Cuid 1: Cumas an Iarratasóra - eufunding.justice.ieeufunding.justice.ie/en/EUFunding/2019 2ESF Call...
Transcript of Cuid 1: Cumas an Iarratasóra - eufunding.justice.ieeufunding.justice.ie/en/EUFunding/2019 2ESF Call...
Tá an Ghairm Tograí seo á cistiú go páirteach ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid de Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020.
An Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020CISTE SÓISIALTA NA hEORPA (CSE)
Comhionannas Inscnea) Mná ag filleadh ar an bhfórsa saothairb) Fiontraíocht na mban
Gairm Tograí 2019Foirm Iarratais – Cuid I(Uimhir thagartha an doiciméid: 2ESF/2.9/02)
Cuid I d’Fhoirm Iarratais dhá chuid is ea an doiciméad seo (2ESF/2.9/02). Ní mór duit Cuid II den Fhoirm Iarratais (2ESF/2.9/03), ar scarbhileog í ina léirítear Buiséad do Thionscadail, a chomhlánú agus a chur isteach freisin.
Agus freagra á thabhairt agat ar na ceisteanna atá san fhoirm iarratais seo, ba cheart duit breathnú ar an Nóta Faisnéise agus Treorach (a bhfuil 2ESF/2.9/01 mar uimhir thagartha air), rud ina dtugtar treoracha maidir lena bhfuiltear ag lorg i ngach freagra.
Eagraíocht is Iarratasóir
Ainm an Tionscadail
Cuir in iúl cén Snáithe den Ghníomhaíocht Comhionannais Inscne ar ina leith atá tú ag déanamh iarratas ar chistiú tionscadail.
a) Mná ag filleadh ar an bhfórsa saothair
b) Fiontraíocht na mban
Úsáid Oifigiúil Amháin
An dáta a fuarthas an t-iarratas:
Aitheantas Tagartha Uathúil an Tionscadail
Leathanach 2 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Cuid 1: Cumas an Iarratasóra
1.1 Sonraí na hEagraíochta is Iarratasóir1.1.1 Iontráil ainm dlíthiúil agus príomhshonraí teagmhála na heagraíochta atá ag déanamh iarratas ar chistiú.
(a) Ainm Dlíthiúil na hEagraíochta
(b) Ainm/ainmneacha eile a thugtar ar an eagraíocht (i.e. Ainm Trádála)
(c) Seoladh
(d) Príomhuimhir Theileafóin
(e) Príomhsheoladh Ríomhphoist
1.1.2 Iontráil roinnt faisnéise breise faoin eagraíocht atá ag déanamh iarratas ar chistiú
(a) Dáta bunaithe na heagraíochta
(b) An líon ball foirne atá fostaithe san eagraíocht faoi láthair (Coibhéisí Lánaimseartha)
(c) Catagóir Eagraíochta
Cén ceann de na catagóirí seo a leanas atá is ábhartha maidir le d’eagraíocht?
(i) Comhlacht Poiblí(ii) Cuideachta Phríobháideach(iii) Eagraíocht Dheonach
(d) Foirm Dhlíthiúil na hEagraíochta
Ná cuir tic ach le bosca amháin )
Comhlacht ReachtúilCuideachta
Sonraigh cineál:
Iontráil Uimhir CRO:
Eile (tabhair sonraí):
Leathanach 3 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
(e) An bhfuil sé amhlaidh go ndéantar iniúchadh ar do chuntais gach bliain?
(f) An dáta a chríochnaíonn do Bhliain Airgeadais (ll/mm)
Tá Níl
1.1.3 Iontráil sonraí an phríomhtheagmhálaí a bheidh freagrach as freagra a thabhairt ar aon cheisteanna maidir leis an iarratas seo.
Ainm
Teideal/Post san Eagraíocht
Seoladh(murab ionann é agus an ceann a tugadh i gCuid 1.1 thuas)
Uimhir Theileafóin (líne thalún)
Uimhir Theileafóin (fón póca)
Seoladh Ríomhphoist
1.1.4 Iontráil sonraí an Deimhnithe Imréitigh Cánach atá ag d’eagraíocht
An bhfuil deimhniú imréitigh cánach agat?
