Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na...
Transcript of Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na...
MIC
HA
EL
MO
RP
UR
GO
A
N C
HE
IST FA
OI M
OZ
AR
T
“Ón chÉad abairt i leabhar de chuid Michael Morpurgo,
tuigeann tÚ go bhfuil tÚ i lÁmha scÉalaÍ nÁdúrtha.”
Guardian
Nuair a chuirtear Lesley, tuairisceoir úr, chun na Veinéise le hagallamh a chur ar veidhleadóir a bhfuil clú domhanda air,
insítear don iriseoir go dtig léi ceist a chur ar Paolo Levi faoi rud ar bith faoina shaol agus a shaol mar cheoltóir, ach nach féidir léi ar ór ná ar airgead ceist Mozart a chur; ceist
Mozart in am ar bith. Tuigeann Paolo, áfach, go gcaithfidh sé an fhírinne a
nochtadh sa deireadh.
“Scéal corraitheach faoina léaráidí galánta, ina bhfuil rúin, bréaga agus stair.”
The Independent Throid muid ina n-éadan lenár gcuid ceoil.Ba é sin an t-aon arm a bhí againn.
léaráidí le Michael Foreman
AN CUMADÓIR SCÉALTA IS FEARR LEIS AN NÁISIÚN
COUNCIL FOR THE CURRICULUM, EXAMINATIONS AND ASSESSMENT29 Clarendon Road, Clarendon Dock, Belfast BT1 3BGTel: +44 (0)28 9026 1200 Fax: +44 (0)28 9026 1234Email: [email protected] Web: www.ccea.org.uk
Michael Morpurgoléaráidí le
Michael Foreman
Téacs © 2006 Michael MorpurgoLéaráidí © 2007 Michael Foreman
Arna fhoilsiú den chéad uair 2006 in Singing for Mrs Pettigrew: A Story-maker’s Journey
le Walker Books Ltd, 87 Vauxhall Walk, Londain SE11 5HJ
Arna fhoilsiú trí shocrú le Walker Books Limited,
Londain SE11 5HJ.
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den leabhar seo a atáirgeadh, a tharchur ná a choinneáil i gcóras aisghabhála faisnéise ar aon mhodh ná slí, bíodh sin grafach, leictreonach nó meicniúil, ar a n-áirítear fótachóipeáil, téipeadh agus taifeadadh, gan cead a
fháil i scríbhinn roimh ré ón fhoilsitheoir.
Aistriúchán © CCEA 2017
Pádraig de Bléine, ar Léachtóir Sinsearach éle Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire
i mBéal Feirste, a d’aistrigh an t-úrscéal seo
Do Christine Baker M.M. & M.F.
7
á ceist amháin ann a chuirtear orm go
han-mhinic agus tá sé furasta a fhreagairt.
An cheist: cad é mar a thosaigh tú amach mar
scríbhneoir? An freagra: aisteach go leor,
thosaigh mé amach leis an cheist chéanna sin, a
bheag nó a mhór, a chur ar dhuine éigin eile.
Caithfidh mé a rá go raibh an t-ádh dearg orm
go raibh mé ábalta an cheist sin a chur air.
Ba chóir dom an scéal a mhíniú.
T
8
Ar ndóigh mar a tharlaíonn go minic, nuair
a bhí an t-ádh dearg orm, bhí mí-ádh ar dhuine
éigin eile. Bhí sí trína chéile ar an ghuthán.
Tháinig an scairt tráthnóna Domhnaigh. Ní
raibh mé ag obair leis an nuachtán ach le trí
seachtaine. Tuairisceoir óg a bhí ionam, ba é sin
an chéad phost le pá a bhí agam.
“A Lesley?” Mo shaoiste a bhí ann, a scríobh
tuairiscí ar na healaíona. Meryl Monkton
an t-ainm a bhí uirthi agus bean a bhí inti a
chuirfeadh eagla ort in amanna. Níor chuir sí a
cuid ama amú ag déanamh comhrá, níor chuir
riamh. “Éist, a Lesley, tá fadhb agam. Bhí mé le
dul chun na Veinéise amárach le hagallamh a
chur ar Paolo Levi.”
9
“Paolo Levi?” arsa mise “An veidhleadóir?”
“An bhfuil Paolo Levi ar bith eile ann?”
Ní dhearna sí iarracht ar bith a míshásamh a
cheilt. “Éist liom, a Lesley. Tharla taisme dom
nuair a bhí mé ag sciáil agus tá mé san ospidéal
san Eilvéis. Beidh ortsa dul chun na Veinéise i
m’áit.”
“Ó, tá sé sin go dona,” arsa mise, agus mé
ag déanamh mo dhíchill an lúcháir a bhí orm
a cheilt. Ní raibh mé ach trí seachtaine sa
phost agus bhí mé ag dul a chur agallamh ar an
veidhleadóir mór le rá Paolo Levi sa Veinéis!
Labhair léi faoin taisme, arsa mise liom féin.
Lig ort go bhfuil tú buartha – iontach buartha.
“Cad é mar a tharla sé?” a d’fhiafraigh mé di.
10
“An taisme sciála, atá mé a rá.”
“Ag sciáil,” ar sise go borb. “Cuireann sé
isteach go mór orm nuair a bhíonn trua ag
daoine dom.”
“Mo leithscéal,” arsa mise.
“Chuirfinn siar é dá
dtiocfadh liom, a Lesley,” ar
sise ag leanúint uirthi, “ach
tá eagla orm sin a dhéanamh.
Thóg sé breis agus bliain é a
fháil. A chéad agallamh le
blianta a
bheas ann.
Agus fiú
11
ansin bhí orm m’fhocal a thabhairt dó gan ceist
a chur air faoi Mozart. Mar sin de, ná cuir ceist
air faoi Mozart, an bhfuil sé sin soiléir? Má
chuireann tú, cuirfidh sé an t-agallamh ar ceal –
chuir sé agallaimh ar ceal roimhe mar gheall air
sin. Tá an t-ádh dearg orainn é a fháil, a Lesley.
Ba mhian liom féin go dtiocfadh liom a bheith
ann leis an agallamh a chur air. Ach níl an dara
rogha againn ach tú féin é a dhéanamh.”
“An cheist faoi Mozart?” a d’fhiafraigh mé
go stadach.
Bhí tost fada ar an taobh eile den líne
ghutháin.
“An bhfuil tú ag iarraidh a rá nach bhfuil
tú eolach ar Paolo Levi agus an cheist faoi
12
Mozart? Cá háit a raibh tú, a ghirseach? Nach
bhfuil a fhios agat rud ar bith faoi Paola Levi?”
Go tobann mhothaigh mé go mbeadh an
seans caillte agam. Bhí orm ligean orm féin go
raibh a fhios agam faoi, go raibh a fhios agam
cuid mhór faoi.
“Bhuel, rugadh é am éigin sna naoi déag
caogaidí,” a thosaigh mé. “Caithfidh sé go
bhfuil sé thart faoi chaoga bliain d’aois anois.”
“Caoga go díreach i gceann coicíse,” arsa
Meryl Monkton ag cur isteach orm agus í ag
ligean osna. “Beidh sé ag ceiliúradh a bhreithlá
caoga bliain ag a cheolchoirm i Londain. Is é
sin an fáth a mbeidh an t-agallamh ann. Lean
ort.”
13
D’inis mé di gach rud a bhí ar eolas agam
faoi. “Páiste fíorchumasach agus ríchliste, dála
Yehudi Menuhin. Sheinn sé ag ceolchoirm
mhór den chéad uair agus é trí bliana déag
d’aois. Is dócha gurb é an fáth is mó a bhfuil clú
air ná an dóigh a seinneann sé ceol Bach agus
Vivaldi. Dála Menuhin, is minic a sheinn sé le
Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó
le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn
sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme
an domhain, os comhair uachtarán, ríthe agus
banríonacha. Chuala mé ag an Royal Festival
Hall i Londain é cúig bliana ó shin anois, sílim.
Bhí sé ag seinm Coinséartó Veidhlín de chuid
Beethoven; bhí sé thar barr. Ní thaitníonn
14
bualadh bos leis. Ní fhanann sé le bualadh bos
in am ar bith. Ní chreideann sé ann, is cosúil.
An oíche a chonaic mise é, d’imigh sé ón ardán
agus níor tháinig sé ar ais. Síleann sé má tá
bualadh bos le bheith ann gur chóir go mbeadh
sé ann don cheol, nó b’fhéidir don chumadóir
ceoil, ach gur cinnte nár chóir bualadh bos a
thabhairt don cheoltóir. Deir sé gur cuid den
cheol é an ciúnas ag deireadh an chur i láthair
agus nár chóir cur isteach air. Ní thaifeadann sé
rud ar bith ach oiread. Creideann sé gur chóir
ceol a sheinm beo, in áit é a bheith taifeadta
roimh ré. Tá sé iontach príobháideach mar
dhuine. Aonarach. Ciúin. Cónaíonn sé leis féin
sa Veinéis, áit ar rugadh é. Is dócha go bhfuil sé
15
ar na ceoltóirí is clúití ar domhan, agus —”
“An ceoltóir is clúití, a Lesley, ach ní maith
leis an plámás ar chor ar bith. Is maith leis
daoine a bheith ag labhairt go hionraic leis.
Mar sin de, ná bí ag umhlú dó, ná bíodh do
shúile lán iontais, agus thar rud ar bith eile, ná
16
bí neirbhíseach. An mbeidh tú ábalta é sin a
dhéanamh?”
“Beidh, a Meryl” a d’fhreagair mé agus a
fhios agam go mbeadh sé deacair go leor dom
mo bhéal a oscailt fiú agus mé in aice leis an
fhear iontach seo.
