Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach,...

40
Bunreacht Comhaltas Ceoltóirí Éireann 32 Cearnóg Belgrave, Baile na Manach, Co. Átha Cliath, Éire Tel: +353-1-280 0295 Facs: +353-1-280 3759 R-phost: [email protected] comhaltas.ie Ath-chló 2009

Transcript of Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach,...

Page 1: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

Bunreacht

Comhaltas Ceoltóirí Éireann32 Cearnóg Belgrave, Baile na Manach,

Co. Átha Cliath, ÉireTel: +353-1-280 0295 Facs: +353-1-280 3759

R-phost: [email protected]

Ath-chló 2009

Page 2: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

COMHALTAS CEOLTÓIRÍ ÉIREANN

• Saolaíodh an Comhaltas i 1951, mhéadaigh sé de luaslasrach agus faoi láthair áiríotar breis agus 400 craobhleis in Éirinn agus ar fuaid cheithre creasa an domhain.

• Cothaíonn Comhaltas tríd na dáileasa éagsúla atá faoia thearmain, na ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí(damhasóirí) traidisiúnta a chur faoi bhráid an phobail.

• Reachtáiltear breis agus daichead a ceathairFleadhanna Ceoil agus féilte iomaíochta de cheoltraidisiúnta gach bliain, maille le dáileasa iomaíochtaeile agus féilte taispeántais.

• I gcláir an eagrais cuirtear spéis leithleach i náiseannaoideachais agus feidhmítear iliomad ranganna aguscúrsaí a thugann deis do lucht cleachtaithe nanealaíonta dúchasacha chun a gcumas ealaíontaa fhorbairt sa chultúr dúchais.

• Tá cartlann ar fáil ina bhfuil raidhse de cheol agusamhráin dhúchasacha atá anois ag teannadh ganstríocadh le mór-shaothar oideachais an eagrais agusa chuirfidh le cumas ealaíonta sa chultúr dúchais.

• Tá an Comhaltas bainteach le forbairt natimpeallachta a fhónaíonn do aidhmeanna aguscuspóirí an eagrais, tá san soléirithe ina chuid oibrei réimsí raidió, teilifíse, meáin cumarsáide eile agusscannáin.

• Le foilseacháin, ceirníní, seisiúin, céilithe,ceolchoirmeacha agus tionscnaimh oideachaisshiamsúil (shultmhar), leanann an eagras ag múnlúár gceol, amhráin, rince agus teanga mar chuidbríomhar riachtanach de shaol an phobail.

• Tugann an Comhaltas stádas leithleach do theangadhúchais na hÉireann, an Ghaeilge agus tá an eagrasceangailte gan spleáchas lena bhuanchothú.

ii

Page 3: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

AN CHRAOBH

Is í an Chraobh bunsraith agus an taonad is tábhachtaí ingluaiseacht an Chomhaltais.

Is í an Chraobh a chuireann i gcumas saintréithe ár gcultúrdúchais a bheith craobhscaoilte agus neartaithe sa phobal.

Ní fál go haer é craobh a bhunú d’réir na sonraí a leanannagus gan an Bunreacht a shárú:(a) Fógair do Bhord an Chontae nó do’n mBord

Réigiúnach cad atá beartaithe agat, agus faigha chead.

(b) Gairm cruinniú dóibh siúd gur suim leo an gluaiseachtagus tabhair cuireadh do ionadaí ó’n mBord cuí

(c) Roghnaigh na hoifigigh riachtanacha, bailigh na táillíballraíochta agus seol na faisnéisí atá dlite, maille letáillí árachais freagrachta poiblí go dtí an Bord cuí.

(d) Cabhróidh an Bord go fonnmhar le craobh chun clárde imeachtaí a chumadh agus a chinntiú agus cuirfidhdeachomhairle ar an gcraobh i leith adhbhair abhaineann le Comhaltas.

(e) Taréis a bhunaithe ba chóir do’n gcraobh a bheithlángníomhach i ngnóthaí an Bhoird.

Má’s áil leat eolas breise fháil teagmháil le:Comhaltas Ceoltóirí Éireann32 Cearnóg BelgraveBaile na ManachCo. Átha Cliath, ÉireTel: +353-1-280 0295Facs: +353-1-280 3759R-phost: [email protected]

iii

Page 4: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

iv

Tá Cultúrlann na hÉireann, Ard-Oifig CCÉ, ina lár ionadsaoithiúlacha agus gníomhaíochta chultúrtha a thugann

aitheantas don fhéiníocht náisiúnta agus a chuireanntraidisiún na hÉireann chun cinn. Tá bóthar fada

achrannach le taisteal againn ach ná bíodh lagmhisneachorainn – tá íobairt agus saothar na mbunaitheoirí an

Chomhaltais mar lóchrann againn ar an ród seo romhainn.

Page 5: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

Clár

1 Coiteann 2

2 Craobhacha 10

3 Boird Chontae 14

4 Comhairlí Cúige 18

5 Ardcomhairle 24

6 Iontaobhaithe 30

7 An Chomhdháil Chinn Bhliana 32

1

Page 6: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

COMHALTAS CEOLTÓIRÍ ÉIREANN

BUNREACHT

ROINN 1 – COITEANN

NÓTA 1 Gach tagairt sa Bhunreacht seo do Bhoird Chontaeagus a n-oifigigh, is intuighthe go mbaineann séle Boird Réigiúnacha sa Bhreatain agus MeiriceáThuaidh.

NÓTA 2 I gcás imeachtaí Mheiriceá Thuaidh is féidireisceachtaí fé leith a bheith ann maidir le sprioc ládátaí éagsúla, le cead na hArdchomhairle.

NÓTA 3 Tá sé de údarás ag an Ardchomhairle, ComhairlíCúige módhanna cleachtaithe an lámhleabhairreatha ballraíochta a chlaonadh chun córascláraithe de phréamhshamhail uathoibrithe anChomhaltais a thástáil agus a fheidhmiú.

TEIDEAL

1 ‘Sé Comhaltas Ceoltóirí Éireann ainm oifigiúil aneagrais, ar a ngairmfear ‘An Comhaltas’ iar seo saBhunreacht.

AIDHMEANNA AGUS CUSPÓIRÍ

2 (a) Gach gné de cheol dúchais na hÉireann a chothú

(b) Seinm cruite, cláirsí agus píob uilleannd’athbheochaint go foirleathan in Éirinn

(c) Damhsa dúchais na hÉireann a chothú agus a churchun cinn

(d) Amhránaíocht sheanósach Ghaeilge agus Béarla athionscnamh agus a shaothrú

2

Page 7: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

(e) An teanga Ghaeilge a chothú agus a chaomhnúgan teip

(f) Comhcheangal agus cairdeas níos dlúithe abhunú idir lucht tacaíochta an cheoil Ghaeiligh.

(g) Comhoibriú le gach eagras atá ag saothrú anchultúir Ghaelaigh

(h) Craobhacha a bhunú ar fuaid na tíre agus tharlear chun na haidhmeanna agus na cuspóirí sina chur i gcrích.

BALLRAÍOCHT

3 Beidh an Comhaltas neamhaicmeach agusneamhpolaitiúil. Ní cheilfear ballraíocht ar aoinne atábáidhiúil le haidhmeanna agus cuspóirí an Chomhaltaisagus a gheallfaidh dílseacht dá bhunreacht agus dárialacha. Ní bheidh cead guthaíochta ag baillshóisearacha atá fé bhun 15 bliana ar Lá Coille (Eanáir1) na bliana reatha agus níl siad intofa go dtí aon oifigsa Chomhaltas. Beidh comhacht guthaíochta ag baillshóisearacha 15 bliana nó breis ar Lá Coille agus beidhsaid intofa chun oifige in aonad ar bith sa Chomhaltas.

ÉARLAIMH

4 Beidh sé d`údarás ag an gComhaltas cuireadh athabhairt do dhaoine stuama aithnidiúla, cléir nó tuata,nach gá gur baill iad, a bheith ina n-éarlaimh ar aneagras lena marthain. ‘Sí an Ardchomhairle aroghnóidh éarlamh de bhrí gur chruthaigh sé/sí gobhfuil lé aige/aici le h-obair na heagraíochta nó suimina gníomhaíocht nó meas agus aird ar a haidhmeannaagus ar a dearcadh. Beidh sé de chead aige/aici abheith páirteach in imeachtaí uile An Chomhaltais achní bheidh cead guthaíochta aige/aici ar aon chruinniúden eagras.

