Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

93

Transcript of Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Page 1: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf
Page 2: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

An Gaeilgeoir Grámhar Alan Desmond

Seo é an tríú húrscéal ag an údar don fhoghlaimeoir fásta, sa sraith leabhair a leanann saol Bhiddy Uí Laoghaire, carachtar ar tharla mórán di ón uair ar thosaigh sí ag freastal ar rang Gaeilge sa chéad úrscéal. Tá athruithe ei le i ndán di anois nuair a thagann an mac is sine léi, Eoin, abhaile ón Astráil agus fear eile ina theannta. Agus scéal Bhiddy á leanúint aige is féidir leis an léitheoir eolas a chur ar fhocail agus nathanna cainte agus a chuid féin a dhéanamh díobh gan dua.

Biddy Uí Laoghaire life has changed greatly since she started attending an Irish language class. She is now a grandmother, she has re-married and she has of course learned a lot of Irish but there are other changes in store for her. Her son Eoin has come back from Australia in the company of another man, but what is the relationship between them.

Comhar 201

ISBN: 978-0-9557217-5-5

Page 3: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, nó a tharchur ar aon mhodh nó ar aon tslí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cea d a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Foras na Gaeilge

Tá LeabhairCOMHAR faoi chomaoin ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge)

An Chomhairle Ealaíon

as tacaíocht airgid a chur ar fáil le haghaidh fhoilsiú an leabhair seo.

An chéad chló © 2011 Alan Desmond ISB N 978-0-9557217-5-5

Foilsithe ag LeabhairCOMHAR (inphrionta de COMHAR Teoranta, 5 Rae Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2) www.leabhaircomhar.com

EagarthóirÍ comhairleacha: Brian Ó Raghallaigh & Liam Mac Amhlaigh Eagarthóir cóipe: Eibhlín Uí Sceacháin Clúdach: Eithne Ní Dhúgáin Dearadh: Graftrónaic ClódóirÍ: Brunswick Press

Sa tsraith chéanna: An Foghlaimeoir Fásta

Gaeilge agus Grá

Page 4: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a hAon

Dhúisigh Biddy Uí Laoghaire ag leathuair tar éis a seacht. D'iompaigh sí a ceann agus d'fhéach sí ar an bpiliúr in aice léi agus ar Phat Myers, an fear a phós sí beagnach dhá bhliain ó shin.

"Éirigh, a stór," arsa Biddy agus chuir sí a fallaing sheomra uirthi. "Inniu an lá mór. Teastaíonn uaim go mbeidh an teach réidh i gcomhair ár gcuairteoirí."

"Seo an chéad Luan atá sa or agam le breis agus fiche bliain! Tá mé chun an leaba a choimeád go dtí meán Iae!" arsa Pato Dhún sé a shúile go daingean.

"Beidh an bricfeasta réidh i gceann fiche nóiméad, a Phat Myers. Déanfaidh mé an méid sin fothraim sa chistin go ndúiseoidh tú i gceart go maith roimh an meán Iae."

Ba bheag nár léim Biddy síos an staighre go dtí an chistin, bhí sí chomh sceitimíneach sin. Bhí an mac is sine léi, Eoin, ag teacht abhaile ón Astráil den chéad uair ó d'fhág sé Éire trí bliana ó shin.

Ní raibh súil leagtha ag Biddy air ón am sin. Ní raibh aon teagmháil aici leis seachas an glao teileafóin a chuireadh sé uirthi ga ch dara seachtain agus na bronntanais Nollag agus na cártaí breithlae a chuireadh sé abhaile. Luadh sé rudaí nua-aimseartha

* mar ba ghnách léi - as was hei habit

Page 5: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

2

ar nós Skype léi Ó am go ham ach ní raibh ríomhaire ag Biddy. "Is

ar éigean is féidir Iiom úsáid a bhaint as an bhfón póca, a stór.

Bheadh orm cúrsa bliana a dhéanamh sula mbeinn in ann

ríomhaire a úsáid," a deireadh Biddy leis.

Ach inniu ní bheadh gá le fón ná le ríomhaire ná le haon ghléas

teicneolaíoch eile. Bheadh sí in ann barróg* a bhreith ar Eoin den

chéad uair ó chuaigh sé ar bord eitleáin a thug i bhfad ó bhaile é

trí bliana ó shin. Bheadh sí in ann póg a thabhairt dó mar a

dhéanadh sí. * Bheadh sí in ann dinnéar a ullmhú dó mar a

dhéanadh sí. Bheadh sí in ann a shúile móra donna agus a

mheangadh cúthail a fheiceáil.

Nuair a bhí Biddy ag baint súimín* as cupán tae the tháinig Pat

isteach sa chistin.

"Ní rómhaith an iarracht a rinne tú chun mé a dhúiseacht. Níor

chuala mé faic thuas staighre seachas cantain na n-éan!" arsa Pat

go cineálta agus thug sé póg do Bhiddy.

"Táim chomh sceitimíneach sin go ndearna mé dearmad

fothram a dhéanamh. Ní féidir Iiom smaoineamh ar aon rud

seachas Eoin. Níor thuig mé go dtí le déanaí go mbraithim uaim

é chomh géar sin. Níor chodail mé mórán aréir bhí mé chomh

corraithe* sin."

"Ón tsrannfach* a bhí á déanamh agat i rith na hoíche déarfainn

go bhfuair tú oíche mhaith codlata, a thaisce," arsa Pat agus gáire

croíúil á dhéanamh aige. "Ach ní ha on ionadh é go bhfuil tú ar

bís.* NíI Eoin feicthe agat le trí bliana anuas agus cé nach

n-admhóidh tú é, braithim gurb é mac an cheana é. * Ach abair Iiom

na jabanna atá le déanamh agam sula dtéimid go dtí an t-aerfort."

* barróg - a hug * mar a dhéanadh sí - as she

used to do * súimÍn - a sip * corraithe - eXCÍted

* srannfach - snoring * ar bÍs - in suspense * mac an cheana - the favourite

son

Page 6: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"NíI faic le déanamh agat, a fhir ghlic, mar a thuigeann tú go

maith. Choimeád tú an leaba go dtí gur chuala tú go raibh an dá

sheomra curtha in ord agam. Tá an obair go léir déanta agam

féin, go raibh maith agat."

"Nach orm atá an t-ádh go bhfuil bean chomh dícheallach* sin

agam," arsa Pat agus é ag baint súimín as cupán tae Bhiddy. "NíI

le déanamh agam mar sin ach bricfeasta a ithe. An bhfuil sé

ullamh?"

"An ag déanamh grinn atá tú? Ba chóir duit éirí ag leathuair tar

éis a seacht in éineacht le do bhean. NíI aon bhricfeasta tuillte

agat inniu," arsa Biddy go magúil agus í ag cur uibheacha is ispíní

isteach san fhriochtán. "Dá mbeadh a fhios agam go raibh tú

chomh leisciúil sin ní phósfainn riamh thú. Ní páirtí saoil atá uait,

a Phat Myers, ach sclábhaí. Cailín aimsire* a chóireoidh an leaba

agus a bheireoidh prátaí duit.

"D'fhágfainn slán leat murach* na béilte breátha blasta a

dhéanann tú dom," arsa Pat agus chuir sé a lámha faoi choim

Bhiddy.* "Sin an fáth a bhfuil mac an cheana ag filleadh, ar son

an bhia. Is cinnte nach ar son chlamhsán* a mháthar atá sé ag

teacht abhaile. Is cinnte go bhfaigheann sé a dhóthain de sin ar

an bhfón!"

"Cu ir srian le do theanga, a bhuachaill. D'fhéadfadh an friochtán

seo an-dochar a dhéanamh do do cheann mór Iiath," arsa Biddy

agus í ag cuimilt lámh chlé Phat. "Ach caithfidh mé a admhái,l

na ch bhfuil dul amú ar fad ort. Bhí Eoin i bhfad níos giorra dom

ná a dheartháir nuair a bhí siad óg. Chaitheadh Liam i bhfad níos

mó ama lena athair.

* dícheallach - hard-working, industrious, diligent

* cailín a imsire - servant girJ * murach - only for, if it weren't

for

* faoi choim Bhiddy - around Biddy's waist

* clamhsán - complaint, grumble

()

3

Page 7: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

4

Théidís* go dtí cluichí le chéile, d'fhéachaidís ar an teilifís le

chéile mar gur thaitin na cláir chéanna leo ara on, ba iad na rudaí

céanna a chuir ag gáire iad. Bhí siad araon an-fhéinmhuiníneach

agus bhí an-chion acu ar a chéile."

"Ní haon ionadh nach róshásta a bhí Liam ar dtús nuair a chuir tú

in iúl dó go rabhamar le pósadh," arsa Pato "Ba é úillín óir a athar

é, * i mbeagán focal."

"Sin é go díreach, a stór. Ach a mhalairt de scéal ar fad* a bhí fíor

i gcás Eoin. Ní raibh mórán le rá aige riamh lena athair. Nuair a bhí

sé óg bhí sé chomh cúthail sin go rabhamar buartha faoi. Is minic

a deireadh a athair leis ·gur crua an saol é ar dhaoine cúthaile. Ba

chóir do Eoin níos mó muiníne a bheith aige as féin, dar leis. Agus

bhí an ceart aige, ar ndóigh. Ach is cuma cé chomh minic is a

deireadh a athair rudaí den saghas sin, níor tháinig aon fheabhas

ar an scéal. Chun donais a chuaigh cúrsaí, dar Iiom féin."

"Ní dhéanfainn aon iontas de sin," arsa Pat i nglór íseal agus a

smig neadaithe ar ghualainn Bhiddy.

"Bhíodh a athair ag cáineadh Eoin an t-am ar fad agus ghoill sin

go croí ar Eoin*. Mheas sé go raibh díomá air leis. Ag an am

céanna chonaic sé cé chomh maith is a réitigh Liam agus a athair

le chéile agus bhraith sé go raibh rud éigin cearr leis féin nach

raibh an caidreamh céanna aige lena athair."

"Ní rómhaith a chuaigh do chéad fhear i ngleic leis an bhfadhb

sin, a Bhiddy. Seans nach raibh ann ach deacracht bheag go dtí

go ndearna sé deacracht mhór de."

* théidís - they used to go * ba é úillín óir a athar é - he was

the apple of his father's eye * a mhalairt de scéal ar fad - the

complete opposite situation·

* deireadh a athair leis - his father used to say to him

* ghoill sé go croí ar Eoin - it really upset, distressed Eoin

Page 8: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Tá an cea rt agat, a stór. Leas Eoin* a bhí óna athair, ar ndóigh,

ach níor thug sé faoi i gceart. * Ach fiú mura mbeadh ach rudaí

dearfach moltacha le rá ag a athair le hEoin ní dóigh liom go

mbeidís gar dá chéile. Bhí difríochtaí bunúsacha éagsúla

eatarthu. Níor chuir Eoin aon spéis i gcúrsaí spóirt in aon choro

Agus é ar bunscoil d'fhanadh sé istigh sa seomra ranga leis na

cailíní ag am lóin. Bhíodh na buachaillí eile amuigh sa chlós scoile,

ar ndóigh, ag imirt peile. Agus nuair a chuaigh sé ar an meánscoil

níor chuir sé mórán suime sna cailíní. Ní raibh ach an t-aon chailín

amháin aige sular imigh sé go dtí an Astráil."

"B'fhéidir go raibh cailíní aige nár luaigh sé leat, a stór. Deir mo

dheirfiúracha féin liom nach labhraíonn a leanaí leo go hoscailte

faoi na rudaí seo."

"Sin mar a bhíodh sé i gcás Liam, ceart go leor. Ach deireadh

Eoin gach rud liom. Thugaimis an-chuid ama ag caint le chéile.

Nuair a bhíodh Liam agus a athair ag freastal ar na cluichí nó ag

féachaint ar an teilifís bhíodh Eoin díreach in aice liom, pé áit a

mbínn sa tea ch, ag labhairt liom agus ag cur ceisteanna orm."

"Tá súil agam nach mar sin a bheidh sé i rith na míosa* a chaithfidh

sé sa bhaile," arsa Pat agus barróg á breith aige ar Bhiddy. "Is leor

mise a bheith in aice leat an t-am ar fad sa teach seo."

"Ní leanbh é a thuilleadh, ní dóigh liom go mbeidh sé do mo

leanúint timpeall an tí an babhta seo. Ní fheadar cé hé an cara

seo atá ag teacht abhaile leis. B'fhéidir gur cailín atá ann. Bhí sé

an-cheilteach* faoi sin."

"Rith an rud céanna liomsa, a stór. Ní chuirfeadh sé iontas orm

dá mbeadh dea-scéal aige dúinn. Measaim go mbeidh cailín in

éineacht leis agus fáinne ar a méar. É sin nó bolg mór uirthi."

* leas Eoin - Eoin's benefit, well­. being, good * níor thug sé faoi i gceart - he

didn't go about it in the right way

* i rith na míosa - during the month

* an-cheilteach - very secretive

5

Page 9: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

6

"Slán mar a hinstear,"* a dúirt Biddy le seanbhlas. "Is leor

leanbh a bheith ag Liam agus Áine agus iad gan a bheith pósta go

fóill. Tá Eoin níos traidisiúnta ón taobh sin de. Ní dóigh liom go

mbeidh leanbh le fógairt aige."

"Bhuel, feicfimid i gceann trí huaire an chloig. Abhae leat* mar

sin chun tú féin a ghléasadh. Tá na hispíní sin dóite go leor agat

agus is cinnte go bhfuil trí huaire an chloig uait chun tú féin a

chóiriú."*

"Bí cúramach, a Phat, na ch rachaidh tú thar fóir.* Seans gurb é

sin an brideasta deiridh a íosfaidh tú sa teach seo," arsa Biddy

agus boiseog bhog sa tóin* á tabhairt aici çlo Phat.

* slán mar a hinstear - God save us from the likes of it

* abhae leat - away you go * chun tú féin a chóiriú - to do

yourself up

* nach dtéann tú thar fóir - that you don't go to'O far, overstep the mark

* boiseog bhog sa tóin - a small slap on the bum

Page 10: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a Dó

Ag a trí a chlog bhí siad go léir ag an aerfort, ag feitheamh go

foighneach le hEoin. Déarfá gur lá Nollag a bhí ann toisc go raibh

siad gléasta chomh galánta sin. Bhí siad go léir ar cipíní* seachas

Liam. Níor theastaigh uaidh lá sa or a thógáil ón scoil ach ní

ghlacfadh Biddy le heiteach uaidh.* Ní raibh aon drogall ar Phat

ná ar Áine lá saoire a thógáil ón obair, áfach, agus ba léir ón

ngáire a bhí á dhéanamh ag an leanbh, Naoise, go raibh sé ag

baint taitnimh as an ócáid.

"Féach ar an bpus atá ar Liam," arsa Biddy i gcogar le Pat agus

d'fháisc sí a lámh go teann. "Is léir go bhfuil sé in éad lena

dheartháir agus an aird atá á tabhairt dó. Sin mar a bhíodh sé

nuair a bhí siad óg, ach shn mé go mbeadh athrú ar an scéal faoin

am seo."

"Ná bí róchrua ar Liam, a stór. Déarfainn go bhfuil sé spíonta* na

laethanta seo. Oibríonn sé go dian ar scoil agus is cinnte nach

Iigeann Áine dó éalú as a dhualgais mar athair."

"Ag obair go dian? An ag déanamh grinn atá tú? Is múinteoir

bunscoile é. Agus tá an ceart ag Áine cabhair a iarraidh air le

tógáil Naoise. Is trua nach ndearna mé féin sin le m'fhear céile

* ar cipíní - on tenterhooks, in suspense

* ní ghlacfadh Biddy le heiteach uaidh - Biddy wouldn't take no for an answer from him

* spíonta - exhausted, spent, worn out

7

Page 11: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

féin. Is euimhin Iiom go fóill na maidineaeha geimhridh sin nuair a bhíodh an bheirt bhuaehaillí ag dul ar seoil. Bhíodh sé ehomh . dubh le pie* lasmuigh. Bhíodh an teaeh ehomh fuar le sioe bán. Mar bharr ar an donas* bhíodh m'fhear go seaseair* sa leaba agus é ag srannadh leis go sámh."

"Tá tú ag dul i bhfeabhas sna fir atá á roghnú agat, sin sólás éigin duit," arsa Pat agus ehaoeh sé súil ar Bhiddy.

"Aeh déanfaidh sé maitheas dó, nath ndéànfaidh?" a dúirt Biddy i nglór ard agus í ag easadh timpeall i dtreo Liam. "Cad é sin?" a shnap Liam.

"Bhí mé ag rá le Pat go ndéanfaidh an lá saor seo maitheas duit. Beidh tú in ann do scíth a Iigean* inniu. Tá sos éigin tuillte agat agus tú ag obair ehomh dian sin ar seoil."

Ní raibh Liam cinnte an ag magadh faoi a bhí a mháthair agus ní dhearna sé faie sea eh as pus a ehur air féin. Chrom Biddy síos os cionn Naoise a bhí ar a baclainn ag Áine. "Conas atá tú féin, a fhirín álainn? An bhfuil tú sásta go bhfuil lá saor ag do thuismitheoirí? An bhfuil?" Rinne Biddy é a ehigilt faoin smig agus thug sí póg dó.

"Sásta," arsa Naoise agus aoibh an gháire air.

"Ná tabhair aon aird ar Liam, nn giúmar maith air na laethanta seo. Ní thaitníonn sé leis riuair naeh mbíonn aird gaeh duine air," arsa Áine os íseal le Biddy.

"Tá sé díreaeh eosúil lena athair ón taobh sin de."

"Seo ehugainn an ehéad rabharta* paisinéirí eile. Ba ehóir go mbeadh Eoin ina mease," a d'fhógair Pat dóibh.

"'cn:9lJ!lh dubh le pie - piteh

···

·¡

_

k"

,\

... , ..

"iI\ �lfJ��'@I�r¡ar:¡¡¡ndpnas - as a . �i�����1Iicú;nE!' •. .

,",.-, :-- : .... ; . � ..

* ga seascair - eosily, snugly * beidh tú in.ann do scíth a

Iigean - you'lI be ab le to rest * rabharta - flood

Page 12: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Thosaigh Áine ag síneadh a muiníl, ag iarraidh féachaint thar chinn na ndaoine eile a bhí rompu sa halla feithimh. Bhrúigh Pat agus Biddy cúpla méadar chun tosaigh i dtreo na bpaisinéirí a bhí ag teacht amach. Bhí croí Bhiddy ag preabadh agus greim chomh docht sin* aici ar lámh Phat gur cheap Pat ga mbrisfeadh sí a mhéara.

"Ní fheicim in aon chor é. Tá súil agam nár chaill sé an eitilt ó Londain. B'fhéidir ga mbeidh orainn ... "

Ach sular fhéad Biddy an abairt a chríochnú chuir fear ard slinneánach a lámha timpeall uirthi.* "A Mhamaí, conas tá tú? Tá tú ag féachaint ga hálainn. Tá cuma níos fearr art anais ná mar a bhí trí bliana ó shin."

"Pat Myers atá ciontach," arsa Biddy agus í ag iarraidh í féin a shracadh ó Eoin. "Ach mura scaoileann tú díom ní fada ga mbeidh an anáil ga léir fáiscthe asam."

D'iompaigh Eoin ar Phat agus chroith lámha leis ga fuinniúil. "A Phat, a chara, is deas bualadh leat arís. Táim fós buíoch díot gur ghlac tú leis an tsóinseáil bheag* uaim agus ó Liam nuair a théimis isteach sa siopa chugat. Ní dhearna tú gearán riamh. Ní fhéadfainn leasathair níosfearr a shamhlú.* Ar chóir dom Daidí a thabhairt art anais? "

Dhearg Pat ga bun na gcluas* ach sula raibh seans aige aon fhreagra a thabhairt rug Liam barróg ar a dheartháir. "Fáilte abhaile, a bhoic."

* greim chomh docht sin - such a tight grip

* s l inneánach - broad-shouJdered * an tsóinseál bheag - the srrwll

change

* ní fhéadfainn leasathair níos fearr a shamhlú - I couJdn't imagine a better stepfather

* dhearg Pat go bun na gcluas -Pat blushed up to the ears

9

Page 13: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Agus is dócha gurb é seo Naoise," arsa Eoin agus a lúidín* á thabhairt aige don leanbh. "Nach bhfuil an t-ádh leis go bhfuil sé cosúil le hÁine. Tá srón agus súile a mháthar aige."

