Tóg scéal an Chomhphobail Eorpaigh mar shampla- "Europe" , dar le RTÉ ach níl am againn scéal na bréagthéarmaíochta a phlé anseo. Cén uair a fheicfear elár ag breathnú siar ar cad dúirt an dá thaobh faoi bhallraíocht in 1972, agus cad d'imigh ar an chaint ó shin?

Cén uair a mheabhrófar don phobal an méid a bhí le rá ag an dá thaobh sa reifreann faoin aon-acht Eorpach dhá bhliain ó shin. Fiú mura bhfuil de mhíniú ag na páirtithe a bhí ar son ballraíochta ag an am agus a d' athraigh a bport faoi sin agus go deimhin faoin acht ó shin ach "But we are in Europe now . . . " an leor an leithscéal go bhfuil tromlach na bpáirtithe ar son " 1992" anois le gan dhá thaobh an scéil sin a thabhairt don phobal? Níl ann ach an lá faoi dheireadh ó dúirt Ollamh Eacnamaíochta san lar -Ghearmáin gur mheas sé nach raibh na figiúirí a bhí réitithe ag Cecchini do Choimisiún &"'1 Chomhphobail cruinn agus nár cheart d' Éirinn muinín a chur sna figiúirí seo má theastaigh uainn tabhairt faoi réiteach ár bhfadhbanna bochtanais agus fostaíochta. Bhí an tOllamh Kom seo ag labhairt go sonrach le scata iriseoirí as Éirinn i mBonn, ach má bhí ba é an Cork Examiner an t-aon nuachtán laethúil sa Stát a thug aird cheart ar a raibh le rá aige. Rinne RTÉ tagairt don scéal sna craoltaí nuachta ach ar éigean má luaigh nuachtáin náisiúnta Bhaile Átha Cliath an dara tuairim chonspóideach seo! Cén fáth? Tá súil agam nach "cúrsaí faisin" a bhí i gceist - an faisean ceannann céanna a fhágann gach aon "right-thinking person" ar aon intinn faoi mhóní.n gach uile shórt. Agus a fhágann réimsí móra den saol in Éirinn gan aird, gan gan aon léirmheas ceart.

Sé rud is mó a chuireann ole agus brón ormsa faoi staid na mórmheán in Éirinn an Iae inniu ná a laghad léirmheasta neamhspleáigh a dhéantar faoi láthair agus an

46

Page 47: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

rás mór teasaí a bhíonn ann i gcónaí le cinntiú go bhfuiltear "san thaisean" . Fág ar leataoibh gur tháinig sé sa saol sa deireadh, gur mhol an Dr. Cruise Ó Broain agus an Irish lndependent Cathal Ó hEochaidh. Tá sé de cháil ar Chonchúr, cibé rud eile is féidir a rá faoi, gur labhair sé amach go dána riamh - fiú amháin nuair ba léir go raibh sé san éidreoir ar fad agus go bhfuarthas an tuairim gur mhaith leis gach aon ghuth a bhí ina choinne a chur faoi bhráca Ailt 3 1 le linn dó a bheith ina Aire. Baineann cuid den mholadh atá le fáil ag an Taoiseach faoi láthair le meon na ngaimbíní Poncánacha nach bhfuil d'thealsúnacht polaitíochta acu ach "back the winner." Agus cén fáth nach dtacódh Conchúr agus an Independent le C.J.H. más léir, mar a dúirt Conchúr é féin, go bhfuil a gcuid polasaithe féin á gcur i bhfeidhm aige mar Thaoiseach ar rialtas Fhianna Fáil? An rud is náirí faoi chuid den obair seo ar ndóigh ná nach gá do na hiriseoirí agus na mórmlíeáin míniú ar bith a thabhairt ar an athrú poirt acu féin thar na blianta. Ar a laghad meabhraíonn an chuid is fearr de na nuachtáin don Taoiseach nach raibh sé i gcónaí riamh ar son Éireannaigh a eiseachadadh go córas Diplock. Ach tá gairm na hiriseoireachta chomh solúbtha le polasaithe na bpolaiteoirí féin ar na saolta deireanacha seo. Dá mbeadh orm rogha a dhéanamh seans go mbeadh orm a admháil go bhfuil caighdeáin agus iompar an Cheathrú hEastáit in Éirinn níos lofa ná iompar na bpolaiteoirí féin. Níl de dhifríocht eat:arthu, ach gur féidir leis na mórmheáin scéal scanallach éigin a tharraingt anuas uair ar bith is maith leo maidir leis na polaiteoirí. Ní gnách le tromlach na n-iriseoirí scríobh faoina gcornrádaithe féin, fiú amháin nuair is léir go bhfuil buneiticí an-bhunúsacha á sárú go laethúil ag daoine atá in ann smacht agus moráltacht a mhúineadh do beagnach gach aon duine eile againn.

Díreach mar· nach raibh thar leathdhosaen iriseoirí sásta seasamh go tréan in aghaidh Chonchúir Cruise Dí Bhriain agus srianta an Chomhrialtais ar na meáin sna seachtóidí, níl thar dhosaen eile sásta na ceisteanna nach luaitear go rómhinic a phlé amach go smior faoi láthair - mar a dhéanann an Phoenix de ghnáth mar shampla. I mbeagán focal, cén fáth nach bhfuil iriseoirí agus lucht na meán sa tír seo faoi láthair sásta plé lena gcairde féin sa Cheathrú hEastaít leis an díograis chéanna a thugtar faoi deara nuair atá píosa le scríobh anois faoi Chathal Ó hEochaidh, faoi thuras chun an Mheánoirthir nó faoi chlár nua éigin ar an teilifís a bhfuil gaolta, céile leapan, mac nó iníon leat, fiú amháin, ag obair air. AGUS GAN A FHIOS SIN AG TROMLACHAN PHOBAIL. Shílfeá, de thoradh na cainte go léir atá ar bun sna meáin le tamall, · faoin ghá atá le liosta na spéiseanna atá ag gach T.D. go mbeadh an liostáil chéanna curtha i bhfeidhm fadó riamh ó shin ag an gCeathrú hEastát féin.

47

Page 48: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

IRIMIA - F ÁIDH NA TUBAISTE

Micheál Ó Meachair, M .S.C.

Déanann déantús Leabhar Irimia ceisteanna casta a tharraingt anuas, agus aontaíonn na scoláirí nách é an fáidh a bhí ag teagasc in lúdá Ó 627 go 587, nó go gairid ina dhiaidh sin, a scríobh an leabhar mar is eol dúinn é. Gineadh an leabhar ó shraitheanna éagsúla traidisiúin a bhain le hIrimia agus a nascadh le chéile diaidh ar ndiaidh. Seans gur tháinig roinnt de na horacail fhileata (m.sh. 2:2b-3 : 1 -5) ó Irimia · féin, ach cuid mhaith de na ráitis próis agus seanmóirí (m.sh. 1 1 : 1 - 14; 17: 19-27), chomh maith leis na scéalta (m.sh. Caibo 27-28) is saothar eagarthóirí ina dhiaidh a thóg na traidisiúin a bhain le hlrimia agus a chuir i riocht a bhí oiriúnach dá laethanta féin iad. San aIt seo níl sé beartaithe againn a fháil amach na giotaí a scríobh nó nár scríobh an fíor-Irimia. Is é is spéis linn ná lrimia féin, conas a léirítear é sa leabhar ina iomlán, agus an teachtaíreacht atá i Leabhar Irimia dá mhuintir. Cinnte, ní féidir linn saol agus meon lrimia a athchumadh ón leabhar a luaitear leis, ach tugann an leabhar sin cúrsaí creidimh le línn shaol lrimia agus an frithghníomhú a bhí aige do na CÚfSaí sin.

