Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic...
Transcript of Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic...
![Page 1: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/1.jpg)
Ní haon saighdiúir mise!
Ní haon saighdiúir mise!
Siobhán Mhic GearailtPeter Donnelly a mhaisigh
![Page 2: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/2.jpg)
![Page 3: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/3.jpg)
Baile Átha Cliath
Ní haon saighdiúir mise!
Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh
![Page 4: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/4.jpg)
An chéad eagrán 2007
© An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2007
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe
ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na
bunscoileanna lán-Ghaeilge.
Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh
Dearadh agus leagan amach: Designit
Obair ealaíne: Peter Donnelly
Printset and Design Teo a chlóbhuail in Éirinn
An Gúm, 24–27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1
![Page 5: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/5.jpg)
Clár
Caibidil 1 4
Caibidil 2 12
Caibidil 3 19
Caibidil 4 25
Caibidil 5 34
![Page 6: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/6.jpg)
Caibidil 1
4
![Page 7: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/7.jpg)
Bhí sé a deich a chlog nuair
a tháinig Mamaí abhaile.
‘Cá bhfuil Gearóid?’ ar sise le Daidí.
‘Ní fhaca mé le tamall é,’ arsa
Daidí. ‘Seans go bhfuil sé fós
os comhair na teilifíse.’5
![Page 8: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/8.jpg)
‘Nach bhfuil sé thar am agatsa a
bheith sa leaba?’ arsa Mamaí leis.
‘Ach is maith liom an clár seo, a
Mhamaí,’ arsa Gearóid. ‘Beidh sé thart
taobh istigh de leathuair an chloig.’
Nuair a chuaigh Mamaí isteach sa
seomra suite chonaic sí go raibh
an ceart ag Daidí. Bhí Gearóid fós
os comhair na teilifíse.
�
![Page 9: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/9.jpg)
Isteach le Daidí ansin.
‘Nach bhfuil cluiche iomána agatsa
amárach?’ ar seisean le Gearóid.
‘Tá,’ arsa Gearóid. ‘Díreach tar éis
na scoile.’
‘Bhuel, b’fhearr duit dul a chodladh
anois nó beidh tú tuirseach
amárach,’ arsa Mamaí.�
![Page 10: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/10.jpg)
Ní mó ná sásta a bhí Gearóid.
‘Ach, a Mhamaí …,’ ar seisean.
‘Ná bac le do ach,’ arsa Mamaí
agus chuir sí as an teilifís.
�
![Page 11: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/11.jpg)
‘Oíche mhaith,’ arsa Gearóid agus
isteach leis ina sheomra codlata.9
![Page 12: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/12.jpg)
Nuair a bhí Gearóid istigh sa leaba
thosaigh sé ag léamh. Bhí an-spéis
aige sa leabhar ach bhí sé tuirseach.
Ní raibh léite aige ach cúpla
leathanach nuair a thit an leabhar
as a lámh. Bhí Gearóid ina
chodladh go sámh!10
![Page 13: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/13.jpg)
Tar éis tamaill tháinig Mamaí
isteach.
‘Oíche mhaith,’ ar sise.
Ach níor fhreagair Gearóid í.
Bhí sé ina chodladh go sámh.11
![Page 14: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/14.jpg)
Caibidil 2
12
![Page 15: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/15.jpg)
Chonaic Gearóid dún mór i bhfad
uaidh. Ar pháirc os comhair an
dúin chonaic sé buachaill ag imirt
iomána.
‘Sin é Cú Chulainn!’ arsa Gearóid.
‘Agus tá sé ag imirt iomána.’13
![Page 16: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/16.jpg)
Suas san aer le Gearóid. D’imigh sé
leis thar choillte agus thar ghleannta,
thar locha agus thar aibhneacha nó
gur shroich sé Eamhain Mhacha.
‘Ba mhaith liom cluiche iomána
a bheith agam le Cú Chulainn,’
arsa Gearóid. ‘Rachaidh mé
go hEamhain Mhacha.’