"An dall atá tú, a bhuachaill," a d'fhiafraigh Liam dá dheartháir. "Is é a athair ina athbhreith é Naoise. Nach bhfeiceann tú é sin?"

Le Iinn na cainte seo go léir bhí Biddy ag féachaint go hamhrasach ar Eoin. Bhí sé athraithe go mór ó chonaic sí é trí bliana ó shin. Bhí dath fionn curtha aige ar a chuid grua ige, bhí fáinne aige ina ch�uais chlé agus bhí sé i bhfad níos tanaí ná mar ba chuimhin léi. Thug sí faoi deara go raibh fear ard dorcha ina sheasamh gar d'Eoin an t-am ar fad, agus dhá chás mhóra dhubha ina ghlac aige. Bhí an chuma air go raibh náire de shaghas éigin air agus bhí sé ag féachaint ar Eoin i slí nár thaitin le Biddy. Níor fhéad Biddy a thuisdnt cén fáth a raibh sí míshásta, ach ar chúis éigin* ní raibh sí go hiomlán ar a compord.

"An cara leat é an fear sin?" arsa Biddy i gcogar le hEoin agus í ag síneadh a méire i dtreo an fhir leis an dá chás.

"íosa Críost, tháinig an méid sin sceitimíní orm nuair a chonaic mé sibh go léir go ndeama mé dearmad ar Pheter," arsa Eoin agus chuir sé a lamh ar dhroim an fhir dhorcha. "Seo Peter Ryan, an duine is deise ar dhroim an domhain* agus an cara is fearr atá agam.';

"Moladh ard é sin,:' arsa Pat go cineálta agus lámh Pheter á croitheadh aige. "Is de�s Iiom bualadh leat, a bhuachaill. Fáilte go hÉirinn, oileán na naomh is na n-ollamh."

L.<{lI>:If:5!qigh liqm gurb é seo an áit domsa mar sin," arsa Peter. "Ní '

: �� há:ollamh mé. A mhalairt ar fad,* ch un a bheith macánta. J�� .jln�Ójdeachas mé chun an fhírinne a rá." :1','. :' ; ::�

�� . . ;��_=���i:;- �.;;:.��;: " " " !It ::;"';::�J;í *' -�If �*��Irí:� .' .��Jll!i:lt<t c-' .' .JrirQ�o.'Il' ....... .... . .... . ' . :'

* ¡at dhrpim an domhain - on the face of the earth

* a mhala irt ar fad - the complete opposite

Page 14: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Fáilte go dtí an club, a bhuachaill, tá an-chuid dínn anseo agus is cinnte go bhfuil spás do dhuine amháin eile," arsa Pat agus gáire dom ha in croíúil á dhéanamh aige.

"Is maith liom an fáinne c1uaise, a Eoin, oireann sé duit," arsa Liam agus gáire fonóideach* á dhéanamh aige. "Tabhair dom na cásanna sin agus cuirfidh mé isteach sa ghluaisteán iad."

"Ní saineolaí mé sna cúrsaí seo," arsa Biddy agus iad go léir ag siúl amach go dtí an carrchlós, "a ch ní hé sin blas na hAstráile a chloisim ar do chuid cainte."

"Tá an ceart agat, rugadh* agus tógadh mé* i mBostún sna Stáit Aontaithe agus ní dóigh liom go bhfuil gá le c1uas ghéar chun é sin a aithint. Ach tá an oiread sin ama caite agam san Astráil nach bhfuil blas Bhostúin chomh láidir agus a bhíodh."

"An-mhaith," arsa Biddy. "Is dócha go rachaidh Peter i ngluaisteán Liam agus Áine agus is féidir le h Eoin teacht Iinne."

"An ar ghluaisrothar* a bheimidne ag taisteal?" arsa Eoin agus ionadh air. "Nach bhfuil go leor spáis sa ghluaisteán don bheirt againn? Beidh go leor le déanamh ag Liam agus ag Áine leis an leanbh gan aire a thabhairt do chuairteoir nach bhfuil aithne acu air."

"Ní bheidh orthu aire a thabhairt domsa in aon chor, a Eoin. Buachaill mór mé. Is féidir liom aire a tabhairt dom féin. Agus táim cinnte gur mhaith le do thuismitheoirí labhairt leat i d'aonar le Iinn an turais abhaile."

"Tá tú an-tuisceanach, a Pheter," arsa Biddy. "Isteach leat inár ngluaisteán anseo, a Eoin, agus ná bí ag cruthú fadhbanna agus tú gan ach deich nóiméad ar thalamh na hÉireann. Feicfidh tú

* peacach - a sinner * fonóideach - mocking * rugadh mé - I was born

* tógadh mé - I was raised * gluaisrothar - motorbike

1 1

Page 15: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Peter arís i gceann daichead nóiméad. Is dócha gur féidir leat tú

féin a shracadh uaidh ar feadh daichead nóiméad, nach féidir?"

"NíI a fhios agam, a Mhamaí, níl a fhios agam. Táimid an-ghar dá chéile, nach bhfuil, a Pheter?" arsa Eoin agus súil á caochadh aige ar an Meiriceánach.

Page 16: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a Trí

Bhí an ceathrar ban óga ina suí sa chéad sraith suíochán díreach os comhair dheasc an mhúinteora, mar ba ghnách leo. Bhí siad ag feitheamh go foighneach le Mánas Ó Foghlú, an múinteoir Gaeilge dóighiúil dea-chumtha.

Nuair a tháinig Biddy isteach sa seomra shuigh sí ina haonar sa dara sraith suíochán, mar ba ghnách léi. "Dia daoibh, a chailíní," arsa Biddy go cneasta leis na foghlaimeoirí fásta eile. "Tá súil agam go bhfuil an obair bhaile déanta agaibh."

Is beag caint"a rinne na mná eile le Biddy, áfach. Is ar theacht Mhánais a bhí siad ag smaoineamh agus bhí siad ag éirí tuirseach de Bhiddy agus de pé coi.mhlint a bhí aici le Mánas. Chonacthas dóibh* na ch raibh i mBiddy ach seanbhean shearbh a bhí míshásta na ch raibh suim ag Mánas inti. Chonacthas dóibh go raibh Biddy in éad leo. Thug Mánas aird orthu ach rinné sé a dhícheall neamhaird a thabhairt ar* Bhiddy. Sin an fáth a raibh tagairtí á ndéanamh ag Biddy an t-am ar fad do mhná óga agus buachaillí báire, * dar leo.

Níorbh iad na foghlaimeoirí eile amháin nár thuig iompar Bhiddy. Bhí Pat ar an eol as faoi Mhánas. Bhí a fhios aige faoin iarracht a rinne Mánas an freastalaí ó Shiopa na Gaeilge, Cáitín, a tharraingt

* chonacthas dóibh - it seemed to them

* neamhaird a thabhairt ar -to ignore

* buachai l l í báire - playboys 13

Page 17: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

isteach ina leaba. Bhí a fhios ag Pat go raibh caidreamh ag Mánas le Samantha, bean óg dhathúil a bhí ag freastal ar na ranganna Gaeilge go dtí gur chuir Biddy ar an eolas í faoi Mhánas. Agus bhí a fhios ag Pat go raibh gráin dhearg ag Biddy do Mhánas mar gheall ar a iompar salach.

Ach níor thuig sé ó thalamh an domhain cén fáth a raibh Biddy fós ag freastal ar ranganna Mhánais. Dúirt sí, beagnach ón tús, gur shn sí nár mhúinteoir maith é. Agus ina theannta sin chuir scéal Cháitín dóiteacht uirthi. * Bhí a fhios aige go ndearna Biddy tagairtí d'iompar Mhánais i rith an ranga ach bhí ionadh ar Phat nach raibh aon rud ráite go díreach ag Biddy le Mánas. Ba mhinic a mhol sé do Bhiddy éirí as an rang agus freastal ar cheann eile

rff ach níor thug sí ach an chluas bhodhar* don mholadh sin. ,

Bhí a cúiseanna féin ag Biddy leanúint leis na ranganna áfach. Dhéanfadh sí deimhin de nach gcaithfeadh Mánas le haon duine eile* ón rang mar a chaith sé le Cáitín agus le Samantha. Choinneodh sí súil air agus chosnódh sí na cailíní eile sa rang air. Dá bhfeicfeadh sí go raibh Mánas ag iarraidh cailín ón rang a mhealladh, mhíneodh Biddy an scéal don chailín sin. Mhíneodh sí gur fear salach é Mánas nach bhfuil suim aige ach sa bhualadh leathair* le mná óga. Agus chomh maith leis an jab tábhachtach seo, bhí feabhas ag teacht ar a tuid Gaeilge ¡;m t-am ar fad cé nárbh é Mánas an múinteoir Gaeilge ab fhearr in Éirinn.

Ansin shiúil Mánas isteach sa seomra mar a bheadh réalta rac* ann agus chaoch sé súil ar na mná sa chéad sraith suíochán. Chuir

. sin déistin ar Bhiddy. Bhí sé gléasta go galánta, mar ba ghnách léis, agusélán de féin, dar le Biddy.

haon duine eile - that Mánas wouldn't treat cinyone else

* . bualadh leathair - sexual 'UíiIFWliili¡, '�'Çáli,t'(¡fri'S' a!li@fya¡ri f).Qyed )fc¡�¡f IWjiM¡ê,r:/y.. .....•. . ... . ......•. . '.' ..•.•• •...•. . '>

,.. ./llII'i1(ll!\1lllli1iir,s. ilj¡ll1@dIRl\lllf . ..,a0!'e.af;i;í.t'I!t • . '< i .. ;il�:��,f¡ijIil.lJrse ___ _* ,f1¡illiOI\l, ,wçca!iitM��alcill�. :M,�lm1\Í$ '11� 'i ' .' · *·'Í'��íl.�a"tra1�-;���'k·il!tQ.r -- ---

Page 18: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

, "An-mhaith mar sin, \3 chailíní, cuirfimid tús leis an "rang le ceacht gramadaí." Lig Biddy osna dhomhain fhada. Bhí a fhios aici cad é go díreach a déarfadh Mánas sula ndúirt sé é.

"Caithfimid súil siar inniu ar na briathra neamhrialta agus ar na míreanna briathartha."*

Lig Biddy osna fhada dhomhain an athuair. Níorbh é seo an chéad uair a chaith siad súil siar ar na briathra neamhrialta agus ar na míreanna briathartha. B'fhéidir go raibh an ceart ag Pato B'fhéidir gur chóir di éirí as ranganna Mhánais agus freastal ar ranganna eile.

"Tá tú ag ligean osna, a Bhiddy, mar is gnách leat. An bhfuil do chuid Gaeilge féin chomh maith sin nach gá duit súil siar a chaitheamh ar na briathra neamhrialta agus ar na míreanna briathartha?" arsa Mánas le searbhas.

Chas an ceathrar ban óga timpeall chun féachaint ar Bhiddy agus cuma mhíshásta orthu.

"Gabh mo leithscéal, a mhúinteoir, ní mar sin atá sé in aon chor," arsa Biddy go fonóideach. "Tá súil agam nál' chuir m'osna isteach rómhór ort. Ach is cuimhin liom go bhfuil súil siar caite againn ar an ngné seo den ghramadach* cheana féin."

"Tosóimid leatsa mar sin, a Bhiddy. Is féidir leat an feabhas atá ar do chuid Gaeilge a thaispeáint don rango Má tá an ceart ag Biddy, is cuimhin linn gur 'míreanna briathartha' an t-ainm atá ar fhocail ar nós ní, go, nach, agus an. Nuair a chuirimid na míreanna sin roimh bhriathar beidh athrú ar an mbriathar. Mar shampla," arsa Mánas agus é ag iompú ar an gclár bán agus marcóir ina ghlac aige

- ceannaím arán gach lá

* na míreanna briathartha - the verbal partides

* ar an ngné seo den ghramadach - on this aspect of grammar .

1 5

Page 19: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

- ní cheannaím arán gach lá - measaim go gceannaím arán gach lá - cén fáth nach gceannaíonn tú arán gach lá? - an gceannaíonn Seán arán gach lá?

"Ar ndóigh, athraíonn na míreanna briathartha san aimsir chaite. Athraíonn nach go nár, athraíonn ní go níor agus mar sin de."

Sa chéad sraith suíochán bhí an ceathrar ban ag croitheadh a gcinn go fuinniúil ach bhí Biddy beagnach cinnte de go mbeadh dearmad déanta acu ar roinnt mhaith den cheacht roimh

dheireadh an ranga.

Lean Mánas ar aghaidh ag scríobh samplaí ar an gclár bán. - Cheannaigh mé arán inné - Níor cheannaigh mé arán inné - Measaim gur cheannaigh mé arán inné - Cén fáth nár cheannaigh tú arán inné? - Ar cheannaigh Seán arán inné?

"Ach mar is eol dúinn go léir, nó mar is eol do Bhiddy ar a laghad, ní athraíonn na míreanna briathartha san aimsir chaite i gcás roinnt briathra neamhrialta. I gcás sé cinn de na briathra neamhrialta úsáidimid ní, nach, go agus mar sin de. Ar ndóigh, is iad sin na míreanna briathartha a úsáidimid san aimsir láithreach agus i ngach ceann de na haimsirí eile. A Bhiddy, b'fhéidir go ndéarfaidh tú Iinn na briathra neamhrialta atá i gceist."

;N¡tor ç�a�an ceathrar ban óga timpeall chun féachaint ar Bhiddy. 1B11í1IL¡¡¡i ]�íi'�'SiilCU go mbeadh an freagra aici. Choinnigh siad a súile alí"M!IñI<ãrrnl'�'¡¡il!i�iil;¿hl'b�an acu ag tnúth go bhféachfadh sé idir an dá :íill'l'Ú!lill, '1Wlilltht

Page 20: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Ní déarfaidh mé,é sin leat," arsa Biddy i nglór teann,

"Nach ndéarfaidh? An é nach bhfuil an freagra ar eolas agat?" arsa Mánas agus é ag féachaint go fonóideach* ar Bhiddy. "Ní

. miste súil siar a chaitheamh ar an ngné seo den ghramadach ós rud é go bhfuil dearmad déanta agat ar rud éigin chomh bunúsach leis seo, a Bhiddy."

"Is mór an trua nach bhfuil Samantha fós ag freastal ar na ra·nganna. Bhíodh na freagraí go léir aici. Bhíodh gach rud ar eolas aici. Shílfí gur tugadh na freagraí di roimh ré. Ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth ar éirigh sí as na ranganna seo," arsa Biddy agus an chuma uirthi gur bhain sí an-taitneamh as ainm Shamantha a lua.

Dhearg Mánas go bun na gcluas.

"Ní hé go bhfuil dearmad déanta agam ar an ngné bhunúsach seo den ghramadach, a Mhánais. Ach níor chuir mé na sé bhriathar sin de ghlanmheabhair. Chum mé rím* bheag chun na . briathra neamhrialta eile a chur de ghlanmheabhair, is é sin na cúig bhriathar neamhrialta a oibríonn go rialta maidir leis na míreanna briathartha."

Ba léir nach raibh an comhrá seo á leanúint ag na foghlaimeoirí eile bhí sé chomh casta sin, agus bhí an chuma ar Mhánas go raibh tuirse ag teacht air féin, leis.

"An-mhaith, a Bhiddy," arsa Mánas agus osna fhada dhomhain á Iigean aige an babhta s'eo, "roinn linn an rím atá cumtha agat."

"Tar, tabhair, beir, dois, ith," arsa Biddy agus bród mór uirthi aisti féin.

* go fonóideach - mockingly 17

Page 21: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

1 8

"Nn a fhios agam an rím* í sin in aon chor, a Bhiddy, ach má chabhraíonn sé leat, treise leat.* Ach mínigh dúinn an tábhacht atá ag baint leis na briathra atá luaite agat, tar, tabhair, beir, dois, ith."

. "Bhuel, mar a luaigh tú féin, a mhúinteoir, i gcás sé cinn de na briathra neamhrialta, úsáidtear na míreanna briathartha ní, nach,

go; an agus mar sin de. Ach maidir leis an gcúig bhriathar atá díreach luaite agam úsáidtear na míreanna briathartha a úsáidtear le gach briathar rialta san aimsir chaite, is é sin níor,

nár, gur agus ar."

"An-mhaith, a Bhiddy. Tá do dhícheall déanta agat chun é sin a mhíniú dúinn. Feicfimid anois ar éirigh leat. Tabharfaidh mé cúig nóiméad daoibh chun roinnt abairtí a dhéanamh leis na briathra neamhrialta tar, tabhair, beir, dois, ith. Pé aimsir is maith libh, ach bí cinnte go gcuirfidh sibh mír bhriathartha éigin roimh gach briathar," arsa Mánas agus é ag bualadh faoi* ar an gcathaoir os comhair an chláir bháin.

"Feicfimid ar éirigh liom," arsa Biddy faoina fiada.* "Ní mise múinteoir an ranga seo. Ach seans go ndéanfainn jab níos fearr."

"An bhfuil rud éigin eile le rá agat linn, a Bhiddy?"

"NíI, a mhúinteoir, ní raibh mé ach ag caint liom féin mar is gnách liom. Comhartha cinnte go bhfuil mé ag dul anonn in aois!"

"An-mhaith. Is dócha go bhfuil na cúig nóiméad sin istigh," arsa Mánas agus é ag féachaint ar a uaireadóir. "An bhfuil sibh réidh?"

Sa chéad sraith suíochán chaith ga ch bean catsúil le Mánas. shín Mánas a mhéar i dtreo na mná ba dhathúla agus chaoch ,sé a shúil uirthi.*

* rím - a rhyme * faoina fiada - under her breath '" treise leat'-c more power to you * chaoch sé a shúil uirthi - he

.. * .àg�ú'al.<Jdh f¡¡?i :- setting winked at her

... f/ti¡l/ÍRi€;/flj/[0}w,mi;�¡'tMIf!1:� .ClÇ)',«Q . ;c';' .

Page 22: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Níor ith mé aon rud inniu roimh an rango Ar chuala tú é siÇ1?" arsa an bhean ba dhathúla agus í ag sciotaíl*.

"An-mhaith," arsa Mánas, agus an chuma air nár éist sé i gceart leis an abairt. "Cad é atá scríofa ag do chomharsa bhéal dorais?",

D'fhéach an chomharsa bhéal dorais idir an dá shúil ar Mhánas agus rith a lámh trína cuid gruaige. "Dúirt mo mháthair liom nár tháinig sí abhaile aréir mar gheall ar thimpiste bóthair ach níor chuala mé i gceart í agus níor thug mé aon aird uirthi."

"Togha oibre, togha oibre. Is dócha go bhfuil an ghné seo den ghramadach mínithe go maith ag Biddy. Agus cad é atá scríofa agat féin, a Bhiddy?"

"Tá áthas an domhain orm gur tháinig an mac is sine liom abhaile ón Astráil, cé nár tháinig sé ina aonar."*

"Is ea go deimhin, a Bhiddy. Chuala mé an scéal sin ó Liam agus ó Áine. Caithfidh go bhfuil tú thar a bheith sá sta go bhfuil Eoin sa bhaile arís den chéad uair le trí bliana anuas. Agus is maith an rud é go bhfuil cara maith ina theannta," arsa Mánas agus meangadh magúil air.

Lig Biddy os na fhada dhomhain agus chuir sí eascaine ar Mhánas* faoina fiada.

* sciotaíl - giggl ing * cé nár tháinig sé ina aonar -

even though he didfi't come on his own

* chuir sí eascaine ar Mhánas -she cursed lVlánas

19

Page 23: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

20

Caibidil a Ceathair

Bhí an ghrian go hard sa spéir agus bhí leoithne bhog ghaoithe* ag séideadh nuair a shuigh Liam agus Mánas ina suíochán in ardán na staide* don dara leath den chluiche peile.

"Nach álainn an lá é," arsa Mánas agus osna shásaimh á ligean aige. "Cosúil le lá samhraidh."

"Is ea gó deimhin," arsa Liam. "Ach fiú dá mbeadh sé ag stealladh báistí bheinn sásta a bheith anseo. Na laethanta seo, is annamh a bhíonn seans agam éalú as an teach agus as dualgais teaghlaigh."

