Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 4 · 2018. 11. 27. ·...

12
1 © Gaelchultúr 2012 Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 4 Ceacht 1: An Aimsir / Pleananna agus an Aimsir Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí labhairt faoi phleananna i gcomhthéacs na haimsire Cuspóirí: nasc a dhéanamh idir an aimsir agus gníomhaíochtaí faoi leith; cluiche boird a imirt faoin aimsir agus faoi phleananna; cleachtadh a dhéanamh ar an aimsir fháistineach Feidhmeanna teanga: eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt) Struchtúir: Céard a dhéanfaidh tú ag an deireadh seachtaine? Rachaidh mé ag snámh má bhíonn sé te. Imreoidh mé cluichí boird … / Imreoidh mé cluichí ríomhaire … / Péinteálfaidh mé pictiúr ... / Glanfaidh mé mo sheomra … má bhíonn sé fliuch. Glanfaidh mé an carr … / Rachaidh mé ar shiúlóid leis an madra … / Rachaidh mé ag rothaíocht … / Gearrfaidh mé an féar … má bhíonn sé tirim. Rachaidh mé ag seoltóireacht … / Rachaidh mé ag eitleogaíocht … / Rachaidh mé ag surfáil … má bhíonn sé gaofar. Rachaidh mé ag scátáil má bhíonn sé ag reo. Déanfaidh mé fear sneachta má bhíonn sé ag cur sneachta. An rachaidh tú ag __________? Rachaidh./Ní rachaidh. Stór focal: Gníomhaíochtaí: cluichí boird, cluichí ríomhaire, seoltóireacht, eitleogaíocht, surfáil, rothaíocht, fear sneachta Aimsir: te, gaofar, fliuch, tirim, ag cur sneachta, ag reo

Transcript of Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 4 · 2018. 11. 27. ·...

  • 1 © Gaelchultúr 2012

    Conas an Ghaeilge a Mhúineadh

    go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 4

    Ceacht 1: An Aimsir / Pleananna agus an Aimsir

    Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí labhairt faoi phleananna i gcomhthéacs na haimsire

    Cuspóirí:

    nasc a dhéanamh idir an aimsir agus gníomhaíochtaí faoi leith;

    cluiche boird a imirt faoin aimsir agus faoi phleananna;

    cleachtadh a dhéanamh ar an aimsir fháistineach

    Feidhmeanna teanga:

    eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt)

    Struchtúir: Céard a dhéanfaidh tú ag an deireadh seachtaine?

    Rachaidh mé ag snámh má bhíonn sé te.

    Imreoidh mé cluichí boird … /

    Imreoidh mé cluichí ríomhaire … /

    Péinteálfaidh mé pictiúr ... /

    Glanfaidh mé mo sheomra … má bhíonn sé fliuch.

    Glanfaidh mé an carr … /

    Rachaidh mé ar shiúlóid leis an madra … /

    Rachaidh mé ag rothaíocht … /

    Gearrfaidh mé an féar … má bhíonn sé tirim.

    Rachaidh mé ag seoltóireacht … /

    Rachaidh mé ag eitleogaíocht … /

    Rachaidh mé ag surfáil … má bhíonn sé gaofar.

    Rachaidh mé ag scátáil má bhíonn sé ag reo.

    Déanfaidh mé fear sneachta má bhíonn sé ag cur sneachta.

    An rachaidh tú ag __________?

    Rachaidh./Ní rachaidh.

    Stór focal: Gníomhaíochtaí: cluichí boird, cluichí ríomhaire, seoltóireacht, eitleogaíocht,

    surfáil, rothaíocht, fear sneachta

    Aimsir: te, gaofar, fliuch, tirim, ag cur sneachta, ag reo

  • 2 © Gaelchultúr 2012

    Gramadach: Aimsir fháistineach an bhriathair:

    Féachfaidh mé ar an ar an teilifís.

    An bhféachfaidh tú ar an teilifís?

    Féachfaidh./Ní fhéachfaidh.

    Ábhar: Na cártaí ar an leathanach “An aimsir”;

    Na cártaí ar an leathanach “Cad a dhéanfaidh tú?: Cártaí”;

    An cluiche boird “Cad a dhéanfaidh tú?: Cluiche” ar leathanach A3;

    An bhileog “Ceithre cinn i líne”

  • 3 © Gaelchultúr 2012

    A. Réamhchumarsáid

    1. Plé ar phleananna don deireadh seachtaine

    (a) Tarraing an tábla thíos ar an gclár.