14
![Page 17: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/17.jpg)
Ach nuair a shroich Gearóid
Eamhain Mhacha tásc ná tuairisc
ní raibh ar Chú Chulainn.
Chonaic Gearóid fear ag marcaíocht
ar chapall.
‘An bhfaca tú Cú Chulainn?’
ar seisean leis an bhfear.
‘Ní fhaca,’ arsa an fear.15
![Page 18: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/18.jpg)
Tamall ina dhiaidh sin chonaic
Gearóid buachaill óg ag imirt
iomána lena athair.
‘An bhfaca sibh Cú Chulainn?’
ar seisean leis an mbeirt.1�
![Page 19: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/19.jpg)
‘Chonaiceamar,’ arsa an fear. ‘Tá sé
ag faire an dúin! Ach cé thusa?’
‘Gearóid atá ormsa,’ arsa
Gearóid, ‘agus ba mhaith liom
cluiche iomána a bheith agam
le Cú Chulainn.’1�
![Page 20: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/20.jpg)
‘Níl imreoir níos fearr ná Cú Chulainn
sa chúige seo,’ arsa an fear.
‘Níl imreoir níos fearr ná é in Éirinn,’
arsa an buachaill óg. ‘Go n-éirí an
t-ádh leat.’
‘Go raibh maith agat,’ arsa Gearóid
agus thug sé aghaidh ar an dún.1�
![Page 21: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/21.jpg)
Caibidil 3
Nuair a shroich Gearóid an dún
bhuail sé ar an ngeata mór
lena chamán.19
![Page 22: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/22.jpg)
D’oscail an rí, Conchúr Mac Neasa,
an geata.
‘Cé thusa?’ ar seisean nuair a
chonaic sé Gearóid ina sheasamh
taobh amuigh.
‘Gearóid atá ormsa,’ arsa Gearóid,
‘agus ba mhaith liom cluiche
iomána a bheith agam
le Cú Chulainn.’
20
![Page 23: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/23.jpg)
Nuair a chuala Conchúr Mac Neasa
é seo thosaigh sé ag gáire.
‘Níl imreoir níos fearr ná Cú Chulainn
sa chúige seo,’ ar seisean.21
![Page 24: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/24.jpg)
Chuala Cú Chulainn an bheirt
ag caint.
‘Níl imreoir níos fearr ná mé
in Éirinn,’ ar seisean. ‘Ach beidh
cluiche agam leat, mar sin féin.’22
![Page 25: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/25.jpg)
D’imir Gearóid agus Cú Chulainn
cluiche iomána sa pháirc
os comhair an dúin.
Bhí an-chluiche ag Gearóid ach
b’fhearr Cú Chulainn ná é.23
![Page 26: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/26.jpg)
‘Níl tú chomh maith le Cú Chulainn,’
arsa Conchúr Mac Neasa le Gearóid
nuair a bhí an cluiche thart. ‘Ach níl
aon chailliúint ort, mar sin féin.’
‘Is maith an t-iománaí tú,’ arsa
Cú Chulainn agus chroith sé lámh
le Gearóid.
Bhí Gearóid breá sásta leis féin.24
![Page 27: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/27.jpg)
‘Tar isteach sa dún anois,’ arsa an
rí le Gearóid. ‘Caithfidh go bhfuil
ocras ort.’
Caibidil 4
25
![Page 28: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/28.jpg)
Istigh sa dún shuigh an triúr chun
boird agus bhí béile breá acu.
‘Bhí sé sin breá blasta,’ arsa
Gearóid nuair a bhí an béile ite acu.
‘Go raibh míle maith agaibh.’
‘Tá fáilte romhat,’ arsa Cú Chulainn.
‘An mbeidh cluiche eile anois
againn?’2�
![Page 29: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/29.jpg)
Ach bhí Gearóid bocht tuirseach.
Bhí agus an-tuirseach.
‘Lá éigin eile, b’fhéidir,’ ar seisean.
