Ard-Mhúsaem na hÉireann Ráitis Airgeadais don Bhliain dar ... · Oibríonn Iniúchadh...
Transcript of Ard-Mhúsaem na hÉireann Ráitis Airgeadais don Bhliain dar ... · Oibríonn Iniúchadh...
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
2
CLÁR Leathanach
Ráiteas ar Fhreagrachtaí an Bhoird ................................................................................ 3
Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais....................................................................... 4
Ráiteas ar Pholasaithe Cuntasaíochta ........................................................................... 6
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais ................................................................................... 8
Ráiteas ar na Gnóthachain agus na Caillteanais Iomláin Aitheanta ...................... 9
Clár Comhardaithe amhail ar 31 Nollaig 2014 ............................................................ 10
Ráiteas Sreabhadh Airgid ................................................................................................ 11
Nótaí ag baint leis na Ráitis Airgeadais ....................................................................... 12
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
3
Ráiteas ar Fhreagrachtaí an Bhoird Tíolacann Ard-Mhúsaem na hÉireann a thuarascáil don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014.
Freagrachtaí Bhall an Bhoird
Cuireann Rannóg 35 den Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997, de cheangal ar an mBord Ráitis Airgeadais a ullmhú i bhfoirm a bhféadfadh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a fhaomhadh le comhthoiliú an Aire Airgeadais. Agus iad ag ullmhú na Ráiteas Airgeadais sin, is gá leis an mBord:
Polasaithe cuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus iad a fheidhmiú ansin go seasta d’fhonn radharc fíor agus cothrom ar staid chúrsaí Ard-Mhúsaem na hÉireann a thaispeáint.
Breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama.
Na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn ghnó leanúnaigh.
Aon tréigeadh ábharach de chaighdeáin chuntasaíochta infheidhmithe a nochtadh agus a mhíniú.
Tá Baill an Bhoird freagrach as leabhair chuntais chuí a choimeád a nochtann le cruinneas réasúnta ag aon am ar bith staid airgeadais an Mhúsaeim agus a ligeann dóibh a chinntiú go gcloígheann na ráitis airgeadais le Rannóg 35 den Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997.
Tá an Bord freagrach as maoirseacht na ndéantán, atá i seilbh an Stáit.
Tá an Bord freagrach fosta as sócmhainní an Mhúsaeim a shlánú agus dá bhrí sin as céimeanna réasúnta a thógaint ar mhaithe le cosc agus bleachtaireacht calaoise agus neamhrialtachtaí eile.
Thar cheann an Bhoird:
An Dr. John O’Mahony SC Mary Crotty Cathaoirleach Comhalta Boird Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015 Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
4
Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais
Freagracht as Córas Rialaithe Inmheánaigh Airgeadais Thar cheann Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann aithním ár bhfreagras as a chinntiú go gcothaítear agus go n-oibrítear córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh airgeadais. Is feidir leis an gcóras dearbhú leis go réasúnta ach ní go hiomlán ag an am céanna go slánaítear na sócmhainní, go gceadaítear na hidirbhearta agus go dtaifeadtar iad i gceart, agus go gcoisctear earráidí ábharacha nó neamhrialtachtaí nó go gheofaí amach iad i dtréimhse tráthúil. Eochairnósanna Imeachta Rialacháin
Rinne an Bord gach beart chun timpeallacht rialacháin chuí a chinntiú trí:
Freagrachtaí bainistíochta a shainmhíniú go soiléir; Nósanna imeachta foirmiúla a bhunú chun teipeanna rialacháin suntasacha a thuairisciú
agus chun gníomhú coigeartaithe iomchuí a chinntiú. Tá próisis curtha i bhfeidhm ag an mBord chun fiontair ghnó a aithinit agus a luacháil trí:
Nádúr, méid agus impleachtaí airgeadais na bhfiontar lena bhfuil an Músaem ag dul i ngleic a aithinit, agus an fhairsinge agus na hearnálacha san áireamh, atá inghlactha dar leis;
An dhealraitheacht go dtitfidh na fiontair aitheanta amach a mheasúnú; Cumas an Mhúsaeim chun na fiontair a d’fhéadfadh titim amach a bhainistiú agus a mhaolú,
a mheasúnú; Costais oibrithe rialtán faoi leith a mheasúnú i gcoimhneas leis an leas a fhaightear.
Tá an córas rialacháin inmheánaigh airgeadais bunaithe ar chreatlach d’eolas bainistíochta rialta, ar nósanna imeachta riaracháin le hidirdheighilt na ndualgaisí san áireamh, agus ar chóras tarmligin agus freagrachta. Cuimsíonn sé ach go háirithe:
Córas buiséadachta cuimsitheach le buiséad bliantúil a n-athbhreithníonn agus a n-aontaíonn an Bord;
Athbhreithnithe Ráithiúla an Bhoird ar an eolas airgeadais a léiríonn feidhmiú airgeadais in éadan na réamhaisnéisí;
Cuspóirí a leagadh síos chun feidhmiú airgeadais agus feidhmiú eile a thomhas; Treoirlínte rialacháin infheistithe chaipitil sainmhínithe go soiléir; Smachta foirmiúla bainistíochta tionscadail;
Tá Coiste Iniúchta bunaithe ag Bord an Mhúsaeim agus tá téarmaí tagartha an Choiste leagtha síos aige. Tháinig an Coiste le chéile ar 7 n-ócáid sa bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014. Sheachfhoinsigh Ard-Mhúsaem na hÉireann an fheidhm iniúchta inmheánach i gcaitheamh na bliana 2014.
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
5
Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais …..…ar leanúint
Freagracht as Córas Rialaithe Inmheánaigh Airgeadais Oibríonn Iniúchadh Inmheánach de réir Chreatlach Chód an Chleachtais Is Fearr atá leagtha síos sa Chód Cleachtais do Rialachas Chomhlachtaí an Stáit. Foirmítear a chuid oibre trí anailís na bhfiontar atá i mbealach an Mhúsaeim, agus tá pleananna bliantúla iniúchta inmheánaigh bunaithe ar an anailís seo. Tá anailís an riosca agus na pleananna iniúchta inmheánaigh formhuinithe ag an gCoiste Iniúchta agus faofa ag an mBord. Go bliantúil ar a laghad cuireann an Coiste Iniúchta tuarascáil ar ghníomhaíocht iniúchta inmheánaigh faoi bhráid an Bhoird. Scrúdaíonn an t-iniúchóir inmheánach, ar bhonn rollta, na rialtáin inmheánacha sna heochairréimsí airgeadais agus tuairiscíonn sé a chinntí don Choiste Iniúchta. Cíorann an Coiste Iniúchta na tuarascálacha iniúchta inmheánaigh uile. Cuirtear na tuarascálacha seo mar aon le moltaí an Choiste Iniúchta in iúl don Bhord chun ligint don Bhord a chuid dualgaisí maoirseachta a chomhlíonadh.
