waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile...

10
Bileog Eolais Clár Éire Ildánach Chontae Phort Láirge Glao Oscailte Is tionscnamh cúig bliana an Rialtais an Clár Éire Ildánach trína gcuirtear an chruthaitheacht ag croílár polasaí poiblí. Is clár é atá bunaithe ar chultúr agus a cuireadh in alt a chéile chun folláine an duine aonair, an phobail agus chúrsaí náisiúnta a chur chun cinn. Is í an aisling atá ann: "go mbeidh de dheis ag gach duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn buaic a t(h)ualainge ó thaobh cultúir a shlánú go huile" Tá iarratais á lorg anois faoin gClár Éire Ildánach ar thionscadal agus thionscnaimh a bheidh ar siúl in 2018. Is é €5,000 uasmhéid an deontais atá ar fáil do thionscadal faoi leith sa bhabhta seo de mhaoiniú.

Transcript of waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile...

Page 1: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

Bileog Eolais

Clár Éire Ildánach Chontae Phort Láirge

Glao Oscailte

Is tionscnamh cúig bliana an Rialtais an Clár Éire Ildánach trína gcuirtear an chruthaitheacht ag croílár

polasaí poiblí. Is clár é atá bunaithe ar chultúr agus a cuireadh in alt a chéile chun folláine an duine

aonair, an phobail agus chúrsaí náisiúnta a chur chun cinn. Is í an aisling atá ann:

"go mbeidh de dheis ag gach duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn buaic a t(h)ualainge ó

thaobh cultúir a shlánú go huile"

Tá iarratais á lorg anois faoin gClár Éire Ildánach ar thionscadal agus thionscnaimh a bheidh ar siúl in

2018. Is é €5,000 uasmhéid an deontais atá ar fáil do thionscadal faoi leith sa bhabhta seo de mhaoiniú.

Díolfaidh Clár Éire Ildánach Chontae Phort Láirge as 75% de chostas ceadaithe an tionscadail agus

díolfaidh na hiarratasóirí rathúla as 25%.

Ní bheifear i dteideal iarratas a chur isteach ar son tionscadail nó tionscnaimh i gcás go bhfuil

tacaíocht á tabhairt dóibh cheana féin trí aon sruth maoinithe eile dar foinse Comhairle Cathrach agus

Contae Phort Láirge.

Tugaimid cuireadh duit Iarratas a chur isteach faoi cheann amháin de na catagóirí maoinithe seo a

leanas:

Page 2: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

Ó Go dtíTionscadail i gCatagóir A €500 €1,500Tionscadail i gCatagóir B €1,500 €3,000Tionscadail i gCatagóir C €3,000 €5,000

Tá cead ag grúpaí pobail agus deonacha, ag eagraíochtaí, ag ionaid, ag ealaíontóirí, ag scríbhneoirí, ag taibheoirí, ag seandálaithe, ag staraithe, ag cartlannaithe, ag scoileanna, ag coláistí agus ag daoine aonair, a bhfuil in ann cion oibre a dhéanamh le leas na cruthaitheachta agus an chultúir laistigh de Chontae Phort Láirge, iarratas a chur isteach. Leagtar amach mar chuspóir go mbainfidh do thionscadal le ceann amháin nó le breis is ceann amháin de na príomhthéamaí i Straitéis Chultúir agus Cruthaitheachta Chontae Phort Láirge 2018-2022. Is iad na príomhthéamaí i gceist:

Comharobair Cumarsáid Pobal Rannpháirteachas Uileghabhálacht Cumasú

Leis seo tugtar cuireadh daoibh sibh féin a shamhlú mar chomh-chruthaitheoirí bhur gcuidse éachtaí

cultúrtha agus cruthaitheacha féin agus eagar a chur ar phobal ar díol spéise dóibh iad.