"Tuigim duit, a bhuachaill, tuigim duit," arsa Mánas agus chuir sé lámh ar ghualainn Liam le taispeáint dó gur thuig sé an scéal. "Ach, dá mbeadh sé ag cur báistí ní bheadh an cailín fionn sin thíos uainn ag caitheamh na t-Iéine breá sin atá róbheag di."

D'fhéach Liam ar an gcailín a luaigh Mánas agus rinne gáire. "Nach agat atá an tsúil ghéar, a Mhánais."

"Ná h9bair liom nár thug tú faoi deara í. Bheadh ort a bheith dall* gan í a thabhairt faoi deara."

"Tá cailín de mo chuid féin agam, a Mhánais, mar a thuigeann tú go maith, agus leanbh, leis. Agus nach bhfuil an cailín sin thíos

-ir 'l�oithl1e bhog ghaoithe- a , s:oiitbreeze

"', ;jihl<ilirrd!álÍilIJ;¡I<l1 $t¡¡¡,id:�:,. ':irld;le te"�llIlc€' 1(1)!Ffrl:€ �trai(ifiill4l�

* bheadh ort a bheith da\l -you'd have to be blind

Page 24: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

uainn ábhairín ró-óg duit?" a dúirt Liam agus súil á caochadh aige ar Mhánas.

"Ó sea, éist leis an naomh seo in aice Iiom nach bhféachann ar mhná eile mar tá bean agus leanbh sa bhaile aige. Nach tusa a bhí díreach ag gearán faoin sa ol teaghlaigh agus faoi na dualgais tR"

"Ó admhaím go bhfuil sé deacair teacht abhaile tar éis lá fada oibre ar ·scoil chun aire a thabhairt do Naoise. Agus braithim uaim* an deireadh seachtaine. Dhéanainn féin agus Áine a lán rudaí éagsúla ag an deireadh seachtaine sul ar rugadh Naoise. Ach is leis an bhfirín óg an deireadh seachtaine anois. Ach ní thabharfainn an firín óg ar ais ar ór na cruinne."

"Is dócha go mbeadh an dearcadh* sin agam dá mbeadh bean cosúil le hÁine agam. Tá sí fós an-tarraingteach, agus tá sí chomh dea-chumtha anois is a bhí sí sular rugadh Naoise. Is minic a dhéanann breith Iinbh dochar do chorp mná, ach nO aon dochar déanta do chorp Áine, ná geall leis!" arsa Mánas agus chroith sé a cheann chun béim a chur ar an rud a bhí á rá aige.

D'fhéach Liam ar Mhánas go hamhrasach.

"Chaithfinn a admháil, a Mhánais, go gcuireann sé isteach orm go mbíonn tú ag féachaint chomh géar sin ar Áine. B'fhearr duit féachaint ar !fIhná atá saor. Tá a lán díobh timpeall agus ní bhíonn aon fhadhb agat de ghnáth iad a mhealladh. Caithfidh go bhfuil cailín éigin agat i láthair na huaire?"

"Ní chuireann sé isteach ort in aon chor, a bhuachaill. Tá tú breá sásta go bhfuil do bhean á moladh agam. Agus bím i gcónaí ag féachaint ar na mná atá saor. NO aon duine agam faoi láthair ach chuir mé aithne ar chailín álainn sa teach tábhairne aréir.

* braithim uaim - I miss * dearcadh - outlook, point of view

21

Page 25: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Aingeal* dubh atá inti. As Cúba Ó dhúchas di. Tá corp aici a mheallfadh an Pápa féin. Dhíolfainn mo sheanmháthair chun í a tharraingt isteach sa leaba."

"Is dócha go bhfuair tú uimhir ghutháin."

"Fuair, agus tuilleadh. Tá sí ch un freastal ar cheann de na ranganna Gaeilge atá agam go luath. Mar a tharlaíonn beidh sí in aon rang amháin le do mháthair."

"Is cinnte go bhfaighidh mé cuntas ar an gcailín ó mo mháthair mar sin. Dála an scéil, conas tá ag éirí le mo mháthair sa rang? Tá sí ag freastal air le cúpla bliain anois, nach bhfuil? An bhfuil mórán dul chun cinn á dhéanamh aici?"

D'éirigh an slua timpeall ar Liam agus ar Mhánas ina seasamh agus Iig béic mhór áthais amháin astu.

"Cúl gnóthaithe againne, is dócha," arsa Liam in ard a ghutha le Mánas.

"In ainm Dé," a Iiúigh Mánas agus déistin air, "sin an dara cúl nach bhfacamar inniu mar gheall ar an gcomhrá. Táimid cosúil le seanmhná."

"Ós ar shean�hná atáimid ag caint, abair Iiom an bhfuil mo mháthair ag déanamh go maith sa rang Gaeilge."

Shuigh an slua síos agus' bhí an-chuid fothraim* fós ar siúl agus bhí ar Mhánas a cheann a chur díreach in aice le duas Liam chun labhairt leis.

"Tá Gaeilge den chéad scoth aici, a Liam. Déarfainn go bhfuil níos mó Gaeilge aici ná mar atá ag aon fhoghlaimeoir eile sa ghrúpa .

. 1liigeann sí gach ceacht gramadaí a dhéanaimid agus tá a lán láfl . . . ��.' .. . '. �����-----------------------------------. ·*¡¡¡;.�I+QhJlY.Igc:!/. "*a:n�lthúid fptnraim - a lot of noise

Page 26: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

focal agus nathanna ar eolas aici. Is léir go bhfuil. a croí sa te¡;mga."

Chuir fdcail Mhánais an méid sin áthais ar Liam gur thosaigh sé ag at le mórtas.*

"Ach é sin go léir ráite, chaithfinn a admháil go gcuireann Biddy isteach orm."

"Conas sin?" arsa Liam agus ionadh air.

"Bhuel, ní réitíonn sí go maith leis na foghlaimeoirí eile. Tá siad i bhfad níos óige ná í agus b'fhéidir gurb é sin an fáth. Ach is minic a bhíonn sí ag ligean osna agus rudaí éagsúla á rá aicL. "

" D'fhéadfainn rud éigin a rá léi dá mba mhaith leat," arsa Liam agus é ag teacht roimh Mhánas.

"NíI aon ghá leis sin. Déarfainn go gceapann sí go bhfuil an rang róbhunúsach, nó b'fhéidir go gceapann sí nach múinteoir maith mé. Ach chun an fhírinne a rá, ní chuirfinn suas le hiompar den saghas sin de ghnáth, ach ós rud é gurb í do mháthair í, níor mhaith liom titim amach léi."

"Is oth liom é sin a chloisteáil, * a Mhánais. Tuigim go mbíonn sí ceanndána* agus cantalach* ó am go ham, ach tríd is tríd is bean mhaith í agus is aoibhinn léi an Ghaeilge. B'fhéidir nach bhfuil ann ach rud gearrthéarmach. B'fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar an scéal le himeacht aimsire."

"B'fhéidir é, a bhuachaill, b'fhéidir é," arsa Mánas agus é ag féachaint ar an gcailín óg thíos uaidh a bhí ag caitheamh t-Iéine a bhí róbheag di.

------------------------ .�� * ag at le mórtas - swelling with

pride * is oth l iam e sin a chloisteái l -

"m sorry to hear that

* ceanndána - stubborn. " ' . * cantalach - cranky

Page 27: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

24

Cá.ibidil a Cúig

Chuaigh Biddy isteach ar an dóras go Siopa na Gaeilge. Ní raibh . aon chustaiméir le feiceáil sa siopa ach bhf Cáitín ina seasamh taobh thiar den ch untar.

"A Bhiddy, a chara, fáilte ar ais. Is fada ó bhí tú anseo. Ag lorg leabhair atá tú, is dócha."

"Leabhar atá uaim ceart go leor, ach comhrá, leis. NO aithne agam ar mhórán ban ar féidir Iiom caint chiallmhar a dhéanamh leo." ,

"Bhuel tá tú tagtha díreach in am. Táim ar tí·an siopa a chur faoi ghlas ch un sos lóin a thógáil."

"Tá sé sin go hiontach, a Cháitín. Rachaimid go Caife Nuala mar sin. Tá sé gar go leor agus gheobhaimid bia blasta folláin ann. Ormsa ei bheidh sé."

"Is fíordheas uait é sin, a Bhiddy. Ach tá am fós agat leabhar a roghnú. An bhfuil a fhios agat cad é go díreach atá uai1:?"

"Dhera, rud éigin éadrom simplí, a Cháitín, tá a fhios agat féin. Ní fiú aon rud deacair a thabhairt dom. Ní bheidh mé in ann é a léamh agus ní dhéanfaidh sé sin aon mhaitheas don fhéinmhuinín."

"Tuigim duit, a Bhiddy. Fan nóiméad agus déanfaidh mé mo mhachnamh. Tá scríbhneoir nua ann a bhfuil úrscéal

* úrscéal bleachtaireachta -d.etéctive· rróve/,

".0" . ' ,: .:

Page 28: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

· bllle�:chtaireachta* aige, agus tá gach duine ag moladh an scéil i ndiaidb dóibh é a léamh. NO sé léite agam féin go fóill ach déarfainn go mbeadh sé ródheacair don fhoghlaimeoir. Hmm. An bhfuil tú fós ag freastal ar ranganna Mhánais?"

"Tá," arsa Biddy go gonta.*

"Tá leabhar agam duit mar sin. An Buachaill Aerach a D'fhoghlaim

an Ghaeilge. Tá sé léite agam féin agus bhain mé an-taitneamh as. Ach rnolaim duit é mar déanann sé cur síos ar chúrsaí casta grá i rang Gaeilge agus tá taithí éigin agat ar an scéal sin chea na!"

"Tá, faraor, agus is leor an taithí sin. Níor mhaith Iiom leabhar a léamh faoin ábhar," arsa Biddy agus míshásamh le haithint uirthi. "An bhfuil aon mholadh eile agat?"

"NO aon easpa leabhar Gaeilge atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, a Bhiddy. Tabharfaidh mé an ceann seo le Brian Ó Briain duit. Eachtraí bangharda atá ann agus é scríofa i nGaeilge shimplí. Mura mbainfidh tú aon taitneamh as tar ar ais chugam agus tabharfaidh mé rud éigin eile duit."

"Sin.é ali fear a bhíonn ag scríobh ar an Irish Times, nach ea?" -arsa Biddy agus an leabhar á chur isteach ina mála aici. "Tá súil agam go bhfuil an leabhar níos simplí na na colúin Ghaeilge a scríobhann sé. Bheadh iarchéim* sa Ghaeilge ag teastáil uait ch un roinnt de na colúin �in a thuiscint."

Nuair a bhain siad Caife Nuala amach bhí an áit dubh le daoine agus an" sos lóin faoi lánseol.* Thug gach cuairt ar Chaife Nuala uchtach do* Bhiddy mar chuala sí gach saghas Gaeilge á labhairt. Chuala sí Gaeilge a bhí beagáinín níos fearr ná a cuid Gaeilge féin. Chuala sí Gaeilge a bh( chomh maith sin nár thuig sí in aon chor í.

* go gonta - sharply, terse/y * iarchéim - postgraduate

degree

* faoi lán seoil - in full swing * uchtach a thabhairt do -

to give encouragement to

25

Page 29: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

26

Agus chuala sí Gaeilge a bhí i bhfad níos measa ná a cuid Gaeilge féin. Sin an saghas Gaeilge ba mhó a thug uchtach di. Nuair a bhí sí in ann botúin foghlaimeoirí eile a aithint bhraith sí go raibh sí ag déanamh dul chun cinn* éigin.

"Aba ir leat mar sin, a Bhiddy. Cén cheist mná atá le plé agat?" arsa Cáitín agus í ag blaisínteacht ar an mbocaire* a bhí ceannaithe aici.

"Och, ní hé go bhfuil ceist mná le plé agam, a Cháitín, ach ní féidir liom gearán a dhéanamh faoi Mhánas i láthair Áine agus Liam mar tá siad chomh mór sin leis* agus déarfainn go bhfuil a dhóthain cio iste ag Pat bocht ar ábhar Mhánais!"

"Ní thuigim ó thalamh an domhain, a Bhiddy, cén fáth na ch n-éiríonn tú as na ranganna sin! Is dóc�a nacho bhfuil aon athrú chun feabhais tagtha arMhánas?"

"Nn, ná geall leis.* Tá na ceachtanna leadránacha gramadaí fós á múineadh aige agus tá sé chomh lán de féin is a bhí riamh. Ach ar a laghad ní dóigh liom go bhfuil aon bhean de na mná eile sa rang tarraingthe isteach sa leaba aige go fóill. Is cinnte go bhfuil a shúil aige ar bhean amháin, ach nmm cinnte cé hí go 9íreach." .

"An bhean is dathúla, is dócha," arsa Cáitín agus cuma mhíshásta uirthi.

"Is fíor duit, a chailín. Nó an bhean is éasca," arsa Biddy.

"Ach conas is féidir an bhean is éasca a aithint?" arsa Cáitín go soineanta.

"Sin an bhean nach mbíonn aon éadaí cnis* uirthi sa rang."

Scairt an bheirt acu amach ag gáire. Bhí ar Bhiddy a cupán tae a

* dul ciiun cinn- progress * ag blaisínteacht ar an

mbocaire - nibbling at the muffin

* tá siad chomh mór sin leis -they are so friendly with him

* ná geall leis - not even near/y * éadaí cnis - underwear

Page 30: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

chur síos ar an mbord bhí sí ag gáire chomh láidir sin. Bhí ionadh ar Cháitín agus ar Bhiddy féin go raibh a leithéid ráite ag Biddy.

"Ó, bhí sé sin ag teastáil go géar uaim," arsa Biddy agus deoir gháire á cuimilt dá leiceann aici.

"Conas tá an garmhac, a Bhiddy?" a d'fhiafraigh Cáitín agus í tagtha chuici féin i ndiaidh an bhabhta gáire.

"Go diail ar fad, buíochas le Dia. Ach ní air atá m'aird i láthair na huaire. Le déanaí tháinig Eoin, an mac is sine Iiom, abhaile ón Astráil den chéad uair le trí bliana anuas agus tá mé ag déanamh peata de sa bhaile."

"Scéál iontach é sin, a Bhiddy. Caithfidh go bhfuil tú thar a bheith sásta go bhfuil sé ar ais."

"Ó tá, cinnte. Is breá an rud é go bhfuil an teach lán arís. Tá Eoin ar ais ina sheanseomra féin agus tá cara leis ag fanacht i seanseomra Liam. Ach chun an fhírinne a rá braithim nach bhfuil mé féin agus Eoin chomh gar dá chéile is a bhímis nuair a bhí sé óg. Deireadh sé gach rud Iiom nuair a bhí sé ina bhuachaill óg. Fiú amháin nuair a bhí sé ina dhéagóir ní dhéanadh sé rún ar aon rudo * Ach anois tá sé sá ch ceilteach. Agus tá díomá orm nach bhfuil cailín tugtha abhaile aige. Buachaill gleoite a bhí ann sula ndeachaigh sé go dtí an Astráil ach tá sé ina fhear mór dea­chumtha anois. Tá sé ard slinneánach* agus tá dath dúdhonn ar a shúile. Ach is dócha go bhfuil sé fós róchúthail chun cailín a fháil dó féin."

"Má tá sé chomh dóighiúil sin, a Bhiddy, ní miste* é a chur in aithne dom," arsa Cáitín agus súil á caochadh aici ar Bhiddy.

* nldhéanadh sé rún ar aon rud - he used not keep anything secret

* sl inneánach - broad­shouldered

* ril miste - it's no harm

27

Page 31: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

28

"An bhfuil a fhios agat, a chailín, is maith an smaoineamh é sin. Dhéanfadh sé maitheas dó aithne a chur ar chailín. Tá roinnt mhaith blianta aige ort, ach ní dhéanfaidh sé sin aon dochar. Ba chúpla iontach sibh, tusa álainn, eisean dathúil. An t-aon rabhadh a thabharfaidh mé duit ná go bhfuil dearcadh diúltach aige ar an nGaeilge. Baineann sé le rud éigin a tharla ar scoil nuair a bhí sé óg, ach sin scéal eile. Ach conas a eagróimid an chéad choin ne? Níor mhaith liom go mbeadh a fhios ag Eoin go bhfuil sé seo á eagrú againn d'aon ghnó. Ní thaitneodh sé sin leis."

"Ca d é an tea ch tábhairne is fearr leis sa chathair? Dá mbeadh sé istigh ann oíche éigin i rith na seachtaine d'fhéadfá mé a chur ar an eolas!" arsa Cáitín agus seeitimíní ag teacht uirthi.

"Déarfainn nach bhfuil aon teach tábhairne nach maith leis," arsa Biddy agus pus uirthi. "Ach fad a bhí sé san Astráil thosaigh sé ag cur an-suim sa chorpacmhainn* agus bíonn sé istigh sa ghiomnáisiam* mór sin ar Shráid Uí Mhurchú ga ch maidin óna deich a chlog ar aghaidh. Bíonn orm síob isteach a thabhairt dó. Déarfainn go gcaitheann sé uair an chloig nó dhó istigh ann. Aon seans go dtéann tú féin ann?"

"Bhuel táim i mo bhall den ghiomnáisiam sin, cinnte, ach is annamh a théim ann chun a bheith macánta leat. Ach tá cúis

�mhaith agam anois chun freastal air!"

"Iontach ar fad," arsa Biddy agus machnamh domhain á dhéanamh aici. "An tseachtain seo chugainn beidh cara Eoin ag déanamh roinnt taistil timpeall na hÉireann. Beidh Eoin ina aonar sa ghiomnáisiam an tseachtain ar fado Sin an t-am is fearr chun dul ag caint leis agus coinne a dhéanamh leis. Seo duit grianghraf de. Féach go géar air le go mbeidh tú in ann* é a aithint."

* corpacmhainn - physical exercise

* giomnáisiam - gym

* le go mbeidh tú in ann - so that you will be able

Page 32: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Tá aghaidh dheas aige, cinnte," arsa Cáitín, agus iarracht bheag de dhíomá* ina glór.

"Tá sé athraithe beagáinín ó tógadh an grianghraf sin. Tá dath fionn ar a chuid grua ige anois agus tá fáinne cluaise aige ina chluais chlé, leis. Ach aithneoidh tú é, déarfainn."

"Aithneoidh, cinnte," arsa Cáitín agus aiféala éigin ag teacht uirthi gur aontaigh sí chomh tapa sin le plean Bhiddy.

* iarracht bheag de dhíomá - a small trace of disappointment

29

Page 33: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a Sé

Chuir Biddy pláta feola agus prátaí ar an mbord os comhair Eoin. "Abair Iiom mura bhfuil go leor agat ansin, a mhic, ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad orm pláta eile a ullmhú."

"Ní íosfaidh mé leath de na prátaí seo, a Mhamaí. Ní fathach* mé! An bhfuil tú cinnte nach mbeidh rud éigin agat féin, a Phat? Tá cabhair ag teastáil uaim leis an gcarn prátaí seo!"

"Dhera, ní bheidh. Tá an bolg fós ag cur isteach orm," arsa Pat agus súimín á bhaint aige as cupán tae. "Bheadh eagla orm go gcaithfinn aníos* aon rud a d'íosfainn."

"Ba chóir duit cuairt a thabhairt ar an dochtúir mí ó shin, a Phat Myers. Tá tú ag diúltú don bhia le fada."

"An ag déanamh grinn atá tú, a Bhiddy? Nílim ag diúltú don bhia ach le dhá lá anuas," arsa Pat agus súil á caochadh aige ar Eoin.

"Tá súil agam go n-íosfaidh an tUasal Ryan dinnéar Phat nuair a thiocfaidh sé abhaile ón gcathair. Is é sin, má thagann sé abhaile. Déarfainn nár tháinig sé abhaile in aon choro Ní dhearna sé aon chodladh ina leaba féin aréir. Táim cinnte de sin. Ní fheadar cén saghas duine atá tugtha abhaile leat."

* fathach - giant * go gcaithfinn aníos - that I

would throw up

Page 34: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Deir Pat Iiom naeh róeheanúil atá tú ar Mhánas, a Mhamaí," arsa Eoin agus é ag sc\ogadh gáire.* Theastaigh uaidh athraeh seéil* a tharraingt air féin.