Athbhreithniú Bliantúil ar na Rialtáin Rinneadh athbhreithniú ar éifeachtacht an chórais rialúcháin inmheánaigh airgeadais le linn mí Iúil 2015 maidir leis an mbliain dar críoch 31 Nollaig 2014.
Thar cheann an Bhoird:
An Dr. John O’Mahony SC Cathaoirleach Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
6
Ráiteas ar Pholasaithe Cuntasaíochta 1. Bunús na Cuntasaíochta
Ullmhaítear na ráitis airgeadais faoin mhodh cuntasaíochta fabhraithe, agus faoin ghnás chostas stairiúil i bhfoirm faofa ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le comhthoiliú an Aire Airgeadais de réir Alt 35 den Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997. Glactar le Caighdeáin Thuairiscithe Airgeadais a mholann na Comhlachtaí Cuntasaíochta aitheanta, de réir mar a n-éiríonn siad oibríoch.
2. Sócmhainní Oidhreachta agus Bailiúcháin
De réir an Achta um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997 is leis an Stát iad réada oidhreachta uile an Mhúsaeim. Níl sócmhainní oidhreachta frithchaite faoi láthair sa chlár comhardaithe. Is í is cúis leis seo ná go bhfuil na sócmhainní i seilbh an Stáit, nádúr ilchineálach na réad coinnithe, líon na réad agus easpa margadhluachanna comparáideacha. Tá an chumhacht ag Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann bailiúchán réad oidhreachta an mhúsaeim a mhéadú, mar a n-éilíonn an dlí agus ar mhaithe le leas an phobail. Gearann Ard-Mhúsaem na hÉireann caiteachas ar réada oidhreachta de mhuirear ar an gCuntas Ioncaim agus Caiteachais i mbliain an cheannaigh. Tá an chumhacht ag Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann fosta réada oidhreachta an Mhúsaeim a thabhairt ar iasacht, faoi réir forálacha Alt 17 den Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997. Ní ghlacann Ard-Mhúsaem na hÉireann leis na moltaí mar atá siad leagtha amach faoi FRS30 de bhrí gur leis an Stát na sócmhainní oidhreachta.
3. Bunsócmhainní Soláimhsithe agus Dímheas
Léirítear bunsócmhainní soláimhsithe ag an gcostas lúide dímheas carntha. Caitear bunshócmhainní soláimhsithe faoin dtairseach caipitlithe de €1,000 sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais i mbliain an cheannaigh (cé is moite de shócmhainní Teicneolaíochta Faisnéise dar tairseach €750.) Cuirtear dímheas de mhuirear sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais, ar bhonn líne dírí, ag na rátaí bliantúla atá leagtha amach thíos, chun costas na sócmhainní a dhíscríobh, coigeartaithe d’iarmharluach measta, os cionn saolré ionchais fhóinteach in aghaidh gach earnáil chuí.
Trealamh 20%
Teicneolaíocht Faisnéise Technology
33.33%
Córas Bainistíochta Airgeadais 20%
Troscán 10%
Sócmhainní Taispeántais 20%
4. Aitheantas Ioncaim
Déantar tuairisc ar dheontais ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar bhonn fabhraithe agus léiríonn siad deontais airgid thirim a fuarthas sa bhliain.
5. Siopaí
Oibríonn an Músaem Siopaí Miondíola. Measúntar an stoc ag an gcostas nó an luach inréadaithe glan, cibé is ísle.
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
7
6. Cuntas Caipitil
Aistrítear deontais an Stáit ar baineadh leas astu do cheannach sócmhainní seasta go dtí an Cuntas Caipitil sa bhliain ina thabhaítear an caiteachas agus cuirtear iad chun sochair d’ioncam os cionn saolréanna fhóinteacha na sócmhainní gaolmhara. Léiríonn iarmhéid an Chuntais Chaipitil na maoine neamhamúchta ar baineadh leas astu do ghnóthú sócmhainní seasta.
7. Aoisliúntas
De réir Rannóg 33 den Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997, cuireadh Scéim Aoisliúntais déanta suas de Phríomhscéim agus de Scéim Chomhlachaithe do Chéilí & Leanaí faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar mhaithe le faomhadh ón Aire agus toiliú an Aire Airgeadais. Is scéim shochair shainmhínithe í Scéim Aoisliúntais Fhoireann Ard-Mhúsaem na hÉireann a mhaoinítear go bliantúil ó airgead a chuirtear ar fáil d’Ard-Mhúsaem na hÉireann leis an gcionroinnt san áireamh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuimsíonn na sochair aisce scoir agus pinsean bliantúil, aisce bháis (Príomhscéim), agus pinsean do chéilí agus / nó do chleithiúnaithe (más bainteach é) má fhaigheann an ball bás roimh a chéile / a céile (Scéim do Chéilí & Leanaí). Méadóidh pinsin i gcoitinne, faoi réir faomhadh an Aire, de réir méaduithe pá inniúla infheidhmithe don fhoireann reatha agus téann méaduithe pá den sórt sin i bhfeidhm ar na dátaí céanna agus na méaduithe pá. Frithchaitheann costais an phinsin sochair an phinsin a ghnóthaíonn an fhoireann sa tréimhse agus léirítear iad glan ó asbhaintí pinsin na foirne nach gcoinníonn Ard-Mhúsaem na hÉireann agus a fharchuirtear chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Aithnítear méid atá ar chomhréir leis an muirear pinsin mar ioncam sa mhéid go bhfuil sé inaisghafa ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus slánaithe le deontais a fuarthas sa bhliain chun íocaíochtaí pinsin a ghlanadh. Tá na sochair agus na caillteanais achtúireacha ag eascairt ó dhliteanais na scéime frithchaite i Ráiteas na Sochar agus na gCaillteanas Iomlán Aitheanta agus tá coigeartú comhfhreagrach aitheanta sa mhéid inghnóthaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Léiríonn dliteanais phinsin luach láithreach na n-íocaíochtaí pinsin le teacht a shaothraigh an fhoireann go dtí seo. Léiríonn maoiniú pinsin iarchurtha an tsócmhainn chomhfhreagrach, le gnóthú sna tréimhsí amach anseo ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is baill iad fostaithe nua a fhostaíonn an Músaem ó 1 Eanáir 2013 i leith de Scéim Pinsin Seirbhíse Poiblí Aonair de réir an Achta um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha eile) 2012. Gearann an Músaem na hasbhaintí riachtanacha ó thuarastail na bhfostaithe atá páirteach sa scéim. Aistrítear ranníocaíochtaí fostaí agus fostóra go dtí an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar bhonn míosúil de réir an Achta um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha eile) 2012.
