Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag...

18
Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn Seimeastar 1 2013 Ionad na dTeangacha Roinn na Nua-Ghaeilge

Transcript of Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag...

Page 1: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

Ceardlanna na Tríú Bliana

Treoirleabhar na Mac Léinn

Seimeastar 1 2013

Ionad na dTeangacha Roinn na Nua-Ghaeilge

Page 2: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

1

Clár

Ceardlanna na tríú bliana – eolas praiticiúil 2

Treoir ghinearálta maidir leis an bhfillteán foghlama 4

Spriocdhátaí na dtascanna – seimeastar 1 6 Measúnú agus dáileadh na marcanna 6 Treoracha na dtascanna 7 Tasc 1: Féinmheasúnú 7 Tasc 2: Cleachtadh foghraíochta 8 Tasc 3: Tionscnamh ar ghairm bheatha 9 An córas ceartúcháin 10 Taifead leanúnach pearsanta ar earráidí agus ceartúcháin 10 Treoir maidir leis an anailís 11 Scéim mharcála do na hanailísí 12 Anailís shamplach 13 Aguisíní:

1. Treoir maidir le píosaí fuaime a thaifeadadh 15 2. Ceistneoir dheireadh na bliana 17

Page 3: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

2

Ceardlanna na Tríú Bliana – Eolas Praiticiúil

Comhairleoirí na Tríú Bliana:

Is í Aisling Ní Dhonnchadha (seomra 19, Foirgneamh na nEalaíon) comhairleoir na tríú

bliana i seimeastar 1. Ba cheart dul i dteagmháil leo siúd má bhíonn aon deacrachtaí agat i

rith an tseimeastair.

Amchlár:

5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc

agus ceardlann dhá uair an chloig.

Leagfar amach na ceardlanna laistigh den chéad choicís agus cuirfear tús leis na ceardlanna

sa tseachtain dar tús 7 Deireadh Fómhair.

Ní bheidh cead ag mic léinn am na ceardlainne atá tugtha dóibh a athrú gan cead pearsanta

a fháil ó Tracey Ní Mhaonaigh. Má bhíonn deacracht ag mac léinn le ham na ceardlainne ní

mór dó labhairt le Tracey chomh luath agus is féidir.

Tinreamh agus Rannpháirtíocht:

Ní mór duit freastal ar gach ceardlann. Má chaithfidh tú rang a chailleadh, cuir scéal chuig

an teagascóir roimh ré, nó a luaithe agus is féidir i ndiaidh na ceardlainne.

Beidh teastas dochtúra nó fianaise eile chuí ag teastáil laistigh de choicís. Ní mór duit cóip

amháin a thabhairt don teagascóir agus cóip eile a thabhairt do Riarthóir Roinn na Nua-

Ghaeilge (Seomra 20). Beidh marcanna le cailleadh mura ndéantar é seo.

Ní hionann an cheardlann agus léacht. Caithfidh tú páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach

ceardlann. Áireofar an rannpháirtíocht mar chuid den mheasúnú leanúnach.

An Siollabas:

Leanfar an Siollabas Nua don Tríú Bliain Ollscoile sna ceardlanna. Tá an t-eolas agus an t-

ábhar ar fad a bhaineann leis an siollabas seo ar fáil ag www.teagascnagaeilge.ie.

Díreofar ar 6 théama mhóra i rith na tríú bliana. Is iad sin: (i) an fhoghlaim, (ii) an t-

ilchultúrthas agus an t-ilteangachas, (iii) oidhreacht, dúchas agus pobal, (iv) na healaíona,

(v) an saol gairmiúil agus (vi) saol an lae inniu.

Déanfar forbairt sna ceardlanna ar na ceithre scil (labhairt, scríobh, éisteacht agus léamh)

trí phlé a dhéanamh ar na téamaí móra seo agus ar fhothéamaí a bhaineann leo.

Tascanna:

Tá 6 thasc le déanamh sa tríú bliain – trí cinn sa chéad seimeastar agus trí cinn sa dara

seimeastar. Tá treoracha cuimsitheacha faoi ábhar na dtascanna ar fáil ar leathanaigh 7-9

den leabhrán seo.

Ní mór do gach mac léinn gach aon tasc a dhéanamh. Caillfear marcanna as tasc ar bith a

fhágáil ar lár.

Page 4: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

3

Déanfaidh an teagascóir féin socrú leis an rang maidir leis an gcaoi a mbaileofar an obair.

Caithfidh gach píosa oibre (seachas na píosaí cainte) a bheith clóscríofa ar cháipéis Word, le

spásáil dhúbailte agus uimhreacha ar na leathanaigh. Cinntigh go bhfuil ainm an mhic léinn

agus teideal an taisc le feiceáil go soiléir ar an gcéad leathanach.

Beidh gléas taifeadta ag teastáil chun cuid de na tascanna a dhéanamh. Tá treoracha breise

maidir le conas píosaí cainte a thaifeadadh in Aguisín 1, ar lch 15 den leabhrán seo. Bí

cinnte go bhfuil bealach agat leis an taifeadadh seo a dhéanamh faoin am a bheidh tasc 2 le

déanamh.

Spriocdhátaí agus obair dhéanach:

Tá spriocdhátaí thascanna sheimeastar 1 ar fáil ar leathanach 6 den leabhrán seo.

Ní ghlacfar le hobair dhéanach ach amháin i gcásanna áirithe nuair a bhíonn cúis mhaith

leis, nó má bhíonn sé aontaithe go soiléir leis an teagascóir roimh ré.