Aidhm an Glao Oscailte seo is ea comhoibriú nua, uaillmhianach agus chiallmhar idir daoine agus pobail agus ealaíontóirí/seandálaithe/staraithe/cartlannaithe agus gach duine eile atá gafa le hearnáil an chultúir agus leis an earnáil chruthaitheach i gContae Phort Láirge a spreagadh.

An Pr óiseas Iarrtar ort an Fhoirm Iarratais a ghabhann leis seo a líonadh. Is é 17:00 pm an 22 Meitheamh 2018 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.Cuirfear an toradh in iúl d'iarratasóirí rathúla faoi cheann 6 Iúil 2018.

C ritéir Mheasúnachta

Tabhair do d'aire, le do thoil, go ndéanfar d'Iarratas a mheas faoi réir na gcritéar a leanas:

1. Fianaise ar an modh a nascfar an tionscadal atá beartaithe le príomhthéama ar leith de Straitéis

Cultúir agus Cruthaitheachta Chontae Phort Láirge. 30 marc

.

2. Ardchaighdeán, uaillmhian agus fianaise ar chomhoibriú sa tionscadal atá beartaithe.

20 marc

Page 3: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

3. Breac-chuntas ar cé hiad an lucht spéise a bhfuiltear ag díriú orthu agus ar cé a ghlacfaidh páirt.

10 marc

4. Cur síos ar inbhuanaitheacht agus ar oidhreacht an tionscadail. 15 marc

5. Cumas/inniúlacht agus fianaise go bhfuil an t-iarratasóir in ann an tionscadal a thionscnamh agus

a bhaint amach. 10 marc

6. Caighdeán agus inbhainte amach (an tionscadail) leis an mbuiséid molta a cuireadh isteach.

15 marc

(Tabhair faoi deara sa chás go mbeidh ealaíontóirí/gairmithe cruthaitheacha i mbun an tionscadail nach

foláir fianaise ar na táillí a mholtar bheith ar taispeáint sa bhuiséad)

Tabhair do d'aire, le do thoil, go gceapfar Painéal Seachtrach chun gach iarratas a mheas.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort féadfaidh tú dul i dteagmháil le

[email protected]

Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chontae Phort Láirge 2018-2022 http://www.waterfordcouncil.ie/departments/culture-heritage/creativeireland.htm

Is ann d'aisling Chontae Phort Láirge chun Éiceachóras Cultúir agus

Cruthaitheachta a chruthú i bPort Láirge. Tógfaidh sé ar an mbun-neart cultúrtha

atá ann faoi láthair, méadóidh sé an inniúlacht chultúrtha ar fud an chontae chun

cláir a léireoidh riachtanais an phobail a fhorbairt agus cuirfidh deiseanna ó

thaobh rochtana, rannpháirteachais agus páirt a ghlacadh i gcúrsaí cultúir agus

cruthaitheachta ar fáil do gach saoránach.

Tá sé de chúram ar Údaráis Áitiúla faoi Chlár Náisiúnta Éire Ildánach, Colún 2 "cruthaitheacht a chumasú

i ngach comhphobal" a chur chun feidhme. Iarrtar ort do shmaoineamh/thogra /thionscnamh a

nascadh go díreach le ceann (nó níos mó) de na sé phríomhthéama ainmnithe i Straitéis Cultúir agus

Cruthaitheachta Chontae Phort Láirge 2018-2022, a leagtar amach anseo thíos.

Téama 1: Comharobair

Cuspóir: Cúram ceannaireachta a ghlacadh ort féin in éindí le comhpháirtithe chun timpeallacht chomhoibritheach a thacú ina gcuirfear deiseanna maidir le comhroinnt acmhainní ar fáil d’fhonn cultúr

Page 4: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

agus cruthaitheacht a chur chun cinn.

Téama 2: Cumarsáid

Cuspóir: Feasacht ar chultúr agus ar chruthaitheacht a chur chun cinn. Tá de chumas ag an tionscadal an spriocghrúpa a bhaint amach agus caidreamh a chothú leis.