"Nár mhúin mé duit gan a bheith ag ithe agus ag eaint san am eéanna, a mhic. An ndearna tú dearmad ar do bhéasa agus ar do nádúr agus tú san Astráil? Agus ní fheicim aon ehúis gháire i seéal Mhánais."

"Ní fheiceann tú aon ehúis gháire?" arsa Eoin agus fore feola agus prátaí á shá isteaeh ina bhéal aige. "Measaim féin gur seéal thar a bheith greannmhar é: tusa ag freastal ar a ranganna eé go geeapann tú gur droehmhúinteoir é; eisean ag iarraidh gaeh re eailín* a tharraingt isteaeh ina leaba; Liam agus Áine ehomh eeanúil sin ar Mhánas go geeapann siad gur as a thóin a éiríonn an ghrian; agus eagla ort aon rud a lua faoi iompar Mhánais leis an mbeirt aeu! Measaim féin gurb é an seéal is greannmhaire atá c\oiste agam le fada. Tá ábhar seannáin ann!"*

"Tá, einnte. Athraithe ehun feabhais."

"Ní bheinn cinnte de sin."

"Táim féin lánehinnte de."

Bhí pus ar Bhiddy. .

"Ceapann siad go n-éiríonn an ghrian as a thóin? NíI aon ghá le eaint den saghas sin. Deirim leat, a bhuaehaill, tá tú athraithe go mór ó ehuaigh tú ehun na hAstráile."

"Cé na háiteanna a raehaidh Peter an tseaehtain seo ehugainn ar a thuras," arsa Pat agus é ag iarraidh an teannas a mhaolú.

Chuir Eoin an fore síos ar an mbord agus lig os na fhada dhomhain.

* ag sclogadh gáire - chuckling * athrach scéil - a change of

subject

* gach re cai l ín - every second girl * tá ábhar scannáin ann - there's

material for a fi/m there

31

Page 35: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

32

"Rachaidh sé go cathair Luimnigh, mar dúirt a athair leis gur as an réigiún sin a tháinig an sin-seanathair Ryan a bhain Bostún amach breis agus céad bliain Ó shin. Ba mhaith leis an áit a fheiceáil," arsa Eoin i nglór íseal.

D'aithin Biddy láithreach ar ghuth Eoin go raibh rud éigin mícheart. Sheas sí taobh thiar dá chathaoir agus chuimil sí a cheann go grámhar.

"Cad é atá ag cur isteach ort, a stór? Ar tharla rud éigin as an tslí? Abair lin ne. Ní gá rún a dhéanamh ar aon rud sa teach seo. Duine fá sta anois thú. Ní gá aon eagla a bheith ort romhainne! Agus ní miste a bheith oscailte macánta linn. Tá sé níos sláintiúla don cheann agus don choinsias."

D'ísligh Eoin a cheann go dtí go raibh a smig ar a ucht.

"Is é Peter mo pháirtí,"* a dúirt sé faoina fhiacla.

"Cad é sin a dúirt tú, a thaisce?"

"Is é Peter mo pháirtí," a dúirt sé, i nglór teann an babhta seo.

"Ach cad é go díreach atá á rá agat, a stór?" arsa Biddy agus ceann Eoin á chuimilt aici fós.

"Is é Peter an páirtí sa oil atá agam. Is é mo bhuachaill é."

Lig Biddy gáire ard aisti. "Ag déanamh grinn atá tú, is dócha. Sin rud eile a d'fhoghlaim tú san Astráil, is dócha. Greann nach bhfuil greannmhar in aon chor."

Dhearg Pat go bun na gcluas. Chuir sé a lámh lena bholg. "Caithfidh mé dul go dtí an leithreas. Tá na prátaí sin ag teacht aníos."

"Fan ansin mar a bhfuil tú, * a Phat. Níl aon phrátaí ite agat le dhá lá anuas."

* páirtí - partner * mar a bhfuil tú - where you are

Page 36: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

D'fhan Pat mar a raibh sé.* Dhírigh sé a dhá shúil go géar ar an mbord a bhí díreach os a chomhair ama ch.

"Ní gá do Phat éisteacht leis seo, mura mian leis," arsa Eoin agus a cheann á bhogadh aige ó lámh chuimilte a mháthar."

"Cad é go díreach atá á rá agat, a mhic? Gur maith leat buachaillí eile? Gur buachaill bán* tú?"

"Sin é go díreach atá á rá agam, a Mhamaí. Ná habair Iiom go gcuireann sé ionadh ort. Ná habair Iiom go bhfuil tú chomh dall sin nach bhfaca tú an fhírinne atá os do ch om ha ir amach leis na blianta anuas."

"Cad é atá tú a rá Iiom, a Eoin? An ag magadh fúm atá tú? Cén fhírinne a bhí os mo chomhair amach? Nach raibh tú ag siúl amach le cailín álainn sula ndeachaigh tú ch un na hAstráile? Agus nach raibh tú an-cheanúil ar chailín ón gcathair nuair a bhí tú ar an meánscoil? Is cuimhin Iiom go maith na comhráite a bhí againn faoi sin. Agus fiú nuair a bhí tú ar an mbunscoil thaitin comhluadar cailíní leat i bhfad níos mó ná comhluadar buachaillí. Nuair a bhíodh na buachaillí eile amuigh sa chlós seo il e ag imirt peile i rith an tsosa d'fhanfása istigh sa seomra ranga leis na cailíní. Nach cuimhin leat é sin?" arsa Biddy agus í ag déanamh a díchill chun admháil. Eoin a bhréagnú.

"Is cuimhin Iiom é sin go léir, a Mhamaí," arsa Eoin i nglór íseal tuisceanach. "Ach ní athraíonn sé aon rud."

"Tharla rud éigin duit san Astráil," arsa Biddy agus scaoll* ina glór. Bhí a lámha greamaithe dá ceann aici agus a cuid gruaige á tarraingt siar aici. Shiúil sí ó chathaoir Eoin go dtí an doirteal agus ar ais go dtí cathaoir Eoin agus an chaint ag teacht uaithi go tiubh tapa.

* mar a raibh sé - where he was * buachai l l bán - gay

* scaol l - alarm, panic, fright 33

Page 37: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

34

"Sin an t-aon mhfniiJ amháin ar an scéal. Chuaigh tú go tfr ina raibh tú gan aon chairde, gan aon teaghlach. Rinne tú rud éigin uafásach le go mbeadh comhluadar éigin agat. Nf tusa an chéad duine a rinne a leithéid. Nfor theastaigh uait ach an t-uaigneas a sheachaint, a mhic. Tuigim féin cad is uaigneas ann. Is galar marfach* é. D'fhulaing mé féin leis i ndiaidh bhás d'athar. Tuigim do chás, a stór. Ach nf féidir leat filleadh ar an Astráil. Má fhanann tú anseo tiocfaidh feabhas ort. Beidh cairde agus teaghlach agat. Cuirfi�h tú aithne ar chailfn deas agus déanfaidh tú dearmad ar an Astráil, ar an uaigneas agus ar an homaighnéasacht."

"NrI aon bhaint ag an uaigneas n� ag an Astráil leis an homaighnéasacht, a Mhamaf," arsa Eoin go foighneach. "Thuig mé go maith sula ndeachaigh mé chun na hAstráile go dtaitnfonn fir liom."

"Ná habair rudaf den saghas sin liom, impfm ort," arsa Biddy agus an chuma uirthi go raibh cáis lofa dfreach ite aici.

Bhf Pat fós ag stánadh ar an mbord a bhf dfreach os a chomhair amach agus a lámh fós fáiscthe ar a bholg aige.

"Bás d'athar!" arsa Biddy; Bhf an chuma mhfshásta imithe agus bhf Biddy ag ligean osna faoisimh toisc gur thuig sf cad a bhf ag tarlú anois. "Sin cúis na faidhbe."

D'fhéach Eoin ar a mháthair agus mearbhall* air. D'ardaigh Pat a shúile pfosa beag a lig dó féachaint go hamhrasach ar Bhiddy.

"Táim ag éirf buartha, a Mhamaf," arsa Eoin agus é ag iarraidh feabhas a chur ar an atmaisféar le greann. "Cén fáth a luann tú bás m'athar agus áthas i do ghlór?"

* galar marfach - fatal disease * mearbhal l - confusion

Page 38: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Nach bhfeiceann tú, a stór, gurb é bás d'athar is cúis leis an athrú atá tagtha ort? Léigh mé aIt faoi seo cúpla bliain ó shin. Measann na saineolaithe* gur tráma trom i saol pearsanta an duine is cúis le homaighnéasacht. Beagnach gach duine atá homaighnéasach, d'fhulaing �é tráma trom éigin ina shaol. Is cinnte go ndeachaigh bás d'athar i bhfeidhm go mór ort. Go háirithe ós rud é nár réitigh sibh chomh maith sin le chéile. Ní raibh aithne cheart agaibh ar a chéile riamh. Nuair a fu�ir sé bás gan aon choinne in aon chor thuig tú nach gcuirfeá aithne cheart ar d'athair choíche agus ghoill an tuiscint sin ort. Tráma uafásach é bás tuismitheora, a stór, go háirithe má tharlaíonn sé roimh am. Measaim féin nach miste cuairt a thabhairt ar shíceolaí,* a stór. B'fhéidir go gcuirfeadh sé sin ar bhóthar do leasa thú," arsa Biddy agus lámh Eoin á cuimilt go caoin aici.

"Éist liom go cúramach, a Mhamaí," arsa Eoin agus tocht* ina ghlór. "Is cuid de mo nádúr é gur homaighnéasach mé. NíI aon bhaint ag bás Dhaid leis in aon choro Thuig mé i bhfad sula bhfuair sé bás go dtaitníonn fir liom. Fiú nuair a bhí mé ar an meánscoil. Agus ar an mbunscoil, b'fhéidir."

"Ach cad faoin gcailín álainn sin a bhí agat sula ndeachaigh tú go dtí an Astráil?" a d'fhiafraigh Biddy de agus í ag iarraidh ciall éigin a bhaint as an scéal.

Lig Eoin osna fhada dhomhain. "NíI a fhios agam. Ní raibh ann ach cur i gcéill.* Thaitin an comhluadar liom. Bhí sí deas cainteach. Ach ní raibh aon suim agam inti ón taobh fisiceach de."

"Ach cén fáth mar sin a raibh tú ag siúl amach léi?" arsa Biddy i nglór ardo

* saineolaithe - experts * síceolaí - psychologist * tocht - emotion

* cur i gcéi l l - make-believe, pretending

35

Page 39: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Le na eh mbeadh a fhios ag aon duine gur homaighnéasaeh mé. Gur faggot mé. Gur queer mé. Le naeh mbeadh náire ort. Le naeh mbeadh fearg ar Dhaid. Le na eh mbeadh Liam ag spoehadh aSflm.* Le naeh mbeadh gaeh duine eile ag eúlchaint orm."*

Bbí leicne Eoin fliueh.

D'éirigh Pat óna ehathaoir. Sheas sé taobh thiar d'Eoin agus ehuir a dhá láimh ar a ghuaillí.

"Cad a eheapann tú féin, a Phat?" arsa Biddy agus í ag súil le taeaíoeht éigin.

"Measaim go bhfuil rud eróga déanta ag Eoin inniu. Ba ehóir dúinn a bheith buíoeh de go raibh sé maeánta linn. Ba ehóir dúinn a bheith bródúil as agus ba ehóir dúinn a bheith sásta go bhfuil go leor muiníne ag Eoin asainn ehun an fhírinne a rá linn."

Chroith Biddy a eeann ó thaobh go taobh.

"Is éasea duit é sin a rá. Ní tusa a thug ar an saol é."

"A Bhiddy, a stór. Bí ciallmhar. Ná habair aon rud a mbeidh aiféala ort faoi. Tuigim gur bhain seéal Eoin siar asat.* Rud mór é seo d'aon mháthair, cinnte. Aeh déan do mhaehnamh sula ndéanfaidh tú d'aigne suas faoi."

Lig Biddy osna fhada dhomhain. "Tá teipthe orm go hiomlán mar mháthair."

"�, a Bhiddy, ná téigh síos an bóthar sin," arsa Pato

"NíI ann aeh an fhírinne. Ní hamháin gur leanbh tabhartha* é mo gharmhae, aeh anois is homaighnéasaeh é an mae is sine liom. Íosa Críost. Nár thóg mé go maith sibh? Nár mháthair mhaith mé?

* ag spochadh asam - teasing me, pestering me, annoying me

* ag cúlcha int orm - backbiting me

* bhain scéal Eoin siar asat -Eoin's story surprised you

* leanbh tabhartha - illegitimate child

Page 40: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Nach ndearna mé mo dhícheall féachaint chuige go bhfuair sibh araon an t-oideachas ab fhearr ab fhéidir a fháil? Nach ndearna mé mo dhícheall féachaint chuige go mbeadh luachanna maithe traidisiúnta agaibh? An bhfuil sé seo tuillte agam?"

"Agatsa? Tusa is mó atá ag fulaingt, an ea?" arsa Eoin agus binb* ina ghlór. "Is féidir leatsa siúl síos an tsráid le Pat, lámha le chéile, agus ní chuirfidh aon duine eascaine oraibh. Ní bheidh aon duine ag béiceadh oraibh. Is féidir le Pat a lámh a chur timpeall ort sa phictiúrlann agus ní bheidh aon duine ag stánadh oraibh. Is féidir le Pat póg a thabhairt duit in áit phoiblí agus ní chloisfidh tú focal feargach ó aon duine. NíI an tsaoirse sin agamsa. NíI an phribhléid* sin agamsa. Ní tusa atá ag fulaingt sa scéal seo."

"Ná bí ródhian ar do mháthair, a Eoin. Tháinig sé seo gq léir aniar . aduaidh uirthi.* Ní raibh sí ag súil leis)n ãoh choro Tógfaidh sé tamall uirthi glacadh leis."

.I

"Ó tuigim go maith an scéal, a Phat. Is é is mó atá ag déanamh buartha do mo mháthair ná tuairim na gcomharsan. Tuairim daoine nach bhfuil aithne aici orthu in aon chor. 'Cad a déarfaidh na comharsana? Cad a déarfaidh na daoine a théann isteach i siopa Phat?' Sin iad na ceisteanna atá ag rith trí cheann mo mháthar. Nach bhfuil an ceart agam?" a d'fhiafraigh Eoin go searbh.

"Abair Iiom rud amháin," arsa Biddy. "Murar chodail do pháirtí ina leaba féin aréir, cár chodail sé?"

"Á, a Bhiddy, cén saghas ce iste é sin. Ní féidir an cheist sin a chur ar do mhac," arsa Pat agus ionadh air.

Níor thug Biddy aon aird ar Phat. D'fhéach sí id ir an dá shúil ar

* binb - venom, sharpness * pribhléid - privilege

* tháinig sé aniar aduaidh uirthi - it caught her unawares

37

Page 41: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Eoin. "An dtabharfaidh tú freagra orm?"

D'éirigh Eoin as a chathaoir. "Chaith sé an oíche ar fad r mo leaba, agus roinnt mhaith den oíche ionam," a shnap sé sula ndeachaigh sé amach as an gcistin agus é ag dúnadh dhoras na cistine de phlab* ina dhiaidh.

* de phlab - with a bang

Page 42: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a Seacht

Stad Pat agus Biddy den chaint nuair a tháinig Eoin agus Peter i'steach sa chistin.

" D'ullmhaigh mé bricfeasta friochta daoibh, ach tá sé fuar anois. Is féidir libh é a atéamh* más maith libh. Is féidir libh rud éigin eile a dhéanamh más fearr libh. Tuigim nach bhfuil an bia friochta chomh folláin leis an mbia a itheann sibh san Astráil," arsa Biddy go searbh.

"Níor chóir bia a chaitheamh amach," arsa Eoin gan féachaint ar a mháthair.

"Beidh tú ag imeacht uainn go luath," arsa Pat le Peter go cneasta. "Go dtí cathair Luimnigh a bheidh tú ag dul, is dócha?"

"Sin an áit," arsa Peter agus faoiseamh le haithint ar a ghuth. "I gceann dhá lá. Go dtí cathair Luimnigh agus an réigiún máguaird.* As an áit sin do mo shin-seanathair, dar le mo Dhaid. Ní miste cuairt a thabhairt ar an áit agus mé in Éirinn."

"Ní miste in aon chor," arsa Pat agus meangadh gáire á dhéanamh aige le Peter.

"Tá súil agam gur thug tú an oíche i do leaba féin aréir," arsa Biddy le Peter agus í ag féachaint id ir an dá shúil air.

* is fé id ir l ibh é a atéamh - ye can reheat it

* an réigiún máguaird 7"' the surrounding region

39

Page 43: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

40

Dhearg Peter go bun na gcluas. Thug Eoin drochshúil ar a mháthair.

"An bhfuil mórán taighde déanta agat ar do chraobh ghinealaigh?"* arsa Pat le Peter agus é ag fáscadh ghlúin Bhiddy go teann faoin mbord.

"NíI, níl aon taighde in aon ch or déanta agam ná ag aon duine eile sa teaghlach," arsa Peter agus é buíoch go raibh athrach scéil tarraingthe anuas. "Chun an fhírinne a rá, ní bheadh mórán muiníne agam as aon eolas a gheobhainn ó mo Dhaid; Ní bhíonn sé róbhuartha faoi na fíricí. Seans na ch bhfuil ann ach buille faoi thuairim nuair a deir sé gur as LiJimneach dá sheanathair� B'fhéidir go bhfuil sé tar éis teacht ai" athrú tuairime faoin am seo. Is fada ó bhí mé ag caint leis."

'Bhuel, ní staraí* é, is dócha," arsa Pat agus giíire croíúil á dhéanamh aige. " Déarfainn na ch bhfuil ach eolas fíorbheag ag an ngnáthdhuine ar an gcraobh ghinealaigh. NíI mórán eolais agam féin, chaithfinn a admháil."

"Comhrá thar a bheith suimiúil é seo, a fheara, ach labhraimis ar an ábhar ei bhfuil suim ag gach duine anseo ann," a shnap Biddy.

"NíI aon rud á cheilt againn ort, a Mhamaí. Má tá rud éigin le fiafraí agat, fiafraigh dínn. Ní déarfaimid ach an fhírinne leat."

"Is fíormhaith uaibh é sin," arsa Biddy le searbhas. "An bhfuil a fhios ag do thuismitheoirí féin faoin scéal seo, a Pheter?"

"Tá."

"Agus cad a cheapann siad?"

* do chraobh ghinea laigh - your family tree

* staraí - historian

Page 44: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Mhínigh mé dóibh beagnach ceithre bliana Ó shin gur homaighnéasach mé agus níor labhair siad Iiom Ó shin i leith."

Bhí súile Pheter fliuch. Chuir Eoin lámh ar a ghualainn agus chaoch súil air.

Mhaolaigh ar chaint ·ionsaitheach* Bhiddy nuair a chonaic sí go raibh Peter gonta.

"Cathain a chuir sibh aithne ar a chéile den chéad uair?" arsa Biddy i nglór íseal.

"Dúirt mé leat cheana¡ a Mhamaí, go n-oibrímid sa bhialann chéanna. lhosaíomar araon ag obair ann timpeall ar an am céanna dhá bhliain ó shin."

."Is cuimhin Iiom é sin, ach d'inis tú an scéal sin dom sular mhínigh tú dom an saghas gaoil atá agaibh le chéile. Rith sé Iiom ar maidin gur chuir sibh aithne ar a chéile i gclub oíche speisialta do na homaighnéasaigh."

"Ní i gclub oíche speisialta do homaighnéasaigh a bhuaileamar le chéile den chéad uair," arsa Eoin agus gáire á dhéanamh aige. "Ní théimid go c1ubanna oíche ach go fíorannamh. Ní thaitníonn na háiteanna sin rómhór Iinn."

"Ach nach bhfuil eagla oraibh roimh an ngalar SEIF?"*

"An bhfuil eagla ort féin roimh an ngalar SEIF, a Mhamaí?"

. - "Ní homaighnéasach mé. lá an galar sin an-choitianta i measc na homaighnéasach."

