Cumann na bhfiann agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge
-
Upload
gaelportcom -
Category
Documents
-
view
361 -
download
20
description
Transcript of Cumann na bhfiann agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge
Coláiste na bhFiann Teo.
Coláiste na bhFiann
(Coláistí Samhraidh)
Cumann na bhFiann
(Seirbhísí Óige agus Iar Aire)
Cúlra
Bunaíodh Coláiste na bhFiann Teo sa bhliain 1968 le 60 dalta i Rosmuc. Anois tá os cionn 2,000 dalta gach Samhradh ar 17 cúrsa. Go luath sna seachtóidí bunaíodh Cumann na bhFiann mar sheirbhís iarchúram. Tá an tseirbhís seo anois oscailte do gach duine atá sásta an Ghaeilge a labhairt ag na clubanna agus na himeachtaí. Cuireann Cumann na bhFiann deiseanna ar fáil do dhaoine óga (idir 9 agus 18mbl) an Ghaeilge a úsáid mar theanga bheo lasmuigh den chóras oideachais. Is é an saol sóisialta ceann de na rudaí is tábhachtaí i saol an duine óig agus mar sin tá sé riachtanach go mbeidh daoine óga in ann cuid dá am saor a chaitheamh trí Ghaeilge ag imeachtaí eagraithe ina bhfuil spéis acu iontu. Tá sé tábhachtach go mbeidh réímse leathan d’imeachtaí a chlúdaíonn na sainspéíseanna is coitianta. M.sh Ceol, Ealaíon, Drámaíocht, Teicneolaocht, Spóirt/Eachtraíocht de gach saghas, agus turais as baile á reáchtaíl ar bhonn rialta.
Cé atá ag freastal ar na Clubanna?
* Daoine a d’fhreastal ar chúrsaí Choláiste na bhFiann (60%)* Daoine a d’fhreastal ar chúrsaí samhraidh eile (10%)* Daoine a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil/Gaelcoláiste (10%)* Gach duine eile (20%)
Coláiste na bhFiannColáiste na bhFiannColáistí SamhraidhColáistí SamhraidhStaid reatha 2011Staid reatha 2011
Coláiste na bhFiannColáiste na bhFiannCumann na bhFiannCumann na bhFiannStaid reatha 2011/2012Staid reatha 2011/2012
Droim Rí Le blianta fada anuas táimid ag moladh go mbeadh Ionad Óige ann mar chuid de Struchtúr Gaeilge Náisiúnta don Óige. Ag féachaint ar shampla na Breataine Bige, tá Cumann na bhFiann ag tabhairt faoin sprioc seo a bhaint amach faoi láthair.
I measc na seirbhísí a bheidh á sholáthair ag an Ionad i nDroim Rí:
•Deireadh seachtainí sainspéiseanna m.sh Ceol, Drámaíocht, Teicneolaíocht, Spóirt, eachtraíochtaí.
•Laethanta Spraoi do na Gaelscoileanna mar Thuras Scoile
•Campaí Seachtaine do lucht na hIdirbliana ag cur béime ar fhoghlaim trí ghníomhaíochtaí.
•Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh
•Ionad Traenála / Cruinnithe d’Eagraíochtaí
•Ionad a bheadh á reáchtáíl go hiomlán trí Ghaeilge
Conas mar a chuireann obair Chumann na bhFiann le baint amach
príomhspriocanna na Straitéise?
• Gréasán náisiúnta d’Óg Clubanna
• Freastal ar 3,000 duine óg go bliantúil idir na Coláistí agus na Clubanna
• Daoine óga a oiliúnt le leanúint le obair na Gaeilge, i réimse an Oideachas, Eagraíochtaí Gaeilge, oibrithe sna Seirbhísí Poiblí, srl.
• Ionad Gaeilge a chuireadh le na seirbhísí atá ar fáil don óige
• Ionad Gaeilge a bheadh ar fáil do thraenáil múinteoirí, srl.
• Tacú le forbairt sa Ghaeltacht