Téama 3: Pobal

Cuspóir: Tugtar tacaíocht do chultúr agus don chruthaitheacht i ngach pobal, ar a n-áirítear dreamanna a bhfuil ról acu sna healaíona agus sa chultúir, pobail Ghaeilge, páistí, daoine óga agus pobail nua. Cuirtear fianaise ar fáil maidir le forbairt pobail i réimse an chultúir agus i réimse na cruthaitheachta.

Téama 4: Rannpháirteachas

Cuspóir: Cuirtear deiseanna breise ar fáil maidir le rannpháirteachas i ngníomhaíochtaí cultúrtha, go háitiúil nó ar leibhéal an chontae.

Téama 5: Uileghabhálacht

Cuspóir: Léirítear ann luach na huileghabhálachta agus is gné bhunúsach an chuimsitheacht d'aidhmeanna an tionscadail.

Téama 6: Cumasú

Cuspóir: Féachtar le pobail áitiúla a chumasú chun a slí maireachtála a fheabhsú trí féinléiriú agus trí rannpháirteachas cultúrtha i ngníomhaíochtaí cultúir.

D'fhéadfaí na nithe seo a leanas bheith san áireamh i roinnt samplaí de thionscadail ionchasacha ach ní bheadh siadsan teoranta dóibh:

Tionscadail trína gcuirtear le hinbhuanaitheacht na ndaoine atá ag obair sna hearnálacha cultúir

agus cruthaitheacha.

Tionscadail trína spreagtar daoine, go háirithe daoine óga chun a gcruthaitheacht féin a léiriú.

Tionscadail trína ndéantar iniúchadh ar chultúr agus ar oidhreacht ar bhealaí cruthaitheacha agus

nuálacha.

Tionscadail nó imeachtaí aon uaire, i taibhealaíona nó sna hamharc-ealaíona, sa litríocht, sa

chultúr nó san oidhreacht.

Ceardlanna, cainteanna nó léachtaí i dtaibhealaíona nó sna hamharc-ealaíona, sa litríocht, sa

chultúr nó san oidhreacht.

Orduithe ar shaothar nua.

Page 5: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

Contae Phort Láirge - Clár Éire Ildánach

Foirm Iarratais

Sa chás gur féidir, priontáil le do thoil, téacs scríofa nó téacs clóbhuailte go soiléir.

Ainm:

Sonraí Teagmhála (ríomhphost agus teileafón):

Ainm an phríomhdhuine/na bpríomheagraíochta/an phríomhphobail/an phríomhghrúpa

dheonaigh agus an áit ina bhfuil siad lonnaithe:

Cur síos gairid ar cé tú féin agus déan liosta díobh sin a bhfuil sé ar intinn agat

comhoibriú leo (100 focal ar an mhéad):

Page 6: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

Tabhair breac-chuntas ar an smaoineamh/tionscadal/tionscnamh atá á mholadh agat

(Ceangail leis seo, le do thoil, 2 leathanach A4 ar an mhéad)

Ba cheart é sin a bheith achomair agus go gcuimseodh sé:

1. Breac-chuntas ar an smaoineamh/tionscadal/tionscnamh atá á mholadh.

2. Inis dúinn conas a nascann an smaoineamh a mholtar le príomhthéama nó le príomhthéamaí

atá sainmhínithe i Straitéis Chultúir agus Cruthaitheachta Chontae Phort Láirge.

3. Inis dúinn faoi chaighdeán do thionscadail agus faoin uaillmhian a bhaineann leis.

4. Inis dúinn cé leo a bhfuil tú ag comhoibriú.

5. Déan cur síos ar cé hiad an 'lucht spéise' agus ar cé a ghlacfaidh páirt i do thionscadal.

6. Tabhair breac-chuntas in ord féidearthachta ar na buntáistí ab fhéidir leis an tionscadal a chur ar

fáil don chontae/don phobal/do na daoine atá i gceist.