8. Léasanna
Aithníonn Ard-Mhúsaem na hÉireann íocaíochtaí faoi léas oibriúcháin mar chaiteachas thar téarma an léasa.
9. Deontais Caipitil
Amharctar ar na deontais de shaghas caipitil geall le hioncam iarchurtha agus tá siad fuascailte don chuntas Ioncaim agus Caiteachais ag na rátaí céanna go ndéantar na sócmhainní gaolmhara a dhímheas.
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
8
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
2014 2014 2013 2013
IONCAM Nótaí € € € €
Deontas an Oireachtais 3(a) 11,458,000 11,773,541
Deontas an Oireachtais do Shaintionscadail 3(b) 779,331 0
Díolacháin Shiopa an Mhúsaeim 2 724,619 627,055
Costas na nDíolachán (501,843) (553,342)
Brabús Glan Shiopa an Mhúsaeim 222,776 73,713
Ioncam Tioncadail 7,046 0
Ioncam Acmhainní Dílse 3(c) 219,789 172,813
Urraíocht agus Deonacháin 85,962 92,112
Méideanna inghnóthaithe ag an nGníomhaireacht um Eílimh ar an Stát 18
(17,808) 304,250
Ús Taisce Faighte 520 1,339
Maoiniú Iarchurtha do Phinsin sa Bhliain 14(c) 2,655,250 2,715,000
Ranníocaíochtaí Aoisliúntais Fostaí tarchurtha chuig an Roinn 14(a)
(227,341)
(236,556)
Aistriú Ranníocaíochtaí Aoisliúntais Fostaí Coinnithe 11 181,072 103,848
IONCAM IOMLÁN 15,364,597 15,000,060
CAITEACHAS
Riarachán 5 7,713,542 8,256,063
Seirbhísí 6 2,887,352 3,316,299
Bailiúcháin 7 843,428 789,549
Déantáin / Eiseamláirí 8 65,638 68,763
Caiteachais Shiopa an Mhúsaeim 2 425,091 424,289
Costais maidir le deontais bronnta i leith sainthionscadal 3(b)
606,608
0
Costais Tionscadail 47,126 0
Caiteachas Acmhainní Dílse 3(c) 48,795 49,221
Costais Phinsin 14(a) 3,072,659 2,863,444
CAITEACHAS IOMLÁN 15,710,239 15,767,628
GLANCHAITEACHAS OIBRIÚCHÁIN (345,642) (767,568)
Aistriú go dtí an Cuntas Caipitil / ón gcéanna 4 (40,663) 181,268
Easnamh don bhliain (386,305) (586,300)
Iarmhéid ar 1 Eanáir 550,749 1,137,049
Iarmhéid ar 31 Nollaig 164,444 550,749
Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad Ráiteas na bPolasaithe Cuntasaíochta agus na nótaí 1 go 22. Thar cheann an Bhoird: An Dr. John O’Mahony SC Mary Crotty Cathaoirleach Comhalta Boird Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015 Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
9
Ráiteas ar na Gnóthachain agus na Caillteanais Iomláin Aitheanta
don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
RÁITEAS AR NA GNÓTHACHAIN AGUS NA CAILLTEANAIS IOMLÁIN AITHEANTA
2014
2013
€ €
Easnamh don Bhliain (386,305) (586,300)
Gnóthachan ó thaithí ar dhliteanais na scéime pinsin 14(e) 2,555,000 715,000
Gnóthachan achtúireach ar dhliteanais na scéime pinsin 2,555,000 715,000
Coigeartú don mhaoiniú pinsin iarchurtha (2,555,000) (715,000)
Caillteanas iomlán aitheanta don bhliain (386,305) (586,300)
Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad Ráiteas na bPolasaithe Cuntasaíochta agus na nótaí 1 go 22. Thar cheann an Bhoird: An Dr. John O’Mahony SC Mary Crotty Cathaoirleach Comhalta Boird Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015 Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
10
Clár Comhardaithe amhail ar 31 Nollaig 2014
Notes 2014 2013
€ €
Bunshócmhainní
Sócmhainní inláimhsithe 9 465,821 425,158
465,821 425,158
Sócmhainní reatha
Stoic Shiopa an Mhúsaeim 20 149,894 213,755
Feichiúnaithe agus Réamhíocaíochtaí 10 687,281 1,048,142
Airgead Tirim sa mBanc 661,921 951,999
1,499,096 2,213,896
Creidiúnaithe: Méideanna a n-éiríonn dlite laistigh de bhliain 11 (1,334,652) (1,663,147)
Socmhainní Reatha Glana 164,444 550,749
Socmhainní Iomlána lúide dliteanais reatha 630,265 975,907
Creidiúnaithe: méideanna a n-éiríonn dlite tar éis níos mó ná bliain amháin
Maoiniú Pinsin Iarchurtha 14 (b) 32,500,000 32,400,000
Dliteanais Phinsin 14 (d) (32,500,000) (32,400,000)
Sócmhainní Glana Iomlána 630,265 975,907
Léirithe le:
Cuntas Caipitil 4 465,821 425,158
Farasbarr Chuntas Ioncaim agus Caiteachais 164,444 550,749
630,265 975,907
Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad Ráiteas na bPolasaithe Cuntasaíochta agus na nótaí 1 go 22. Thar cheann an Bhoird: An Dr. John O’Mahony SC Mary Crotty Cathaoirleach Comhalta Boird Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015 Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
11
Ráiteas Sreabhadh Airgid don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
2014 2013 € € Réiteach an Fharasbairr Oibriúcháin Ghlain Oibriúchán Glan (386,305) (586,300) Aistriú go dtí an Cúlchiste Caipitil / (ón gcéanna) 40,663 (181,268) Dímheas 182,599 264,726 Laghdú / (Méadú) ar na Feichiúnaithe 360,861 (392,697) (Laghdú) / Méadú ar na Creidiúnaithe (328,495) 194,188 Laghdú ar na Stoic 63,861 369,837 Laghdú ar dhiúscairt sócmhainne seasta 29 0 Eis-sreabhadh Airgid Ghlain ó Ghníomhaíochtaí Oibriúcháin
(66,787)
(331,514)
Ráiteas Sreabhadh Airgid
Eis-sreabhadh Airgid Thirim Ghlain ó Ghníomhaíochtaí Oibriúcháin
(66,787)
(331,514)
Íocaíochtaí chun sócmhainní a ghnóthú (223,291) (83,458) (Laghdú) ar an airgead tirim (290,078) (414,972)
Réiteach an sreabhaidh airgid ghlain go dtí ghluaiseachtaí sna cistí glana
Cistí glana ar 31 Nollaig 661,921 951,999 Cistí glana ar 1
Eanáir 951,999 1,366,971
(290,078) (414,972)
Gluaiseacht sna cistí glana don bhliain Anailís na n-athruithe sna cistí / (fiachais) glana
Airgead sa
bhanc agus ar láimh 2014
Airgead sa bhanc agus
ar láimh 2013
€ €
Ar 1 Eanáir 951,999 1,366,971
Sreafaí Airgid Thirim (290,078) (414,972)
Ar 31 Nollaig 661,921 951,999
Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad Ráiteas na bPolasaithe Cuntasaíochta agus na nótaí 1 go 22. Thar cheann an Bhoird: An Dr. John O’Mahony SC Mary Crotty Cathaoirleach Comhalta Boird Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015 Dáta Sínithe: 25 Meán Fómhair 2015
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
12
Nótaí ag baint leis na Ráitis Airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
1) Bunú Ard-Mhúsaem na hÉireann
Bunaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann mar chomhlacht neamhspleách ar 3 Bealtaine, 2005 faoi
fhorálacha an Achta um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997 le Bord agus Stiúrthóir (Príomhfheidhmeannach). An Bord Cuimsíonn an Bord cathaoirleach agus cúigear ghnáthchomhalta déag.
