An t- Earrach
description
Transcript of An t- Earrach
Gaelscoil Sáirséal 2009
Is iad Feabhra, Márta agus Aibreán míonna an Earraigh
Feabhra
Márta
AibreánGaelscoil Sáirséal 2009
Gaelscoil Sáirséal 2009
Dúisíonn na hainmhithe tar éis an codladh fada geimhridh.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Filleann na héin ón aimsir the san Aifric.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Tosaíonn na plandaí agus na crainn ag fás arís.
Gaelscoil Sáirséal 2009
I dtosach an Earraigh bíonn na
crainn lom. Ní bhíonn aon rud ag fás ar na géaga.
I lár an Earraigh tosaíonn bachlóga
beaga ag fás ar na géaga.
Ag deireadh an Earraigh bíonn duilleoga móra deasa ag fás ar na géaga ar fad.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Bíonn na bleibíní ina gcodladh faoin dtalamh i rith an gheimhridh. Nuair a théann an aimsir i bhfeabhas san
Earrach dúisíonn siad agus tosaíonn siad ag fás.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Plúirín Sneachta
Cróch Lus an Chromchinn
Gaelscoil Sáirséal 2009
Tar éis laethanta gruama dorcha an gheimhridh tosaíonn an aimsir ag dul i bhfeabhas agus éiríonn na laethanta níos faide san Earrach.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Céiliúrann muintir na hÉireann Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí Feabhra, céad lá an Earraigh. Bean
cineálta naofa ab ea í Bríd a chabhraigh leis na daoine bochta agus a scaip scéal Íosa timpeall na hÉireann.
Déanaimid crois Bhríde ina honóir.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Céiliúraimid Lá ‘le Vailintín ar an 14ú Feabhra gach bliain. Is féile grá an lá seo agus seolann daoine cártaí
vailintín dá chéile chun a ngrá a chur in iúl.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Céiliúraimid Lá ‘le Pádraig ar an 17ú Márta gach bliain. Is féile Gaelach an lá seo agus céiliúraimid Naomh
Pádraig, an fear a thug scéal Íosa go hÉirinn i dtosach.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Bíonn an Cháisc i gcónaí i rith an Earraigh. Déanaimid céiliuradh ar bás agus aiséirí Críost um Cháisc. Tugann
daoine uibheacha Cásca dá chéile.
Gaelscoil Sáirséal 2009
Céiliúraimid Lá na nAmadán ar an gcéad lá de mhí Aibreán. Imríonn daoine cleasanna ar a chéile ar an lá sin.
Lá mór spraoi is ea é.