“Agus cibé rud a dhéanann tú, labhair ar
chúrsaí ceoil. Labharfaidh sé ar chúrsaí ceoil
agus ar chumadóirí ceoil go maidin. Ach ná
labhair ar chúrsaí pearsanta. Agus thar rud ar
bith eile ná cuir ceist air faoi Mozart. Agus rud
eile de, ná tabhair téipthaifeadán leat. Tá fuath
aige ar na giuirléidí. Scríobh síos nótaí. Thig
leat scríobh go gasta, nach dtig? Trí mhíle focal.
Is é seo do sheans mór, ná déan praiseach de, a
17
Lesley.”
Níl brú ar bith orm, mar sin, dar liom féin.
Mar sin de, go díreach ar a sé a chlog an
tráthnóna ina dhiaidh sin, bhí mé taobh amuigh
d’árasán Paolo Levi sa Dorsoduro sa Veinéis.
Bhí mo sceadamán tirim agus bhí mo chroí
ag bualadh go trom agus mé ag déanamh mo
sheacht ndícheall a bheith ar mo shuaimhneas.
20
Rith sé liom arís, mar a rith sé liom minic go
leor ar an eitleán, nach raibh barúil ar bith agam
cén fáth nár chóir ceist a chur air faoi Mozart.
Bhí a fhios agam go díreach nár chóir
dom ceist a chur air faoi Mozart. Bhí sé fuar
feanntach, an cineál sin fuachta a théann
go smior ionat agus a dhéanann do chluasa
nimhneach. Bhí an chuma ar an scéal nár
chuir an fuacht isteach ar na siamsóirí sráide
sa chearnóg taobh thiar díom: daoine a raibh
maisc ghránna ar a súile agus iad ar chosa croise
ag siúl trasna na cearnóige. Bhí fear míme ann in
éadaí a raibh dath an airgid orthu ina sheasamh
gan bogadh ar bith as taobh amuigh den chaifé
agus scaifte turasóirí ag stánadh air agus iad lán
21
iontais. Osclaíodh an doras, agus bhí sé ansin os
mo chomhair, Paola Levi, fear néata tanaí agus
a chuid gruaige dubh ag titim ar a ghuaillí.
“Is mise Lesley McInley,” arsa mise. “Tháinig
mé anall ó Londain.”
“Ón nuachtán, is dócha.” Níor chuir sé fáilte
romham le haoibh an gháire. “Ba chóir duit
teacht isteach. Druid an doras i do dhiaidh; tá
fuath agam ar an fhuacht.” Bhí a chuid Béarla
foirfe, gan blas ar leith air. Bhí an chuma air go
raibh sé ábalta mo chuid smaointe a léamh. “Tá
Béarla measartha maith agam,” ar seisean agus
muid ag dul suas an staighre. “Tá teanga cosúil
le ceol. Foghlaimíonn tú níos fearr í agus tú ag
éisteacht léi.”
22
Thug sé síos an halla mé agus isteach i seomra
mór a bhí folamh ach amháin go raibh tolg in
aice leis an fhuinneog a raibh cuid mhór cúisíní
air, mórphianó ina lár agus seastán ceoil in aice
láimhe. Ní raibh ach dhá chathaoir uilleacha
agus tábla ag an taobh eile. Ní raibh a dhath
ar bith eile ann. “Is maith liom é a choinneáil
folamh,” ar seisean.
Bhí sé an-aisteach. Bhí sé ag léamh mo
chuid smaointe. Má bhí mé míshuaimhneach
roimhe sin bhí mé níos measa anois.
“Tá spás de dhíth ar an fhuaim le hanálú, go
díreach ar an dóigh chéanna agus atá an t-aer
de dhíth orainne,” ar seisean.
Threoraigh sé chuig cathaoir mé agus
23
shuigh sé. “Ólfaidh tú tae miontais?” ar seisean
agus é ag líonadh cupáin dom. Bhí a chairdeagan
dúghorm agus a bhríste liath caite ach galánta
ag an am chéanna. Ní raibh a shlipéir ag teacht
24
leis na héadaí ach bhí an chuma orthu go raibh
siad compordach. “Is iad mo chosa is measa
nuair a bhíonn fuacht ann.” Bhí sé ag stánadh
orm anois, agus a shúile géar lonrach. “Tá tú
níos óige ná a shíl mé a bheifeá,” ar seisean.
“Fiche a trí?” Níor fhan sé gur thug mé freagra
– bhí a fhios aige go raibh an ceart aige. “Ar
chuala tú mé ag seinm?”
“Coinséartó Veidhlín de chuid Beethoven.
Sa Royal Festival Hall i Londain, roinnt blianta
ó shin. Bhí mé i mo mhac léinn.” Is ag an
bhomaite sin a thug mé faoi deara a veidhlín
agus a bhogha taobh leis an fhuinneog.
“Is maith liom a bheith ag cleachtadh in
aice leis an fhuinneog,” ar seisean, “sa dóigh go
25
dtig liom breathnú ar an tsaol ag dul thart ar an
chanáil. Cuireann sé an t-am isteach. Fiú agus
mé i mo pháiste, ní raibh mórán dúil agam sa
chleachtadh. Ach is breá liom a bheith in aice le
huisce, le hamharc amach air. Nuair a théim go
Londain, caithfidh mé seomra a fháil in aice leis
an Tamais. I bPáras, caithfidh mé a bheith in aice
leis an tSéin. Is breá liom an solas a chruthaíonn
an t-uisce.” D’ól sé braon den tae miontais,
26
agus é ag stánadh orm i rith an ama. “Nár chóir
duitse a bheith ag cur ceisteanna ormsa?” Lean
sé air. “Tá mise ag labhairt barraíocht. Cuireann
iriseoirí imní orm i gcónaí. Bím ag labhairt
barraíocht nuair a bhím neirbhíseach. Nuair a
théim chuig an fhiaclóir bím ag labhairt. Bím
ag labhairt roimh cheolchoirm. Mar sin de,
rachaidh muid i mbun na hoibre, an rachaidh?
Agus ná cuir barraíocht ceisteanna orm le do
thoil. An gcoinneoidh muid deas furasta é? Cuir
thusa ceist amháin orm agus lig domsa a bheith
ag labhairt liom. An mbainfidh muid triail as
sin?” Níor mhothaigh mé in am ar bith go raibh
sé seachantach ná maslach ach go raibh sé ag
iarraidh a bheith díreach liom. Ní dhearna sin
27
an obair mórán níos fusa, mar sin féin.
Bhí an taighde uilig déanta agam, bhí cuid
mhór nótaí scríofa agam agus bhí cuid mhór
ceisteanna ullmhaithe agam; anois, áfach, agus
é ag amharc orm agus ag dúil le ceisteanna, ní
raibh mé ábalta mo chuid smaointe a chur le
chéile.
“Bhuel,” a thosaigh mé, “tá a fhios agam
nach dtig liom ceist a chur ort faoi Mozart, a
Uasail Levi, cionn is gur dhúirt siad liom gan
ceist a chur ort faoi. Níl a fhios agam fiú cén
fáth nár chóir ceist a chur faoi Mozart, agus
mar sin de ní thiocfadh liom ceist a chur ort
fiú dá mba mhaith liom; agus cibé ar bith, tá a
fhios agam nach maith leat ceist faoi, agus mar
28
sin de ní chuirfidh mé ceist ort faoi.”
Bhí mé ag iarraidh níos measctha suas le
gach focal a labhair mé. Rinne mé iarracht
mhór agus labhair mé amach. Chuir mé an
chéad cheist a tháinig liom.
“A Uasail Levi,” arsa mise, “ar mhiste leat a
insint dom cad é mar a thosaigh tú amach. Is
é an rud atá mé ag iarraidh a rá, cad chuige ar
thóg tú veidhlín agus cad chuige ar thosaigh tú
a sheinm an chéad lá riamh?” Ceist shoiléir a
bhí ann, ach ceist phearsanta a bhí ann chomh
maith, go díreach an cineál ceiste nár chóir dom
a chur air.
Ba léir ón rud a rinne sé nár chuir mé ceist
cheart air. Shuigh sé siar sa chathaoir agus
29
dhruid a shúile. Níor labhair sé focal ar feadh
cúpla bomaite. Bhí mise cinnte de go raibh sé
ag iarraidh fanacht socair nó fiú an fhearg a bhí
air a choinneáil faoi smacht, agus go raibh sé ag
dul a oscailt a shúl agus iarraidh orm imeacht.
Nuair a d’oscail sé a shúile, stán sé ar an
tsíleáil ar feadh tamaill. Bhí cuma dháiríre air
agus thiocfadh liom a fheiceáil go raibh sé ag
smaoineamh go domhain. Shíl mé go raibh mo
phort seinnte. Ach in áit mé a chur amach as a
theach, is é rud a sheas sé agus a shiúil sé anonn
go fadálach chuig an tolg a bhí in aice leis an
fhuinneog. Thóg sé a veidhlín agus shuigh arís
ar na cúisíní agus a veidhlín ar a ghlúine. Bhí sé
ag obair ar chúpla téad lena dhéanamh réidh.
30
“Inseoidh mé scéal duit,” a thosaigh sé.
“Nuair a chríochnóidh mé, ní bheidh gá le
ceist ar bith eile a chur orm. D’inis duine éigin
domsa tráth gur bréaga iad na rúin uilig. Tá an
t-am ann, sílim, gan bréag ar bith eile a insint.”
Stad sé ar feadh bomaite. Mhothaigh mé go
raibh sé á neartú féin, go raibh sé ag cruinniú
misnigh.
“Tosóidh mé le
m’athair. Bearbóir
a bhí ann. Bhí
Papa i mbun
siopa beag bearbóra
díreach ar chúl an
Accademia, in aice
31
leis an droichead, dhá bhomaite ón áit seo.