"In ainm Dé, a Mhamaí, cé a deir rudaí den saghas seo leat? Ní chloisfeá a leithéid de rud ón bPápa féin. B'fhéidir go bhfuil SEIF

* ionsaitheach - ciggressive, attacking

* SE IF - AIDS

* galair ghnéas-tarchurtha -sexually transmitted diseases

41

Page 45: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

42

agus galair ghnéas-tarchurtha* coitianta i measc homaighnéasach a théann isteach sa leaba le gach Tadhg, Dick agus Anraoi gan na réamhchúraimí cuí a ghlacadh. Ach is cinnte go bhfuil galair ghnéas-tarchurtha coitianta i measc heitrighnéasach a dhéanann an rud céanna. Ach gaol monagamach atá againn. NíI an SEIF ná aon ghalar gnéas-tarchurtha eile ag bagairt orainn."

"á, is maith an rud é na ch bhfuil d'athair fós bea chun an scéal seo a chloisteáil. Mharódh sé é. Ní bheadh sé in ann glacadh leis."

"Déarfainn ':l.ach bhfuil tú féin in ann glacadh leis, a Mhamaí."

"Cé eile atá ar an eol as faoin gcaidreamh eadraibh?" arsa Biddy.

"Ár gcairde maithe san Astráil, is dócha, agus sibhse. NíI a fhios ag tuismitheoirí Pheter go bhfuilimid le chéile mar níor labhair siad leis le ceithre bliana anuas."

"An bhfuil a fhios ag Liam agus Áine?"

"NíI faie raite agam leo, ach níl siad dall. Seans maith go bhfuil a fhios acu. Agus dála an scéil, ní dóigh Iiom gur gá duit iompar Mhánais a cheilt orthu. Ní leanaí soineanta* iad. Ní dóigh Iiom go . gcuirfeadh an fhírinne isteach rómhór orthu. Seans go mbeadh níos mó measa fós ag Liam air."

"An-mhaith, mar sin," arsa Pat agus é ag iarraidh an comhrá a chur i dtreo eile. "Is dócha go bhfuil ár ndóthain ráite againn ar an ábhar seo ar maidin. B'fhéidir go bhfillfimid air am lóin," a dúirt sé agus é ag iarraidh greann éigin a dhéanamh.

Pat amháin a rinne gáire, áfach, agus thug Biddy drochshúil air.

"Chaithfinn a rá, a Pheter, go bhfuil tú tar éis buntáiste a bhaint as grian na hAstráile. Tá dath iontach ort. Murab ionann is Eoin.

* leanaf soineanta - innocent children

Page 46: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Déarfainn go gcaitheann tú an-chuid ama ar an trá!"

"Bhuel, ní chaithim in aon chor, chun an fhírinne a rá. Oibrímid beirt uaireanta an-fhada. Is minic nach bhfeicimid an taobh amuigh den bhialann i rith an Iae ó cheann ceann na seachtaine. Tá mé faoi chomaoin ag mo mháthair* as an dath atá orm. Is bean ghorm* í."

D'fhéach Biddy go géar ar Pheter. Ní raibh sí cinnte an ag magadh a bhí sé nó nach raibh.

"Ach más bean ghorm í do mháthair, cén fáth nach fear gorm tusa?" arsa Biddy.

Ba é Pat a thug droch-shúil ar Bhiddy an babhta seo.

D'fhéach Peter ar Bhiddy gan focal a rá.

"Ciardhuán* homaighnéasach," arsa Biddy mar a bheadh neach ó phlainéad eile os a comhair ama ch.

"Bhuel, is dócha go bhfuil ár ndóthain ite againn," arsa Eoin agus é ag éirí ina sheasamh. "Go raibh maith agat, a Mhamaí, d'ullmhaigh tú bricfeasta blasta dúinn."

* tá mé faoi chomaoin ag mo mháthair - ,'m obliged to my mother

* bean ghorm - a black woman * ciardhuán - a black person

43

Page 47: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

44

Caibidil a hOcht

Bhí Biddy ina suí sa dara sraith suíochán, mar ba ghnách léi. Bhí an ceathrar ban eile ina suí sa chéad sraith suíochán, díreach os comhair dheasc an mhúinteora, mar ba ghnách leo. Bhí Mánas déanach, mar ba ghnách leis.

Shiúil bean álainn isteach sa seomra bhí sá Ia arda* agus sciorta gearr uirthi. D'fhéach an ceathrar ban óga síos suas uirthi agus cuma mhíshásta orthu.

"An mbeidh aon duine ina shuí sa suíochán seo?" a d'fhiafraigh an bhean nua go béasach de Bhiddy sular bhuail sí fúithi in aice léi.

"Biddy Uí Laoghaire is ainm dom," arsa Biddy agus lámh á croitheadh aici leis an mbean nua.

"Sara Rodriguez is ainm dom. Deas bualadh leat."

Díreach ag an nóiméad sin tháinig Mánas isteach sa seomra agus é cíortha cóirithe* amhail is dá mb'fhinné fir* é ag searmanas pósta.

"Feicim go bhfuil aithne agaibh cheana ar Shara, an bhfuil?"

Stán an ceathrar ban ar an mbord os a gcomhair amach agus pus orthu. Ní dúirt siad focal.

* sá Ia arda - high heels * cíortha cóirithe - well

groomed

* finné fir - best man

Page 48: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Táim díreaeh tar éis teaeht isteaeh," arsa Sara go gealgháireaeh. "Níor labhair mé go fóill aeh le Biddy anseo."

Ní mó ná sásta a bhí Mánas leis an suíoehán a bhí roghnaithe ag Sara di féin.

"B'fhéidir gur ehóir duit suíoehán a ghlacadh sa ehéad sraith anseo, a Shara. Is fearr a fheicfidh tú an c1ár bán."

"Ó táim breá sásta mar a bhfuilim, a Mhánais. Tá súil ghéar agam."

"An-mhaith mar sin," arsa Mánas agus míshásamh le haithint ar a ghuth. "Ar mhaith leat tú féin a ehur in aithne don rang?"

D'éirigh Sara ina seasamh.

"Sara Rodriguez is ainm dom. As Cúba ó dhúehas dom aeh tháinig mo thuismitheoirí go hÉirinn beagnaeh fiche bliain ó shin. D'éirigh Iiom an Ghaeilge a sheaehaint nuair a bhí mé ar seo il mar níor thosaigh mé ag freastal ar seoil in Éirinn go dtí go raibh mé deieh mbliana d'aois. Bhí mé an-sásta Iiom féin ag an am. Bhíodh na daltaí eile ag gearán an t-am ar fad faoin nGaeilge. Aeh le , . himeaeht aimsire* tháinig aiféala orm gur ehaill mé an deis an Ghaeilge a fhoghlaim."

Bhí an eeathrar ban ag féaehaint ar Mhánas gan aon aird á tabhairt ar ehaint an fhoghlaimeora nua. Bhí suim ag Biddy i seéal Shara, áfaeh. Thaitin an bhean bheoga* fhéinmhuiníneaeh léi.

"Baois na hóige.* NíI leigheas air.* Aeh tá tú ag cur an seéil ina eheart anois, naeh bhfuil?" arsa Mánas agus chaoeh sé súil ar Shara.

"Tá. Táim ag déanamh mo dhíehill é a eheartú, pé seéal é. Thosaigh mé ag freastal ar rang oíehe Gaeilge tuairim is cúig

* le himeacht aimsire - with the passage of time

* beoga - lively * baois na hóige - the foJ/y of youth

* níl leigheas air - there's no cure for it

45

Page 49: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

bliana Ó shin agus tá roinnt éigin foghlamtha agam Ó shin. Rang tosaitheoirí a bhí ann agus bhí orm éirí as breis is dhá bhliain ó shin. Ach chas mé ar Mhánas i dteach tábhairne sa chathair ag an deireadh seachtaine agus thug sé cuireadh dom freastal ar an rang seo."

Thug Biddy drochshúil ar Mhánas. Ba mhaith a thuig sí nach ar son 'na Gaeilge a thug Mánas cuireadh don bhean óg.

"Is cinnte go bhfuil mo chuid Gaeilge meirgeach* faoin am seo, ach tá súil agam nach gcuirfidh mé isteach ar dhul chun cinn an ranga."

"Ón nGaeilge a chuala mé uait oíche Dé Sathairn táim lánchinnte de nach gcuirfidh," arsa Mánas go plámásach* agus é ag féachaint síos suas ar Shara sular ghlac sí a suíochán arís.

Cuireadh déistin ar Bhiddy.

"An-mhaith mar sin," arsa Mánas. "Tosóimid inniu le ceacht gramadaí."

Lig Biddy osna fhada dhomhain ach níor thug Mánas aon aird uirthi.

Rinne Sara meangadh gáire le Biddy. "Tá an ghramadach casta. Ní rómhór a thaitníonn sí liomsa ach oiread," ar sise i gcogar.

"Caithfimid súil siar inniu ar an modh coinníollach. Tuigim, a Bhiddy, sula ndeir tú aon rud, go bhfuil sé seo déanta againn cheana féin, ach tá an modh coinníollach tábhachtach agus deacair. Ní miste* súil siar a thabhairt air. An miste?"

"Ní miste," arsa an ceathrar ban sa chéad sraith d'aon ghuth.

"Ní scríobhfaidh mé ar an gclár bán ach samplaí de bhriathra sa mhodh coinníollach agus ansin cuirfidh mé ag obair i mbeirteanna sibh," arsa Mánas agus é ag iompú ar an gclár bán.

* meirgeach - rusty * ní miste - it's no harm * go plámásach - flatteringly

Page 50: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

" Modh réabh\óideach* múinteoireachta," arsa Biddy faoina fiada.

"Sa mhodh coinníollach, sa chéad réimniú, seo mar a réimnímid briathra ar nós bris, cuir, fág, mol, dún agus mar sin de."

- Bhrisfinn - Bhrisfeá - Bhrisfeadh sé I sí - Bhrisfimis - Bhrisfeadh sibh - Bhrisfidís "Cé a dhéanfaidh cur síos ar an modh coinníollach dom mar sin? Cad iad na tréithe* atá air? rá an freagra le fáil ar an gdár bán."

Chuir Sara suas a lámh.

"Cuirtear séimhiú isteach i bhfréamh* an bhriathair agus cuirtear -finn , -feá agus mar sin de i ndiaidh na fréimhe."

"Lánmharcanna, a shara, lánmharcanna.

Is léir nach bhfuil do chuid Gaeilge meirgeach in aon chor, a shara. Ar aghaidh linn mar sin go dtí an dara réimniú. rá briathra cosúil le ceannaigh, bailigh, oscail agus baga ir sa dara réimniú agus s¡;o mar a réimnímid iad."

- Cheannóinn - Cheannófá - Cheannódh sé I sí - Cheannóimis - Cheannódh sibh - Cheannóidís

* modh réabhlóideach - a revolutionary method

* tréithe - features, traits * fréamh - stem

47

Page 51: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

- D'osclóinn - D'osclófá - D'osclódh sé / sí - D'osclóimis - D'osclódh sibh - D'osclóidís

"Cé a dhéanfaidh cur síos dom ar na briathra sin? An bhfuil aon rud faoi leith* le tabhairt faoi deara?"

Chuir Sara suas a lámh agus sa chéad sraith lig an ceathrar ban osna mhór amháin.

" Bhuel i gcás an bhriathair oscail cuirimid d' roimhe díreach mar a dhéanaimid san aimsir chaite."

" Pointe maith, a Shara. Má thosaíonn briathar ar ghuta nó ar an litir t, beidh d' roimhe sa mhodh coinníollach agus san aimsir chaite, leis. Ach ná déan dearmad go bhfágaimid an d' ar lár nuair a úsáidimid na míreanna briathartha. Is cuimhin linn go léir na míreanna briathartha ón tseachtain seo caite, tá súil agam. An dtuigeann tú féin cad is míreanna briathartha ann, a Shara?"

"Tuigim. Focail cosúil le ní, go, nach, an agus mar sin de."

"Togha mná.* An t-eolas cruinn atá agat ar chúrsaí gramadaí ní chuireann sé aon ionadh orm. An-mhaith mar sin, is féidir libh féin roinnt oibre a dhéanamh anois. Is féidir libh obair a dhéanamh i mbeirteanna, ach caithfidh gach duine dhá cheist a chumadh sa mhodh coinníollach agus beidh ar do pháirtí freagraí a thabhairt sa mhodh coinníollach, leis. Ná déanaigí dearmad ar na hathruithe a tharlaíonn i ndiaidh na míreanna briathartha. Agus ba chóir dom a rá go n-úsáidimid dá sa mhodh coinníollach seachas má. Ach is dócha gur cuimhin libh é sin."

* faoi leith - in particular, special * togha mná - well done

Page 52: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Chas Biddy agus Sara ar a chéile agus meangadh gáire orthu

beirt. "Cén cheist a chuirfeá orm dá gcaithfeá ceist a chur?" arsa

Biddy. Scairt an bheirt bhan amach ag gáire.

"Dá gcaithfinn ceist a chur ort, chuirfinn ceist ghearr shimplí."

"Is maith Iiom é sin a chloisteáil," arsa Biddy. "Ar aghaidh leat mar sin le do chuid ceisteanna gearra simplí."

"Hmm, fan go rithfidh rud éigin ciallmhar liom. Cad a dhéanfá dá bhfeicfeá carr á ghoid?"

"Dá bhfeicfinn carr á ghoid chuirfinn glao gutháin ar na gardaí."

"Is maith an saoránach* tú! Agus cad a cheannófá dá mbeadh milliún euro agat?"

"Dá mbeadh milliún euro agam cheannóinn tea ch breá mór dom féin, thabharfainnn carr breá mór do m'fhear agus chuirfinn an mac is sine Iiom ar chúrsa fada le síceolaí mór le rá,"* arsa Biddy agus gáire á dhéanamh aici.

"Is bean thuisceanach agus máthair mhaith tú gan aon amhras! Tá seans agat féin anois na ceisteanna a chur."

"Cad a déarfá dá dtabharfadh Mánas cuireadh duit dul go dtí an phictiúrlann leis?" a d'fhiafraigh Biddy dá páirtí ranga.

"A Bhiddy, ní féidir leat ceist den saghas sin a chur nuair a iarrfaidh Mánas orainn ár gceisteanna agus freagraí a rá os ard os comhair an ranga," arsa Sara agus luisne* ag teacht ina leicne.

, "Is féidir cinnte. NíI ann ach píosa grinn. Is fearr a fhoghlaimeoimid agus taitneamh á bhaint againn as an rang."

"B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, b'fhéidir go bhfuilim róchoimeádach,"* arsa Sara i nglór neamhchinnte.

* saoránach - citizen * síceolaí mór le rá - a well­

known psychologist

* lu isne - blush, g/ow * róchoimeádach - toc

conservative

49

Page 53: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

50

"Nó ar chuir mé ceist íogair* ort? Má tá rud éigin ar siúl idir Mánas agus tú féin is féidir Iiom ceist eile a chumadh."

"NíI aon rud ar siúl id ir mé féin agus Mánas," arsa Sara agus ionadh uirthi go raibh ceist chomh pearsanta sin luaite ag Biddy.

"An bhfuil tú einnte de sin, a Shara? Aithním éiginnteacht éigin ort."

"NíI faie ar siúl eadrainn, a Bhiddy. Is féidir Iiom gealltanas sollúnta a thabhairt duit faoi sin. Ach ní bheadh a fhios agat cad a tharlódh amach anseo," a dúirt Sara agus súil á caochadh aiei ar Bhiddy.

"lá suim agat ann mar sin."

"lá, einnte. An dtógfá orm é?* Fear singil é. lá sé dóighiúil, dea­chumtha, deisbhéalach.* Feiceann tú féin é sin, is dócha. An bhfeiceann?"

"Bí cúramach, a chailín. Fainic thú féin.* Sin an t-aon rud a déarfaidh mé leat faoi Mhánas. Ná Iig don mhilseacht chainte* tú a mhealladh. Is iomaí cailín atá meallta ag Mánas cheana. Ní bheadh ionat ach an chéad chailín eile."

"lá an-chomhrá ar siúl anseo id ir Biddy agus Sara ach caithfidh mé cur isteach oraibh, is oth Iiom a rá. lá an t-am ag imeacht go tapa agus teastaíonn uaim ceist agus freagra a chloisteáil ó gach duine roimh dheireadh an ranga," a dúirt Mánas agus a shúile greamaithe de Shara.

"Is féidir leatsa tosú, mar sin, a Shara. Is leor ceist amháin."

D'fhéach Sara go hamhrasach ar Bhiddy. "A Bhiddy, cad a dhéanfá dá mbeadh milliún euro agat?"

* ceist fogair - ticklish question, touchy subject

* an dtógfá orm é? - wou/d you b/ame me for it?

* deisbhéalach - witty, wel/­spoken

* fa inic thú féin - mind yourse/f * milseacht chainte - smooth

ta/k, f/attery

Page 54: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Ceist iantach, ceist iantach," arsa Mánas amhail is dá mbeadh leigheas ar an ngalar SEIF aimsithe ag Sara.

"An-mhaith. Is féidir leatsa ceist a chur anais, a Bhiddy. Is lear ceist amháin."

D'fhéach Sara ar Bhiddy ga neirbhíseach.

"A Shara, cad a déarfá dá dtabharfadh Mánas cuireadh duit dul abhaile leis?"

51

Page 55: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

52

Caibidil a Naoi

Nuair a bhí Sara agus an ceathrar ban óg eile imithe ón seomra dhún Mánas an doras. Chuaigh sé ar ais go dtí an deasc os comhair an chláir bháin agus d'fhéach sé ar Bhiddy a bhí fós ina suí sa dara sraith suíochán. Lig sé osna fhada.

"An-mhaith, a Bhiddy. Tá míniú ag teastáil uaim. Ní féidir rudaí den saghas sin a rá i mo rango Ní ghlacfaidh mé leis."

"Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é atá ar intinn agat," a dúirt Biddy agus í ag féachaint id ir an dá shúil ar Mhánas.

"Ná déan amadán díom ná óinseach díot féin. Tuigeann tú go maith cad é atá i gceist agam. Tá tú ag déanamh tagairtí* do bhuachaillí báire agus do chailíní óga le roinnt míonna anuas, ach chuaigh tú thar fóir inniu nuair a chuir tú an cheist sin ar Shara."

"Ar thóg mé ceist íogair nuair a chuir mé an cheist sin ar Shara, a Mhánais?" arsa Biddy go soineanta.

"Ní hé gur thóg tú ceist íogair, a Bhiddy, ach ní raibh an cheist sin oiriúnach. Bhí gach duine sa rang míchompordach mar gheall ar an gceist."

Bhí go leor den chur i gcéill ag Biddy.

* tagairtí - referen ces

Page 56: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Cu ir uait an raiméis, a Mhánais. Tuigimid beirt nach ar son fhoghlaim na Gaeilge a thug tú cuireadh do Shara freastal ar an rang seo. Tá gach rud ar eolas agam faoin gcaidreamh a bhí agat le Samantha agus Cáitín."

Tháinig luisne in aghaidh Mhánais.

"As do mheabhair atá tú, a Bhiddy."

"Nach bhfuil sé fíor go raibh tú ag siúl amach le Samantha nuair a bhí sí ag freastal ar an rang seo?"

"Ní bhaineann sin leatsa in aon choro Nílim chun mo shaol pearsanta a phlé leat. Is féidir le beirt daoine fásta pé rud is maith leo a dhéanamh. Níorbh aon leanbh í Samantha," arsa . Mánas i nglór íseal a bhí lán d'fhearg agus de bhinb.

"Agus nuair a bhí tú ag siúl amach le Samantha rinne tú iarracht Cáitín a tharraingt isteach sa leaba agus gan í ach ocht mbliana déag d'aois."

"Raiméis," a bhéic Mánas ar Bhiddy. "Raiméis!"

"Ó, tá na sonraí go léir agam. Chuala mé an scéal ar fad ó bhéal Cháitín féin. Thug tú cuireadh go dtí an . phictiúrlann di. Ina dhiaidh sin chuaigh sibh ar ais go dtí do theach. Rinne tú dinnéar di, thug tú fíon di agus ag deireadh na hoíche d'iarr tú uirthi na héadaí a bhaint di féin. Agus gan í ach ocht mbliana déag d'aois. Is maith an rud é go raibh sí cróga* go leor chun tú a dhiúltú. Ba chóir duit náire a bheith ort. NíI ionat ach seanfhear salach."

"Nach cruthaitheach* an tsamhlaíocht* atá ag Cáitín, agus agat féin," arsa Mánas amhail is nár chuir focai! Bhiddy isteach air in aon choro Ach ba léir óna ghuth go raibh imní air.