    An Deireadh Seachtaine

    maidin Dé hAoine

    maidin Dé Sathairn

    maidin Dé Domhnaigh

    i rith an lae Dé hAoine

    i rith an lae Dé Sathairn

    i rith an lae Dé Domhnaigh

    tráthnóna Dé hAoine

    tráthnóna De Domhnaigh

    tráthnóna Dé Domhnaigh

    (b) Bain úsáid as na pictiúir atá le fáil ar an leathanach “Cad a dhéanfaidh tú...?: Cártaí” chun

    na pleananna atá agat don deireadh seachtaine a chur in iúl do na daltaí. Cuir na pictiúir

    chuí faoi na codanna éagsúla den deireadh seachtaine de réir mar atá tú ag labhairt faoi do

    chuid pleananna.

    (c) Cuir ceist ar na daltaí ansin cad iad na pleananna atá acusan do thréimhsí difriúla le linn

    an deireadh seachtaine. Déan iad a spreagadh le tagairt a dhéanamh don aimsir chomh

    maith.

    Múinteoir: Cad a dhéanfaidh tusa maidin Dé Sathairn, a Sheáin?

    Dalta: Beidh mé ag imirt peile le mo chairde.

    Múinteoir: Beidh, má bhíonn sé tirim!

    2. Stór focal faoi aimsir agus na himeachtaí a oireann do chineálacha éagsúla aimsire

    (a) Cuir na pictiúir ón leathanach “An Aimsir” a léiríonn cineálacha éagsúla aimsire ar thaobh amháin den chlár agus cuir na pictiúir ón leathanach “Cad a dhéanfaidh tú...?:

    Cártaí” a bhaineann le gníomhaíochtaí éagsúla ar an taobh eile.

    (b) Iarr ar na daltaí a rá cad iad na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a oireann d’aimsir the, d’aimsir ghaofar, d’aimsir fhliuch, etc.

    Cad iad na rudaí éagsúla is féidir linn a dhéanamh má bhíonn sé gaofar?

    (c) Spreag na daltaí le gníomhaíochtaí éagsúla a mholadh a oireann d’aimsir ghaofar.

    Daltaí: Is féidir linn dul go dtí an trá.

    Daltaí: Is féidir linn dul ag snámh.

  • 4 © Gaelchultúr 2012

    Daltaí: Is féidir linn dul ar shiúlóid.

    (d) Déan na cártaí gníomhaíochta a mheaitseáil leis na cártaí aimsire de réir mar a dhéanann

    na daltaí na moltaí.

    (e) Tabhair pictiúrchárta de chuid an leathanaigh “Cad a dhéanfaidh tú...?: Cártaí” do dhalta

    ansin agus iarr air a rá leat cén ghníomhaíocht a bheidh ar siúl aige agus tagairt a

    dhéanamh don aimsir chomh maith. Cuir ceist air cosúil leis an gceann thíos.

    Múinteoir: Cad a dhéanfaidh tú maidin Dé Sathairn, a Liam?

    Dalta: Rachaidh mé ag seoltóireacht má bhíonn sé gaofar.

    (f) Scríobh na tréimhsí éagsúla seo ar am gclár ansin:

    tar éis na scoile Dé Céadaoin

    maidin Déardaoin, roimh an scoil

    (g) Cuir ceisteanna mar an ceann seo thíos ar dhaltaí éagsúla sa rang agus luaigh tréimhsí

    ama mar na cinn thuas.

    Múinteoir: Cad a dhéanfaidh tú tar éis na scoile Dé Máirt, a Thomáis?

    Dalta: Déanfaidh mé m’obair bhaile agus ansin rachaidh mé amach ag imirt

    peile má bhíonn sé tirim.

  • 5 © Gaelchultúr 2012

    An aimsir

    gaofar

    te

    fliuch

    ag cur sneachta

    ag reo

    tirim

  • 6 © Gaelchultúr 2012

    Cad a dhéanfaidh tú?: Cártaí

    Rachaidh mé ag

    seoltóireacht.