Chónaigh muid os cionn an tsiopa, mé féin,
Mama agus Papa, ach chaith mé an chuid is mó
den am thíos staighre sa tsiopa bearbóra, i mo
shuí ar na cathaoireacha agus mé ag luascadh na
gcos, ag déanamh meangadh gáire le m’athair
agus lena chuid custaiméirí sa scáthán, go
díreach ag amharc air. Thaitin na laethanta sin
liom, bhí dúil mhór agam i m’athair. Caithfidh
sé go raibh mé thart faoi naoi mbliana d’aois ag
an am sin. Bhí mé beag go leor do m’aois. Bhí i
gcónaí. Tá go fóill.”
Labhair sé go mall agus go cúramach, amhail
is go raibh sé thiar san am sin arís, agus é ábalta
gach rud a fheiceáil mar a bhí an t-am sin agus
34
é ag labhairt liom. Bhí mé maith ag scríobh
nótaí, agus mar sin de, bhí an t-am agam
amharc suas air ó am go ham agus é ag labhairt.
Mhothaigh mé láithreach bonn gur mise an
chéad duine ar inis sé an scéal seo dó, agus mar
sin de, bhí a fhios agam fiú agus é á insint cé
chomh mór agus cé chomh tábhachtach agus
a bhí an insint seo dó féin, agus domsa ach ar
leibhéal eile ar fad.
“Bhí méara gasta ag Papa, bhí a shiosúr ag
déanamh ceoil ina lámha. Shíl mé go raibh
tiúin nua aige do gach aon chustaiméir, agus
é chomh maith sin ag obair gan stad gan
staonadh go raibh mé faoi dhraíocht aige. Bhí
ciúnas iomlán ann nuair a bhí sé ag obair. Dar
35
leat, bhí tiúin á seinm ag an tsiosúr agus bhí an
chíor á stiúradh. Bhí a fhios ag a chustaiméirí
nár mhaith an rud ar chor ar bith cur isteach ar
an taispeántas, agus bhí a fhios agam féin fosta.
Sílim go raibh a oiread céanna aithne agam ar
a chustaiméirí agus a bhí aige féin. D’fhás mé
aníos leo. Tháinig siad chuig an tsiopa go rialta.
Bhí cuid acu ina suí agus na súile druidte acu
agus Papa i mbun a chuid draíochta; d’amharc
cuid eile orm sa scáthán agus iad ag caochadh
súile orm.
“Bhí an bearradh féasóige chomh draíochtúil
agus chomh ceolmhar céanna: chuimil Papa an
scuab go gasta ar an aghaidh. Ansin chuir sé
faobhar ar an rásúr. Bhí ceol ann ansin fosta agus
36
é ag cuimilt an rasúir den iall. Ansin, diaidh ar
ndiaidh, bhain Papa an fhéasóg den aghaidh go
sciliúil lena rásúr, go dtí go raibh aghaidh an
chustaiméara le feiceáil arís eile.
37
“Nuair a bhí sé réidh, labhair sé féin agus
na custaiméirí, agus bhíodh siad ag caint ar an
pheil an t-am ar fad, ar Inter Milan go háirithe,
nó ó am go ham ar chúrsaí polaitíochta nó ar
mhná. Ní cuimhin liom go díreach cad é a dúirt
siad, b’fhéidir cionn is nár thuig mé an chuid is
mó de, ach tá a fhios agam go ndearna siad cuid
mhór gáire. Is maith is cuimhin liom sin. Ansin
bhí an chéad chustaiméir eile ina shuí agus thit
an ciúnas agus thosaigh taispeántas eile le tiúin
an tsiosúir. Tá mé cinnte de gur fhoghlaim mé
faoi chúrsaí rithime den chéad uair sa tsiopa sin,
agus faoin dóigh le d’aird a dhíriú ar rud éigin.
D’fhoghlaim mé fosta an dóigh le héisteacht.
“Ní hamháin go raibh Papa ar an bhearbóir
38
ab fhearr sa Véineis – dúirt gach duine an méid
sin – ceoltóir a bhí ann fosta, veidhleadóir a bhí
ann. Ach aisteach go leor, veidhleadóir a bhí
ann nár sheinn an veidhlín. Ní fhaca mé riamh
é á sheinm. D’inis Mamaí gur cheoltóir a bhí
ann agus ní bheadh a fhios agam murab é sin.
Bhí na deora ina súile agus í ag insint dom faoin
veidhlín. Chuir sé sin iontas orm mar ní minic
a bhí sí ag caoineadh. Veidhleadóir den chéad
scoth a bhí ann, an veidhleadóir ab fhearr sa
cheolfhoireann ar fad. Nuair a d’fhiafraigh mé
di cén fáth nár sheinn sé níos mó, thiontaigh
sí a droim liom, d’éirigh sí iontach ciúin agus
dúirt liom go mbeadh orm féin ceist a chur ar
Papa. Mar sin de, chuir mé ceist air. Chuir mé
39
ceist air arís agus arís eile, agus ní dhearna sé
ach a ghuaillí a chroitheadh agus rud éigin a rá
nach raibh mórán céille leis mar: ‘tagann athrú
ar dhaoine, a Paola. Tagann athrú ar an tsaol.’
Agus b’shin deireadh leis.
“Ní dhearna Papa cuid mhór cainte riamh,
fiú sa bhaile, ach bhí a fhios agam sa chás seo
go raibh sé ag ceilt rud éigin agus gur chuir mo
cheist isteach air. Níor chuir sé sin stop liom,
áfach, agus choinnigh mé ag cur na ceiste air.
Dhiúltaigh sé labhairt air agus mar sin d’éirigh
mé níos amhrasaí arís. Bhí mé iomlán cinnte de
go raibh sé ag ceilt rud éigin. Ní raibh ionam
ach páiste, ach thuig mé go raibh rud éigin
mícheart. Bhí a fhios agam i mo chroí istigh
40
go raibh sé ag ceilt rud éigin. Mhothaigh mé
go raibh rún domhain aige, ach mhothaigh mé
fosta nach raibh Papa ag dul a insint dom. Dá
mbeinn leis an rún a chluinstin, ba í Mama a
d’inseodh an scéal dom.
“Mar a tharla sé, bhí an ceart ar fad agam
go raibh rud éigin mícheart. I ndeireadh na
dála chuir mé a oiread sin ceisteanna ar mo
mháthair gur ghéill sí – ach ní ar an dóigh a
raibh mé ag dúil leis. ‘Maith go leor, a Paolo,’ ar
sise i ndiaidh dom a bheith á ceistiú gan stad gan
staonadh maidin amháin. ‘Má thaispeánaim an
veidhlín duit an dtabharfaidh tú gealltanas dom
go gcuirfidh tú stop leis na ceisteanna gránna
sin? Agus rud eile de, níl cead agat a insint do
41
Papa gur thaispeáin mé duit é. Bheadh fearg
mhór air. Tabhair gealltanas dom anois.’
“Mar sin de thug mé gealltanas, gheall mé go
daingean, agus ansin bhí mé i mo sheasamh ina
seomra leapa ag amharc uirthi agus í ag dul in
airde ar chathaoir le é a fháil ón áit a raibh sé ar
bharr an chófra. Bhí seanbhlaincéad liath thart
air. Chuaigh mé síos ar mo ghlúine ar a leaba
in aice léi nuair a bhí sí ag baint an bhlaincéid
de. D’oscail sí cás an veidhlín. Is cuimhin liom
go raibh boladh air. Seanbholadh taise. Bhí
an t-éadach ar an taobh istigh caite stróicthe.
Thóg Mama an veidhlín go hiontach cúramach.
Bhí urraim aici dó. Ansin thug sí domsa é.
“Leag mé mo mhéar ar an adhmad
42
álainn. Bhí dath air mar a bheadh mil ann,
mil dhorcha ar an tosach agus dath órga ar
an chúl. Chuimil mé
mo mhéara ar na
pionnaí dubha, ar
an droichead
agus ar an
scrolla álainn.
Is cuimhin
liom go raibh
sé iontach
é a d r o m .
Bhí mé faoi
dhraíocht ag
a áilleacht. Bhí
43
a fhios agam láithreach go raibh an veidhlín seo
lán de cheol an domhain, agus go raibh sé ag
dúil go mór le teacht amach. Ba mhian liom
go mór gur mise an duine a bheadh ábalta an
ceol a scaoileadh saor as, é a chur ina shuí faoi
mo smig, seinm ar na téada, triail a bhaint as an
bhogha. Bhí mé ag iarraidh é a dhéanamh beo
láithreach, ceol a bhaint as. Ba mhaith liom an
ceol uilig a thiocfadh linn a dhéanamh le chéile
a chluinstin. Ach nuair a d’iarr mé cead uirthi
é a sheinm, tháinig eagla ar Mama láithreach.
Dúirt sí go raibh seans ann go gcluinfeadh Papa
é thíos sa tsiopa bearbóra, agus go mbeadh sé
iontach míshásta léi gur thaispeáin sí dom é;
dúirt sí nach raibh sé ag iarraidh ceol ar bith a
44
bhaint as choíche arís. Níor amharc sé air fiú
leis na blianta. Nuair a d’fhiafraigh mé di cad
chuige, chuir sí i gcuimhne dom gur thug mé
gealltanas gan ceisteanna ar bith eile a chur.
Is beag nár sciob sí an veidhlín as mo lámha,
chuir sí ar ais ina chás é, chuir an blaincéad
thart air agus chuir ar bharr an chófra arís é.
“ ‘Níl a fhios agat go bhfuil sé ann, a Paolo.
Ní fhaca tú riamh é, an dtuigeann tú? Agus as
seo amach níl mé ag iarraidh focal ar bith eile a
chluinstin faoi, an bhfuil sé sin soiléir? Thug tú
gealltanas dom, a Paola.’
“Is dócha gur shásaigh sé m’fhiosracht ar
feadh tamaill gur tugadh deis dom seanveidhlín
Papa a láimhseáil agus amharc air le hiontas mar
45
choinnigh mé mo ghealltanas. Ansin agus mé
i mo luí múscailte go mall oíche shamhraidh
amháin, chuala mé ceol an veidhlín. Shíl mé gur
tháinig athrú intinne ar Papa, b’fhéidir, agus go
raibh sé á sheinm arís faoi dheireadh. Ansin,
áfach, chuala mé é féin agus Mama ag caint sa
chistin thíos, agus thuig mé go raibh an ceol ag
teacht ó áit níos faide ar shiúl.