ST AID AN CHREIDIMH Tráth a mhair lrimia agus nuair a bhí sé ag seanmóireacht (c . 600 R.Ch) bhí reiligiún ag dul i léig. Theip glan ar an iarracht a dhein an Rí Ióisíá lena leasú mar a léirítear i 2 Ríthe 22-23 , iarracht a chonaic Irirnia féin. Gan amhras tháinig feabhas ar mhoráltacht phoiblí agus riaradh cirt i ré Ióisíá. Mar thoradh ar a leasú tháinig feabhas ar ghníomhartha na ndaoine, ach níor tháinig aon athrú ar an dearcadh a bhí acu, Bhí lrimía ag gearán nach raibh in athrú Iúdá ach cur i gcéill (Ir. 3: 10; 5:2; 34: 15- 17). Chonaic sé go raibh a phobal dallaigeanta i nithe Dé agus nach raibh suim acu ina dhlí [Ir. 4:22; 5:4; 8:7; 9: 13- 14 (12- 1 3)] . Dheín siad peacaí gan dall ar bith don náire acu (Ir. 6: 15 ; 8: 12) , agus, de réir chomhairle a gcruachroí féin, dhein siad déithe eile a adhradh (7 : 17- 18 ; 1 3 : 10, 25), agus chuaigh siad chomh fada sin gur ofráil siad daoine don dia Molech (7 :3 1). Thréig siad an dílseacht do Dhia a bhí marbhunús d'Iosrael (Ir. 2:2-3), bhris siad an Conradh le Dia i ngach slí (lr. 5 :26-28; 6- 19; 7 :5 - 12, 23-26; 3 1 :32), agus dhearmad siad gach gar a dhein Dia dóibh (2: 5-7) . Toisc go raibh na daoine imithe chomh fada sin i dtaíthí ar an ole, ba róchuma leo Dia, bhí a gc1uasa dúnta don rabhadh uaidh, agus ba shuarach leo briarthar an Tiarna (6: 10) . Bhí a gcroíthe easumhal, a súile dall agus a sprid míréireach (5 :21 , 23) , i dtreo is go raibh siad aineolach ar an ngá a bhí acu le haithrí, agus más ea, ní raibh siad ábalta leasú a dhéanamh. Ní raibh siad in ann leasú ach oiread is atá an liopard in ann a bhreacadh a mhalairt ( 13 :23). Bhí an meath morálta uilíoch. Ní raibh fear ionraic le fáil (5: 1) . Bhí an pobal ina iomlán truaillithe. Ba shlua feallaírí iad 9:2-6) . Bhí a bpeacaí fréamhaithe go domhain. Bhí sé scríofa le peann iarainn, greanta ar chlár a gcroí ( 17: 1). Bhí siad dosmachtaithe agus bhí siad ar bhealach an aimhleasa mura gcuirfeadh an Tiarna féin a dhlí iontu agus é a scríobh ar a gcroíthe (3 1 :33).

48

Page 49: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Ag an Tiarna amháin atá an chumhacht chun meon an phobail a athrú go cuí i dtreo is go mbeadh siad in ann aithrí a dhéanamh agus dílseacht a thabhairt dá nDia (24:7).

Ba, chóir do na fáithe na daoine a .chomhairliú ach theip orthu ina ndualgais, níor thug siad ach tairngreacht bhréagach, ehuir siad na daoine amú (5: 3 1 ; 6: 1 3� 14; 7:4). :Sa chóir do na scríóbhaithe na daoiile a threorú i slite an Tiama, ach dhearmad siad dlí an Tiarna, agus más ea, labhair agus scríobh siad gan chríonnacht (8 : 8-9). Sa · chomhthéacs seo, leis an gcúlra tubfrlsteach i gcúrsaí creidimh, chomh maith le scrios3dhJarusài1éim agus an ghéarchogaíocht Ii chuaigh roimhe, ní nach ionadh gur scairt lrimia go cráite (Ir.4:29), agus gur chaoin sé cinniúint a mhuintire . .

TÁ AN TIARNA INÁR MEASC (Ir. 14 :9) Na pribhléidí rUle a bhí bainte amach ag na hIosraeligh, bhí siad acu mar gur thogh Dia iad mar a mhuintir féin agus gur dhein sé conradhleo. Nuair a theip ar na daoine na coinníollaeha Ii ehomhlíonadh dhein siad dearinad gur féidir mallacht a dhéanamh de bheannacht an Chomirtha. An Dia a bhí i mease a phobail, cinnte, ba Dhia.sábhála é, aeh ba bhreitheamh é leis nár cheadaigh riarrih mídhílseaeht a mhuintire (8: 19) . S a teampall féin inar bhailigh na dao.ine chun a nDia a.adhradh agus chun a ndI1seacht a ·chur i gcéill, chuÍr lrimia i gcuimhne dóibh nach fiú faic na ngrást . a bhfógraí cráifeacha, . agus nach fêidir peacaí a cheilt ná fearg Dé a chosc le fógraí qeasghnáthacha ná le híobairtí sollúnta. Theastaigh uaidh á mhuintir a shuaitheadh as an mbogás ina raibh siad, trí rabbadh a thabhairt dóibh nach aon chosaint é láthair Dé san Teampall acu don náisiún feantach agus don bbreith chóir (Caib. 7 agus 26). Is féinchúisiú é an Conradh a lua ína bpaidreacha dóibb sin a dhéanann neamhshuim de dhlí an Chonartha ( 14:21) . An Dia a scrúdaíonn an croí agus an meou (1 1 :20; 20:12) . agus arb é mia:n a shúl an fhírinne (5 :3) ni bheidh sé meallta le sacéadach a chaitheamh ná leis an ucht a bhualadh (4 :8), nÓ leo siúd a mbíonn Dia ar a mbéal ach i bhfad óna gcroí (12:2) . .

Is róchuma le Dia dearbhú muiníne, paidreacha agus ofráil íobartha, má bhíoim neamhshuim á déanamh de dhlí Dé. Ní dhéanann paidir agus íobairt gaol leis an Tiama, ach coimeádann siad beo é. Má bhíonn an gaol briste trí easumhlaiocht, ni féidir le híobairtí é a athbhunú, mura mbionn aithrí ag gabháil leo . . Tá nios mó i gceist san fhíorclrreideamh ná deasghnátha agris focaíl. Chun a bheith cinnte go

' nibeidh beannachtan Tiarna ag Pobal Dé, ní foláir dóibh a bheith umhal do dheich nAithne Dé (7:9) , géilleadh do choinníollacha an Chonartha ( 1 1 : 1 - 17) agus omós il thabhairt don tSabóid agus do na reachtanna a bhaineann leis (17: 19-27), Ba chomhartha é umhlaíocht do Dhia a bheith umhal don Chonradh, agus gan an umhlaíocht sin ni fiú tada na comharthaí sin - teampall, deasghnátha, ' iobairt .. timpeallghearradh, sabóid, féilte. Ach tã a fhios againn nach féidir onóir a thabhairt do Dhia leo sin gan deabhóid ar a:n taobh istigh a bheith mar thaca acu, agus mura spreagann siad ómós do rialacha praitidúla an Chonartha. Tá Oia dI1is i ngrá, i gceart agus san ionracas, agus tã dúil aige iontu (9 :24 ) ;agus ni féidir ríméad a bheith air le daoine nach dtrigann aird ar na suáilcí seo, is cuma cé chomh saibhir a n�ofrá1acha nó a bpaidreacha. Is amaideach é muinín a chur i bhfoirgneamh an teampaill agus

49

Page 50: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

iontaoibh a bheith ag daoine go bhfuil Dia i láthair dá bharr. Léirigh Irimia é sin nuair a dúirt sé "Ná taobhaígí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiama, sanctóir an Tiama, sanctóir an Tiama" (7 :4). Is é iompar an chomhthionóil a thugann a nádúr don teampall, agus má dhéanann cladhairí agus peacaigh adhradh ann éiríonn an teampall ina "phrochóg ladrann" (7 : 1 1) .