    Rachaidh mé ag

    eitleogaíocht.

    Rachaidh mé ag scátáil.

    Imreoidh mé cluichí boird.

    Imreoidh mé cluichí

    ríomhaire.

    Glanfaidh mé an carr.

    Glanfaidh mé mo sheomra.

    Rachaidh mé ar shiúlóid

    leis an madra.

    Gearrfaidh mé an féar.

  • 7 © Gaelchultúr 2012

    Rachaidh mé ag surfáil.

    Féachfaidh mé ar

    an an teilifís.

    Déanfaidh mé fear

    sneachta.

    Rachaidh mé ag snámh.

    Rachaidh mé ag rothaíocht.

    Péinteálfaidh mé pictiúr.

  • 8 © Gaelchultúr 2012

    B. Fíorchumarsáid

    Cluiche boird

    (a) Déan cóipeanna den chluiche “Cad a dhéanfaidh tú?” do gach triúr, mar aon le cóipeanna den tsraith cártaí “Cad a dhéanfaidh tú?: Cártaí”.

    (b) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche boird.

    (c) Léirigh, le cabhair ó ghrúpa amháin, conas a imrítear an cluiche.

    Rialacha

    i. Beidh triúr i ngach grúpa.

    ii. Ba cheart do gach duine sa ghrúpa an dísle a chaitheamh le fáil amach cé a thógfaidh an chéad seal. Bogfaidh sibh go dtí na spásanna cuí ar an mbord. Ansin,

    beidh sibh réidh le tosú. Is é an duine a gheobhaidh an scór is airde a thógfaidh an

    chéad seal.

    iii. Ba cheart d’Imreoir 1 an dísle a chaitheamh ar dtús agus cárta a thógáil. Caithfidh sé ceist agus freagra a chumadh agus úsáid a bhaint as an tréimhse ama atá luaite

    ar an gcearnóg a mbeidh sé uirthi agus as an bpictiúr atá ar an gcárta.

    iv. Má éiríonn leis an dalta an cheist agus an freagra a rá i gceart is féidir leis bogadh ar aghaidh an méid spásanna is a bhí ar an dísle. Mura n-éiríonn leis an cheist agus

    an freagra ceart a rá, fanfaidh sé ar an spás céanna.

    v. Ba cheart d’Imreoir 2 an dísle a chaitheamh an dara huair agus tarlóidh an rud céanna.

    vi. Beidh an bua ag an gcéad duine a bhainfidh deireadh an chláir amach. Ba cheart leanúint ar aghaidh leis an gcluiche le feiceáil cé a thiocfaidh sa dara háit agus sa

    tríú háit.

  • 9 © Gaelchultúr 2012

    Tús

    tar éis

    na scoile

    Dé Máirt

    maidin

    Dé Sathairn

    Bog ar

    aghaidh

    3 spás.

    tráthnóna

    Domhnaigh

    Bog ar

    aghaidh.

    tráthnóna

    Dé hAoine

    Bog ar ais

    3 spás.

    tar éis

    na scoile

    Déardaoin

    maidin Dé

    Domhnaigh

    am lóin

    amárach

    Fan amach

    ó bhabhta

    amháin.

    maidin

    Dé Luain,

    roimh

    an scoil

    do lá

    breithe

    maidin

    Dé hAoine,

    roimh

    an scoil

    i rith an lae

    Dé Sathairn

    tar éis

    na scoile

    Dé Luain

    Téigh

    ar ais.

    Lá Nollag maidin Dé

    Céadaoin,

    roimh

    an scoil

    Bog ar

    aghaidh

    2 spás.

    tráthnóna

    Dé Sathairn

    maidin

    Déardaoin,

    roimh

    an scoil

    Téigh ar ais

    go dtí an

    tús!

    tar éis

    na scoile

    Céadaoin

    maidin Dé

    hAoine,

    roimh

    an scoil

    i rith an lae

    Domhnaigh

    Lá Fhéile

    Pádraig

    Cad a

    dhéanfaidh tú?

    Rialacha 1) Caith an dísle

    agus tóg cárta.