“D’éist mé leis an
cheol ag an fhuinneog.
Ní thiocfadh liom
é a chluinstin ach
anois agus arís cionn
is go raibh daoine
ag caint agus ag
48
siúl ar an tsráid thíos agus cionn is go raibh
innill na mbád uisce le cluinstin agus iad ag
dul thar bráid. Ach bhí mé measartha cinnte de
go raibh ceol an veidhlín ag teacht ó áit éigin
ar an taobh thall den droichead. Bhí orm fáil
amach. Chuir mé orm mo phitséamaí agus
shleamhnaigh mé thart ar dhoras na cistine,
síos an staighre agus amach ar an tsráid. Bhí an
oíche te agus measartha dorcha. Rith mé trasna
an droichid agus cé a chonaic mé ach seanduine
ina sheasamh leis féin ag lampa sa chearnóg ag
seinm ar an veidhlín agus a chás veidhlín ina luí
oscailte ag a chosa.
“Ní raibh duine ar bith eile ann. Níor stop
duine ar bith le héisteacht leis. Shuigh mé ar
49
mo ghogaide chomh cóngarach dó agus a bhí sé
de mhisneach agam a dhéanamh. Bhí sé chomh
sáite sin sa cheol nár thug sé mé faoi deara i
dtosach. Thiocfadh liom a fheiceáil anois go
raibh sé i bhfad níos sine ná Papa. Ansin chonaic
sé mé i mo shuí ar mo ghogaide ag amharc air.
Chuir sé stop leis an cheol. ‘Dia duit,’ ar seisean.
‘Tá tú amuigh go mall. Cad é an t-ainm atá
ort?’ Bhí cuma chineálta ar a shúile; thug mé an
méid sin faoi deara láithreach.
“ ‘Paolo is ainm dom,’ arsa mise. ‘Paolo Levi.
Seinneann m’athair ar an veidhlín. Sheinn sé i
gceolfhoireann i bhfad ó shin.’
“ ‘Sheinn mise fosta,’ arsa an seanduine,
‘sheinn mé i rith mo shaoil ar fad. Anois, seinnim
51
i m’aonar, agus is é sin an mhian a bhí i gcónaí
agam. Seinnfidh mé ceol de chuid Mozart duit.
An bhfuil dúil agat i gceol Mozart?’
“ ‘Níl a fhios agam,’ a d’fhreagair mé. Chuala
mé an t-ainm Mozart roimhe, ar ndóigh, ach ní
dóigh liom gur éist mé le ceol ar bith dá chuid
riamh roimhe.
“ ‘Scríobh sé an píosa seo nuair a bhí sé níos
óige ná tusa fiú. Déarfainn go bhfuil tusa thart
faoi seacht mbliana.’
“ ‘Naoi mbliana,’ arsa mise.
“ ‘Bhuel, scríobh Mozart an píosa seo nuair
nach raibh sé ach sé bliana d’aois. Scríobh sé
don phianó é, ach thig liomsa é a sheinm ar an
veidhlín.’
52
“Mar sin de sheinn sé ceol de chuid Mozart
agus d’éist mé leis. Agus é á sheinm, bhailigh
daoine eile thart air ar feadh tamaill. Chaith siad
bonn nó dhó ina chás veidhlín sular shiúil siad
ar aghaidh. Níor shiúil mise ar aghaidh. D’fhan
mé. Chuaigh an ceol a sheinn sé an oíche sin go
croí ionam. Ba í sin an oíche a d’athraigh mo
shaol go deo.
“Uair ar bith a chuaigh mé trasna Dhroichead
an Accademia ina dhiaidh sin, bhí mé i gcónaí ag
iarraidh é a fheiceáil. Nuair a chuala mé é ag
seinm i bhfad uaim, chuaigh mé chuige. Níor
inis mé riamh do Mama ná Papa. Sílim gurbh
é sin an chéad rud nár inis mé dóibh, an chéad
rud a cheil mé orthu. Ach níor mhothaigh mé
53
ciontach faoi ar chor ar bith. I ndeireadh na
dála, nár cheil siadsan rún orm? Ansin tharla
oíche amháin gur lig an seanduine – ar tugadh
Benjamin Horowitz air agus a bhí trí scór agus
dhá bhliain d’aois – tharla sé gur lig sé dom
a veidhlín a láimhseáil. Thaispeáin sé dom an
dóigh le greim mar is ceart a fháil air, an dóigh
leis an bhogha a tharraingt trasna na dtéad,
an dóigh le ceol a bhaint as. An uair amháin
a bhain mé ceol as, bhí a fhios agam go raibh
mé ag iarraidh a bheith i mo veidhleadóir. Ní
raibh mé ag iarraidh slí bheatha ar bith eile ón
bhomaite sin ar aghaidh.
“Mar sin de, ba é Benjamin – nó Signor
Horowitz mar a thug mise i gcónaí air – an
54
chéad mhúinteoir a bhí agam. Gach uair ina
dhiaidh sin nuair a rith mé trasna an droichid le
é a fheiceáil, thug sé ceacht eile dom, an dóigh
leis an bhogha a theannadh mar is ceart, an
dóigh leis an roisín a úsáid, an dóigh le greim
mar is ceart a fháil ar an veidhlín faoi mo smig
gan mo lámha a úsáid agus an t-ainm a bhí ar
gach téad.
“Ba é sin an uair a d’inis mé dó faoin
veidhlín a bhí ag Papa sa bhaile, agus faoin
dóigh nár sheinn sé air níos mó. ‘Ní thiocfadh
leis ar aon nós,’ arsa mise, ‘as siocair go bhfuil
sé giota beag briste. Sílim go gcaithfidh duine
éigin é a dheisiú. Tá dhá théad ar iarraidh, téad
A agus E, agus tá an bogha chóir a bheith maol.
55
Ach thiocfadh liom cleachtadh air dá mbeadh
sé deisithe, nach dtiocfadh?’
“ ‘Tabhair leat é chuig mo theach am éigin,’
arsa Benjamin, ‘agus fág agam é. Déanfaidh mé
iarracht é a dheisiú.’
“Ní raibh sé deacair sleamhnú amach as
an teach gan duine ar bith mé a thabhairt
faoi deara. Ní dhearna mé ach fanacht go dtí i
ndiaidh am scoile. Bhí Mama go fóill san ionad
níocháin thart an coirnéal in Rio de le Romite
áit a raibh sí ag obair. Bhí Papa thíos staighre
lena chustaiméirí. B’éigean dom cás a chur ar
an chathaoir agus dul in airde air le greim a
fháil ar an veidhlín ar bharr an chófra. Ní raibh
sé furasta ach d’éirigh liom. Rith mé síos na
56
sráideanna agus greim daingean agam air. Níl
an Dorsoduro i bhfad ar shiúl ó Arsenale áit ar
chónaigh Benjamin má tá eolas do bhealaigh
agat – níl áit ar bith i bhfad ar shiúl sa Veinéis, tá
sí chomh beag sin - agus bhí eolas an bhealaigh
agam cionn is gur chónaigh m’Aint Sophia
ansin agus is minic a thug mé cuairt uirthi. Ní
raibh le déanamh agam ach teacht ar an tsráid a
raibh áras Benjamin uirthi. B’éigean dom ceist
57
a chur ar chúpla duine, ach tháinig mé ar an áit
maith go leor.
“Bhí áras Benjamin suite ag barr staighre
a bhí iontach cúng ar fad. Ní raibh ann le
fírinne ach seomra amháin a raibh leaba ann i
gcoirnéal amháin agus báisín láimhe sa cheann
eile. Bhí cuid mhór póstaer ar na ballaí a raibh
pictiúir de cheolchoirmeacha orthu. ‘Sin cuid
de na ceolchoirmeacha a raibh mise páirteach
iontu,’ ar seisean. ‘Milano, Londain, Nua-
Eabhrac. Áiteanna iontacha, daoine iontacha,
ceol iontach. Is iontach an saol é atá amuigh
ansin. In amanna is doiligh é sin a chreidiúint.
Ach creid uaim é, a Paola, mar tá sé fíor. Agus
cuidíonn an ceol le saol iontach a chruthú.
58
Anois, taispeáin dom an veidhlín sin atá agat.’
“D’amharc sé go géar air, chuir sé suas chuig
an tsolas é agus, chuimil sé é. ‘Is uirlis den chéad
scoth é an veidhlín sin,’ ar seisean. ‘An ndeir tú
liom gur le d’athair é?’
“ ‘Ba mhaith liom féin é a sheinm anois,’ arsa
mise leis.
“ ‘Tá sé giota beag rómhór duitse,’ ar seisean,
agus é ag neadú an veidhlín faoi mo smig. Shín
sé mo lámh amach lena fháil amach cé chomh
fada a bhí sé. ‘Ach is fearr veidhlín mór ná tú
a bheith gan veidhlín. Éireoidh leat. Fásfaidh
tú.’
“ ‘Agus nuair a bheidh sé deisithe, an
dtabharfaidh tú ceachtanna dom?’ a d’fhiafraigh
59
mé de. ‘Tá neart airgid sábháilte agam ón obair
ghlantacháin sa tsiopa; tá an oiread sin nótaí
airgid agam go gclúdaíonn siad barr mo leapa
60
nuair a spréim amach iad ó bhun na leapa go dtí
mo cheannadhairt.’