3

Page 8: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

BEIDH SÉ DE CHEART AG GACH CRAOBH

5 (a) Ballraíocht a dheonú nó a dhiúltú d’aoinne atá ara thóir

(b) Aon bhall a dhíbirt má meastar a iompar a bheithbun-os-cionn le h-aidhmeanna agus cuspóirí AnChomhaltais, agus gur dealraitheach míchlú atharraingt ar an eagras, ar choinníoll i gcónaí, gombeidh breith ar an bhfaill ag an mball atácúisithe é féin a chosaint ar na líomhna agus gogcuirfear cinneadh an fhiosruithe in iúl don mballsin in am tráth. Beidh sé de cheart ag an mballéagóirithe achomharc d’éileamh ar an mBordContae i dtosach báire, agus ina dhiaidh sin ar angComhairle Chúige. Ní bheidh sárú ar bhreith naComhairle Cúige mura gcineann an Chomhairlesin ar an scéal a chur fé bhráid nahArdchomhairle. San áit nach bhfuil Bord Contaeag feidhmiú is lomdíreach fé bhráid na ComhairleCúige a rachaidh an tachomharc.

EAGRAÍOCHT

6 Eagrófar An Comhaltas mar seo leanas.

(a) Craobhacha

(b) Boird Chontae; (Boird Réigiúncha sa Bhreatainagus Meiriceá Thuaidh)

(c) Comhairlí Cúige

(d) Ardchomhairle

dá ngairmfear díobh ‘Aonaid an Chomhaltais’ airseo sa Bhunreacht. Beidh ardcheannas ar aneagraíocht uile go léir ag an gComhdháil ChinnBhliana.

4

Page 9: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

7 Ar a bhunú do gach aonad, beidh cóip amháin denmBunreacht agus des na Rialacha, i mBéarla agus inGaeilge, ag dul don aonad sin, le seoladh chucu saorin aisce. Féadfaidh baill agus aonaid cóipeanna debhreis ar sin a cheannach, má oireann dóibh.

8 Bainfear feidhm as an leagan Gaeilge ar leithrigh denmBunreacht seo le gach conspóid i dtaobh brí aonfhocail nó rialach sa leagan Béarla a réiteach.

9 Tiocfaidh na forálacha nua agus na forálacha leasaithego nglacfar leo ag an gComhdháil Chinn Bhliana ibhfeidhm ar an gcéad lá Samhna a leanann anChomhdháil chéanna sin.

AIRGEADAS

10 Beidh gach cisteoir freagrach i leith cnuasacht aguscaitheamh na maoine a bhaineann le ciste a Aonaidféin den gComhaltas. Cuirfidh an cisteoir i dtaisce,ar chúntas an Chomhaltais, i mbanc atá ceadaitheag a Aonad, Táillí Ballraíochta; fáltais ó imeachtaí areachtáileann a Aonad agus pé airgead nóbronntanaisí eile a tugtar don Aonad thar ceann AnChomhaltais. Caithfear gach cúntas airgid, maille leh-uimhir/h-uimhreacha tagartha, atá fé chúram nacraoibhe a lua san áit cuí sna foirmeacha cláraithe.Síneoidh an cisteoir agus an cathaoirleach nó rúnaían Aonaid a thaiscigh, gach seic nó díorachta ar nabaincéirí.

11 Luacháilfear agus léireofar iad mar mhaoin ina RáiteasAirgeadais Bliantúil, aon áirnéis ar nós comhraimhsíoriomaíochta, gléasanna ceoil, téipthaifeadáin,bannaí, bratacha srl., a bheidh cnuasaithe ag nahAonaid. Luífidh freagracht i leith árachais agus slán-thaisce na n-áirnéis se ar Chathaoirleach, ar Rúnaíagus ar Chisteoir an Aonaid.

5

Page 10: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

12 Taispeánfaidh Ráiteas Airgeadais:

(a) Fáltas iomlán na tréimhse atá i dtrácht agusa fhoinse

(b) Caiteachas iomlán na tréimhse céanna agusmodh a chaite

(c) Faisnéis chothromaíochta a nochtfaidh anbrabach nó an caillteanas glan in airgead i leithna tréimhse sin

Taispeánfaidh an Ráiteas Airgeadais chomh maithFaisnéis chothromaíochta ag léiriú: (a) Maoiniomlán ag tosach na tréimhse atá i dtrácht. (b)Maoin iomlán ag deireadh na tréimhse céanna taréis an brabach nó an caillteanas ag (c) thuas, ashuimiú nó a dhealú fá seach.

13 Cuirfidh Cisteoir gach Aonaid den gComhaltas i dtoll achéile agus fé bhráid Cruinniú Bliantúil an Aonaid,ráiteas iniúchta des na cúntaisí airgid a bheidhfaisnéisithe go cruinn beacht, agus a léireoidh maoin,fáltais agus caiteachas uile an Aonaid, ar na dheimhniúag na hiniúchóirí a ceapadh ag an gCruinniú Bliantúil.

14 Críochnóidh an bhliain airgeadais do chraobhacha aran 31ú lá de Lúnasa, do Bhoird Chontae ar an 30ú láde Mhí na Samhna, do Chomhairlí Cúige agus don ArdChomhairle ar an 31ú lá de Mhí na Nollag. Maidir leMeiriceá Thuaidh, críochnóidh an bhliain airgeadais dochraobhacha ar an 30ú de Mheán Fómhair, do BhoirdRéigiúnacha ar an 31ú lá de Dheireadh Fómhair agusdo’n gComhairle Chúige ar an 31ú de Mhí na Nollag.

15 Cuirfear suimeanna airgid, táillí srl. ó Chraobh goContae, go Cúige, go Ceann Áras.

16 Caithfear maoin an uile aonaid den gComhaltas chunceol dúchasach agus cultúr na hÉireann ar leithrighamháin, a chothú de réir aidhmeanna agus cuspóirí an

6

Page 11: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

Chomhaltais mar a léirítear iad sa Bhunreacht seo. Lecead ón a ghar-aonad stiúrtha féadfaidh aonad amhaoin a theannadh agus a neartú, tré fháltaisí ódháileasa shóisialacha, bronntanais, síntiúis nó ar aonchuma eile.

17 Ní bheidh táille ag dul go oifigeach, toscaire ná moltóiras ucht comaoin seirbhíse a chur ar an gComhaltas.Íocfar i gcónaí costaisí riachtanacha taistil de réir táillethraenach den ghnáth scoth, táille bhus nó aireamhpeitril de réir nó mar a leasaíonn an Ardchomhairle óam go ham, maille le háireamh cothaithe measartha.

COITEANN

18 Caithfidh na dáileasa go léir a reachtáilfidh Aonad féchoimirce An Chomhaltais a bheith ag réiteach lebarrshamhla An Chomhaltais agus an clár do gachdáileas díobh a bheith réamhcheadaithe ag agharúdarás rialaithe.

19 Ní ceadófar aoinne nach ball den gComhaltas é achomhthoghadh in aon ionad san eagras. Le cead arleith ón ngar-údarás rialaithe, is féidir daoine nach bailla cheapadh ar Choistí nó Fochoistí go bhfuil feidhmleithleach leo. Is iad na baill chláraithe amháin dengComhaltas atá incheaptha dul i mbun oifige in aonAonad den eagras, mar aon leis an ionad mariontaobhaí.

20 (a) Cuirfidh an Ardchomhairle Cártaí Ballraíochta arfáil gach bliain agus eiseoidh an tArdchláraitheoiriad trí na Boird Chontae. Bíodh stór de ChártaíBallraíochta ag an Rúnaí Craoibhe i gcónaí, ar nan’eisiúint tar éis táillí ballraíochta a ghlacadh. Níceadmhach do Chraobhacha ar aon chúinse táillíballraíochta a ghlacadh laistigh de cheithre mhí(roimh an 30ú lá d’Aibreán) ó dheire na blianaairgeadais (31ú de Lúnasa)

7

Page 12: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

Dáilfear beartanna de Chomhdháil Chinn Bhlianaroimh 1ú de Mhéan Fómhair

Riarfar cártaí ballraíochta ar an Rúnaí Craoibhesara ngairmfear an cruinniú bliantúil i MíDheireadh Fómhair.

GUTHAÍOCHT AGUS TOGHACHÁIN

21 Beidh ceart guthaíochta san eagras ag baill lán-íochtaamháin agus is trí chárta ballraíochta amháin a géillfearcead isteach go dtí cruinnithe um thoghacháin.

22 (a) Feidhmeoidh gach Oifigeach ó dheireadh anchruinnithe bhliantúil ag ar toghadh é, godeireadh an chruinnithe bhliantúil dár gcionn agusbeidh gach Oifigeach i dteideal atoghadh muragcuirtear a mhalairt in iúl sa Bhunreacht seo.

(b) Fógrófar follúntas oifige in aon aonad dengComhaltas:

(i) má bhuaileann an bás aon oifigeach

(ii) má chuireann oifigeach fógra scoradh scríofafé bhráid a aonaid

(iii) má mheastar oifigeach a bheith fíorfhaillíochi ndualgaisí a oifige

(iv) má bhíonn oifigeach as láthair ó thríchruinnithe leanúnach dá aonad gan cúischóir, fhónta, dhleathach.

