Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 1
description
Transcript of Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 1
Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 1
Beidh tú ag éisteacht ar ball le déagóirí óga ag cur aithne ar a chéile. Conas a déarfá féin hello agus how are you?Cad faoi na canúintí eile:
Féach ar na ceisteanna thíos a chuirfeá ar dhuine agus tú ag cur aithne air den chéad uair. Bí ag obair leis an duine in aice leat – cad é an chéad cheist a chuirfeá, dar libh? Cuirigí in ord iad.
Cá bhfuil tú i do chónaí?Cén chaoi a bhfuil tú?
Cén áit a bhfuil tú ar scoil?An maith leat ceol?
An bhfuil mórán deirfiúracha agus deartháireacha agat?Cé as tú?
Cén bhliain ina bhfuil tú ar scoil?An imríonn tú aon spórt?
Cad é an scannán is fearr leat?Cén aois atá tú?
Canúint na Mumhan
Canúint Chonnachta
Canúint Uladh
Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 2
Ag obair leis an duine in aice leat fós – cad a déarfá le duine sna cásanna seo:
Ar maidin ________________________
Roimh am luí ________________________
Agus tú ag imeacht ________________________
Breithlá duine ________________________
An Nollaig ________________________
Roimh scrúdú ________________________
Tar éis scrúdaithe ________________________
Ligean duine sraoth ________________________
Ag cur duine in aithne ________________________
Níor thuig tú rud a dúirt duine ___________________
Tá cara tinn ________________________
Tá duine sa bhealach ort _______________________
Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 3
An duine cúthaileach tú? Go háirithe agus tú ag bualadh le duine den chéad uair? Cuir uimhir in aice leis na ráitis seo le léiriú cé chomh cúthaileach is a bhíonn tú de ghnáth (1 – an-chúthaileach agus 5 – féinmhuiníneach) sna cásanna éagsúla.
Do chéad lá ar scoil.Ag labhairt le duine ar an nguthán den chéad uair.I do shuí in aice le duine nach bhfuil aithne agat air ar scoil.Ag dul ar choinne le buachaill / cailín den chéad uair.Ag labhairt le tuismitheoirí do chairde.Ag labhairt le múinteoir leat féin, tar éis am scoile.Ag gearán i siopa nó i gcaife.Ag iarraidh cabhrach ó do mhúinteoir.Ag iarraidh treoracha ó chailín nó ó bhuachaill deas.
Cad atá ag an duine in aice leat? Déanaigí plé ar na tuairimí atá agaibh.
Éist leis an mír uair amháin agus abair cén chanúint atá ag nadaoine seo:
An buachaill ag an tús:_______________________Pól: _______________________Éilís: _______________________
Conas a bhí a fhios agat?
Éist leis an mír arís agus freagair na ceisteanna:
1. Cén sloinne atá ar Éilís agus cá bhfuil sí ar scoil? Cén t-ainm atá ar a múinteoir?
2. Cad é an caitheamh aimsire atá ag Éilís?
3. Cé chomh fada ón trá atá Pól agus Éilís?
4. Cén aois atá na triúr cainteoirí, dar leat? Tabhair buille faoi thuairim ach bí in ann a rá cén fáth a ndúirt tú amhlaidh.
5. An raibh aithne ag na cainteoirí ar a chéile roimhe, dar leat?
Ag cur aithne ar dhaoine Éisteacht
Ar thug tú faoi ndeara riamh go mbíonn muintir nahÉireann (go háirithe daoine níos sine) de shíor ag caint faoinaimsir? Cén fáth, dar leat? Anois, an dtuigeann tú na frásaíseo:
Tá sé ina ghála gaoitheTá sé ag stealladh báistíTá an lá go haoibhinn An bhfliuchfaidh sé?D’fheannfadh an aimsir seo gabhar Cad a dhéanfaidh sé inniu?Chonlódh sé túTá an ghrian ag scoilteadh na gcloch
Cad iad na frásaí atá ar eolas agatsa mar gheall ar anaimsir?
An bhfuil aon seanfhocal ar eolas agat faoin aimsir?Cad é?
Ag cur aithne ar dhaoine Iarphlé 1
An gceapann tú go bhfuil na ráitis seo fíor nóbréagach?
1. Tá muintir na hÉireann an-chairdiúil.2. Ní maith leis na hÉireannaigh bheith ag gearán.3. Tá ‘saol an phobail’ an-tábhachtach do na hÉireannaigh.4. Caitheann muintir na hÉireann go maith le daoine aosta.5. Ní maith leis na hÉireannaigh bheith ag labhairt fúthu
féin.
Cad a cheapann an duine in aice leat?
Féachaigí beirt ar an gcomhrá seo:
Máire: Cén chaoi a bhfuil tú a Sheáin?Seán: Go maith, go maith, agus tú féin?Máire: Á go breá, aon scéal agat?Seán: Muise, scéal ar bith ar chor ar bith. Agus agat féin?Máire: Diabhal mórán.Seán: Tá mo dheirfiúr le pósadh an tseachtain seo chugainn...Máire: An bhfuil? Go hiontach ar fad.
An bhfuil aon ní aisteach faoi? Pléigí.
Ag cur aithne ar dhaoine Iarphlé 2
Pléigh na ceisteanna i do ghrúpa:
Cad atá ar eolas agat faoin Oireachtas?
Cá mbíonn sé ar siúl de ghnáth?An dtéann tú chuige gach bliain? Cén fáth?Cad atá ar eolas agat faoi na pictiúir thíos:
Ag cur aithne ar dhaoine Iarphlé 4