Is iad príomhfheidhmeanna an Bhoird ná:
“An bailiúchán de réada oidhreachta músaeim a choinniú, a bhainistiú, a smachtú, a chosaint, a chaomhnú, a thaifeadadh, a thaighid, agus a leathnú ar leas an phobail agus chun eolas faoin saol daonna in Éirinn, faoi stair an dúlra in Éirinn agus faoi chaidreamh na hÉireann ina leith seo le tíortha eile a mhéadú agus a scaipeadh sa Stát agus taobh amuigh de”.
An Stiúrthóir Is iad feidhmeanna an Stiúrthóra mar atá leagtha amach faoi Alt 29 (3 [a]) den Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997 ná riarachán agus gnó an Mhúsaeim a bhainisitú agus a smachtú go ginearálta agus feidhmeanna eile a d’fhéadfadh Bord an Mhúsaeim a shonrú a chomhlíonadh. Maoiniú Is í príomhfhoinse an mhaoinithe don Mhúsaem ná deontas curtha ar fáil ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Alt 27 den Acht um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997.
Gineann an Músaem ioncam chomh maith ó roinnt gníomhaíochtaí tráchtála geall le miondíol, cearta fótagrafacha agus macasamhla, saincheadúnais lónadóireachta, táillí ó fheidhmeanna corparáideacha agus deonuithe poiblí agus urraíocht.
2) Ioncam agus caiteachas siopa
Nóta
2014 €
2013 €
Díolacháin 724,619 627,055
Costas na nDíolachán
Stoc Oscailte 363,755 583,592 Ceannacháin 437,982 183,505 Stoc Deiridh * (284,569) (363,755) Soláthar in aghaidh Stoic Chrín* 20 (15,325) 150,000
501,843 553,342
Brabús Comhlán
222,776 73,713
Tuarastail agus riarachán
Tuarastai 360,740 371,480
Costais riaracháin 64,351 52,809
425,091 424,289
Caillteanas Glan (202,315) (350,576)
*Tá soláthar €134,675 (2013:€150,000) déanta in aghaidh stoic chrín agus mhallghluaiste.
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
13
3) Ioncam
Cuirtear Deontas an Oireachtais ar fáil don Mhúsaem chun a chuid costas reatha ó lá go lá agus na cláir chaipitil chomhaontaithe a chumhdach. Bronntar ioncam deontais eile chun costais sainthionscadal a chumhdach.
(a) Deontas an Oireachtais
2014 €
2013 €
Deontais ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
(Vóta 33 Fo-mhírcheann A10)
Cuspóir reatha 10,500,000 10,868,541
Cuspóirí caipitil 958,000 905,000
Deontas Iomlán 11,458,000 11,773,541
Sa bhliain roimhe sin, rinneadh an méid €148,444 a choigeartú do Dheontas an Oireachtais. Bhain an coigeartú seo leis na híocaíochtai socair pinsin glana €385,000 íoctha sa bhliain a bhí áirithe sna figiúirí costais Tuarastail agus na Ranniocaíochtaí Aoisliúntais €236,556 a ríomhadh mar chreidiúnaí Roinne agus a tarchuireadh chun an Roinn faoi dheireadh na bliana. Athraíodh léiriú na n-íocaíochtaí sochair pinsin glana agus na n-asbhaintí aoisliúntais fostaí i Dheontas an Oireachtais sa bhliain reatha agus athléiríodh na figiúirí comparáideacha ar an mbonn céanna. Níl aon iarmhairt ar thoradh Ard-Mhúsaem na hÉireann maidir leis an athrú seo i léiriu na gcuntas.
(b) Deontas an Oireachtais do Shainthionscadail
Bhronn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na deontais seo a leanas i leith sainthionscadal le linn 2014 agus tá nd funds are restricted to these projects.
Ainm an Deontais Aidhm an Deontais
Méid an Deontais
€
Téarma an
Deontais
An méid a furthas
in 2014
€
An méid fabhraithe
ag deireadh na bliana
€
* An méid a tógadh isteach
san Ioncam in 2014
€ History of Ireland
1
Taispeántas Poiblí
461,147
2014
461,147
0
461,147
Battle of Clontarf2 Taispeántas
Poiblí 104,000 2014 0 104,000 104,000
Gallipoli/ANU Taispeántas Poiblí
90,000 2014 90,000 0 90,000
Ib Jorgenson Taispeántas Poiblí
65,000 2014 65,000 0 65,000
World War 13 Taispeántas
Poiblí 40,000 2014 40,000 0 40,000
Samhain 2014 Oideachas Poiblí
19,184 2014 19,184 0 19,184
Iomlán
779,331
675,331
104,000
779,331
1 Stair na hÉireann
2 Cath Chluain Tarbh
3 An Chéad Chogadh Domhanda
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
14
Glacann Ard-Mhúsaem na hÉireann mar chúram air féin go gcosnófar infheistíocht an Stáit agus nach mbainfear úsáid aisti mar ghealltanas ar son aon gníomhaíochta eile gan réamhchomhairliúchán leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ceadú na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. *B’ionann costais ioncaim deontais aitheanta sa Chuntas Ioncaim & Caiteachais do 2014 agus €606,608 le costais bhreise €187,161 ar an iomlán maidir le costais shuimiú sócmhainne a bhí caipitlithe de réir pholasaí shócmhainn sheasta.
(c) Ioncam acmhainní dílse
Baineann Ioncam Acmhainní Dílse le hioncam atá ginte trí chíos áiseanna Ard-Mhúsaem na hÉireann d’fhéastaí corparáideacha agus do chomhdhálacha agus cuimsíonn sé ioncam ginte ó na saincheadúnais lónadóireachta agus ó dhíolachán chearta fótagrafacha agus macasamhla.