(c) Má ráiníonn follúntas oifige do Chathaoirleach,Leaschathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir, OCP,Iniúchóir, nó Oifigeach na nÓg i gCraobh, imBord Contae nó i gComhairle Chúige debhithim cúise seachas breoiteacht, breis agus trímhí roimh dheireadh an téarma dlite don

8

Page 13: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

oifigeach sin, gairmfear cruinniú ar leith laistighde 28 lá, d’aonghnó chun ball eile den aonadáirithe sin a thoghadh chun an fhollúntais.

23 Ní féidir aoinne nach bhfuil i láthair a thoghadh do aonoifig sa Chomhaltas gan ráiteas sínithe uaidh/uaithi godtí An Rúnaí cuí, á dheimhniú go bhfuil sé/sítoilteanach an oifig sin a ghlacadh má toghtar chuicié/í nó gur féidir a bheith réasúnta deimhneach dáthoilteanas. Fógróidh an Rúnaí Aonaid go n-ainmneofaraoinne mar oifigeach do, i scríbhinn don té sin, gurainmníodh é/í.

24 Ní atoghfar chun oifige aon iarrthóir mura mbeidhfreastal déanta aige/aici ar 50% ar a laghad de nacruinnithe a bhí dlite dó/di, agus ar thrí cruinnithe ara laghad i gcás baill nua.

Caithfidh iarrthóirí do Oifigeach na nÓg/Óg-Bhaill abheith fé bhun cúig bliana fichead (25) ar 1ú d’Eanairna bliana um thoghacháin.

25 Bainfear feidhm as guthaíocht rúnda i dtoghachánchun oifige i ngach aonad sa Chomhaltas. Má théanndo iarrthóir dearbhthromlach a bhailiú ar an gcéadchomhaireamh, bainfear as an iomaíocht an té is lú líonguthanna agus comhaireofar arís. Leanfar ar an gcumasin go mbeidh dearbhthromlach ag iarrthóir amháin.

9

Page 14: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

ROINN 2 – CRAOBHACHA

1 Féadfar craobh den gComhaltas a bhunú in aon ait, archoinníoll:

(a) Go gcuirfidh cúigear ar a laghad in iúl don mBordContae, más ann do nó don gComhairle Chúige,in uireasa Boird, go bhfuil sé ar intinn acu craobha bhunú, tacaíocht a thabhairt do aidhmeannaagus cuspóirí An Chomhaltais agus a bheith dílisdá Bhunreacht agus dá Rialacha

(b) Go bhfuarthas an cead atá riachtanach chuncraobh a bhunú ón mBord Contae nó óngComhairle Chúige de réir mar is cuí

(c) Go bhfuil na táillí atá ceaptha íoctha le Cisteoiran Bhoird Chontae nó le cisteoir na ComhairleCúige de réir mar is cuí.

2 Is í an Ardchomhairle go díreach a scrúdóidh agus acheadóidh bunú craoibhe thar lear, ach i gcás naBreataine Móire agus Meiriceá Thuaidh is ar an mBordRéigiúnach ansiúd a bheidh a leithéid de fhreagracht.

3 Chomh luath in Éirinn agus is féidir tar éis cead d’fháil,toghfaidh na baill as a lán-líon féin na hoifigigh seoleanas:

(a) Cathaoirleach

(b) Leaschathaoirleach

(c) Rúnaí/Claraitheoir

(d) Cisteoir

(e) Iniúchóir – a bheidh i dtaobh leis an oifig sinamháin san aonad áirithe sin

(f) Oifigeach Caidrimh Poiblí (OCP)

(g) Treoraí na Gaeilge

(h) Oifigeach na nÓg

10

Page 15: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

(i) Beirt thoscaire go dtí an Bord Contae nó toscaireamháin go dtí an gComhairle Chúige in uireasaBoird Contae.

4 San eadarlinn idir lán-chruinnithe craoibhe, ach féthreoir na craoibhe, gníomhóidh Coiste Craoibhe ara mbeidh, an Cathaoirleach, an Leaschathaoirleach,an Rúnaí/Cláraitheoir, an Cisteoir agus an OCP chungnáth chúrsaí reatha na craoibhe a stiúrú. Féadfaidhan Chraobh méadú ar an gcoiste más áil leo.

CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAISÍ

5 ’Siad príomh-chúraimí craoibhe ná:

(a) Clárú ceoltóirí an cheoil dúchais (amhránaitheagus gléascheoltóirí), damhsóirí an damhsadúchais agus lucht taca aidhmeanna aguscuspóirí An Chomhaltais

(b) Áiseanna a chur ar fáil le haghaidh ár mbaill atheagasc sa cheol dúchais, amhránaíocht,damhsa agus teanga

(c) Eolas ar An gComhaltas agus a ghnothaí aleathadh

(d) Aon dualgaisí réasúnta eile a chuireann an BordContae, An Chomhairle Chúige nó anArdchomhairle uirthi a chomhlíonadh.

6 Coinneoidh an chraobh liosta des na baill go léir atácláraithe agus cuirfear macasamhail den liosta sin fébhráid an chruinniú bhliantúil. Cuirfear cóip triarachden liosta céanna, maille le hainmneacha oifigigh nacraoibhe, go dtí an Bord Contae le cur ar aghaidh godtí an Cúige agus an Ceann Áras, ar a chéad-bhunúagus tar éis gach cruinniú Bliantúil den gcraobh.

7 Caithfidh an Rúnaí Craoibhe lán-eolas a sholáthar doRúnaí an Bhoird Chontae nó Rúnaí na Comhairle más

11

Page 16: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

cuí, i dtaobh gach dáileas a bhíonn le reachtáil agan gcraobh agus an clár a chur ar aghaidh lenaréamh-cheadú.

8 (a) Ar a céad-clárú beidh gach craobh i dteideal cóipamháin saor in aisce den mBunreacht aguscaithfear géilleadh dá rialacha

(b) Beidh sé de cheart ag gach craobh rúin a chur fébhráid na Comhdhála Cinn Bliana.

9 Tionólfar cruinniú craoibhe uair sa ráithe ar a laghadagus tabharfar réamh-fhógra chuige sin do gach ball.Bíodh cruinniú coiste craoibhe de réir mar a bhuailfidhan riachtanas.

10 (a) Níl sé ceadaithe (dleathach) cruinniú Cinn Blianana Craoibhe a thionól níos déanaí ná an 31ú deDheire Fómhair gach bliain agus is riachtanachréamhfhógra cuí chuige sin a thabhairt do gachball. ‘Siad na príomhdhualgaisí a bheidh arChruinniú Cinn Bliana na craoibhe ná oifigigh athoghadh do’n mbliain dár gcionn agus ráiteasairgeadais na craoibhe a chíoradh agus a phlé.

(b) Tá sé rí-thabhachtach go mbeadh na craobhachauile go léir, cláraithe leis an mBord Contae roimhcruinniú Cinn Bliana an Bhoird sin agus ar an lánach déanaí ná 31ú de Mhí na Nollag.

11 Beidh sé de chumhacht ag gach craobh, rialacha dácuid féin a cheapadh chun cruinnithe srl. a riaradhchomh fada is ná saraíonn siad faic atá sa Bhunreachtseo ná ins na rialacha nó atá intuigthe astu.

AIRGEADAS

12 Beidh an chraobh freagrach as an dtáille bhliantúilbhallraíochta a bhailiú. Is í an Chomhdháil ChinnBhliana a chinnteoidh méid na táille. Tá an táille seodlite ar chéadbhunú na craoibhe agus ar an 1ú de

12

Page 17: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

Dheireadh Fómhair gach bliain d’á éis sin. Seolfaidhan chraobh an sciar den dtáille seo, de réir treorach óngComhdháil Chinn Bhliana, go dtí an Contae nó anCúige in éaghmais Boird Contae. Baileoidh an chraobhtáille a bheidh réamhchinnithe ag an gComhdháilChinn Bhliana, ó gach ball fé 18 bliana, ar angairmfear ‘Baill Shóisearacha’. Roinnfear na táillí seode réir moladh na Comhdhála Cinn Bliana. ÁireofarBaill Shóisearacha mar lán-bhaill craoibhe.

13 Stiúrófar gnóthaí airgeadais gach craoibhe de réir maratá leagtha síos i rialacha 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16 ,17, i roinn a haon den mBunreacht seo. Beidh anCathaoirleach, an Rúnaí agus an Cisteoir freagrach snagnóthaí sin d’iontaobhaithe An Chomhaltais.