    2) Má chuireann

    tú agus má

    fhreagraíonn tú

    an cheist i gceart,

    is féidir leat

    bogadh ar

    aghaidh an méid

    spásanna is atá

    ar an dísle

    3) Is féidir le níos

    mó ná imreoir

    amháin a bheith

    ar an spás

    céanna.

    4) Leanaigí ar

    aghaidh go dtí go

    dtiocfaidh an

    chéad duine go

    dtí an críoch agus

    ansin féachaigí cé

    a thiocfaidh sa

    dara háit, sa tríú

    háit, etc.

    Críoch

  • 10 © Gaelchultúr 2012

    C. Iarchumarsáid

    Cluiche gramadaí: Ceithre cinn i líne

    (a) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche go luath ina mbeidh siad ag freagairt ceisteanna san aimsir fháistineach.

    (b) Téigh siar ar roinnt samplaí de bhriathair san aimsir fháistineach.

    Scríobh na ceisteanna seo thíos ar an gclár agus iarr ar na daltaí cabhrú leat na freagraí a

    chur ar fáil. Déan do cheann a chromadh nó a chroitheadh le nod a thabhairt dóibh.

    An mbeidh tú ag féachaint ar an teilifís?

    An nglanfaidh tú an carr?

    An rachaidh tú go dtí an trá?

    Scríobh na freagraí seo ar an gclár de réir mar a chuirfidh na daltaí ar fáil iad:

    Beidh./Ní bheidh.

    Glanfaidh./ Ní ghlanfaidh.

    Rachaidh./Ní rachaidh.

    (c) Abair leis na daltaí aird a thabhairt ar an urú agus ar an séimhiú agus iad ag úsáid na

    haimsire fáistiní.

    (d) Scaip an bhileog “Ceithre cinn i líne” ar an rang agus mínigh do na daltaí conas a imrítear an cluiche.

    i. Ba cheart do na daltaí an leathanach a fhilleadh in dhá leath agus bheith ag breathnú ar chuid A amháin. Abair leo na huimhreacha 1-12 a scríobh go

    randamach sna boscaí beaga atá in aice leis na pictiúir. Ba cheart go mbeadh na

    huimhreacha 1–12 ar an leathanach anois.

    ii. Ansin, iarr ar na daltaí breathnú ar an leath eile den bhileog (cuid B) agus 6 X agus 6 O a chur in aice leis na huimhreacha 1–12. Ciallaíonn na Xnna freagra

    diúltach agus ciallaíonn na Onna freagra dearfach.

    iii. Cuir na daltaí ag obair i mbeirteanna ansin: Dalta A agus Dalta B. Ba cheart do Dhalta A breathnú ar chuid A den leathanach ar dtús agus ba cheart do Dhalta B

    breathnú ar chuid B dá leathanach siúd.

    iv. Déarfaidh Dalta A uimhir idir 1–12 (e.g. 6) agus cuirfidh sé ceist a bhaineann leis an íomhá atá sa bhosca sin (e.g. bosca uimhir a 6): “An rachaidh tú ag surfáil?”

    v. Breathnóidh Dalta B ar uimhir 6 ar chuid B dá leathanach siúd agus freagróidh sé an cheist ag brath ar cén chomhartha atá in aice le huimhir 6 (e.g. “Ní rachaidh”,

    má tá X in aice le huimhir 6). Cuirfidh Dalta A X nó O in aice leis bpictiúr sin ar a

  • 11 © Gaelchultúr 2012

    leathanach siúd ag brath ar an bhfreagra a thabharfaidh Dalta B.

    vi. Ba cheart do Dhalta A agus Dalta B breathnú ar an taobh eile dá leathanaigh anois ionas go mbeidh Dalta A ag breathnú ar chuid B den bhileog agus go mbeidh

    Dalta B ag breathnú ar chuid A (na pictiúir). Tarlóidh na rudaí ceanna anois a

    luadh i gcéimeanna 1–4 thuas.

    vii. Leanfaidh an cluiche ar aghaidh mar seo go dtí go bhfaighidh duine amháin 4 X nó 4 O i líne.

  • 12 © Gaelchultúr 2012

    Ceithre cinn i líne

    1. _________ 2. _________ 3. _________ 4. _________

    5. _________ 6. _________ 7. _________ 8. _________

    9. _________ 10. _________ 11. _________ 12. _________