Déanfaidh an teagascóir cinneadh maidir le hobair dhéanach a ghlacadh. Déanfar an

cinneadh seo tar éis na cúinsí ar fad a bhaineann leis an obair a bheith déanach a mheas,

agus/nó tar éis labhairt le comhairleoirí na tríú bliana.

I gcás tinnis nó mura bhfuil sé ar chumas an mhic léinn aon chuid den mheasúnú leanúnach

a chomhlíonadh, ní mór é sin a chur in iúl don teagascóir a luaithe agus is féidir agus teastas

dochtúra nó fianaise eile chuí a thabhairt don teagascóir agus do Riarthóir Roinn na Nua-

Ghaeilge laistigh de choicís tar éis don mhac léinn filleadh ar an Ollscoil.

Page 5: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

4

Treoir Ghinearálta maidir leis an bhFillteán Foghlama A: Cad é an fillteán foghlama? Is taifead é an fillteán foghlama ar an obair a dhéanann tú do na ceardlanna agus ar an bhforbairt leanúnach a thagann ar do chuid scileanna teanga le linn na céime. Ag deireadh na tríú bliana, ba cheart go mbeadh fillteá(i)n foghlama agat le hobair na dtrí bliana istigh ann/ iontu. B: Cén fiúntas a bhaineann le fillteán foghlama a choinneáil? Tá ceithre mhórchuspóir leis an bhfillteán foghlama:

1) TAIFEAD a choinneáil ar an obair leanúnach agus ar an dul chun cinn a dhéanann tú ón gcéad bhliain ar aghaidh.

2) ANAILÍS: Úsáidfidh tú é mar áis foghlama agus déanfaidh tú anailís air go minic chun na láidreachtaí agus laigí a bhaineann le do chuid scileanna teanga a aithint.

3) SPRIOCANNA AGUS INSPREAGADH: Bunaithe ar an anailís leanúnach seo, beidh tú in ann spriocanna foghlama a shocrú duit féin chun dul i ngleic le haon deacracht a bhíonn agat. Ba cheart go dtabharfadh na spriocanna seo spreagadh duit obair bhreise a dhéanamh chun do chuid aidhmeanna foghlama a bhaint amach.

4) NEAMHSPLEÁCHAS FOGHLAMA: Tá an-chuid solúbthachta ag baint leis an bhfillteán foghlama agus leis an ábhar a chuirtear isteach ann. Fágtar fút féin é cinneadh a dhéanamh maidir leis na spriocanna a shocraíonn tú duit féin agus faoin obair bhreise a dhéanann tú. Tá sé mar cheann de na príomhaidhmeanna a bhaineann leis an bhfillteán foghlama, mar sin, go nglacfá féin cuid mhór den fhreagracht a bhaineann le do chuid foghlama féin agus go mbeifeá ag dul i dtreo na foghlama neamhspleáiche/ féinriartha de réir a chéile le linn na céime. C: Cad ba cheart a chur isteach san fhillteán? Tá sé riachtanach gach tasc agus anailís a chur isteach san fhillteán foghlama. Tá cuid mhaith saoirse agat féin ina dhiaidh sin faoi na rudaí eile a chuirtear isteach ann. Seo liosta de na rudaí a d’fhéadfá a chur san fhillteán:

Na tascanna ar fad, ceartaithe ag an teagascóir (riachtanach). Anailís ar gach tasc (riachtanach). Taifead pearsanta leanúnach ar do chuid earráidí agus ceartúchán (féach lch 10). Liosta stór focal agus frásaí (leagtha amach de réir téama). Féinmheasúnú (riachtanach sa dara agus sa tríú bliain). Cuntas ar an gcineál foghlaimeora atá ionat agus ar na straitéisí foghlama is mó a

oireann duit mar fhoghlaimeoir. Liosta de na háiseanna/ acmhainní is mó a úsáideann tú. Aon obair bhreise a dhéanann tú féin agus a léiríonn an iarracht atá á déanamh agat

feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, freagracht a ghlacadh as do chuid foghlama féin agus aidhmeanna an fhillteáin (luaite faoi phointe B thuas) a chomhlíonadh.

Ceistneoir dheireadh na bliana (féach Aguisín 2 ar lch 17 thíos).

Page 6: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

5

D: Cad iad na tascanna atá le déanamh i mbliana? Tá 6 thasc le déanamh sa tríú bliain, trí cinn sa chéad seimeastar agus trí cinn sa dara seimeastar. Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis na tascanna seo ar fáil ar leathanaigh 7-9 den leabhrán seo. E: Céard atá i gceist leis an anailís? Chomh maith leis na tascanna atá le déanamh i rith na bliana, bíonn anailís le déanamh ar gach tasc. Is í sprioc na hanailíse deis a thabhairt don mhac léinn dul I ngleic le roinnt deacrachtaí a thagann chun solais sa tasc. Is í an anailís agus an obair a bhaineann léi bunchloch an fhillteáin foghlama agus is tríd an anailís den chuid is mó a bhaintear amach príomhaidhmeanna an fhillteáin, mar atá pléite faoi phointe B thuas. Caithfidh tú anailís a dhéanamh ar gach tasc – ní bhíonn an tasc déanta go dtí go mbíonn an anailís déanta. Tá treoracha cuimsitheacha maidir leis an anailís, mar aon le hanailís shamplach agus scéim mharcála ar fáil ar leathanaigh 11-14 den leabhrán seo. F: Conas ba cheart ábhar an fhillteáin a leagan amach? Ba cheart duit fillteán crua a úsáid mar fhillteán foghlama agus an t-ábhar ar fad a leagan amach go soiléir agus go slachtmhar, sa chaoi is go mbeadh sé úsáideach duit féin mar áis foghlama agus go mbeadh sé soiléir don duine a dhéanfaidh measúnú air. Ní mór gach tasc a chlóscríobh le spásáil dhúbailte. G: Conas a dhéanfar measúnú ar an bhfillteán foghlama? Déanfar measúnú ar an bhfillteán foghlama ag deireadh gach seimeastair. Caillfidh tú marcanna mura bhfuil gach anailís déanta nó mura bhfuil fianaise ann go ndeachaigh tú i ngleic mar ba cheart le haidhmeanna an fhillteáin. Tá breis eolais maidir leis an measúnú agus dáileadh na marcanna ar leathanach 6 den leabhrán seo. H: An gcuirfear ceisteanna orm faoin bhfillteán sa scrúdú cainte?