2014 €
2013 €
Ioncam Acmhainní Dílse
Fáilteachas Corparáideach 22,574 16,038
Lónadóireacht 133,948 102,732
Páirceáil 28,452 3,753
Cearta Fótagrafacha agus Macasamhla 10,234 18,947
Turasanna faoi Stiúir 520 360
Deontais a fuarthas– Amúchta 12,833 12,833
Ioncam Eile 11,228 18,150
219,789 172,813
Caiteachas Acmhainní Dílse:
Tuarastail 0 11,993
Fógraíocht agus Margaíocht 31,828 32,471
Caiteachais Eile 16,967 4,757
48,795 49,221
Ioncam Glan Acmhainní Dílse 170,994 123,592
4) Cuntas Caipitil
Nótaí 2014 2013
€ €
Iarmhéid ar 1 Eanáir 425,158 606,426
Aistrú ón gCuntas Ioncaim agus Caiteachais
Chun ceannacháin sócmhainní seasta a mhaoiniú 9 223,291
83,458
Amúchadh de réir dímheasa sócmhainní 9 (182,599)
(264,726)
Méid scaoilte ó dhiúscairt sócmhainní (29) -
40,663 (181,268)
Iarmhéid ar 31 Nollaig 465,821 425,158
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
15
5) Caiteachas Riaracháin
2014 2013
Nóta € €
Tuarastail
6,706,011
6,895,627
Teicneolaíocht Faisnéise 454,034 282,876
Taisteal agus Cothú 34,266 34,176
Caiteachais an Bhoird 16 10,937 6,821
Sainchomhairle 105,902 56,231
Riarachán go Ginearálta 38,258 77,945
Costais Thraenála 23,775 13,907
Costais Acmhainní Daonna 27,528 162,663
Páipéarachas Oifige agus Soláthairtí 5,551 5,529
Táillí Iniúchta 20,136 35,735
Iniúchadh Inmheánach 18,674 26,661
Socrú na nÉileamh (34,122) 304,250
Muirear Dímheasa 9 182,599 264,726
Teileachumarsáid 119,993 88,916
7,713,542 8,256,063
Sa bhliain roimhe sin, áiríodh an méid €385,000 sna costais Thuarastail maidir le híocíochtaí socair pinsin íoctha sa bhliain. Athraíodh léiriú na n-íocaíochtaí sochair pinsin glana agus na n-asbhainti aoisliúntais fostaí i Dheontas an Oireachtais sa bhliain reatha agus athléiríodh na figiúirí comparáideacha ar an mbonn céanna. Níl aon iarmhairt ar thoradh Ard-Mhúsaem na hÉireann maidir leis an athrú seo sa léiriú cuntasaíochta.
6) Caiteachas ar Sheirbhísí
2014
€ 2013
€
Tacaíocht le Taispeántas 88,555 34,689
Margaíocht agus Fógraíocht 76,232 51,806
Fóntais – le Téamh, Soilsiú agus Muirir Uisce san áireamh 1,047,502 1,212,086
Slándáil 738,105 719,637
Cothabháil agus Glanadh 263,367 303,824
Postas agus Teileachumarsáid 19,444 13,124
Cláir Oideachais 32,260 38,814
Iompar agus Tarlú 15,828 12,217
Grianghrafadóireacht 42,950 44,894
Trealamh agus Soláthairtí Oifige 4,062 950
Cíos 559,047 860,000
Dearadh 0 24,258
2,887,352 3,316,299
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
16
7) Caiteachas Bailiúchán
2014
€ 2013
€
Imscrúduithe / Taighde 0 221
Leabharlann 107,598 54,282
Oibreacha Caomhnaithe 5,335 70,660
Foilseacháin Acadúla 26,572 8,319
Tochailtí Bhaile Átha Cliath 85,667 49,146
Cartlann / Doiciméadú 438,051 448,561
Soláthairtí Caomhnaithe 45,468 14,478
Stóráil 134,737 143,882
843,428 789,549
8) Déantáin agus Eiseamláirí 2014
€ 2013
€
Ceannacháin Déantán 20,958 6,357 Luaíochtaí Aimsitheoirí 44,594 60,472 Ceannacháin Eiseamláirí 69 351 Ilchostais 17 1,583
65,638 68,763
9) Sócmhainní seasta
Trealamh
Teicneolaíocht Faisnéise
Troscán Sócmhainní Taispeántais
Iomlán
COSTAS NÓ LUACHÁIL € € € € €
Amhail ar 1 Eanáir 2014 2,918,711 1,478,090 796,804 2,729,246 7,922,851
Breiseanna 4,351 54,315 - 164,625 223,291
Diúscairtí - (14,685) - - (14,685)
Amhail ar 31 Nollaig 2014 2,923,062 1,517,720 796,804 2,893,871 8,131,457
DÍMHEAS CARNTHA
Amhail ar 1 Eanáir 2014 2,854,504 1,393,687 663,414 2,586,088 7,497,693
Muirear dímheasa don tréimhse
20,490 54,181 40,374 67,554 182,599
Diúscairtí - (14,656) - - (14,656)
Amhail ar 31 Nollaig 2014 2,874,994 1,433,212 703,788 2,653,642 7,665,636
GLANLUACHANNA LEABHAR
Amhail ar 31 Nollaig 2014 48,068 84,508 93,016 240,229 465,821
Amhail ar 31 Nollaig 2013 64,207 84,403 133,390 143,158 425,158
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
17
Baineann Ard-Mhúsaem na hÉireann úsáid saor in aisce as an talamh agus as na foirgnimh atá i seilbh an Stáit agus a chothabháileann Oifig na nOibreacha Poiblí. 10) Féichiúnaithe agus Réamhíocaíochtaí
Nóta 2014 2013
€ €
Réamhíocaíochtaí 315,561 354,605
Méideanna inghnóthaithe ón nGníomhaireacht um Eílimh ar an Stát 18 228,755
652,563
Deontas infhála ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 3b 104,000 0
Cuntais Infhála 15,250 18,405
Scéimeanna Fostaithe (Pas Taistil srl.) 23,715 22,569
687,281 1,048,142
11) Creidiúnaithe: Méideanna ag éirí dlite laistigh de bhliain amháin
2014 2013
€ €
Creidiúnaithe Tráchtála 5,991 5,126
Soláthar in aghaidh na Gníomhaireachta um Eílimh ar an Stát 18 228,755 652,563
Méideanna Faibhrithe 579,738 561,922
Fabhrú as Saoire le Pá 204,395 0
CBL 48,852 7,285
Asbhaintí Párolla:
Ranníocaíochtaí Aoisliúntais Fostaí 76,340 257,412
ÍMAT/ÁSPC 134,940 142,236
Eile 55,641 36,603
1,334,652 1,663,147
Asbhaineadh ranníocaíochtaí Aoisliúntais Fostaí €1,034m ó fhostaithe Ard-Mhúsaem na hÉireann ó 1 Eanáir 2006 (nuair a d’éirigh Ard-Mhúsaem na hÉireann ina chomhlacht féinriartha) go dtí an 31 Nollaig 2010. I gcaitheamh na bliana 2014 fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann ceadú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta €1.034m de ranníocaíochtaí aoisliúntais coinnithe a úsáid chun cabhrú le leibhéal eisceachtúil de chostais bhreise aoislúntais ag Ard-Mhúsaem na hÉireann nach bhféadfaí a chumhdach ón gcionroinnt bhliantúil don mhúsaem. Tá méid €181,072 (2013: €103,848) frithchaite sa Chuntas Ioncaim & Caiteachais in 2014.