“Rinne sé gáire faoi sin agus dúirt go
dtabharfadh sé ceachtanna dom saor in aisce
cionn is gur mise an t-éisteoir ab fhearr a bhí
aige agus gur mise a chuir an t-ádh air. ‘Nuair
nach mbíonn tusa ann,’ ar seisean, ‘siúlann gach
duine thart orm agus bíonn mo chás veidhlín
folamh. Ansin tagann tusa agus suíonn tú in aice
liom. Sin an uair a stopann siad le héisteacht
liom agus sin an uair a thugann siad airgead
dom. Mar sin de, ní bheidh sna ceachtanna ach
luach saothair, a Paolo. Beidh an veidhlín réidh
chomh luath agus is féidir liom agus thig linn
tús a chur leis na ceachtanna.’
61
“Chuaigh seachtain nó dhó thart sular
dheisigh sé an veidhlín. Bhí eagla mo chroí orm
go bhfaigheadh Mama nó Papa amach go raibh
sé ar iarraidh. Bhí an t-ádh liom, áfach, agus ní
bhfuair siad amach agus thosaigh mo
cheachtanna ceoil. Bhí
an veidhlín deisithe
anois agus téada úra
air. Nuair nach raibh
ceachtanna ceoil
agam le Benjamin,
chuir mé veidhlín
Papa i bhfolach ar
bharr an chófra
ina seomra leapa,
62
é ina chás agus an blaincéad liath thart air. Bhí
mo rún ceilte go maith agam, nó sin a shíl mise.
Ach ní féidir rún ar bith a choinneáil slán, is
cuma cé chomh maith agus atá sé ceilte. Luath
nó mall tiocfaidh an fhírinne amach agus sa
chás seo níorbh fhada gur tháinig sí amach.
“Chuir mé spéis mhillteanach sa veidhlín
amhail is gur chuid de mo chorp féin é a bhí
ar iarraidh ar feadh i bhfad. Bhí an chuma ar
an scéal gur fhoghlaim mé gach rud a theagasc
Benjamin dom go furasta. Ní raibh deacracht
ar bith agam agus ba chosúil go raibh bua an
cheoil agam. Tháinig rath agus bláth ar mo
chuid ceoil faoi stiúir Benjamin. Mhothaigh
mé go dtiocfadh liom ceol binn a bhaint as mo
63
veidhlín – nó as veidhlín Papa ba chóir dom
a rá. Bhí Benjamin chomh tógtha céanna is a
bhí mé féin leis an dul chun cinn a bhí déanta
agam. ‘Sílim gur tháinig an uirlis cheoil seo ar
an tsaol duitse, a Paolo,’ ar seisean liomsa lá. ‘Nó
b’fhéidir gur tháinig tusa ar an tsaol leis an uirlis
cheoil seo a sheinm. Ar scor ar bith, is binn
an ceol é nuair a bhíonn sibh beirt le chéile.’
Bhain mé sult mór as gach ceacht ceoil agus bhí
díomá orm gach lá nuair a tháinig deireadh leis.
Chuir muid deireadh le gach ceacht le cúpan
tae miontais. Thaitin sé liom. Ó shin i leith, is
mór an pléisiúr a bhainim as cupán tae miontais
a ól ag deireadh gach ceachta. Bím i gcónaí ag
dúil go mór leis.
64
“Is cuimhin liom lá amháin agus muid
ag ól tae ag an tábla le chéile ag deireadh an
cheachta gur amharc sé orm go tobann agus
cuma dháiríre air. ‘Tá sé an-aisteach, a Paolo,’
ar seisean, ‘ach, agus mé ag amharc ort ag seinm
bomaite ó shin, mhothaigh mé go raibh aithne
agam ort le fada fada an lá. Agus ansin rith
sé liom gurb é Levi an sloinne atá ort. Ainm
65
measartha coitianta atá ann, tá a fhios agam,
ach ba é Levi an sloinne a bhí airsean fosta.
Cuireann tú eisean i gcuimhne dom. Tá mé
cinnte de. Ba é an veidhleadóir ab óige inár
gceolfhoireann é. Ní raibh ann i ndáiríre ach
gasúr óg. Gino an t-ainm a bhí air.’
“ ‘Is é Gino an t-ainm atá ar m’athair,’ arsa
mise leis. ‘B’fhéidir gurbh eisean a bhí ann.
B’fhéidir gur sheinn tú le m’athair. B’fhéidir go
bhfuil aithne agat air.’
“ ‘Ní féidir sin a bheith fíor,’ arsa Benjamin
agus é ag análú go domhain. Bhí sé ag stánadh
orm anois amhail is gur thaibhse mé. ‘Ní féidir
sin a bheith fíor. Caithfidh sé go bhfuil an Gino
Levi a raibh aithne agam air ar shlí na fírinne
66
anois, tá mé cinnte de. Is fada ó chuala mé
trácht air. Ach, ní bhíonn a fhios agat, is dócha.
B’fhéidir gur chóir dom bualadh le d’athair,
agus le do mháthair fosta. Tá sé thar am ar scor
ar bith. Tá tú ag teacht faoi choinne ceachtanna
le breis agus sé mhí anois. Caithfidh mé a insint
dóibh go bhfuil a mac ina veidhleadóir iontach.’
“ ‘Ná hinis!’ arsa mise de ghlór ard.
‘Gheobhadh Papa amach! Ná hinis dó. Ná hinis
le do thoil.’ Ansin d’inis mé an scéal uilig dó
agus na deora ag sileadh asam, faoin dóigh ar
thaispeáin Mama an veidhlín dom agus faoin
ghealltanas a thug mé di gan focal ar bith a rá
choíche go deo le Papa; agus faoin dóigh ar
choinnigh mé an rún faoi dheisiú an veidhlín,
67
faoi na ceachtanna, faoi gach rud.
“ ‘Is ionann rúin, a Paolo,’ arsa Benjamin,
‘agus bréaga ach ainm eile a chur orthu. Ní
insíonn tú bréaga dóibh siúd a bhfuil grá agat
orthu. Níor chóir do mhac rudaí a cheilt ar a
athair ná ar a mháthair. Caithfidh tú an rún a
scaoileadh, a Paolo. Má tá tú ag iarraidh leanúint
ar aghaidh ag seinm ar an veidhlín, beidh ort an
rún a scaoileadh leo. Má tá tú ag iarraidh orm
tuilleadh ceachtanna a thabhairt duit, beidh ort
an rún a scaoileadh leo. Agus is fearr an rún a
scaoileadh láithreach nuair is gá é a scaoileadh,
go háirithe nuair nach bhfuil tú ag iarraidh é a
scaoileadh.’
“An dtiocfaidh tú liom?’ a d’impigh mé air.
‘Ní thig liom é a scaoileadh mura dtiocfaidh
tusa liom.’
“ ‘Más maith leat,’ ar seisean agus aoibh an
gháire air.
“D’iompair Benjamin veidhlín Papa dom an
lá sin, agus choinnigh sé greim ar mo láimh an
bealach ar fad ar ais chuig an Dorsoduro. Bhí
eagla mo chroí orm an rún a scaoileadh leo.
Bhí a fhios agam go gcuirfeadh sé olc orthu.
Smaoinigh mé ar na focail a déarfainn leo arís
agus arís eile i m’intinn ar an bhealach.
70
Bhí Mama agus Papa thuas staighre sa
chistin nuair a tháinig muid isteach. Chuir mé
Benjamin in aithne dóibh agus sula raibh deis
ag duine ar bith rud ar bith a rá, sular chaill mé
mo mhisneach ar fad, thosaigh mé a scaoileadh
mo rúin leo. D’inis mé dóibh nár ghoid mé
veidhlín Papa, ní raibh ann ach gur thóg mé
ar iasacht é lena dheisiú agus le bheith ag
cleachtadh air. Ach ba é sin an méid a d’éirigh
liom a rá. Ábhar mór iontais a bhí ann domsa
nach raibh siad feargach liom ar chor ar bith.
Le fírinne, ní raibh siad fiú ag amharc orm. Bhí
siad ag stánadh ar Benjamin gan focal ar bith
a rá. Labhair Benjamin sular labhair siadsan.
‘Sílim go bhfuil aithne agam ar d’athair agus ar
71
do mháthair, sílim go bhfuil aithne againn ar a
chéile,’ ar seisean. ‘Sheinn muid i gcuideachta a
chéile tráth, nár sheinn? Nach bhfuil cuimhne
agat orm, a Gino?’
“ ‘Benjamin, an é?’ Agus Papa ag éirí ina
sheasamh, thit an chathaoir siar uaidh.
“ ‘Agus mura bhfuil dul amú orm, is tusa
Signora,’ arsa Benjamin agus é ag amharc ar
Mama, ‘caithfidh sé gur tusa Laura bheag Adler
– muidne uilig ag seinm ar an veidhlín, muidne
uilig thiar ansin, agus muidne uilig anseo
anois. Tá sé mar a bheadh míorúilt ann. Leoga,
míorúilt atá ann.’
“Agus an méid a tharla ina dhiaidh sin, thig
liom an méid sin a fheiceáil go fóill amhail
72
is gurb é inniu féin a tharla sé. Go tobann,
mhothaigh mé nach raibh a fhios acu go raibh
mé sa tseomra ar chor ar bith. Bhí an chuma ar
an chistin nach raibh fairsinge ar bith inti agus
an triúr acu ag tabhairt barróg dá chéile, agus
73
iad ag caoineadh agus ag gáire san am chéanna.
Bhí mise i mo sheasamh ansin agus níor thuig
mé ar chor ar bith cad é a bhí ag dul ar aghaidh.
Rinne mé iarracht ciall a bhaint as gach rud a
chuala mé agus a chonaic mé. Sheinn Mama ar
an veidhlín fosta! Níor inis sí an scéal sin domsa
riamh!
“ ‘An bhfeiceann tú, a Paolo,’ arsa Benjamin,
agus aoibh an gháire air, ‘nár inis mé duit tráth
gurb iontach an saol é? Fiche bliain. Tá breis
agus fiche bliain imithe thart ó chonaic mé
d’athair agus do mháthair. Ní raibh a fhios agam
fiú go raibh siad beo go fóill. Bhí dóchas agam
i gcónaí go dtiocfadh siad slán, bhí dóchas
agam go raibh siad le chéile, an lánúin óg sin a
74
raibh a oiread sin grá acu dá chéile, ach níor
chreid mé go raibh, níor chreid i ndáiríre.’