14 Caithfear cóipeanna den Ráiteas Airgeadais gurglacadh leis, a sheoladh ar aghaidh go dtí,

(a) Rúnaí an Bhóird Chontae ar lá nach déanaí ná an15ú lá de Shamhain

(b) Rúnaí na Comhairle Cúige (in éaghmais BoirdChontae) sara dtagann an 15ú lá de Shamhain.

15 Caithfidh craobh, costaisí údraithe a cuid oifigeachagus toscairí, a íoc as a ciste féin.

16 De bhrí Riail 2 de Roinn a 6 den mBunreacht seo,tá an sealúchas uile atá i seilbh na craoibhe nó fé nah-urlámhas, dílsithe in Iontaobhaithe An Chomhaltaisagus is fé réir ceadú na nIontaobhaithe sin atá údarásag craobh baint leis an sealúchas sin. Féadfaidh nahIontaobhaithe cúlú ón gceadú sin aon uair. BeidhAn Chraobh agus gach ball di freagrach, as sealúchasna craoibhe a lán-ghéilleadh dos a hIontaobhaithe,má iarrann siadsan a leithéid.

17 Tá sé coiscithe ar bhall cláraithe de chraobh aistriú godtí craobh eile laistigh den mbliain bhallraíochta, ganréamhchead ó Bhord an Chontae mar a bhfuil sé/sí inabhall nó ón gComhairle Chúige in uireasa an Bhoird.

13

Page 18: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

ROINN 3 – BOIRD CHONTAE

1 Bunófar Bord Contae ins gach contae go bhfuil trícraobhacha nó breis ann. Beidh Bord dá leithéid fécheannas agus fé stiúradh na Comhairle Cúige, afhéadfaidh an Bord Contae sin a scor agus a mhaoinagus a shealúchas a ghabháil chuici féin, má thagannuimhir na gcraobh fé bhun a trí.

2 I gcomhdhéanamh an Bhoird Chontae beidh nahoifigigh seo leanas a toghfar gach bliain

(a) Cathaoirleach

(b) Leaschathaoirleach

(c) Rúnaí/Cláraitheoir

(d) Cisteoir

(e) OCP

(f) Treoraí na Gaeilge

(g) Oifigeach na nÓg

(h) Beirt Iniúchóir – a bheidh i dtaoibh leis an dá oifigsin amháin ins an aonad céanna

(i) Beirt Thoscaire go dtí an Comhairle Chúige

(j) Beirt Thoscaire ó gach craobh sa chontae.

Beidh sé de cheart ag Bord Contae oifigí breise achruthú ach ceilfear guthaíocht orthu.

3 Feidhmeoidh na hoifigigh réamhluaite den mBordContae, an Cathaoirleach, an Leaschathoirleach,an Rúnaí/Cláraitheoir, Cisteoir agus OCP mar choisteContae fé thiarnas an Bhoird Chontae cun cúrsaípráinneacha san eatramh idir chruinnithe an Bhoirda threorú.

14

Page 19: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAISÍ

4 (a) Stiúróidh an Bord Contae, fé mhaoirseacht naComhairle Cúige, gnóthaí a chraobhachacomhpháirteacha agus ’sé an príomh-chúram abheidh ar an mBord ná craobhacha nua a bhunúagus aidhmeanna agus cupóirí An Chomhaltais achraobhscaoileadh. Beidh sé de chumhacht aigemaoin a chnuasach nó a chaitheam ar mhaitheleis An gComhaltas amháin.

(b) Beidh sé de cheart aige chomh maith, rúin a churfé bhráid na Comhdhála Cinn Bliana.

(c) Beidh sé de cheart ag Bord Contae craobh a churar fionraí agus/nó oifigeach/oifigigh craoibhe adhíbirt as oifig nuair is léirchinnte go bhfuilan chraobh nó oifigigh na craoibhe ciontach in-iompar atá bun-os-cionn le haidhmeanna aguscuspóirí an Chomhaltais mar a léirítear saBhunreacht agus gur dealraitheach míchlú atharraingt ar an eagraíocht. Beidh sé de cheart agcraobh nó oifigeach atá fé bhreith fionraíochtaachomharc a éileamh ar an gComhairle Chúige.Fad a bheidh craobh ar fionraí feidhmeoidh anBord Contae thar a ceann ins gach gné d’obairagus de dhualgaisí na craoibhe.

5 Coiméadfaidh an Bord Contae cóip amháin de naFoirmeacha Tuarascála Ballraíochta Craoibhe agusseolfar cóip dúbalta go dtí an Cúige:

(a) Foirmeacha Tuarascála an Bhoird Chontae

(b) Foirmeacha Tuarascála Ballraíochta Craoibhe

(c) Na Dáileasa go léir atá beartaithe fé choimircean Chomhaltais sa Chontae

Tabharfaidh an Rúnaí réamhfhógra 7 lá dochruinnithe, freastal ar na cruinnithe sin agus namiontuairiscí a thiomsú.

15

Page 20: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

(d) Seolfaidh sé/sí do dtí an Rúnaí Cúige roimhNollaig 31 ainmneacha na nOifigeach atá moltadon gComhairle Chúige.

6 Ar a laghad uair sa ráithe, beidh cruinniú de gach BordContae, ar uair agus láthair a cinnteofar ag angcruinniú roimhe sin. I gcontae gur lú ná 10 líon achraobhacha, beidh a chruinniú Boird gan éifeacht,gan tathag, mura mbeidh cúigear ball, gur oifigighbeirt ar a laghad díobh, i láthair. Imeoidh an dálacéanna ar chruinniú Boird in aon chontae le 10 nóbreis de chraobhacha, mura mbeidh i láthair cúigiúdíobh siúd atá i dteideal freastal, agus orthu sin, gombeidh beirt oifigeach ar a laghad.

7 Tar éis réamhfhógra cuí a chur ag triall ar na baill,tionólfar an Cruinniú Bliantúil ar lá nach déanaí ná 20úNollaig nó 31ú Nollaig maidir leis an mBreatain. ‘Sípríomhfheidhm an chruinnithe seo ná Oifigigh athoghadh agus ráitisí airgeadais an Bhoird Chontae, nagCraobhacha agus Coiste na Fleidhe Contae achíoradh agus a phlé. Ainmneoidh na Craobhacha iscríbhinn go dtí an Rúnaí Contae na hOifigigh donmBord Contae ar lá nach déanaí ná 15ú lá deShamhain nó an 31ú lá de Nollaig maidir leis anmBreatain.

8 Riarófar cúrsaí airgeadais an Bhoird Chontae de réirrialacha 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, agus 17 de Roinn a1 den mBunreacht seo agus beidh Cathaoirleach,Rúnaí agus Cisteoir an Bhoird Chontae freagrach doIontaobhaithe an Chomhaltais ins na gnóthaí uile goléir a thagann as na cúrsaí airgeadais céanna.

9 Baileoidh an Bord Contae ó gach Craobh táillebhallraíochta a chinnteoidh an Chomhdháil ChinnBhliana a athrú nuair is gá, ó gach ball agus seolfar godtí an Cúige an sciar den dtáille sin mar atá ceapaitheag an gComhdháil Chinn Bhliana.

16

Page 21: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

10 Nuair a ghlachfaidh an Cruinniú Bliantúil leis an RáiteasAirgeadais Bliantúil a bheidh iniúchta ag na h-iniúchóiríoinigh, cuirfidh an Rúnaí cóipeanna de’n ráiteascéanna ar aghaidh go dtí an Cisteoir Cúige roimh an31ú de Mhí na Nollag.

11 Is leis an mBord Contae gach comhramh síor-iomaíochta a thagann i seilbh an Bhoird sin agusléireofar a luach mar mhaoin fé mar atá leagtha síos iRialacha 11 agus 12 de Roinn a 1 den mBunreacht seo.Cuirfidh an Cisteoir Contae na comhraimh seo féárachas agus caithfidh siad a bheith ar fáil do gachCoiste Fleidhe dá leanann. Coinneoidh Cisteoir anBhoird Chontae liosta ina mbeidh ainm agus seoladhgach duaiseoir a bhuann na comhraimh síor-iomaíochta seo.

12 Ní bheidh ach an t-aon Fleadh Chontae Bhliantúilamháin ins gach contae agus roinnfear glan-socharna fleidhe sin mar leanas:

(a) 50% do chraobh eagraithe na fleidhe

(b) 50% don mBord Contae

Titfidh caillteanas, más ann dó, sa choibhneascéanna orthu araon. Féadfaidh aon BhordContae, ar a bhreithiúnas féin, FleadhannaRéigiúnacha a reachtáil ón a dtoghfar na h-iomaitheoirí cáilithe don bhFleadh Chontae.