7. Tabhair cuntas dúinn go hachomair ar chumas/inniúlacht an iarratasóra an tionscadal a bhaint

amach móide fianaise air sin.

A n Buiséad a Mholtar

Cuir srac-bhuiséad maidir leis an smaoineamh/tionscadal/tionscnamh atá á mholadh ar fáil.

Cuir in iúl cén chatagóir de mhaoiniú atá á lorg agat, A, B nó C, trí tic a chur sa bhosca.

Ó Go dtí √Tionscadail i gCatagóir A

€500 €1,500

Tionscadail i gCatagóir B

€1,500 €3,000

Tionscadail i gCatagóir C

€3,000 €5,000

Tabhair le do thoil breac-chur síos ar an gcaiteachas atáthar á mholadh agus ar gach foinse maoinithe

eile. (Tabhair faoi deara go bhfuil an céatadán is airde den mhaoiniú, 75% de costais cheadaithe an

tionscadail, ar fáil ó Chlár Éire Ildánach Chontae Phort Láirge agus nach foláir fianaise ar fhoinsí

Page 7: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

ioncaim/shochair chomhchineálacha/ranníocaíochtaí airgeadais ó chomhoibrithe/chomhpháirtithe eile a

thabhairt ar aird).

Costas iomlán an tionscadail atá molta agat (100%)

Méid an deontais atáthar ag lorg ó Chlár Éire Ildánach Chontae Phort Láirge

(75% de costais an tionscadail is ea an céatadán is airde)

An Caiteachas a mholtar (Miondealaigh le do thoil in éindí le costais réamh-mheasta)

Tabhair breac-chuntas ar na foinsí ioncaim eile (is féidir sochar comhchineálach a chur san

áireamh) a dhéanfaidh an t-easnamh maoinithe de 25% a shlánú.

Tabhair do d’aire, le do thoil, má tá sé i gceist agat obair le leanaí agus le daoine óga, nach foláir duit

fianaise ar do pholasaí um chosaint leanaí a thabhairt ar aird. Caithfidh grúpaí/eagraíochtaí/daoine

aonair a bheith cáin-chomhlíontach, árachas cuí a bheith acu agus na ceanglais uile um Shláinte agus

Shábháilteachta a chomall. Iarrtar ort an Fhoirm Iarratais a chur isteach faoi cheann 17:00 pm an 22

Meitheamh 2018 .

Féadfaidh tú an t-iarratas a chur isteach le ríomhphost chuig [email protected]

é a sheoladh leis an bPost/a sheacadadh ar cheann dár Ranna Seirbhíse do Chustaiméirí ach go mbeidh

sé marcáilte go soiléir, Éire Ildánach, Glao Oscailte

Page 8: waterfordcouncilnews.files.wordpress.com  · Web viewó . thaobh cultúir . a . shlánú. go huile " Tá iarratais á lorg anois f. aoin gClár Éire Ildánach. ar. t. h. ionscadal

Roinn Seirbhíse do Chustaiméirí nó Roinn Seirbhíse do Chustaiméirí

Sráid Nua Bailey Oifigí Cathartha, Cé Daibhéid,

Port Láirge Dún Garbhán, Contae Phort Láirge

C osaint Sonraí Pearsanta

D'fhéadfadh sé go ndéanfaí do shonraí pearsanta a thaifeadadh agus a phróiseáil (a leithéidí ainm, seoladh) le linn dúinn

d'fhoirm iarratais a phróiseáil. Mura gcuirfear a mhalairt in iúl, is chun na gcríoch atá luaite sa bhfoirm iarratais seo amháin

a bhainfear úsáid aisti agus, as aon sonraí pearsanta a iarrtar agus ní phróiseálfar iad ach amháin chun na gcríoch sin. Ní

choinneofar na sonraí pearsanta a sholáthraítear ach amháin a fhad is a bheidh an fhoirm iarratais seo á meas.