An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach...

30
An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar Chur Chun Feidhme an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc

Transcript of An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach...

Page 1: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar Chur Chun Feidhme an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc

Page 2: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

CLÁR ÁBHAR

Gluais....................................................................................................................................................... 2

1 Achoimre ......................................................................................................................................... 3

2 Réamhrá .......................................................................................................................................... 3

3 Achoimre ar an dul chun cinn go dtí seo ........................................................................................ 5

4 Tuarascáil ar na moltaí beartais atá liostaithe sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc ................. 6

4.1 Maoirseacht ar an Tionscal ag an nGrúpa Stiúrtha ................................................................. 6

4.2 Faoiseamh Cánach Scannán Alt 481 ....................................................................................... 6

4.2.1 Conclúidí maidir le Faoiseamh Scannán Alt 481 ............................................................. 7

4.3 Athbhreithniú Straitéiseach ar an gCistiú le haghaidh Príomhscannán ................................. 8

4.3.1 Conclúidí maidir leis an Athbhreithniú Straitéiseach ar an gCistiú le haghaidh Príomhscannán ............................................................................................................................... 9

4.4 Cistiú........................................................................................................................................ 9

4.4.1 Conclúidí maidir le Cistiú ............................................................................................... 14

4.5 Forbairt Scileanna ................................................................................................................. 14

4.5.1 Conclúidí maidir le Forbairt Scileanna ........................................................................... 20

4.6 Athchóiriú Rialála .................................................................................................................. 21

4.6.1 Conclúidí maidir le hAthchóirithe Rialála ...................................................................... 23

4.7 Margaíocht ............................................................................................................................ 24

4.8 Tacaí agus athchóirithe eile .................................................................................................. 24

5 Nithe eile a tháinig chun cinn ag cruinnithe Ghrúpa Stiúrtha an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc ........................................................................................................................................... 27

6 Conclúid ........................................................................................................................................ 28

1

Page 3: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Gluais

AR/VR Réaltacht Bhreisithe/Réaltacht Fhíorúil AVMSD An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, an

reachtaíocht ón Aontas Eorpach lena rialaítear comhordú na reachtaíochta náisiúnta sa mhargadh teilifíse agus sa mhargadh seirbhísí ar éileamh ar fud an Aontais

BAI Údarás Craolacháin na hÉireann CMF Ciste Meán Cheanada CPD Forbairt Ghairmiúil Leanúnach DBEI An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta DCCAE An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide

agus Comhshaoil EFADanna Stiúrthóirí na Gníomhaireachta Eorpaí Scannán ETB Bord Oideachais agus Oiliúna IP Maoin Intleachtúil NFQ An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí An Tuarascáil ó OSN An Tuarascáil ó Olsberg Spi with Nordicity: Anailís

Eacnamaíoch ar an Earnáil Closamhairc in Éirinn RAGanna Na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach An tArdú um Fhorbairt Réigiúnach

An tArdú um Fhorbairt Réigiúnach Scannán

SLMRU An tAonad Taighde Scileanna agus Margadh Saothair SME Fiontar Beag agus Meánmhéide Solas Gníomhaireacht de chuid na Roinne Oideachais agus

Scileanna, atá freagrach as Breisoideachas agus Oiliúint a chistiú, a phleanáil agus a chomhordú in Éirinn

VFX Éifeachtaí Físiúla VoD Físeán ar Éileamh Ciste WRAP Ciste Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair

2

Page 4: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

1 Achoimre

Sheol an tAire Madigan an Plean Gníomhaíochta Closamhairc1 i mí an Mheithimh 2018. Is plean

fadtéarmach ar fud an tionscail ar fad é, a cuireadh le chéile faoin gClár Éire Ildánach2 chun tacú leis

an uaillmhian atá ag an Rialtas mol domhanda le haghaidh léiriú scannán, drámaí teilifíse agus

beochaintí a dhéanamh d’Éirinn. Leagtar amach sa tuarascáil seo na gníomhartha ar tugadh fúthu go

dtí seo i leith na bpríomh-mholtaí atá sa Phlean.

2 Réamhrá

Tionscnamh cúig bliana is ea an Clár Éire Ildánach, a bheidh ar siúl ón mbliain 2017 go dtí an bhliain

2022 agus ina gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí. Is é is aidhm don Phlean

Gníomhaíochta Closamhairc an gealltanas a thugtar i gColún 4 den Chlár a chomhlíonadh – is é sin,

Éire a fhorbairt ina ceannaire san earnáil closamhairc – agus is é atá i gceist leis infheistíocht

mhéadaithe agus léiriú méadaithe araon a bhrú chun cinn ar fud na hearnála. Ba ó thrí phríomh-

aschur a cuireadh an Plean Gníomhaíochta le chéile: (1) an Tuarascáil ó Olsberg SPI with Nordicity

(an Tuarascáil ó OSN) a foilsíodh i mí na Nollag 20173, rud inar leagadh amach anailís eacnamaíoch ar

thionscal closamhairc na hÉireann agus ina ndearnadh moltaí beartais; (2) an Cheardlann ar Léiriú

Meán a seoladh san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann4, rud ar fhreastail níos mó ná 150 ionadaí don

tionscal air; agus (3) an Straitéis um Fhorbairt Scileanna don Tionscal Closamhairc in Éirinn5, rud ar

ullmhaigh Crowe Howarth é agus ar chomhchoimisiúnaigh Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na

hÉireann é. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc na tosaíochtaí ardleibhéil

straitéiseacha caipitil a bheidh ag an Rialtas thar an gcéad deich mbliana eile chun earnáil léiriúcháin

mheán agus chlosamhairc atá bríomhar a fhorbairt agus deiseanna eacnamaíocha nua a chruthú ar

fud na hÉireann trí thacaíocht mhéadaithe ón Rialtas.

Áirítear le hearnáil closamhairc na hÉireann an scannánaíocht, an teilifís agus an bheochan, an

fhógraíocht tráchtála agus físchluichí. Chuir an earnáil oll-bhreisluach €857 milliún le geilleagar na

hÉireann sa bhliain 2016. Ghin sí tuilleamh onnmhairiúcháin measta arbh fhiú €191 mhilliún é lena

linn freisin. Is é aidhm an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc moltaí beartais a chur chun feidhme in

1 An Plean Gníomhaíochta Closamhairc: https://www.chg.gov.ie/app/uploads/2018/06/audiovisual-action-plan.pdf 2 An Clár Éire Ildánach: https://www.chg.gov.ie/arts/creative-arts/creative-ireland-programme/ 3 Anailís Eacnamaíoch ar an Earnáil Closamhairc i bPoblacht na hÉireann – Tuarascáil ó Olsberg SPI with Nordicity (OSN): https://www.chg.gov.ie/app/uploads/2018/06/economic-analysis-of-the-audiovisual-sector-in-the-republic-of-ireland.pdf 4 Forbhreathnú ar an gCeardlann ar Léiriú Meán: 5 Straitéis um Fhorbairt Scileanna don Tionscal Closamhairc in Éirinn: https://www.screenireland.ie/images/uploads/general/AV_Skills_Strategy_Report.pdf

3

Page 5: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

ocht réimse thábhachtacha. Agus é sin á dhéanamh, táthar ag súil go méadóidh an líon fostaithe

lánaimseartha sa tionscal go thart ar 24,000 duine agus go méadófar oll-luach na hearnála go

beagnach €1.4 billiún.

Cuireadh Grúpa Stiúrtha an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc ar bun chun maoirseacht a

dhéanamh ar chomhlíonadh na ngníomhartha atá leagtha amach sa Phlean. Déanfaidh an Grúpa na

nithe seo a leanas:-

Maoirseacht a dhéanamh agus treo a sholáthar ar mhaithe le cur chun feidhme rathúil an

Phlean a chinntiú;

Tosaíochtaí a leagan síos atá bunaithe ar na moltaí atá sa Phlean; agus

Sainaithint agus faireachán a dhéanamh ar aon rioscaí atá ann do chur chun feidhme an

Phlean.

Tá an Grúpa Stiúrtha ag obair faoi láthair chun na hocht moladh beartais atá liostaithe sa Phlean a

chur chun feidhme. Is iad seo a leanas na hocht réimse beartais lena mbaineann:

(1) Maoirseacht ar an Tionscal ag an nGrúpa Stiúrtha

(2) Faoiseamh Cánach Scannán Alt 481

(3) Athbhreithniú Straitéiseach ar an gCistiú le haghaidh Príomhscannán

(4) Cistiú

(5) Forbairt Scileanna

(6) Athchóiriú Rialála

(7) Margaíocht

(8) Tacaí agus Athchóirithe Eile

Cuimsíonn comhaltas an Ghrúpa Stiúrtha ionadaithe uathu seo a leanas: an Roinn Cultúir,

Oidhreachta agus Gaeltachta; an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus

Comhshaoil; an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta; Údarás Craolacháin na hÉireann; Fís Éireann;

an Roinn Airgeadais; an Roinn Oideachais agus Scileanna; na Coimisinéirí Ioncaim; Fiontraíocht

Éireann; agus GFT Éireann. Tháinig an Grúpa le chéile ar ocht n-ócáid agus d’ullmhaigh sé an chéad

Tuarascáil seo ar Dhul Chun Cinn don Aire, rud ina léirítear na héachtaí a baineadh amach faoin

bPlean Gníomhaíochta agus ina leagtar béim ar na forbairtí a rinneadh chun tacú leis an earnáil

closamhairc in Éirinn.

Cúpla seachtain tar éis an Plean Gníomhaíochta Closamhairc a sheoladh, d’fhoilsigh an Comhchoiste

Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht Tuarascáil ar Chúrsaí Forbartha agus Dálaí

4

Page 6: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Oibre i dTionscal Scannán na hÉireann6. Leagtar amach sa tuarascáil sin 11 cheann de chonclúidí

agus moltaí sonracha. Is inti freisin atá cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc maidir leis an

tionscal a fhorbairt agus feabhas a chur ar eispéireas na ngeallsealbhóirí uile san earnáil, fás a chur

chun cinn agus nochtadh leanúnach chruthaitheacht na hÉireann a chothú trí mheán na

scannánaíochta ionas go mbeidh lucht féachana domhanda in ann taitneamh a bhaint aisti. Cuireadh

na moltaí sin san áireamh i bpléití an Ghrúpa Stiúrtha freisin.

3 Achoimre ar an dul chun cinn go dtí seo

Rinneadh dul chun cinn ar gach ceann de na hocht réimse beartais atá leagtha amach sa Phlean.

Díríodh go príomha sa chéad bhliain den tréimhse cur chun feidhme ar fheabhsuithe a bhaint amach

i gcreidmheas cánach alt 481 agus ar na hathruithe reachtacha éagsúla a dhéanamh.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhéachtaí a baineadh amach sa chéad bhliain den chur chun

feidhme faoi na hocht réimse beartais:

Freagracht shoiléir a ghlacadh as an bPlean Cur Chun Feidhme, agus teagmháil le Ranna eile

agus le gníomhaireachtaí á cothú ina leith;

Creidmheas cánach alt 481 a fhadú go dtí an bhliain 2024;

Rialacháin alt 481 a athbhreithniú;

Cistiú méadaithe a thabhairt d’Fhís Éireann, ar dá bharr a bhíothas in ann infheistíocht a

dhéanamh i ndrámaí teilifíse, scileanna a fhorbairt, tacú le cuairteanna ar mhargaí eile agus

teacht ar bhealaí inar féidir láithreacht níos láidre a fhorbairt i margaí tábhachtacha amhail

Los Angeles;

Coinbhinsiún athbhreithnithe Chomhairle na hEorpa maidir le Comhléiriúchán

Cineamatagrafach a shíniú;

Forbairtí a bhaineann le samhail na táille ceadúnais teilifíse a athchóiriú;

An tArdú um Fhorbairt Réigiúnach Scannán a thabhairt isteach;

Cúrsaí nua forbartha scileanna a dhearadh agus deiseanna breisithe oiliúna agus forbartha

scileanna a chruthú mar chuid d’athbhreithnithe alt 481.

6 https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/committee/dail/32/joint_committee_on_culture_heritage_and_the_gaeltacht/reports/2018/2018-07-12_development-and-working-conditions-in-the-irish-film-industry_en.pdf

5

Page 7: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

4 Tuarascáil ar na moltaí beartais atá liostaithe sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc

4.1 Maoirseacht ar an Tionscal ag an nGrúpa Stiúrtha

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanach 12 Leanfaidh an Grúpa Stiúrtha a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar na Tuarascála ó OSN lena chuid oibre chun rialachas agus treo a sholáthar maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc a chur chun feidhme.

Cuireadh Grúpa Stiúrtha ardleibhéil ar bun chun maoirseacht a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc. Cuimsíonn comhaltas an Ghrúpa Stiúrtha ionadaithe ó na ranna agus na gníomhaireachtaí seo a leanas a bhfuil baint acu leis an tionscal:

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; An Roinn Airgeadais; An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil; An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta; An Roinn Oideachais agus Scileanna; Na Coimisinéirí Ioncaim; Fís Éireann; Údarás Craolacháin na hÉireann; GFT Éireann; Fiontraíocht Éireann.