13 Mura gcuireann an Bord Contae Ráiteas Airgeadais cuíar fáil, roghnóidh an Chomhairle Chúige duine dá baillféin, chun cúntaisí an Bhoird sin a scrúdú, agus archloisint a t(h)uarascála siúd, pionós oiriúnach aghearradh, más cuí.

17

Page 22: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

ROINN 4 – COMHAIRLÍ CÚIGE

1 I gcomhdhéanamh Comhairlí Cúige beidh

(a) Cathaoirleach

(b) Leaschathaoirleach

(c) Cisteoir

(d) Rúnaí/Cláraitheoir

(e) Beirt Iniúchóir Oinigh ná féadfaidh aon oifig eilea ghlacadh ins an Aonad Áirithe Céanna

(f) OCP

(g) Treoraí na Gaeilge

(h) Oifigeach na nÓg

Beirt Thoscaire thar ceann gach Bord Contae sachúige. Aon Chontae atá in-éagmais Boird,féadfaidh toscaire amháin thar ceann gachcraoibhe ann, freastal ar an gComhairle Chúige.Beidh sé de cheart ag an gComhairle oifigí sabhreis a chruthú ach gan cead vótála acu.

CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAISÍ

2 Riarfaidh agus stiúróidh An Chomhairle Chúigeimeachtaí uile An Chomhaltais sa chúige lasmuigh deFhleadh Cheoil na hÉireann a leanfaidh fé threoir nahArdchomhairle, i gcomhar leis an gComhairle Chúige.Beidh an Cathaoirleach, an Leaschathaoirleach, anRúnaí/Cláraitheoir, an Cisteoir agus an tOCP deChomhairle Chúige, ina mbaill neathofa de gach coistefleidhe sa chúige, pé acu Fleadh Chontae, FleadhChúige nó Fleadh Cheoil na hÉireann.

3 Beidh sé de údarás ag an gComhairle Chúige dul igcomhairle le Bord Contae nó le craobh san áit nachbhfuil Bord Contae ag feidhmiú chun comhairle agus

18

Page 23: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

treoir a thabhairt ar conas a úsáidfear maoin, gustalagus acmhainn an Bhoird nó na craoibhe sin chunaidhmeanna agus cuspóirí An Chomhaltais a chur chuncinn agus a spreagadh sa limistéir áirithe atá i gceist.

4 (a) Beidh sé de údarás ag an gComhairle Chúige,gach aighneas i dtaobh Baill, Craobhacha nóBoird Chontae sa chúige a réiteach

(b) Beidh sé de cheart ag gach Comhairle Chúigerúin a chur fé bhráid na Comhdhála Cinn Bliana.

5 Beidh sé de údarás ag an gComhairle Chúige aonBhord Contae nó Craobh san áit nach bhfuil BordContae ag feidmiú, a chur ar fionraí laistigh dá cúigeféin. Cuirfear an túdarás sin i bhfeidhm nuair acruthaíotar go soiléir go bhfuil an Bord Contae nó anChraobh atá i gceist ciontach in iompar a meastar abheith bun-os-cionn le rialacha, aidhmeanna, cuspóiríagus barrshamhla an Chomhaltais mar a léirítear iad saBhunreacht seo agus gur dealraitheach tarcaisne agusmí-chlú a tharraingt ar an gComhaltas. Nuair atharlaíonn fionraíocht dá leithéid beidh sé dechumhacht ag an gComhairle Chúige, feidhmeannauile an bhoird Chontae nó na Craoibhe sin a thógaintuirthi féin go sealadach. Is fé bhráid na hArdchomhairle a cuirfear aon athcomharc in aghaidh aonbhreith de’n gComhairle Chúige agus ag anArdchomhairle atá an breith scoir.

6 Tionólfar cruinnithe de na Comhairlí Cúige uair saráithe ar a laghad ar thráth agus láthair a cinnteofar agan gcruinniú roimhe sin. Cuirfidh an Rúnaíréamhfhógra seacht lá agus cóip de chlár gnótha anchruinnithe ar aghaidh go dtí gach toscaire. Socrófarionad agus tráth do gach Fleadh agus Comórtas sachúige sara dtagann Lá Samhna.Tionólfar cruinnithe deChomhairle Cúige Mheiriceá Thuaidh dhá uair ar alaghad sa bhliain, ar thráth agus láthair a cinnteofar agan gcruinniú roimhe sin.

19

Page 24: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

7 Féadfaidh an Rúnaí, i gcomhchomhairle leis angCathaoirleach nó ar achainí ó thrí Bhord Chontae,cruinniú ar leithrigh den gComhairle Chúige a thionól.

8 Riarfar gnóthaí airgeadais na Comhairle Cúige de réirrialacha 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16 agus 17 de Roinna 1 den mBunreacht seo agus beidh an Cathaoirleach,An Rúnaí agus An Cisteoir freagrach d’IontaobhaitheAn Chomhaltais sna gnóthaí sin.

9 Féadfaidh an Chomhairle Chúige, as a ciste féin,costaisí údraithe oifigiúla taistil agus íostais a cuidoifigeach agus aoinne eile a ghníomhaíonn fén aceannas, a íoc.

10 Roinnfear glan-sochar ón bhFleadh Chúige Bhliantúilmar leanas:

(a) 25% do Chraobh eagraithe na Fleidhe

(b) 25% don Bord Contae

(c) 25% don gComhairle Chúige

(d) 25% don Ardchomhairle

Titfidh caillteanas, más ann dó, sa choibhneascéanna orthu.

11 Baileoidh an Cúige na taillí cuí ballraíochta ón gContaenó ón gCraobh má’s riachtanach agus seolfaidh ansciar den dtáille sin de réir moladh na Comhdhála CinnBliana go dtí an Ceann Áras.

12 Cuirfidh Comhairlí Cúige fé bhráid a gComhthionólCúige:

(a) Tuarascáil an Rúnaí

(b) Ráiteas Airgeadais, iniúchta ag na h-iniúchóiríoinigh, agus fairis sin liosta des na Boird Chontaeagus des na Craobhacha atá cláraithe go cuí saChúige. Léireoidh an liosta seo chomh maith, anbhallraíocht iomlán sa Chúige do gach bliainairgeadais.

20

Page 25: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

13 Mura gcuireann Comhairle Chúige, ráiteascruinnfhaisnéisithe iniúchta dá cúntaisí airgid ar fáil,beidh sé de chumhacht ag an Ardchomhairle taréisdóibh mionfhiosrú a dhéanamh, pé gníomhaíochtsmachtúil ar a gcinnfidh said a chur i bhfeidhm ar angComhairle Chúige sin, agus tharlódh dá chionn singo gcuirfí aon oifigeach nó na hoifigigh uile ar fionraí.Féadfaidh an Ardchomhairle obair An Chomhaltaissa chúige sin a riaradh, go dtí go mbeidh An RáiteasAirgeadais réitithe ina cheart agus glactha leis.

14 Áireoidh Comhairle Chúige na comhramha síor-iomaíochta a thagann i seilbh Coiste na Fleidhe Cúige,mar chuid dá maoin féin, de réir mar atá léirithe i Riaila 11 de Roinn a 1, agus cuirfear san iomaíocht iad agFleadhanna d’éis sin. Coinneoidh Cisteoir na ComhairleCúige clár-iris a chuirfidh in iúl cá bhfuil gachcomhramh agus urradh dhíobh, agus go mbeidh saidar láimh in am tráth do gach fleadh dá leanann.Cuifidh sé/sí liosta na gcomhramh ar aghaidh go dtíRúnaí na gComórtas, agus fós arís, cuirfidh sé/sí nacomhramha uile fé árachas in aghaidh gadaíochta,caillteanais, nó dochair.

COMHTHIONÓIL CÚIGE

15 Sara dtionólfar an Comhthionól Bliantúil, ar uair nachdéanaí ná an lá deireanach de Mhí Feabhra (achamháin Meiriceá Thuaidh) cuirfear amach, ceithresheachtain roimh ré, go dtí Rúnaithe Contae nóRúnaithe Craoibhe más cuí sin, cóipeanna denRáiteas Airgeadais, den gClár Gnótha agus liosta nan-ainmnitheach. Fágfar fé na Boird Chontae ar leithrigiarrathóirí a ainmniú dos na postanna sa ChomhairleChúige agus caithfear a n-ainmniúcháin a chur in iúldon Rúnaí Cúige cúig seachtainí roimh angComhthionól ar a dhéanaí. Tionólfar ComhthionólBliantúil Meiriceá Thuaidh ar uair nach déanaí ná an

21

Page 26: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

Domhnach deireannach de mhí Aibreáin ag láthaircraoibhe a cinnteófar bliain ar a laghad roimhe sin.