Tá Níl
Tá iarratas á dhéanamh air
Aitheantas Tagartha Cánach
Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach
1.2 Bainistíocht Chorparáideach agus Rialachas Corparáideach1.2.
1.2.1 Déan cur síos ar struchtúr bainistíochta agus rialachais d’eagraíochta. Ceangail cairt eagrúcháin. Moltar duit gan dul thar 100 focal
Leathanach 4 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
1.2.2 Déan cur síos ar na córais bhainistíochta agus rialaithe oibriúcháin a chuirfear ar bun don tionscadal seo. Agus an cheist seo á freagairt agat, ba cheart duit aird a thabhairt ar na ceanglais tuairiscithe ar oibríochtaí atá i bhfeidhm do chistí ó Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim. Moltar duit gan dul thar 150 focal
Leathanach 5 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
1.3: Bainistíocht Airgeadais
3.1.3.1 Leag amach na rialuithe atá i bhfeidhm ag d’eagraíocht chun dea-bhainistíocht airgeadais a chinntiú. Moltar duit gan dul thar 150 focal
1.3.2 Ón 1 Eanáir 2013 i leith, an bhfuil sé amhlaidh go bhfuair d’eagraíocht cistiú deontais ó aon fhoinse (lena n-áirítear cistí ón Aontas Eorpach)?
Tá Más tá an freagra, tabhair sonraí achoimre faoin gcistiú sin sa tábla seo a leanas.
Níl Más níl an freagra, téigh go díreach go dtí an chéad cheist eile
Bliain Ainm an Chomhlachta Cistiúcháin
Ainm an Tionscadail(más rud é nach raibh an cistiú bainteach le tionscadal nó gur ‘chroíchistiú’ é, luaigh é sin)
Ainm na Scéime Deontais (e.g. Ciste Sóisialta na hEorpa)
Suim
1.3.3 Ón 1 Eanáir 2013 i leith, an bhfuil sé amhlaidh go bhfuair d’eagraíocht tacar cáilithe cuntas? Leag é sin amach thíos. Moltar duit gan dul thar 150 focal
Leathanach 6 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
1.4: Taithí ábhartha4.
1.4.1 Tabhair forbhreathnú ginearálta ar na príomhghníomhaíochtaí a sheolann d’eagraíocht nó na príomhsheirbhísí a sholáthraíonn tú. Moltar duit gan dul thar 200 focal
1.4.2 An bhfuil aon taithí roimhe seo ag d’eagraíocht ar a bheith ag obair leis an spriocghrúpa don snáithe cistiúcháin a bhfuil tú ag déanamh iarratas air, i.e. a) mná ag filleadh ar an bhfórsa saothair, nó b) fiontraíocht na mban? Baineann ábharthacht ar leith leis an taithí atá aici ar chláir spriocdhírithe oiliúna agus infhostaitheachta agus socrúcháin fostaíochta agus bhreisoiliúna a dhearadh agus a sholáthar.
Tá Más tá an freagra, tabhair samplaí achoimre den taithí sin sa tábla thíos.
Níl Más níl an freagra, téigh go díreach go Cuid 1.5.
Moltar duit gan dul thar 200 focal
Leathanach 7 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
1.5: Comhpháirtithe TionscadailTabhair faoi deara: Níl aon cheanglas ann obair le comhpháirtí chun tionscadal a sholáthar. Má tá sé beartaithe agat obair le heagraíocht comhpháirtíochta amháin nó níos mó, áfach, ba cheart duit forbhreathnú a thabhairt thíos ar an dóigh a gcuirfear an socrú sin i gcrích.
1.2.3.4.5.
1.5.1 An bhfuil sé beartaithe agat obair le haon Chomhpháirtithe Tionscadail chun an tionscadal seo a chur chun feidhme agus a sholáthar?
Tá Más tá an freagra, tabhair freagra ar na ceisteanna uile sa chuid seo.
Níl Más níl an freagra, téigh go díreach go Cuid 2.
1.5.2 An bhfuil sé amhlaidh gur oibrigh tú roimhe seo le haon cheann de na Comhpháirtithe
Tionscadail atá beartaithe don tionscadal seo?