4.2 Faoiseamh Cánach Scannán Alt 481

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanach 16 Tá córas creidmheasa cánach alt 481 ina chuid ríthábhachtach de bhonneagar airgeadais an tionscail chlosamhairc in Éirinn. Tá alt 481 á athbhreithniú faoi láthair sa bhliain 2018 faoi na treoirlínte ón Roinn Airgeadais maidir le caiteachas cánach. Ar aon dul leis an dea-chleachtas ó thaobh caiteachas cánach de, tá clásal éagtha in alt 481 atá le dul in éag ag deireadh na bliana 2020. Is é an tAire Airgeadais a chinnfidh, tar éis an phróisis athbhreithnithe, cé acu a fhadófar nó nach bhfadófar an scéim. Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair leis an Roinn Airgeadais maidir leis an athbhreithniú sin, lena n-áirítear na gnéithe oibríochtúla agus rialála den chreidmheas cánach agus na nithe a tharraing OSN anuas. Tá an Roinn ag obair leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le riar alt 481 freisin chun a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm go fóill agus go ngnóthaíonn sé na cuspóirí atá leis.

6

Page 8: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Roimh Bhuiséad 2018, rinne an Roinn Airgeadais anailís costais is tairbhe ar alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Aithníodh san anailís sin gurb é an cuspóir atá le scéim alt 481 rannchuidiú le tionscal closamhairc atá dinimiciúil agus rathúil a fhorbairt in Éirinn agus, ar an mbealach sin, cabhrú leis an gcultúr a chur chun cinn sa Stát. Tugadh an “díbhinn chultúrtha” ar an toradh sin. I mBuiséad 2019, d’fhógair an tAire go bhfadófaí tréimhse an fhaoisimh go dtí an 31 Nollaig 2024. Toisc gur cineál Státchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach le haghaidh aon athrú a dhéanamh ar an scéim, lena n-áirítear an scéim a fhadú. Fuarthas an ceadú sin i mí Iúil 2019. Tá an scéim fadaithe anois go dtí an 31 Nollaig 2024.

Foráladh le halt 26 den Acht Airgeadais, 2018, don phróiseas deimhniúcháin a roinnt idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar thoradh ar an gceanglas atá ar chuideachtaí léiriúcháin iarratas a dhéanamh ar dheimhniú cultúrtha roimh léiriú a thosú in Éirinn, éascaítear teagmháil níos luaithe maidir leis an gceanglas oiliúna agus forbartha scileanna. Tosaíodh ar fhéinmheasúnú a úsáid i leith an chreidmheasa cánach freisin, rud a fhágann go bhféadfar na gnáthfhorálacha pionóis agus ionchúisimh a chur i bhfeidhm i leith aon éilimh a chruthófar ina dhiaidh sin a bheith mícheart. Ba le rialacháin nua – na Rialacháin Scannáin, 2019 – a tacaíodh leis na hathruithe sin.

Le halt 481 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 2018, foráiltear anois go bhféadfaidh cuideachta léiriúcháin iarratas a dhéanamh go díreach chuig an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar dheimhniú á lua go gcaithfear leis an scannán mar scannán cáilitheach chun críche alt 481. Ba go díreach chuig na Coimisinéirí Ioncaim a rinneadh na hiarratais roimhe sin. Ní mór iarratas ar dheimhniú a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aire 21 lá oibre ar a laghad roimh léiriú a thosú in Éirinn.

Mar chuid den straitéis fáis don earnáil, foráladh leis an Acht Airgeadais, 2018, don Ardú um Fhorbairt Réigiúnach Scannán. I gcomhréir leis na rialacha ón Aontas Eorpach maidir le státchabhair, ba ghá ceadú a fháil ón Aontas le haghaidh an tArdú a thabhairt isteach. Tar éis an ceadú sin a fháil, tugadh na Rialacháin Scannáin (Ardú um Fhorbairt Réigiúnach Scannán) (Leasú), 20197, isteach i mí Iúil 2019 chun éifeacht a thabhairt don bheart.

4.2.1 Conclúidí maidir le Faoiseamh Scannán Alt 481

Aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc go bhfuil córas creidmheasa cánach alt 481 ina chuid ríthábhachtach de bhonneagar airgeadais an tionscail chlosamhairc in Éirinn. Is ar an mbeart sin a leag an Grúpa Stiúrtha an chuid is mó dá dhíriú ó theacht i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc i leith. Is iad seo a leanas na gealltanais a thugtar sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc:

alt 481 a athbhreithniú faoi na treoirlínte ón Roinn Airgeadais maidir le caiteachas cánach; cinneadh a chur in iúl maidir leis an scéim a fhadú; an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chur ag obair leis an Roinn Airgeadais maidir

leis na gnéithe oibríochtúla agus rialála den chreidmheas cánach; agus

7 http://www.irishstatutebook.ie/eli/2019/si/358/made/en/print

7

Page 9: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chur ag obair leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le riar alt 481.

Comhlíonadh gach ceann de na gealltanais sin ó seoladh an Plean i mí an Mheithimh 2018. Ós rud é go bhfuil alt 481 ina uirlis ríthábhachtach d’earnáil closamhairc na hÉireann, leanfaidh an Grúpa Stiúrtha le é a choinneáil faoi athbhreithniú thar thréimhse feidhme an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc.

4.3 Athbhreithniú Straitéiseach ar an gCistiú le haghaidh Príomhscannán

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanach 16 Athraíodh ainm Bhord Scannán na hÉireann/Irish Film Board go Fís Éireann/Screen Ireland an 18 Meitheamh 2018. Déanfaidh Fís Éireann mionstaidéar ar na samhlacha cistiúcháin stáit atá ar bun i dtíortha eile laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de araon. Féachfar san athbhreithniú sin ar an dóigh a gcistítear gníomhaireachtaí príomhscannán, mar shampla, an cistiú a fhaightear ó fhoinsí poiblí nó neamhphoiblí, ó chraoltóirí seirbhíse poiblí agus ó chraoltóirí eile. Tabharfaidh Fís Éireann an staidéar sin chun críche sa chéad ráithe den bhliain 2019 lena bhreithniú ag an nGrúpa Stiúrtha ansin.

Beartaíodh sa Phlean Straitéiseach 2016 – 2020 ó Fhís Éireann athbhreithniú ó bhonn a dhéanamh ar an dóigh a gcistítear príomhscannáin in Éirinn, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige malartacha agus nuálacha agus na cleachtais inchomparáide atá ar bun i dtíortha eile den Aontas Eorpach agus in áiteanna eile. D’fhoilsigh an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc staidéar i mí Feabhra 2019, rud ar choimisiúnaigh Stiúrthóirí na Gníomhaireachta Eorpaí Scannán (dá bhfuil Fís Éireann ina ball) é agus ina gcumhdaítear 31 tír (Aontas an 28, an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis)8. Bhí sé mar aidhm leis an staidéar sin forbhreathnú comparáideach Eorpach a thabhairt ar an tionscal closamhairc in 31 tír dhifriúla agus mionanailís a dhéanamh ar thionscail náisiúnta agus réigiúnacha. Leagtar amach sa tuarascáil an raon beart atá ar fáil chun scannáin agus cláir theilifíse Eorpacha a chur chun cinn. Is é atá inti freisin ná ionchur ó Fhís Éireann ina gcuirtear síos ar thírdhreach na hÉireann de réir mar a bhaineann sé leis na nithe seo a leanas: na hoibleagáidí airgeadais a leagtar ar chraoltóirí, ar sholáthraithe seirbhísí físeáin ar éileamh agus ar dháileoirí; na tobhaigh a ghearrtar ar gheallsealbhóirí scannánaíochta agus closamhairc; na cuótaí atá ar chraoltóirí agus ar sholáthraithe seirbhísí físeáin ar éileamh maidir le saothair Eorpacha; agus an cineál oibleagáidí suntasachta a leagtar ar sholáthraithe seirbhísí físeáin ar éileamh. Tá an tuarascáil úsáideach go háirithe a mhéid a thugtar samplaí inti den dóigh a ndearna Ballstáit eile den Aontas Eorpach saothair Eorpacha a chistiú agus a chur chun cinn agus beidh ábharthacht ar leith ag baint léi le linn d’Éirinn breithniú a dhéanamh ar an dóigh ar cheart an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a chur chun feidhme. Ghlac an Chomhairle Eorpach an Treoir an 6 Samhain 2018 agus táthar ag súil leis go gcuirfear chun feidhme i ndlí na hÉireann í roimh dheireadh na bliana 2020.

8 https://rm.coe.int/european-works-mapping/16809333a5

8

Page 10: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

4.3.1 Conclúidí maidir leis an Athbhreithniú Straitéiseach ar an gCistiú le haghaidh Príomhscannán

Tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil freagrach as an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (an Treoir) a thrasuí. Tar éis comhairliúchán poiblí a chur i gcrích níos luaithe i mbliana, tá obair ullmhúcháin ar bun anois i leith an Treoir a thrasuí agus táthar ag súil leis go gcuirfear Cinn Bhille faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh na bliana 2019. Cuirfear an Treoir athbhreithnithe chun feidhme i gcomhthráth le hathrú suntasach ar an éiceachóras le haghaidh ábhar closamhairc a léiriú agus a dháileadh agus le haghaidh amharc ar ábhar closamhairc. Tá samhail thraidisiúnta an chláraithe línigh – a chuimsíonn seirbhísí teilifíse fíor-ama agus cláir sceidealta chraolacháin – in iomaíocht mhéadaithe le clárú neamhlíneach agus dáileachán agus ábhar ar líne agus ar ghléasanna móibíleacha. Luadh i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc i mí Dheireadh Fómhair 2019 go bhfuil 23 cinn de chainéil teilifíse agus 125 cinn de chainéil ar éileamh ag oibriú amach ó Éirinn9. Mar aon le hathruithe i ndáil le cuótaí agus suntasacht do shaothair Eorpacha, tugtar leis an Treoir athbhreithnithe scóip do na Ballstáit ceanglas a chur ar chraoltóirí/ar sholáthraithe seirbhísí ar éileamh tobhach a íoc isteach i gcistí náisiúnta chun tacú le léirithe scannáin agus teilifíse Eorpacha. Tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ag déanamh scrúdú faoi láthair ar an dóigh a bhféadfaí na hathruithe sin a chur chun feidhme in Éirinn.

4.4 Cistiú

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanaigh 20-22 Rinne an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an plean Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018-2027 a sheoladh i mí Aibreáin 2018, rud ina leagtar amach cuspóirí an Rialtais maidir le hinfheistíocht chaipitil a dhéanamh san earnáil. Ar aon dul leis an gClár Éire Ildánach, aithnítear sa phlean go bhfuil infheistíocht ina cuid dhílis d’earnáil léiriúcháin mheán atá bríomhar agus go bhfuil infheistíocht inár n-oidhreacht chultúrtha mar bhonn agus thaca ag comhtháthú sóisialta agus ina toisc thábhachtach taobh thiar d’fhás geilleagrach atá láidir agus inbhuanaithe. Is é is aidhm don Phlean cabhrú le hÉirinn a chur chun cinn agus a cheiliúradh mar lárionad sármhaitheasa chultúrtha agus mar fhoinse oidhreachta saibhre nádúrtha agus tógtha. Leagtar amach ann na tosaíochtaí ardleibhéil straitéiseacha caipitil atá ag an Roinn thar thréimhse deich mbliana, lena n-áirítear earnáil Léiriúcháin Mheán agus Chlosamhairc atá bríomhar a fhorbairt agus deiseanna eacnamaíocha nua a chruthú ar fud na hÉireann trí thacaíocht mhéadaithe ón Rialtas. Trí Fhís Éireann, infheisteofar €200m i Léiriú Meán agus sa Tionscal Closamhairc mar chuid den Phlean. Ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Closamhairc an Rialtais, díreofar an cistiú breise san earnáil go príomha ar an léiriú scannán, ar dhrámaí teilifíse ardchaighdeáin agus ar an mbeochan faoi na ceannteidil seo a leanas:-

(a) Cistiú le haghaidh comhléirithe chun tacú le tuilleadh tionscadal a fhorbairt agus a léiriú

9 https://rm.coe.int/audiovisual-media-services-in-europe-market-insights/16809816d1

9

Page 11: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

(b) Cistiú le haghaidh forbairt chun cur leis an luach a bhíonn ar léirithe Éireannacha san áit mhargaidh trína chinntiú go mbíonn siad lánfhorbartha sula dtosófar ar a léiriú

(c) Ciste sonrach a thabhairt isteach i gcomhairle leis an earnáil le haghaidh scannáin, drámaí teilifíse agus formáidí teilifíse a fhorbairt

(d) Cistiú a chur ar fáil chun léiriú drámaí teilifíse Éireannacha nua a spreagadh. Tá fíoreaspa drámaí teilifíse Éireannacha tagtha chun cinn le blianta beaga anuas agus cumasóidh an cistiú nua seo d’Éirinn páirt a ghlacadh sa mhargadh idirnáisiúnta d’ábhar den sórt sin – ar margadh é a bhíonn ag fás – agus eispéireas cultúrtha na hÉireann a léiriú ag an am céanna