16 I gcomhdhéanamh an Chomhthionóil beidh:

(a) Oifigigh na Comhairle Cúige atá fé chlabhsúr

(b) An Cathaoirleach, An Rúnaí agus An Cisteoir degach Bord Contae, ná ceadaítear teachtaí ionaidthar a gceann, agus beirt thoscaire ó gach BordContae

Beirt Thoscaire ó gach raobh cláraithe sa bhliainairgeadais reatha

FEIDHMEANNA AN CHOMHTHIONÓIL CHÚIGE

17 ’Siad seo leanas feidhmeanna an ChomhthionóilChúige:

(a) Ráitisí airgeadais na mBord Contae a iniúchadhagus a phlé

(b) Ráitisí airgeadais na gcraobh nach bhfuil fé réirBoird Chontae a mheas sa tslí chéanna

(c) Ráiteas airgeadais na Fleidhe Cúige a iniúchadhagus a phlé

Caithfear na Ráitisí Airgeadais seo agus iadiniúchta go cóir agus go cuí, a chur go dtí anRúnaí Cúige gach bliain ar an lá nach déanaí náan 31ú lá de Mhí na Nollag

(d) Ráiteas Airgeadais na Comhairle Cúige a mheasagus a phlé

(e) Tuarascáil an Rúnaí Chúige a mheas agus a phlé

(f) Na hoifigigh seo leanas a thoghadh:

Cathaoirleach; Leaschathoirleach; Rúnaí/Cláraitheoir; Cisteoir; OCP; Treoraí na Gaeilge;Oifigeach na nÓg, Beirt Iniúchóir oinigh a bheidh

22

Page 27: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

fé chosc aon oifig eile a ghlacadh san Aonadáirithe céanna; agus beirt Thoscaire go dtí anArdchomhairle. Beidh Cathaoirleach naComhairle Cúige ina Leaschathaoirleach ar anArdchomhairle

Ní caithfear aon ghuth ach amháin go pearsanta.

18 Feidhmeoidh na hoifigigh réamhluaite, AnCathoirleach, An Leaschathoirleach, An Rúnaí/Cláraitheoir; An Cisteoir agus an tOCP mar a léiríodhag 17(f), mar Bhuanchoiste Cúige, fé thiarnas naComhairle, chun fadhbanna práinneacha a tharlóidhsan eatramh idir chruinnithe na Comhairle a réiteach.

19 Nuair a eireoidh Cathaoirleach Cúige as oifig, leanfaidhsé ina bhall de bhrí oifige den gComhairle chéanna, arfeadh bliana eile tar éis sin.

20 Ainmneoidh an Comhthionól Cúige iarrthóirí letoghadh ag an gComhdháil Chinn Bhliana dos na h-ionaid seo leanas,

(a) Arduachtarán

(b) Ardchisteoir

(c) Ardrúnaí

(d) Ardchláraitheoir

(e) Beirt Óg-Bhaill

Ceapfaidh Comhdháil Ulaidh oifigeach ceangailidir an Comhaltas agus Cumann FidileiríAontroma agus Contae Dhoire ‘The Antrim andDerry Fiddlers’ Association’, an ceapachán sin ledaingniú ag an gComhdháil Chinn Bhliana.

23

Page 28: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

RIONN 5 – ARDCHOMHAIRLE

1 I gcomhdhéanamh na hArdchomhairle beidh:

(a) Arduachtarán: iarrthóirí don oifig seo cuiridís an-intinn in iúl i scríbhinn do na Rúnaithe Chúigego léir ar thráth nach déanaí ná an 17 Eanáir sabhliain go bhfuil an togha le déanamh. Caithfidhgach iarrthóír a bheith ainmnithe agComhthionól Cúige amháin ar a laghad, agus agan gComhdháil Chinn Bhliana i dtosach gnóthasan iarnóin Dé Domhnaigh, toghfar as nahiarrthóirí ceartainmnithe an té a gheobhaidhdearbh-thromlach guthanna na dtoscairídleathacha atá i láthair. Réimeas trí bliana abheidh ag an Arduachtarán agus ní bheidhatoghadh i ndán dó/di go ceann trí bliana breisthairis sin. Má ráiníonn follúntas donArduachtaránacht le linn tréimhse réimis na dtrímbliana sin, toghfar san bhfollúntas sin duineden seisear Leaschathaoirleach a gheobhaidhdearbhthromlach guthanna na mball denArdchomhairle. Beidh sé de cheart agArduachtarán a toghfar ar an gcuma sin a bheithsan iomaíocht don oifig chéanna an chéadtréimhse eile tar éis sin.

Dualgaisí: Beidh an tArduachtarán i gceannas archruinnithe den Ardchomhairle, denmBuanchoiste agus den gComhdháil ChinnBhliana. Gníomhóidh sé mar Uachtarán ag anoscailt oifigiúil de Fhleadh Cheoil na hÉireannagus ar dháileasa náisiúnta eile a reachtáilfearfé choimirce na hArdchomhairle. I gcomh-chomhairle leis an Ardrúnaí agus leis anArdstiúrthóir socróidh sé/sí cruinnithe agus cláiroibre cruinnithe den Ardchomhairle agus denmBuanchoiste.

24

Page 29: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

(b) Ardrúnaí: Iarrthóir atá ar intinn tabhairt fén oifigseo, cuireadh sé/sí é sin in iúl ar chuma nahArduachtaránachta, do na Rúnaithe Chúige.Na hiarrthóirí a gheobhaidh ainmniúchán óchomhthionól Cúige amháin ar a laghad,roghnófar astu i dtosach gnótha san iarnóinDomhnach na Comhdhála an té a gheobhaidhdearbhthromlach guthanna na dtoscairídleathacha atá i láthair. Gníomhóidh sé/sí marRúnaí don Ardchomhairle, an Bhuanchoiste agusan Chomhdháil Chinn Bhliana. Igcomhchomhairle leis an Arduachtarán agusan Ardstiúrthóir ullmhóídh sé clár gnótha, dochruinnithe na hArdchomhairle agus anBhuanchoiste agus comhlíonfaidh sé aondualgaisí breise a dháilfidh an tArdchomhairleair/uirthi.

(c) Seisear Leaschathaoirligh: ceapaithe mar aléirítear i Roinn 4, Riail 17(f).

(d) Ardchisteoir: Toghfar Ardchisteoir gach bliainsa tslí chéanna go dtoghtar an tArdrúnaí.Feidhmneoidh sé/sí de réir rialacha 12 go 14 deRoinn 5 den mBunreacht seo. Soláthróidh sé/sícúntaisí iniúchta don Ceann Áras trí seachtaineroimh an gComhdháil.

(e) Ardchláraitheoir: Toghfar Ardchláraitheoir gachbliain sa tslí chéanna go dtoghtar Ardrúnaí. Beidhsé/sí freagrach in eisiúint cártaí ballraíochta, inárachas na gcomhramh do Fhleadh Cheoil nahÉireann; beidh sé/sí feagrach tuairisc chruinna choimeád ar shócmhannas an Chomhaltais argach leibhéal; agus deimhneoidh sé/síiontaofacht na dtoscairí go dtí an gComhdháilChinn Bhliana.

25

Page 30: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

(f) Oifigeach Comórtaisí: ’Siad an Ardchomhairle athoghfaidh Oifigeach Comórtaisí as líon a mballféin. Dualgaisí: Comhoibreoidh sé/sí leis angCeann Áras ins na gnothaí uile a bhaineann leFleadhanna, Scoraíocht agus comórtaisí eile

(g) Oifigeach Ceoil: ’Siad an Ardchomhairle athoghfaidh oifigeach ceoil as líon a mball féin.Dualgaisí: Gníomhóidh sé/sí mar Rúnaí dongCoiste Ceoil agus stiúróidh sé/sí obair an choistele comhoibriú na hArdchomhairle ach fé na treoir

(h) Oifigeach Caidrimh Poiblí: ’Siad anArdchomhairle a thoghfaidh Oifigeach CaidrimhPoiblí as líon a mball féin. Dualgaisí:Comhoibreoidh sé/sí leis an gCeann Áras ins nagnóthaí go léir a bhaineann le fógraíocht aguscaidreamh poiblí

(i) Beirt Thoscaire ó gach Comhairle Chúige

(j) Beirt Óg-Bhaill

(k) Beirt Fhéachadóirí, gan cead vótála, ó na Fo-choistí Náisiúnta seo leanas – Coiste Ceoil agusCoiste Rince

Féadfaidh an Ardchomhairle baill achomhthoghadh dos na hionaid réamhluaite ag(f), (g) agus (h), más gá

2 Fé threoir na hArdchomhairle, gníomhóidhBuanchoiste ar a mbeidh an tArduachtarán, antArdstiúrthóir, an tArdrúnaí, an tArdchisteoir agus antArdchláraitheoir chun gnáth obair laethúil, nahArdchomhairle a riaradh nó chun aon dualgaisí eile achuireann an Ardchomhairle orthu a chomhlíonadh.