Tá
Níl
1.5.3 Iontráil ainm na heagraíochta comhpháirtíochta/na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta atá beartaithe agat agus déan cur síos achomair ar an dóigh a gcuirfear an comhar idir d’eagraíocht agus an eagraíocht/na heagraíochtaí sin i gcrích (i.e. maidir le rialachas, airgeadas, bunspriocanna inghnóthaithe oibriúcháin, tuairisciú). Moltar duit gan dul thar 200 focal
Tabhair faoi deara: Ní mór duit Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 2 a chomhlánú do gach ceann de na heagraíochtaí comhpháirtíochta (más ann dóibh).
Leathanach 8 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Cuid 2 Neart an Togra
2.1 Sonraí an Tionscadail1.2.3.4.5.6.
2.1.1 Cén t-ainm atá ar do thionscadal? Moltar duit gan dul thar 10 bhfocal
2.1.2 Cén fráma ama atá i gceist le do thionscadal? Iontráil dáta tosaithe agus dáta deiridh do thionscadail agus an fad ama iomlán a mhairfidh sé ina mhíonna. Tabhair faoi deara gurb é 3 bliana an tréimhse cistiúcháin uasta do thionscadal faoin ngairm seo.
Dáta tosaithe (ll/mm/bbbb) Dáta deiridh (ll/mm/bbbb) Fad ama ina mhíonna
2.1.3 Cén raon feidhme geografach atá i gceist le do thionscadal? Moltar duit gan dul thar 50 focal
2.1.4 Tabhair achoimre ghearr ar do thionscadal. Moltar duit gan dul thar 100 focal
2.1.5 Mínigh cén dóigh a rannchuideoidh do thionscadal leis na cuspóirí atá leagtha amach sa Ghairm a bhaint amach. Moltar duit gan dul thar 200 focal
2.1.6 Déan cur síos ar cén fáth a bhfuil gá ann le do thionscadal agus ar conas a shainaithin tú an gá sin. Moltar duit gan dul thar 200 focal
Leathanach 9 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
2.1.7 Leag amach cén dóigh a rannchuideoidh do thionscadal le gach ceann de na ceithre théama chothrománacha faoi Chiste Sóisialta na hEorpa. Is iad sin: (a) Comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn, (b) Comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn (c) Cuimsiú Sóisialta agus (d) Forbairt Inbhuanaithe.
(a) Comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn (Moltar duit gan dul thar 200 focal)
(b) Cuimsiú Sóisialta (Moltar duit gan dul thar 200 focal)
(c) Comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn (Moltar duit gan dul thar 200 focal)
(d) Forbairt Inbhuanaithe (Moltar duit gan dul thar 200 focal)
Leathanach 10 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Leathanach 11 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
2.2 Plean Tionscadail5.1.
2.2.1 Leag amach cuspóirí sonracha do thionscadail.
Cuspóir foriomlán an tionscadail
An líon ban a fhillfidh ar an obair mar thoradh ar do thionscadal (Snáithe A)
An líon ban a thosóidh gnóthais mar thoradh ar do thionscadal (Snáithe B)
2.2.2 Torthaí (Tabhair faoi deara: Cuir tuilleadh rónna leis, de réir mar is gá)
Torthaí
1 2 3 4
2.2.3 Gníomhartha agus Aschuir an TionscadailComhlánaigh an tábla thíos do gach toradh tionscadail atá sainaitheanta agat (cuir tuilleadh Torthaí Tionscadail leis, más gá).
Toradh Tionscadail 1: Uimh.
Gníomhartha Tréimhse Ama Aschuir Costas
1. 2. 3. 4.
Mínigh cén fáth a gceapann tú go mbainfidh na gníomhartha ar leith sin an toradh tionscadail amach.
Toradh Tionscadail 2: Uimh.
Gníomhartha Tréimhse Ama Aschuir Costas
Leathanach 12 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
1. 2. 3. 4.
Mínigh cén fáth a gceapann tú go mbainfidh na gníomhartha ar leith sin an toradh tionscadail amach.
Toradh Tionscadail 3: Uimh.
Gníomhartha Tréimhse Ama Aschuir Costas
1. 2. 3. 4.