MEARBHALL, LÉAN Toisc nach raibh na daoine in ann na fírinní seo a thuiscint bhí Irimia faoi bhrón agus mearbhall. Bhí ionadh air nach bhfaca siad gur dhein Dia iad a smachtú de bharr a n-easumhlaíochta agus gur iarr sé orthu aithrí a dhéanamh (5 :3-4) . Bhí sé céasta le brón de bharr an chréachta a dhein na daoine orthu féin, agus gur dhiúltaigh siad casadh chun an Tiama le beatha nua agus leigheas a fháil uaidh (8: 1 8-9: 1) . De bharr na buan-dI1seachta a bhí ag Irimia féin do Dhia, do reachtanna an Tiama, agus an gean a bhí aige dá mhuintir, ghoill mídhI1seacht na ndaoine chomh mór sin air is go ndúirt sé go raibh a chroí ag briseadh:

"Tá dólas orm,

titeann mo chroí ionam". (8 : 1 8) .

Os rud é gur chas Iosrael ó Dhia i bpeacúlacht tá Dia féin i bpian agus in alltacht (2:5 , 3 1 -33), agus bhí Irimia páirteach sa phian agus san alltacht sin (14: 17). Bhí sé i bpian agus ghoil sé nuair a chonaic sé an fhulaingt a tharraing a mhuintir orthu féin lena bpeacaí (4 : 19-21) . Bhí dlúthbhaint aige lena phobal agus b'ionann a chaoineadh féin agus olagón an náisiúin. Tá an caoineadh seo curtha in iúl i dteanga shamhailteach i 10: 19-21 . Tá gortú fulaingthe ag Iúdá. Nfi leigheas don chneá. Tá a tubaiste inste i dtéarmaí samhlaoideacha: tá siad mar chónaitheoirí puball agus tá an puball leagtha agus anois tá siad gan dídean, gan chabhair, gan dóchas. Tá puball Iosrael (an Teampall) scriosta, agus tá a phobal in éadóchas mar thoradh ar a bpeacúlacht agus a gceannairc, is mhothaigh Irimia pian agus brón a mhuintire (4 : 19-20; 10: 19-20).

Má tá pobal Dé briste, tá an fáidh briste chomh maith. Goileann agus caoineann sé mar tá tubaiste ag teacht do phobal Dé de bharr a bpeacaí. Titeann an lug ar an lag aige nuair a fheiceann sé mímhacántacht agus seafóid a phobail. Ba mhaith leis éalú go fásach éigin agus na radhairc léanmhara a bhíonn le feiscint gach lá a sheachaint. Leis féin, agus scartha óna mhuintir, d'fhéadfadh sé peacaí a mhuintire a chaoineadh [8:23 (9 : 1) ; 9: 1 (2)] . Bhí an dóchas á choinneáil aige go gcasfadh na daoine óna bpeacaí roimh theacht na tubaiste, agus d' impigh Irimia orthu éirí as an

mbród agus éisteacht le focal Dé is slánú a fháil uaidh. Choiscfeadh freagra macánta do bhriathar Dé an tubaiste agus ligfeadh sé do sholas an dóchais teacht ar an tír arís. Ach má dhiúltaíonn an pobal ceanndána an freagra sin a thabhairt nI1 le déanamh ag Irimia ach gol faoi run agus deora a shileadh go fras do phobal an Tiarna atá ag druidim le léirscrios (12: 15- 17).

50

Page 51: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

POBAL DÉ FÓS Cé go bhfuil Dia croíbhriste agus feargach le séanadh creidimh Iosrael, tá cineáltas ina imní dóibh sin ar a dtugann sé "mo phobal" í gcónaí (4:22; 23 :2, 22, 32; 33:24). Cé go raibh lochtanna orthu thuig Irimia gur phobal an Chonartha é Iosrael fós. Bhí dhá mhuintir tofa ag Dia, Iúdá agus an Ríocht Tuaisceartach agus níor chas sé uathu ná níor thréig sé iad (33:24). Ba phrímhid an Tiama Iosrael, a chuid speisialta ó . phobal uile na cruinne. Bhí sí faoi choimirce an Tiama, agus bhí pionós i qdán don té a dhein dochar di (2:3) . Timpeall céad bliain roimh ré Irimia, tháinig críoch neamhiomráiteach leis an Ríocht Thuaisceartach, agus nuair a bhí Irimia ag seanmóireacht bhí Iúdá, an Ríocht Dheisceartach, brúite agus náirithe, agus ba chúige leis na hAsaírigh í ó 722 R.Ch. i leith. Mar sin féin, chreid Irimia gur luachmhar leis an Tiama Iosrael i gcónaí, agus iad siúd a dhein dochar di bhí pionós ón Tiama i ndán dóibh. Baí Iosrael fós "an togha fíniúna" (12: 10), a "thréad" (13: 17) a ghránn sé le grá síoraí (3 1 :3). D 'fhéadfadh Irimia cur síos ar an ngaol idir a phobal agus Dia i dtéarmaí cleamhnais (2:2; 3 :6- 10), nó an ceangal idir athair is leanbh (3 : 19, 22: 4:22) .

Fós ba í an fhírinne gur bhraith an gaol conartha idir Dia agus Iosrael ar chomhlíonadh na gcoinníollacha (1 1 :3-4; 34:8-22). Ba phribhléid é a bheith mar phobal Dé ach bhí dualgais ceangailte leis, agus má theipeann ar Iosrael na dualgais seo a chomhlíonadh ní bheidh bá an Tiama leí. D'fhéadfadh an rud doshamhlaithe a tharlú. B 'fhéidir go gcasfadh Dia óna phobal agus go scriosfaí a mhuintir agus a gcuid talún (9 : 11- 15; 13 :22; 22:8-9) . Más ea, d'impigh Irimia ar a mhuintir aithrí a dhéanamh agus casadh óna mbealach peacúil. Iad siúd a chas a n-aghaidh ó Dhia (6:4, 6) a thruailligh a ainm (34: 16) , a iompaíonn ar chionta ( 1 1 : 10), beidh orthu filleadh ar Dhia (3 : 12, 14, 22; 4 :1 ; 15: 19; 24:7), agus casadh ó bhealaí an oilc (15:7; 18:8, 1 1 ; 23: 14; 25;5 7rl.). Nuair a chasfaidh na hIosraeligh atá ar strae ar Dhia, feicfidh siad go bhfuil an t-athair flaithiúil ag tnúth leo agus go bhfuil dúil aige trócaire a dhéanamh (3 1 :20) .