“Bhí Mama ag triomú a súl lena naprún.
Baineadh geit chomh mór sin as m’athair nach
dtiocfadh leis labhairt. Shuigh siad ag an tábla,
greim láimhe acu ar a chéile agus an chuma
orthu go raibh eagla orthu an greim a scaoileadh
ar eagla nach raibh sa teacht le chéile seo ach
brionglóid.
“Ba é Benjamin an chéad duine acu a
tháinig chuige féin. ‘Sílim go raibh Paolo ag dul
a insint rud éigin daoibh. ‘Nach raibh, a Paolo?’
D’inis mé iomlán an scéil dóibh: an dóigh a
ndeachaigh mé faoi choinne ceachtanna agus
gurbh é Benjamin an múinteoir ab fhearr a bhí
75
agam riamh. Ní raibh sé de mhisneach agam
amharc orthu go dtí gur chríochnaigh mé mo
scéal. Shíl mé go mbeadh díomá agus fearg ar
Mama agus ar Papa. Ina áit sin, áfach, bhí idir
áthas agus bhród orthu.
“ ‘Nár dhúirt mé leat go n-inseodh Paolo
an scéal dúinn?’ ar sise. ‘Nár dhúirt mé leat gur
chóir muinín a bheith againn as? A Paolo, le
tú a chur ar an eolas, is minic a thugaim mo
veidhlín anuas go díreach le mo mhéara a
chuimilt air, le hamharc air. Ní thaitníonn sé le
Papa nuair a thugaim anuas é, ach tugaim anuas
é mar sin féin, cionn is gurb é an veidhlín seo
an cara is sine atá agam. Tuigeann Papa dom,
de thairbhe go bhfuil a fhios aige go bhfuil grá
76
agam don veidhlín seo, gur cuid díom féin é.
An cuimhin leat gur thaispeáin mé duit é an lá
sin, a Paolo? Bhí a fhios agam gur tusa a thóg é.
Tháinig sé ar ais ina dhiaidh sin agus é deisithe
amhail is gur tharla míorúilt. Agus i ndiaidh
am scoile bhí tú i gcónaí imithe áit éigin agus
bhí an veidhlín i gcónaí imithe
fosta. Dúirt mé le Papa, nár
dhúirt, a Papa? Dúirt mé leis
go n-inseofá an scéal dúinn
nuair a bheifeá réidh lena
insint. D’oibrigh muid
amach cad é a bhí ag tarlú;
shíl muid go raibh tú ag
cleachtadh air áit éigin,
77
ach níor shíl muid riamh go raibh tú ag fáil
ceachtanna, ná go raibh múinteoir agat – agus
níor shamhlaigh muid riamh gurbh é Benjamin
Horowitz do mhúinteoir, an múinteoir a bhí
againn féin agus a thug aire mhaith dúinn
amhail is gurbh é ár n-athair féin é na blianta
fada ó shin.’ Thosaigh sí a chaoineadh arís agus
a cloigeann ar ghualainn Papa.
“ ‘Ach d’inis tú dom gurbh é veidhlín Papa é,
gur chuir sé i bhfolach é agus nach raibh sé ag
iarraidh seinm air choíche arís,’ arsa mise.
“Nuair a dúirt mé sin d’amharc an triúr acu
ar a chéile. Bhí a fhios agam go raibh rud éigin
ina rún idir an triúr acu, agus cé nár labhair
duine ar bith acu focal, bhí a fhios agam go
78
raibh siad ag iarraidh cinneadh a dhéanamh
cé acu a d’inseodh siad an scéal dom nó nach
n-inseodh; ag iarraidh a fháil amach óna chéile
cé acu a bhí an t-am ceart ann lena insint dom
nó nach raibh. Is minic ó shin agus mé ag
smaoineamh ar an lá sin a shílim nach raibh
siad ag dul a insint dom choíche murab é gur
tháinig Benjamin abhaile liom. Mar a tharla,
d’amharc Benjamin agus Mama ar Papa leis an
chinneadh a dhéanamh, agus ba é Papa a d’iarr
orm teacht chuig an tábla ina gcuideachta. Sílim
go raibh a fhios agam ansin, fiú sular thosaigh
Papa a labhairt, go raibh a fhios agam go raibh
mise mar chuid den rún a bhí eatarthu.
“Déanaim féin agus Mama,’ a thosaigh
79
Papa, ‘déanann muid iarracht gan labhairt air
ar chor ar bith, cionn is go bhfuil na cuimhní
atá againn ar an am sin mar a bheadh tromluí
ann, agus déanann muid iarracht dearmad
a dhéanamh air. Ach scaoil tú do rún linne.
Tagann an t-am nuair is gá an fhírinne a insint,
agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil an t-am
sin ann. B’fhéidir ar an ábhar gur inis tusa an
fhírinne dúinne go bhfuil an t-am ann leis an
fhírinne a insint duitse.’
“Mar sin de, chuir siad tús leis an scéal is
brónaí, ach fosta an scéal is áthasaí dár chuala
mise riamh. Nuair a d’éirigh insint an scéil
róbhrónach, mar a d’éirigh go minic, thosaigh
duine acu ag an áit ar fhág an duine eile é, sa
80
dóigh gur inis siad uilig a gcuid féin den scéal.
Chuir an scéal uafás orm, ach ag an am chéanna,
ba mhór an onóir dom gur chuir siad a muinín
ionam agus gur inis siad an scéal dom, scéal
a saoil. D’inis gach duine acu a gcuid féin go
cúramach, iad ag míniú rudaí de réir mar a bhí
siad á insint, sa dóigh go dtuigfinn gach rud, ó
tharla nach raibh ionam ach gasúr naoi mbliana
d’aois nach raibh ró-eolach ar uafáis an tsaoil
seo. Ba bhreá liom a bheith ábalta cuimhneamh
go díreach ar na focail uilig a dúirt siad, ach níl
mé ábalta. Mar sin de ní bhainfidh mé fiú triail
as. Is é an rud a dhéanfaidh mé ná a scéal a
insint i mo chuid focal féin, an cineál saoil a bhí
acu, an dóigh a raibh siad i gcontúirt a mbáis
81
agus an dóigh ar tháinig siad slán as de thairbhe
a gcuid ceoil.
“Tháinig an triúr acu ar bord traenach
chuig an tsluachampa as áiteanna éagsúla ar
fud na hEorpa; Benjamin as Páras, Mama as
Vársá, Papa as an Veinéis; gach duine acu ina
cheoltóir, gach duine acu ina Ghiúdach, agus
an seomra gáis i ndán do gach duine acu mar
a bhí sé i ndán do na milliúin eile. Mhair siad
beo de bhrí go raibh siad ábalta ‘seinnim’ a rá
nuair a chuir oifigeach de chuid an SS ceist
84
orthu nuair a bhain siad an sluachampa amach.
‘An seinneann duine ar bith agaibh anseo ar
uirlis cheoil i gceolfhoireann, an seinneann
duine ar bith go profisiúnta?’ Ní raibh a fhios
acu go scarfadh siad óna dteaghlach ar an toirt
iad nuair a ghlac siad céim chun tosaigh; ná
ní raibh a fhios acu go mbeadh orthu amharc
ar bhaill eile an teaghlaigh ag siúl chuig na
simléirí ifreanda sin mar a bheadh ba ann, agus
nach bhfeicfí arís go deo iad.
“Bhí trialacha ann, ar ndóigh, agus faoin am
seo bhí a fhios acu go raibh siad ag seinm lena
mbeo a shábháil. Bhí cleachtaí ann ina dhiaidh
sin, agus casadh ar a chéile iad den chéad uair
le linn ceann de na cleachtaí seo. Bhí Benjamin
85
breis agus fiche bliain
ní ba shine ná Mama agus Papa.
Bhí an bheirt acusan ar na daoine ab óige sa
cheolfhoireann, iad go díreach fiche bliain
d’aois. Ní raibh a fhios acu cén fáth a raibh
cleachtaí ag an cheolfhoireann, ná na daoine a
mbeadh siad ag seinm dóibh, agus níor chuir
86
siad ceist. Dá gcuirfeá ceist, bheifeá ag tarraingt
aird ort féin. Níorbh é sin an dóigh le teacht
slán as an champa, agus sa champa ba é sin an
rud ba thábhachtaí – teacht slán as. Sheinn siad
ceol de chuid Mozart, cuid mhór de chuid ceoil
Mozart. Bhí an ceol beo bríomhar den chuid
is mó – Eine kleine Nachtmusick, Coinséartó
Clairinéad in A mór, minití, damhsaí,
máirseálacha. Sheinn siad ceol de chuid Strauss
fosta, válsaí, i gcónaí válsaí. Chuir an tseinm brú
mór orthu mar go raibh a méara chomh fuar sin
go raibh sé doiligh orthu iad a bhogadh, cionn
is go raibh siad lag le hocras agus go raibh
tinneas orthu go minic. Bhí orthu an tinneas
a cheilt, cionn is gur chuir oifigigh an SS na
87
daoine a bhí tinn chun báis nuair a fuair siad
amach. Bhí oifigigh an SS i gcónaí ina seasamh
thart ag amharc orthu, agus bhí a fhios ag gach
duine cad é a tharlódh dóibh mura mbeadh a
gcuid ceoil maith go leor.