Mínigh cén fáth a gceapann tú go mbainfidh na gníomhartha ar leith sin an toradh tionscadail amach.
Toradh Tionscadail 4: Uimh.
Gníomhartha Tréimhse Ama Aschuir Costas
1. 2. 3. 4.
Mínigh cén fáth a gceapann tú go mbainfidh na gníomhartha ar leith sin an toradh tionscadail amach.
Leathanach 13 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Cuid 3 Luach ar Airgead
3.1 Sonraí Airgeadais an Tionscadail
3456789
3.1.1 Cén costas iomlán atá i gceist le do thionscadal? Ba cheart an tsuim a iontrálfar a bheith cothrom le costas iomlán an tionscadail atá leagtha amach i mbuiséad do thionscadail i gCuid II, a bhfuil 2ESF/2.9/04 mar uimhir thagartha uirthi
Costas iomlán do thionscadail
3.1.2 Cé na costais dhíreacha foirne atá ag baint le do thionscadal? Ba cheart duit sonraí a thabhairt faoi na costais dhíreacha foirne uile atá ag baint leis an tionscadal. Ní mór údar a thabhairt leis na costais tuarastail atá á mbeartú trí thagairt a dhéanamh do na leibhéil ábhartha tuarastail atá i réim sa mhargadh saothair.
Líon iomlán ball foirne tionscadail
Iomlán na gcostas díreach foirne
Tabhair na nithe seo a leanas do gach ball foirne tionscadail atá beartaithe:
Teideal beartaithe ar Phost 1 (trí thagairt a dhéanamh don tionscadal)
Tuarastal beartaithe
Scála tuarastail
Ball foirne lánaimseartha nó páirtaimseartha (e.g. Lánaimseartha = 1.0, seachtain 3 lá = 0.6)
I gcás ball foirne páirtaimseartha, tabhair na costais tuarastail a bheidh i gceist leis an obair a dhéanfaidh siad ar an tionscadal agus air sin amháin (ní mór bileoga
Leathanach 14 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
ama a choinneáil)
Údar leis an leibhéal tuarastail atá beartaithe
Tabhair rátaí in aghaidh na huaire agus costais mheasta iomlána d’aon bhaill foirne shealadacha ar féidir go mbeidh siad ag obair ar an tionscadal (e.g. oiliúnóirí).
Teideal beartaithe ar Phost 2 (trí thagairt a dhéanamh don tionscadal)
Tuarastal beartaithe
Scála tuarastail
Ball foirne lánaimseartha nó páirtaimseartha (e.g. Lánaimseartha = 1.0, seachtain 3 lá = 0.6)
I gcás ball foirne páirtaimseartha, tabhair na costais tuarastail a bheidh i gceist leis an obair a dhéanfaidh siad ar an tionscadal agus air sin amháin (ní mór bileoga ama a choinneáil)
Údar leis an leibhéal tuarastail atá beartaithe
Tabhair rátaí in aghaidh na huaire agus costais mheasta iomlána d’aon bhaill foirne shealadacha ar féidir go mbeidh siad ag obair ar an tionscadal (e.g. oiliúnóirí).
Teideal beartaithe ar Phost 3 (trí thagairt a dhéanamh don tionscadal)
Tuarastal beartaithe
Scála tuarastail
Ball foirne lánaimseartha nó páirtaimseartha (e.g. Lánaimseartha = 1.0, seachtain 3 lá = 0.6)
I gcás ball foirne páirtaimseartha, tabhair na costais tuarastail a bheidh i gceist leis an obair a dhéanfaidh siad ar an tionscadal agus air sin amháin (ní mór bileoga ama a choinneáil)
Leathanach 15 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Údar leis an leibhéal tuarastail atá beartaithe
Tabhair rátaí in aghaidh na huaire agus costais mheasta iomlána d’aon bhaill foirne shealadacha ar féidir go mbeidh siad ag obair ar an tionscadal (e.g. oiliúnóirí).
