Scríbhneoireacht2014

Post on 06-Sep-2014

390 views 2 download

Tags:

description

 

Transcript of Scríbhneoireacht2014

AG COTHÚ SCIL NA

SCRÍBHNEOIREACHTA

Torthaí Foghlama Ag deireadh na ceardlainne, beidh tuiscint níos fearr agat ar: •  Roinnt gnéithe teicniúla, ábharthacha a bhaineann le scil

na scríbhneoireachta , e.g. seánraí, cineálacha scríbhneoireachta, cineálacha leagan amach, srl.

•  An gcur chuige ceithre-chéim is coitianta a mholann

teangeolaithe maidir le cothú scil na scríbhneoireachta.

•  Réimse straitéisí cruthaitheacha don seomra ranga Gaeilge a chothaíonn scil na scríbhneoireachta.

•  Bhealaí éifeachtacha le hobair scríofa na scoláirí a cheartú

Sealbhú Teanga: An Próiseas Foghlama

Éisteacht

Tuiscint

Aithris

Labhairt

Léamh

Scríobh

•  Smaointe •  Stór focal •  Litriú •  Foghraíocht •  Nathanna (feidhmeanna teanga) •  Cruinneas •  Eolas •  Struchtúr / leagan amach •  Stíl

Cad iad na dúshláin a bhaineann leis an scríbhneoireacht?

An Scríbhneoireacht

•  Cineálacha Seánraí •  Cineálacha Scríbhneoireachta •  Cineálacha Leagan amach

Seánraí Is téarma solúbtha an téarma ‘seánra’ (catagóir)

Seánra

Liteartha Seánra Neamhliteartha

e.g. úrscéal, gearrscéal, ficsean (le fosheánraí), neamhfhicsean (le fosheánraí), srl. Aidhm: le sult agus pléisiúr a chur ar fáil

e.g. nuachtán, iris, litir, blag, srl.

Aidhm: chun eolas a thabhairt

Cineálacha Scríbhneoireachta 1.  Téacs Insinte 2.  Téacs Tuairisciúil 3.  Téacs Treorach 4.  Téacs Mínithe 5.  Téacs Áititheach 6.  Téacs Pléite

Cineálacha Leagan Amach 1.  Fógra 2.  Alt 3.  Beathaisnéis/Dírbheathaisnéis 5.  Litir 6.  Dialann 7.  Rphost 8.  Dán 9.  Gearrscéal 10.  Eagarfhocal 11.  Agallamh 12.  Tuairisc 13.  Amhrán 14.  Srl, srl.

“we must know what the learner is able to do alone before we know what to scaffold next.”

(Vygotsky)

Siollabais na Gaeilge

Ceithre Chéim sa Phróiseas Scríbhneoireachta

Aithnítear 4 chéim a bhaineann leis na cineálacha éagsúla scríbhneoireachta agus leis an leagan amach a úsáidtear:

1.  Cumasú 2.  Sampla –aithris 3.  Comhscríbhneoireacht 4.  Scríbhneoireacht neamhspleách

Scaffolding Language, Scaffolding Learning le Pauline Gibbons

Céim 1: Cumasú

Leagtar béim ar eolas a bhailiú faoin ábhar, agus ar an teanga a bheidh ag teastáil sa scríbhneoireacht. Úsáidtear tascanna réamhscríbhneoireachta chun na scoláirí a chumasú – gníomhaíochtaí labhartha, éisteachta, léitheoireachta, taighde, glacadh nótaí srl.

Céim 2: Sampla-aithris

Déantar forbairt ar an eolas agus ar an teanga a bailíodh i gcéim 1 agus leagtar béim ar aidhm agus ar struchtúr an phíosa scríbhneoireachta trí dhea-shamplaí a roinnt leo.

Céim 3: Comhscríbhneoireacht

Leagtar béim ar an múinteoir ag tacú leis an scoláire sa phróiseas scríbhneoireachta. Bailíonn an múinteoir moltaí agus tuairimí na scoláirí ar an gclár bán. Cumann na scoláirí píosa scríbhneoireachta le treoir agus le spreagadh ón múinteoir. Tá béim ar an bpróiseas scríbhneoireachta.