88
“Níor sheinn siad ach d’oifigigh an SS ag an
tús. Dúirt Papa go raibh ort ligean ort féin nach
raibh siad ann ar chor ar bith. Bhí tú chomh sáite
sin sa cheol go ndearna tú neamhaird orthu – ba
é sin an t-aon bhealach éalaithe amháin. Agus
nuair a thug siad bualadh bos, níor thóg tú do
cheann. Níor amharc tú idir an dá shúil orthu
riamh. Sheinn tú chomh maith agus a thiocfadh
89
leat. Gach uair a sheinn tú, bhí tú níb fhearr
ná an t-am deireanach, ní leis na hoifigigh a
shásamh, ach go díreach lena thaispeáint dóibh
cad é a thiocfadh leat a sheinm. Ba mhaith leat
90
a chur in iúl dóibh cé chomh maith agus a bhí
tú in ainneoin a gcuid iarrachtaí le tú a náiriú, le
tú a scrios go iomlán. ‘Throid muid ina n-éadan
lenár gcuid ceoil,’ arsa Papa. ‘Ba é an ceol an
t-aon arm a bhí againn.’
“Ní raibh focal Polainnise ag Papa ná ní
raibh Iodáilis ar bith ag Mama, ach d’amharc
siad ar a chéile go grámhar agus iad ag seinm –
chomh minic agus a thiocfadh leo, arsa Mama.
Ag an tús is dócha nach raibh ann ach go raibh
siad sásta leis an cheol a sheinn siad le chéile,
ach ba ghairid ina dhiaidh sin gur aithin siad go
raibh grá acu dá chéile. Bhí a fhios ag gach duine
sa cheolfhoireann, fiú sula raibh a fhios acu
féin, arsa Benjamin liom. ‘An lánúin ghrámhar’
91
a thug muid orthu. Comhartha dóchais a bhí
iontu do gach duine eile den cheolfhoireann;
agus bhí gach duine iontach deas leo agus
iontach cosantach ina leith. Laghdaigh an grá
a bhí ag Mama agus Papa dá chéile an phian
a mhothaigh siad sa champa. Dídean a bhí sa
ghrá a bhí acu dá chéile ón eagla a bhí i gcónaí
orthu agus ón uafás a bhí ag tarlú thart orthu.
“Ach bhí náire orthu fosta. Bhí siadsan ag
fáil bia agus bhí ocras an domhain ar an chuid
eile. Bhí siadsan beo agus an chuid eile ag dul
chuig na seomraí gáis. Mhothaigh a lán acu
iontach ciontach. Bhí an chiontacht a bhí orthu
míle uair níos measa nuair a fuair siad amach
an fáth ar cuireadh an cheolfhoireann le chéile,
92
an fáth a raibh siad ag cleachtadh an t-am ar
fad. Ní raibh sna ceolchoirmeacha d’oifigigh an
SS ach cleachtaí do rud éigin a bhí ag teacht a
bheadh míle uair níos measa.
“Maidin fhuar amháin agus an sneachta ina
luí ar an talamh, fuair siad ordú teacht le chéile
sa chlós agus a gcuid uirlisí a thabhairt leo. Ina
dhiaidh sin tugadh ordú dóibh suí agus ceol a
sheinm cóngarach do gheataí an champa. Ansin
tháinig na traenacha, agus na carráistí plódaithe
le príosúnaigh nua. Chomh luath agus a tháinig
siad amach as na traenacha, chuir siad na
príosúnaigh i líne agus roinneadh ina dhá leath
iad. Chuir siad na seandaoine, na daoine óga
agus na daoine laga thart ar an cheolfhoireann
93
ar a mbealach, a dúirt siad leo, chuig bloc na
gcithfholcadán; na daoine aclaí láidre, na
daoine a bhí ábalta obair a dhéanamh, thug siad
iadsan amach as an líne agus chuir siad chuig na
botháin iad. Agus i rith an ama seo ar fad, sheinn
94
Mama agus Papa agus Benjamin agus an chuid
eile ceol de chuid Mozart. Thuig siad roimh i
bhfad an fáth a bhí leis – leis na príosúnaigh a
chur ar a suaimhneas, le cuma shuaimhneach
bhréagach a chur ar an áit sa dóigh go mothódh
na príosúnaigh slán sábháilte. Bhí siad féin mar
chuid den bhréag. Bhí a fhios acu go maith gurb
é an bloc cithfholcadán an seomra gáis.
“Sheinn siad leo seachtain i ndiaidh na
95
seachtaine, mí i ndiaidh na míosa agus traein
i ndiaidh na traenach. Tháinig toit agus
tine agus boladh lofa amach as simléirí an
chréamatóiriam ceithre huaire is fiche sa lá. Seo
mar a bhí an saol go dtí gur tháinig deireadh
leis na traenacha, go dtí gur tháinig an lá nuair
a scaoileadh saor iad. Ba é sin an lá deireanach
a chonaic Benjamin Mama agus Papa. Bhí siad
uilig iontach lag faoin am sin agus an chuma
98
orthu nach dtiocfadh siad slán as. Ach tháinig.
Shiúil Mama agus Papa amach as an champa
le chéile. Sheinn siad le chéile ar son aráin agus
foscaidh in áiteanna ar fud na hEorpa.
Bhí siad ag seinm le fanacht beo go
fóill.
“Nuair a tháinig siad abhaile
chun na Veinéise faoi dheireadh,
bhris Papa a veidhlín ina
phíosaí beaga agus chuir
sé trí thine é. Thug sé
mionna nach seinnfeadh
sé ar an veidhlín choíche
arís. Ach choinnigh
Mama a veidhlín
98
99
féin. Shíl sise go raibh an t-ádh ag baint leis,
gurbh é a cara é agus gurbh é an veidhlín a thug
slán í. Ní dhíolfadh sí é ná ní scarfadh sí leis.
Dúirt sí gurbh é an veidhlín a thug slán as uafás
an champa í, gurbh é a thug slán iad trasna na
hEorpa, ar ais chun na Veinéise. Ba é a shábháil
ar an bhás iad.
“Choinnigh Papa a ghealltanas. Níor sheinn
sé oiread is nóta ceoil ina dhiaidh sin. I ndiaidh
an méid ar tháinig sé tríd, is ar éigean a bhí sé
ábalta éisteacht leis. Is é sin an fáth nár sheinn
Mama ar a veidhlín ar feadh na mblianta sin
ach oiread. Mar sin féin, ní raibh sí sásta
scaradh leis an veidhlín agus choinnigh sí slán
sábháilte é ar bharr an chófra ina seomra leapa,
100
agus í ag súil le Dia, ar sise, go dtiocfadh athrú
intinne ar Papa lá éigin, go gcuirfeadh sé dúil
sa cheol arís agus go seinnfeadh sé é. Níor
chuir agus níor sheinn. Ach bhí siad slán, agus
i ndiaidh tamaill rugadh leanbh dóibh, gasúr,
ar thug siad Paola air – deireadh maith leis an
scéal, arsa Benjamin. Agus ba mise an duine a
thug an triúr acu le chéile arís, ar seisean. Mar
sin de, deireadh maith faoi dhó.
“I dtaca le Benjamin de, rinne sé a bhealach
ar ais go Páras i ndiaidh tamaill, agus sheinn
sé arís ina shean-cheolfhoireann. Phós sé bean
as an Fhrainc, Françoise, dordveidhleadóir a
fuair bás tamall gearr roimhe sin. Tháinig sé chun
na Veinéise cionn is gur thaitin sé go mór leis
101
cuairt a thabhairt ar an chathair. B’aoibhinn
leis riamh bheith ina chónaí san áit go buan, ag
amharc amach ar an fharraige, agus thaitin sé leis
cionn is gur rugadh Vivaldi ann – bhí dúil mhór
riamh aige in Vivaldi thar na cumadóirí ceoil
eile. Sheinn sé ar na sráideanna, ní hamháin
faoi choinne an airgid, cé gur mhór an cuidiú é
sin, ach mar gheall ar an tsásamh a bhain sé as
ceol a sheinm. Bhí sé ag baint sult as ceol aonair
a sheinm sa deireadh thiar thall. Bhí sé cosúil le
Mama, a dúirt sé. Ba é an ceol a choinnigh beo
sa champa é, agus ba chara dá chuid é an ceol ó
shin i leith. Ní thiocfadh leis a shaol a shamhlú
gan é. Ba é sin an fáth, a dúirt sé, ar bhreá leis
leanúint ar aghaidh ag tabhairt ceachtanna ceoil
103
dom, ach Mama agus Papa cead a thabhairt dó.
“ ‘An seinneann sé go maith air, a Benjamin?’
a d’fhiafraigh Mama. ‘An dtig linn éisteacht
leis, a Papa? Le do thoil.’
“Ba léir dom go raibh Papa ag streachailt
leis féin. ‘Fad agus nach seinneann sé ceol de
chuid Mozart,’ ar seisean sa deireadh. Mar
sin de, sheinn mé gluaiseacht an Gheimhridh
as Na Ceithre Shéasúr de chuid Vivaldi, an
ghluaiseacht ab fhearr le Benjamin. Shuigh
Papa ag éisteacht leis agus a shúile druidte i rith
an ama.
“Nuair a chríochnaigh mé, arsa Benjamin,
‘Bhuel, a Gino, cad é do bharúil? Tá bua an
cheoil ag do mhac, bua iontach a fuair sé ón
104
bheirt agaibh.’
“ ‘Níor chóir an bua a chur amú,’ arsa Papa
go ciúin.
“Mar sin de gach lá gan teip ina dhiaidh sin,
chuaigh mé chuig teach Benjamin in Arsenale
do mo cheachteanna veidhlín. Ní raibh sé de
mhisneach ag Papa éisteacht liom ag seinm
ach anois agus arís. Tháinig Mama liom gur
shuigh sí ag éisteacht liom, agus ag deireadh
an cheachta thug sí croí mór isteach dom
chomh teann sin gur ghortaigh sé mé; ach ba
chuma liom, ba chuma sa tsioc liom. Thosaigh
mé a sheinm ar na sráideanna i gcuideachta
Benjamin, agus nuair a sheinn mé leis, d’éirigh
na sluaite níos mó agus níos mó. Bhí Papa sa
106
tslua lá ag amharc orainn agus ag éisteacht linn.