Tá soláthar déanta in aghaidh Fabhrú as Saoire le Pá 2014: €204,395 (2013: neamhní) de réir riachtanas FRS102.
12) Ceangaltais Oibleagáidí Cíosghnólachta
Tá ceangaltais de €510,000 (2013: €860,000) ag Ard-Mhúsaem na hÉireann le n-íoc laistigh de dhá mhí déag ag teacht i leith oibleagáid cíosghnólacht fiche bliain an Lárionaid Acmhainní Bailiúchán i Sord, Co. Átha Cliath, a thosaigh ar an 17 Meán Fómhair 2010. Tá an Lárionad Acmhainní Bailiúchán i Sord foligthe d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ar chíos bliantúil €860,000 ó Oifig na nOibreacha Poiblí. D’aontaigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí le fóirdheontas €350,000 don dá bhliain ag tosú ar 1 Eanáir 2014.
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
18
Seo a leanas iomlán na n-íosíocaíochtaí léasa todhchaíocha faoi léas oibriúcháin dochealaithe:
2014
2013
Éag an Léasa €
€
Nach déanaí ná Bliain Amháin 510,000
860,000
Níos déanaí ná Bliain Amháin agus nach déanaí ná Cúig Bliana 3,440,000 3,440,000
Níos déanaí ná Cúig Bliana 9,210,836 10,070,836
13,160,836
14,370,836
13) Tuarastail
a) Costais Fhostaí
2
2014 2
2013
€ €
Tuarastail – Seirbhísí Coimeádaíochta & Riaracháin 6,706,011 6,895,627
Tuarastail – Siopa an Mhúsaeim 360,740 371,480
Tuarastail – Seirbhísí Corparáideacha 0 11,993
7,066,751 7,279,100
Ba é líon iomlán na foirne fostaithe ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ar 31 Nollaig 2014 ná 150 (2013: 158). Cuimsíonn seo 131.7 (2013:140.4) coibhéis post lárnach lánaimseartha agus 10.2 (2013:10.7) post Shiopa an Mhúsaeim. Ba é an lion Creat Rialaithe Fostaíochta in 2014 ná 136 (2013:133). Ní áiríonn an ríomh Creat Rialaithe Fostaíochta d’Ard-Mhúsaem na hÉireann foireann mhiondíola an Mhúsaeim. In 2014 asbhaineadh €357,220 (2013: €389,490) de thobhach pinsin sa bhliain agus íocadh é sall go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuimsíonn na tuarastail soláthar in aghaidh Saoire le Pá in 2014 de €204,395 (2013: neamhní).
b) Luach Saothair an Stiúrthóra In 2014 íocadh tuarastal €96,148 (2013:€98,683) le Stiúrthóir an Mhúsaeim. Is iad teidlíochtaí aoisliúntais an Stiúrthóra na teidlíochtaí caighdeánacha de chuid scéime aoisliúntais le sochar sainithe na hearnála poiblí. In 2014 thabhaigh Stiúrthóir an Mhúsaeim caiteachais €1,109 (2013:€1,032).
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
19
14) Aoisliúntas
a) Anailís na gcostas pinsin iomlán curtha de mhuirear ar an gCaiteachas
2014 2013
€ € Costas Seirbhíse reatha 1,500,000 1,400,000 Ús ar Dhliteanais Scéime Pinsin 1,800,000 1,700,000 Ranníocaíochtaí Fostaí (227,341) (236,556)
3,072,659 2,863,444
b) Sócmhainn Mhaoinithe Iarchurtha do Phinsin
Aithníonn Ard-Mhúsaem na hÉireann na méadanna seo mar shócmhainn ar chomhréir leis an dlíteanas iarchurtha neamhmhaoinithe do phinsin ar bhonn roinnt imeachtaí caite. Cuimsíonn na himeachtaí seo an bonn reachtúil do bhunú na scéime pinsin, agus an polasaí agus an cleachtas maidir le maoiniú pinsean seirbhíse poiblí le ranníocaíochtaí na bhfostaithe agus le próiseas bliantúil na meastachán san áireamh. Ní fios d’Ard-Mhúsaem na hÉireann nach leanfaidh an polasaí maoinithe seo ar aghaidh ag cumhdach a leithéid de suimeanna seo de réir an chleachtais reatha.
c) Maoiniú Glan Iarchurtha do Phinsin sa Bhliain
Bhí an Maoiniú Glan Iarchurtha do Phinsin aitheanta sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais mar a leanas:
2014 2013
€ € Maoiniú inghnóthaithe i leith costas pinsin na bliana reatha 3,300,000 3,100,000 Deontas an Stáit curtha i bhfeidhm chun íoc le pinsinéirí (644,750) (385,000)
2,655,250 2,715,000
B’ionann an tsócmhainn mhaoinithe iarchurtha do phinsin ar 31 Nollaig 2014 agus €32,500,000 (2013: €32,400,000).
d) Gluaiseacht i nDliteanas Glan Pinsin le linn na bliana airgeadais 2014
€ 2013
€
Dliteanas Glan Pinsin ar 1 Eanáir (32,400,000) (30,400,000) Costas Seirbhíse Reatha (1,500,000) (1,400,000) Costais Úis (1,800,000) (1,700,000) Gnóthachan achtúireach 2,555,000 715,000 Pinsin íoctha le linn na bliana 645,000 385,000
Dliteanas Glan Pinsin ar 31 Nollaig (32,500,000) (32,400,000)
e) Stair na n-Oibleagáidí Sochair Sainmhínithe
2014 2013 2012
€ € €
Oibleagáidí sochair sainmhínithe 32,500,000 32,400,000 30,400,000
(Gnóthachain) / caillteanais ó thaithí mar chuid de Dhliteanais na Scéime
(2,555,000) (715,000) (1,519,000)
Céatadán Dliteanas na Scéime (8%) (2%) (5%)
Is ionann an gnóthachan achtúire carnach aitheanta sa Ráiteas faoi Chaillteanais Iomláin Aitheanta agus €10,198,000 (2013:€7,643,000).