(e) Ciste Réigiúnach Léiriúcháin, a bhfuil mar aidhm leis cabhrú le freastal ar an gcostas ar scannánú a dhéanamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin. Ba le cúnamh ó Fhís Éireann a mealladh an léiriú nua ar Nightflyers le George RR Martin go Luimneach. Réitíonn sé sin an bealach le haghaidh léirithe ardleibhéil a scannánú i réigiúin eile

(f) Oiliúint bhreise ar oibrithe agus chriúnna scannáin, go háirithe sna réigiúin. Is iad seo a leanas na costais a mheastar a bheith ag baint le roinnt de na moltaí: • Cistiú le haghaidh Comhléirithe: meastar go mbeidh costas breise €3 mhilliún in aghaidh na bliana i gceist anseo; • Cistiú le haghaidh Forbairt: meastar go mbeidh costas breise €2 mhilliún in aghaidh na bliana i gceist anseo; Freastalófar ar chostas an dá ghné sin laistigh den ranníocaíocht mhéadaithe a chuirfidh an Státchiste ar fáil d’Fhís Éireann, mar atá leagtha amach sa phlean Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018-2027. Meastar go mbeidh an Cistiú le haghaidh Drámaí Teilifíse cothrom le €10m in aghaidh na bliana, ar infheistíocht í lena nginfí caiteachas comhléiriúcháin in Éirinn ar fiú suas le €50 milliún in aghaidh na bliana é. Breithneoidh an Grúpa Stiúrtha an t-athbhreithniú ar an dóigh a soláthraítear Cistiú le haghaidh Comhléirithe, Forbairt agus Drámaí Teilifíse, agus aird á tabhairt aige ar an gcistiú breise a chuirfear ar fáil d’Fhís Éireann agus ar aon chistiú a chuirfear ar fáil tríd an Údarás Craolacháin agus trí RTÉ sa réimse seo. Rinne an tÚdarás Craolacháin ciste comhfhorbartha nua ar fiú €450,000 é a sheoladh le Ciste Meán Cheanada cheana féin. A bhuí leis an gcistiú méadaithe atá curtha ar fáil ag an Rialtas don eagraíocht le blianta beaga anuas (méadú 18% ón mbliain 2017 go dtí an bhliain 2019), beidh Fís Éireann in ann roinnt moltaí a chur chun feidhme, lena n-áirítear scileanna a fhorbairt, cuairt a thabhairt ar mhargaí, Éire a chur i láthair ag ócáidí agus láithreacht níos láidre a fhorbairt i margaí tábhachtacha amhail Los Angeles. Cabhróidh sé sin le Fís Éireann an uaillmhian atá leagtha amach sa phlean Éire Dhomhanda 2025 a chomhlíonadh, ar plean a d’fhoilsigh an Rialtas le déanaí é. I gcomhairle le geallsealbhóirí eile, thosaigh Fís Éireann ar mhapa soiléir a chruthú den mhaoiniú atá ar fáil do chuideachtaí. Leanann Fís Éireann de bheith ag obair le geallsealbhóirí i ndáil leis an maoiniú tionscadail atá ar fáil faoi na tacaí atá ann cheana, agus é mar aidhm acu tionscadail chlosamhairc idirnáisiúnta a mhealladh go hÉirinn. Tá aghaidh á tabhairt i gcontaetha an iarthair freisin ar na costais bhreise ar scannánú a dhéanamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus ar na costais sin a chistiú. Seoladh Ciste Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair, ar ciste €2m é, i mí Dheireadh Fómhair 2017. Is tionscnamh de chuid Choimisiún Forbartha an Iarthair agus Ionad Scannán na Gaillimhe é, atá á reáchtáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na húdaráis áitiúla ar an gClár, i nDún na nGall, i gCathair na Gaillimhe, i gContae na Gaillimhe, i Maigh Eo, i Ros Comáin agus i Sligeach. Cuireadh an ciste ar bun chun tacú leis na

10

Page 12: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

tionscail scannánaíochta, teilifíse, bheochana agus chluichíochta sa réigiún. Lorgóidh na comhaltaí den Ghrúpa Stiúrtha ionchur ó na Ranna ábhartha i ndáil le Cistiú le haghaidh Fréamhshamhlacha Cluichí agus le haghaidh Forbairt Ghnó araon.

Cistiú le haghaidh comhléirithe:

Trí Fhís Éireann, infheisteofar €200m i Léiriú Meán agus sa Tionscal Closamhairc mar chuid den phlean Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027. Tháinig méadú os cionn 11% ar chistiú iomlán Fhís Éireann sa bhliain 2019, agus é ag ardú ó €18,022,000 sa bhliain 2018 go €20,040,000 sa bhliain 2019. Mar a fógraíodh le déanaí i mBuiséad 2020, gheobhaidh Fís Éireann €1m sa bhreis sa bhliain 2020. Riarfaidh Fís Éireann an cistiú méadaithe sin chun tosaíochtaí straitéiseacha faoin bPlean Gníomhaíochta Closamhairc a chomhlíonadh.

Meastar sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc go mbeidh costas breise €3 mhilliún in aghaidh na bliana ag baint le cistiú le haghaidh comhléirithe. Freastalófar ar an gcostas sin laistigh den ranníocaíocht mhéadaithe a chuirfidh an Státchiste ar fáil d’Fhís Éireann, mar atá leagtha amach sa phlean Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027. Mar thoradh ar na méaduithe sa bhuiséad atá leithdháilte ar Fhís Éireann, ba cheart go mbeadh méadú ann freisin ar an líon comhléirithe scannáin agus teilifíse a bhíonn á ndéanamh in Éirinn. Thacaigh Fís Éireann le tallann chruthaitheach cheana féin sa bhliain 2019 trína rannpháirtíocht i seacht gcomhléiriú príomhscannáin i gcomhar le tallann chruthaitheach ó thíortha eile ar fud an domhain, amhail an Bheilg, Lucsamburg, Ceanada, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe.

Cistiú le haghaidh forbairt:

Gealltar sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc go ndíreofar an cistiú caipitil breise san earnáil go príomha ar léiriú scannán, ar dhrámaí teilifíse ardleibhéil agus ar bheochaintí agus an méid sin a dhéanamh faoi cheannteidil éagsúla, lena n-áirítear cistiú le haghaidh forbairt chun cur leis an luach a bhíonn ar léirithe Éireannacha san áit mhargaidh trína chinntiú go mbíonn siad lánfhorbartha sula dtosófar ar a léiriú. Meastar go mbeidh costas breise €2 mhilliún in aghaidh na bliana ag baint le cistiú le haghaidh forbairt. Freastalófar ar an gcostas sin laistigh den ranníocaíocht mhéadaithe a chuirfidh an Státchiste ar fáil d’Fhís Éireann, mar atá leagtha amach sa phlean Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027. Sa bhliain 2019, féachfaidh Fís Éireann le cáilíocht thallann chruthaitheach na hÉireann sa scannánaíocht a fhorbairt trí thacú le príomhscannáin, príomhchláir faisnéise, drámaí teilifíse ardleibhéil agus beochaintí teilifíse a chruthú trí chláir chistiúcháin le haghaidh forbairt. Beidh sé mar aidhm aici suas le 140 tionscadal a chistiú ar an mbealach sin faoi dheireadh na bliana 2019. Tacaíodh le 116 thionscadal den sórt sin cheana féin sa bhliain 2019. Ó seoladh é, leithdháileadh €435,000 faoi chiste comhfhorbartha Údarás Craolacháin na hÉireann-Chiste Meán Cheanada chun tacú le forbairt a dhéanamh ar 14 thionscadal closamhairc, ina gcumhdaítear ábhar drámaíochta, oideachais, fíorasach agus beochana.

Sa bhliain 2017, sheol Fís Éireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann scéim a bhfuil mar aidhm léi tacú le príomhscannáin i nGaeilge a fhorbairt agus a léiriú. Faoi scéim Cine4, cuireadh €450,000 ar fáil chun tacú le tionscadail den sórt sin a fhorbairt agus leithdháileadh cistiú léiriúcháin os cionn €7m ar shé thionscadal cheana féin. Cuireadh Finky, an chéad cheann díobh, i láthair den

11

Page 13: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

chéad uair i mbliana. Seoladh tionscnamh nua a bhfuil mar aidhm leis dráma déagóra i nGaeilge a fhorbairt freisin.

Drámaí Teilifíse:

Meastar go mbeidh an Cistiú le haghaidh Drámaí Teilifíse cothrom le €10m in aghaidh na bliana, ar infheistíocht í lena nginfí caiteachas comhléiriúcháin in Éirinn ar fiú suas le €50 milliún in aghaidh na bliana é. Sa bhliain 2019, b’ionann na cistí a díríodh ar dhrámaí teilifíse agus €5 mhilliún (leithdháileadh thart ar €2 mhilliún trí Fhís Éireann agus leithdháileadh thart ar €3 mhilliún trí Údarás Craolacháin na hÉireann).

Tugadh faoi deara sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc gur beag dráma teilifíse Éireannach a cruthaíodh le blianta beaga anuas. I bhfianaise acmhainneacht shuntasach na hÉireann sa mhargadh drámaí teilifíse sa tír seo agus thar lear araon, leithdháil Fís Éireann cistiú agus acmhainní méadaithe le haghaidh léiriú drámaí teilifíse agus bhunaigh sí ciste léiriúcháin nua a bhfuil mar aidhm leis tacú le drámaí teilifíse eipeasóideacha ardleibhéil a d’fhéadfaí a dhíol le tíortha eile. Is é Normal People an chéad tionscadal dúchasach mórscála a bhfuil Fís Éireann ag tacú leis faoin gciste. Tá The South Westerlies, atá á léiriú ag Deadpan Pictures, agus Darklands, atá á léiriú ag Parallel Films, i measc na dtionscadal eile a bhfuil sí ag tacú leo faoin gciste. Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag díriú cistiú ar dhrámaí teilifíse trí chiste Fuaime agus Físe an Údaráis freisin. Ón mbliain 2018 amach, sholáthair sé cistiú €1.5 milliún do shraitheanna nua drámaí teilifíse atá á bhforbairt ag Virgin Media. Ba le hinfheistíocht físeáin ar éileamh ón Ríocht Aontaithe a léiríodh na tionscadail sin (Blood (Sraitheanna 1 agus 2) agus Darklands). Bhí an caiteachas léiriúcháin iomlán ar na tionscadail sin cothrom le breis agus €10 milliún.

Tacaí a bhfuil mar aidhm leo tionscadail chlosamhairc a mhealladh agus a spreagadh

Mar ghníomhaireacht forbartha náisiúnta le haghaidh scannánaíocht na hÉireann agus le haghaidh thionscal scannánaíochta, teilifíse agus beochana na hÉireann, tá sainchúram reachtúil ar Fhís Éireann cabhrú le scannánaíocht sa Stát agus le forbairt an tionscail scannánaíochta in Éirinn agus an méid sin a spreagadh. Tacaíonn sí le scríbhneoirí, stiúrthóirí agus cuideachtaí léiriúcháin trí iasachtaí infheistíochta a sholáthar le haghaidh tionscadail scannáin, teilifíse agus bheochana a fhorbairt, a léiriú agus a dháileadh. Oibríonn sí i gcomhar leis na gníomhaireachtaí fiontar chun tacú le forbairt na hearnála scannánaíochta ionas gur féidir léi rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le hinfheistíocht isteach. Cuireann sí Éire chun cinn mar láthair le haghaidh léiriú idirnáisiúnta trí chomhairle agus tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí idirnáisiúnta atá ag iarraidh gníomhaíocht léiriúcháin a lonnú in Éirinn. Déanann sí amhlaidh trí mhisin trádála isteach agus amach a eagrú ar bhonn bliantúil agus trí obair i gcomhpháirt lena macasamhlacha san Aontas Eorpach ar chomhléirithe.

Mar a chuirtear in iúl sa straitéis Fiontraíocht 2025: Athnuaite, glacann an Rialtas dearcadh uile-fhiontair i leith tacaíocht a thabhairt don raon iomlán gnólachtaí atá ann in Éirinn, lena n-áirítear iad sin san earnáil closamhairc. Ag gníomhú di i gcomhar leis na gníomhaireachtaí agus na hoifigí fiontar dá cuid, le Ranna eile Rialtais agus le comhlachtaí tacaíochta earnála, d’fhorbair an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, le himeacht ama, sraith chuimsitheach tacaí gnó agus comhairleacha do ghnólachtaí áitiúla dúchasacha. Is féidir iad sin a chatagóiriú go ginearálta mar thacaí faisnéise/feasachta, mar thacaí comhairleacha, mar thacaí airgeadais agus mar thacaí le haghaidh

12

Page 14: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

forbairt fiontar réigiúnach. D’eisigh an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta an doiciméad ‘Forbhreathnú ar Thacaí Rialtais don Ghnó Dúchasach’10 i mí an Mheithimh 2019, rud ina leagtar amach an raon tacaí agus seirbhísí atá ar fáil do bhreis agus 250,000 fiontar gnó i ngach earnáil agus réimse gníomhaíochta in Éirinn. Tugtar i gCaibidil 5 den doiciméad forbhreathnú ar na tacaí atá sainiúil don earnáil atá ar fáil do ghnólachtaí, lena n-áirítear iad sin san earnáil cruthaitheachta.