* cróga - brave * samhlaíocht - imagination * cruthaitheach - creative

53

Page 57: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

54

"Is léir dom, a Mhánais, go nglacann tú le mná óga mar dhaltaí agus súil agat go n-éireoidh leat iad a mhealladh. Sin a bhí ar intinn agat nuair a thug tú cuireadh do Shara. Bhuel, is leor an dochar atá déanta agat d'fhéinmhuinín* agus d'fhéinmheas* Cháitín bhocht. Ní éireoidh leat dochar a dhéanamh d'aon chailín sa rang seo fad a bheidh mise ag freastal air. Sin gealltanas sollúnta."*

"Bhuel seo gealltanas sollúnta de mo chuid féin," arsa Mánas agus é ag siúl go dtí an doras. "Seo an rang deiridh a bhí agat. Tá go leor Gaeilge foghlamtha agat uaim. Ní fheicfidh mé arís thú ar aon cheann de mo ranganna. Tá súil agam go dtuigeann tú é sin."

D'oscail Mánas an doras.

"Tá íoctha agam go dtí deireadh an téarma, a Mhánais. Feicfidh tú an tseachtain seo chugainn mé."

"Má thagann tú ar ais anseo arís cuirfidh mé fios ar na gardaí," arsa Mánas sular shiúil sé amach as an seomra.

* féinmhuinín - se/f-confidence * féinmheas - self-esteem

* geal ltanas sol lúnta - a so/emn promise

Page 58: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a Deich

Thug Biddy póg dá garmhac. "Conas tá tú, a fhirín álainn, conas tá tú?" a dúirt sí agus Naoise á chigilt faoina smig aici.

"Go maith, go raibh maith agat, go maith, go raibh maith agat."

"Á, ar chuala sibh riamh aon rud chomh draíochtach* leis sin? Tá stór focal maith aige, nach bhfuil? NíI sé dhá bhliain d'aois go fóill. Is maith an ¡ab atá á dhéanamh ag Áine. Tá máthair mhaith agat, nach bhfuil?"

"Máthair mhaith," arsa Naoise agus é ag déanamh aithrise* ar a sheanmháthair.

"Tá sé á thógáil ag an mbeirt againn," arsa Liam agus pus air. "Anois an bhféadfá suí ch un boird, a Mhamaí, más féidir leat tú féin a shracadh ó do gharmhac ar feadh fiche nóiméad. Ní fada go mbeidh do dhinnéar fuar, agus chaith mé a lán dua leis na hullmhúcháin."*

Chuir Áine a súile go spéir agus rinne Pat meangadh gáire.

"Agus tá athair iontach agat," arsa Biddy agus súil á caochadh aici ar Naoise.

"Athair iontach."

* draíochtach - magical * ag déanamh aithrise ar ­

copying, imitating

* chaith mé a lán dua leis na hul lmhúcháin - I took a lot of troub/e with the preparations

55

Page 59: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Is léir gur chaith tú a lán dua leis an dinnéar seo, a mhic, tá cuma iontach air agus boladh breá uaidh," arsa Biddy agus í ag suí ch un boird in aice le Pato

"Bhuel, conas tá cúrsaí scoile? An bhfuil sibh fós ciaptha* ag na gníomhaíochtaí nach bhfuil ar an gcuraclam?" arsa Pat i nglór tuisceanach.

"Tá, faraor," arsa Liam agus osna á ligean aige.

"Tá cuma thuirseach oraibh beirt," arsa Biddy. "Ach déarfainn gur cúraimí teaghlaigh is cúis leis sin. Ní aithním aon tuirse ar Mhánas, chaithfinn a rá."

"Tá an ceart agat, a Bhiddy. Fear singil é Mánas, gan aon chúraimí teaghlaigh air. Nach méanar dó é!*

*Ach ní thabharfainn an firín seo ar ais ar ór na cruinne," arsa Áine agus rinne sí meangadh le Naoise.

"Dála an scéil, a Bhiddy, conas tá na ranganna le Mánas? Bhíodh sé ag caint ort an t-am ar fad nuair a thosaigh tú ag freastal den chéad uair, ach is annamh a luann sé anois thú. Tá súil agam nach bhfuil éirithe eadraibh.* Tá súil agam go bhfuil tú fós ag freastal ar na ranganna!"

"Ó, scéal fada casta é, a Áine. Bhí mé ag freastal gan teip ar rang Mhánais go dtí le déanaí, ach táim díreach tar éis éiri as."

D'fhéach Liam is Áine ar a chéile agus smaoinigh Liam ar na rudaí a dúirt Mánas faoina mháthair.

"Roinn linn an scéal fada casta, a Mhamaí," arsa Liam. "An tusa a thóg an cinneadh éirí as an rang nó ar iarr Mánas ort éirí as?"

* ciaptha - tormented * nach méanar dó é - isn't it fine

for him

* nach bhfuil éirithe eadraibh -that you haven't fallen out

Page 60: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Lig Biddy osna fhada.

"Theastaigh uaim an scéal fada casta seo a roinnt libh le fada, ch un an fhírinne a rá, ach tuigim go bhfuil meas agus cion agaibh ar Mhánas agus níor mhaith liom go dtiocfadh deireadh leis sin mar gheall ormsa. Ach measaim anois nach bhfuil sé ceart gO mbeadh sibh chomh mór sin le Mánas."

D'fháisc Pat glúin Bhiddy go teann faoin mbord.

"Agus tuigim go gceapann Pat nár chóir dom an scéal a roinnt libh," arsa Biddy agus í ag fáscadh glúin Phat go teann faoin mbord. "Ach measann Eoin nach gcuirfidh sé isteach rómhór oraibh."

"Is beag athrú atá tagtha ar chúrsaí ón taobh sin de," arsa Liam agus pus air. "Gach rud ráite agat le hEoin ach faie ráite agat liomsa. Díreach mar a bhíodh sé nuair a bhímis óg."

"Á, a Liam, ná bí crosta liom. Tá tú féin an-mhór le Mánas ach níl aon aithne ag Eoin air."

"Ná tabhair aon aird ar Liam," arsa Áine agus drochshúil á tabhairt aici ar a páirtí. "Tá sé ag éirí an-chancrach* na laethanta seo."

"An-chancrach," arsa Naoise agus rinne sé gáire.

"Ba bheag nach ndearna mé dearmad ar an bhfirín féin," arsa Biddy. "Caithfidh mé a bheith cúramach leis na focail a úsáidfidh mé. Níor mhaith liom go bhfoghlaimeodh mo gharmhac drochfhocail uaim."

"Abair leat," arsa Liam go mífhoighneach.

"Bhuel, i mbeagán focal, tá Mánas an-cheanúil ar chailíní dathúla."

* an-chancrach - very cranky 57

Page 61: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

58

"Aba ir arís é sin," arsa Liam agus é ag teacht roimh Bhiddy* in ard a ghutha. "Ní chreidim é sin in aon choro Is gnáthfhear heitrighnéasach é agus tá tú ag cur ina leith go dtaitníonn cailíní dathúla leis. Scannalach. Dochreidte. Caithfidh go bhfuil tú ag déanamh áibhéile.* An gcreideann tú é sin, a Áine?"

"Éirigh as do phleidhcíocht, a Liam, agus bíodh urraim* éigin agat do do mháthair," arsa Áine i nglór tuirseach. "Ach chaithfinn a admháil, a Bhiddy, nach aon scéal nua é sin. Fear singil dóighiúil é Mánas ach is minic cailín canta cruthúil* ar a láimh aige. Ní dóigh liom gur rud mínádúrtha é sin. An ndéanann tú féin iontas de?"

"Ní dhéanaim iontas de go mbíonn sé ag siúl amach le mná áille, ach táim lánchinnte de go nglacann sé le mná óga dathúla mar fhoghlaimeoirí sna ranganna oíche agus súil aige go mbainfidh sé buntáiste éigin as."

"Níor mhaith liom tú a mhaslú, a Mhamaí, ach ní bean óg álainn tú a thuilleadh ach ghlac sé go toilteanach leat mar fhoghlaimeoir. An gceapann tú go bhfuil sé ag súil le rud éigin uait?"

Thug Pat drochshúil ar Liam.

"Ní cheapaim é sin in aon chor, a stór, ach measaim gur ghlac sé liom mar fhoghlaimeoir mar tá tú féin agus Áine chomh mór sin leis. Is mise an t-aon bhean sa rang faoi láthair nach bhfuil faoi bhun tríocha bliain d'aois. Agus nuair a bhí Pat ag freastal ar an rang sin ba eisean an t-aon fhear amháin sa rango Chuirfinn geall as nach bhfuil aon fhear sna ranganna oíche eile atá á múineadh aige."

"NíI a fhios agam, a Bhiddy, b'fhéidir go bhfuil an ceart agat. Is deacair a rá," arsa Áine agus cuma smaointeach uirthi.

* ag teacht roimh Bhiddy -interrupting Biddy

* ag déanamh áibhéi le -exaggerating

* urraim - res pe ct * cai l ín canta cruthúil - a lovely

shapely girl

Page 62: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"NíI an ceart aici in aon chor," arsa Liam i nglór fonóideach.

"Ní hé sin deireadh an scéil. Is cuimhin libh go raibh sé ag siúl amach le Samantha, cailín a bhí ag freastal ar an rang go dtí go bhfuair sí amach an fhírinne faoi Mhánas?"

"Is cuimhin Iiom go raibh cailín darbh ainm Samantha aige agus go raibh sí ag freastal ar aon rang leat, a Bhiddy, ach níor chasamar riamh uirthi," arsa 'Áine, "agus mura bhfuil dearmad orm, ní rómhór a thaitin sí leatsa!"

"Ach cén fhírinne a fuair sí amach faoi Mhánas?" arsa Liam go borb.

"Nuair a bhí Samantha ag siúl amach le Mánas, rinne Mánas iarracht cailín óg a mhealladh. Ní raibh an cailín ach ocht mbliana déag d'aois ach chuaigh sé go dtí an phictiúrlann léi, thug sé abhaile í agus rinne sé béile di. Thug sé roinnt fíona di agus i ndiaidh an bhéile rinne sé a dhícheall na héadaí a bhaint di."

"Cén aois a bhí sí? Cé a dúirt é seo leat?" arsa Áine agus alltacht uirthi.

"Ní chreidim é sin," arsa Liam i nglór neamhchinnte. Bhí sé ag smaoineamh ar an gcailín óg a thaitin le Mánas ag an gcluiche peile, agus ar na rudaí a dúirt Mánas faoi Áine.

"Chuala mé an scéal ó bhéal an chailín féin," arsa Biddy. "Agus is féidir Iibh a bheith cinnte nach bhfuil aon áibhéil déanta agam air.

"Cé hí?" a d'fhiafraigh Áine de Bhiddy.

"Thug mé gealltanas sollúnta di na ch mbogfainn mo bhéal ar an scéal seo. Is leor an t-eolas atá roinnte agam Iibh cheana. Níor chóir dom a hainm a lua."

59

Page 63: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

60

"Ach an gcreideann tú í, a Bhiddy? Bíonn samhlaíocht chruthaitheach* ag cailíní óga," arsa Áine.

"Creidim í, a Áine. Tá aithne mhaith agam uirthi agus is cailín macánta iontaofa í. Bhí meas agus cion aici ar Mhánas sular tharla an eachtra sin agus baineadh geit mhór aisti."

"Ní haon ionadh é sin," arsa Áine.

"Ach tá botún déanta againn go léir," arsa Liam, agus é ag iarraidh Mánas a chosaint in ainneoin an amhrais a bhí air féin anois. "Agus tá gach seans go bhfuil freagracht* éigin ar an gcailín féin. Is deacair breith a thabhairt ar scéalta den saghas seo. B'fhéidir gurbh ise a rinne Mánas a mhealladh ar an gcéad dul síos."

"An gceapann tú gur ceart é go rachadh fear atá tríocha bi ia in d'aois go dtí an phictiúrlann le cailín ocht mbliana déag d'aois, fiú má.tá an cailín ag iarraidh an fear sin a mhealladh?" a d'fhiafraigh Áine de Liam i nglór binbeach.*

"Ach ní haon striapach í an cailín seo," arsa Biddy.

"Striapach," arsa Naoise agus é ag déanamh aithrise ar a sheanmháthair.

"Gabhaim pardún agaibh," arsa Biddy agus a lámh á hardú go dtí a béal. "Rinne mé dearmad athuair ar Naoise."

"Tá súil agam nach fada go ndéanfaidh Naoise dearmad ar an bhfocal sin," arsa Áine agus súil á caochadh aici ar Bhiddy.

"D'fhéadfainn níos mó sonraí a thabhairt daoibh faoi na rudaí a rinne agus a dúirt Mánas tar éis dó féin agus don chailín dul ar ais go dtí a theach. Ach measaim nach fiú é sin a dhéanamh.*

* samhlaíocht chruthaitheach -creative imagination

* freagracht - responsibility * binbeach - venomous, sharp

* na ch fiú é sin a dhéanamh -that it's not worth doing that

Page 64: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Measaim go bhfui l iompar Mhánais soiléir anois. Tá súil agam go

bhfuil, pé scéal é," arsa Biddy agus í ag féachaint go hamhrasach ar Liam.

"Ach rud amháin eile a déarfaidh mé, d'admhaigh sé don chailín óg gur ghnách leis glacadh le mná óga neamhphósta mar dhaltaí mar is iad is mó a chuireann suim san aclaíocht choirp."*

Bhí an chuma ar Liam nár ghlac sé go hiomlán leis na rudaí a bhí á rá ag Biddy.

Lig Biddy osna dhomhain faoisimh.

"Chaithfinn a admháil go mbraithim i bhfad níos fearr tar éis dom an rún sin a Iigean Iibh. Theastaigh uaim é a roinnt Iibh le fada. Ach bhí a fhios agam nach mbeadh sibh sásta rudaí den saghas sin a chloisteáil agus sibh chomh ceanúil sin ar Mhánas."

"Is maith an rud é go ndúirt tú é seo go léir Iinn," arsa Áine go cneasta. "Ní leanaí sin a thuilleadh, ní gá duit sinn a chosain't ar dhrochscéalta!"

"Dúirt Eoin rud éigin den saghas sin."

"An fe ar céille,"* arsa Liam go fónóideach. "Dála an scéil, conas tá an fear céille agus a bhuachaill?"

"Cad é go díreach atá ar intinn agat?" arsa Biddy agus míshásamh le haithint ar a guth.

"Nílim ach ag cur a dtuairisce,"* arsa Liam go searbhasach.

Chuir Biddy pus uirthi féin agus d'ísligh sí a ceann go dtí go raibh a smig ar a hucht.

"Is dócha go dtuigeann sibh beirt faoin am seo go bhfuil níos mó

* aclaíocht choirp - physical exercise

* an fear céi l le - the man of sense

* ag cur a dtuairisce - askíng for them, ínquíríng after them

61

Page 65: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

62

ná cairdeas i gceist idir Eoin agus Peter," arsa Pat agus chuir sé

lámh ar ghualainn Bhiddy.

"Tuigimid," arsa Áine i nglór bog, "agus is féidir Iibh a bheith

cinnte nach gcuirfidh sé isteach orainn in aon choro Is maith an

rud é go bhfuil páirtí ag Eoin. Is cinnte go bhfuil go leor

deacrachtaí aige, agus is fearr a sháróidh sé na deacrachtaí sin

agus páirtí maith aige a thabharfaidh tacaíocht dó."

"Tá an ceart agat, a Áine. Tá tú an-tuisceanach," arsa Biddy.

"Ach ar ndóigh, ní bheimid ag iarraidh orthu aire a thabhairt do

Naoise ná aon rud den saghas sin," arsa Liam.

D'ardaigh Biddy a ceann agus d'fhéach le seanbhlas* ar Liam.

"íosa Críost, dá bhféadfá duine a mharú le do shúile, a Mhamaí,

bheinn marbh ar an toirt. Nílim ach ag magadh. Tóg go bog é. Ná

glac go ródháiríre le gach rud a deirim. Ach is léir gurb é Eoin mac

an cheana fós."

"Ar thuig tú ón tús gur homaighnéasach é do dheartháir?" a

d'fhiafraigh Biddy de Liam.

"Is dócha go raibh tuairim éigin agam le fada. Ach thuig mé

láithreach bonn nuair a chonaic mé ag an aerfort é. An dath sin ar

a chuid grua ige, an fáinne cluaise, agus an fear dorcha sin a tháinig

abhaile leis. Ba dheacair aon chiaI! eile a·bhaint as an scéal."

"Dála an scéil, is duine gorm é Peter," arsa Biddy. "Bean ghorm

í a mháthair."

"Duine gorm?" arsa Liam go magúil. "Dá gcaithfinn seachtain i

dtír ghrianmhar bheinn níos dorcha ná é. Ag déanamh grinn a bhí

sé, déarfainn."

* seanbhlas - contempt, disgust

Page 66: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

U l n ainm Dé, nach féidir leat srian a chur le do theanga?" a dúirt

Áine le Liam agus lámh á cur aici ar lámh Bhidçly trasna an bhoird.

uA Bhiddy, a stór, tá a fhios agam go bhfuil sé seo an-chrua ort.

Tuigim na luachanna atá agat agus an urraim atá agat do

theagasc na heaglaise. Ach le himeacht aimsire maolóidh ar an

míshásamh a bhraitheann tú anois. Glacfaidh tú le hEoin mar atá

sé agus roimh i bhfad beidh an rud a bhí deoranta* mar

ghnáthrud nádúrtha."

UNí fheadar, a Áine, ní fheadar," arsa Biddy agus osna fhada

dhomhain á ligean aici.

UFeicfidh tú go bhfuil an ceart agam. Ní haon pheaca ná galar é

an homaighnéasacht."

U Hom-ghnéas," arsa Naoise agus teipthe air an focal ina iomláine

a rá.

D'iompaigh gach duine i dtreo an linbh agus rinne gáire croíúil.

* deoranta - strange, unfamiliar

Page 67: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a hAon Déag

Bhí Eoin ag rith ar an muileann coise* nuair a thug sé faoi deara go raibh catsúil á caitheamh ag cailín óg dathúil air. Rug sé greim ar an tuáille, bhain sé an t-allas dá éadan agus d'fhéach sé go cúramach uirthi. Ní raibh dul amú air. Bhí sí ina suí ar bhinse agus roinnt suíonna aniar* déanta aici. Bhí sí féin ag cur allais go tiubh agus í ag féachaint go géar ar Eoin.

D'ísligh Eoin a cheann agus lean air ag rith. B'fhéidir go raibh sé ar scoil le deartháir leis an gcailín, a cheap sé. Is cinnte go raibh an cailín i bhfad níos óige ná Eoin féin. Nó b'fhéidir go raibh aithne súl aici air toisc go raibh sé ag teacht go dtí an giomnáisiam seo maidin i ndiaidh maidine le cúpla seachtain anuas. Seans go raibh sí ag déanamh iontais de nach raibh Peter ina theannta* an mhaidin áirithe seo.

D'ardaigh sé a cheann tar éis tamaill bhig agus chonaic go raibh an cailín fós ag féachaint air agus rinne sí meangadh leis. D'éirigh Eoin cúthail. Tháinig sé anuas den mhuileann coise agus chuaigh sé suas ar rothar ar an taobh eile den ghiomnáisiam. D'ísligh sé a cheann agus thosaigh sé ag brú go trom tapa ar na troitheáin.* I ndiaidh cúpla nóiméad rothaíochta tapa rug sé greim ar a bhuidéal chun roinnt uisce a shlogadh siar agus nuair a d'ardaigh

* mui leann coise - treadmilf * suí aniar - sit-up

* ina theannta - along with him * na troitheáin - the pedais

Page 68: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

sé a cheann bhí an cailín óg ina seasamh díreach os comhair an rothair agus bhain sí slog as a buidéal uisce féin. Baineadh geit chomh mór sin as Eoin gur chaith sé amach an t-uisce a bhí ina bhéal aige.

"Ó gabhaim pardún agat. Bhain mé geit as at. Níor chóir dom teacht aniar aduaidh ort* mar sin," arsa Cáitín.

D'fhéach sí ar an uisce a bhí caite amach ag Eoin ar an urlár. Ch rom sí agus thosaigh sí ag glanadh an uisce lena tuáille féin.