Cuirfear mar chuid den scrúdú cainte a bheidh ar siúl sa dara seimeastar. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais maidir leis seo ag tús sheimeastar 2.

Page 7: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

6

Spriocdhátaí na dTascanna – Seimeastar 1

Schtn Dátaí Tasc

1 7-11 DF

2 14-18 DF

3 21-25 DF Tasc 1 (Féinmheasúnú) le cur isteach

28 DF – 1 Samhain Seachtain staidéir

4 4-8 Samhain Tasc 2 (Foghraíocht) le cur isteach

5 11-15 Samhain

6 18-22 Samhain Anailís 1 le cur isteach

7 25-29 Samhain Tasc 3 (Cúrsa beatha agus litir iarratais) le cur isteach

8 2-6 Nollaig Anailís 2 le cur isteach

9 9-13 Nollaig

10 16-20 Nollaig Anailís 3 agus an fillteán foghlama le cur isteach

Measúnú agus dáileadh na marcanna Áirítear an Fillteán Foghlama agus na Ceardlanna Teanga sa chéad seimeastar mar chuid den

mhodúl teanga NG301: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha 1. Is modúl dúbailte é seo a bhfuil

5 chreidiúint ag baint leis. Is mar seo a leanas a dháilfear marcanna an mhodúil:

NG301: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha 1

(Léachtaí, rang teagaisc, páipéar scríofa, ceardlann teanga agus an fillteán foghlama)

70% ar an bpáipéar scrúdaithe (Ceist 1 in oiriúint d’ábhar na gceardlann)

15% ar an rang teagaisc

15% ar obair na gceardlann teanga

Tasc agus anailís 1 - Féinmheasúnú: 25%

Tasc agus anailís 2 - Cleachtadh foghraíochta: 20%

Tasc agus anailís 3 – Tionscnamh ar ghairm bheatha: 25%

Rannpháirtíocht ghníomhach sa rang: 30%

Déanfar measúnú ar na hanailísí agus cuirfear san áireamh iad sna marcanna a gheofar ar na

tascanna. Tá gach eolas faoi seo ar leathanach 11-14 den leabhrán seo.

Page 8: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

7

Treoracha na dTascanna

TASC 1: FÉINMHEASÚNÚ Treoracha: Féach ar na ceisteanna seo a leanas agus breac síos pointí a bhaineann le gach ceist. Ansin, scríobh féinmheasúnú (i bhfoirm aiste) ort féin mar fhoghlaimeoir Gaeilge, ag déanamh tagairt do na ceisteanna ar fad thíos. 1. Déan cur síos ar an gcumas atá agat sa Ghaeilge agus ar na láidreachtaí agus na laigí is mó

atá agat mar fhoghlaimeoir Gaeilge. Déan tagairt do na gnéithe seo a leanas:

a) An cumas atá agat sna scileanna éagsúla teanga (m.sh. stór focal agus saibhreas teanga,

an fhoghraíocht, líofacht, cruinneas sa chaint, cruinneas scríofa, na hearráidí gramadaí

is minice a bhíonn agat, cluastuiscint agus léamhthuiscint).

b) Na tréithe pearsanta a imríonn tionchar ar do chumas sa Ghaeilge (m.sh, an tsuim atá

agat sa Ghaeilge nó an dearcadh atá agat i leith na Gaeilge, inspreagadh, dúthracht,

neamhspleáchas foghlama, muinín nó easpa muiníne).

c) Na scileanna foghlama atá agat (m.sh. bealaí le cuimhne a choinneáil ar rudaí, na

hacmhainní a úsáideann tú, an cumas atá agat úsáid a bhaint as foclóirí agus leabhair

ghramadaí, deiseanna cleachtaidh a chruthú nó a thapú, srl.)

2. Cad iad na spriocanna foghlama atá tú ag iarraidh a bhaint amach faoi dheireadh na bliana

seo? Céard a dhéanfaidh tú chun na spriocanna sin a bhaint amach?

Comhairle bhreise: Scríobh an féinmheasúnú i bhfoirm aiste, gan dul thar 500 focal.

Léigh na treoracha go cúramach agus déan tagairt do na ceisteanna thuas ar fad.

Bain úsáid as na háiseanna seo a leanas chun cabhrú leat an féinmheasúnú a dhéanamh:

An fillteán foghlama ón gcéad agus ón dara bliain.

An ceacht ‘an dea-fhoghlaimeoir Gaeilge’ ón gceardlann.