Gné lárnach de chomhlíonadh a dhéanamh ar an uaillmhian atá ag an Rialtas mol domhanda le haghaidh léiriú scannán, drámaí teilifíse agus beochaintí a dhéanamh d’Éirinn is ea an cumas atá ag Éirinn léirithe idirnáisiúnta breise a mhealladh ó thíortha thar lear, go háirithe ó mhargadh na Stát Aontaithe. Dar leis an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, ba cheart go gcuirfeadh an cistiú méadaithe atá tugtha d’Fhís Éireann le blianta beaga anuas ar a cumas tionscnaimh a chur chun feidhme chun tacú leis an moladh go bhforbrófaí láithreacht níos láidre i margaí tábhachtacha amhail Los Angeles. Tá sé sin ag teacht le ceann amháin de na huaillmhianta atá leagtha amach sa phlean Éire Dhomhanda 2025 ón Rialtas, áit a ngealltar, faoin tionscnamh ‘Cultúr agus Oidhreacht na hÉireann a léiriú ar fud an Domhain’, go méadófar an láithreacht atá ag Fís Éireann in Los Angeles. I mí Mheán Fómhair 2019, threoraigh an Taoiseach misean trádála dhá lá go Los Angeles ar mhaithe le tionscal scannánaíochta agus teilifíse na hÉireann a fhás. Le linn an mhisin trádála sin, d’fhógair Fís Éireann go bhfuil sé ar intinn aici cur leis an láithreacht atá aici in Los Angeles agus obair go dlúth leis an gConsalacht Éireannach nua in Los Angeles. Trí threisiú leis an mbonn atá againn in Los Angeles, is dóigh go dtacófar le fostaíocht agus láimhdeachas a mhéadú san earnáil closamhairc trí chabhrú le caidreamh a fhorbairt agus a bhainistiú le mórstiúideonna agus mórléiritheoirí ábhair sna Stáit Aontaithe, trí aird a tharraingt ar na deiseanna atá ar fáil in Éirinn agus trí shainaithint a dhéanamh ar léirithe inaistrithe atá le teacht agus a d’fhéadfaí a lonnú in Éirinn.

Scannánú a dhéanamh lasmuigh de réigiúin Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin:

Ceann de na príomhdhúshláin a bhaineann leis an earnáil closamhairc a chur chun cinn ar fud na hÉireann is ea na costais bhreise ar scannánú a dhéanamh lasmuigh de na príomhlimistéir uirbeacha (go háirithe limistéar Bhaile Átha Cliath). Tá bearta ar siúl chun an éagothroime sin a shárú ar mhaithe le rochtain a éascú ar raon níos leithne láithreacha ná mar atá ann faoi láthair agus chun scileanna agus criúnna a fhorbairt ar fud láithreacha réigiúnacha in Éirinn. Tá an obair sin ag teacht leis an bPlean Forbartha Náisiúnta 2018 - 202711, rud a bhfuil mar aidhm leis dul chun cinn eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta fadtéarmach na hÉireann a bhrú chun cinn ar fud na tíre ar fad thar na deich mbliana atá romhainn.

Foilsíodh na Rialacháin Scannáin (Ardú um Fhorbairt Réigiúnach Scannán) (Leasú), 2019, i mí Iúil 2019. Ba leis na Rialacháin sin a tugadh éifeacht don Ardú um Fhorbairt Réigiúnach Scannán (“an tArdú um Fhorbairt Réigiúnach”) a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2019. Bhí an beart faoi réir ceadú státchabhrach a fháil ón Aontas Eorpach. Tar éis an ceadú sin a fháil, tháinig an beart i bhfeidhm le héifeacht ón 17 Iúil 2019.

Rannchuideoidh sé sin leis na haidhmeanna straitéiseacha atá ann an tionscal closamhairc a fhorbairt i réigiúin atá lasmuigh de na limistéir ina bhfuil an tionscal comhchruinnithe faoi láthair.

10 https://dbei.gov.ie/en/Publications/Overview-of-Government-Supports-for-Indigenous-Business.html 11https://www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/19240/62af938dce404ed68380e268d7e9a5bb.pdf#page=1

13

Page 15: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Déanfar amhlaidh trína fhoráil do chreidmheas cánach breise (atá i dteannta an ghnáthchreidmheasa cánach 32%) a chur ar fáil do léirithe a dhéanfar den chuid is mó i “réigiúin fóirithinte”. Is é is “réigiúin fóirithinte” ann ná limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte faoi léarscáil na dTreoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach. Ina theannta sin, chun cáiliú don fhaoiseamh, ceanglófar ar chuideachtaí léiriúcháin a thaispeáint go dtugtar deiseanna oiliúna agus forbartha scileanna do dhaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa limistéar agus go dtabharfaidh oiliúint den sórt sin aghaidh ar easnamh scileanna sa limistéar. Beidh an tArdú um Fhorbairt Réigiúnach ar fáil ar feadh ceithre bliana. Beidh creidmheas cánach breise 5% ar fáil sna blianta 2019 agus 2020; beidh creidmheas cánach breise 3% ar fáil sa bhliain 2021; agus beidh creidmheas cánach breise 2% ar fáil sa bhliain 2022. Is é an aidhm atá leis an gcabhair ná tacaíocht bhreise a thabhairt chun forbairt na hearnála closamhairc a dhreasú i limistéir atá lasmuigh de na príomh-mhoil léiriúcháin reatha. Ar an mbealach sin, ba cheart go gcinnteofaí leathadh níos cothroime na gníomhaíochta léiriúcháin ar fud na tíre agus go gcuirfí le fás gníomhaíochta closamhairc a spreagadh i réigiúin nua in Éirinn.

4.4.1 Conclúidí maidir le Cistiú

Is tríd an ranníocaíocht mhéadaithe ón Státchiste le Fís Éireann a chomhlíonfar na tosaíochtaí ardleibhéil straitéiseacha caipitil don earnáil. A bhuí leis an gcistiú méadaithe a tugadh sna blianta 2018 agus 2019, bhíothas in ann infheistíocht a dhéanamh i ndrámaí teilifíse, scileanna a fhorbairt, tacú le cuairteanna ar mhargaí eile agus teacht ar bhealaí inar féidir láithreacht níos láidre a fhorbairt i margaí tábhachtacha amhail Los Angeles. Trí thionscnaimh amhail Ciste Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair agus an tArdú um Fhorbairt Réigiúnach, tá aghaidh á tabhairt ar na costais bhreise ar scannánú a dhéanamh lasmuigh de na réigiúin sheanbhunaithe léiriúcháin scannán in Éirinn.

4.5 Forbairt Scileanna

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanaigh 26 - 28 Chuir Fís Éireann fochoiste i bhfeidhm chun oiliúint agus scileanna a chumhdach agus gníomhú ar na moltaí a liostaítear sa dá thuarascáil. Tríd an bhfochoiste comhairleach oiliúna sin, tá tús curtha ag Fís Éireann le hobair ar roinnt de na moltaí, lena n-áirítear:

• forbairt scileanna gnó, • scileanna a mheaitseáil le fás léiriúcháin, • ailíniú níos fearr leis an earnáil tríú leibhéal agus le hoiliúint líonraithe.

Sa bhliain 2018, déanfaidh Fís Éireann/Screen Skills Ireland bainisteoir oiliúna a cheapadh, iniúchadh ar bhearnaí scileanna a chur i gcrích san earnáil léiriúcháin bheoghnímh, san earnáil léiriúcháin bheochana agus san earnáil léiriúcháin teilifíse. Breithneoidh siad samhlacha creidiúnúcháin freisin. Sa bhliain 2018, tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag díriú ar chaidreamh a chothú chun feabhas a chur ar an gcomhoibriú atá ar bun idir an tionscal agus an earnáil oideachais d’fhonn cabhrú leis an

14

Page 16: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

soláthar oideachais a ailíniú le riachtanais an tionscail. Buanmhír ar chlár oibre an Choiste Stiúrtha (lena n-áireofar ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna) a gcuirfear de chúram air forbairt an Phlean a mhaoirsiú a bheidh in oiliúint a mhaoirsiú agus san earnáil oideachais a ailíniú le riachtanais an tionscail.

Forbairt scileanna gnó

Is é Screen Skills Ireland an rannóg forbartha scileanna i bhFís Éireann. Tá an clár ‘Ceannairí Físe’, ar clár forbartha straitéisí do chuideachtaí closamhairc Eorpacha é, á sholáthar aige le breis agus 10 mbliana anuas. Tá an clár deartha do cheannairí cuideachta a oibríonn i réimsí amhail scannáin, an teilifís, beochaintí, cluichí, iarléiriú, éifeachtaí físiúla, saoráidí, díolachán, dáileachán agus taispeántais. Cistítear é faoi Chlár Eoraip na Cruthaitheachta12 agus dírítear ann ar na nithe seo a leanas: pleanáil straitéiseach; an cumas chun cinntí straitéiseacha a chur chun feidhme; modheolaíochtaí atá ceaptha chun cultúr na cuideachta a ailíniú leis an bplean straitéiseach; struchtúr eagrúcháin a fhorbairt; agus na scileanna a theastaíonn chun oiriúnú d’athruithe, chun nuálaíocht a chothú, chun samhlacha gnó nua agus samhlacha gnó atá ag teacht chun cinn a iniúchadh agus chun luach cuideachta a mhéadú. Cumasaítear leis an gclár ‘Ceannairí Físe’ do na rannpháirtithe cinntí straitéiseacha eolacha a dhéanamh a thacaíonn le fás amach anseo a gcuideachtaí. Dírítear sa chlár ar straitéisí cuideachta a chur i ngníomh agus a chur chun feidhme agus ar cheannairí tionscail a fhorbairt. Ghlac níos mó ná 100 cuideachta agus níos mó ná 200 ceannaire cuideachta páirt sa chlár go dtí seo, agus iad ag teacht ó earnálacha tionscail amhail scannáin, an teilifís, beochaintí, cluichí, iarléiriú, éifeachtaí físiúla, saoráidí, díolachán, dáileachán agus taispeántais.

D’fhorbair Screen Skills Ireland trí chlár dheimhnithe nua i gcomhar le hinstitiúidí acadúla Éireannacha sa bhliain 2019, ba iad sin: ‘Ceannaireacht Chruthaitheach’ agus ‘Ardléiriú’ (i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath) agus ‘Bainistíocht Léiriúcháin le haghaidh Beochana’ (i gcomhpháirt le hInstitiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire). Faoin gclár ‘Ceannaireacht Chruthaitheach’, tairgtear Dioplóma Iarchéime ag Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá an Dioplóma dírithe ar earnálacha cruthaitheacha amhail beochaintí, cluichí, éifeachtaí físiúla agus teicneolaíochtaí tumthacha agus tá sé ar fáil do rannpháirtithe tríd an gclár Springboard+. Is clár tionscaldírithe é, a dearadh i gcomhar le príomhstiúideonna beochana, éifeachtaí físiúla, teicneolaíochtaí tumthacha agus cluichí. Tá an clár ceaptha chun buíon ceannairí amach anseo a fhorbairt agus chun tacú le fás inbhuanaithe na dtionscal cruthaitheach. Tá sé mar aidhm leis scileanna gnó agus ceannaireachta a fhorbairt i measc rannpháirtithe. Is Teastas Iarchéime ag Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí é ‘Ardléiriú’. Tá sé ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar réimsí scileanna éagsúla amhail an próiseas forbartha; maoiniú; saincheisteanna dlí; buiséadú agus sceidealú; léiriú; iarléiriú; agus scileanna bainistíochta. Is é an aidhm atá leis an gclár a chinntiú go mbeidh léiritheoirí “ullamh don mhargadh” agus go sealbhóidh siad na príomhscileanna atá sainaitheanta ag an tionscal, lena n-áirítear eolas fónta ar an bhforbairt agus ar an tírdhreach léiriúcháin agus dáileacháin a bhíonn ag athrú agus scileanna ó thaobh idirbheartaíochta agus bainistíochta de. Díreofar sa chlár freisin ar scileanna idirbheartaíochta, ar dhíolachán agus dáileachán, ar fhéilte, ar mhargaí agus ar chur i láthair.

12 https://ec.europa.eu/programmes/creative-europe/node_en

15

Page 17: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Gnóthóidh na rannpháirtithe a n-éireoidh leo sa chlár na scileanna, an mhuinín agus an bhaint a theastaíonn chun oibriú go rathúil sa tionscal agus i margaí idirnáisiúnta. Is Teastas Iarchéime ag Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí é ‘Bainistíocht Léiriúcháin le haghaidh Beochana’. Díreofar ann ar scileanna a fhorbairt ionas gur féidir léirithe beochana a bhainistiú idir forbairt an choincheapa agus an soláthar deiridh. Tríd an gclár, gnóthóidh foghlaimeoirí tuiscint ar bhainistíocht phraiticiúil a dhéanamh ar léirithe beochana digiteacha ar chaighdeán tionscail. Cé go bpléifear go príomha le píblínte beochana déthoiseacha, cumhdófar píblínte tríthoiseacha agus éifeachtaí físiúla freisin.