‘Beidh cluiche againn lá éigin eile.
Táim róthuirseach anois.’2�
![Page 30: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/30.jpg)
Go tobann d’oscail doras an dúin
agus siúd isteach le beirt shaighdiúirí.
‘Tá siad tagtha,’ arsa duine de na
saighdiúirí. ‘Tá arm Chonnacht
tagtha.’2�
![Page 31: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/31.jpg)
Léim Conchúr Mac Neasa ina
sheasamh agus rug sé ar a
chlaíomh.
Léim Cú Chulainn ina sheasamh
agus rug sé ar a shleá. Siúd leis
an mbeirt acu amach an doras.29
![Page 32: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/32.jpg)
Rith Gearóid ina ndiaidh.
‘Cá bhfuil sibh ag dul?’
a d’fhiafraigh sé de Chú Chulainn.
‘Cá bhfuil sibh ag dul?’30
![Page 33: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/33.jpg)
‘Tá arm Chonnacht tagtha,’ arsa
Cú Chulainn, ‘agus tá sé in am
troda. An bhfuil tú ag teacht
in éineacht linn?’
‘Mise?’ arsa Gearóid. ‘Ach ní haon
saighdiúir mise.’31
![Page 34: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/34.jpg)
‘Is iománaí maith tú,’ arsa an rí.
‘Mar sin, déanfaidh tú saighdiúir
maith.’
Agus shín sé sleá agus sciath chuige.
32
![Page 35: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/35.jpg)
‘Seo linn,’ arsa Cú Chulainn.33
![Page 36: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/36.jpg)
Gearóid bocht. Bhí sé trína chéile!
‘Ní maith liom an áit seo,’ ar
seisean, ‘ná ní theastaíonn uaim
a bheith i mo shaighdiúir. B’fhearr
liom a bheith ag baile.’
Caibidil 5
34
![Page 37: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/37.jpg)
Ach rug Conchúr Mac Neasa
ar Ghearóid.
‘Seo!’ ar seisean. ‘Isteach leat
sa charbad. Tá Cú Chulainn
ag fanacht leat.’
35
![Page 38: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/38.jpg)
‘Ach dúirt mé leat nach saighdiúir
mé,’ arsa Gearóid. ‘Teastaíonn uaim
dul abhaile.’
‘Theastódh uait éirí,’ arsa an rí,
‘nó beidh tú déanach don scoil.’
Don scoil! Conchúr Mac Neasa ag
caint faoin scoil! Bhí Gearóid bocht
trína chéile.3�
![Page 39: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/39.jpg)
D’oscail Gearóid a shúile. Agus cé
a bheadh ina sheasamh ag bun
na leapa ach …
‘B’fhearr duit éirí, a Ghearóid,’ arsa
an rí arís, ‘nó beidh tú déanach don
scoil.’
3�
![Page 40: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/40.jpg)
‘Agus cé eile a bheadh ann?’
arsa Daidí. ‘Fionn Mac Cumhaill?’
‘Ní hea,’ arsa Gearóid, ‘ach
Conchúr Mac Neasa!’
… Daidí!‘Tusa atá ann!’ arsa Gearóid.
‘Tusa atá ann, a Dhaidí!’
3�
![Page 41: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/41.jpg)
‘B’fhearr duit éirí, mar sin,’ arsa
Daidí, ‘nó ní thabharfaidh Conchúr
Mac Neasa ar scoil ina charbad tú!’39
![Page 42: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/42.jpg)
sciath
sleá
carbad
40
![Page 43: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/43.jpg)
claíomh
saighdiúir41
![Page 44: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh](https://reader034.fdocument.pub/reader034/viewer/2022050207/5f5a5a24b43ebf05da741bc8/html5/thumbnails/44.jpg)
‘Ba mhaith liom cluiche iomána
a bheith agam le Cú Chulainn,’
arsa Gearóid.
‘Rachaidh mé go hEamhain Mhacha.’