Greille féinmheasúnaithe an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha:

http://www.tcd.ie/slscs//assets/documents/research/clcs_elp_self_assessment_grid_ga.pdf

Déan iarracht a bheith chomh sonrach agus chomh sainiúil agus is féidir is do chuid

freagraí. Ná habair, mar shampla, go bhfuil fadhb agat leis an ngramadach gan a rá cén

ghné den ghramadach (m.sh. an tuiseal ginideach iolra, aimsirí na mbriathra, srl.) a bhfuil

fadhb agat léi, nó ná habair gurb í an sprioc is mó atá agat ná a bheith líofa sa Ghaeilge, gan

a rá go sonrach céard go díreach a dhéanfaidh tú chun an sprioc sin a bhaint amach.

Déan iarracht spriocanna réadúla a shocrú.

Bí ionraic i do chuid freagraí! Déan iarracht gan a bheith ródhian ná róbhog ort féin!

Déanfar anailís ar an tasc seo de réir na dtreoracha atá leagtha amach ar leathanaigh 11-14

den leabhrán seo.

Page 9: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

8

TASC 2: CLEACHTADH FOGHRAÍOCHTA Treoracha:

1. Éist leis na trí phíosa cainte a bhaineann leis an tasc seo agus a bheidh ar fáil ar Moodle. Roghnaigh an chanúint is mó a thaitníonn leat.

2. Éist leis an bpíosa cainte roinnt uaireanta agus déan iarracht aithris a dhéanamh air ó thaobh na foghraíochta de, ag baint úsáide as an téipscript mar chúnamh. Déan cúram faoi leith de na consain shéimhithe, de chonsain chaola agus leathana, agus de chúrsaí béime. Nuair atá go leor cleachtaidh déanta agat, déan taifead ort féin ag léamh na téipscripte.

3. Éist leis an taifead agus déan comparáid idir an bhunmhír fuaime agus do thaifead féin. An bhfuil aon difríochtaí fuaime idir do chuid foghraíochta agus foghraíocht an chainteora eile? Déan an píosa cainte a thaifead arís más gá.

4. Seol do chomhad taifeadta (i bhfoirm MP3) chuig an teagascóir. Cuir an méid seo mar ainm ar an gcomhad: d’ainm, an bhliain, an tasc agus an chanúint, m.sh.:

Ainm_Bliain 3_Tasc 2_Canúint na Mumhan/ Uladh/ Chonnacht

5. NB. Gheobhaidh tú aiseolas ón teagascóir maidir le roinnt gnéithe den fhoghraíocht a d’fhéadfá a fheabhsú. Ní dhéanfaidh tú anailís scríofa ar an tasc seo, áfach. Ina ionad sin, déanfaidh tú an taifead arís, ag déanamh iarrachta aiseolas an teagascóra a chur i bhfeidhm i do chuid cainte. Cuirfidh tú an taifead nua chuig an teagascóir arís leis an gcomhadainm seo a leanas:

Ainm_Bliain 3_Ceartúchan thasc 2

Cainteoirí dúchais Gaeilge:

Ní oirfidh an tasc seo thuas do roinnt mac léinn ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad. Ba cheart do na mic léinn sin ceann amháin de na tascanna seo thíos a dhéanamh ina áit. Níor cheart tabhairt faoi na tascanna seo gan dul i gcomhairle leis an teagascóir roimh ré.

Rogha A: Scríobh 300 focal ar na difríochtaí foghraíochta idir an Béarla agus an Ghaeilge a chruthaíonn deacrachtaí d’fhoghlaimeoirí a bhfuil an Béarla mar theanga dhúchais acu.

Rogha B: Tá cara leat ag foghlaim na Gaeilge agus níl sé/ sí cinnte ar cheart dó/di dul i dtreo canúint amháin nó cloí leis an lárchanúint. Scríobh ríomhphost chuige/ chuici ar cur comhairle air/ uirthi (300 focal).

*Beidh anailís scríofa le déanamh ar an tasc seo mar is gnáth.

Page 10: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

9

TASC 3: CÚRSA BEATHA AGUS LITIR IARRATAIS Tá dhá chuid ag baint leis an tasc seo. Caithfear (a) AGUS (b) a dhéanamh. (a) Cúrsa beatha (C.V.): (2 leathanach)

Ullmhaigh cúrsa beatha a d’fhéadfá a úsáid agus tú ag cur isteach ar phoist amach anseo. Bíodh an t-eolas seo a leanas san áireamh agat: Sonraí pearsanta/ teagmhála, oideachas, taithí oibre, aon ghradaim, cháilíochtaí breise nó ghnóthachtálacha eile atá bainte amach agat, caithimh aimsire agus ábhair spéise, moltóirí, srl.

Déan cúram faoi leith de struchtúr agus leagan amach an chúrsa beatha. Tá neart samplaí le fáil ar an idirlíon a d’fhéadfá a úsáid mar threoir.

Ná téigh thar dhá leathanach! (b) Litir Iarratais: (250-300 focal) Féach ar an liosta folúntas a fhoilsítear ar www.Gaelport.ie nó ar shuíomh eile idirlín agus aimsigh post a mbeadh suim agatsa ann. Scríobh litir iarratais a bheadh oiriúnach le cur isteach ar an bpost sin. Déan cúram faoi leith de struchtúr na litreach agus de réim na teanga mar is cuí do litir fhoirmiúil.

*Déanfaidh tú anailís scríofa ar an tasc seo de réir na dtreoracha atá leagtha amach ar

leathanaigh 11-14 den leabhrán seo.