Le linn na mblianta 2018 agus 2019, sholáthair Screen Skills Ireland roinnt gearrchlár forbartha gairmiúla leanúnaí i gcomhar leis an tionscal. Bhí sé mar aidhm leis na cláir feabhas a chur ar scileanna gnó agus bainistíochta san earnáil scáileáin. I mí na Samhna 2019, sheol sé glao ar mheantóirí le haghaidh Scéim nua Cistiúcháin Mheantóireachta atá le tosú ag deireadh na bliana 2019. Mar chuid den scéim, tairgfear tacaíocht meantóireachta – lena n-áirítear meantóireacht gnó, meantóireacht chruthaitheach agus meantóireacht theicniúil – do ghairmithe scáileáin ag céimeanna tábhachtacha dá bhforbairt gairme.

Oibreoidh Screen Skills Ireland i gcomhar le ACE Producers, ar comhpháirtí Eorpach é, sa bhliain 2020 chun clár nua beochana a sholáthar do léiritheoirí atá ag iarraidh cur leis an eolas atá acu ar bheochaintí príomhscannáin a fhorbairt agus a léiriú do lucht féachana idirnáisiúnta (pictiúrlanna, seirbhísí craolacháin nó seirbhísí sruthaithe) agus an t-eolas sin a éagsúlú. Le linn an chláir, díreofar ar an bpróiseas forbartha, ar chomhléiriú, ar dháileachán idirnáisiúnta, ar an lucht féachana agus ar straitéisí gnó.

Soláthraítear cúrsaí scileanna gnó don earnáil tríd an gclár Skillnet (atá pléite níos mine thíos) freisin. Trí Animation Skillnet, Design Enterprise Skillnet agus Gréasán na Meán Skillnet sa tréimhse 2018-19, ghlac breis agus 150 duine páirt i gcláir agus imeachtaí inar pléadh le Scileanna Gnó, Bainistíocht Tionscadal agus Ceannaireacht. Áiríodh leo sin cláir amhail ‘Gnó 101 do Ghnólachtaí Tionscanta Cruthaitheacha’, ‘Bainistíocht Léiriúcháin’, ‘Gnó agus Maoiniú na Beochana’ agus ‘Buiséadú agus Sceidealú Dhraíocht na Scannán’.

I dtaca le maoin intleachtúil a fhorbairt agus a thráchtálú, tharla sé sna blianta 2018 agus 2019 gur thacaigh Screen Skills Ireland le seisear scríbhneoirí Éireannacha agus iad ar socrúchán i ‘seomraí scríbhneoirí’ in Los Angeles. Reáchtáil sé raon gearrchlár forbartha gairmiúla leanúnaí ar thopaicí atá bainteach le maoin intleachtúil a fhorbairt agus a thráchtálú freisin.

Soláthraíonn Fiontraíocht Éireann sraith clár saincheaptha forbartha ceannaireachta agus bainistíochta chun tacú leis na riachtanais inniúlachta atá ag a cuid cliantchuideachtaí. Tá na cláir agus an tairiscint dírithe ar phróifíl trasearnála cliant de chuid Fhiontraíocht Éireann agus tá siad ceaptha chun foghlaim trasearnála idir piaraí a spreagadh. Soláthraíonn Fiontraíocht Éireann cláir straitéiseacha ina mbunathraítear gnólachtaí chun feabhais. Soláthraíonn sí gearrchláir sholúbtha ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna gearrthéarmacha gnó freisin. Tríd an Líonra Meantóirí atá ar bun aici, tugann Fiontraíocht Éireann rochtain dá cuid cliantchuideachtaí ar fhiontraithe agus ceannairí gnó a bhfuil an-taithí acu. Cuireann na daoine sin treoir agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil agus cabhraíonn siad le ceannairí gnó a n-acmhainneacht fáis a bharrfheabhsú.

16

Page 18: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Anailís ar riachtanais scileanna agus scileanna a mheaitseáil le fás léiriúcháin

Faoin bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leagann Fís Éireann gealltanas amach go gceapfar bainisteoir oiliúna agus go gcuirfear iniúchadh ar bhearnaí scileanna i gcrích san earnáil léiriúcháin bheoghnímh, san earnáil léiriúcháin bheochana agus san earnáil léiriúcháin teilifíse. Sa bhliain 2018, ceapadh bainisteoir oiliúna agus tugadh faoi ‘Shuirbhé Anailíse ar Riachtanais Scileanna’ a raibh mar aidhm leis bearnaí scileanna sa todhchaí a shainaithint agus tacú le forbairt ghairmiúil leanúnach an tionscail. Fuarthas breis agus 1,300 freagra ar an suirbhé agus baineadh leas as fionnachtana an tsuirbhé chun forbairt a dhéanamh ar chúrsaí a bhí ar tairiscint ag Screen Skills Ireland sa bhliain 2019. I mí Dheireadh Fómhair 2019, thug Screen Skills Ireland faoi shuirbhé anailíse ar riachtanais scileanna sa todhchaí chun cur leis an tuiscint atá ann ar bhearnaí scileanna sa tionscal agus le conas is fearr is féidir dul i ngleic leo. Bainfear leas as fionnachtana an tsuirbhé (a gnóthaíodh ó níos mó ná 1,200 freagra) chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt cúrsaí sa todhchaí agus d’obair Fhís Éireann agus í ag comhlíonadh a róil i dtaca le Pleananna Forbartha Scileanna alt 481. Cuirfear na fionnachtana ardleibhéil ar fáil go poiblí do gach geallsealbhóir freisin. Ba cheart go gcabhródh sé sin le soláthraithe na bearnaí a dhúnadh idir staid reatha an tsoláthair scileanna in Éirinn agus méid agus riocht réamh-mheasta an tionscail sa todhchaí, mar a sainíodh sa chomhairliúchán leis na daoine sin a oibríonn san earnáil.

Gan trácht ar na suirbhéanna, bíonn teagmháil leanúnach ar bun idir Screen Skills Ireland agus an earnáil closamhairc. Tá cúig ghrúpa comhairliúcháin tionscail ann, a bhfuil gach ceann díobh comhdhéanta de thart ar dheichniúr gairmithe tionscail. Buaileann na grúpaí sin le Screen Skills Ireland go rialta agus soláthraíonn siad aiseolas ar riachtanais leanúnacha an tionscail sna réimsí seo: Scannáin agus Drámaí Teilifíse; Cláir Neamhfhicsin Teilifíse; Beochan, Cluichí, Éifeachtaí Físiúla agus Réaltacht Bhreisithe/Réaltacht Fhíorúil; Cruthaitheacht agus Comhoibriú Cruthaitheach; Gnó agus Meantóireacht.

Idir mí Iúil 2018 agus mí Dheireadh Fómhair 2019, rinne Screen Skills Ireland forbairt agus soláthar ar níos mó ná 90 cúrsa a bhí dírithe ar an tionscal agus leithdháil siad 1,250 áit. Chun scileanna a mheaitseáil leis an bhfás léiriúcháin, rinne Screen Skills Ireland forbairt agus soláthar ar roinnt clár foghlama obairbhunaithe d’iontrálaithe nua (níos mó ná 14 chlár) idir mí Iúil 2018 agus mí Dheireadh Fómhair 2019, lenar áiríodh an clár rathúil ‘Pas chun Léiriúcháin’. De bhreis air sin, rinne Screen Skills Ireland forbairt le déanaí ar dhá chlár dheimhnithe foghlama obairbhunaithe nua d’iontrálaithe nua san earnáil. Áirítear leo an clár nua Printíseachta d’Ealaíontóirí Teicniúla CGI (Comhéadan Coiteann Geataí) don earnáil beochana, don earnáil éifeachtaí físiúla agus d’earnálacha eile, ar clár é atá á reáchtáil i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus atá deimhnithe ag Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Áirítear leo freisin an ‘Clár Oiliúna i Léiriú Meán’ atá á reáchtáil i gcomhpháirt le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus atá deimhnithe ag Leibhéal 5 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

D’óstáil Screen Skills Ireland ócáid ‘Léiriúcháin Fhreagraigh’ a cuireadh ar fáil saor in aisce an 9 Deireadh Fómhair 2019 chun gníomhaíocht léiriúcháin fhreagraigh a chothú agus chun timpeallachtaí oibre atá níos dearfaí agus níos cuimsithí a chruthú. Leag an chéad Phainéal ag an imeacht díriú ar ‘Riachtanais Scileanna a Shainaithint ar Léiriú agus Torthaí agus Tionchar na Gníomhaíochta Scileanna a Ghabháil’. Bhí sé comhdhéanta d’aíonna painéil ón tionscal, ó sholáthraithe oiliúna agus ó chomhlachtaí ionadaíocha tionscail. D’fhreastail níos mó ná 150

17

Page 19: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

rannpháirtí ón earnáil scáileáin in Éirinn ar an ócáid. Ba é aidhm na hócáide ná féachaint ar bhealaí inar féidir leis an earnáil comhoibriú go dearfach chun forbairt scileanna a bhreisiú, chun éagsúlacht agus cuimsiú a chothú, chun scannánaíocht ghlas/inbhuanaithe a spreagadh agus, sa deireadh, chun leas a bhaint as feabhsuithe sna réimsí sin mar bhuntáiste iomaíoch don earnáil scáileáin sa todhchaí.

Chun an aidhm ardleibhéil um scileanna a mheaitseáil leis an bhfás léiriúcháin a bhaint amach agus chun comhoibriú méadaithe a spreagadh idir an tionscal agus an earnáil oideachais, bhunaigh Screen Skills Ireland Fóram Oideachais an Tionscail Scáileáin i mí na Samhna 2018. Is ócáid bhliantúil nua í sin. Le linn na hócáide bliantúla sin, tagann geallsealbhóirí tionscail agus soláthraithe oideachais le chéile chun díriú ar na dúshláin agus na deiseanna atá os comhair na n-earnálacha scáileáin in Éirinn ó thaobh forbairt scileanna de. Chláraigh níos mó ná 200 ionadaí ón earnáil scáileáin d’ócáid na bliana 2019. Cuireadh an ócáid ar siúl an 5 Samhain 2019 agus seoladh Plean Gníomhaíochta 10 bPointe Screen Skills Ireland (2020-2025) lena linn. Beidh an Plean Gníomhaíochta mar chreat d’obair na gníomhaireachta sna cúig bliana atá le teacht. Leagtar deich bpríomhréimse dírithe amach sa Phlean Gníomhaíochta, lena n-áirítear: rannpháirteachas leis an tionscal a mhéadú; gairmeacha scáileáin a fhorbairt; tionscnaimh foghlama obairbhunaithe a fhorbairt; sonraí agus torthaí a ghabháil; meantóireacht scáileáin a mhéadú; tacú le léiriú réigiúnach; sainscéimeanna scáileáin a mhéadú; tacú le foghlaim ar feadh na gairme; feabhas a chur ar an gcultúr sa tionscal scáileáin.

Bíonn fás leantach an tionscail chlosamhairc in Éirinn ag brath go páirteach ar scileanna a fhorbairt ar bhonn leantach agus ar oiliúint a chur ar dhaoine a oibríonn san earnáil. Le faoiseamh cánach alt 481, cuirtear ceangal ar thairbhithe oiliúint a sholáthar le linn léiriú. Mar thoradh ar leasuithe a rinneadh ar riar alt 481 faoi na Rialacháin Scannáin, 2019, tapaíodh an deis páirt a thabhairt do Screen Skills Ireland i measúnú a dhéanamh ar Phleananna áirithe Forbartha Scileanna a cheanglaítear nuair a dhéantar iarratas chuig an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar dheimhniú faoi alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. I gcás go meastar gur mó ná €2 mhilliún an caiteachas incháilithe ar scannán, ní mór do chuideachtaí léiriúcháin obair le Screen Skills Ireland chun Plean cuimsitheach Forbartha Scileanna a cheapadh. Ceanglaítear ar chuideachtaí léiriúcháin tionscnaimh bheartaithe oiliúna agus forbartha scileanna a leagan amach. Moltar dóibh anailís a dhéanamh ar riachtanais scileanna chun a fháil amach cé na riachtanais forbartha scileanna atá ag an léiriú agus/nó ag an gcuideachta agus cé na riachtanais scileanna atá ag na daoine aonair atá fostaithe sa léiriú agus sa mhórearnáil scáileáin. Mar chuid den phróiseas sin, thug Screen Skills Ireland faoi chomhairliúchán fairsing leis na Cuallachtaí éagsúla Scáileáin agus d’fhorbair sé acmhainní do chuideachtaí léiriúcháin chun go mbeadh siad in ann sonraí a bhaineann le gníomhaíocht scileanna, amhail torthaí agus tionchar na gníomhaíochta sin, a ghabháil. Mar thoradh ar an gceanglas forbartha scileanna nua a thugtar isteach le halt 481, tugtar deis do chuallachtaí tionscail, do léiritheoirí agus do gheallsealbhóirí eile deireadh a chur leis na bacainní ar dhul isteach sa tionscal, deireadh a chur leis na bacainní ar dheiseanna dul chun cinn sa tionscal agus cultúr níos éagsúla agus níos cuimsithí a spreagadh sa tionscal.