5 1

Page 52: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

AONTACHT LENA PHOBAL Ní raibh lrimia sásta le seanmóireaeht ar aithrí agus impí ar a mhuintir an bealaeh peaeúil a tbágáil. Bhí eion aige ar a mhilintir agus ghuigh sé ar a son, go speisialta, naeh mbeadh an pionós a bhí tuillte aeu de bharr a bpeaeaí le fulaingt aeu . . Bhí dóehas aige go geasfadh a idirghuí fearg Dé uathu (15 : 1 1 ; 18:20). Fiú amháin nuair a bhí seanmóireaeht lrimia gan toradh, agus de réir eosúlaehta, ní raibh ar ehumas a phobail casadh óna slite peaeúla, bhí dóchas fós aige go dtabharfadh Dia eroí nua dóibh agus go mbeadh siad ina bpobal aige arís (24:7). Aeh bhí an seans anil go . ndéanfadh siadaithrí ehomh fánaeh sin go mbeadh paidreaeha gan éifeaeht. Ní bheadh Dia in ann éisteaeht le paidreaeha a mhuintire peaeúla ná le hidirghuí ar a son ó dhaoine eile. Nuair a bhí an pobal dall ar a staid nífhéadfaí eabhrú leo: Más ea, ehuir Dia umaí lrimia ina tost, agus d' ordaigh sé dó gan guí ar a son siúd a bhí bodhar agus nár tbreastail ar a sheanmóireaeht (7: 16; 1 1 : 14; 14: 1 1 ; 15 : 1 ; ) . Ní hé naeh raibh Dia in ann maithiúnas a thabhairt, nó nár theastaigh uaidh a mhuintir tbánaeh a ghlaeadh ar ais, aeh de bharr a seanehleaehtadh agus a ndroehnósanna, ní raibh losrael in ann aithrí a dhéanamh. Ní raibh tuiseint aeu a thuilleadh. Bhí siad glie go leor ehun ole a dhéanamh aeh do dhéanamh maitheasa ní raibh tuíseint aeu (4:22). Obair in aisee guí ar a son, fiú. Níl éinne ag an bpobal ehun guí ar a son anois aeh amháin an fáidh, gan a phaidreaeha níl aeu aeh na mallaehtaí a thartaing siad orthu féin. Ba é seo an teaehtaireacht léanmhar a thug Dia do Irimía le hinsint don phobal:

. "Agus má tbiafraíonn siad díot: 'Cá raehaimid? ' inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a déir an Tiarna: 'an mhéid faoi ehoinne na pIá, ehun na pIá; An mhéid faoi ehoinne an chlaímh, ehun an ehlaímh; an mhéidfaoi ehoinne an ghorta, ehun an ghorta; an mhéid faoi ehoinne an bhraighdeanais, ehun an bhraighdeanais! ' ( 15 :2)

Ráiteas damnú gan aon amhras. Tá an pobal milIte go deo, tá siad gan slánú agus níl slánú i ndán dóibh:

"Cé aige a bhfuil troa duit, a larúsailéim, eé a dhéanann eomhbhrón leat, eé a sheasann le fiafraí eén ehaoi a bhfuil tú?" ( 15 :5) .

52

Page 53: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

T AIRNGREACHT AÍ CINNIÚNA Ba é dualgas pianmhar Irimia rabhadh a thabhairt do na daoine ar an léirscrios a bhí rompu. Níor thaitin sé leis a rá leo nach raibh aon dul as ach go raibh pionós ó Dhía ag teacht ar a mhuintir. Ba bhreá leis a ghnó tairngreachta a thabhairt suas (9:2) , ach bhraith sé dualgas éigin chun leanúint leis an misean a thug an méid sin crá croí pearsanta dó (20:9; féach 6: 1 1). Níor bhain sé aon aoibhneas as bagairtí a dhéanamh agus a bheith ag cur síos ar an oidhe a bhí ag teacht, agus ní raibh sé ag tathant ar an Tíarna pionós a imirt ar an náisiún, pionós a bhí tuíllte gan aon amhras (17 : 15-17). Chuir a ghairm mar fháidh pian agus fulaingt air agus bhí an méid sin freasúra aige gur mhairg leis lá a bhreithe (15 : 10; 20: 14- 16). Léiríonn an ráiteas sin an tseirbhe agus an phian a mhothaigh an fáidh san obair a bhí aige.

Cé go raibh doicheall pearsanta ar lrimia roimh ghnó mar theachtaire ar léirscrios, lean sé ag cur i gcuimhne don phobal an chinniúint a bhí rompu. Chonaic sé an rud a bhí soiléir do chách ach nár thug siad aird air. Ach níor theastaigh ó dhaoine eile féachaint, nó ní raibh réamhamharc acu, nó shéan siad an comhartha follasach. Más ea, bhí ar lrimia teachtaireacht a thabhairt nár thaitin lena lucht éisteachta agus nár theastaigh uathu é a chloisint. Bhí a fhios aige go raibh lá na CÍnniúna tagtha, cé nár thuig na daoine gur thréig siad an Conradh agus níor thuig slad an toradh a bheadh acu dá dheasca sin (8:7). Bhí cumas ghéire mhachnaimh agus breithiúnais fíor a dhéanamh caillte. Mhínigh lrimia an chinniúint a bhí i ndán dóibh chun iad a dhúiseacht óna marbhántacht. Dúirt sé go ndéanfaí carnán c10ch den Chathair Naofa, larúsailéim, agus go mbeadh bailte lúdá folamh (9: 1 1 ; 19: 1 5) . Bhí scrios i ndán do mhuintir losrael. Chuirfeadh Dia an crann olóige a phlándáil sé féin trí thine, crann a bhí breá tráth chun breathnú air. Anois, de bharr pheacaí a phobail ní fiú faie é, níl i ndán dó ach an tine ( 1 1 : 16- 17). Tá lúdá tar éis í féin a chóiriú do chath in aghaidh an Tiarna, agus bíonn sí de shíor ag dul chun ceannairce ar an Tiarna. Scaipfear í ar nós cátha a imíonn le gaoth san fhásach, agus náireofar í i láthair cách ( 13:24-26). Tiocfaidh na Babalóinigh aduaidh agus tabharfaidh siad fogha faoi lúdá, beídh uamhan agus ár ar a lorg ( 1 : 13 - 15 ; 10:22). Tá an namhaid fíochmhar ag teacht ón Tuaisceart, déanfaidh scríosadóir na gcíníocha an fearann a bhánú agus fágfar lúdá uile ar Lá an Luain (20:3).

Nuair a bhí a theachtaireacht á tabhairt ag Irimia, is é sin, go raibh léirscrios ag teacht, agus nuair a bhí sé ag dul timpeall na tíre ag fógairt "éigean agus díobháil"

. (20:8), níor fhíoraigh Dia a theachtaireacht trí ár a chur ar na daoine. Níor cuireadh tairngreacht Irimia i ngníomh. Más ea, is beag aird a thug na daoine ar a fhógraí, agus bhí sé ina cheap magaidh ag cách 17: 15 ; 20:7. Baineadh preab as nuair a theip ar na daoine aithrí a dhéanamh tar éis a rabhadh a thabhairt dóibh, agus ba é toradh an scéil ná gur tharraing sé drochíde ar lrimia féin. Dhein a theachtaireacht chrua a lán náimhde dó agus dhein siad é a chrá agus a ghéarleanúint ( 15 : 15 ; 17: 18) . Bheartaigh siad bás don seanmóirí trioblóideach. Mheas na daoine nárbh fhíor a ráitis agus aon tarcaisne a bhí á fulaingt aige mheas siad go raibh sé tuillte dó (18 : 18 ; 20: 10). Fiú a chomhshaoránaigh ina bhaile féin, bheartaigh siad ar é a mharú dá leanfadh sé ag seanmóireacht ( 1 1 : 18-23) . Bhí náire ar mhuintir a thí féin agus bhí siad páirteach sa chomhcheilg ( 12:6). Dhein sé iarracht an ceannas marbhánta a