Page 11: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

10

Treoir maidir leis an gCóras Ceartúcháin Úsáidfear córas faoi leith chun do chuid tascanna a cheartú i mbliana. Tá an córas seo bunaithe ar liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn ollscoile sna tascanna. Tá na nithe seo a leanas le fáil ar an liosta seo:

uimhir curtha le gach botún a chuirfidh in iúl duit cén chúis atá leis, nó cén pointe gramadaí lena mbaineann sé

cur síos gearr ar an bpointe gramadaí atá i gceist

samplaí coitianta den earráid agus de na leaganacha cearta

leideanna a chabhróidh leat an earráid a cheartú

tagairtí chuig leabhair ghramadaí agus foinsí eile ina bhfaighidh tú míniú níos cuimsithí agus cleachtaí breise ar an bpointe gramadaí is cúis leis an earráid

Nuair a cheartófar do chuid tascanna, mar sin, ní scríobhfar ach uimhir in aice le gach botún agus fágfar fút féin é ansin breathnú ar an liosta seo le treoir a fháil a chabhróidh leat an botún a cheartú agus breis eolais a chuardach ar an bpointe gramadaí is cúis leis. Beidh na ceartúcháin seo le cur san anailís a dhéanfaidh tú ar gach tasc.

Ba cheart go gcabhródh an córas ceartúcháin seo leat: 1. do chuid earráidí féin a cheartú go neamhspleách 2. d’aird a tharraingt ar na hearráidí is coitianta a dhéanann tú agus ar na pointí gramadaí

is mó ar cheart duit díriú orthu 3. taithí a fháil ar na leabhair ghramadaí agus foinsí tagartha éagsúla

*Tabharfar lámhleabhar duit ag tús na bliana a mhíneoidh an córas ar fad duit.

Taifead pearsanta leanúnach ar do chuid cheartúchán: Chomh maith leis na ceartúcháin a chuirfidh tú i ngach anailís, moltar go láidir duit taifead leanúnach a choinneáil de na hearráidí a dhéanann tú i ngach tasc agus de na ceartúcháin a dhéanann tú orthu – i. liosta mór amháin de na ceartúcháin a dhéanann tú ó thasc go tasc agus ó bhliain go bliain. Beidh trí bhuntáiste ag baint leis seo:

1. Beidh na samplaí seo de gach cineál earráide ina gcuidiú leat agus tú ag iarraidh an cineál céanna earráide a cheartú arís.

2. Beidh sé an-soiléir má tá na hearráidí céanna á ndéanamh agat arís is arís eile. 3. Beidh sé soiléir cén dul chun cinn atá á dhéanamh agat ó thasc go tasc.

B’fhearr cóip leictreonach a choinneáil i gcónaí ionas go bhféadfá cur leis de réir a chéile le linn na céime. D’fhéadfá an chóip is déanaí den liosta seo a phriontáil le cur san fhillteán ag deireadh gach seimeastair.

Page 12: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

11

Treoir maidir leis an Anailís Tar éis duit do chuid tascanna ceartaithe a fháil ar ais ón teagascóir, déanfaidh tú anailís orthu. Is í an sprioc atá leis an anailís ná deis a thabhairt don mhac léinn dul i ngleic le roinnt deacrachtaí a tháinig chun cinn sa tasc. A: Ábhar na hanailíse - Díreoidh tú ar 3 ghné den teanga sna hanailísí ar na tascanna scríofa:

Cuid 1: Litriú: Sa chuid seo den anailís, ceartóidh tú na botúin litrithe ar fad a bhí agat sa tasc. Seo na botúin a bhfuil #6 ón gcóras ceartúcháin curtha leo.

Cuid 2: Stór focal agus saibhreas teanga: (a) Déanfaidh tú liosta de na focail nua a d’fhoghlaim tú agus tú ag déanamh an taisc seo. (b) Ceartóidh tú aon bhotún foclóra a rinne tú sa tasc (i gcomhthéacs abairte iomláine). Seo na

focail nó frásaí ar chuir ar teagascóir #5 (botún céille) nó #20 (Béarlachas) leo.

Cuid 3: An ghramadach: (a) Déanfaidh tú cuntas an-ghearr ar na hearráidí is minice a rinne tú sa tasc. (b) Ceartóidh tú roinnt de na botúin seo, i gcomhthéacs abairte, agus tabharfaidh tú míniú

cuimsitheach orthu.

Cé mhéad botún/ cén cineál botún ar cheart díriú orthu? Má tá roinnt samplaí de bhotún amháin agat, d’fhéadfá díriú ar an bpointe gramadaí sin

amháin (mar a dhéantar san anailís shamplach thíos). Mura bhfuil, d’fhéadfá díriú ar 3-5 phointe dhifriúla agus míniú cuimsitheach a thabhairt orthu.

Moltar duit díriú ar na botúin is minice a dhéanann tú, nó ar na botúin a bhfuil uimhreacha ísle (1-10) ón gcóras ceartúcháin ag dul leo.

Gheobhaidh tú comhairle ón teagascóir maidir leis na pointí, nó maidir le líon na mbotún, ar cheart díriú orthu.

B: Measúnú: Is cuid an-tábhachtach den fhillteán foghlama í an anailís seo, agus ní bheidh an tasc curtha i gcrích go dtí go mbeidh an anailís déanta i gceart. Gheobhaidh tú marc ar do thasc, ach marc sealadach a bheidh ann. Ní bheidh an marc sin cinnte go dtí go ndéanfar an anailís. Má tá an anailís an-mhaith, cuirfear suas le 10% breise le marc an taisc. Má tá an anailís lag, nó mura ndéantar ar chor ar bith í, caillfear suas 10% de mharc an taisc. NB: Féach ar an scéim mharcála thíos le soiléiriú a fháil ar céard atá i gceist le hanailís an-mhaith nó le hanailís lag.