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
20
f) Cur síos ginearálta ar an Scéim
Is socrú sochair shainmhínithe tuarastail dheireanaigh í an scéim phinsin le sochair agus ranníocaíochtaí sainmhínithe de réir rialacha reatha “mhúnla” na hearnála poiblí. Soláthraíonn an scéim pinsean (80
ú cuid in aghaidh gach bliana seirbhíse), aisce nó cnapshuim (trí
80ú cuid in aghaidh gach bliana seirbhíse) agus pinsin do chéilí agus leanaí.
Sí an Ghnáthaois Scortha ná 65
ú breithlá baill, agus tá baill roimh 2004 i dteideal dul ar scor gan
laghdú achtúireach ó aois 60 ar aghaidh. Méadóidh pinsin i gcoitinne, faoi réir faomhadh an Aire, de réir méaduithe pá inniúla infheidhmithe don fhoireann reatha. Téann méaduithe pá den sórt sin i bhfeidhm ar na dátaí céanna agus na méaduithe pá. Leantar ar aghaidh ag íoc sochar pinsin maidir le fostaithe a ndeachaigh ar scor roimh an dáta bunaithe den 3 Bealtaine 2005 ón vóta do na hAoisliúntais agus na Liúntais Scoir. Tá sochair phinsin maidir le fostaithe a ndeachaigh ar scor tar éis an dáta bunaithe iníoctha ag Ard-Mhúsaem na hÉireann de réir an Achta um Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997. Tá solathar in aghaidh na gcostas seo sna Ráitis Airgeadais seo. Tá an luachú a baineadh úsáid as do na nochtuithe FRS17 (Athcheartaithe) bunaithe ar luachú achtúireach iomlán ar 1 Aibreán
April 2014 ag achtúire cáilithe, ag cur riachtanais an FRS17 san
áireamh chun dliteanais na scéime ar 31ú Nollaig 2013 a mheasúnú.
Seo a leanas mar a bhí na príomhthoimhdeana achtúireacha:
Cuireann an bonn mortlaíochta glactha feabhsúcháin san ionchas saoil de réir a chéile san áireamh. Taispeánann an tábla thíos an ionchas saoil do bhaill ag éirí 65 bliana d’aois dóibh in 2014, 2030 and 2050.
15) Áitreabh
Tá Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí freagrach as seirbhísí a sholáthrú do thógáil agus do chothabháil na bhfoirgneamh (sealbhaithe nó neamhshealbhaithe) léasaithe ag Ard-Mhúsaem na hÉireann nó ina sheilbh. Ní áiríonn sé seo fóntais. Comhlíontar na costais chuí ón Vóta do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí.
Ard-Mhúsaem na hÉireann - na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7. Tá an t-áitreabh seo sealbhaithe agus soláthraítear é saor ó chíos.
Ard-Mhúsaem na hÉireann –Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. Tá an t-áitreabh seo sealbhaithe agus soláthraítear é saor ó chíos.
2014 2013 Ráta Boilscithe
5.5%
5.5%
Rátá Mhéadú na dTuarastal 4.0% 4.0% Ráta Mhéadú na bpinsean faoi íoc 4.0% 4.0% Ráta Lascaine 2.0% 2.0%
An bhliain ina sroichtear aois 65 2014 2030 2050 Ionchas saoil – fireann 22 22 22 Ionchas saoil – baineann 25 25 25
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
21
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Tá an t-áitreabh seo sealbhaithe agus soláthraítear é saor ó chíos.
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Tá an t-áitreabh seo sealbhaithe agus soláthraítear é saor ó chíos.
Stóráil Bhailiúchán ag an iarscoil saothair ag an Daingean, Co. Uíbh Fhailí. Tá an t-áitreabh seo sealbhaithe agus soláthraítear é saor ó chíos.
Stóráil Bhailiúchán ag Tor an Bhacaigh, Baile Átha Cliath 2. Tá an t-áitreabh seo sealbhaithe agus soláthraítear é saor ó chíos.
Áitreabh Cóireáil Bailiúchán, Béal Átha Liag, Co. Ros Comáin. Tá an t-áitreabh seo sealbhaithe agus soláthraíonn Bord na Móna é saor ó chíos.
Tá an Lárionad Acmhainní Bailiúchán i Sord, Co. Átha Cliath foligthe do Ard-Mhúsaem na hÉireann ar léas 20 bliain ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí ar chíos bliantúil €860,000. D’aontaigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí le fóirdheontas €350,000 don dá bhliain ag tosú ar 1 Eanáir 2014.
Tá an Ceanntiarna Talún freagrach as cothabháil chreatlach agus dhíon an fhoirgnimh ar feadh tréimhse an léasa agus as an ngléasra agus na córais mheicniúla agus leictreacha ar feadh tréimhse chúig bliana ó dháta an léasa ar 17 Meán Fómhair 2010.
16) Caiteachais Comhaltaí Boird agus tinreamh ag cruinnithe
Ghlac an Bord le nósanna imeachta de réir treoirlínte a d’eisigh an Roinn Airgeadais maidir le nochtadh leasanna ag comhaltaí Boird agus cloíodh leis na nósanna imeachta seo i gcaitheamh na bliana.
Reáchtáileadh 10 gcruinniú an Bhoird agus 7 gcruinniú an Choiste Iniúchta i gcaitheamh na bliana 2014. Níor íocadh aon táillí leis na comhaltaí Boird i gcaitheamh na bliana 2014 mar go raibh comhaltaí Boird sásta as a stuaim féin déanamh gan a gcuid táillí don bhliain 2014.
Thíos tá sonraí na dtáillí agus na gcostas a íocadh leis na comhaltaí Boird i gcaitheamh na bliana 2014:
Comhalta
Caiteachais €
Líon cruinnithe an Bhoird ar a d’fhreastail
sé/sí
Líon na gCruinnithe Iniúchta ar a
d’fhreastail sé/sí
Gerard Collins * 4,977 7
Mary Crotty - 7
Máirín de Brún - 8
Dervilla Donnelly - 8 7
Eileen Jackson - 9
Olivier Kazmierczak 301 9
Paul Kelly - 6 7
Eamonn McEneaney 1,439 9
Fergus McKenna O’Hagan - 6
Chris Nicholas - 1
John O’Mahony (Cathaoirleach)
- 10
Gearóid Ó Tuathaigh - 6
Mary Sleeman - 1
Eamonn Stack ** 1,965 7 5
Peter Woodman 212 6
Iomlán 8,894
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
22
Tabhaíodh costais eile €2,043 le linn 2014 a bhain le Cruinnithe an Bhoird.
* Tá éilimh caiteachais do 2013 agus 2014 araon san áireamh.