Shiúil sé abhaile liom ina dhiaidh, gan focal
ar bith as go dtí go ndeachaigh muid trasna
Dhroichead an Accademia. ‘A Paola,’ ar seisean,
‘Is fearr leat an veidhlín a sheinm ná obair
ghlantacháin a dhéanamh sa tsiopa bearbóra,
nach fearr?’
“ ‘Is fearr, a Papa,’ a d’fhreagair mise. ‘is trua
liom a rá gur fearr.’
“ ‘Chím, mar sin de, go mbeidh orm féin an
obair ghlantacháin a dhéanamh.’ Stad sé ansin
agus chuir a lámha ar mo ghuaillí. ‘Inseoidh mé
rud éigin duitse, a Paolo, agus ná déan dearmad
air choíche. Nuair a bhíonn tusa ag seinm, thig
liom éisteacht le ceol arís. Chuir tú an pléisiúr
107
isteach sa cheol dom arís, agus is iontach an
bronntanas é a thug tú dom. Imigh anois agus
seinn an ceol chomh maith agus a thig leat ar
an veidhlín. Tabharfaidh mé duit cibé cuidiú a
thig liom. Seinnfidh tú ceol binn agus beidh
dúil ag cuid mhór daoine ionat. Tiocfaidh
mise agus Mama chuig do cheolchoirmeacha
108
uilig, nó chuig a oiread acu agus is féidir linn.
Ach caithfidh tú gealltanas amháin a thabhairt
dom: go lá mo bháis ní sheinnfidh tú ceol de
chuid Mozart go poiblí, uair ar bith a bhímse
ag éisteacht leat. Ba cheol de chuid Mozart a
sheinn muidne go minic sa champa. Ná seinn
ceol de chuid Mozart. Tabhair gealltanas dom.’
“Mar sin de, thug mé gealltanas dó.
Choinnigh mé an gealltanas a thug mé na blianta
sin uilig. Fuair sé bás dhá sheachtain ó shin, an
duine deireanach den triúr acu a chuaigh ar shlí
na fírinne. Beidh mé ag seinm ceol de chuid
Mozart ag an cheolchoirm i Londain nuair a
bheidh mé ag ceiliúradh mo bhreithlá caoga
bliain d’aois, agus seinnfidh mé é ar veidhlín
109
Mama, agus seinnfidh mé chomh maith sin é
go mbeidh dúil mhór aige ann, go mbeidh dúil
mhór acu ann, cibé áit a bhfuil siad.”
Bhí mé go fóill ag cur deireadh le mo chuid
nótaí den agallamh nuair a d’amharc mé suas
agus chonaic mé é ag teacht chugam. Bhí sé ag
síneadh a veidhlín chugam.
“Seo duit,” ar seisean. “Veidhlín Mama. Mo
Veidhlín. Thig leat greim a fháil air más maith
leat agus muid ag ól tuilleadh tae miontais.
Beidh cupán eile agat, nach mbeidh? Déanaim
an tae miontais is deise sa Veinéis.”
Mar sin de, bhí greim agam ar veidhlín
Paolo Levi ar feadh roinnt bomaití luachmhara
110
agus muid inár suí ag labhairt go ciúin agus ag
ól cupán tae. Níor chuir mé tuilleadh ceisteanna
air. Níorbh fhiú é, ní raibh ceist ar bith eile le
cur. Labhair sé ar an dúil mhór a bhí aige sa
Veinéis, agus ar an dóigh a mbeadh sé i gcónaí
ag dúil le bheith ar ais sa Veinéis, is cuma cén
áit ar domhan a mbeadh sé. Ba iad cloigíní
na heaglaise, an tsiúlóid agus an chaint, innill
na mbád agus an ceol ar na sráideanna na
fuaimeanna a chronaigh sé i gcónaí. “Is í an
tsráid an áit cheart don cheol, áit ar sheinn
Benjamin an ceol,” ar seisean, “ní sna hallaí
ceolchoirmeacha.”
Agus mé ag imeacht, d’amharc sé idir an dá
shúil orm, “Tá mé sásta gur inis mé mo scéal
111
duit”, ar seisean agus greim láimhe aige orm go
fóill.
“Cad chuige ar inis?” a d’fhiafraigh mé de.
“Cad chuige ar inis tú domsa é?”
“De thairbhe go raibh an t-am ann an
fhírinne a insint. De thairbhe gurb ionann rúin
agus bréaga agus cionn is go bhfuil súile cineálta
agat, cosúil le súile Benjamin. Ach go príomha,
cionn is nár chuir tú ceist orm faoi Mozart.”
Nóta ón údar
Is doiligh dúinn a shamhlú cé chomh huafásach agus a d’fhulaing na príosúnaigh i sluachampaí na Naitsíoch i rith an Dara Cogadh Domhanda. Tá an choir a rinne na Naitsígh chomh mór sin go bhfuil sé iontach doiligh dúinne í a thuiscint. Mharaigh siad sé mhilliún duine, ar Ghiúdaigh a bhformhór, agus iad ag iarraidh cinedhíothú a dhéanamh ar an chine Ghiúdach. Nuair a chluineann tú scéalta na ndaoine a mhair i rith an ama sin – Anne Frank, Primo Levi – tuigeann tú giota beag níos fearr cé chomh huafásach agus a bhí sé agus tugann na scéalta sin léargas agus tuiscint dúinn ar an olcas a bhí sna daoine ba chúis leis.
Go pearsanta, ní ón litríocht ná ó na scannáin a thagann an íomhá is uafásaí, ach ón cheol. Fuair mé amach tamall fada ó shin gur roghnaigh na Naitsígh príosúnaigh Ghiúdacha sna sluachampaí agus gur tugadh orthu ceol a sheinm sna ceolfhoirne; bealach a bhí ann do na ceoltóirí teacht slán as an tsluachampa. Tugadh orthu ceol a sheinm do na príosúnaigh nua a tháinig chuig an tsluachampa le iad a chur ar a suaimhneas sular cuireadh i líne iad. Seoladh cuid mhaith de na príosúnaigh nua chuig na seomraí gáis nuair a bhain
“
siad an sluachampa amach. Is minic gur cheol de chuid Mozart a sheinn siad.
Bhí mé ag machnamh ar cé chomh huafásach agus a bhí sé do na ceoltóirí a sheinn ceol san áit uafásach sin, daoine a raibh dúil mhór acu in Mozart, mar atá agam féin – na smaointe a bhí acu agus iad ag seinm ceol de chuid Mozart sna blianta ina dhiaidh sin. Ba é sin an smaoineamh a spreag mo scéal, é sin agus an íomhá den ghasúr óg ina shuí ar a rothar ina phitseámaí oíche amháin sa chearnóg in aice le Droichead an Accademia sa Veinéis, ag éisteacht leis an tsiamsóir sráide. Bhí sé sáite sa cheol agus an chuma air gur shíl sé gur as na Flaithis a tháinig sé, rud a shíl mé féin fosta.
Michael Morpurgo”
Michael Morpurgo – ba é Michael Craobh-údar na bPáistí 2003-2005. Scríobh sé corradh le céad leabhar agus bhain sé an iomad duais, lena n-áirítear Gradam Leabhar Páistí Whitbread, Gradam Leabhair Blue Peter, Gradam Leabhair Smarties agus Gradam Leabhar Paistí Red House. Déantar a chuid leabhar a aistriú agus a léamh ar fud an domhain agus maidir lena úrscéal War Horse a bhfuil ráchairt mhór air agus dea-cháil air cheana féin mar dhráma stáitse, tá sin anois ina scannán móréilimh. Bhunaigh Micheál agus a bhean chéile an carthanas Farms for City Children agus tá siad ina gcónaí in Devon.
Michael Foreman – tá Michael ar mhórmhaisitheoirí an domhain. Tá roinnt mhaith mórghradaim bainte aige lena n-áirítear Gradam Smarties, Bonn Kate Greenaway (faoi dhó), Gradam Francis WilLiams (faoi dhó) agus an Aigle d’Argent ag an Festival International du Livre sa Fhrainc. Ba é a rinne na léaráidí do Beowulf agus Sir Gawain and the Green Knight le Michael Morpurgo, chomh maith le seoda mar War Boy, Mia’s Story, Say Hello agus A Child’s Garden. Tá sé ina chónaí in iardheisceart Londan.
MIC
HA
EL
MO
RP
UR
GO
A
N C
HE
IST FA
OI M
OZ
AR
T
“Ón chÉad abairt i leabhar de chuid Michael Morpurgo,
tuigeann tÚ go bhfuil tÚ i lÁmha scÉalaÍ nÁdúrtha.”
Guardian
Nuair a chuirtear Lesley, tuairisceoir úr, chun na Veinéise le hagallamh a chur ar veidhleadóir a bhfuil clú domhanda air,
insítear don iriseoir go dtig léi ceist a chur ar Paolo Levi faoi rud ar bith faoina shaol agus a shaol mar cheoltóir, ach nach féidir léi ar ór ná ar airgead ceist Mozart a chur; ceist
Mozart in am ar bith. Tuigeann Paolo, áfach, go gcaithfidh sé an fhírinne a
nochtadh sa deireadh.
“Scéal corraitheach faoina léaráidí galánta, ina bhfuil rúin, bréaga agus stair.”
The Independent Throid muid ina n-éadan lenár gcuid ceoil.Ba é sin an t-aon arm a bhí againn.
léaráidí le Michael Foreman
AN CUMADÓIR SCÉALTA IS FEARR LEIS AN NÁISIÚN
COUNCIL FOR THE CURRICULUM, EXAMINATIONS AND ASSESSMENT29 Clarendon Road, Clarendon Dock, Belfast BT1 3BGTel: +44 (0)28 9026 1200 Fax: +44 (0)28 9026 1234Email: [email protected] Web: www.ccea.org.uk