Ailíniú na hearnála oideachais leis an tionscal:

Tá tionscnaimh éagsúla ar bun chun cur le hailíniú na gcúrsaí atá ar tairiscint ag soláthraithe breisoideachais agus ardoideachais le riachtanais an tionscail chlosamhairc, ar cúrsaí iad ina dtugtar aghaidh ar na nithe a tarraingíodh anuas sa Tuarascáil ó OSN agus sa Tuarascáil ó Crowe Howarth.

18

Page 20: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Ar an meán, téann 1,200 mac léinn isteach i gcúrsaí ardoideachais san earnáil closamhairc gach bliain. Tugann formhór na mac léinn sin (thart ar 900 mac léinn) faoi chúrsaí ag Leibhéal 8 (céim onóracha) ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus is iad Institiúidí Teicneolaíochta a sholáthraíonn formhór mór na gcúrsaí. Soláthraíonn Ollscoileanna cúrsaí do thart ar 120 mac léinn gach bliain. Tá na cúrsaí le fáil i gceithre réimse phríomha, mar atá: Fógraíocht, Cumarsáid Fhísiúil agus Dearadh Grafach (147 n-iontrálaí nua sa bhliain 2017/18); Na Meáin Dhigiteacha/Chruthaitheacha (536 iontrálaí nua sa bhliain 2017/18); Scannáin, Teilifís agus Beochan (354 iontrálaí nua sa bhliain 2017/18); agus Físchluichí (192 iontrálaí nua sa bhliain 2017/18).

Soláthraíonn an tionscnamh Springboard+ cúrsaí san earnáil closamhairc. Sa bhliain 2018, bhí 220 rannpháirtí (2017: 127 rannpháirtí) ann sna cúrsaí sin i seacht gcinn d’institiúidí ardoideachais poiblí agus príobháideacha. Soláthraíodh na cúrsaí ag leibhéil 6, 7, 8 agus 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Sa bhliain 2015, sheol an Rialtas Straitéis Náisiúnta Scileanna na hÉireann 202513. Mar chuid den straitéis sin, bunaíodh Fóraim Réigiúnacha Scileanna chun deis a thabhairt d’fhostóirí agus don chóras oideachais agus oiliúna obair le chéile chun freastal ar na riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn ina réigiúin féin. Soláthraíonn na fóraim pointe teagmhála aonair i ngach réigiún chun cabhrú le fostóirí nascadh leis an raon seirbhísí agus tacaí atá ar fáil ar fud an chórais oideachais agus oiliúna. Anuas air sin, soláthraíonn siad faisnéis níos cuimsithí ar an margadh saothair agus anailís ar riachtanais fostóirí chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt clár, rud as a dtagann comhoibriú méadaithe agus úsáid mhéadaithe acmhainní ar fud an chórais oideachais agus oiliúna agus a chuireann feabhas ar bhealaí dul chun cinn d’fhoghlaimeoirí. Mar thoradh ar an struchtúr, cuirtear ar chumas fostóirí páirt níos gníomhaí a ghlacadh i gcur chun cinn a dhéanamh ar róil fostaíochta agus ar dheiseanna dul chun cinn gairme ina n-earnálacha féin. Cuireadh naonúr Bainisteoirí ar na Fóraim Réigiúnacha Scileanna i bhfeidhm, ar daoine iad a fhónfaidh mar phríomhtheagmhálaithe agus a bheidh i gceannas ar obair an Fhóraim i ngach Réigiún ar leith. Ag Fóram Oideachais an Tionscail Scáileáin i mí na Samhna 2019, ar lena linn a labhair roinnt soláthraithe oideachais agus oiliúna, tugadh spreagadh do léiritheoirí agus do chuideachtaí dul i dteagmháil le Bainisteoirí na bhFóram Réigiúnach Scileanna chun go ndéanfaí scileanna a shainaithint agus a ghabháil ionas go bhféadfaí an méid sin a chur san áireamh i gcinntí a dhéanfadh an Rialtas sa todhchaí ar an mbeartas oideachais agus scileanna.

I gcomhar leis an Aonad Taighde Scileanna agus Margadh Saothair i SOLAS, d’fhorbair na Fóraim Réigiúnacha Scileanna ‘Scileanna le haghaidh Fáis’ freisin. Is tionscnamh scileanna é sin a chabhróidh le fostóirí a riachtanais scileanna a shainaithint agus treoir a fháil maidir leis na soláthraithe oideachais agus oiliúna atá is oiriúnaí dá riachtanais. Tá sé mar chuspóir leis an tionscadal ‘Scileanna le haghaidh Fáis’ ná cur le cáilíocht agus cainníocht na sonraí atá ar fáil faoi riachtanais scileanna i bhfiontair aonair chun teagmháil bhreisithe a éascú idir fiontair, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus baill ábhartha eile de na Fóraim Réigiúnacha Scileanna. Cabhróidh ‘Scileanna le haghaidh Fáis’ le léargas níos iomláine a chruthú ar riachtanais scileanna ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal náisiúnta, rud a chumasóidh freagairt náisiúnta níos láidre sa todhchaí. Tá sé beartaithe go nglacfaidh comhpháirtithe nua páirt sa tionscnamh de réir mar a leathnaítear an tionscadal.

13 https://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/pub_national_skills_strategy_2025.pdf

19

Page 21: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Is é is Skillnet Ireland ann ná gníomhaireacht tacaíochta gnó a bhfuil mar chuspóir aici iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht na ngnólachtaí Éireannacha a chur chun cinn trí fhorbairt fórsa saothair atá treoraithe ag fiontair. Faigheann Skillnet Ireland a chistiú ón Roinn Oideachais agus Scileanna tríd an gCiste Náisiúnta Oiliúna agus oibríonn sé faoi shamhail uathúil nuálach comhinfheistíochta i gcomhpháirt le príomhghrúpaí ionadaíocha tionscail ar fud an tionscail chlosamhairc.

Sa réimse closamhairc, is ann i láthair na huaire do thrí Ghréasán tionscail de chuid Skillnet Ireland: soláthraíonn Animation Skillnet réitigh oiliúna fhóirdheonaithe agus deiseanna líonraithe do na hearnálacha beochana, cluichí agus éifeachtaí físiúla in Éirinn; tacaíonn Gréasán na Meán Skillnet le fás thionscal dúchasach meán na hÉireann ach ócáidí líonraithe agus oiliúint speisialaithe a sholáthar trí Ghaeilge go príomha; agus tacaíonn Screen Skillnet, a seoladh sa bhliain 2019, le fás earnálacha Scannánaíochta, Teilifíse agus Iarléiriúcháin na hÉireann ach oiliúint shaincheaptha agus ócáidí líonraithe ghairmiúil a sholáthar.

Sa bhliain 2018, b’ionann deontais Skillnet Ireland agus níos mó ná €607,000 le haghaidh Animation Skillnet agus Ghréasán na Meán Skillnet. Bhí an méid sin ag gabháil le cistiú meaitseála fostóirí a bhí cothrom le €373,000, rud a fhágann gur caitheadh níos mó ná €980,000 ar chláir oiliúna a sholáthar chun tacú le riachtanais forbartha na hearnála closamhairc trí shruthanna cistiúcháin Skillnet Ireland agus tríd an tsamhail comhinfheistíochta.

Foilsíonn an tAonad Taighde Scileanna agus Margadh Saothair taighde agus tuarascálacha lena gcabhraítear le beartais agus cleachtais a fhorbairt agus a athbhreithniú san earnáil breisoideachais, san earnáil ardoideachais agus in earnálacha gaolmhara eile. Chomh maith leis sin, déanann an tAonad Taighde Scileanna agus Margadh Saothair bainistiú ar an mBunachar Sonraí Náisiúnta Scileanna agus cuireann sé sonraí faoin margadh saothair agus anailís ar an margadh saothair ar fáil d’earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna, rud a thacaíonn leis an gcomhchleachtadh bliantúil pleanála gnó a dtugann SOLAS agus na Boird Oideachais agus Oiliúna faoi.

Sa bhliain 2018, d’oibrigh Screen Skills Ireland i ndlúthchomhar leis an earnáil closamhairc chun próifílí gairme a chruthú le haghaidh gach róil ó leibhéal an iontrálaí nua go leibhéal an Chinn Roinne. Is é an toradh atá ar an obair sin gur forbraíodh creat inniúlachta ina leagtar caighdeáin síos le haghaidh an eolais, na scileanna agus na n-inniúlachtaí a theastaíonn le haghaidh gach róil ar leith chun gur féidir feidhmíocht a thagarmharcáil. Leis an bpróifíl creata agus gairme, tairgtear cur chuige dea-chleachtais a d’fhéadfadh dul chun cinn gairme níos struchtúrtha a éascú dá nglacfaí é go leathan san earnáil. Chomh maith leis sin, is acmhainn í is féidir le soláthraithe oideachais agus oiliúna a úsáid chun curaclaim chúrsa a ailíniú ar bhealach níos leordhóthanaí leis na róil iarbhír atá ann sa timpeallacht léiriúcháin.

4.5.1 Conclúidí maidir le Forbairt Scileanna

Chun breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha a bhfuil mar aidhm leo forbairt scileanna a fheabhsú, bunaíodh fochoiste den Ghrúpa Stiúrtha. Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó Screen Skills Ireland, ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ó Fhiontraíocht Éireann, ó Údarás Craolacháin na hÉireann, ón gClár Éire Ildánach agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Buanmhír ar chlár oibre an

20

Page 22: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

Ghrúpa Stiúrtha is ea oiliúint a mhaoirsiú agus an earnáil oideachais a ailíniú le riachtanais an tionscail. Ina theannta sin, cinnteoidh tionscnaimh amhail na suirbhéanna ar riachtanais scileanna, an díriú athnuaite ar oiliúint ar ardchaighdeán mar chuid d’alt 481 agus teagmháil leanúnach leis an tionscal go ndéanfar dul chun cinn leantach ar an réimse beartais um Fhorbairt Scileanna. Moltar don tionscal teagmháil réamhghníomhach a dhéanamh leis an gcóras oideachais agus oiliúna agus cabhrú le hoibrithe páirt a ghlacadh i ndeiseanna uas-scilithe agus athscilithe.

4.6 Athchóiriú Rialála

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanach 29 Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála faoi láthair chun glacadh leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Comhléiriúchán Cineamatagrafach, rud a athraíodh chun dáta le déanaí. An 28 Samhain 2017, d’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol Tuarascáil ar Chistiú an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí sa Todhchaí. D’fhoilsigh sé Tuarascáil ar an nGrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille Craolacháin (Leasú), 2017, agus Tuarascáil ar Tháillí Atarchuir an 8 Márta 2018 freisin. Tá na moltaí ón gCoiste á mbreithniú faoi láthair ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

An Coinbhinsiún Eorpach maidir le Comhléiriúchán Cineamatagrafach

Glacadh an Coinbhinsiún Eorpach athbhreithnithe maidir le Comhléiriúchán Cineamatagrafach (Uimh. ETS 220) an 29 Meitheamh 2016. An 30 Eanáir 2017, osclaíodh é lena shíniú ag na Ballstáit agus lena aontú ag Stáit nach Ballstáit iad agus ag an gComhphobal Eorpach.

Leis an gCoinbhinsiún athbhreithnithe, athraítear chun dáta Coinbhinsiún roimhe (Uimh. ETS 147) ar ghlac Comhairle na hEorpa é sa bhliain 1992. Leagadh amach le Coinbhinsiún 1992 ardán le haghaidh comhléirithe cineamatagrafacha a dhéanamh níos sistéamaí agus níos sothógtha ach creat dlíthiúil agus airgeadais a sholáthar le haghaidh comhléiriú scannán fada lena mbaineann léiritheoirí ó thrí thír Eorpacha nó níos mó. Toradh eile a bhí ar an gCoinbhinsiún ba ea gur cabhraíodh le creat déthaobhach a chur i bhfeidhm toisc nárbh ann d’aon chonradh sonrach comhléiriúcháin idir dhá thír Eorpacha. Ós rud é gur soláthraíodh rialacha soiléire agus intuarthacht leis, d’éascaigh an Coinbhinsiún obair na léiritheoirí scannán agus obair na n-údarás náisiúnta atá freagrach as an earnáil a rialáil agus tá na bearta ag buntacú tuilleadh le comhléiriú scannán san Eoraip.

Chuaigh Éire isteach sa Choinbhinsiún sa bhliain 2000 agus táthar ag baint an-leas as go dtí seo le linn comhléiriú Éireannach a fhorbairt le comhpháirtithe i dtíortha Eorpacha eile. Baineann Éire úsáid éifeachtach as an gCoinbhinsiún. Toradh amháin atá air is ea go bhfuil sé ag éascú comhléiriú éifeachtach le gach críoch Eorpach agus ag neartú naisc chultúrtha agus chaidreamh na hÉireann le críocha Aontais Eorpaigh. Príomh-chomhpháirtí de chuid na hÉireann fós is ea an Ríocht Aontaithe de bharr na gluaiseachta éasca daoine cumasacha idir an dá thír agus toisc go bhfuil teanga chomhroinnte agus stair chomhroinnte againn. Shínigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an Coinbhinsiún

21

Page 23: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

athbhreithnithe go hoifigiúil an 7 Feabhra 2019, rud a fhágann go bhfuil tuilleadh solúbthachta ag léiritheoirí sa Ríocht Aontaithe agus ag a gcomhpháirtithe idirnáisiúnta ar sínitheoirí iad a dtír féin. Anuas air sin, ba cheart go gcabhródh sé leis an Ríocht Aontaithe obair i gcomhar le críocha Eorpacha agus le críocha idirnáisiúnta eile (cé go bhfuil sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh go mbeadh tionchar ann ar chomhaontuithe déthaobhacha áirithe dá dtiocfaí ar mhargadh Breatimeachta nó mura dtiocfaí ar mhargadh Breatimeachta agus tá athbhreithniú á dhéanamh ar fhorbairtí ina leith sin).