Leathanach 16 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Cuid 4: Dearbhú ón Iarratasóir
Dearbhaím go bhfuil sé d’údarás agam ionadaíocht a dhéanamh do [Ainm na hEagraíochta] chun an t-
iarratas seo ar chistiú ó Chiste Sóisialta na hEorpa faoi Ghníomhaíocht 2.9 (Comhionannas Inscne: a) Mná
ag Filleadh ar an bhFórsa Saothair, agus b) Fiontraíocht na mBan) den Chlár um Infhostaitheacht, Cuimsiú
agus Foghlaim a dhéanamh chuig an Aonad um Chistí ón Aontas Eorpach sa Roinn Dlí agus Cirt agus
Comhionannais.
Thar ceann na heagraíochta is iarratasóir atá ainmnithe i gCuid 1.1 thuas, déanaimse, an té a bhfuil a
(h)ainm leis seo thíos, iarratas ar chistiú go dtí an luach atá luaite i gCuid 3.1.1 thuas agus dearbhaím gur
fíor agus iomlán, a mhéid is fearr is eol dom agus a chreidim, atá an fhaisnéis atá tugtha san iarratas seo.
Aithním nach ceadmhach aon chistí a dhámhfar a úsáid ach amháin chun na críche atá luaite agus aithním
an ceart atá ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun a iarraidh go n-aisghabhfaí aon chistí nach
n-úsáidfear chun na críche atá luaite ná i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais.
Tuigim freisin go bhféadfar an fhaisnéis atá tugtha san iarratas seo nó atá ag gabháil leis a chur ar fáil do
Thríú Páirtithe ach í a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Maidir le gach duine a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta tugtha agam san iarratas seo, deimhním don Roinn
gur thug mé fógra dóibh faoi na sonraí atá tugtha agus na críocha ar chucu a d’úsáidfí iad. Tá toiliú faighte
agam ó na daoine aonair sin leis an bhfaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig an Roinn chun na gcríoch sin.
Tabharfaidh mé fógra don Roinn más rud é, sula ngeallfar cistí faoi Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa um
Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim don eagraíocht is iarratasóir, go dtiocfaidh mé ar an eolas faoi
thuilleadh faisnéise a d’fhéadfaí a mheas go réasúnach a bheith ábhartha don Roinn agus í ag cinneadh cé
acu a chisteoidh nó nach gcisteoidh sí an t-iarratas.
Deimhnímse, an té a bhfuil a (h)ainm leis seo thíos, ar m’onóir nach bhfuil an eagraíocht is iarratasóir i
gceann ar bith de na cúinsí atá liostaithe thíos, rud a d’fhágfadh go mbeadh sí eisiata ó pháirt a ghlacadh i
gclár deontais de chuid an Chomhphobail, agus dearbhaím dá réir:
- nach féimheach í an eagraíocht ná nach bhfuil sí á foirceannadh, nach bhfuil a gnóthaí á riar ag na
cúirteanna, nach bhfuil socrú déanta aici le creidiúnaithe ná nach bhfuil gníomhaíochtaí gnó ar
fionraí aici, agus nach mbaineann aon dáil den chineál sin léi a d'eascair as nós imeachta
comhchosúil dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta nó i rialacháin;
- nár ciontaíodh an eagraíocht i gcion maidir lena hiompar gairmiúil trí bhreithiúnas a bhfuil feidhm
res judicata leis;
- gur chomhlíon an eagraíocht na hoibleagáidí atá uirthi maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a
íoc nó cánacha a íoc i gcomhréir le reachtaíocht na tíre ina bhfuil sí bunaithe nó i gcomhréir leis an
reachtaíocht atá i dtír an údaráis chonarthaigh cheaptha nó i gcomhréir le reachtaíocht na tíre ina
gcomhlíonfar an conradh;
- nach raibh an eagraíocht ina hábhar do bhreithiúnas a raibh feidhm res judicata leis maidir le
calaois, éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht
neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Chomhphobail;
- nach bhfuil an eagraíocht faoi réir pionós riaracháin faoi láthair;
- nár dearbhaíodh gur sháraigh an eagraíocht an conradh ar bhealach tromchúiseach toisc gur theip
uirthi cloí leis na hoibleagáidí conartha atá uirthi tar éis nós imeachta soláthair eile nó nós imeachta
dámhachtana deontais arna mhaoiniú le buiséad an Chomhphobail.