Dhearg Eoin go bun na gcluas. "Nn aon dochar déanta," a dúirt sé agus é ag casachtach. "Eoin is ainm dom."

Chuir Cáitín a lámha taobh thiar dá ceann agus d'fhéach ar Eoin idir an dá shúil. "Cáitín."

D'fhéach Eoin ar an urlár gan faic a rá. Bhí ciúnas míchompordach ar feadh leathnóiméid. Nuair a d'ardaigh Eoin a shúile ón urlár bhí Cáitín fós ag stánadh air.

"Is dócha go raibh mé ar scoil le deartháir leat," arsa Eoin."

"Má bhí, ba mhaith liom i bhfad níos mó faoin scéal sin a chloisteáil. Shíl mé nach raibh aon deartháir agam. Ach b'fhéidir go bhfuil rud éigin á cheilt ag mo thuismitheoirí orm le roinnt mhaith blianta anuas."

Scairt an bheirt acu amach ag gáire.

"Ach is dócha go bhfuil aithne éigin againn ar a chéile," arsa Eoin agus é ag súil go dtabharfadh Cáitín leid* dó a ligfeadh dó cuimhneamh uirthi.

"Á, an mar sin atá an scéal? Tá aithne agat ar an méid sin cailíní ón ngiomnáisiam nach n-aithníonn tú óna chéile iad. NíI ionam

* teacht aniar aduaidh ort -come up to you unexpectedly

* leid - hínt, clue

Page 69: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

66

ach an chéad chailín eile. Nach aoibhinn beatha an fhir óig dhathúil?"

"Ní mar sin atá sé in aon chor, geaJlaimse duit. A mhalairt de scéal ar fad* atá fíor," arsa Eoin agus é ag deargadh ga bun na gcluas athuair.

"An gciallaíonn sé sin nach bhfuil aithne agat ar chailíní eile?" a d'fhiafraigh Cáitín de agus í ag déanamh grinn. "Fear óg dóighiúil dea-chumtha cosúil leatsa gan aithne agat ar chailíní? Ní chreidfinn é sin ar ór na cruinne."

"Scéal fada casta é," arsa Eoin.

"Bhuel ba bhreá liam an scéal sin a chloisteáil, ach caithfidh mé imeacht anais chun an siopa a oscailt. B'fhéidir ga bhfaighimid deoch anocht agus beidh seans agat an scéal a mhíniú dom in áit níos oiriúnaí don chomhrá."

Ní dúirt Eoin faie. Thaitin pearsantacht Cháitín ga mór leis. Bhí sí cneasta, cainteach agus gealgháireach. Ach níor theastaigh uaidh ga sílfeadh sí ga raibh suim aige inti.

"An bhfuil rud éigin ar siúl agat anocht?" a d'fhiafraigh Cáitín de.

"NíI, chun an fhírinne a rá," arsa Eoin agus curna air ga raibh sé ag smaoineamh os ardo "Agus b'fhéidir gur fearr dom gan an oíche ar fad a thabhairt sa bhaile."

"Is fearr duit, cinnte. Ní dhéanfaidh an comhluadar aon dochar duit, agus rachfá as do mheabhair dá mbeifeá ag fanacht sa bhaile gach oíche," arsa Cáitín agus súil á caochadh aici ar Eoin.

"An-mhaith mar sin," arsa Eoin. "Buailimis le chéile ag a hocht a chlog anocht sa teach tábhairne mór nua sin in aice le

* a mhala irt de scéal ar fad - the complete opposite situatíon

Page 70: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

leabharlann na cathrach. Ní raibh mé istigh ann ga fóill agus tá rudaí maithe cia iste agam faai."

"Iantach. Feicfidh mé ansin thú," arsa Cáitín agus í ag iampú ar a sáil agus ag rith ga dtí an seamra feistis.*

* seomra feistis - changing room

Page 71: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

68

Caibidil a Dó Dhéag

Bhí Cáitín ina seasamh lasmuigh den tea ch tábhairne go pointeáilte ag a hocht a chlog. Bhí sí gléasta go galánta agus bhí sceitimíní uirthi. Bhí Eoin i bhfad níos dathúla ná mar a mheas sí ón ngrianghraf a thaispeáin Biddy di i gCaife Nuala. Bhí sé ard slinneánach agus thaitin sé go mór le Cáitín go raibh sé ábhairín cúthail. Ní raibh sí cinnte arbh í an aclaíocht nó an chúthaileacht ba chúis leis an luisne a tháinig i leicne Eoin agus í ag caint leis sa ghiomnáisiam, a

'ch d'aithin sí air go raibh sé cúthail ón tslí a

bhféachfadh sé go minic ar an urlár.

Bhain Eoin an tea ch tábhairne amach cúpla nóiméad i ndiaidh a hocht. Phóg sé Cáitín ar an leiceann agus ghabh sé a leithscéal léi go raibh sé déanach. "Ach níl neart ar an moill. Ag brath ar mo mháthair atáim chun síob a thabhairt dom."

"Nach maith an mháthair atá agat - tugann sí síoba duit isteach go dtí an chathair agus tú beagnach tríocha bliain d'aois."

"Ó, ní chomh aosta sin atáim in aon chor," arsa Eoin agus súil á caochadh aige ar Cháitín.

Agus piontaí ordaithe acu bhuail siad fúthu ag bord folamh. Níor fhéad Eoin gan meangadh a dhéanamh agus é ag féachaint ar Cháitín ag ól pionta beorach.

Page 72: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Cad í an chúis gháire atá agat, a Eoin? Tá súil agam na ch ag magadh fúm atá tú?" arsa Cáitín agus í ag deargadh an babhta seo.

"Tá sé an-ait cailín chomh beag bídeach óg leat féin a fheiceáil agus pionta mór ina glac aici. Tá an chuma ar an ngloine go bhfuil sí níos mó ná do cheann. Tá ionadh orm nach gá duit do dhá láimh a úsáid chun an ghloine a ardú go dtí do bhéal," a dúirt Eoin agus an gáire ag briseadh air.

"Nach tusa atá greannmhar, a mhic ó. Is léir dom anois gur beag am a thugann tú i gcomhluadar na mban. Táimid acmhainneach* go leor ar na piontaí. Is féidir linn iad a ardú ón mbord, agus rud is tábhachtaí fós, is féidir linn iad a ól."

"Bhuel abair liom sula n-ólfaidh tú an iomarca cár chuireamar aithne ar a chéile den chéad uair," arsa Eoin le teann fiosrachta.*

"Nach ort atá an chuimhne lochtach? Chuireamar aithne ar a chéile inniu sa ghiomnáisiam."

"Ach ón tslí a raibh tú ag féachaint orm inniu agus mé ar an muileann coise mheas mé gur aithin tú mé ó áit éigin," a dúirt Eoin agus iarracht de mhearbhall air.

"NíI ann ach gur thaitin tú liom," arsa Cáitín agus catsúil á caitheamh aici le hEoin.

Rinne Eoin fuaim éigin lena ghuth agus cuma air go raibh sé ag iarraidh a scornach a ghlanadh agus chuir sé a chosa thar a chéile. "Ach nár rith sé leat go bhfuil seans ann go bhfuil páirtí agam?"

"Dá mbeadh, ní thiocfá anseo anocht."

"Ach nach gceapann tú go bhfuil tú i bhfad ró-óg domsa? Nárbh fhearr duit* buachaill ar comhaois leat a lorg?" arsa Eoin agus é

* acmhainneach ar - well able for * le teann fiosrachta - out of sheer

curiosity

* nárbh fhearr duit - would it not be better for you

69

Page 73: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

70

ag déanamh a dhíchill spéis Cháitín a mhúchadh gan a chlaonadh gnéis* a mhíniú di.

"Ó tá taithí agam ar fhir níos aosta ná tú féin, a bhuachaill. Nó ar fhear amháin ar a laghad. Ach caithfidh mé cuairt a thabhairt ar an leithreas," arsa Cáitín agus í ag cur a láimhe go ceanúil ar ghualainn Eoin. " Beidh mé ar ais i gceann nóiméid."

Tharraing Eoin amach a fhón póca agus chuir teachtaireacht téacs go Peter. "I dteach tábhairne le cailín óg a bhfuil suim aici ionam!"

Níor luaithe téacs Eoin seolta ná go bhfuair sé freagra ó Pheter. " I gclub oíche iontach i gcathair Luimnigh le seanfhear ramhar a bhfuil suim aige a bheith ionam."

Bhí Eoin fós ag sclogadh gáire nua ir a tháinig Cáitín ar ais agus dhá phionta ina glac aici.

"Ná téimis thar fóir, a chailín. NíI na chéad phiontaí críochnaithe againn go fóill."

"Teastaíonn uaim tú a chur ar meisce. Cad í an chúis gháire atá agat an babhta seo?"

Thaispeáin Eoin teachtaireacht Pheter do Cháitín agus mhínigh di go raibh Peter ag taisteal timpeall Luimnigh chun áit dhúchais a shinsear a fheiceáil.

"Ach an bhfuil suim ag Peter sa seanfhear ramhar," a d'fhiafraigh Cáitín d'Eoin agus a lámh á cur ar leis* Eoin.

D'fhéach Eoin ar lámh Cháitín agus lig osna. " Bheinn ag súil nach bhfuil. Ní róshásta a bheinn dá mbeadh."

"Ní bhainim aon chiall as sin," arsa Cáitín agus mearbhall uirthi.

* a chlaonadh gnéis - his sexual orientation

* leis - thigh

Page 74: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

':I \?ihuel, chun an fhírinne a rá, is é Peter mo pháirtí. Táimid le

. chéile le fada."

"Ag spochadh asam atá tú," arsa Cáitín agus í ag féachaint idir an dá shúil ar Eoin.

"NíI, faraor. Cailín gleoite tú, a Cháitín, ach fiú dá mbeadh spéis agam i gcailíní bheifeá ró-óg dom."

Is ar éigean a bhí Cáitín in ann focail Eoin a chreidiúint.

"Ní raibh mé ag súil leis sin in aon chor, caithfidh mé a rá. Níor aithin mé ort in aon chor gur homaighnéasch tú."

"Ní théimid go léir timpeall i mbrístí teanna* agus bróga faiseanta," arsa Eoin agus rinne sé meangadh le Cáitín.

"An bhfuil a fhios ag aon duine eile?" arsa Cáitín ar son na ceiste.

"Déarfainn go bhfuil a fhios ag roinnt mhaith daoine, chun a bheith macánta, ach níl sé ráite go hoscailte agam le haon duine in Éirinn seachas mo mháthair agus a fear céile.

"Tá a fhios ag do mháthair?" arsa Cáitín in ard a gutha.

"Tá. Cén fáth a gcuireann sé sin ionadh chomh mór sin ort?"

Bhí a lán smaointe ag ropadh trí cheann Cháitín ach níor theastaigh uaithi plean Bhiddy a nochtadh.

"An bhfuil tú cinnte go bhfuil a fhios ag do mháthair?"

"Tá. Táim lánchinnte. An bhfuil tú ar meisce, a Cháitín, agus gan ach pionta go leith ólta agat?"

Bhí Cáitín ag baint ciall éigin as an scéal anois. "Agus an nglacann do mháthair le do chlaonadh gnéis?"

* i mbrístí teanna - in tight­fitting pants

71

Page 75: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

72

"Cén fáth a bhfuil suim chomh mór sin agat i ndearcadh mo mháthar ar an homaighnéasacht, a chailín? An síceolaí amaitéarach tú?" arsa Eoin go cn ea sta.

"Abraimis gur síceolaí amaitéarach mé," arsa Cáitín go gonta agus cuma dháiríre uirthi.

"Bhuel tá a fear céile an-tuisceanach agus ghlac sé láithreach leis nuair a mhínigh mé an scéal dóibh. Chuir sé isteach go mór ar mo mháthair ar dtús ach anois maíonn sí go bhfuil sí in ann glacadh leis. Ach measaim féin nach bhfuil ann ach cur i gcéill.* NíI sí ach ag ligean uirthi go nglacann sí liom mar homaighnéasach ar son na síochána. Tionchar maith uirthi é a fear céile agus b'fhéidir go dtiocfaidh sí ar athrú tuairime i ndáiríre le himeacht aimsire."

"Ach níl glactha aici leis fós gur homaighnéasach tú," arsa Cáitín agus cuma uirthi go raibh sí ag caint léi féin.

"An bhfuil gach rud i gceart, a Cháitín? Tá súil agam nach gceapann tú gur chuir mé amú thú. Tá an chuma ort go ndearnadh feal! uafásach ort."

* ag cur i gcéi l l - pretending

Page 76: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a Td Déag

"Tá an dinnéar réidh," arsa Biddy in ard a gutha agus í ag suí chun boird.

Tháinig Eoin, Peter agus Pat isteach go dtí an chistin ón seomra suí agus ghlac siad a suíocháin ag an mbord.

"An c1uiche maith é? An mbeidh an bua againne?" a d'fhiafraigh Biddy de na firo

"NíI mórán suime ag aon duine againn sa chluiche, a stór. Níor fhéachamar air ach ar feadh deich nóiméad sul ar aistríomar an stáisiún. Tá Faisean Paisean i bhfad níos fearr!" arsa Pat agus chaoch sé súil ar an mbeirt eile.

"Go bhfóire Dia orainn," arsa Biddy go magúil. "Triúr fear ag féachaint ar chlár faisin. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol Ó bhí mé óg. (ad a déarfadh d'athair, a Eoin, dá mbeadh sé fós Iinn?"

" Déarfadh sé gur dream piteog* sinn," arsa Eoin. "Agus bheadh an ceart aige maidir Iiomsa agus Peter."

" Bhuel bheinn ag súil nach bhfuil sé fíor i gcás Phat," a dúirt Biddy agus dreach míshásaimh uirthi, mar dhea.

"Is fada ó chruthaigh mé nach aon phiteog mé, a stór," arsa Pat agus é ag fáscadh ghlúin Bhiddy.

* piteog - effeminate man 73

Page 77: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

74

"Ní bheidh aon chaint bhrocach* againn ag an mbord seo," arsa Eoin agus é ag déanamh grinn.

"Tusa an t-aon duine anseo a bhain ciall bhrocach as caint shoineanta Phat, a Eoin," arsa Peter agus é ag fáscadh ghlúin Eoin faoin mbord.

"Is fíor duit, a Pheter," arsa Pat go cineálta. "Aba ir Iinn conas a d'éirigh leat in áit dhúchais do shinsear? An bhfuil aon eachtraí le hinsint dúinn?"

"Déarfainn go bhfuil eachtraí níos suimiúla le hinsint ag Eoin," arsa Peter agus súil á caochadh aige ar Phat. "Níor luaithe mé imithe go Luimneach ná go raibh na cailíní ag iarraidh é a mhealladh agus é ina aonar sa ghiomnáisiam."

"An mar sin a bhí sé," arsa Biddy ag biorú a cIuas.* "Roinn Iinn an scéal."*

"Ar ndóigh, ní thógfainn ar na cailíní é. Fear chomh dathúil dea­chumtha. Ba dheacair gan a bheith ceanúil air, is cuma an fear nó bean atá i gceist," arsa Peter agus é ag féachaint idir an dá shúil ar Eoin.

Chuir an tslí ina raibh Peter ag féacháint ar Eoin déistin ar Bhiddy agus chuir sí pus uirthi féin.

"Cé hiad na cailíní seo atá ag iarraidh tú a mhealladh sa ghiomnáisiam?"

"Ó tá Peter ag déanamh áibhéile mar is gnách leis. Ní raibh ann ach an t-aon chailín amháin. Cheap mé go raibh aithne de shaghas éigin againn ar a chéile mar bhí sí ag stánadh orm sa ghiomnáisiam agus shocraíomar dul go dtí an teach tábhairne."

* caint bhrocach - smutty talk * ag biorú a gcluas - cocking her

ears

* roinn an scéal I inn - share the story with us

Page 78: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Sin é an fáth a raibh leis an síob isteach go dtí an chathair an tseachtain seo caite," arsa Biddy. "D'fhéadfá é sin a rá Iiom seachas rún a dhéanamh air."

"Pé scéal é," arsa Eoin gan freagra a thabhairt ar ráiteas Bhiddy, "tharla sé nach raibh aithne againn ar a chéile in aon ch or. Ní raibh ann ach go raibh suim aici ionam."

"Agus nach raibh suim agat inti?" a d'fhiafraigh Biddy de.

Chuir Eoin a shúile go spéir.

"Cad a cheapann tú féin, a Mhamaí? Ar chuala tú aon rud a dúirt mé leat ó tháinig mé abhaile? An dtugann tú aon aird ar na rudaí a deirim leat faoi mo shaol pearsanta? An é nach bhfuil suim agat nó an é nach nglacann tú leis na rudaí a chloiseann tú?"

"Ná bí crasta Iiom, a stór. Do leas atá uaim."

"Caithfidh tú glacadh Iiom mar atáim, a Mhamaí. Is é sin a dhéanfaidh mo leas. Ait go leor, chuir an cailín seo an-chuid ceisteanna orm fútsa."

Dhearg Biddy go bun na gcluas.

"Fúmsa. An bhfuil aithne agam uirthi?"

"Ní hé sin atá i gceist agam. D'fhiafraigh sí díom an raibh a fhios ag mo mháthair faoi mo chlaonadh gnéis, an nglacann sí leis agus mar sin de."

"Agus cad a dúirt tú léi?" arsa Biddy agus í bán san aghaidh.

"An fhírinne mar a fheictear dom í. Go bhfuil a fhios agat ach nach bhfuil tú in ann glacadh leis go hiomlán go fóill gur homaighnéasach mé."

75

Page 79: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Lig Biddy osna fhada dhomhain agus d'ísligh sí a ceann go dtí go raibh a smig lena hucht.

"An bhfuil gach rud i gceart, a Mhamaí?" arsa Eoin agus imní ina ghlór. "Ar tharla rud éigin?"

"Níor tharla aon rud nach bhfuil tuillte agam," arsa Biddy.

Bhí sí ag croitheadh a cinn agus bhí aiféala trom uirthi faoin bhfeall a bhí déanta aici ar Cháitín.

Chuir Pat a lámh ar ghualainn Bhiddy.

"Cén chiall atá le baint as an gcaint sin, a stór? Roinn linn pé rud atá ag cur isteach ort."

"Cáitín is ainm don chailín sin a chuir í féin in aithne duit sa ghiomnáisiam," arsa Biddy i nglór íseal.

"Cá bhfios duit, a Mhamaí?" a d'fhiafraigh Eoin dá mháthair agus ionadh an domhain air.

"Tá aithne mhaith agam uirthi. Oibríonn sí i Siopa na Gaeilge agus is iomaí leabhar Gaeilge atá moita aici dom. Cailín den chéad scoth í. Cara Iiom í, dáiríre."

"Is ait an mac an saol,"* arsa Eoin agus meangadh air. "Beidh go leor le rá agaibh le chéile an chéad uair eile a chasfaidh tú uirthi, mar sin."

"NíI a fhios agam faoi sin," arsa Biddy agus í fós bán san aghaidh. "Is fada go maithfidh sí dom an éagóir* atá déanta agam uirthi."

D'fhéach Eoin agus Pat ar a chéile agus cuma na míthuisceana orthu araon.

"Ní thuigimid ó thalamh an dom ha in, a Mhamaí, cad é atá á rá agat. An bhféadfá é a mhíniú dúinn?"

* is ait an mac an saal - life is strange

* éagóir - wrong, injustice

Page 80: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Lig Biddy osna fhada dhomhain agus í ag féachaint idir an dá shúil ar Eoin.

"Chuaigh mé chun lóin le Cáitín an lá a labhair tú Iinn faoi do chlaonadh gnéis."

D'fhéach Eoin go géar ar a mháthair.

Bhí súile Bhiddy fliuch. "Mhol mé di dul go dtí an giomnáisiam chun coinne a dhéanamh leat. Bhí a fhios agam go mbeadh Peter i Luimneach agus bhí díomá orm go raibh tú tar éis teacht abhaile ón Astráil gan cailín. Shíl mé go ndéanfadh sé maitheas âuit aithne a chur ar chailín deas óg."

"Ach shocraigh tú é sin le Cáitín sular inis mé daoibh an scéal fúm féin agus faoi Pheter?"

"An lá céanna," arsa Biddy agus na deora ag rith go tiubh tapa síos a haghaidh. "Rinne mé na socruithe léi ag am lóin agus ba ag am dinnéir an lá céanna a rinne tú do admháil."