Sna 24 bliana atá imithe thart ó tháinig Coinbhinsiún 1992 i bhfeidhm, tá athruithe ó bhonn tagtha ar an tionscal scannánaíochta. Baineann na hathruithe sin leis an teicneolaíocht agus le domhandú méadaithe an mhargaidh ábhair. Tá beartais náisiúnta sa réimse closamhairc ag teacht leis na hathruithe sin agus tá méadú suntasach tagtha ar dhreasachtaí léiriúcháin toisc go bhfuil lear tíortha Eorpacha, ar tíortha beaga iad go minic, ag féachaint le scileanna agus acmhainn a mhéadú ina n-earnáil léiriúcháin intíre ach léiriú idirnáisiúnta a mhealladh agus comhoibriú a chomhdhlúthú. Mar fhreagairt do na hathruithe sin, athbhreithníodh Coinbhinsiún 1992 chun coinneáil suas le hathruithe sa tionscal agus chun a chinntiú go leanann sé de bheith ábhartha.

Sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc, cuireadh de cheangal ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta leanúint ar aghaidh ag obair leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun an Conradh a shíniú. Baineadh an méid sin amach i mí na Bealtaine 2019 agus, de réir theacht i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 19(2), tháinig an conradh athbhreithnithe i bhfeidhm in Éirinn an 1 Meán Fómhair 2019.

An Craolachán Seirbhíse Poiblí

Tá tírdhreach an chraolacháin seirbhíse poiblí ag athrú ó bhonn sa tír seo agus ar fud an domhain araon. Tá treochtaí athraitheacha in úsáid na meán agus aistriú an ioncaim fógraíochta chuig na meáin dhigiteacha ag dul i bhfeidhm ar gach craoltóir. I dTuarascáil ar Chistiú an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí sa Todhchaí a d’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais sa bhliain 201714, rinneadh scrúdú ar an tírdhreach athraitheach agus ar an dóigh a bhféadfaí cistiú don chraolachán seirbhíse poiblí a chur ar chonair inbhuanaithe sa todhchaí. Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann a Athbhreithniú Cúig Bliana ar chistiú do chraoltóirí seirbhíse poiblí a chur i gcrích sa bhliain 2018. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil RTÉ agus TG4 ag leanúint ar aghaidh ag soláthar luach do lucht féachana agus lucht éisteachta na hÉireann agus go bhfuil údar láidir ann le bheith i bhfabhar leibhéil mhéadaithe chistiúcháin a sholáthar do RTÉ agus do TG4. Ba cheart go gcabhródh an cistiú sin leo dúshláin timpeallachta, teicneolaíochta agus airgeadais a shárú le linn ionchais an lucht féachana agus an lucht éisteachta a chomhlíonadh sa todhchaí15. I mí Iúil 2018, bunaíodh ‘Grúpa Oibre um Chistiú an Chraolacháin Seirbhíse Poiblí sa Todhchaí’, ar Grúpa Oibre idir-rannach é, chun scrúdú a dhéanamh ar roghanna le haghaidh an táille ceadúnais teilifíse nó aon mhuirear ionaid a bhailiú, agus leas á bhaint as obair an Chomhchoiste Oireachtais. Foilsíodh an Tuarascáil ón nGrúpa Oibre an

14 An Tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais, 2017: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/committee/dail/32/joint_committee_on_communications_climate_action_and_environment/reports/2017/2017-11-28_report-on-the-future-funding-of-public-service-broadcasting_en.pdf 15 https://www.bai.ie/en/broadcasting-authority-of-ireland-statement-on-five-year-review-of-public-funding/

22

Page 24: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

2 Lúnasa 2019. Ghlac an Rialtas16 leis na moltaí ón nGrúpa Oibre17 go lorgófaí tairiscintí le haghaidh an táille ceadúnais a bhailiú agus go gcuirfí muirear a bheadh neamhspleách ar an ngléas in ionad na táille. Aithnítear sa tuarascáil nach mór muirear a bheadh neamhspleách ar an ngléas a thabhairt isteach chun freastal ar athruithe sa teicneolaíocht agus i dtreochtaí tomhaltóirí, cé go n-aithnítear inti nach bhfuil fáil faoi láthair ar aon sásra foirfe bailiúcháin nó aon réiteach foirfe. Dá ainneoin sin, beidh sé riachtanach roinnt dúshlán casta a shárú sula gcuirfear an cur chuige sin chun feidhme. Chun am a cheadú le haghaidh dul i ngleic leis na dúshláin sin agus chun féachaint le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí láithreacha atá ann i gcistiú an chraolacháin seirbhíse poiblí, tá cur chuige dhá chéim le cur chun feidhme. Tá sé beartaithe go lorgófar tairiscintí le haghaidh an táille ceadúnais teilifíse a bhailiú nuair a bheidh an reachtaíocht chumasúcháin (an Bille Craolacháin, 2018) ann. Bheadh sé riachtanach conradh téarma shocraithe 5 bliana a thairiscint chun go mbeadh an forthairgeoir rathúil in ann infheistiú i bhfeabhsuithe ar bhunachair shonraí agus ar bhailiú. Ina dhiaidh sin, ag deireadh na tréimhse conartha, is é an togra go ndéanfaí muirear a bheadh neamhspleách ar an ngléas a chur in ionad na táille ceadúnais chun tacú le hábhar seirbhíse poiblí ar bhonn inbhuanaithe. Ba cheart gurbh é an toradh a bheadh ar an sásra bailiúcháin agus ar an aistriú chuig muirear a bheadh neamhspleách ar an ngléas ná go mbeadh cistiú breise ar fáil do na craoltóirí seirbhíse poiblí agus don mhórearnáil craolacháin tríd an Scéim Fuaime agus Físe a riarann Údarás Craolacháin na hÉireann í. Maoinítear an scéim sin leis an táille ceadúnais. Cabhróidh sé sin le tacú leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách ar aon dul leis an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc.

Thug an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil gealltanas sa Ráiteas Straitéise 2019-2021 uaithi go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht Craolacháin 2009 thar thréimhse feidhme na Straitéise. Áireofar leis an athbhreithniú sin athbhreithniú ar an gcéatadán den chistiú ceadúnas teilifíse a leithdháiltear ar an Scéim Fuaime agus Físe agus athbhreithniú ar an méid íosta cistiúcháin a cheanglaítear ar RTÉ a chur ar fáil gach bliain faoi alt 116 den Acht le haghaidh coimisiúnú seachtrach clár raidió agus teilifíse.

4.6.1 Conclúidí maidir le hAthchóirithe Rialála

Rinneadh dul chun cinn suntasach faoin réimse beartais seo. Ina measc sin, shínigh Éire an Coinbhinsiún athbhreithnithe ó Chomhairle na hEorpa maidir le Comhléiriúchán Cineamatagrafach i mí na Bealtaine 2019 agus sainaithníodh conair shoiléir le haghaidh bailiú na táille ceadúnais teilifíse a athchóiriú.

I láthair na huaire, tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ag bainistiú dhul chun cinn an Bhille Craolacháin trí Thithe an Oireachtais. Forálfar le hachtú an Bhille do thairiscintí a lorg le haghaidh an táille ceadúnais a bhailiú. Fágfaidh sé sin go bhféadfaí seachaint a laghdú agus cistiú a mhéadú, rud a rachadh chun tairbhe don earnáil closamhairc i gcoitinne. Ag teacht sna sála ar dheireadh an chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh ní ba luaithe i mbliana, tá dul chun cinn á dhéanamh ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ar

16 https://www.dccae.gov.ie/documents/Government_Response_to_Five_Year_Review_2018.pdf 17 https://www.dccae.gov.ie/en-ie/communications/topics/broadcasting-media/funding-of-public-service-broadcasting/Pages/TV-Licence-Reform.aspx

23

Page 25: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

phleananna le haghaidh an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí. Táthar ag súil leis go gcuirfear na Cinn Bhille faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh na bliana 2019. Chomh maith leis sin, déanfaidh an Roinn dul chun cinn ar an athbhreithniú ar an Scéim Fuaime agus Físe agus ar na híoscheanglais reachtúla atá ar RTÉ maidir le hábhar a choimisiúnú ón earnáil léiriúcháin neamhspleách.

4.7 Margaíocht

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanach 30 Scrúdóidh Fís Éireann, Fiontraíocht Éireann agus GFT Éireann an bhrandáil “Cluichí Éireannacha” ag ócáidí agus, i gcomhairle le Fiontraíocht Éireann, athbhreithneoidh Fís Éireann na tacaí atá ar fáil le haghaidh cuairt a thabhairt ar mhargaí. Chomh maith leis sin, athbhreithneoidh an Grúpa Stiúrtha na tionscnaimh a bhfuil mar aidhm leo mórstiúideo cluichí a mhealladh go hÉirinn.

Chun sainchúram méadaitheach na gníomhaireachta a aithint agus a chuimsiú, athraíodh ainm Bhord Scannán na hÉireann go ‘Fís Éireann’ go luath sa bhliain 2018. Tá an sainchúram sin ina léiriú ar an bhfís atá ag an Rialtas d’earnáil bheoga léiriúcháin scannán agus ábhair scáileáin agus cuirtear ar chumas Fhís Éireann leis leanúint le scéalta Éireannacha a chur chun cinn ar ardáin dhigiteacha éiritheacha i dteannta na bhformáidí traidisiúnta cineama agus teilifíse atá ann cheana. Agus í ag comhlíonadh a róil mar eagraíocht rialtais a bhfuil freagracht uirthi as forbairt agus fás na bhfiontar Éireannach i margaí domhanda, déanann Fiontraíocht Éireann a dícheall tacaíocht margaíochta a thabhairt do na hearnálacha gnó uile in Éirinn, lena n-áirítear an tionscal cluichí. Mar an gcéanna, oibríonn GFT Éireann chun infheistíocht in Éirinn a spreagadh ar fud earnálacha éagsúla. Leanann Fís Éireann, Fiontraíocht Éireann agus GFT Éireann ar aghaidh ag cur na hearnála Cluichí Éireannacha chun cinn de réir mar is cuí agus ag coinneáil brandáil Cluichí Éireannacha faoi athbhreithniú.

Faoin bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, athbhreithneoidh an Grúpa Stiúrtha na tionscnaimh a bhfuil mar aidhm leo mórstiúideo cluichí a mhealladh go hÉirinn. Tugadh faoi deara gurb amhlaidh, gan dreasachtaí fiúntacha a bheith ann le haghaidh forbairt cluichí, go bhfuil Éire faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le láithreacha eile ó thaobh stiúideonna cluichí a mhealladh de.

4.8 Tacaí agus athchóirithe eile

Sliocht as an bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, leathanach 33 Soláthraíonn Fiontraíocht Éireann cabhair do chuideachtaí i réimse na Maoine Intleachtúla. Scrúdóidh Fís Éireann bealaí a d’fhéadfaí feabhas a chur ar thacaí do chuideachtaí closamhairc sa réimse seo. Scrúdóidh an Grúpa Stiúrtha na samhlacha le haghaidh spás stiúideo a thabhairt d’ealaíontóirí

24

Page 26: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

cruthaitheacha. Sheol TG4, Fís Éireann agus an tÚdarás Craolacháin tionscnamh nua ar a dtugtar an Cine4 Development Scheme (Scéim Forbartha Cine4). Is tionscnamh nua comhchistiúcháin é a bhfuil mar aidhm leis tacú le príomhscannáin i nGaeilge a fhorbairt agus a léiriú trí chistiú ar fiú suas le €125,000 in aghaidh na bliana é a chur ar fáil. Tá Fís Éireann ag tabhairt €300,000 an ceann do dhá phríomhscannán i nGaeilge sa bhliain 2018 agus sa bhliain 2019 freisin. I gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, scrúdóidh an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil na sásraí atá ann le haghaidh léiriúchán Gaeilge a chur chun cinn tuilleadh. Anuas air sin, athbhreithneoidh an Grúpa Stiúrtha tosca a d’fhéadfadh cosc a chur ar thacaíocht do phoist choibhéise lánaimseartha.