53

Page 54: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

chorraí agus mar thoradh ar a iarracht tharraing sé ciapadh air féin agus bhuail sé ar fhreasúra a bhí forleathan. Tugadh léasadh do lrimia uair amháin agus cuireadh é sna cea pa mar nuair a bhí sé ag caint i gcúirt an Teampaill, dúirt sé go ndéanfaí carnán c10ch den Chathair Naofa (19 : 14-20:3). Ar ocáid eile, nuair a dúirt sé go dtabharfaí an chathair do na Babalóinigh, lthóg na ceannairí é agus theilg siad é i dtobar láibeach (38: 1 -6) . Níor ghlac lrimia an drochíde agus an freasúra seo go réidh. Taispeánann a fhaoistiní ( 1 1 : 18- 12:6; 15 : 10- 18 ; 17 : 14- 18 ; 1 8 : 19-23; 20:7-18) go raibh meacan an éadóchais air, agus léiríonn siad chomh searbh is a bhí , sé leosan a bhí á chrá. Mar sin féin, níor theip an dóchas air riamh, agus chreid sé nach dtréigfeadh Dia a phobal choíche. Chuaigh a theachtaireacht thar bhreithiúnas go dóchas nua sa todhchaí. Bhí sé mar dhualgas air ní amháin "a réabadh aníos agus a leagan síos" ach "atógáil agus a phlandú" ( 1 : 10) chomh maith. Bheadh Irimia i bhfad mos sásta labhairt ar thógáil agus plandú, ach de bharr staid chúrsaí creidimh san'am, is ar an lochtú agus serios a chuir sé béim. Ag an am céanna, tá dóchas éigin sa leabhar.

DÓCHAS SA TODHCHAÍ Gheall Irimia dá phobal nach constaic dhorsháraithe a bpeacaí idir iad agus an Tiama. Dá ndéanfadh siad aithrí, bheadh Dia trócaireach agus bheadh deireadh lena racht feirge (3 : 12) . Gránn an Tiarna a phobal le grá síoraí, agus is é a mhian iad a thógáil, fiú nuair a bhíonn siad in umar na haimiléise de bharr a bpeacaí (3 1 :2-6) . Nuair a bhí na Babalóinigh ag serios Iúdá ó cheann ceann, cheannaigh Irimia gort a chol ceathrar in Anatót; theastaigh uaidh a thaispeáint go mbeadh an tír ag a náisiún sa todhchaí, agus go gceannódh pobal Dé tithe, páirceanna agus finiúna sa tír arís (32: 1 - 1 5) . Ba mhór an comhartha dóchais sa todhchaí beart seo an fháidh nuair a chreid a lán go raibh deireadh ag teacht le stair Iúdá. Nuair a bhí na daoine ar deoraíocht fiú, níor theip ar dhóchas Irimia. I litir chuig na deoraithe (Caib. 29) d'admhaigh lrimia go leanfadh an deoraíocht seachtó bliain (v. IO) , ach gheall sé dóibh go ligfí saor iad, agus go raibh smaointe síochána agus ní oilc ag an Tiarna dóibh. Theastaigh ó Irimia croí agus dóchas a thabhairt dóibh (v. 1 1) Tar éis na deoraíochta beidh siad ag glaoch ar an Tiama agus gheobhaidh siad é (v . 1 3), agus beidh beannachtaí an Chonartha acu arís. Bhí réamhfhéachaint ag Irimia ar am a dtabharfadh Dia aoirí don phobal chun iad a bheathú le heolas agus le tuigse (3 : 15- 16; 23:4), agus go saorófaí iad óna ngéarleantóirí uile (12: 14- 16; 16: 14- 15 ; 23 :34; 27:22; 30:3).

AN CONRADH NUA Is sa chur síos ar an gconradh nua (3 1 : 3 1 -34) is mó a thaispeánann Irimia a dhóchas do Iúdá. Cé gur bhris an Pobal Tofa Conradh Síonái níor thréig an Tiarna iad, a deireann an fáidh leo. Tá an Tiarna ullamh tosú leo arís agus conradh nua a dhéanamh. Is í an difríocht a bheidh idir Conradh Síonái agus an conradh nua ná go mbeidh an ceann nua scríofa ina gcroí (V.33). Beidh sé ina meon agus ina dtoil agus beidh aithne acu uile ar Dhia (V.34), agus beidh dlúthchairdeas is gaol nua idir iad

54

Page 55: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

agus an Tiarna. Tar éis ar tharla le Conradh Síonái ní théadfadh Irimia a bheith ag súil go ndéanfadh a phobal iad féin a cheangal le lántoil agus le láhchroí den chonradh nua gan mómthrú a theacht orthu. Ach bhí an Tiarna sásta maithiúoas a thabhairt don éagóir san am fadó (V.34). D' théadfadh sé malairt croí a thabhairt don phobal sa todhchaí agus bheadh urraim agus ómós á thabhairt acu ansin do Dhia ar mhaithe leo féin agus lena gclann ina ndiaidh (Féach 32:39) . Bheadh siad sásta · a bheith umhal don Tiarna leis an díograis agus leis an ngean céanna a bhí acu ina n-óige (Féach 2:2) . Bheadh Dia sásta nearnhshuim a dhéanamh den thaillí a Hg siad sa chonradh san am fadó, agus bheadh grá aige dóibh d'ainneoin gach ar tharla.

CRÍOCH D 'than Irimia dílis don ghairm chrua a bhí aige, agus cé go raibh a dhóchas ag teip go minic lean sé air ag tabhairt íde béil, ag lochtú, ag tabhairt ordú, ag achainí agus ag mealladh. Thar aon rud eile ghoil sé, mar bhí dlúthbhaint aige lena phobal agus bhí siadsan ar bhealach a n-aimhleasa. Ní raibh rompu ach léirscrios. Bhí an pobal ródhall chun an rud a bhí soiléir do Irimia a theiscint. Bhí siad ag cur dallach dubh orthu féin trina muinín a chur i reiligiún an Teampaill agus dhein siad dearmad ar choinníollacha an chonartha. Ghoill an staid thragóideach ina raibh a phobal go mór ar Irimia. fiú samhlaíonn sé máthair Iosrael, an mhaitriarc urrarnàch Ráchael ag cabineadh a leanaí a bhí tógtha ar deoraíocht:

.

"Is mar seo a deir an Tiarna: Cluineadh guth i Rámá, caoineadh agus gol géar; is í Ráchael í ag caoineadh a clainne mar nach bhfuil siad ann" (3 1 : 15) .

Taispeánann croíbhriseadh máthar ar imeacht a leanaí an brón a mhothaigh Irimia féin nuair a chonaic sé cinniúint a mhuintire. Feictear an Tiarna féin ag caoineadh toisc go bhfuil a chlann imithe uaidh agus tá sé ag tnúth lena thilleadh:

"An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraim air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligirn do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn" (3 1 :20).

Cé go raibh Iosrael mídhílis cuimhníonn an Tiarna ar a leanaí le cion, agus níl uaidh ach an seans chun a thrócaire a thaispeáint Mar a thaispeánann Matha Íosa dúinn, agus é ag caoineadh is é ag breathnú ar Iarúsailéim, mar an gcéanna léiríonn Irimia DIa ág gol ar son IosmeI. Ghoil Irimia mar an gcéanna agus léiríonn sé a bhrón i véarsaí a nochtann go soiléir a ghrá do mhuintir IosmeI.

55

Page 56: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Mura dtéann an brón thar an tragóid is féidir leis a bheith millteach, ní foláir dóehas a aimsiú leis. Cé gur dhein lrimia lochtú agus íde béil a thabhairt níor stad sé ansin, thug sé dóehas leis, agus dhein sé iarraeht a phobal a mhealladh chun athrú saoil a dhéanamh. Trí dheireadh a ehur lella dhúil i reiligiún bréagach thaispeáin sé dóibh an fíorchreideamh agus thug sé dóchas dóibh sa Tiama. D'fhéaeh sé thar na tubaistí go ré eile nuair a bheadh pobal nua ag an Tiama agus go mbeadh rath Dé orthu agus trua aige dóibh (33 :26) .