Page 13: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

12

Anailísí ar thascanna scríofa – Scéim mharcála Sár-mhaith (+10% le marc an taisc) Cosúil leis an rannóg ‘an-mhaith’, ach tá sé soiléir go bhfuil an mac léinn tar éis dua iontach a chaitheamh leis an tasc. Tá rudaí breise curtha leis na gnéithe riachtanacha, mar shampla:

Tá nótaí breise curtha leis na ceartúcháin litrithe le cabhrú leis an mac léinn cuimhne a choinneáil ar an litriú ceart (féach an anailís shamplach thíos).

Tá roinnt focal agus frásaí roghnaithe ag an mac léinn ón tasc agus iarracht déanta aige bealaí nua nó bealaí níos deise a aimsiú chun an rud céanna a rá (féach an anailís shamplach).

Tá alt nó sliocht as leabhar cóipeáilte ag an mac léinn agus samplaí den phointe gramadaí a bhfuil sé ag iarraidh díriú air aimsithe agus mínithe aige.

An-mhaith (+5% le marc an taisc)

Tá gach cuid den anailís déanta de réir na dtreoracha agus de réir chomhairle an teagascóra.

Tá na ceartúcháin cruinn agus curtha i gcomhthéacs abairte.

Tá na míniúcháin ar fad cruinn agus cuimsitheach. Léirítear iad le breis samplaí.

Tá sé soiléir go bhfuil an mac léinn tar éis dua a chaitheamh leis an anailís a dhéanamh. Ceartúchán agus míniúchán an-mhaith:

Botún Ba mhaith liom níos mó eolas a fháil.

Ceartúchán Ba mhaith liom níos mó eolais a fháil.

Míniú

Níos mó: Cuirtear ainmfhocail sa tuiseal ginideach tar éis ‘níos mó’ mar is focal é a chuireann cainníocht ghinearálta in iúl.

Eolas: Is ainmfhocal firinscneach é ‘eolas’. Caolaítear é sa TG uatha. Baineann an riail chéanna leis na focail seo a leanas: roinnt, a lán, mórán, an iomarca,

go leor, cuid mhór, an-chuid, beagán/beagáinín, níos lú, m.sh: airgead > níos mó airgid; taitneamh > mórán taitnimh; neamhspleáchas > níos mó neamhspleáchais; obair > roinnt oibre; suim > an iomarca suime; am > go leor ama; cumhacht > an iomarca cumhachta.

Go maith (gan aon athrú ar mharc an taisc)

Tá gach cuid den anailís déanta de réir na dtreoracha agus de réir chomhairle an teagascóra.

Tá na ceartúcháin curtha i gcomhthéacs abairte.

Tá na ceartúcháin agus míniúcháin cruinn den chuid is mó. Ceartúchán agus míniúchán maith.

Botún Ba mhaith liom níos mó eolas a fháil.

Ceartúchán Ba mhaith liom níos mó eolais a fháil.

Míniú Cuirtear ainmfhocail sa tuiseal ginideach tar éis ‘níos mó’. Is ainmfhocal firinscneach é ‘eolas’. Cuirtear ‘i’ isteach ann sa tuiseal ginideach uatha.

Lag (-5% ó mharc an taisc)

Níl na codanna ar fad atá luaite sna treoracha déanta.

Dírítear ar na botúin ghramadaí is éasca seachas na deacrachtaí is mó atá ag an mac léinn.

Níl na ceartúcháin ná na míniúcháin cruinn ná cuimsitheach (luaitear an pointe gramadaí ach ní thugtar aon mhíniú ceart air).

Níl na ceartúcháin i gcomhthéacs abairte. Ceartúchán agus míniúchán lag:

Botún eolas

Ceartúchán eolais

Míniú tuiseal ginideach

An-lag/ Níl an anailís déanta (-10% ó mharc an taisc)

Page 14: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

13

Anailís shamplach

Ainm: Orla Ní Mhurchú Dáta: 16 Deireadh Fómhair 2013 Tasc: Bliain 2, Tasc 1, Earráidí sa scríobh (‘Teideal: An post is mó a mbeadh suim agam ann’)

1. Litriú: Rinne mé 7 mbotún litrithe sa tasc seo:

o i gcóir > i gcomhair (cóir = just/ right) o inniú > inniu (níl aon síneadh fada ar an ‘u’) o deachair > deacair (gan h!) o tuarim > tuairim (caol le caol) o taithníonn > taitníonn (gan h) o diffriúl > difriúil ( f x 1, i x 3) o alán > a lán (dhá fhocal, cosúil le ‘a lot’ sa Bhéarla!!)

2. Stór focal: (a) Seo na focail nua a d’fhoghlaim mé don tasc seo:

o folúntas = vacancy o cúrsa beatha = CV o cáilíochtaí inmhianaithe = desired qualifications o litir mholta = reference letter o moltóir = referee (ar chúrsa beatha) o cáin = tax o tuarastal = salary

(b) Bhí trí bhotún foclóra agam sa tasc seo, dhá shampla de #5 agus sampla amháin de #20:

o #5: Is duine othar mé. > Is duine foighneach mé. Míniú: Is ainmfhocal é ‘othar’ a chiallaíonn ‘duine atá tinn’; Is aidiacht é ‘foighneach’. Cuireann sé síos ar thréith duine ar féidir leis fanacht ar rudaí.

o #5: Tagairtí > Moltóirí (mar cheannteideal ag deireadh an chúrsa beatha). Míniú: Bíonn liosta tagairtí ag deireadh aiste; ach tugann moltóir litir mholta duit nuair atá tú ag cur isteach ar phost agus cuireann tú ainmneacha na moltóirí sin ar an gcúrsa beatha.

o #20: Tá mo chuid scríbhneoireacht ag fáil níos fearr > ag éirí níos fearr/ ag feabhsú. Míniú: Ciallaíonn an briathar ‘get’ a lán rudaí éagsúla sa Bhéarla, agus caithfear a bheith an-chúramach nuair atáthar á aistriú go teangacha eile. Sa chás seo, ciallaíonn ‘getting better’ ‘becoming better’ nó ‘improving’.