Cuireadh in iúl dom gurb amhlaidh, faoin Rialachán Airgeadais an 25 Meitheamh 2002 arna leasú go
deireanach le Rialachán Uimh. 1995/2006 ón gComhairle an 13 Nollaig 20061, rud is infheidhme maidir le
buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach2, nach bhféadfar conarthaí a dhámhachtain d’iarrthóirí arb
amhlaidh, le linn an nós imeachta,
- go bhfuil siad faoi réir coinbhleacht leasa;
- go bhfuil siad ciontach i mbréagléiriú tromchúiseach a thabhairt ar an bhfaisnéis a gceanglaíonn an
t-údarás conarthach í mar choinníoll le haghaidh páirt a ghlacadh sa nós imeachta conartha, nó go
dteipeann orthu an fhaisnéis sin a thabhairt.
Glacaim leis freisin, mar choinníoll le haghaidh deontas a dhámhachtain, nach bhfuil aon ghealltanas i gceist
leis go dtabharfar aon deontais eile faoi Bheart 2.9 (Comhionannas Inscne: a) Mná ag Filleadh ar an bhFórsa
Saothair, agus b) Fiontraíocht na mBan) de Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa um Infhostaitheacht, Cuimsiú
agus Foghlaim ná ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Comhaontaíonn an eagraíocht is iarratasóir go bhféadfaidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais,
Údarás Bainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa3, Údarás Deimhniúcháin Chiste Sóisialta na hEorpa4 agus
Údarás Iniúchóireachta Chiste Sóisialta na hEorpa5 do chlár Chiste Sóisialta na hEorpa in Éirinn agus
iniúchóirí an Aontais Eorpaigh (an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht) faireachán a dhéanamh ar an
tionscadal agus go gceadóidh sí rochtain ar a háitreabh agus a taifid, de réir mar is gá, chun na críche sin.
1 Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 390, 30.12.2006, lch. 12 Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 248, 16.9.2002, lch. 13 Is é an Roinn Oideachais agus Scileanna Údarás Bainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa.4 Is é an Roinn Oideachais agus Scileanna Údarás Deimhniúcháin Chiste Sóisialta na hEorpa.5 Is é an Roinn Oideachais agus Scileanna Údarás Iniúchóireachta Chiste Sóisialta na hEorpa.
Leathanach 19 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Ainm (BLOCLITREACHA)
Síniú _______________________
Post/teideal san eagraíocht
Dáta
Leathanach 20 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Cuid 5: Nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Ba cheart an Chuid seo a bheith sínithe ag duine laistigh den eagraíocht is iarratasóir a bhfuil sé d’údarás aige/aici an t-iarratas seo ar chistiú ó Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim.
Is mian leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a mheabhrú d’iarratasóirí go bhféadfar an fhaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais seo agus i ndoiciméid tacaíochta a eisiúint chuig tríú páirtithe, ach í a iarraidh, de réir na n-oibleagáidí atá ar an Roinn faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Iarrtar ort a bhreithniú ar cheart nó nár cheart, mar thoradh ar a íogaire atá sí, cuid ar bith den fhaisnéis atá tugtha agat agus iarratas ar chistiú faoi Chiste Sóisialta na hEorpa á dhéanamh agat a nochtadh. Má mheasann tú nár cheart faisnéis ar leith a nochtadh, ba cheart duit an fhaisnéis sin a shainaithint agus na cúiseanna a bhfuil sí íogair a shonrú thíos agus an fhaisnéis sin á tabhairt agat.
Ainm (BLOCLITREACHA)
Síniú _______________________
Post/teideal san eagraíocht
Dáta
Leathanach 21 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Cuid 6: Séanadh Dliteanais don Iarratas
Ba cheart an Chuid seo a bheith sínithe ag duine laistigh den eagraíocht is iarratasóir a bhfuil sé d’údarás aige/aici an t-iarratas seo ar chistiú ó Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim.