Thug Pat ciarsúr do Bhiddy agus chuir a lámh go caoin ar a ceann.

"An é go ndearna tú dearmad ar na socruithe a rinne tú le Cáitín i ndiaidh dom admháil chomh mór sin a dhéanamh?" a d'fhiafraigh Eoin dá mháthair agus é ag iarraidh sochar an amhrais* a thabhairt di.

"Ní hé sin é in aon chor é. D'fhéadfainn í a chur ar an eol as, ach bheadh náire orm an scéal a mhíniú di. Ar ndóigh, d'fhéadfainn an plean a chur ar ceaI gan aon chúis a thabhairt di, ach is í an fhírinne gur cheap mé go mb'fhéidir go n-iompódh cailín chomh deas dathúil le Cáitín ar ais i dtreo na heitrighnéasachta thú."

* sochar an amhrais - benefit of the doubt

77

Page 81: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

78

Dhearg Peter ga bun na gcluas. Bhí an deoir ar an tsúil aige féin anais agus toeht ehomh mór sin ar Bhiddy. "Raehaidh mé go dtí mo sheomra, tar ehugam nuair a bheidh tú réidh anseo," a dúirt sé i geogar le hEoin.

Ní dúirt Eoin faie leis aeh ehuir a lámh ar a ghlúin faoin mbord ehun é a ehoimeád mar a raibh sé.

Bhí fearg ar Eoin aeh ba mhó an trua a bhí aige dá mháthair. "Aeh an dtuigeann tú anois, a Mhamaí, naeh n-iompóidh aon duine mé ar ais i dtreo na heitrighnéasaehta?"

"Ní féidir liom glaeadh leis sin," a dúirt Biddy agus í ag séideadh a sróine.

Lig Eoin osna.

"Ní thuigim an deaeraeht atá agat, a Mhamaí, ehun a bheith maeánta. Tá a fhios agam go maith ga bhfuil luaehanna traidisiúnta agat agus go bhfuil tú sá eh eráifeaeh.* Aeh ní dóigh Iiom ga mbeadh Daid féin ehomh eeanndána dá mbeadh sé fós beo. Ní dóigh Iiom gurb é buanú an tsloinne* atá ag déanamh buartha duit mar tá Naoise ann ehun féaehaint ehuige sin."

"An rud is mó atá ag déanamh buartha dom i láthair na huaire," arsa Biddy agus í ag séideadh a sróine, "ná an feall a rinne mé ar Cháitín. Beidh ole aici dom agus ní thógfainn uirthi é."

"Beidh gaeh rud i geeart, a stór," arsa Pato "Nn aon duine ar dhroim an domhain naeh bhfuil botún déanta aige. Maithfidh Cáitín do bhotún féin duit agus glacfaidh tú le hEoin mar atá sé le himeaeht aimsire."

"Nn a fhios agam," arsa Biddy. "Nn a fhios agam."

* cráifeach - religious * buanú an ts loinne -

continuation, perpetuation of the surname

Page 82: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Caibidil a Ceathair Déag

Bhí Biddy ina suí i gCaife Nuala agus bhí cuma mhaith uirthi. D'oir an geansaí nua gorm a bhí ceanhaithe ag Eoin agus Peter di agus bhí sí an-sásta leis an stO nua gruaige a bhí aici. Gearr agus néata. Bheadh sé níos éasca í a láimhseáil ar maidin. Déarfá óna haghaidh gur bhean í nach gcuirfeadh aon rud ionadh uirthi. Bhí an chuma uirthi go raibh glactha aici leis an saol mar atá. An t-aon leid go raibh sí beagáinín neirbhíseach ná an tslí inar chuir sí a lámh lena fáinní cluaise ó am go ham.

Bhí súimín á bhaint aici as cupán tae nua ir a chuala sí an guth sin a thaitin chomh mór sin léi.

"A Bhiddy, brón orm go bhfuilim déanach. Bhí an-chuid daoine sa siopa inniu, ar chúis éigin, * agus níorbh fhéidir liom ... "

"A Cháitín, a chara, ní gá duit aon mhíniú a thabhairt," arsa Biddy agus í ag éirí ina seasamh chun barróg a bhreith ar Cháitín. "Is agatsa atá míniú tuillte."

"Ná bí buartha, a Bhiddy. Táim cinnte go raibh cúis mhaith agat chun óinseach a dhéanamh díom," arsa Cáitín agus gáire á dhéanamh aici.

* ar chúis éigin - for some reason

r

79

Page 83: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

80

"Buail fút ansin, a Cháitín, agus míneoidh mé gach rudo Duitse atá an bocaire is an cupán tae sin. Má tá an tae fuar gheobhaimid ceann eile."

"Feicim go bhfuil stíl nua ort, a Bhiddy, stíl a thaitníonn liom. Oireann do chuid gruaige duit, agus an geansaí gorm chomh maith," arsa Cáitín go cineálta.

"Bronntanas ó Eoin agus ó Pheter é an geansaí. Bronntanas uaim féin an stíl nua grua ige!"

"Tá tuiscint mhaith ar chúrsaí faisin ag Eoin mar sin, ach is dócha nach aon ionadh é sin! Dála an scéil, conas tá sé? Tá cúpla mí imithe ó bhí an coinne sin againn."

"Tá sé féin agus Peter fillte ar an Astráil. Chuaigh siad ar ais beagnach coicís ó shin."

"Tá brón orm é sin a chloisteáil, a Bhiddy. Caithfidh go bhfuil tú uaigneach ina dhiàidh," arsa Cáitín agus bhain sí súimín tae.

"Chun an fhírinne a rá, a Cháitín, níl. Tá a shaol féin aige san Astráil agus tá sé sásta leis. Braitheann sé go maith ann."

"Ach is dócha go raibh tú ag súil go bhfanfadh sé in Éirinn?"

"B'fhéidir go raibh, ach thuig mé ón tús na ch raibh sé ag teacht abhaile ach ar cuairt. Tuigim anois gur tháinig sé abhaile chun Peter a chur in aithne dúinn. Measann sé go mbeidh siad le chéile go dtí lá a mbáis."

"Ach ní ghlacann tú leis sin?"

"Glacaim leis, * a Cháitín, glacaim leis. Cé na ch dtaitníonn sé liom, glacaim leis. Tá a lán rudaí soiléir dom anois, a Cháitín, na ch raibh soiléir dom cúpla mí ó shin, agus tá an-chuid athraithe dá bharr sin."

* glacaim leis - J accept it

Page 84: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Bhuel, is maith an rud é go bhfuil sé soiléir duit nachn-iompóidh tú Eoin ar ais i dtreo na heitrighnéasachta, a Bhiddy, is cuma cén saghas cailín a chuirfidh tú in aithne dó."

"Ba mhaith Iiom mo leithscéal a ghabháil leat as sin, a Cháitín. Níor chóir dom* ... "

"Ní gá duit do leithscéal a ghabháil liom in aon chor a Bhiddy: Is fíor na ch róshásta a bhí mé nuair a dúirt Eoin Iiom sa teach tábhairne nach dtaitníonn cailíní leis, ach tuigim go mbíonn na cúrsaí seo casta. Is maith an rud é gur éirigh leat glacadh le hEoin mar atá sé. Is buachaill maith é."

"Tá tú an-tuisceanach, a Cháitín. Deirtear na ch dtagann ciall roimh aois, ach níl sé sin fíor i do chás-sa."

"A Bhiddy, a chara," arsa Cáitín i nglór íseal agus cuma dháiríre uirthi, "is dócha go bhfuil an ceart agat."

Scairt an bheirt bhan amach ag gáire.

"Ach cad iad na rudaí eile atá soiléir duit anois, a Bhiddy, nach raibh soiléir c�pla mí ó shin?"

"Bhuel, tuigim anois gur fearr smaoineamh orm féin agus ar mo shaol féin seachas ar shaol duine eile. An saol atá agam le Pat, sin an rud is tábhachtaí domsa. Sin agus an Ghaeilge.

Táim chun díriú* ar na rudaí sin, sea chas ar dhrochiompar Mhánais agus homaighnéasacht Eoin. Ní bhaineann na rudaí sin liomsa. Daoine fásta iad beirt. Fúthu féin* an saghas saoil atá uathu a roghnú."

"Is dearcadh ciallmhar sláintiúil é sin, a Bhiddy. Tá tú fós ag freastal ar rang Mhánais mar sin."

* níor chóir dom - I shouldn't have * díriú ar - focus on

* fúthu féin -: it is up to themselves

81

Page 85: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

82

"NíI, a Cháitín. Dúirt sé liam na ch raibh fáilte ramham sa rang a thuilleadh."

Ba bheag nár chaith Cáitín amach an píasa bacaire a bhí ina béal.

"An ag magadh atá tú?"

" Bhuel, a Cháitín, dúirt mé leis ga raibh na sanraí ar fad ar ealas agam faain gcaidreamh a bhí aige le Samantha agus leat féin agus bhagair mé* nach ligfinn dó aan chailín sa rang a mhealladh. Ní hianadh mar sin gur theastaigh uaidh mé a chaitheamh amach!"

"Á, a Bhiddy," arsa Cáitín agus díamá ina glór, "nár iarr mé art gan mo thaithí féin le Mánas a lua le ha on duine, ga háirithe le Mánas féin."

"Tuigim é sin, a Cháitín. Sin an dara héagóir a rinne mé art le déanaí."

"Ná bí buartha. NíI aan dachar déanta. Is dócha nach ndéanfaidh sé aan difríacht. Ach cad a dhéanfaidh tú anais ch un an Ghaeilge a fhaghlaim?"

"Is cinnte nach bhfuil aan easpa ranganna Gaeilge do dhaaine fásta, a Cháitín. Ach tá súil agam ga mbeidh an chéad mhúinteair eile atá agam nías fearr ná Mánas."

"Tá tú ródhian ar Mhánas bacht, a Bhiddy. Deir faghlaimeairí eile gur múinteair den chéad scath é."

"Ach nár thug tú faai deara, a Cháitín, gur mná óga iad na faghlaimeairí ga léir atá splanctha ina dhiaidh?* Ach is lear an chaint atá déanta againn ar Mhánas inniu. Ní cuid de mo shaal a thuiUeadh é, buíachas le Dia."

* bhagair mé - I threatened * splanctha ina dhia idh - crazy

about him

Page 86: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

"Ach nach mbeidh Liam agus Áine amhrasach nuair a thosóidh tú ag freastal ar rang eile?"

"Ó, tá an scéal ar fad ar eolas acu beirt, a Cháitín. Daoine fá sta iad. Fúthu féin atá sé a gcairde féin a roghnú. Ach mar a dúirt mé, tá an-chuid athraithe le cúpla mí anuas agus tá deireadh agam le rúin* agus le cur i gcéill. Agus braithim i bhfad níos fearr ionam féin dá bharr."

"Is maith an rud é sin; a Bhiddy."

"Is maith, cinnte. An t-aon rud amháin sa saol atá fós ag déanamh buartha dom, a Cháitín, ná do chás féin."

"Mo chás féin? Cad é atá ar intinn agat, a Bhiddy?" a d'fhiafraigh Cáitín agus ionadh an domhain uirthi.

"Bhuel tuigim gur bhuiUe trom ort an drochthaithí a bhí agat le Mánas. Táim buartha go bhfuil dochar buan déanta duit."

"Á, a Bhiddy. Tá tú ag déanamh áibhéile. Nfor bhuille chomh trom sin é. Agus pé rud a d'fhulaing mé ag an am, tá dearmad déanta agam air faoin am seo. Le cabhair bheag ó dhuine speisialta."

"Aba ir Iiom níos mó faoi sin," arsa Biddy le teann fiosrachta.

"NH mórán le rá, a Bhiddy. Buachaill deas dóighiúil é. NíI a fhios agam go díreach cad é atá i ndán* dúinn ach taitníonn sé go mór liom."

Lig Biddy osna shásaimh. Ní raibh aon rud sa saol ag déanamh buartha di.

* rúin - secrets * i ndán do - in store for

Page 87: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

Gluais a chlaonadh gnéis - his sexual orientation

a mhalairt de scéal ar fad - the complete opposite situation

abhae leat - away you go

aclaíocht choirp - physical exercise

acmhainneach ar - well able for

ag at le mórtas - swelling with pride

ag biorú a gcl uas - cocking her ears

ag blaisínteacht ar an mbocaire - nibbling at the muffin

ag bualadh faoi - setting himself down, sitting down

ag cúlchaint orm - backbiting

ag cur a dtuairisce - asking for them, inquiring after them

ag cur i gcéi l l - pretending

ag déanamh áibhéi le - exaggerating

ag sclogadh gáire - chuckling

ag spochadh asam - teasing me, pestering me, annoying me

ag teacht roimh Bh iddy - interrupting Biddy

aingeal - an angel

an ch luas bhodhar - a deaf ear

an dtógfá orm é? - would you blame me for it?

an fear céi l le - the man of sense

an réigiún máguaird - the surrounding region

an tsóinseál bheag - the small change

an-chancrach - very cranky

an-chuid fothraim - a lot of noise

ar an ngné seo den ghramadach - on this aspect of grammar

ar bís - in suspense

ar chúis éigin - for some reason

ar cipín í - on tenterhooks, in suspense

ar dhroim an domhain - on the face of the earth

athrach scéil - a change of subject

Page 88: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

ba é ú i l l ín óir a athar é - he was the apple of his father's eye

baois na hóige - the folly of youth

barróg - a hug

bean ghorm - a black woman

beidh tú in ann do scíth a l igean - you'lI be able to rest

beoga - lively

bhagair mé - I threatened

bhain scéal Eoin siar asat - Eoin's story surprised you

bheadh ort a bheith da l l - you'd have to be blind

binb - venom, sharpness

binbeach - venomous, sharp

boiseog bhog sa tóin - a small slap on the bum

braithim uaim - I miss

buachai l l bán - gay

buachai l l í bá ire - playboys

bualadh leathair - sexual intercourse

cai l ín aimsire - servant girl

cai l ín canta cruthúi l - a lovely shapely girl

caint bhrocach - smutty talk

cantalach - cranky

cé nár tháinig sé ina aonar - even though he didn't come on his own

ceanndána - stub

ceist íogair - ticklish question, touchy subject

chaoch sé a shúi l uirthi - he winked at her

chomh dubh le pic - pitch black

chonacthas dóibh - it seemed to them

chuir scéal Cháitín dóiteacht u irthi - Cáitín's story annoyed her bitter/y

chuir sí eascaine ar Mhánas - she cursed Mánas

chun tú féin a chóiriú - to do yourself up

ciardhuán - a black person

cíortha cóirithe - well groomed

Page 89: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

86

clamhsán - complaint, grumble

corpacmhainn - physical exercise

corraithe - excited

cráifeach - religious

cróga - brave

cruthaitheach - creative

cur i gcéi l l - make-believe, pretending

de phlab - with a bang

dearcadh - outlook, point of view

deireadh a athair leis - his father used to say to him

deisbhéalach - witty, well-spoken

deoranta - strange, unfamiliar

dhearg Pat go bun na gcluas - Pat blushed up to the ears

dícheal lach - hard-working, industrious, diligent

díriú ar - focus on

do chraobh ghineala igh - your family tree

dul chun cinn - progress

éadaí cnis - underwear

éagóir - wrong, injustice

fainic thú féin - mind yourself

faoi choim Bhiddy - around Biddy's waist

faoi lán seoi l - in full swing

faoi leith - in particular, special

faoina fiacla - under her breath

fathach - giant

féinmheas - self-esteem

féinmhuinín - self-confidence

finné fir - best man

fonóideach - mocking

Page 90: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

. : ." '�r�àgra(ht - responsibil ity

fréamh - stem fúthu féin - it is up to themselves

gach re cailín - every second girl

galair ghnéas-tarchurtha - sexual/y transmitted diseases

galar marfach - fatal disease

gealltanas sol lúnta - a solemn promise

ghoil l sé go croí ar Eoin - it really upset, distressed Eoin

giomnáisiam - gym

glacaim leis - I aeeept it

gluaisrothar - motorbike

go fonóideaeh - moeking/y

go geaithfinn aníos - that I wou/d throw up

go gonta - sharp/y, terse/y

go plámásach - flattering/y

go seascair - eosily, snug/y

greim ehomh docht sin - sueh a tight grip

i mbrístí teanna - in tight-fitting pants

i ndán do - in store for

iarchéim - postgraduate degree

iarraeht bheag de dhíomá - a small traee of disappointment

in ardán na staide - in the terraee of the stadium

ina theannta - along with him

ionsaitheach - aggressive, attaeking

is ait an mae an sa ol - life is strange

is féidir l ibh é a atéamh - ye ean reheat it

is oth l iom é sin a chloisteáil - I'm sorry to hear that

le go mbeidh tú in ann - so that you wil/ be able

le himeaeht aimsire - with the passage of time

Page 91: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

88

le teann fiosrachta - out of sheer curiosity

leanaí soineanta - innocent children

leanbh tabhartha - i1 Jegitimate child

leas Eoin - Eoin's benefit, well-being, good

le id - hint, due

leis - thigh

leoithne bhog ghaoithe - a soft breeze

lú idín - little finger

lu isne - b/ush, glow

mac an cheana - the favourite son

mar a bhfui l tú - where you are

mar a dhéanadh sí - as she used to do

mar a ra ibh sé - where he was

mar ba ghnách lé i - as was her habit

mar bharr ar an donas - as a crowning misfortune

mearbhal l - confusion

meirgeach - rusty

milseacht chainte - smooth talk, flattery

modh réabhlóideach - a revolutionary method

muileann coise - treadmill

murach - only for, if it weren't for

ná gea l l leis - not even nearly

na míreanna briathartha - the verbal partides

na troitheáin - the pedaIs

nach bhfuil éirithe eadraibh - that you haven't fallen out

nach dtéann tú thar fóir - that you don't go too far, overstep the mark

nach fiú é sin a dhéanamh - that it's not worth doing that

nach gcaithfeadh Mánas le haon duine eile - that Mánas wouldn't treat

anyone e/se

nárbh fhearr du it - would it not be better for yo

Page 92: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

neamhaird a thabhairt ar - to ignore ní dhéanadh sé rún ar aon rud - he used not keep anything secret ní fhéadfainn \easathair níos fearr a shamh\ú - \ couldn't imagine a better stepfather

ní foláir nó go bhfuil tú - you must be

ní ghlacfadh Biddy le heiteach uaidh - Biddy wouldn't take no for an

answer from him

ní miste - it's no harm

níl l eigheas air - there's no cure for it

níor chóir dom - I shouldn't have

níor thug sé faoi i gceart - he didn't go about it in the right way

páirtí - partner

peacach - a sinner

piteog - effeminate man

pribhléid - privilege

rabharta - flood

réalta rac - rock star

rím - a rhyme

róchoimeádach - toc conservative

roinn an scéal l inn - share the story with us

rugadh mé - , was born

rúin - secrets

saineolaithe - experts

sá Ia arda - high heels

samhlaíocht - imagination

samhlaíocht chruthaitheach - creative imagination

saoránach - citizen

scaol l - alarm, panic, fright

sciotaíl - giggling

89

Page 93: Desmond, Alan - An Gaeilgeoir Grámhar (Comhar) ISBN 9780955721755 OCR.pdf

seanbhlas - contempt, disgust

S E I F - AIDS

seomra feistis - changing room

síceolaí - psychologist

síceolaí mór le rá - a well-known psychologist

s lán mar a hinstear - God save us from the likes of it

sl inneánach - broad-shouldered

sochar an amhrais - benefit of the doubt

spíonta - exhausted, spent, worn out

splanctha ina dhiaidh - crazy about him

srannfach - snoring

staraí - historian

suí aniar - sit-up

súimín - a sip

tá ábhar scannáin ann - there's material for a fi/m there

tá mé faoi chomaoin ag mo mháthair - {'m obliged to my mother

tá siad chomh mór sin leis - they are so friendly with him

tagairtí - referen ces

teacht aniar aduaidh ort - come up to you unexpectedly

tháinig sé aniar aduaidh uirthi - it caught her unawares

théidís - they used to go

tocht - emotion

tógadh mé - I was raised

togha mná - well done

treise leat - more power to you

tréithe - features, traits

uchtach a thabhairt do - to give encouragement to

urra im - respect

úrscéal bleachtaireachta - detective novel