An Dá Phadhraic
-
Upload
wilma-allen -
Category
Documents
-
view
73 -
download
5
description
Transcript of An Dá Phadhraic
An Dá PhadhraicLe
Johnny Chóil Mhaidhc
Bhí Dá Phádhraic I Ros Muc
Roimh an Éirí Amach
D’fhág Ó Conaire a theallach féin
Agus tháinig Pádhraic eile isteach
A d’fhan I mbothán tuí leis féin
Suite ar bhruach na locha
Aghaidh a dhorais leis an ngréin
Agus an doras eile leis na clocha
Chuaigh Pádhraic soir is Pádhraic siar,
Gach fear de réir a thréithe
Scríobh an Pádhraic thoir ar an áit thiar
Agus scríobh an Pádhraic thiar a smaointe
Scríobh Sean-Phádhraic na Seacht mbua
Seacht mbua an Éirí Amach
Leabhar nach scríobhfadh sé go deo
Múrach gur tháinig Pádhraic eile isteach
Scríobh Sean-Phádhraic na seacht mbua
Scríobh Mac Grianna an aiste
Ba í an leabhar féin an t-ochtú bua
Ach ba í an naoú bua an aiste
Scríobh an Piarsach the fool
Agus tugadh fool ar an bPádhraic eile
D’imigh Sean-Phádhraic leis ina charr
Agus asailín beag dubh
Aon phingin déag is leathphingin ina láimh
Ag scríobh is ag codladh amuigh
Moladh an bheirt sin théis a mbáis
Fear an phinn is fear an ghunna
Ach is moladh mairbh a bhí ann
An tráth a moltar daoine dona
Ach tiocfaidh lá nár tháinig fós
Fíneoidh feoil agus Iofaigh cónra
Cé go bhfuil Gaeil básaithe atá beo
Tá an Piarsach beo is Ó Conaire
Sé béal an Phiarsaigh féin a dúirt
‘Éire saor is Éire Gaelach’
Tá b’fhéidir ann go mbeidh sí saor
Ach le saol na saol na saol ní bheidh sí Gaelach
Is gleoite é teach an Phiarsaigh Innu
Ach tá teanga an Bhéarla ag leathnú
Dá gcoinneofaí a thír mar a theach
Ba dheise an thrí inniu í ag breathnú
An deireadh
ÓClíodhna Ní Niaidh
Agus Elaine Ní Niadh
7.02.12