Fuaim

21
Fuaim

Transcript of Fuaim

Page 1: Fuaim

Fuaim

Page 2: Fuaim

Conas a dhéantar fuaim?

Page 3: Fuaim

Fuaim ar bith a chloisimid, tagann sí ó rud atá ar crith.

Nuair a sheinntear an giotár, critheann na sreanga agus cloisimid fuaim uathu.

Page 4: Fuaim

• Nuair a bhuailtear na sreanga critheann siad.

• Critheann an t-aer thart ar an ngiotár.

• Gluaiseann na creathanna tríd an aer ina dtonnta, fad lenár gcluasa. Fuaimthonnta a thugtar ar na tonnta sin.

Conas a chloisimid fuaim ó ghiotár?

Page 5: Fuaim

Leag do mhéara ar do scornach agus tú ag caint. Céard a bhraitheann tú?

Page 6: Fuaim

Leag do lámh ar challaire agus ceol ag teacht as. Céard a bhraitheann tú?

Page 7: Fuaim

Fearas • Babhla plaisteach • Scannán cumhdaithe • Téip ghreamaitheach • Rís • Bata • Bosca stáin

Turgnamh: Gluaiseacht fuaimthonnta tríd an aer a léiriú

Modh 1. Sín an scannán cumhdaithe thar bhéal an bhabhla. 2. Úsáid an téip ghreamaitheach, más gá, lena chinntiú

nach mbogfaidh an scannán cumhdaithe. 3. Cuir rís ar an scannán cumhdaithe.

Page 8: Fuaim

Céard a tharlóidh má bhuaileann tú an bosca stáin leis an mbata

agus é díreach os cionn an bhabhla?

Tuar

Bain triail as!

Page 9: Fuaim

Céard a tharla?

Bhog an rís!

Page 10: Fuaim

• Chrith an bosca stáin nuair a bhuail tú leis an mbata é.

• Chuir sé sin an t-aer thart ar an mbosca stáin ag crith chomh maith.

• Ghluais na creathanna tríd an aer mar fhuaimthonnta, fad leis an rís, agus bhog siad í!

Cén fáth, an dóigh leat?

Page 11: Fuaim

Fearas • Gabhlóg thiúnta • Babhla uisce

Turgnamh: Fuaimthonnta a dhéanamh in uisce

Modh 1. Buail an ghabhlóg thiúnta

in éadan imeall boird. 2. Cuir sa bhabhla uisce í.

Page 12: Fuaim

Céard a tharla? • Rinne an ghabhlóg thiúnta

tonnta ar an uisce. • Déantar na tonnta céanna

nuair a bhíonn fuaim ag taistil tríd an aer, ach ní féidir linn na tonnta sin a fheiceáil.

Page 13: Fuaim

• Formhór na bhfuaimeanna a chloisimid is tríd an aer a ghluaiseann siad, fad lenár gcluasa.

• Ach ní tríd an aer amháin a ghluaiseann fuaim. Gluaiseann fuaim trí sholaid agus trí leachtanna freisin.

Page 14: Fuaim

Modh 1. Suigh ag an mbord. 2. Iarr ar do chara cnag éadrom a bhualadh

ar an mbord le barr a mhéire. 3. Éist leis an bhfuaim a thagann ón gcnag. 4. Ansin cuir do chluas leis an mbord. 5. Iarr ar do chara cnag a bhualadh ar an mbord arís. 6. Cén uair ba ghlóraí an fhuaim?

Turgnamh: Cé acu trí sholaid nó tríd an aer is fearr a ghluaiseann fuaim?

Fearas • Bord • Cara

Page 15: Fuaim

Is fearr a ghluaiseann fuaim trí sholaid ná tríd an aer.

Toradh

Page 16: Fuaim

Fearas • Uisce • Dhá bhalún • Uaireadóir • Cara

Turgnamh: Cé acu trí leachtanna nó tríd an aer is fearr a ghluaiseann fuaim?

Modh 1. Séid balún amháin agus cuir

le do chluas é. 2. Iarr ar do chara an t-uaireadóir

a chur le taobh eile an bhalúin. An gcloiseann tú an ticeáil go soiléir?

3. Líon an dara balún le huisce. Cuir le do chluas é.

4. Iarr ar do chara an t-uaireadóir a chur le taobh eile an bhalúin arís.

5. Cén uair ba ghlóraí an ticeáil?

Page 17: Fuaim

Is fearr a ghluaiseann fuaim trí leachtanna

ná tríd an aer.

Toradh

Page 18: Fuaim

Caithfidh spásairí raidió a úsáid má bhíonn siad ag iarraidh labhairt lena chéile ar an ngealach. Cén fáth, an dóigh leat?

Ní bhíonn aon fhuaim le cloisteáil ar an ngealach mar níl aon aer ann.

Page 19: Fuaim

Ráiteas Fíor Bréagach

Déantar fuaim nuair a bhíonn rud éigin ar crith.

Is tríd an aer amháin a ghluaiseann fuaim.

Gluaiseann fuaim níos fearr tríd an aer ná trí sholaid.

Ní féidir aon fhuaim a chloisteáil ar an ngealach.

Ní féidir le fuaim gluaiseacht trí leachtanna.

Is féidir creathanna a mhothú.

Fíor nó Bréagach?

Page 20: Fuaim

http://www.engineeringinteract.org/resources/oceanodyssey/flash/concepts/sourcesofsound.htm http://www.askaboutireland.ie/learning-zone/primary-students/please-select/5th-+-6th-class/science/sound/what-is-sound-and-how-doe/ http://www.askaboutireland.ie/learning-zone/primary-students/please-select/5th-+-6th-class/ science/sound/what-does-sound-travel-th/ http://homepage.eircom.net/~kogrange/sound_experiments2.html http://education.usace.army.mil/clubhouse/science/experiment.cfm?Topic=sound&Id=151

Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:

Page 21: Fuaim

Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: Bronwen English (www.monstersciences.com) jar (away) ar an suíomh www.flickr.com NASA (www.nasaimages.org) Íomhánna eile: Shutterstock Léaráidí: Christine Warner Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n-íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1