3 Féadfaidh an Ardchomhairle duine dá baill a thoghadhmar chomharba, má ráiníonn easnamh éagmais imeasc a cuid oifigeach ach má ráiníonn follúntas i

26

Page 31: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

measc na n-ionadaithe cúige ar an Ardchomhairle, is íAn Chomhairle Chúige cuí a roghnóidh an comharbagan ró-mhoill. Ní chuirfidh aon easnamh ina ballraíochtná aon éagmais i dtoghadh aoinne dá baill, neamhthorar imeachtaí na hArdchomhairle.

MODH OIBRE

4 Tionólfar cruinniú den Ardchomhairle trí n-uaire sabhliain ar a laghad ar thráth agus láthair a cinnteofarag na gcruinniú roimhe sin. Is féidir cruinniúurghnáthach den Ardchomhairle a ghairm mámheasann an Buanchoiste a leithéid a bheith gátarachnó caothúil. Cuirfidh an tArdstiúrthóir réamhfhógraseacht lá agus cóip de chlár gnótha an chruinnithe araghaidh go dtí gach ball.

5 Ní bheidh tathag i gcruinniú den Ardchomhairle ganan cúigiú cuid des na baill ar a n-áireofar ar a laghadbeirt oifigeach feidhmitheach. Caithfidh AnCathaoirleach a bheith ina Oifigeach feidhmitheach.

6 (a) ‘San eatramh idir Comhdháileanna Cinn Bhliana,beidh ardcheannas reachtach ag anArdchomhairle ar an gComhaltas ar fad agus ant-aon údarás cinntitheach ar bhrí an Bhunreachtaagus na Rialacha. Beidh forlámhas aici ar aneagras uile go léir i leith smachta, maoine,infheistíochta agus sealúchais an Chomhaltais. Istríd na hIontaobhaithe a chuirfidh sí an forlámhasseo i bhfeidhm ina láncheart.

(b) Beidh sé de cheart ag an Ardchomhairle rúin achur fé bhráid na Chomhdhála Cinn Bliana.

7 Beidh sé de chumhacht aici an spriocbhreith athabhairt ar aon athchomhraca a thagann féna bráidde réir an Bhunreachta seo.

27

Page 32: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

8 Más é tuairim na hArdchomhairle nach bhfuil aonadáirithe ag comhlíonadh rialacha An Chomhaltais maratáid léirithe sa Bhunreacht seo, nó go bhfuil an t-aonad sin ciontach in iompar díobhálach do dheacháilAn Chomhaltais, féadfaidh An Ardchomhairle, tar éisdi dul i gcomhairle le garchoiste rialaithe an Aonaidchéanna, a leithéid sin de aonad a chealú agus seilbh aghlacadh ar a mhaoin.

9 (a) Beidh sé de chumhacht ag an Ardchomhairlemaoin a chnuasach, agus dleachtanna a rachaidhchun leasa an eagrais tré chéile a leagadh arBhoird Chontae agus ar chraobhacha. Féadfaidhsí deontaisí agus iasachtaí a chur ar fáil do aonaidan Chomhaltais chun aidhmeanna agus cuspóiríAn Chomhaltais a chur chun cinn.

(b) Beidh cumhacht ag an Ardchomhairle iasachtairgid a lorg chun cuspóirí, aidhmeanna agustionscnaimh ceartúdraithe an Chomhaltais a churchun cinn. Ar a comhairle féin, más áil leo,féadfaidh an Ardchomhairle a cheadú doChraobhacha, Boird Chontae nó ComhairlíCúige, iasacht airigid d’fháil do thionscnaimhréamhcheadaithe, agus gan cead scríofa ónArdchomhairle ní fhéadfaidh aonad ar bith dengComhaltas airgead a ghnóthú tré iasacht nórótharrac.

10 Ó am go ham, féadfaidh an Ardchomhairle coistícoiteanna nó coistí sainghnéitheacha a bhunú, pé acudá leithéidí a tuigtear dóibh is oiriúnaí don obair abheidh le déanamh, ach caithfear beartaisí aon choistedíobh siúd a chur fé bhráid na hArdchomhairle chuniad a cheadú.

11 Beidh sé de chumhacht ag an Ardchomhairle an t-ionad do Fhleadh Cheoil na hÉireann a thoghadh mara léirítear sa Bhunreacht seo.

28

Page 33: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

12 Feidhmeannaigh Fostaithe: Beidh na dualgaisí,freagrachtaí agus coinníollacha oibre a chinnteoidh anArdchomhairle do Fheidhmeannaigh lánaimsearachafostaithe, fé réir ag conradh dleathach.

AIRGEADAS

13 Stiúrófar gnóthaí airgeadais na hArdchomhairle, de réirmar atá léirithe i rialacha 10, 11, 12, 13, 14 15 agus17 de Roinn 1 den mBunreacht seo. Beidh antArduachtarán, an tArdrúnaí agus an tArdchisteoirfreagrach ins na gnóthaí seo go léir, do Iontaobhaithean Chomhaltais.

14 Cuirfidh an tArdchisteoir tuarascáil an Iniúchóra fébhráid na Comhdhála Cinn Bliana maille le cúntascothromaíochta sonnradhach, iar na iniúchadh aginiúchóir an Chomhaltais a roghnaíodh ag angComhdháil Chinn Bhliana roimhe sin. Léireoidh ancuntas gach fáltas, caiteachas, infheistíocht agussócmhainní chomh maith le staid airgeadais anChomhaltais ag deireadh na bliana atá fé chaibidil.

15 Is í an Ardchomhairle ar leithrigh a bheidh freagrach ascaitheamh deontaisí Rialtais nó aon deontaisí eile arleibhéal náisiúnta.

16 Féadfaidh an Ardchomhairle na costaisí údraithe atáriachtanach len a dualgaisí a chomhlíonadh, a íoc as amaoin féin.

17 (a) (i) Is é an Comhaltas a shealbhóigh aghabháltaisí uile chun a ghnó agus a chúrama thabhairt i gcrích foirfeachta.

(ii) Úsáidfear maoin agus gabháltaisí anChomhaltais go huile agus go hiomlán chunaidhmeanna na gluaiseachta mar léirítear iadsa Bhunreacht seo a chur chun cinn.

29

Page 34: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

(iii) Ní íocfar ná ní aistreofar aon chuid de fháltasná de shealúchas an Chomhaltais, díreach nóneamhdhíreach tré dhibhinn, bónas nó araon chuma eile chun sochair dá bhaill.

(b) Má ráiníonn gur follas deireadh saothair agus éagdo Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus fé réir dochomhréitigh feidhmithe le comhlachtaí poiblí nógníomhaireachtaí, aistreofar maoin uile nagluaiseachta – i gcomhairle agus i gcomhthoil lecomhlachtaí oiriúnacha poiblí agusgníomhaireachtaí – go dtí eagraisneamhpholaitiúil, neamhaicmeach, cultúra, aghéilleann do na cuspóirí agus aidhmeannacéanna le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus achoiscigh riaradh na maoine agus an tsealúchaissin ar a bhaill.

(c) Gheobhaidh Comhaltas a chuid tacaíochta tréshíntiúis deonacha bliantúla.

GINEARÁLTA

18 Nuair a bhíonn guthaíocht ar comh tharrac, bíonn guthréitigh de shíor agus i gcónaí ag an Arduachtarán.

19 Nuair a bheidh a thréimhse réimis i leataoibh ag anArduachtarán, leanfaidh sé/sí ar feadh bliana eile dá éissin ina bhall de bhrí oifige den Ardchomhairle.

RIONN A 6 – IONTAOBHAITHE

1 (a) Toghfar, ó dhuine ar a laghad go triúr ar a mhéidiontaobhaithe don gComhaltas, ag an gcéadchruinniú den Ardcomhairle iar nglacadh leis narialach seo, tré thairiscint de mhóramh na mball iláthair agus i dteideal guthaíochta. Beidh gachArdiontaobhaí tofa, buan-tseamhach in oifig

30

Page 35: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

ach fé réir na rialacha seo leanas i dtaobh scornó briseadh as oifig nó ceapadhArdiontaobhaithe nua.

(b) Féadhaidh Ardiontaobhaí scor dá oifig achréamhfhógra seacht lá i scríbhinn a thabhairt dona hArdiontaobhaithe eile agus do Ardrúnaí nahArdchomhairle.

(c) Chun Ardiontaobhaí a bhriseadh as oifig,caithfidh dhá thrian de na baill i láthair agcruinniú coiteann den Ardchomhairle, é sin achur i gcéill tré ghuthaíocht fé rún agus archoinníoll go bhfaighidh pé Ardiontaobhaí atá igceist réamhfhógra aon lá fichead ón Ardrúnaígo gcuirfear tairiscint, é/í a bhriseadh, fé bhráidan chruinnithe chéanna.