(c) Saibhriú focal: Tá sé tugtha faoi deara agam go n-úsáidim an frása ‘maidir le’ go han-mhinic. Seo roinnt frásaí eile atá aimsithe agam chun an rud céanna a rá: maidir leis an nGaeilge = i leith na Gaeilge; maidir le cúrsaí oibre = i dtaca le cúrsaí oibre; maidir leis an tuarastal = ó thaobh an tuarastail de

An ghramadach: (a) Seo na botúin ghramadaí is minice a bhí agam sa tasc seo:

o #18a: An tuiseal ginideach uatha x 4 o #18 b: An tuiseal ginideach iolra x 1 o #46: An clásal coibhneasta x 3 o #17: An tuiseal ainmneach x3

Page 15: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

14

(b) Díreoidh mé ar an tuiseal ginideach uatha agus iolra san anailís seo, mar gurb iad sin na botúin is minice a bhíonn agam.

Botún 1: Tá mé cinnte go dtaitneodh saol an iriseoir liom. Ceartúchán: Tá mé cinnte go dtaitneodh saol an iriseora liom. Míniú: Is ainmfhocail iad ‘saol’ agus ‘iriseoir’ agus nuair a bhíonn dhá ainmfhocal ag teacht le chéile bíonn an dara ceann sa tuiseal ginideach. Is focal firinscneach uatha é ‘iriseoir’, mar sin, cuirtear an t-alt ‘an’ roimhe, ní athraítear tús an fhocail, agus athraíonn –eoir go –eora. Seo roinnt samplaí d’fhocail eile a chríochnaíonn ar –eoir/ - óir sa tuiseal ginideach: ainm an léachtóra nua, seoladh ríomhphoist an teagascóra, oifig an chomhairleora Botún 2: Ba mhaith liom níos mó eolas a fháil. Ceartúchán: Ba mhaith liom níos mó eolais a fháil. Botún 3: Tá a lán cumhacht ag na meáin chumarsáide. Ceartúchán: Tá a lán cumhachta ag na meáin chumarsáide. Míniú ar bhotúin 2 agus 3:

‘Níos mó’ agus ‘a lán’: Cuirtear ainmfhocail sa tuiseal ginideach tar éis ‘níos mó’ agus ‘a lán’ mar is focail iad a chuireann cainníocht ghinearálta in iúl. Baineann an riail chéanna leis na focail seo a leanas: roinnt, mórán, an iomarca, go leor, cuid mhór, an-chuid, beagán/beagáinín, níos lú.

Eolas: Is ainmfhocal firinscneach é ‘eolas’. Caolaítear é sa tuiseal ginideach uatha. Cumhacht: Athraíonn an deireadh –acht > –achta de ghnáth sa tuiseal ginideach. Seo roinnt samplaí eile coitianta den tuiseal ginideach tar éis cainníochtaí ginearálta: níos

mó airgid, níos mó neamhspleáchais, mórán taitnimh, go leor ama, níos lú suime, roinnt oibre.

Botún 4: Ní raibh mórán le déanamh agam i rith an samhradh. Ceartúchán: Ní raibh mórán le déanamh agam i rith an tsamhraidh. Míniú: An tuiseal ginideach iolra:

‘i rith’: Is réamhfhocal comhshuite é ‘i rith’ agus leanann an tuiseal ginideach é freisin. Samplaí eile de réamhfhocail chomhshuite iad ‘ar feadh’, ‘le linn’, ‘i gceann’, ‘le haghaidh’, ‘i gcomhair’, ‘de bharr’, ‘tar éis’, ‘i ndiaidh’, ‘os cionn’, ‘ar fud’, srl.

Seo samplaí eile den ghinideach tar éis na réamhfhocal comhshuite: ar feadh tamaill, i gceann seachtaine, le haghaidh dinnéir, de bharr tinnis, tar éis an lóin.

Is focal firinscneach é samhradh a thosaíonn ar ‘s’. Mar sin, úsáidtear an t-alt ‘an’ roimhe sa tuiseal ginideach, cuirtear ‘t’ roimhe, agus caolaítear é. Seo samplaí eile atá cosúil leis seo: Teach an tsagairt, deireadh an tseimeastair, mac an tseanfhir.

Botún 5: Bíonn siad ag scríobh altanna ar líne. Ceartúchán: Bíonn siad ag scríobh alt ar líne. Míniú:

‘ag scríobh’: Is ainm briathartha é ‘ag scríobh’ agus leanann an tuiseal ginideach é. Mar sin caithfear ‘alt’ a chur sa tuiseal ginideach iolra.