Léigh go cúramach:
Beidh sé ina choinníoll d’aon iarratas ar chistiú arna dhéanamh faoi théarmaí agus coinníollacha aon bhirt faoi Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim go bhfuil na nithe seo a leanas léite agus tuigthe ag an iarratasóir agus go bhfuil glactha aige/aici leo:
Ní bheidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoi dhliteanas don iarratasóir ná d’aon pháirtí eile i leith aon chaillteanais, aon damáiste nó aon chostas de chineál ar bith a eascróidh go díreach nó go hindíreach uathu seo:
a) An t-iarratas nó ábhar an iarrataisb) An diúltú don iarratas ar chúis ar bith.
Ainm (BLOCLITREACHA)
Síniú _______________________
Post/teideal san eagraíocht
Dáta
Leathanach 22 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Cuid 7: Seicliosta deiridh d’iarratasóirí
An bhfuil sé amhlaidh gur comhlánaíodh gach cuid is infheidhme d’Fhoirm Iarratais Chuid I – (2ESF/2.9/02) (Word)?
An bhfuil sé amhlaidh gur cheangail tú leagan comhlánaithe d’Fhoirm Iarratais Chuid II – Faisnéis Airgeadais (2ESF/2.9/03), rud ina bhfuil buiséad do thionscadail?
An bhfuil sé amhlaidh gur cheangail tú cóip de do chuntais iniúchta (más infheidhme) nó de do ráiteas ioncaim agus caiteachais do na 3 bliana seo a chuaigh thart?
An bhfuil sé amhlaidh gur cheangail tú cairt eagrúcháin?
An bhfuil sé amhlaidh go ndearnadh an Dearbhú ag Cuid 4 a shíniú agus a dhátú?
An bhfuil sé amhlaidh go ndearnadh an Nochtadh ag Cuid 5 a shíniú agus a dhátú?
An bhfuil sé amhlaidh go ndearnadh an Séanadh ag Cuid 6 a shíniú agus a dhátú?
I gcás go bhfuil comhpháirtithe tionscadail agat, an bhfuil sé amhlaidh gur shínigh gach comhpháirtí Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 2?
Leathanach 23 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Iarscríbhinn 1 - Faisnéis faoi Eagraíochtaí Comhpháirtíochta (Féach Cuid 1.5 thuas)Má tá sé beartaithe ag d’eagraíocht obair le heagraíocht comhpháirtíochta amháin nó níos mó chun an tionscadal seo a sholáthar, tabhair an fhaisnéis seo a leanas i leith gach eagraíochta comhpháirtíochta atá beartaithe.
(1) Ainm na hEagraíochta
(2) Dáta bunaithe na heagraíochta
(3) Catagóir Eagraíochta
Cén ceann de na catagóirí seo a leanas atá is ábhartha maidir le d’eagraíocht?
(i) Comhlacht Poiblí(ii) Cuideachta Phríobháideach(iii) Eagraíocht Dheonach
(4) Foirm Dhlíthiúil na hEagraíochta
Ná cuir tic ach le bosca amháin )
Comhlacht ReachtúilCuideachta
Sonraigh cineál:
Iontráil Uimhir CRO:
Eile (tabhair sonraí):
(5) An bhfuil sé amhlaidh go ndéantar iniúchadh ar do chuntais gach bliain?
Tá Níl
Leathanach 24 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
Iarscríbhinn 2 - Dearbhú ón Eagraíocht ComhpháirtíochtaNí mór do gach comhpháirtí sa tionscadal cóip den dearbhú seo a chomhlánú ar pháipéar ceannchlóite na heagraíochta.
Teideal an tionscadail:
Ainm an Phríomhiarratasóra
Ainm na heagraíochta comhpháirtíochta (ainm dlíthiúil iomlán)
Sonraí Teagmhála na hEagraíochta Comhpháirtíochta:
Ainm an Teagmhálaí
Seoladh
Teileafón
Ríomhphost
Deimhním gur cruinn agus iomlán atá an fhaisnéis atá tugtha sa togra seo faoi m’eagraíocht.