Maoin Intleachtúil:

Soláthraíonn Fiontraíocht Éireann cabhair do chuideachtaí i réimse na Maoine Intleachtúla. Is é an aidhm atá le tairiscint Fhiontraíocht Éireann do chliaint ó thaobh straitéis maoine intleachtúla de ná an luach is mó is féidir a fháil as maoin intleachtúil agus straitéis maoine intleachtúla a leabú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Sa bhliain 2019, d’óstáil Fiontraíocht Éireann ceardlanna atá dírithe ar thráchtálú na maoine intleachtúla beochana don Ríocht Aontaithe agus don Eoraip. Sa bhliain 2020, óstálfaidh Fiontraíocht Éireann ceardlann eile atá dírithe ar thráchtálú na maoine intleachtúla beochana do na Stáit Aontaithe. Leanann Fís Éireann ar aghaidh ag athbhreithniú a cuid scéimeanna agus tionscnamh cistiúcháin ar bhonn leanúnach chun feabhas a chur ar thacaí do chuideachtaí closamhairc.

Spás Stiúideo:

Faoin bPlean Gníomhaíochta Closamhairc, scrúdóidh an Grúpa Stiúrtha na samhlacha le haghaidh spás stiúideo a thabhairt d’ealaíontóirí cruthaitheacha. Tugann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta mórthacaíocht caipitil le haghaidh spásanna cultúrtha a fheabhsú agus a chosaint faoi Thionscadal Éireann 204018, arb é straitéis uileghabhálach fhadtéarmach an Rialtais maidir le hinfheistíocht i mbonneagar poiblí na hÉireann é. An 23 Deireadh Fómhair 2019, sheol an Roinn scéim nua infheistíochta caipitil €4.7m d’ionaid ealaíon agus chultúrtha. Beidh an scéim sin ar siúl go dtí an bhliain 2022 agus díreofar inti ar fheabhas a chur ar stoc reatha na n-ionad ealaíon agus cultúrtha ar fud na tíre. Tabharfar tosaíocht inti don lorg carbóin a laghdú ar aon dul le gníomhaíocht an Rialtais in aghaidh an athraithe aeráide. Tá an scéim ag cur lenar baineadh amach sa ‘Scéim Caipitil Ealaíon agus Cultúir 2016-2018’, ar dá bharr a fuair 134 eagraíocht i 26 chontae cistiú chun a saoráidí ealaíon agus cultúrtha a athchóiriú agus a fheabhsú. Chomh maith leis sin, rinne an Roinn méid is fiú €3 mhilliún ar a mhéad a leithdháileadh i bprionsabal ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le haghaidh oibreacha forbartha caipitil a dhéanamh ar spásanna oibre stiúideo. Meaitseálfaidh an cistiú sin an cistiú arna sholáthar faoin gclár forbartha athghiniúna uirbí do láithreáin faoi úinéireacht na comhairle cathrach. Rachaidh an leibhéal infheistíochta sin chun

18 https://www.gov.ie/en/campaigns/09022006-project-ireland-2040/

25

Page 27: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

fíorthairbhe do na healaíontóirí sa limistéar agus tabharfaidh sé aghaidh ar an easpa spásanna oibre atá ar fáil d’ealaíontóirí i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Is ar údaráis áitiúla ar an gcéad ásc atá an fhreagracht as spásanna cultúrtha áitiúla. Cuirtear de chúram ar údaráis áitiúla faoi alt 10 den Acht um Pleanáil agus Forbairt plean forbartha a ghlacadh lena gcomhtháthaítear pleanáil agus forbairt inbhuanaithe an limistéir le riachtanais shóisialta, phobail agus chultúrtha an limistéir agus a phobail. Oibríonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i ndlúthchomhar le húdaráis áitiúla chun tacú le gníomhaíochtaí cultúir, cruthaitheachta agus oidhreachta ar fud na hÉireann.

Mar thoradh ar an méadú domhanda san éileamh ar ábhar closamhairc agus mar thoradh ar a tharraingtí atá Éire mar láthair léiriúcháin de bharr a fórsa saothair oilte agus de bharr chreidmheas cánach alt 481, tá éileamh méadaithe ann ar spás stiúideo scannán. Tá spás stiúideo ar ardchaighdeán á mhéadú i limistéir áirithe cheana féin agus beidh saincheist an spáis stiúideo ina mír a bhreithneoidh an Grúpa Stiúrtha i gcruinnithe sa todhchaí.

Léiriúchán Gaeilge:

Scéim Forbartha Cine4, ar tionscnamh comhchistiúcháin é idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, tá sí ag leanúint ar aghaidh ag soláthar tacaíocht do phríomhscannáin i nGaeilge a fhorbairt agus a léiriú. Faoi scéim Cine4, cuireadh €450,000 ar fáil chun tacú le tionscadail den sórt sin a fhorbairt agus leithdháileadh cistiú léiriúcháin os cionn €7m ar shé thionscadal cheana féin. Cuireadh Finky, an chéad cheann díobh, i láthair den chéad uair i mbliana. Tá sé beartaithe babhta forbartha eile a mbeidh buiséad €150,000 aige a chur ar siúl sa bhliain 2020. De bhreis air sin, ba sa bhliain 2019 a seoladh tionscnamh nua a bhfuil mar aidhm leis dráma déagóra i nGaeilge a fhorbairt agus dámhadh cistiú do cheithre thionscadal sa tríú ráithe den bhliain 2019. Táthar ag súil leis go bhfaighfear cistiú léiriúcháin sa bhliain 2020 le haghaidh tionscadal amháin.

Sa bhliain 2019, gheobhaidh TG4 cistiú státchiste is fiú €36.2m (€34.2m i gcaiteachas reatha agus €2m i gcaiteachas caipitil). Is méadú €443,000 é sin i gcomparáid leis an gcistiú a tugadh sa bhliain 2018. Leithdháileadh deontas caipitil aonuaire €985,000 ar TG4 sa bhliain 2018 le haghaidh a caiteachais ar Bhliain na Gaeilge.

Tosca a théann i bhfeidhm ar an tacaíocht do phoist choibhéise lánaimseartha:

I mí Iúil 2019, d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i gcomhpháirt go ndéanfaí an Scéim Leasa Shóisialaigh d’Ealaíontóirí Féinfhostaithe a leathnú chuig an mórphobal cruthaitheach, lena n-áirítear iad sin a oibríonn sna healaíona taibhiúcháin agus sna scannáin. Is tionscnamh é sin atá mar chuid den Chlár Éire Ildánach agus leathnaíonn sé céim treorach na scéime a fógraíodh ar dtús i mí an Mheithimh 2017 chuig ealaíontóirí amhairc agus chuig scríbhneoirí. Aithníonn an scéim leathnaithe imthosca cruthaitheacha uathúla na n-ealaíontóirí, lena n-áirítear aisteoirí, stiúrthóirí téatair agus scannán, agus dearthóirí seit, feistis agus soilsithe. Chomh maith leis sin, tugann sí cúnamh speisialta dóibh sa chéad bhliain ina bhfuil siad as obair, rud a chabhraíonn leo díriú ar a n-aschur cruthaitheach. Chomh maith leis sin, cuireann sí ar chumas ealaíontóirí rochtain a choinneáil ar an Liúntas Cuardaitheora Poist de réir mar a oibríonn siad ar a bpunann a fhorbairt i réimsí cruthaitheacha agus ealaíonta. Is beart tábhachtach é sin lena gcomhlíontar an aidhm atá ann a chinntiú go dtugtar cumhacht do

26

Page 28: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

ranna agus gníomhaireachtaí Rialtas na hÉireann aitheantas a thabhairt don luach a ghineann na tionscail scáileáin.

Leis an Acht Fostaíochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2018, a ritheadh i mí na Nollag, tugtar aghaidh ar éiginnteacht agus dothuarthacht na n-uaireanta oibre d’fhostaithe ar chonarthaí éiginnte agus dóibh sin a oibríonn uaireanta athraitheacha. Foráiltear do na nithe seo leis an Acht: ceanglas ar fhostóirí téarmaí áirithe fostaíochta a thabhairt d’fhostaithe laistigh de thréimhse áirithe tar éis fostaíocht a thosú; smachtbhannaí a fhorchur as cionta áirithe; foráil a dhéanamh tuilleadh d’íocaíocht íosta atá dlite d’fhostaithe in imthosca áirithe; cosc a chur ar chonarthaí lena sonraítear nialas mar líon uaireanta ar conradh in imthosca áirithe agus foráil a dhéanamh d’uaireanta bandáilte ar conradh a thabhairt isteach; foráil a dhéanamh tuilleadh do chosc a chur ar phionósú; agus, chun na gcríoch sin, an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994, an tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997, agus an tAcht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015, a leasú.

Mar chuid de na hathruithe a rinneadh le déanaí in alt 481, tugadh ceanglas breise isteach i leith fostaíocht ar ardchaighdeán. Agus leas á bhaint acu as creidmheas cánach alt 481, ní mór don chuideachta léiriúcháin agus don chuideachta cháilitheach freagracht a ghlacadh as cloí leis na ceanglais reachtúla uile atá ar fhostóirí agus beartais agus nósanna imeachta scríofa a bheith i bhfeidhm acu maidir le gearáin, araíonacht agus dínit ag an obair (lena n-áirítear ciapadh, bulaíocht agus comhdheiseanna). Ceanglaítear ar na cuideachtaí freisin sonraí a thabhairt faoi aon chinntí ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre mar aon le deimhniú gur cloíodh le haon chinntí in aghaidh na gcuideachtaí nó míniú i gcás nár cloíodh leis an gcinneadh.

5 Nithe eile a tháinig chun cinn ag cruinnithe Ghrúpa Stiúrtha an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc

Ceann amháin de na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil ar Chúrsaí Forbartha agus Dálaí Oibre i dTionscal Scannán na hÉireann ón gComhchoiste Oireachtais ba ea gur cheart d’Fhís Éireann Cathaoirleach neamhspleách a chur lena Fóram Scannánaíochta chun cur ar chumas na ngeallsealbhóirí uile san earnáil teacht le chéile agus obair le chéile chun réitigh chomhthairbheacha a fhorbairt don tionscal. Rinne Fís Éireann iarracht shuntasach an moladh sin a chomhlíonadh. Dá ainneoin sin, ní raibh sí in ann déanamh amhlaidh de bharr easaontas a bhí ann idir comhlachtaí éagsúla a dhéanann ionadaíocht d’oibrithe sa tionscal closamhairc. De dheasca sheasamh codarsnach na bpáirtithe, chuir Fís Éireann in iúl don Chomhchoiste i mí na Nollag 2018 nach bhféadfadh sí leanúint ar aghaidh gan ceann amháin nó níos mó de na páirtithe ar cheart dóibh páirt a ghlacadh san Fhóram Scannánaíochta a eisiamh. Bhí imní ann freisin go n-úsáidfí an fóram chun díospóidí agus gearáin a tarraingíodh anuas roimhe sin os comhair an Chomhchoiste a chur in iúl an athuair, in ionad sásra a chruthú le haghaidh cur chuige comhoibríoch cuimsitheach i leith smaointe a fhorbairt agus a mhalartú ar mhaithe leis an tionscal a fheabhsú. Tá sé deimhnithe anois ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre go ndéanfaidh sé iniúchadh ar an Earnáil Léiriúcháin Neamhspleách Scannán agus Drámaí Teilifíse d’fhonn:

• an caidreamh tionsclaíoch go ginearálta agus cleachtais agus nósanna imeachta fostaíochta a scrúdú,

27

Page 29: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach

• saincheisteanna a thagann aníos (más ann) a mheasúnú, agus• moltaí a dhéanamh lena bhfeabhsú nuair is cuí.

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Fógra faoi Chaidreamh san Áit Oibre ar a shuíomh Gréasáin, agus é ag iarraidh tuairimí ó gheallsealbhóirí ar na nithe thuasluaite faoin 31 Deireadh Fómhair 2019.

Chomh maith leis sin, tá an Grúpa Stiúrtha ag scrúdú bealaí a d’fhéadfaí na figiúirí fostaíochta a chuirtear ar áireamh sa Tuarascáil ó OSN a athrú chun dáta agus bhunaigh sé foghrúpa a scrúdóidh an fháil reatha ar shonraí, riachtanais sonraí sa todhchaí agus aon bhearta is féidir a dhéanamh chun bailiú sonraí a fheabhsú ina leith sin. Bhuail an foghrúpa le comhlachtaí atá ionadaíoch don earnáil closamhairc agus chuir sé tús le próiseas comhoibríoch leis an bPríomh-Oifig Staidrimh chun feabhas a chur ar chóid NACE a shainaithint agus a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí san earnáil closamhairc.

6 Conclúid

Cuireadh cuid shuntasach den Phlean Gníomhaíochta Closamhairc chun feidhme thar thréimhse feidhme an Phlean go dtí seo. Rinneadh an-chuid oibre go háirithe ar athchóirithe ar chreidmheas cánach alt 481 agus ar oiliúint agus forbairt scileanna, mar thoradh ar a thábhachtaí atá siad don tionscal closamhairc. Leanfaidh an Grúpa Stiúrtha de na gníomhartha atá leagtha amach sa phlean a chur chun feidhme agus de thuairiscí rialta a sholáthar ar an dul chun cinn.

28

Page 30: An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar C an …...Nollaig 2024. Toisc gur cineálStátchabhrach é an creidmheas a thugtar faoi alt 481, is gá ceadú a fháil ón Aontas Eorpach