Is é ‘ailt’ an uimhir iolra atá ag ‘alt’. Is lagiolra é (toisc go gcaolaítear é) agus mar sin tá an ginideach iolra cosúil leis an uimhir uatha.

alt = an article ag scríobh ailt = writing an article (TG uatha) ailt = articles ag scríobh alt = writing articles (TG iolra)

Page 16: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

15

Aguisín 1: Treoracha maidir le comhad fuaime a thaifeadadh agus a sheoladh chuig an teagascóir

A: Má tá iPhone nó Fón Cliste (Android nó a leithéid) agat:

1. Cliceáil ar “Applications”

2. Roghnaigh “Voice Recorder”

3. Déan taifead ar do phíosa cainte.

4. Athainmnigh an comhad fuaime le d’ainm féin, m. sh. “Seán Ó Broin - Tasc 2”

5. Cliceáil ar “Share” ón roghchlár.

6. Roghnaigh “ríomhphost”

7. Seol chuig do theagascóir. Cuir d’ainm féin agus Tasc 2 i líne an ábhair.

B: Apple Mac:

1. Téigh chuig “Garageband” i roghchlár na bhfeidhmchlár.

2. Cliceáil ar “Create New Podcast Episode”

3. Cuir isteach d’ainm féin mar chomhadainm.

4. Roghnaigh “Guth fir” nó “Guth mná”

5. Cliceáil ar “Taifead”

6. Nuair atá an píosa cainte taifeadta agat, cliceáil ar “Share” agus ansin ar “Send song to

iTunes” (cuirfidh sé seo i bhfoirm MP3 é)

7. Ceangail an comhad fuaime le ríomhphost agus seol chuig do theagascóir é. Cuir d’ainm

féin agus Tasc 2 i líne an ábhair.

C: PC:

1. Bí cinnte go bhfuil micreafón agat ar do ríomhaire. Má tá ríomhaire sách nua agat, is dócha

go mbeidh ceann comhtháite ar an ríomhaire féin. Mura bhfuil an micreafón comhtháite ar

an ríomhaire, is féidir ceann a cheangal leis (mar a dhéanfá chun Skype nó a leithéid de

chlár a úsáid).

2. Déan cinnte go bhfuil clár taifeadta fuaime agat ar do ríomhaire. Mura bhfuil, is féidir

ceann a íoslódáil go héasca. Tá an clár ‘Audacity’ le fáil saor in aisce ón suíomh idirlín:

http://audacity.sourceforge.net/

3. Nuair atá an taifead déanta agat, seol chuig do theagascóir é i bhfoirm MP3 más féidir. Cuir

d’ainm féin agus “Tasc 2” i líne an ábhair.

Page 17: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

16

D: Sa Seomra SALL:

Mura n-éiríonn leat an taifead a dhéanamh tríd na bealaí thuasluaite, beidh roinnt taifeadán

MP3 ar fáil sa seomra SALL in Ionad na dTeangacha ó 10 go dtí 5, ón Luan go dtí an Aoine. Seo

na treoracha chun taifead a dhéanamh ar na gléasanna seo:

1. Tosnú:

Sleamhnaigh an cnaipe HOLD síos agus coinnigh d’ordóg air ar feadh ca. 2 shoicind.

(Más gá) Sleamhnaigh an cnaipe CONF DICT i dtreo CONF.

2. Taifeadadh:

Brúigh REC (cnaipe leis an spota dearg air).

Brúigh STOP ag deireadh do phíosa cainte.

3. Éisteacht:

Brúigh OK chun an rian sin a chloisteáil (más mian leat).

Brúigh STOP nuair atá do dhóthain cloiste agat den rian sin.

Breac síos comhadainm do phíosa cainte.

4. Sábháil ar ríomhaire:

Brúigh an cnaipe USB síos i dtreo na saighde. Ceangail an taifeadán le port USB do

ríomhaire.

Cliceáil ar “My Computer” agus aimsigh an gléas taifeadta WS-405S.

Aimsigh do chomhad fuaime féin. Sábháil ar do ríomhaire agus athainmnigh le d’ainm féin

agus Tasc 2. Seol an comhad fuaime i ríomhphost chuig do theagascóir. Cuir d’ainm féin

agus “Tasc 2” i líne an ábhair.

Cliceáil ar “Safely remove hardware” i gcúinne scáileán an ríomhaire sula ndícheanglaíonn

tú an taifeadán den ríomhaire.

5. Críochnú:

Nuair atá an taifead sábháilte agat ar ríomhaire, is féidir an bunchomhad a scriosadh ón

taifeadán. Chun é seo a dhéanamh: cliceáil ar an gcomhad, agus brúigh an cnaipe

“INDEX/ERASE” ar an taifeadán. Cliceáil ar “FILE ERASE” agus ansin ar “START ERASE”.

Chun an gléas a mhúchadh, sleamhnaigh an cnaipe HOLD suas agus coinnigh d’ordóg air ar

feadh ca. 2 shoicind.

Page 18: Ceardlanna na Tríú Bliana Treoirleabhar na Mac Léinn ... · 5 léacht sa tseachtain a bhíonn ag lucht na tríú bliana, maille le rang oidis, rang teagaisc ... 8 2-6 Nollaig Anailís

17

Aguisín 2: Ceistneoir Dheireadh na Bliana (úsáid leathanach eile más gá)

Smaoinigh ar na spriocanna foghlama a bhí agat ag tús na bliana. Ar éirigh leat iad a bhaint

amach?

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

Murar éirigh leat, an féidir leat cúis a thabhairt dó sin?

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

Cé na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le do chuid Gaeilge anois, tar éis obair na bliana?

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

Cé na rudaí ar mhaith leat feabhas a chur orthu go fóill?

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

Cén chaoi ar chabhraigh an cúrsa seo leat do chuid aidhmeanna teanga a bhaint amach?

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

Céard is féidir leat a dhéanamh tar éis na céime chun leanúint ar aghaidh ag foghlaim na

Gaeilge?

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________