Dearbhaím go bhfuil na rialacha lena rialaítear an ghairm tograí seo léite agam agus go bhfuil glactha agam
leo. Dearbhaím gurb eol dom agus go gcomhaontaím gurb amhlaidh, i gcás iarratas rathúil, go ndéanfaidh
an tAonad um Chistí ón Aontas Eorpach sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, faoi réir socruithe
íocaíochta, an deontas a íoc ina iomláine leis an bpríomhiarratasóir, a bheidh i dteideal cistí a fháil ón Roinn
Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus na suimeanna lena mbaineann a dháileadh ar na comhpháirtithe a
bheidh páirteach sa ghníomh.
Dearbhaím gurb eol dom gurb amhlaidh, ach amháin i gcásanna force majeure, go slánóidh mé aon
damáiste a dhéanfar don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus don Choimisiún Eorpach de bharr
fheidhmiú na n-oibleagáidí a bheidh orm nó de bharr fheidhmiú lochtach na n-oibleagáidí a bheidh orm. Go
háirithe, glacaim roimh ré leis na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanfaidh an tAonad um
Chistí ón Aontas Eorpach sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Deimhnímse, an té a bhfuil a (h)ainm leis seo thíos, ar m’onóir:
nach bhfuil an eagraíocht is iarratasóir in aon cheann de na dálaí a d’fhágfadh go mbeadh sí eisiata ó
pháirt a ghlacadh i gclár deontais de chuid an Chomhphobail, agus dearbhaím dá réir:
- nach féimheach í an eagraíocht ná nach bhfuil sí á foirceannadh, nach bhfuil a gnóthaí á riar ag na
cúirteanna, nach bhfuil socrú déanta aici le creidiúnaithe ná nach bhfuil gníomhaíochtaí gnó ar
Leathanach 25 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02
fionraí aici, agus nach mbaineann aon dáil den chineál sin léi a d'eascair as nós imeachta
comhchosúil dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta nó i rialacháin;
- nár ciontaíodh an eagraíocht i gcion maidir lena hiompar gairmiúil trí bhreithiúnas a bhfuil feidhm
res judicata leis;
- nach bhfuil an eagraíocht ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a cruthaíodh trí aon
mhodh a bhféadfaidh an t-údarás conarthach údar a thabhairt leis;
- gur chomhlíon an eagraíocht na hoibleagáidí atá uirthi maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a
íoc nó cánacha a íoc i gcomhréir le reachtaíocht na tíre ina bhfuil sí bunaithe nó i gcomhréir leis an
reachtaíocht atá i dtír an údaráis chonarthaigh nó i gcomhréir le reachtaíocht na tíre ina
gcomhlíonfar an conradh;
- nach raibh an eagraíocht ina hábhar do bhreithiúnas a raibh feidhm res judicata leis maidir le
calaois, éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht
neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Chomhphobail;
- nach bhfuil an eagraíocht faoi réir pionós riaracháin faoi láthair;
- nár dearbhaíodh gur sháraigh an eagraíocht an conradh ar bhealach tromchúiseach toisc gur theip
uirthi cloí leis na hoibleagáidí conartha atá uirthi tar éis nós imeachta soláthair eile nó nós
imeachta dámhachtana deontais arna mhaoiniú le buiséad an Chomhphobail.
Cuireadh in iúl dom gurb amhlaidh, faoin Rialachán Airgeadais an 25 Deireadh Fómhair 2012 6 arna leasú go
deireanach le Rialachán Uimh. 2015/1929 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 7, rud is infheidhme
maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, nach bhféadfar conarthaí a dhámhachtain
d’iarrthóirí arb amhlaidh, le linn an nós imeachta,
- go bhfuil siad faoi réir coinbhleacht leasa;
- go bhfuil siad ciontach i mbréagléiriú tromchúiseach a thabhairt ar an bhfaisnéis a gceanglaíonn an
t-údarás conarthach í mar choinníoll le haghaidh páirt a ghlacadh sa nós imeachta conartha, nó go
dteipeann orthu an fhaisnéis sin a thabhairt.
Sínitheoir údaraithe na heagraíochta is comhpháirtí:
Ainm (BLOCLITREACHA)
Post/teideal san eagraíocht
Dáta
Síniú _______________________
6 Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 298, 26.10.2012, lch. 17 Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 286/1, 30.10.2015, lch. 1.
Leathanach 26 de 26 Comhionannas Inscne Foirm Iarratais Chuid 1 2ESF/2.9/02