D' fhéadfá a rá gur theip ar lrimia ina iarraeht. Níor éirigh leis an pobal a threorú . thar n-ais ehun a dTiama. Chonaie sé go soiléir go raibh léirscrios ag teacht ach níor éirigh leis é a ehose. Bhí sé ina eheap magaidh ag a mhuintir. Ós rud é go bhfuil na horaeail a thug sé againn fós. taispeánann sé go raibh lueht leanúna áirithe aige. Bhí siadsan sásta a sheanmóirí a bhailiú. Más ea, bhí tionehar éigin aige ar lueht a linne. Ón bhfreasúra a bhí aige taispeánann sé gur duine é arbh fhiú aird a thabhairt air. 'Aeh níor mheall sé na eeannairí ná an gnáthphobal, bhí sé mar dhuine ag du1 in aghaidh an tsrutha.

Bhí toradh áirithe ar a sheanmóireaeht áfach, Trína ehui: in iúl dá mhuintir go raibh léirserios ag teaeht, agus ansin ag deireadh á thaispeáint dóibh gur ó Dhia a tháinig sé, agus gur orthu féin a bhí an loeht; tháinig an serios mar thoradh ar a bpeaeaí, dúirt sé leo; tríd sin lig sé don phobal féachaint ar an tragóid trí shúile an ehreidimh. Dá bharr sin, le eabhair an ehreidimh ehéanna, d'éirigh leo maireaehtáil trí serios an náisiúin agus atosú arís. Agus le eabhair fhoeail Irimia, bhí an pobal sa ré nua in ann eiall a bhaint as an stair agus tosú ar ehonradh nua a dhéanamh lena dTiama.

An Bío bl a Nao�a

56

Page 57: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

AN BÍOBLA AGUS AONTACHT NA hEAGLAISE

Éilís Ní Thiarnaigh

RÉAMHRÁ Cloisimid trácht inniu ar ghluaiseacht an éacúiméineachais, is é sin, ar na hiarrachtaí . a bhíonn á ndéanamh le reiligiúin an domhain, agus go háirithe na heaglaisí Críostaí, a aontú ina chéile. Focal Gréigise - oikoumene - is fréamh don fhocal, focal a chiallaíonn an domhan áitrithe ina iomlán. As sin a eascraíonn an míniú atá againn leis an bhfocal 'éacúiméineachas : an domhan iomlán mar is mian le Dia é a bheith, is é sin, aontaithe le chéile i gCríost.

Conas is eol dúinn gurb é seo mian Dé? Is eol, de bhrí gur chun muintir an

domhain uile a shlánú ó smacht an pheaca agus a dhlúthú leis féin athuair a chuir Dia uaidh a Mhac. (2 Cor. 5 : 18- 19) Faoi mar nach bhfuil ann ach aon Dia amháin a chruthaigh an duine ina dheilbh féin, níl ann ach oiread ach an t-aon Slánaitheoir amháin, Íosa Críost, Mac Dé. Trína bheatha ar an saol seo, trina Pháis, a Bhás agus a Aiséirí, thug seisean an cine daonna chun athmhuintearais leis an Athair agus dháil an Spiorad Naomh ar an uile dhuine a ghlacann leis.

1 . TÉACSANNA AS NA SOISCÉIL Tá tagairtí scaipthe tri na soiscéil a mheabhraíonn dúinn dlúthghaol a bheith idir Críost agus a dheisceabail, mar shampla, an tAoire agus a thréad (Eoin 10: 1 - 15) nó an Fhiniúin agus a géaga. (fioin 15 : 1-8) Is é a iarrtar ar Da géaga, más leo toradh a thabhairt, ná fanacht fréamhaithe san Fhiniúin. Tá baint freisin ag tagairtí dá leithéid le ceist aontachta i measc dheisceabail Chríost: faoi mar atá ceangal grá idir Críost agus a chairde, iarrann sé orthu ceangal grá a bheith eatarthu féin chomh maith. (Eoin 15 : 12) Snaidhmeann a gcreideamh le Críost iad; snaidhmeann freisin lena chéile iad sa gcaoi go bhfásann comhluadar (koinónia) nó pobal nua de thoradh saothar slánaithe Chríost. An Eaglais a thugaímid ar an gcomhluadar deisceabal seo. Ní rud indibhideach amháin an slánú, mar sin:

"Níor mhian le Dia áfach daoine a shaoradh ina nduine agus ina nduine gan cheangal dá laghad eatarthu, ach ba mhian leis pobal a dhéanamh díobh a d' aithneodh é san fhírinne agus a d'fhónfadh dó go naofa. " (J.,umen Gentium 9)

Is é an téacs is mó a bhíonn in úsáid ag gluaiseacht an éacúiméineachais inniu ná Eoin 17.21 , mar a nguíonn Críost chun an Athar ar son a chairde atá i 1áthair leis agus ar a son siúd uile sna glúnta atá le teacht a ghlacfaidh leria shlánú:

"ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn O o . "

57

Page 58: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Is ríléir Ó urnaí seo an Tiarna gurb é mian a chroí go mbeadh a dheisceabail aontaithe i ndlúthcheangal grá leis féin agus ar bhealach éigin ga n-éilíann an

cumann sin aontacht ina measc féin ar na deisceabail. Ba é toil Dé slánú an uile dhuine trí theacht Chríost:

"is trídsean ab áil leis g aeh a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt ehun athmhuintearais leis féin agus síoeháin a dhéanamh leo trína bhás ar an gerois ." (C ol. 1 : 20)

Baill de chlann Dé sinn de bharr saothar slánaithe Chríost. Deisceabail Chríost, · a chairde, a 'ghaolta' - is fínnéithe sinn freisin, mar is faoina Eaglais a d'fhág Críost fógairt an athmhuintearais a thuill sé dúinn. (2 Cor. 5 : 18 - 19) Is é sin le rá, gí gur comhluadar an Eaglais a eascraíonn as creideamh agus caidreamh, ní comhluadar í atá ann le beatha bhreá shócúil a sholáthar dá baill. Comhluadar í a bhfuil sé de chiíram uirthi slánú Chríost a chur ar fáil don chine daonna i ngach aois:

"Imigí dá bhrí sin, déanaigí deiseeabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhie agus an Spioraid Naoirnh, ag múineadh dóibh gaeh ní atá ordaithe agam do ehoinneáil. Agus féach táim in éineaeht libh i geónaí go dtí deireadh an tsaoil. " (Matha 28: 18)

Tá dlúthbhaint ag aontacht na ndeisceabal lena chéile (agus le Críost, ar ndóigh) lena gcumas mar fhínnéithe. Dá bharrsan a ghuíonn Críost chun an Athar:

"go mba aon iad faoi mar is aon sinne . . . ionas go mbeidh a fhios ag an saol gur ehuir tú uait mé." (Eoin 17:22-3)

Seasann creidiúntacht chraobhscaoileadh an tSoiscéil ar an aontacht seo i measc na ndeisceabal. Luigh an Pápa Eoin Pól II ar an ngné seo den scéal agus é ag caint i nGoa na hIndia:

"Tá eomhlíonadh rnhisean na hEaglaise, eornhlíonadh mhisean Chríost ar domhan, ag brath ar aontaeht a bheith i mease dheiseeabail Chríost. Tá fógairt agus neartú ereidimh i gCríost ag brath uirthi. Tá aontacht na gCríostaithe riachtanaeh d'fhógairt an tSoiseéil, mar ní ar na foeail a labhraítear a bhraitheann síolú an ehreidirnh, aeh ar fhianaise fheidhmiúil an ehornhluadair Chríostaí. Cén ehaoi ar féidir leis na neamhehreidmhigh teacht ehun ereidirnh i ngrá Dé ama fhoilsiú i gCríost mura bhfeiceann siad conas a ghraíonn Críostaithe a ehéile?"