** Tá costais san áireamh do thinreamh ag cruinnithe an choiste iniúchta.
17) Bailiúcháin
Níor dílsíodh na Bailiúcháin Náisiúnta reatha sa Bhord ar lá a bhunaithe. Amhail ar 31 Nollaig 2010 níl sócmhainní oidhreachta frithchaite sa chlár comhardaithe. De bhrí go bhfuil na socmhainní oidhreachta i seilbh an Stáit níor ghlac an Bord leis na forálacha de chuid FRS30. De bharr nádúr ilchineálach na réad coinnithe, líon na réad agus easpa margadhluachanna comparáideacha, tá an Bord den bharúil go bhfuil luacháil na mbailiúchán seo nó sonrú a mbunchostas neamhphraiticiúil agus ar aon nós ní sholáthródh sé seo aon eolas a bheadh iomchuí ná úsáideach do mheasúnú a mhaoirseachta ar na Bailiúcháin.
Tá polasaithe an Mhúsaeim maidir le sealbhú, caomhnú agus diúscairt na socmhainní oidhreachtúla le fáil ar a shuíomh gréasáin ag www.museum.ie. Léirítear bailiúcháin trí thaispeántas poiblí, trí fhoilsiú agus trí léachtaí, taispeántais agus cláracha oideachasúla agus for-rochtana eile. Is féidir cead a fháil d’fhonn teacht ar ábhar nach bhfuil ar taispeáint trí iarraidh réamhtheachtach agus tá an méid seo faoi réir na hacmhainní a bheith ar fáil.
18) Soláthar in aghaidh na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát & Sócmhainn
Éilimh ar feitheamh - Faoi láthair, tá seacht n-éileamh ar leith atá faoi bhainistíocht na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát i ndáil leis an Músaem - trí héileamh a bhaineann leis an dliteanas poiblí agus ceithre héileamh a bhaineann le dliteanas an fhostóra. Tá molta ag an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát go mbeadh buiséad ag Ard-Mhúsaem na hÉireann a bheadh ina chiste teagmhais aige chun na cásanna seo a réiteach. Ní raibh árachas dliteanais phoiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ar an mbonn go mbaineann sé leas as cúiteamh an stáit agus go ndéileálann an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát le héilimh ar bith air, mar is amhlaidh le Ranna agus gníomhaireachtaí uile an Rialtais. Ba chóir baint a bheith ag an gcúiteamh seo le héilimh uile dliteanais phoiblí ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ba choir don chúiteamh seo na héilimh uile dliteanais phoiblí a d’eascair go dtí seo agus atá amuigh agus maidir le héilimh uile sa todhchaí ar Ard-Mhúsaem na hÉireann a chumhdach.
Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta gur den riachtanas é íocaíocht na ndamáistí agus na gcostas a bhaineann leis na cásanna seo a sheoladh trí Ard-Mhúsaem na hÉireann. Níl agus ní bheidh tionchar ag íocaíocht ná sásamh na n-éileamh ar an tslí seo ar Ard-Mhúsaem na hÉireann ó thaobh na mbuiséad agus/nó an mhaoinithe de. De réir FRS 12 tá na héilimh uile lastuas, arb é €228,755 a luach iomlán, aitheanta sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais agus is dliteanas iad sa Chlár Comhardaithe. Ar an mbonn nach bhfuil Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi dhliteanas dlíthiúil ó thaobh aon éilimh reatha eile de ná ó thaobh éilimh a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo, tá soiléiriú á lorg ag an mBord anois ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le maoiniú na n-éileamh seo. Is é a thuigtear don Bhord go bhfaighfear breis maoinithe ó thaobh deontais de ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun go bhféadfadh Ard-Mhusaem na hÉireann na ceangaltais don Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát a ghlanadh maidir leis na héilimh seo. Tá an Bord den bharúil go bhfuil Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí faoi dhliteanas i leith na n-
ARD-MHÚSAEM na hÉIREANN
Nótaí ag baint leis na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2014
23
éileamh uile reatha agus sa todhchaí, mar Ghníomhairí don Stát. Tuigeann an Bord go bhfuil an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta sásta leis an tuiscint seo agus tá an Bord ag fanacht le dearbhú i scríbhinn ón Roinn i dtaca leis seo. Ar an mbonn seo tá soláthar comhfhreagrach in aghaidh Feichiúnaí á déanamh ag Ard-Mhúsaem na hÉireann i Ráitis Airgeadais na bliana 2014.
Éilimh Titim an Staighre - Thit staighre go talamh i láthair riaracháin Mhúsaem Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, foirgneamh atá i seilbh agus faoi bhainistíocht Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, agus de bharr sin gortaíodh roinnt cuairteoirí.
Dá éis sin comhdadh éilimh de bharr díobhála pearsanta i gcoinne roinnt páirtithe le Ard-Mhúsaem na hÉireann san áireamh. Cuireadh na héilimh faighte faoi bhráid na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát do bhainistiú na n-éileamh seo.
I mí na Nollag 2014, chuir an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil agus thoiligh sí go foirmiúil Ard-Mhúsaem na hÉireann a mhaoiniú i gcomhair na gcostas iomlán maidir leis an teagmhas seo. Ansin scaoil Ard-Mhúaem na hÉireann na costais uile maidir leis an teagmhas seo leis an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát i mí na Nollag 2014. Níl súil a thuilleadh le costais bhreise maidir leis na héilimh staighre seo agus dá éis sin níl aon soláthar a thuilleadh de dhliteanais don teagmhas seo laistigh de na Ráitis Airgeadais 2014.
Éilimh an
Staighre €
Éilimh Eile €
Éilimh Iomlána
€ Soláthar ar 1 Eanáir 2014 402,563 250,000 652,563
Na méideanna íoctha in 2014 (406,000) - (406,000)
Méadú / (Laghdú) ar an soláthar 3,437 (21,245) (17,808)
Soláthar ar 31 Nollaig 2014 - 228,755 228,755
19) Teagmhais
Amach ó na míreanna a ndéantar tagairt dóibh i nóta 18 thuas, níl aon teagmhais ná caingne dlí gur gá leo sainsholáthar sna Ráitis Airgeadais.
20) Stoic
Luacháiltear an stoc ag an gcostas íochtarach nó ag an nglanluach inréadaithe.
2014 €
2013 €
Stoc d’earraí indíolta athuair 284,569 363,755
Soláthar in aghaidh Stoic Chrín (134,675) (150,000)
149,894 213,755
21) Figiúirí comparáideacha
Athrangaíodh cuid d’figiúirí na mblianta atá imithe chun bheith i gcomhréir le léiriú na bliana reatha.
22) Faomhadh na Ráiteas Airgeadais
D’fhaomh an Bord na Ráitis Airgeadais ar 25 Meán Fómhair 2015.