(d) Má éagann Ardiontaobhaí nó má ráiníonnfollúntas mar a léirítear ag (b) agus (c)réamhluaite, féadfaidh Buanchoiste nahArdchomhairle duine a roghnú chun gníomhúgo sealadach mar Ardiontaobhaí agus beidhcumhacht ag an gcéad chruinniú coiteann eileden Ardchomhairle, Ardiontaobhaí a thoghadh.

2 Beidh maoin uile an Comhaltais, idir réadach aguspearsanta, pé áit go bhfuil suíomh ar a leithéid, dílsitheins na hIontaobhaithe de bhrí a dtoghadh do réir narialacha réamhluaite, agus beidh sé de dhualgas orthuan mhaoin sin a riaradh de réir treoracha nóriachtanaisí na hArdchomhairle.

3 ’Siad na hArdiontaobhaithe a chuirfidh an dlí, pé acusibhialta nó coiriúil, thar ceann na hArdchomhairleagus sa tslí chéanna is orthu a thitfidh cosaint aonchúise. Beidh gach naon go bhfuil maoin anChomhaltais ina sheilbh/seilbh, freagrach do nahArdiontaobhaithe, an mhaoin sin a choimeád slán idtaisce, agus féadfaidh na hArdiontaobhaithe dochardo, nó a chailleann an mhaoin sin.

31

Page 36: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

4 Cúiteoidh an Ardchomhairle go hiomlán leis nahArdiontaobhaithe as gach dochar nó cailliúintpearsanta a thiteann orthu de bharr na gcúrsaí dlí sin.

5 Beidh na hArdiontaobhaithe i dteideal bheith i láthairag aon chruinniú den gComhaltas nó denArdchomhairle agus má iarann formhór nahArdiontaobhaithe cruinniú coiteann, beidh sé dedhualgas ar an Ardrúnaí a leithéid a ghairm. Beidh séde dhualgas ar na hArdiontaobhaithe má iarann antArdrúnaí orthu, tré réamhfhógra scríofa aon lá ficheadar a laghad a thabhairt do gach duine dhíobh, gobhfuil cruinniú coiteann bliantúil beartaithe, tuarascáila thabhairt do’n gcruinniú sin ar aon nó an uile ní abhaineann len a gcuid iontaobhaíochta.

ROINN 7 – AN CHOMHDHÁIL CHINN BHLIANA

1 ‘Sí an Chomhdháil Chinn Bhliana an t-úadarásardcheannasach ar an gComhaltas agus uirthí abheidh:

(a) Na baill den Ardchomhairle, an tArduachtaránagus an tArdrúnaí, gníomhóidh gach naon díobhmar is dual oifige dó/di.

(b) Beirt thoscaire ó gach craobh chláraithe agusBord Contae cláraithe. Ní bheidh ceadguthaíochta ag aon chraobh nó Bord Conte nábeidh cláraithe 28 lá ar a laghad roimh angComhdháil.

(c) Rúnaí agus Cisteoir gach Comhairle Cúige.

Cuirfear dhá thicéad fé leith, sínithe ag anArdrúnaí, ag triall ag gach craobh chláraithe agusBord Contae cláraithe agus ní géillfear ceadisteach chun na Comhdhála d’aoinne ceal ticéaddíobh siúd.

32

Page 37: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

MODH OIBRE

2 Tionólfar An Chomhdháil ar chéad Domhnach naBealtaine agus ar inné roimhe sin más gá, ar láthairréamhchinntithe ag Comhdháil na bliana roimhe sin.Beidh dianchosc ar imeachtaí fé choimirce AnChomhaltais a chur ar siúl i rith na Comhdhálaar leithrig.

3 Coicíos roimh an gComhdháil cuirfear ar fáil do gachaonad cláraithe

(a) Cóipeanna den gClár Gnótha

(b) Liosta na n-ainmnitheach; Uaireannta, nuair areáchtáiltear Comhdháil Mheiriceá Thuaidh ró-dhéanach do sprioclá na nainmnitheach, beidh séde údarás ag buanchoiste Chomhairle ChúigeMheiriceá Thuaidh na hainmnitheacha ó’ngCúige sin a sheoladh go Ceanncheathrú CCÉlaistigh de’n sprioclá

(c) Tuarascáil na hArdchomhairle

(d) Miontuairiscí

4 (a) Féadfaidh an Ardchomhairle, ComhdháilShonnradhach a thionól má bhíonn call léi.

(b) Fogróidh an Ardchomhairle Comhdháil chomhmaith, ar uair agus láthair nach déanaí ná 28 látar éis don Ardrúnaí achainí scríofa, sínithe agcathaoirligh 40 craobh ar a laghad, maille leh-éarlais €60, a cuirfear chun pé críche ar agcinnfidh an Chomhdháil chéanna.

5 Ní bheidh tathag i gComhdháil, gan an deichiú cuid deiomlán na dtoscairí ba chóir a bheith i láthair, maraonle cúigear ball den Ardchomhairle.

6 Beidh na feidhmeanna agus na cumhachtaí seoleannas ag an gComhdháil Chinn Bhliana:

33

Page 38: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

(a) Na hoifigigh seo leanas den Ardchomhairle athoghadh:

1) Arduachtarán, nuair is cuí

2) Ardchisteoir

3) Ardrúnaí

4) Ardchláraitheoir

Toghfar beirt Óg-Bhaill ag an gComhdháilChinn Bhliana freisin.

(b) Iniúchoir cáilithe a cheapadh chun cúntaisí nahArdchomhairle a iniúchadh

(c) Bunreacht an Comhaltais agus Rialacha nagComórtaisí a leasú, a athrú nó a athchóiriú deréir Rialacha 9 agus 10 de Roinn a 7

(d) Tuarascála agus Ráitisí Airgeadais nahArdchomhairle agus na gComhairlí Cúige do’nmbliain airgeadais roimhe sin a bhreithniú gocáiréiseach. Féadfaidh an Chomhdháil acumhachtaí go léir nó cuid díobh, a thíolacadh aran Ardchomhairle

(e) Cinneadh ar mhéid na táille ballraíochta, agus nasciartha oiriúnacha de a roinnt ar na haonaidéagsúla sa Chomhaltas.

7 Cuirfidh an tArdstiúrthóir in iúl do gach aonad ansprioc-lá is deireannaí ar a nglacfar le tairiscintí do chlárgnótha na Comhdhála. Sara dtréigfidh mí Feabhra,cuirfidh sé/sí páipéir ainmniúcháin go dtí RúnaitheChúige ar a mbreacfar moltaí do oifigigh nahArdchomhairle agus na baill eile atá á thogha, maratá luaite i Riail 20 de Roinn 4. Ní mór do na tairiscintíagus na hainmniúcháin a bheith san Ceann Áras dhámhí roimh an gComhdháil. Tá aonaid uile anChomhaltais i dteideal rúin a chur fé bhráid naComhdhála Cinn Bliana.

34

Page 39: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

8 Caithfear na moltaí le haghaidh leasú an Bhunreachtaa chur go dtí an gCeann Áras dhá mhí ar a laghadroimh an gComhdháil a bheidh cuí chuige sin.

9 Féadfar athrú a dhéanamh ar an mBunreacht seo máthoilíonn tromlach dhá-thrian (2/3) díobh sin i láthairag an gComhdháil go bhfuil guth acu.

10 Cuirfear tairiscintí leasaithe an Bhunreachta seo, másann dóibh, fé bhráid na Comhdhála Cinn Bliana gachséú bliain ó Comhdháil 1996 amach.

11 Nuair a cinntítear rún a chur fé bhráid nahArdchomhairle beidh iachall ar an aonad a mhol anrún a bheith rannpháirteach sa díospóireacht leis angCoiste cuí agus tuarascáil a thiomsú le plé agus amheas le toscairí na Comhdhála d’ár gcionn.

12 Seolfar leasaithe de’n mBunreacht le scaipeadh imeascbaill laistigh de 6 mhí tar éis a ghlacadh ag angComhdháil.

AISTE AR SHÁR-SHAOTHAR

Ar mholadh na hArdchomhairle agus le comhthoil naComhdhála, féadar Teastas Sár-Shaothair, a bhronnadh arOifigeach nó ar aon bhall eile den gComhaltas gurbuanmharthanach nó mór-éachtach é a shaothar i gcúis aneagrais agus ballraíocht len a shaol mar chúiteamh leis.

35

Page 40: Bunreacht - Comhaltas · Bunreacht ComhaltasCeoltóiríÉireann 32CearnógBelgrave,BailenaManach, Co.ÁthaCliath,Éire Tel:+353-1-2800295 Facs:+353-1-2803759 R-phost:enquiries@comhaltas.com

Leasaithe

36