2. TÉACSANNA ElLE ÓN NUATHIOMNA An Focal seo_'eaglais' , is ón nGréigis tríd an Laidin a tháinig sí chugainn. Sa Nuathiomna úsáidtear an focal ag trácht ar chomhthionól áitiúil Críostaithe, mar shampla, "eaglais Dé atá i gCoraint" , "eaglais na dTeasalónach" , nó fiú ag tagairt do chruinnithe beaga de Chríostaithe, e.g. an eaglais i dteach Phriosca agus Aquila nó i dteach Fhileamón. Ní hé a bhí i gceist gur chuid d'Eaglais Chríost aon cheann acu

58

Page 59: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

seo, aeh go raibh an Eaglais iomlán i láthair in áiteanna éagsúla. D'fhéadfaí, mar sin, trácht ar eaglaisí (san uimhir ioIra) a bhí i gcomaoin lena chéile. D'fhéadfaí, ehomh maith, tráeht ar an Eaglais (uimhir uatha) uilíoeh, Eaglais Chríost. Níl aeh aon Eaglais uilíoeh amháin ann.

Is iomaí uair sa Nuathiomna a ndéantar tagairt d'Eaglais Chríost mar phobal Dé, e.g. i Utir Phóil ehuig Títeas:

"Thug Críost é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha." (Til. 2: 14)

Faoi mar a ghlaoigh Dia Giúdaigh an tSean-Tiomna ehuige féin sa Chúnant a rinne sé leo, go ndearna pobal dá ehuid féin díobh, ghlaoigh Críost ehuige sa Chúnant Nua a phobal tofa féin le maireaehtáil go dílis dó agus a shoiseéal a ehraobhseaoileadh. Feicimid i nGníomhartha na nAspal an tuiscint a bhí ag na nua-Chríostaithe don ghné seo den slánú j. an tsnaidhm a bhí ann idir baill an

phobail. Ba thabhartas Dé an aontaeht seo, aeh ba thabhartas í a raibh gá le eúram a dhéanamh di agus í a shaothrú. Is as an geumann seo a bhunaigh Críost i mease a dheiseeabal a d'easeair spiorad na earthanaehta eatarthu. (is san uimhir uatha a lahhraítear ar phobal Dé i geónaí.) Cothaíodh spiorad na haontaehta freisin tríd an Eoeairist; de bhrí gur mar bhaill den aon phobal a ghlae siad páirt inti bhí tuiscint aeu gur ehóir dóibh a bheith i síocháin le ehéile ag eeiliúradh na hEoeairiste dóibh. Deireann Lúeás linn gur "lean siad go buan i dteagase na n-aspal agus sa ehumann, i mbriseadh an aráin agus sna paidreaeha". (Gníomh. 2:42)

Na difroehtaí a áirítear go minie idir grúpaí daoine - dath a geraicinn, uasal agus íseal, náisiún nó gnéas - ní ghabhann tábhaeht a thuilleadh leo mar rudaí a searann daoine óna ehéile. "Gaeh duine a baisteadh i gCríost, tá Críost eurtha uime aige mar éide" (Gal. 3 :27); dá thoradh sin leáitear gaeh bae eile idir daoine mar a bheadh eúr na dtann ann:

"Níl Giúdaeh ná Gréagaeh oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann: is aon bhuíon amháin sibh uile i bpáirt le Críost." (Gal. 3 :28)

Tabhartas an Spioraid an aontaeht seo i mease daoine a bhí ehomh héagsúil lena ehéile ar an oiread sin bealaeh. Caithfidh nárbh éasea é agus an nádúr daonna mar atá. Feicimid Pól ag gríosú na heaglaise i bhFilipí "bheith ar aon intinn, ar aon ghrá agus ar aon toil . . . " (FiZ. 2: 1) Tá imní air mar gur ehuala sé go bhfuil na Críostaithe i gCoraint ag eonspóid eatarthu féin. Seríobhann sé ehueusan mar seo:

"Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiama Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn." (1 C or. 1 : 10)

Is minic a úsáideann Pól an corp daonna mar shamhail agus é ag eur síos ar an Eaglais. Óna mhaehnamh ar eheist Chríost ehuige agus é ar an mbealaeh go Damaseus sa tóir ar na Críostaithe ansin - "Cén fáth a bhfuil tú ag déanamh géarleanúint ormsa?" - d'easeair doimhin-tuiscint i bPól naeh rud indibhideaeh

59

Page 60: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

amháin slánú Chríost, ach rud a dhéanann baill de chomhthionól dínn. Dlúthaíonn ár ngaol le Críost lena chéile sinn. As an tuiscint seo a thásann an chomparáid a dhéanann sé idir an Eaglais agus an corp:

"Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin .. Is é an dála céanna ag Críost é: mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, rinneadh aon chorp amháin dúm agus tugadh an t-aon Spiorad amháin dúinn le n-ól . . . " ( 1 Cor. 12: 12-20)

Gí go bhfuil mórán ball sa chorp, tá ceangal eatarthu uilig, braitheann siad go léir ar a chéile, tá gá le gach ceann acu, pé láidir lag é. "Mar a chéile le Críost é" , deir PÓl. Ní hé a chiallaíonn 'Críost' anseo an Tiarna Íosa mar a bhí sé le linn a sheal ar an saol seo. Is éard is ciall leis ná an Tiarna maille le gach duine atá baiste, is é sin, Críost agus a bhaill: "Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh. " ( 1 Cor. 12:27) Aontaíonn an baisteadh an duine aonair le Críost; chomh maith céanna aontaíonn sé Críostaithe mar chomhluadar le Críost mar a bheadh baill an aon choirp ann. Cothaíonn Críost an aontacht seo i measc a bhall trina bheatha féin san Eocairist a roinnt leo. Mar sin is as aontas Críostaithe le Críost a fhásann aontacht eatartbu féin: "dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i bpáirt le Críost agus gach duine againn ina bhall dá chéile." (Rómh. 12:5)

Sna litreacha chuig na Colosaigh agus na hEifisigh feicimid gné eile de mhachnamh Phóil ar an ábhar seo. An téama atá anois aige ná Críost mar cheann an choirp. Braitheann an tsamhail seo roinnt ar bhitheolaíocht na linne, a chreid gurbh ón gceann a thaigheann an corp beatha agus cothú, agus gurbh ón gceann freisin an t-údarás a dhéanann comhordú ar bhaill uile an choirp. Uime sin, deir sé faoi Chríost gurb é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise,

" an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann ina chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fás é mar is áil le Dia. " (Col. 2: 19) Is ionann brí ag Pól le 'corp' , 'corp Chríost' , 'eaglais ' agus 'Críostaithe' .

Aon Slánaitheoir amháin atá ann agus dá bhrí sin aon chorp amháin. Bhris Críost an balla naimhdis a bhí ag deighilt na gciníocha óna chéile agus rinne aon chorp amháin de Ghiúdaigh agus Gréagaigh. "Aon bhuíon nua amháin" anois iad de bhrí go ndearna Críost "baill de theaghlach Dé" díobh. (Eif. 2: 14-16) Mar atá i gcás na dtagairtí don eaglais mar phobal, is san uimhir uatha a bhíonn trácht i gcónaí uirthi mar chorp:· "dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. " (1 Cor. 12: 12) Is iomaí sin tíolaicí a bhronnann an Spiorad - bua tuisceana nó teangacha, nó taimgreachta nó teagaisc - ach "an léiriú a dhéantar ar an Spiorad i ngach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é. " ( 1 Cor. 12:7) Gabhann a thábhacht féin le gach ball den cholainn daonna ionas nach féidir le ball amháin díspeagadh a dhéanamh ar aon bhall eile. A mhalairt ar fad an cás, go deimhin: is ag déanamh cúraim dá chéile a bhíonn na baill. Mar sin, "má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis." (1 Cor. 12:21 -6) Is ionann cás do

60

Page 61: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

Chorp Chríost: "Is ball dá chuid gach duine ar leith" den phobal Críostaí a bhfuil a ehuid thábhaehtach féin le déanamh aige ar mhaithe le leas an ehoirp ina iomláine.