“the joint construction stage is teacher-guided, it should not be seen as teacher dominated” (Pauline Gibbons)

Céim 4: Scríbhneoireacht Neamhspleách

Scríobhann na scoláirí a dtéacs féin – ina n-aonair nó i mbeirteanna. Leagtar béim ar: céad dréacht a scríobh, féin-eagarthóireacht, aiseolas ón múinteoir, athdhréachtú, an dréacht deireanach.

Go dtí seo leagadh béim ar scafallú chun tacú leis na scoláirí téacs a scríobh. Dá bhrí sin ba chóir go mbeadh na scileanna agus an fhéinmhuinín acu chun tabhairt faoin gcineál seo scríbhneoireachta as a stuaim féin.

Cuir chuige samplacha

Conas scéal a scríobh…

Is fiú go mór béim a chur ar na céimeanna réamhscríbhneoireachta agus ar an athdhréachtú in ionad obair na scoláirí a cheartú/aiseolas a thabhairt ag an deireadh ar fad.

“Simply correcting the spelling of a poor piece of writing results in a correctly spelled poor piece of writing – the piece of writing itself is not substantially improved.” (Gibbons)

“Nuair a cheartaíonn múinteoirí earráidí an léann na daltaí na ceartúcháin? An ndéanann siad aon mhachnamh orthu?”

(Walsh)

Cineálacha Earráidí

1.  Earráidí Deilbhíochta Gramadach m.sh. Briathra, ainmfhocail, aidiachtaí srl.

2. Earráidí Séimeantaice Friotal agus foclóir nach bhfuil oiriúnach nó ceart don gcomhthéacs

3. Earráidí Comhréireacha Struchtúr abairte, ord na bhfocal srl.

Cineálacha Aiseolais •  Aiseolas Díreach

– Go scríobhtar an rud ceart in aice leis an earráid.

•  Aiseolas Indíreach – Go gcuirtear in iúl go bhfuil earráid déanta ach

fágtar faoin scoláire an earráid a aithint agus a cheartú.

Aiseolas Díreach •  Taitníonn sé le scoláirí •  Éasca agus tapaidh •  Sampla ceart tugtha ag an múinteoir •  Cabhrach don Athdhréachtú •  Baol ann nach dtuigfidh an scoláire cén

fáth go raibh sé mí-cheart agus gach seans go ndéanfar an earráid chéanna arís

Aiseolas Indíreach

•  Is féidir leis an múinteoir líne a chur faoin earráid •  Moltar líne a chur faoin earráid móide cód/cur

síos. (ba chóir go dtuigfeadh gach scoláire an cód)

•  Tá seans níos fearr go rachaidh an scoláire i ngleic leis an earráid a rinneadh má bhíonn orthu an fhoirm cheart a aimsiú iad féin.

•  Tá seans níos fearr ann go mbeidh caighdeán níos fearr ar an gcéad iarracht cheapadóireachta eile.

Cód Ginearálta Samplach

•  Gr = Gramadach •  L = Litriú •  Str. = Struchtúr abairte •  F = Focal nach bhfuil ceart/oiriúnach •  T+ = Tuairim a fhorbairt

Litriú agus Cruinneas - Cad atá le déanamh?

•  Pleanáil •  Liosta a chur le chéile d’earráidí coitianta •  Briathra i gcomhthéacs •  Eochairfhocail don topaic •  Eiseamláirí a mhúineadh i.e. neart samplaí d’abairtí

gramadaí cruinne ionas go dtiocfaidh na scoláirí isteach ar an riail.

•  Abairtí cruinne agus nathanna a chur de ghlanmheabhair.

•  Cinntiú go bhfuil foclóir acu don ghramadach – i gcomhar le múinteoirí teanga eile

Torthaí Foghlama: An bhfuil tuiscint níos fearr agat anois ar: •  Roinnt gnéithe teicniúla, ábharthacha a bhaineann le scil

na scríbhneoireachta , e.g. seánraí, cineálacha scríbhneoireachta, cineálacha leagan amach, srl.

•  An gcur chuige ceithre-chéim is coitianta a mholann

teangeolaithe maidir le cothú scil na scríbhneoireachta.

•  Réimse straitéisí cruthaitheacha don seomra ranga Gaeilge a chothaíonn scil na scríbhneoireachta.

•  Bhealaí éifeachtacha le hobair scríofa na scoláirí a cheartú