Ba é seo an t-idéal a ehraobhseaoil PÓl. Gí gur deaeair ar an leibhéal daonna maireaehtáil dá réir is eosúil ón léargas ar shaol na luathcChríostaithe a thugann Lúeás dúinn go ndeamadh an-iarraeht ar bheith dílis dó. Léiríonn seo treise an

Spioraid i mease na gCríostaithe, mar, ar ndóigh, ba "ar bhonn spioradálta a . fothaíodh an eumann sin na ndeisceabal." (Odhrán Ó Duáin, An Eaglais 6 g, 1.40) Feicimid go geaithidís am i bhfochair a ehéile, go mbídís ag guí le chéile, go ndéanaidís eúram dá ehéile agus go raibh a ndíchea11 á dhéanamh acu a bheith ar aon toil agus ar aon chroí le chéile. (Gníomh. 2:44;4:24)

N uair a d' éirigh móraighneas faoi cheist thimpeallghearradh na bpágánaeh ehruinnigh eeannairí na heaglaise le ehéile in larúsailéim agus tháinig ar réiteach trí urnaí agus plé agus argóint. (Gníomh. 15 :22) Ba den bhunriaehtanas leo é gan an

aontaeht ar ghuigh Críost ar a son oíehe a Pháise a ehreimeadh. Croílár na haontaehta ba ea a gereideamh i gCríost; mar sin "nuair a bhímid i bpáirt le Críost is euma an timpeallghearradh ann nó as; is · cuma rud ar bith aeh an ereideamh a oibríonn trí ghrá. " (Gal. 5 :6)

3 . TEACHT AlREACHT AN BHÍOBLA CHUGAINN INNItJ . Feicimid meon Chríost sna Soiseéil , ina bheatha agus a bhriathra agus a:

ghníomhartha. Braithimid go háirithe é ina mhórurnaí ag an Suipéar Deireanaeh. I nGníomhartha na nAspal agus i Litreacha an Nuathiomna tugtar léargas dúinn ar an bhféintuiseint a bhí ag na luath-Chríostaithe: gurbh iad pobal nua Dé iad a bhí slánaithe ag Críost; go ndearnadh baill dá chuid díobh agus dá thoradh sin gur bhaill dá ehéíle iad. Bhí dualgas mar chomhluadar orthu Dia a adhradh, go háirithe san Eoeairist; bhí dualgas orthu a mbeatha a chaitheamh de réir a gereidimh; agus bhí dualgas orthu leas a chéile a lorg. Thairis sin bhí mórdhualgas soiscéalaíochta orthu: "Is mairg domsa mura mbím ag fógairt an tsoiseéil." Is léir freisin gur thuig siad, agus gur thuig a geeannairí go háirithe gur ehuid thábhachtach dá ndílseacht do Chríost ceangal aontachta a choinneáil idir Críostaithe, idir eaglaisí áitiúla pé áit ina raibh siad lonnaithe. Creideamh i gCríost agus a shlánú bun agus barr na haontachta seo agus ba í an Eocairist an Ión spioradálta a chothaigh í:

"Dá líonmhaire sinn is aon chorp amháin sinn de bhrí go n-ithimid go léir den aon arán amháin. " ( 1 Cor. 10: 17)

Cén teachtaireacht atá aige seo go léir dúinne, deiseeabail Chríost i ndeireadh ali. fichiú aois? An dtig linn, tar éis machnamh ar an luatheaglais, suí siar ar ár suaimhneas agus a rá go sócúíl go bhfuil gach uile rud ina cheart in Eaglais Chríost? An gcuireann ceist easaontais i measc Críostaithe codladh na hoíche ó rath orainn?

Ní hamhlaidh atá aon cheann de théacsanna an Nuathiomna a luaigh mé ag trácht ar na scoilteanna atá in Eaglais Chríost. Ach nuair a mhaehnaímid go domhain agus go humaitheach orthu cuireann siad ceisteanna orainn: an bhfuil cás na Críostaíochta inniu de réir mheon Chríost? An bhfuil an cumann ba mhian le Críost a bheith i measc a dheisceabal ag lonm ar ghDúis a eaglaise? "Bígí in bhur bhfínnéithe

61

Page 62: Ní Thiarnaigh, Éilis & Ó Laoghaire, Diarmuid - Machnamh 1991 (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, FÁS) OCR.pdf

agamsa" , dúirt Criost. (Gníomh 1 : 8) Cén cineál fianaise don domhan neamhchríostaí atá á tabhairt ag eaglais Críost mar atá sí anois agus í scoilte ina céadta cuid?

Raison d' être na heaglaise an mhisinéireacht, de réir an Phápa Pól VI. (Evangelii Nuntiandi, alt 14) Is é misean na hEaglaise an slánú a thug Críost i gcrích a chraobhscaoileadh chuig gach náisiún agus i ngach aois. Is é aonghnó na hEaglaise Críost a chur in aithne don mhuintir a · dtáinig sé ar domhan lena slánú; fúinne, Críostaithe, a d'thág sé fógairt an athmhuintearais a chuir sé i gcrích. (2 Cor. 5: 18) Tá dlúthcheangal idir aontacht agus misean: cén chaoi ar féidir le Críostaithe an . t -athmhuintearas seo a thógairt más ag conspóid eatarthu féin atá siad, nó ag tarraingt in aghaidh a chéile?

Mar a chonaiceamar, is toradh ar shlánú Chríost an aon.tacht i measc bhaill a choirp. Bronntanas í, mar sin. Ach tá dualgas a cothaithe ar bhaill an Choirp, rud is fior inniu chomh maith céanna agus in aimsir Phóil. Tharla laige an pheaca, is éasca a éiríonn conspóid inár measc, rud a léiríonn stair na hEaglaise ón bhfíorthús. Ní hé go blÍfuil locht pearsanta ar aon duine ná ar aon eaglais inniu faoin gcumann a bheith briste, ach ó tá easaontas ag cur cosc le misean na heaglaise, le fógairt shlánú Chríost, níl rogha ag na hEaglaisí ach féachaint leis na constaicí atá sa bhealach ar an aontacht ba thoil le Críost a scuabadh chun siúil. Gí nach sinne inniu is cúis leis an mbriseadh cumainn, sa mhéid gur cuma linn faoi, sa mhéid go gceadaímid a bhuanú, sa mhéid go gcabhraímid ar aon bhealach le cothú easaontais, is cinnte go bhfuil locht nach beag orainn.

Feictear dom, mar sin, gurb é teachtaireacht an Spioraid chuig na heaglaisí inniu ná lui isteach ar obair athaontú Eaglais Chríost, ar athbhunú cumainn i measc Críostaithe. Agus sin ar thrí chóis: ar mhaithe le leas na n-eaglaisí féin ina mbeatha spioradálta; ar mhaithe le bheith in ann slánú Chríost a cheiliúradh le chéile san Eocairist mar a d'iarr sé orainn a dhéanamh; ar mhaithe le hordú an Tiarna i dtaobh chraobhscaoileadh an tsoiscéil a chomhlíonadh. Níl bealach éalaithe ón dúshlán seo againne a deir gurb é Críost ár Slánaitheoir.

_ .. "....